Dáil Éireann
Total Page:16
File Type:pdf, Size:1020Kb
DÁIL ÉIREANN AN COMHCHOISTE UM EALAÍONA, OIDHREACHT, GNÓTHAÍ RÉIGIÚNACHA, TUAITHE AGUS GAELTACHTA JOINT COMMITTEE ON ARTS, HERITAGE, REGIONAL, RURAL AND GAEL- TACHT AFFAIRS Déardaoin, 15 Nollaig 2016 Thursday, 15 December 2016 The Joint Committee met at 2.15 p.m. MEMBERS PRESENT: Deputy Ciarán Cannon, Senator Marie-Louise O’Donnell. Deputy Michael Collins, Deputy Martin Heydon, Deputy Éamon Ó Cuív, In attendance: Senator Trevor Ó Clochartaigh. DEPUTY PEADAR TÓIBÍN IN THE CHAIR. 1 Ferry SERVICE to INIS MÓR: DISCUSSION (RESUMED) Ferry Service to Inis Mór: Discussion (Resumed) Chairman: Breathnóimid anois ar na hábhair seo a leanas: an tseirbhís fharantóireachta go hInis Mór, Contae na Gaillimhe; staid agus curaimí Chomhar na nOileán; West Cork Develop- ment Partnership; proposed Mary Robinson centre in Ballina, County Mayo; agus an buiséad in 2017 i gcomhair na Gaeilge agus maoiniú i gcomhair Fhoras na Gaeilge agus i gcomhair Údarás na Gaeltachta. Cuirim fáilte roimh an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúna- cha, Tuaithe agus Gaeltachta, Deputy Heather Humphreys. Níl an tAire Stáit le freagracht as gnóthaí Gaeltachta agus acmhainní nádúrtha, Deputy Seán Kyne, anseo fós ach b’fhéidir go dtiocfaidh sé. I also welcome from the Department Mr. Joe Hamill, Secretary General, Mr. Feargal Ó Coigligh, assistant secretary, Mr. William Parnell, assistant secretary, Mr. Aodhán Mac Cormaic, stiúrthóir na Gaeilge, and Mr. J. P. Mulherin, principal officer. By virtue of section 17(2)(l) of the Defamation Act 2009, witnesses are protected by abso- lute privilege in respect of their evidence to the committee. If they are directed by the commit- tee to cease giving evidence in relation to a particular matter and they continue to do so, they are entitled thereafter only to a qualified privilege in respect of their evidence. They are directed that only evidence connected with the subject matter of the proceedings is to be given and they are asked to respect the parliamentary practice to the effect that, where possible, they should not criticise or make charges against any person, persons or entity by name or in such a way as to make him, her or it identifiable. I advise the witnesses that the opening statements and any other documents they have submitted to the committee may be published on the committee website after the meeting. Members are reminded of the long-standing parliamentary practice to the effect that they should not comment on, criticise or make charges against a person outside the Houses or an official, either by name or in such a way as to make him or her identifiable. Today’s meeting is one of a series of meetings to consider the issue of what it takes to sus- tain a rural community. During our deliberations we are examining all elements of this, includ- ing employment, emergency services, local services, quality of life, education and transport. B’fhéidir go dtosnódh an tAire. I invite the Minister to make her presentation. Minister for Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs (Deputy Heather Humphreys): I am pleased to have the opportunity to address the joint committee and thank it for the invitation to attend. The committee listed five specific items on today’s agenda. I will address the committee’s queries on the responsibilities and status of Comhar na nOileán, the West Cork Development Partnership and the proposed Mary Robinson centre in Ballina. The Minister of State, Deputy Kyne, will address the committee on the ferry service to Inis Mór and the 2017 budget for the Irish language. I am happy to take questions now, if the committee wishes to deal with each one separately. Chairman: An chéad rud ar an liosta ná an tseirbhís fharantóireachta go hInis Mór, Contae na Gaillimhe. An bhfuil ceisteanna? Senator Trevor Ó Clochartaigh: Cinnte tá. Cuirim fáilte roimh gach éinne. Bhí plé an- mhaith againn anseo inné le muintir na n-oileán agus le toscairí ó Chomhairle Chontae na Gail- limhe maidir leis an tseirbhís fharantóireachta. Caithfidh mé aitheantas a thabhairt don Aire Stáit agus do na feidhmeannaigh as an gcomhréiteach sealadach atá déanta maidir leis an tseirb- hís fharantóireachta go hInis Mór. Ardaíodh ceisteanna níos leithne inné maidir leis an bplean ó thaobh a bheith ag déanamh cinnte de nach dtarlódh a leithéid de rud arís. Is cosúil go raibh, mar a deir siad i mBéarla, standoff idir an comhlacht agus Comhairle Chontae na Gaillimhe ar 2 JOINT COMMITTEE ON Arts, Heritage, REGIONAL, RURAL AND Gaeltacht Affairs chúinsí éagsúla agus tuigim go mbaineann bunús an aighnis leis na táillí ag an gcalafort. Ós rud é gur