Caibidil 1 Réamhrá

1.1 Réamhrá

Leagtar amach straitéis iomlán do phleanáil cheart agus d’fhorbairt inbhuanaithe Chontae Lú thar thréimhse an phlean i bPlean Forbartha Chontae Lú 2009-2015 . Féachtar le cothromaíocht a bhaint amach idir an leas coiteann agus leas an duine aonair i spásphleanáil tríd an bplean forbartha. Go nuige seo bhí rannpháirtíocht agus comhpháirtíocht thar barr ar siúl ar bhonn áitiúil idir Comhairle Contae Lú, gníomhaireachtaí poiblí, soláthraithe seirbhíse, an earnáil phríobháideach agus an pobal i gcoitinne.

Sa Phlean seo déantar tógáil bhreise ar athbhreithniú Phlean Forbartha Chontae Lú 2003 – 2009 , agus cuirtear san áireamh buntreochtaí forbartha a tharla le déanaí, forbairtí i mbeartais ar bhonn áitiúil, náisiúnta agus réigiúnach agus ceanglais dhlíthiúla an AE, lena n-áirítear Measúnacht Straitéise Timpeallachta a chur i bhfeidhm ar phleananna agus ar chláir ar leith. Sa phlean sin, tugtar aghaidh ar réimsí freagrachta sonracha an údaráis phleanála, mar atá bóithre agus seirbhísí sláintíochta, tithíocht, straitéis lonnaíochta, caomhnú, oidhreacht agus bonneagar pobail agus sóisialta, ach ag an am céanna leagtar amach fís níos fadtéarmaí don bhealach ina bhféadfar an Contae a fhorbairt agus an timpeallacht a chaomhnú agus a fheabhsú, trí phrionsabail na forbartha inbhuanaithe a úsáid. Tá forbairt inbhuanaithe ag croílár an phróisis phleanála mar thoradh ar mhéadú ar imní maidir leis an timpeallacht ar a bhfuil beartais náisiúnta agus idirnáisiúnta dírithe le blianta beaga anuas. Tá forbairt inbhuanaithe sainmhínithe ag Brundtland mar fhorbairt a fhreastalaíonn ar riachtanais an lae gan cur isteach ar ábaltacht na nglún atá le teacht chun freastal ar a riachtanais féin. Tá sonraí breise faoi thiomantas Chomhairle Contae Lú d’fhorbairt inbhuanaithe ar fud an phlean.

1.1.1 Raon Feidhme an Phlean

Clúdaíonn raon an Phlean Forbartha ceantar riaracháin Chontae Lú, ach amháin teorainneacha bardasacha Chomhairle Baile Dhún Dealgan chomh maith le purláin Dhún Dealgan atá mar ábhar i bPlean Forbartha Dhún Dealgan agus a Phurláin 2009- 2015 . Tá teorainneacha bardasacha Chomhairle Baile Dhroichead Átha as an áireamh chomh maith. Ní leagtar amach beartais mhionsonracha do bhailte agus do shráidbhailte aonaracha sa chontae ach amháin i gcás na nAonad Forbartha Catagóir ll(a) agus ll(b). Bainfear amach mionsonraí na mbeartas do bhailte agus sráidbhailte aonaracha ar fud an chontae trí athbhreithniú na bpleananna ceantar áitiúil a thosóidh le linn tréimhse oibriúcháin an Phlean.

1.1.2 Teideal an Phlean

Beidh Plean Forbartha Chontae Lú 2009-2015 mar theideal ar an bPlean Forbartha seo.

Dréacht Phlean Forbartha Chontae Lú 2009 - 2015 1

Caibidil 1 Réamhrá

1.1.3 Stádas Dlíthiúil

Tá an plean seo ullmhaithe de réir cheanglais na nAchtanna um Pleanáil agus Forbairt 2000-2006 . Nuair a ghlacfar leis cuirfear in ionad Phlean Forbartha Chontae Lú 2003- 2009 é atá ann faoi láthair. De réir Mír 9(1) an Achta um Pleanáil agus Forbairt 2000 tá ceanglas ar gach Údarás Pleanála athbhreithniu a dhéanamh ar an bplean forbartha atá acu agus plean forbartha a dhéanamh gach 6ú bliain.

