Downloaded on 2018-08-23T18:01:20Z
Total Page:16
File Type:pdf, Size:1020Kb
Title Comthóth Lóegairi co Cretim ocus a Aided: Eagrán maille le hanailís liteartha agus teanga Comthóth Lóegairi co Cretim a Aided: Eagrán maille le hanailís liteartha agus teanga Author(s) O'Donoghue, Ken Publication date 2016 Original citation O'Donoghue, K. 2016. Comthóth Lóegairi co Cretim ocus a Aided: Eagrán maille le hanailís liteartha agus teanga. PhD Thesis, University College Cork. Type of publication Doctoral thesis Rights © 2016, Ken O'Donoghue. http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/ Embargo information No embargo required Item downloaded http://hdl.handle.net/10468/3345 from Downloaded on 2018-08-23T18:01:20Z Comthóth Lóegairi co Cretim 7 a Aided: Eagrán maille le hAnailís Liteartha agus Teanga KEN O’DONOGHUE Tráchtas don chéim Ph.D. Coláiste na hOllscoile, Corcaigh Roinn na Sean- agus na Meán-Ghaeilge Aibreán 2016 Ceann na Roinne: an tOllamh John Carey Stiúrthóir an tráchtais: an Dr Kevin Murray Clár Dearbhú iii Achoimre iv Buíochas v Noda viii Nóta ar Fhoclóir na Sean- agus na Meán-Ghaeilge sa Tráchtas seo x Réamhrá xi Cuid a hAon, Rannóg a hAon: Gnéithe Liteartha: Comthóth Lóegairi co Cretim 7 a Aided agus an litríocht Caibidil a hAon: Taighde Reatha ar Lebor na hUidre agus ceist na scríobhaithe 1 Caibidil a Dó: Seánra (a): Gnéithe de thionchar H ar Lebor na hUidre 16 Seánra (b): Comthóth Lóegairi co Cretim 7 a Aided a rangú de réir seánra 41 Caibidil a Trí: Comthód Lóegaire: Gnéithe den chreideamh in Comthóth Lóegairi co Cretim 7 a Aided 62 Caibidil a Fir Érenn agus ríogacht in Comthóth Lóegairi co Cretim 7 a 80 Ceathair: Aided Cuid a hAon, Rannóg a Dó: Comthóth Lóegairi co Cretim 7 a Aided agus na Dlíthe i Caibidil a Cúig: Na Dlíthe agus Comthóth Lóegairi co Cretim 7 a Aided 101 Caibidil a Sé: Comparáid le heagrán Carey den ‘Pseudo-Historical Prologue’ 133 den Senchas Már Conclúid: 157 Cuid a Dó: Gnéithe Teangeolaíochta Réamhrá: Fianaise na teanga 159 Eagrán 170 Aistriúchán 176 Nótaí teanga 182 Gluais 226 Liosta saothar a ceadaíodh 243 ii Dearbhú Dearbhaím gur liomsa amháin an saothar seo thíos, saothar atá á chur faoi bhráid Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, do chéim PhD sa tSean- agus sa Mheán-Ghaeilge. Níor cuireadh aon chuid den saothar seo faoi bhráid aon ollscoile eile i gcomhair céime d’aon chineál cheana féin. ____________________________________ Ken O’Donoghue iii Achoimre Is scrúdú ar théacs amháin, Comthóth Lóegairi co Cretim 7 a Aided (CLcC), a chaomhnaítear i lámhscríbhinn amháin, Lebor na hUidre (LU), atá sa tráchtas seo. Bíodh is gurb é LU an lámhscríbhinn Ghaelach is sine a chaomhnaíonn scéalta leanúnacha i nGaeilge, agus gur ábhar staidéir ar leith i ngort na Gaeilge agus na Ceiltise é dá réir, níor scrúdaíodh CLcC as féin mar earra litríochta fós, ná ní dhearnadh mionscrúdú ar an teanga ann ach chomh beag. Ceapadh gur mhithid an téacs a mheas ar na cúiseanna sin. Roinntear an tráchtas ina dhá chuid, mar atá: (a) cuid a haon, a chuireann síos ar chomhthéacs na lámhscríbhinne agus ar cheisteanna a bhaineann