chaith rannóga de chuid na Roinne €49 milliún ar ché nua, an bhfuil an Roinn sásta go bhfuil an comhairle contae anois ag baint táillí de phaisinéirí le húsáid a bhaint as an gcalafort céanna? Dar le muintir na n-oileán anseo inné gur fhaca an comhairle contae cash cow sa chomhlacht farantóireachta a bhí ag tabhairt isteach 200,000 paisinéir go hÁrainn in aghaidh na bliana agus, mar gheall go raibh buiséad níos lú ag an gcomhairle, go raibh an com- hairle chun cuid den bhrabach sin a bhaint den chomhlacht. Is é sin an sórt léamh a bhí agam air. Tá a fhios agam go bhfuil sé dleathach de réir an dlí, ach an bhfuil an Roinn sásta, tar éis €49 milliún a chaitheamh ar an gcé, go bhfuil sé ceart go mbeadh an comhairle ag baint amach an t-airgead seo? Ar chóir go mbeadh an Roinn tar éis labhairt leo roimh ré le comhréiteach a fháil sula mbeadh deireadh curtha leis an tseirbhís áirithe seo? Maidir leis an mbearna atá sa mbuiséad ag Comhairle Chontae na Gaillimhe i mbliana, dúradh gur thart ar 200,000 paisinéir atá ag dul isteach is amach go hÁrainn agus go raibh 80 cent in aghaidh an chloiginn mar tháille, rud a thabharfadh isteach thart ar €160,000 in aghaidh na bliana. Bhí caint anseo inné faoi fhordheontas a chur ar fáil ón Roinn leis an mbearna sin a dhéanamh suas agus an chóir é sin a dhéanamh nó an chóir go mbeadh comhréiteach áit éigin idir €160,000 agus an €40,000 a ghlacaim leis gur chuir an Roinn ar an mbord roimhe seo. In áit a bheith ag caint ar táillí calafoirt, ar chóir go mbeadh muid ag caint ar fhordheontas ón Roinn? Bhí ceist mhór eile ag muintir na n-oileán inné. An aontaíonn an tAire gur chóir go mbeadh an táille mar a chéile ag daoine as Inis Mór atá ag taisteal is atá ar gach oileán eile amach ó chós- ta na hÉireann? Síleann gur €10 an táille a íocann gach duine eile ach go bhfuil táille €15 nó mar sin ar mhuintir Inis Mór agus go bhfuil táillí níos airde ar na daoine óga chomh maith. An bhfuil i gceist comhchoiste iompair nó comhchoiste oileánda a athbhunú faoi scáth na Roinne le honadaithe ó na hoileáin rannpháirteach ann? Bhí caint go raibh a leithéid de chomhchoiste faoi Chomhairle Chontae na Gaillimhe roimhe seo, ach an bhfuil gá i ndáiríre le comhchoiste ina mbeadh na rannpháirtithe éagsúla - an Roinn, Comhairle Chontae na Gaillimhe, muintir na n-oileán agus na comhlachtaí a chuireann seirbhísí ar fáil - le nach mbeidh muid ag titim ó ghé- archéim go géarchéim maidir leis an tseirbhís aeir, an tseirbhís fharantóireachta agus eile agus gur féidir teacht ar chomhréiteach ar na ceisteanna seo? Ó thaobh luach airgid a fháil, cé gur chaith an Roinn €49 milliún ar an gcé agus go bhfuil táille 80 cent an duine á bhaint de na turarsóirí atá ag dul isteach agus amach, an bhfuil an Roinn sásta nach bhfuil leithreas nó shower ann agus gan ach fascadh iontach teoranta le fáil ar an gcé ? An bhfuil na hAirí sásta gur bhfuair an Roinn luach airgid as an togra sin? Deputy Seán Kyne: Gabhaim mo bhuíochas leis an Seanadóir as ucht na ceisteanna sin. An rud is tábhachtaí anois ná go mbeidh cinnteacht ann as seo amach ó thaobh seirbhíse d’Inis Mór. Tá sé ráite roimhe agus táim chun é a rá arís go hoifigiúil go mbeimid ag breathnú ar chonradh fadtéarmach ó 2017 go hInis Mór. Beidh mé ag tosnú próiseas comhairliúcháin le muintir na dtrí oileán Árann chun breathnú ar cheisteanna áirithe. Mar shampla, an mbeadh siad sásta na trí hoileáin a chur le chéile i gconradh amháin nó an mb’fhearr leo conradh amháin a bheith ann d’Inis Mór agus conradh eile d’Inis Oírr agus Inis Meáin? Tosnóidh mé an próiseas sin go luath in 2017 ionas go mbeidh cinnteacht ag muintir na n-oileán maidir leis an difríocht idir conradh PSO agus conarthaí eile le deontais ón Roinn. In aon chonradh nua d’Inis Mór, beimid ag breathnú ar na táillí agus an difríocht sa €10 atá muintir Inis Oírr agus Inis Meáin ag íoc agus an €15 atá á n-íoc ag muintir Inis Mór. 3 Ferry SERVICE to INIS MÓR: DISCUSSION (RESUMED) Aontaím leis an Seanadóir maidir le comhchoiste idir an Roinn----- Chairman: An bhfuil guthán ag bualadh? Iarraim ar gach aon duine a ngutháin a mhúchadh. Deputy Seán Kyne: Ba cheart breathnú ar chomhchoiste a bhunú idir Roinn na Gaeltachta, Comhairle Chontae na Gaillimhe agus, mar shampla, seirbhísí sláinte. Tá a fhios agam go bhfuil comhchoiste mar sin i gCorcaigh agus bíonn díospóireacht ann faoi chuile rud ag baint le saol na n-oileán chun rudaí a dhéanamh níos fearr ó thaobh seirbhísí agus chuile rud eile. Smaoineamh maith é sin. Ba cheart rud éigin a dhéanamh do na hoileáin i nGaillimh agus i nDún na nGall freisin. Ar dtús, ba cheart dom fáilte a chur roimh an Uasal Aodhán Mac Cor- maic, stiúrthóir nua na Gaeilge don Roinne.