Is é an creat dlíthiúil d’ullmhúchán Phlean Forbartha an tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2000-2006. De bhun na reachtaíochta sin, ní mór straitéis iomlán do phleanáil cheart agus forbhairt inbhuanaithe an Chontae a bheith leagtha amach sa phlean. Caithfidh sé bheith comhsheasmhach chomh maith le cibé pleananna, beartais nó straitéisí náisiúnta atá bainteach le pleanáil cheart agus forbairt inbhuanaithe. Caithfear roinnt cuspóirí sainordaitheacha a chur san áireamh sa Phlean chomh maith do na nithe seo:

• Criosú talún (taobh istigh de cheantair uirbeacha amháin) • Soláthar bonneagair • Caomhnú agus cosaint an chomhshaoil • Comhtháthú riachtanais shóisialta, phobail agus chultúir leis an bpleanáil • Forbairt inbhuanaithe an cheantair • Caomhnú carachtair an tírdhreacha • Limistéir Chaomhnaithe Ailtireachta • Cosaint struchtúr agus caomhnú Limistéir Chaomhnaithe Ailtireachta • Athnuachan agus forbairt ceantar a bhfuil athghiniúint de dhíth orthu • Soláthar cóiríochta don lucht siúil • Caomhnú, feabhsú agus leathnú taitneamhachtaí agus áiseanna chaitheamh aimsire • Treoir um Mórthimpistí (suímh de chuid Seveso) • Soláthar saoráidí don phobal

Is é an tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2000 an Príomh-Acht a bhaineann le reachtaíocht um Pleanáil agus Forbairt sa tír. San Acht sin rinneadh comhdhlúthú ar an reachtaíocht phleanála go léir a bhí ann roimhe sin, agus rinneadh soiléiriú agus simpliú ar an gcreat reachtaíochta ionas go raibh sé ina aon phíosa amháin de reachtaíocht féinchuimsitheach. Tá an tAcht 2000 fós mar bhonn don chód pleanála in Éirinn. Leagtar amach ann sonraí na dtreoracha pleanála réigiúnaí, pleananna forbartha agus pleananna ceantar áitiúil chomh maith le creat bunúsach an chórais bhainistíocht forbartha agus ceada.

Bhí roinnt athruithe sa reachtaíocht ón bhliain 2000 agus leagtar amach thíos na cinn is suntasaí díobh;

• An tAcht um Pleanáil agus Forbairt (Leasú) 2002 inar athraíodh Cuid V den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 agus ullmhúchán pleananna ceantar áitiúil. • An tAcht Tithíochta (Forálacha Ilghnéitheacha) 2004 , ina ndearnadh athruithe móra do Chuid V den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 . • An tAcht um Pleanáil agus Forbairt (Bonneagar Straitéiseach) 2006 , inar foráladh go, i measc nithe eile, mbunófar nós imeachta ceada chun éifeachta do chineáil ar leith de bhonneagar mór agus do chruthú shainrannán taobh istigh den Bhord Pleanála chun cinntí a dhéanamh maidir le tograí mar sin.

Dréacht Phlean Forbartha Chontae Lú 2009 – 2015 2

Caibidil 1 Réamhrá

1.2 Athbhreithniú Phlean Forbartha Chontae Lú 2003-2009

Bhí fás eacnamaíochta agus forbartha gan sárú ar fud Chontae Lú, díreach mar a bhí ar fud na tíre, sna blianta 2003-2009. Sa Phlean Forbartha Chontae 2003-2009 cuireadh creat oibre ar bun d’fhorbairt fhisiciúil, shóisialta agus eacnamaíoch Chontae Lú agus do chaomhnú, cosaint agus feabhsú oidhreacht agus taitneamhachta an Chontae. Mar gheall air sin, i dtéarmaí úsáid talún, bhí coinneáil mhéadú daonra, mar fhreagra straitéiseach, indéanta thar thréimhse an phlean. Bhí straitéis lonnaíochta sa Phlean inar aithníodh an brú mór maidir le forbairt a bhain le Lú mar gheall ar cé chomh gar is atá sé do mhorcheantar Bhaile Átha Cliath, agus chomh maith leis sin mar gheall ar a shuíomh straitéiseach ag lárphointe Chonair Bhaile Átha Cliath go Béal Feirste.

Bhí ról tábhachtach ag an bPlean Forbartha Contae 2003-2009 chomh maith i mbunadh an chomhthéacs d’ullmhúchán roinnt ionstraimí a bhain le hábhar agus ar ghlac an Chomhairle leo ina dhiaidh sin. Áiríodh orthu siúd an Straitéis Tithíochta agus an Straitéis Mhiondíola .

1.3 An Fhís do Chontae Lú

Is é Contae Lú an contae is lú in Éirinn ach mar sin féin tá sé ar cheann de na cinn is mó daonra agus is urbaí lasmuigh de Bhaile Átha Cliath. Séard is cúis leis sin ná dhá cheann de na bailte móra cúigeacha is mó sa tír a bheith taobh istigh dá theorainneacha. De réir Daonáireamh 2006 bhí daonra de 110,894 sa chontae. Is ionann seo agus méadú de 8.9% ar an tréimhse sé bliana roimhe sin.

