Croidhe Cainnte Chiarraighe Mw
Total Page:16
File Type:pdf, Size:1020Kb
Croidhe Cainnte Chiarraighe Sean Og O Caomhanaigh a thiomsaigh Tracey Ni Mhaonaigh a chuir in eagar mw NUI MAYNOOTH Ollacri n> t-Eincann Vi huiil Ta an trachtas seo a chur faoi bhraid Ollscoil na hEireann, Ma Nuad don cheim dochtuireachta ag Tracey Ni Mhaonaigh, B.A., M.Litt Scoil an Leinn Cheiltigh, Ollscoil na hEireann, Ma Nuad, Co. Chill Dara, Eire. Stiurthoir: An Dr Tadhg O Dushlaine Mi an Mharta 2008 CLÀR Lch. Dearbhti i Focal Buiocliais » Noda v Coimriu vii 1. Modheolaiocht 1 1.1 Ag clóscriobh an Fhoclóra 1 1.2 HTML agus JavaScript 2 1.3 Leagan amach an Tràchtais 13 1.4 Foinsi 14 1.5 Foilseachàin 17 2. Seàn Óg Ó Caomhànaigh 18 2.1 SO agus Marie Louise Sjoestedt 19 2.2 Cursai Polaitiochta agus Cogaiochta 25 2.3 Àbhair Spéise 27 2.4 SO agus a Cheantar 31 2.5 Litriocht agus Amhrànaiocht 37 2.6 Eibhlin Nic Niocaill 38 2.7 Séamus Ó Caomhànaigh 40 2.8 Bàs SO 46 3. Croidhe Cainnte Chiarraighe: Comhaontuithe an Tionscnaimh 50 3.1 An Chéad Chomhaontù 5 3 3.2 Foclóir an Duinninigh 62 3.3 An Dara Comhaontù 68 3.4 Ag lorg Sineadh Ama 78 3.5 Ceistna gCeart 84 3.6 Cursai airgeadais SO 88 3.7 Modhanna oibre an Údair 91 3.8 Luach an tSaothair 94 3.9 Easpa Réamhrá 98 3.10 An Réamhrá nár scríobhadh 100 4. Annilís ar an bliFoclóir 104 4.1 Leagan amach an Fhoclóra 105 4.2 Cúrsaí Inscne 106 4.3 Imeacht as Gutaí agus Bá 109 4.4 Réamhíhocail Shimplí 111 4.5 Réimíreanna 118 4.6 Briathra 127 4.7 Úsáid an Ghinidigh 135 4.8 Tagairlí dó féin agus don Saothar 139 4.9 Cumadóireacht SO agus Tionchar an Bhéarla 142 4.10 Toirt an tSaothair 151 4.11 Blúiríní Scéalta 160 4.12 Leasainmneacha 162 4.13Cluichí 166 4.14 Tátal 168 5. Eagarthóireacht 171 5.1 RÓF 171 5.2 An Eagarthóireacht féin 176 5.3 Leaganacha á n-ionadú 177 5.4 Leaganacha á serios 186 5.5 Cineálacha scriosta 187 5.6 Leaganacha á gcur isteach 236 5.7 Nótaí ón Eagarlhóir 241 6. Úsáid agus Fuaimniú na bhFocal 245 7. Aguisíní 267 7.1 An comhaontú a síníodh idir SO agus An Roinn Oideachais, 20 Bealtaine 1936 268 7.2 An comhaontú a síníodh idir SO agus An Roinn Oideachais, 4 Deireadh Fómhair 1939, mar aon leis na cúlscríbhinní 271 7.3 Íocaíochtaí a rinneadh le SO as a chuid oibre ar CCC 280 7.4 Na dátaí agus líon na bhfocal a bhaineann leis na bearta difriúla a chuir SO chuig An Roinn Oideachais 284 7.5 Na Státseirbhísigh agus Oifigigh a luaitear sa tráchtas 288 7.6 Foinsí scéalaíochta, amhránaíochta agus filíochta SO 291 7.7 Príomhnoda gramadaí in CCC 294 8. Leabliarliosta 296 9. Trcoracha Úsáideora agus an Dliítlidliiosca Croidlte Cain/ite Chiarraighe 302 CRorohe CAinnce ChiARRAijhe Leathanacb Tosaigh Grianghraif Foclóir Ioiulán Cliceáil ar lilir le breathnú ar iontrálacha na liireach sin san flioclóir a b c D e p 5 ïi l m n 0 p R s c Cliceáil ar elicami de na naisc seo a leanas le breathnú ar liosta de na samplai sin san flioclóir Bearmachtai & Mallachtai Tagairti ón mBiobla Éanlaithe & Plandai & Ainmhithe Litríocht & Amhránaíocht Logainnmeacha Cnuasach de Chora Cainte Nósamia & Piseoga & Aimsir Polaitiocht & Cogaiocht Sanihlacha (chomh...le) Seanfhocail & Ràite Dearbhaím gur liom féin an saothar seo agus go bhfuil tagaírt cheart chuí déanta agam d’ábhar ar bith a d ’úsáid mé as foinsí eile. Cuireadh cuid den tráchtas seo i láthair i bbfoilseachán atá luaite i gcuid 1.5. Ollscoil na hÉireann, Má Nuad Tracey Ni Mhaonaigh Mí an Mhárta 2008 Focal Buíochais Fad is a bhí mé ag gabháil don tráchtas seo bhí daoine faoi leith a thug an-chúnamh agus an-tacaíocht dom. Ba mhaith liom an deis a thapú anois chun buíochas a ghabháil leo. I dtús báire, ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil le mo stiúrthóir, An Dr Tadhg O Dúshláine. Is cuimhin liom go soiléir an chéad léacht Ghaeilge a bhí agam leis agus mé ag tosú amach sa chéad bhliain. Ni raibh a leithéid de bheocht agus de ghrá don Ghaeilge feicthe riamh agam. Ba é sin an lá a thug mé aghaidh cheart ar an nGaeilge. Deich mbliana níos déanaí agus tá Tadhg fós de mo spreagadh. Go raibh míle maith agat a Thaidhg, agus más féidir liom a bheith leath chomh léannta leat féin le linn mo shaoil beidh mé thar a bheith sásta! Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le foireann na Nua-Ghaeilge i Scoil an Léinn Cheiltigh; An Dr Brian Ó Catháin, An Dr Aisling Ni Dhonnchadha, An Dr Máire Ni Annracháin, An tOllamh Ruairí Ó hUiginn agus Gearóidín Uí Ruadháin, go háirithe. Chuir gach uile dhuine acu fáilte i gcónaí rornham agus roimh mo chuid ceisteanna, agus thug siad gach cabhair agus tacaíocht dom - le linn dom a bheith i mbun an tsaothair seo agus le deich mbliana anuas agus mé i mbun na céime agus na máistreachta araon. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil, chomh maith, le foireann Leabharlann Eoin Pól II anseo sa Choláiste, agus le foireann na Cartlainne Náisiúnta i mBaile Atha Cliath. Chaith baill áirithe d’fhoireann na Cartlainne cuid mhór ama ag dul trí bhosca i ndiaidh bosca de chomhaid An Gúm ag iarraidh an t-ábhar a bhí uaim a aimsiú, agus táim fíorbhuíoch díobh. Táim fíorbhuíoch, leis, d’FhidelmaNí Ghallchobhair, sa Choiste Téarmaíochta, de Sheosamh Ó Murchú in An Gúm, de Sheán Ó Coileáin, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, agus ar ndóigh, de Phádraig O Néill, mac deirféar le Seán an Chota. Is iomaí cupán tae a d’ól mé ina theannta agus i dteannta a mhná céile, Mairéad. Tá súil agam, a Pháid, go gcuirfidh sé áthas ar do chroí saothar seo d ’uncail a fheiceáil beo beathach. Murach mo mhuintir agus mo chairde níl aon seans go mbeadh an lá agus an saothar seo tagtha! Ar bhealaí difriúla táim buíoch díobh ar fad - Manny agus Clare, Damian agus Clíodhna, Mairéad, Amy agus Becky, a chuireann fáilte romhainn i gCathair na dTreibheanna aon uair a bhuailimid cnag ar a ndoirse. Olivia agus Mick (agus na madrai!) a thug agus a thugann cluas agus spreagadh dom i gcónaí. Ni bhfaighinn suaimhneas go deo dà ndcanfainn dearmad ar mhuintir Ghriofa - Emily, Aisling, Sinéad, Shane agus, ar ndóigli, Rosemary Buckley-GrifFin (go dtuga Dia suaimhneas di). Go raibh maith agaibh ar fad as gach a bhfuil déanta agaibh dom, cé nach mbeidh dioiche ar mo chumas maithiúnas a thabhairt duitse Emily