lena lucht scríofa, chomh maith le hanailís liteartha ar théamaí a luaitear sa téacs féin. Déantar ceist an rangaithe a phlé chomh maith, is é sin, conas is ceart rangú a dhéanamh ar CLcC; (b) cuid a dó, is eagrán agus aistriúchán den téacs atá inti, chomh maith le nótaí teanga a scrúdaíonn gnéithe suntasacha den teanga, agus gluais. An dá shórt anailíse a chuirtear chun cinn i rith an tráchtais, .i. an scrúdú liteartha agus an t-iniúchadh ar an teanga, déantar iad a shuíomh i gcomhthéacs LU trí chéile oiread agus is féidir. Féachann an cur chuige seo le taispeáint gur de dhlúth na lámhscríbhinne féin na téamaí (mar shampla creideamh, cumhacht, ríogacht) is bun le CLcC, agus gur sampla an- spéisiúil de thoisí teanga LU an téacs seo, óir léiríonn sé caomhnú ábhar ón tSean-Ghaeilge chomh maith le forbairtí teanga a bhaineann le ré na Meán-Ghaeilge. Sna nótaí teanga, leis, cuirtear samplaí as lámhscríbhinní comhaimseartha eile san áireamh, chomh maith le foinsí níos sine ná sin, le bonn a chur faoin áitiú a dhéantar ar aois na teanga in CLcC. iv Buíochas Táim faoi chomaoin ag go leor daoine a chabhraigh liom ar shlite éagsúla ó thosaíos ar an tráchtas seo i Meán Fómhair 2012. Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun mo bhuíochas a chur in iúl dóibh. Ba é an Dr Feargal Ó Béarra a mhúin an tSean-Ghaeilge dom ar dtús agus mé i m’fhochéimí in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Chuaigh a chuid teagaisc go mór i bhfeidhm orm. Táim thar a bheith buíoch de as an gcúnamh uilig a thug sé dom le hiarratas a scríobh, as a chomhairle ó shin i leith, agus as suim san ábhar a mhúscailt ionam an chéad lá riamh. Go gcúití Dia a shaothar leis. Scríobh an tOllamh Nollaig Mac Congáil agus an Dr John Walsh teistiméireachtaí ar mo shon agus iarratais éagsúla idir lámha agam. Is mian liom mo bhuíochas a ghlacadh leo as a gcabhair agus a gcomhairle. Táim fíor-bhuíoch de mo stiúrthóir, an Dr Kevin Murray, as ar dhein sé ar mo shon le cúig bliana anuas. Is mór agam an t-achar atá caite agam i mbun taighde faoina stiúir. Pé maitheas atá sa tráchtas seo, is óna threoir agus óna spreagadh féin a d’eascair sí. Is údar bróid dom, leis, gur chuireas aithne air, óir is annamh a chasfaí ort duine chomh lách uasal tuisceanach leis. Ní taise dá chomhghleacaithe i Roinn na Sean- agus na Meán-Ghaeilge é; togha scoláirí agus múinteoirí iad, agus daoine breátha, leis. Táim buíoch den Ollamh John Carey, den Dr Caitríona Ó Dochartaigh, den Dr Emma Nic Cárthaigh agus den Ollamh Máire Herbert as a mbuanna taighde agus teagaisc a chur ar fáil do mo leithéidse, agus as a mhuinteartha agus a chaitheann siad linne, mic léinn na roinne. Mar a chéile, chabhraigh Ciara Ní Churnáin v agus Siobhán Ní Dhonghaile liom ar an iliomad slite ó thosaíos in UCC. Is mór agam a gcúnamh ar fad. Fuaireas cúnamh agus tacaíocht luachmhar de chineálacha éagsúla ó lucht iarchéime na Gaeilge (idir Shean- agus Nua-) i rith an ama chomh maith; táim buíoch (beag beann ar ord na haibítre!) de Philip, Fangzhe, Andrea, Riona, Ilona, Heather, Nathalie, Ciara, Pádraig, Tadhg, Gunnhildur, Ksenia, Mícheál, Jody, Cian, agus