Mar gheall ar a shuíomh straitéiseach ar Chonair eacnamaíoch Bhaile Átha Cliath/Béal Feirste, rochtain ar phoirt an chósta thoir agus aerfoirt idirnáisiúnta, agus an bonneagar bóithre agus iarnróid atá ag feabhsú go mór, tá suíomh maith ag an gcontae maidir le méadú leanúnach ar fhás an daonra agus na heacnamaíochta amach anseo.

Is é cur chun cinn agus rialúchán fhorbairt an chontae amach anseo, ar bhealach a fheabhsóidh caighdeáin mhaireachtála agus a mbeidh forbairt shóisialta agus chutúir mar thoradh air dá n-áitreabhaigh, gan baol d’ábaltacht mhuintir Lú sa todhchaí déanamh amhlaidh, an dúshlán atá roimh Chomhairle Chontae Lú i gcomhpháirtíocht le Comhairle Baile Dhún Dealgan agus Comhairle Toghlach Dhroichead Átha.

Is í an fhís do Chontae Lú amach anseo ná áit: • Inar mian le daoine cónaí, oibriú, cuairt a thabhairt air agus infheistiú a dhéanamh ann amach anseo • Ina bhfuil pleanáil mhaith, bainistíocht mhaith, sábháilteacht agus cuimsitheacht • Ina bhfuil comhionannas deise do chách

Is féidir an fhís do Chontae Lú, mar atá sí cumhdaithe sa phlean forbartha seo, a bhaint amach. Iarrtar ann contae atá rathúil agus rafar a sholáthar tríd an bpróiseas pleanála gan aon duine nó grúpa sóisialta a fhágáil gan tairbhí na forbartha. Cumhdaítear ann chomh maith inbhuanaitheacht chomhshaoil, eacnamaíochta agus shóisialta, mar phrionsabail, lena n-áirítear cosaint acmhainní, oidhreachta agus timpeallachta an chontae idir nadúrtha agus tógtha.

Dréacht Phlean Forbartha Chontae Lú 2009 – 2015 3

Caibidil 1 Réamhrá

1.4 Cuspóirí Straitéiseacha

Féachfar leis an bhfís sin a chur i gcrích trí iarracht a dhéanamh cuspóirí straitéiseacha iomlána an phlean seo a bhaint amach:

1. Treoraigh forbairt nua de réir na straitéise lonnaíochta, a mbeidh forbairt inbhuanaithe an chontae don tréimhse 2009-2015 agus ar aghaidh mar thoradh uirthi. Beidh gá le forbairt a bheith inrochtana, tiosach ar fhuinneamh agus le bonneagar agus seirbhísí d’ardchaighdeán san áireamh.

2. Éascaigh forfheidhmiú Straitéis Fhorbairt Eacnamaíoch Indecon do Chontae Lú 2009- 2015. Iarrfar anseo, chomh fada agus is féidir, deiseanna fostaíochta a chur ar fáil in áiteanna atá gar do formhór mhuintir an Chontae.

3. Éascaigh agus cuir chun cinn forbairt eacnamaíoch an chontae bunaithe ar shaothrú an suímh fábhraigh atá aige ar lárphointe Chonair Bhaile Átha Cliath-Béal Feirste agus an nasc a sholáthraionn sin do mhargaí agus seirbhísí lasmuigh.

4. Cuir creat oibre ar fail do bhainistíocht agus rialúchán fhorbairt agus úsáid talún a bheidh mar threoir do chinntí maidir le pleanáil ó lá go lá.

5. Cosain agus cothaigh acmhainní saibhre nádurtha agus saorga, oidhreacht agus taitneamhachtaí eile de réir phleananna agus beartas a forbríodh díreach chun aghaidh a thabhairt ar na réimsí seo ionas gur féidir lánacmhainneacht an chontae a bhaint amach, go háirithe trí thurasóirí agus cuairteoirí a mhealladh chun an contae.

6. Pleanáil do chuimsitheacht níos fearr agus do fheabhsú chaighdeán maireachtála mhuintir an chontae go léir.

7. Cosaint phobal na tuaithe ar bhealach inbhuanaithe trí dlúthfhorbairt a spreagadh sna bailte beaga agus sráidbhailte níos lú sa chontae agus tríd an taobhtíre oscailte a chosaint ar thithíocht uirbeach-ghinte neamhinbhuanaithe “aonuaire”.

8. Creat oibre d’fhorbairt inbhuanaithe a sholáthar trí úsáid-deiridh tíosaí fuinnimh agus éascú úsáid fuinnimh in-athnuaite i dtionscadail tógála a spreagadh.