as an oiche sin sa bhialann. Ni déarfaidh mé a thuilleadh! Do mo bheirt deartháireacha, Alan agus Aidan, go raibh mile maith agaibh as a bheith ann dom i gcónaí. Tá súil agam go mbim ann dibh ar an gcaoi chéanna. Ba mhaith liom buíochas faoi dhó a ghabháil le hAidan - mar dheartháir agus mar chomhairleoir ar an saothar seo. Fuair mé cúnamh fíorluachmhar ón Dr Aidan Mooney, Roinn na Ríomheolaíochta, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, maidir le HTML agus JavaScript agus conas iad a chur i bhfeidhm ar an saothar seo. Murach an cúnamh sin ni bheadh ach leath den tionscadal seo i gcrích. Ar an ábhar sin, ba mhaith liom buíochas a ghabháil, chomh maith, leis an Dr Sue Bergin sa Roinn chéanna. Mo thuismitheoirí. Nil na focaii agam le buíochas ceart a ghabháil libhse, Ma agus Da (.i. Noel agus Catherine), as gach uile rud atá déanta agaibh dom agus a dhéanfaidh sibh dom amach anseo. Sibhse a chuir ar bhóthar mo leasa mé an chéad lá agus beidh mé faoi chomaoin agaibh go deo na ndeor. Nil fágtha anois ach Joey. Go raibh maith agat as a bheith ann dom le breis agus cúig bliana anuas, agus go raibh maith agat as do chúnamh, do chomhairle agus do lliacaíocht ar fad. Tusa is fearr a thuigeann luach an lae seo .i. an lá go bhfuil deireadh á chur agam leis an saothar seo. Is iomaí lá gur dhiúltaigh mé mo dheasc agus mo ríomhaire a fliágáil chun am a chaitheamh leat. Maith dom él! Agus maith dom é má tá éinnc fágtha amach agam. Ni d ’aon turas a rinneadh é. Do mo thuismitheoiri, mo dheartháireacha agus Joey. “Gach dalta mar h-oiltear” iv Noda [Ni chuirtear infhilleadh nâ athruithe tosaigh ar na noda sa saothar seo.] CCC - ‘Croidhe Cainnte Chiarraighe’ (an saotliar foclôra a thiomsaigh Seân Og O Caomhânaigh, 1935-1942)* CCC (SO) - ‘Croidhe Cainnte Chiarraighe (Seân Ôg Ô Caomhânaigh)’ (Tuairisc a sholâthar Seân Mac Lellan, i sinithe aige ar an 1/5/1943, ar an tionscnamh foclôireachta, agus fâil uirthi sa chomhad N566 IH sa Chartlann Nâisiünta) DF - Diolaim Focal (A) ô Chorea Dhuibhne (Ô hÔgâin 1984) DIL - (Contributions to a) Dictionary o f the Irish Language (Quin 1983) DPI - Description d ’un Parler Irlandais de Kerry (Sjoestedt-Jonval 1938) EDD - Éist le Dubh Dorcha (Ô Düshlâine 1991) ELC-É ist leis an gCôta (O Brosnachâin 2001) FD -Foclôir Gaedhilge agus Béarla (Dineen 1927) FE/ FÉ** - Fiachra Éilgeach (= Risteârd Ô Foghludha) FGB - Foclôir Gaeilge-Béarla (Ô Dônaill 1977) FMC - Foclôir Béarla agus Gaedhilge (Me Cionnaith 1935) GCD - Gaeilge Chorea Dhuibhne (Ô Sé 2000) GNM - ‘Gaeilge na Mumhan’ (Ua Süilleabhâin 1994) LCC - Léachtai Cholm Cille LEI - Lane's English Irish Dictionary (O’Neill Lane 1904) LLEI - Lane’s Larger English Irish Dictionary (O’Neill Lane 1922) NA - National Archives (= An Chartlann Nâisiünta, Baile Âtha Cliath) * Feictear na leaganacha ‘Croidhe Cainnte Chiarraighe’, ‘Croidhe Cainnte Chiarraidhe’, ‘Croidhe Cainnte Ciarraighe’, ‘Croidhe Cainnte Ciarraidhe’, ‘Croidhe Chainnte Chiarraighe’ agus ‘Croidhe Chainnte Chiarraidhe’ in üsâid i dtagairti don téacs seo i mease na litreacha agus na gcâipéisi a bhaineann leis.