Marie-Luise. Táim buíoch de lucht na Gaillimhe, Aogán agus Colm, leis, as a gcomhluadar agus a gcúnamh. Táim faoi chomaoin ag an Ollamh Pádraig Ó Macháin, an Dr Aidan Doyle agus an Dr Neil Buttimer ó Roinn na Nua-Ghaeilge as a gcúnamh agus a gcomhairle i dtaobh ceisteanna éagsúla i gcaitheamh an ama. Ina dteannta siúd go léir, chuir daoine éagsúla a gcuid taighde (nár/sarar foilsíodh é) ar fáil dom nuair a d’iarras a leithéid orthu; táim buíoch den Dr Fangzhe Qiu, de Ksenia Kudenko, den Dr Neil Buttimer, den Dr Bridgette Slavin, agus den Dr Roy Flechner as a bhflaithiúlacht ina leith seo. Gabhaim buíochas mór leis an gComhairle um Thaighde in Éirinn (IRC) a mhaoinigh an taighde seo. Táim buíoch de Dan O’Brien agus de Helen Murphy, mic léinn PhD eile ar roinneas oifig leo in Sheraton Court, as an gcairdeas a d’fhás eadrainn i rith an ama. Ba éasca réiteach le daoine chomh réchúiseach leo. Thug mo mhuintir ar fad, bídis sa tSeapáin nó i Neidín, cúnamh agus cothú dom le linn an ama, mar a thugann i gcónaí. Lá dá raibh dhéanfainn iad ar fad a ainmniú, ach tá a líon dulta vi i méid le blianta beaga anuas (agus tá ag dul i méid fós), cúis ollmhór áthais dúinne. Táim buíoch díobh go léir. Is í Caitríona bhocht is mó a d’fhulaing i rith mo thréimhse ar seachrán i ré eile, ag streachailt le teanga(cha) aduain(e). Ar éigean a bhí comhrá ceart againn le ceithre bliana; mise ba chúis leis sin! Tá an t-ádh liom, óir tuigeann sí dom, agus tuigeann sí a bhfuil de ghean agam di. Dá seanathair, Seán Ó Ceallaigh as Ré na gCiseach, Cill Mháille, a cailleadh i Meán Fómhair 2014, a thiomnaím an tráchtas seo. vii Noda AFM = O’Donovan, John (eag.) (1848-51), Annála Ríoghachta Éireann. Dublin, Hodges and Smith. AI = Mac Airt, Seán (eag.) (1951), The Annals of Inisfallen. Dublin, Dublin Institute for Advanced Studies. ALC = Hennessy, William Manusell (eag.) (1871), The Annals of Loch Cé: a Chronicle of Irish Affairs from A.D. 1014 to A.D. 1590. London, Longman. AU = Mac Airt, Seán, agus Mac Niocaill, Gearóid (eag.) (1951), The Annals of Ulster to A.D. 1131. Dublin, Dublin Institute for Advanced Studies. CS = Hennessy, William Maunsell (eag.) (1866), Chronicon Scotorum. London, Longmans, Green, Reader and Dyer. CIH = Binchy, D. A. (eag.) (1978), Corpus Iuris Hibernici, 6 imleabhar. Dublin, Dublin Institute for Advanced Studies. CLcC = Comthóth Lóegairi co Cretim 7 a Aided, in Lebor na hUidre 117b20-118a25 EIV = McCone, Kim (1997), The Early Irish Verb. Má Nuad, an Sagart. GOI = Thurneysen, Rudolf (1944), A Grammar of Old Irish. Dublin, Dublin Institute for Advanced Studies. LL = Leabhar Laighean (TCD LS 1339). LL = Best, R.I., Bergin, Osborn, O’Brien, M.A., agus O’Sullivan, Anne (eag.) (1954-83), The Book of Leinster, formerly Lebar na Núachongbála, 6 imleabhar. Dublin, Dublin Institute for Advanced Studies. LU = Lebor na hUidre (RIA LS 23 E 25) viii LU = Best, R.I. agus Bergin, Osborn (1929), Lebor na hUidre. Dublin, Dublin Institute for Advanced Studies. PH = Atkinson, Robert (1887), The Passions and the Homilies from the Leabhar Breac: Text, Translation, and Glossary.