9. Cuir bonneagar fisiciúil d’ardchaighdeán ar fáil chun forbairt chuí a spreagadh agus chun tacú léi.

10. Aitheantas do luach daoine mar acmhainn dhaonna le bheith ionúin i dteaghlaigh, i bpobail agus san eacnamaíocht. Bainfear sin amach sa phlean trí dheiseanna do shláinte, oideachas agus leas cách a bharrfheabhsú.

1.5 Ábhar agus Leagan Amach

1.5.1 Leagan amach an Phlean Forbartha

Séard atá sa Phlean Forbartha ná an ráiteas scríofa seo le léarscáileanna tacaíochta. Áirítear sa ráiteas scríofa cuspóirí nuair a bhaineann agus beartais d’fhorbairt agus úsaid talún. Léiríonn na léarscáileanna na beartais atá sa ráiteas scríofa. Sa chás ina mbíonn

Dréacht Phlean Forbartha Chontae Lú 2009 – 2015 4

Caibidil 1 Réamhrá

coimhlint nó débhríocht idir a bhfuil scríofa sa ráiteas scríofa sna léarscáileanna, beidh tosaíocht ag an ráiteas scríofa.

1.5.2 Fógra Foirmiúil faoi ullmhúchán Dréachtphlean a bheith beartaithe.

De réir Alt 11 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 agus Airteagal 13B de Na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt (Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta) 2004 foilsíodh Fógra sa phreas áitiúil, is é sin an Argus (Dún Dealgan), an Democrat agus an le linn na seachtaine a thosaigh 1 Aibreán 2008. Léiríodh san fhógra go raibh sé i gceist ag an gComhairle athbhreithniú a dhéanamh ar Phlean Forbartha an Chontae 2003-2009 agus Plean Forbartha nua a ullmhú do 2009- 2015. Chuir sé in iúl don phobal chomh maith go ndéanfadh an t-údarás pleanála Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta (MST) mar chuid den phróiseas athbhreithnithe agus go n-ullmhódh sí tuarascáil chomhshaoil ar an tionchar suntasach a d’fhéadfadh forfheidhmiú an phlean a imirt ar an gcomhshaol, chomh maith le bearta maolaithe gaolmhara.

1.5.3 Comhchomhairliúchán roimh dhéanamh an Dréachta

Tosaíodh an próiseas leis an bPlean Forbartha Contae a athbhreithniú le fógra ón gComhairle Contae go raibh sé i gceist aici athbhreithniú a dhéanamh ar an bplean forbartha a bhí ann ag an am agus plean nua a ullmhú. Tugadh cuireadh chun aighneachtaí a dhéanamh thar thréimhse sonraithe maidir leis an athbhreithnú agus le déanamh an phlean nua. Rinneadh comhchomhairliúchán leis an bpobal i gcoitinne agus comhlachtaí eile leasmhara agus cuí i rith na tréimhse sin. Tá sé sin i gcomhréir le ceann de na príomhcheanglais de chuid na nAchtanna um Pleanáil agus Forbairt 2000- 2006 ina leagtar béim ar an ngá atá ann le comhchomhairliúchán forleathan leis an bpobal agus le haighneachtaí agus tuairimí maidir le hábhar an phlean molta ó réimse leathan geallsealbhóirí lena n-áirítear soláthraithe seirbhíse, forbróirí, gníomhaireachtaí poiblí, ranna rialtais agus an pobal. Chuaigh an Chomhairle i mbun próiseas forleathan comhchomhairliúcháin. Eagraíodh seisiúin éascaithe le foireann na comhairle agus baill thofa le linn Márta agus Aibreáin 2008. Bhí na seisiúin seo mar bhonn faisnéise d’ullmhúchán an Pháipéir Shaincheisteanna. Ansin fógraíodh agus scaipeadh go forleathan an Páipéar Saincheisteanna, chuig comhlachtaí reachtúla, geallsealbhóirí, soláthraithe seirbhíse, baill thofa.

Seachadadh fógráin go dtí gach teaghlach i gContae Lú. Chuir siadsan ar fáil coimre ghearr faoina bhfuil i gceist le hathbhreithniú an phlean forbartha, na príomhcheisteanna ann agus sonraí faoi conas aighneacht a dhéanamh. Áiríodh leo cárta soshractha réamhíoctha le cur ar ais. Cuireadh an Páipéar Saincheisteanna agus na bileoga ‘tabhair ráiteas’ ar an idirlíon chun ráitis agus tuairimí a sheoladh tríd an mheán sin a chumasú.

Cuireadh taispeántas ar bun i bhforsheomra Halla Chontae Lú, Dún Dealgan, a bhí ann le linn na tréimhse ocht seachtainí comhchomhairliúcháin go hiomlán. Gach Déardaoin, bhí baill ón bhfoireann don phleanáil ar aghaidh ar fáil do chruinnithe ‘buail isteach’ chun duine ar bith ar mhian leis nó léi saincheisteanna, beartais nó aon ábhar a bhí tábhachtach dar leis/léi i gcur le chéile an phlean nua a phlé. Chomh maith leis sin bhí imeachtaí poiblí comhchomhairliúcháin ar siúl ag an bhfoireann don phleanáil ar aghaidh i nDroichead Átha, Dún Dealgan agus Baile Átha Fhirdhia. Áiríodh sna himeachtaí seo cur i láthair foirmiúil, seisiúin cheisteanna agus freagraí, agus cruinnithe leis an bpobal.

Dréacht Phlean Forbartha Chontae Lú 2009 – 2015 5

Caibidil 1 Réamhrá

Eagraíodh cur i láthair agus seisiúin phlé sa bhreis chun ionchur ó Fhóram Pobail Lú, Comhlachas Tráchtála Dhroichead Átha, agus Comhairle Bhaile Átha Fhirdhia a éascú.

1.5.4 Geallsealbhóirí agus Comhlachtaí Forordaithe

Rinneadh teagmháil i bhfoirm litreach le gach comhlacht forordaithe, geallsealbhóir agus soláthraí seirbhíse agus tugadh cuireadh dóibh aighneachtaí a dhéanamh. Bhí roinnt cruinnithe ina dhiaidh sin le comhlachtaí ar leith agus rinneadh plé ar shaincheisteanna a bhí tábhachtach, dar leo, in athbhreithniú an phlean sin. Áiríodh aighneachtaí a fuarthas i dtuarascáil an bhainisteora.

Tá liosta gach comhlachta a fuair fógra leagtha amach in Aguisín 1 an phlean seo.

1.5.5 Tuarascáil an Bhainisteora

D’ullmhaigh an bainisteoir contae tuarascáil ar na haighneachtaí agus tuairimí a fuarthas (212 aighneacht) agus ar gach ábhar a d’éirigh as na comhchomhairliúcháin thuas. Tá liosta na ndaoine a rinne aighneacht nó a chuir tuairim in iúl agus ar chuathas i mbun comhairle leo, coimre shaincheisteanna a ardaíodh, tuairim an bhainisteora maidir leis na saincheisteanna, i dtuarascáil an bhainisteora, ag cur i gcuntais pleanáil cheart agus forbairt inbhuanaithe sa cheantar, oibleagáid reachtúil aon údaráis áitiúil sa cheantar agus aon bheartais nó cuspóirí ábartha a bhí ann le linn tréimhse an Rialtais nó Aire de chuid an Rialtais, agus moladh ar na beartais a bhí le bheith sa dréachtphlean. Cuireadh tuarascáil an bhainisteora chuig na baill tofa, a raibh tréimhse 10 seachtain acu chun breathnú uirthi. An 3 Deireadh Fómhair 2008 d’eisigh na Baill treoracha chuig an mbainisteoir dul ar aghaidh le hullmhúchán an dréachtphlean.

1.5.6 Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta

Is í Measúnacht Straitéise Timpeallachta (MST) luacháil fhoirmiúil chórasach an tionchair a d’fhéadfadh a bheith á imirt ag forfheidhmiú an Dréachtphlean roimh ghlacadh leis. Déanfar scrúdú i dTuarascáil Bhonnlíne Chomhshaoil ar an éifeacht shuntasach a d’fhéadfadh a bheith ag beartais agus cuspóirí an dréachtphlean ar an gcomhshaol. Beidh sé sin, agus aon leasuithe a dhéanfar ar an dréachtphlean, faoi réir phróiseas na Measúnachta Straitéise Timpeallachta.

1.5.7 Breiseanna a chur sa Taifead Struchtúr Faoi Chosaint (TSFC) nó Díchlárú

Sa chás ina bhfuil aon fhoráil maidir le cur leis an Taifead Struchtúr Faoi Chosaint nó Díchlárú san áireamh sa dréacht, seirbheálfaidh Comhairle Contae Lú fógra maidir leis an mbreis atá molta a chur leis, nó é a dhíchlárú, ar gach duine atá ina s(h)ealbhóir ar an struchtúr faoi chosaint atá molta, nó an struchtúr faoi chosaint, nó ina (h)áititheoir, lena n-áireofar sonraí na reasúnaíochta atá taobh thiar den bhreis nó den díchlárú.

1.5.8 Pleananna Ceantar Áitiúil

De réir Alt (18), (19) agus (20) den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000, déantar foráil do dhéanamh phleananna ceantar áitiúil d’aon cheantar faoi dhlínse údaráis phleanála. Forchuireann Alt 19, 1 (b) oibleagáid ar údarás pleanála pleananna ceantair áitiula a

Dréacht Phlean Forbartha Chontae Lú 2009 – 2015 6

Caibidil 1 Réamhrá

ullmhú maidir le haon cheantar atá sainithe mar bhaile mór sa daonáireamh is déanaí, a bhfuil daonra níos mó ná 2,000 ann agus atá suite i gceantar feidhme údaráis phleanála. Is é Plean Cheantar Áitiúil Bhaile Átha Fhirdhia an t-aon phlean ceantair áitiúil sainordaitheach amháin atá faoi cheanglas de bhun na nAchtanna Pleanála.

I gcomhthéacs Lú, d’fhás an gá do chruthú shraith phleananna ceantar áitiúil as leibhéil an éilimh ar fhorbairt nár sáraíodh riamh. Is é cuspóir na bpleananna cheantar áitiúil sin creat oibre agus freagra níos sonraí a sholáthar do riachtanais bhailte móra ar leith taobh istigh de chreat oibre iomlán an Phlean Forbartha Contae. Gné thábhachtach den phróiseas seo go soláthraíonn sé deis don phobal áitiúil bheith rannpháirteach in ullmhúchán an phlean dá gceantar féin. Tá tograí níos sonraí i dtéarmaí úsáid talún agus cuspóirí criosaithe sna pleananna chomh maith.

Faoin bPlean Forbartha Contae 2003-2009 , ullmhaíodh 15 Plean Ceanntar Áitiúil san iomlán do na lonnaíochta liostaithe thíos, chomh maith le plean ceantar áitiúil do Phurláin Thuaidh Dhroichead Átha.

Tábla 1.1: Pleananna Ceantar Áitiúil

Áth na gCasán Droichead an Chnoic Baile Átha Fhirdhia Lú Baile an Ghearlánaigh/Cill Sáráin Purláin Dhroichead Átha Thuaidh Cairlinn Baile an Tallúnaigh Ceann Chlochair Tearmann Feichín/BaileTrá Collann Tigh an Iúir Droim Ineascsclainn Tulaigh Álainn Dún Léire Ó Méith

Tosóidh Comhairle Contae Lú próiseas athbhreithniú na bpleananna ceantar áitiúil éagsúil nuair a bheidh an Plean Forbartha Chontae críochnaithe.

1.6 Comhthéacs an Phlean Forbartha Bíonn tionchar atá ag meadú ar bheartais agus léargais, atá suntasach ar bhonn náisiúnta agus idirnáisiúnta, ar phleanáil fhisiciúil in Éirinn agus scagtar aníos go dtí leibhéal contae é. Ag an leibhéal idirnáisiúnta, is é an comhaontú domhanda ar an ngá atá ann chun forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn an ghné is tábhachtaí maidir leis an gcur chuige nua do phleanáil agus mar sin beidh tionchar aici ar na beartais agus na cuspóirí sa phlean forbartha seo. Caithfear mar sin aird a thabhairt sa phlean ar roinnt conarthaí idirnáisiúnta, treoracha an Aontas Eorpaigh agus beartas náisiúnta agus idirnáisiúnta, mar atá doiciméadaithe thíos.

Dréacht Phlean Forbartha Chontae Lú 2009 – 2015 7

Caibidil 1 Réamhrá

1.6.1 Cláir agus Pleananna na hEorpa

Clár 21 Is próiseas é Clár 21 Áitiúil ina n-éascaítear forbairt inbhuanaithe ag leibhéal an phobail.

Peirspictíocht Is í príomhaidhm an ESDP saintréithe aonair na dtíortha san AE a choimeád agus ag an Spásfhorbartha na am céanna comhtháthú sóisialta agus eacnamaíochta idir na Ballstáit a mhéadú le cosaint hEorpa (1999 ) an chomhshaoil mar eochairghné.

An Chreat-treoir Uisce Ceanglaítear ullmhúchán pleananna bainistíochta abhanntraí faoin bhliain 2009 sa treoir 2000/60/CE, 2000 sin. Tá an chuid is mó de Chontae Lú i gCeantar Abhantraí Idirnáisiúnta An Bhanna/ Loch nEathach, agus tá an chuid eile den chontae, an chuid ó dheas go príomha, sa Cheantar Abhantraí Thoir.

Measúnacht Is é cuspóir an IEA (Treoir 2001/42/EC) a chinntiú go sainaithnítear agus go meastar Straitéiseach iarmhairtí clár agus pleananna ar leith maidir leis an gcomhshaol le linn a n-ullmhúchán Timpeallachta Measúnú agus sul a nglactar leo. Rialachán

1.6.2 Leibéal Náisiúnta agus Réigiúnach

AnStraitéis Spáis Is creat oibre pleanála fiche bliain an SSN atá deartha le go mbainfear amach Náisiúnta cothromaíocht níos fearr idir na réigiúin maidir le forbairt shóisialta, eacnamaíochta agus (2002) fisiciúil agus fás daonra. Díríonn sé ar dhaoine, ar áiteanna agus ar phobail a thógáil.

An Plean Forbartha Baineann an Plean Forbartha Náisiúnta (PFN) le hinfheistiú ó chistí poiblí, ón AE agus Náisiúnta infheistiú phríobhaideach do sholáthar bonneagair eacnamaíochta agus sóisialta, 2007-2013 fostaíochta agus acmhainní daonna agus earnála táirgíochta chomh maith leis an gclár síochána.

Forbairt Inbhuaine– Aithnítear i "Forbairt Inbhuaine – Straitéis d’Éirinn" an riachtanas atá ann do phleanáil Straitéis d’Éirinn spáis mhaith agus do cheisteanna inbhuainitheachta a bheith san áireamh i mbeartais (1997) chomhshaoil uirbigh agus tógála. Aithnítear go n-imríonn pátrún agus dlús forbartha urbaigh ar phátrúin taistil agus spreagtar lonnú gníomhaíochtaí ardghluaiseachta i gceantair le huasmhéid rochtain ar iompar poiblí.

Straitéis Náisiúnta in Is tionscnamh é NAPS/SNB chun riachtanais na mbocht agus iadsan atá eisithe go aghaidh na sóisialta a chur ar bharr an chláir bheartais náisiúnta. Aithnítear ann méid na Bochtaineachta- bochtaineachta agus a héifeachtaí orthu siúd lena mbaineann sí go díreach agus tugtar (NAPS/SNB) faoi deara gnéithe ar leith spáis sa bhochtaineacht i gceantair uirbeacha agus tuaithe. Leagtar béim sa straitéis tábhacht freagra beartais trasrannáin i bplé le fadhb na bochtaineachta.

Iompar21 Infheisteofar €34.4 billiún in iompar in Éirinn thar an deich mbliana atá romhainn. Is í bun- aidhm na straitéise seo pobail a nascadh agus rafar a chur chun cinn. Iarrtar sa chlár freastal ar riachtanais iompair saoránach na tíre agus taca a chur faoinár gcumas iomaíochta amach anseo.

Dréacht-threoirlínte um Tá fócas sna treoirlínte ar phobail inbhuanaithe a chruthú trí na caighdeáin deartha is airde

Dréacht Phlean Forbartha Chontae Lú 2009 – 2015 8

Caibidil 1 Réamhrá

Pleanáil Forbartha a ionchorprú agus cur chuige comhordaithe do sholáthar bonneagar agus seirbhísí Inbhuaine do Thithíocht riachtanacha a chur ar fáil. Tá lámhleabhar dearadh uirbigh deachleachtais in éineacht leo ina léirítear conas na treoirlínte a chur i bhfeidhm go héifeactach agus go comhsheasmhach ar gach scála d’fhorbairt uirbeach ar fud na tíre.

Treoirlínte Pleanála Sna treoirlínte seo tá creat oibre chun Údaráis Phleanála a threorú in ullmhúchán Miondíola (2005) pleananna forbartha agus chun miondíoltóirí agus forbróirí a threorú i ndéanamh tograí forbartha.

Treoirlínte Pleanála do Is í Fís don Réigiún “Faoin mbliain 2020 beidh Ceantar na Teorann iomaíoch, beidh sé Limistéar na Teorann aitheanta agus beidh rath air mar gheall ar a chomhéadan uathúil idir an dá eacnamaíocht, (2004) comhéadan ina mbeidh rath eacnamaíochta ar chách mar gheall ar thógáil sainiúlachta fo- (arna n-athbhreithniú) réigiúin ar leith, i dtimpeallacht nádurtha thar barr ina bhfuil daoine núálaíocha agus iad féin araon ar an acmhainn is luachmhaire atá againn.”

Tá Contae Lú suite sa bhforéigiún in oirthear na tíre a bhfuil Geata Dhún Dealgan ina fhócas aige, agus ina bhfuil molbhailte Mhuineacháin agus An Chabháin.

Treoirlínte leis an Áitítear sna treoirlínte an critéir atá le cur chun feidhme nuair a roghnaítear struchtúir faoi Oidhreacht Ailtireachta a chosaint le cur isteach sa Taifead Struchtúr Faoi Chosaint. Tá treoir iontu chomh maith Chosaint (2005) chun tacú le hÚdaráis Phleanála sa ról atá acu i gcosaint na hoidhreachta ailtireachta, nuair a bhíonn struchtúr faoi chosaint, struchtúr atá molta le bheith faoi chosaint nó an taobh amuigh d’fhoirgneamh atá in ACA ina ábhar i dtograí forbartha agus nuair a bhíonn dearbhú á lorg maidir le struchtúr faoi chosaint.

Plean Náisiúnta Foilsíodh an Plean seo sa bhliain 2002. Tá sé mar aidhm ann caomhnú éagsúlacht Bithéagsúlachta bhitheolaíochta in Éirinn a dhaingniú agus nuair is féidir ionchur a dhéanamh chun í a fheabhsú agus a úsáid ar bhonn inbhuanaithe ar fud na cruinne.

Straitéis Náisiúnta um Faoi Phrótacal Kyoto d’aontaigh Éire go mbeidh sé mar sprioc aici a cuaistithe gáis Athrú Aeráide (2007) cheaptha teasa a choimeád ag 13% níos airde ná leibhéil 1990 faoin gcéad tréimhse ghealltantais 2008-2012. Dhaingnigh Éire Prótacal Kyoto i 2002 i gcomhar leis an AE agus gach ballstát eile agus tá sí faoi cheangal dlí an sprioc dúshlánach maidir le laghdú astuithe gáis cheaptha teasa a bhaint amach. Le cinntiú go mbainfidh Éire amach a sprioc, agus ag tógáil ar bhearta a cuireadh i gcrích tar éis foilsiúcháin na chéad Straitéise Náisiúnta um Athrú Aeráide i 2000, tá an Straitéis Náisiúnta um Athrú Aeráide 2007-2012 nua foilsithe ag an Rialtas.

Chun go mbeidh Cuirtear fócas sa doiciméad sin ar an nasc idir gníomhaíocht eacnamaíoch agus brú ar an Forbairt na hÉireann gcomhshaol. Ag Cruinniú Mullaigh na Cruinne i Rio de Janeiro i 1992, chomhaontaigh Inbhuanaithe (2002) ceannairí an domhain gníomhchlár d’fhorbairt inbhuanaithe, clár dár teideal Clár Ábhar 21 .Cuireann Straitéis d’Éirinn (1997),Clár Ábhar 21 chun feidhme i gcúinsí na hÉireann. sa chlár ‘Chun go mbeidh Forbairt na hÉireann Inbhuanaithe’ déantar athbhreithniú ar dhul chun cinn agus measúnú ar an dúshlán atá romhainn agus leagtar amach beartais agus gníomhartha chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán sin.

Treoirlínte maidir le Tairgeann na treoirlínte seo comhairle d’Údaráis Phleanála ar phleanáil d’fhuinneamh Fuinneamh Gaoithe gaoithe tríd an bpróiseas phlean forbartha agus i gcinntí maidir le hiarratais ar chead (2006) pleanála.

Treoirlínte d’Údaráis Sonraitear sna treoirlínte seo cad í an ghníomhaíocht chuí a chaithfidh údaráis phleanála a Áitiúla faoi Bhaol ó dhéanamh mar fhreagra ar chosaint in éadan tuilte agus bainistiú an riosca a bhaineann le

Dréacht Phlean Forbartha Chontae Lú 2009 – 2015 9

Caibidil 1 Réamhrá

Thuilte 2008 forbairtí a d’fhéadfadh a bheith ann.

Fardal Náisiúnta ar an Is é an cuspóir atá ag NIAH oidhreacht ailtireachta i ndiaidh 1700 in Éirinn a shainaithint, Oidhreacht Ailtireachta taifead a dhéanamh uirthi, agus í a luacháil go haonfhoirmeach agus go seasta mar (NIAH) chúnamh i gcosaint agus i gcaomhnú na hoidhreachta tógtha. Soláthraítear i suirbhéanna NIAH bonn moltaí an Aire Chomhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil do na húdaráis phleanála struchtúir ar Leith a chur isteach ina dTaifead.

Todhchaí Fhuinneamh Leagtar amach sa Pháipéar Bán sin creat oibre bheartas fuinneamh an Rialtais chun Inbhuaine a todhchaí inbhuanaithe fuinnimh a sholáthar d’Éirinn. Tá sé leagtha amach go docht sa Sheachadadh d’Éirinn- chomhthéacs domhanda agus Eorpach a bhfuil slándáil fuinnimh agus athrú aeráide curtha An Creatbheartas um i measc na ndúshlán práinneach idirnáisiúnta ann. Leagtar amach sa pháipéar na Fhunneamh 2007 – gníomaíochtaí a chaithfear a dhéanamh mar fhreagra do na dúshláin atá os comhair na 2020 hÉireann le go soláthrófar fuinneamh inbhuanaithe sa todhchaí.

1.6.3 Leibhéal Áitiúil

Plean Bainistíochta Is Plean comhpháirteach bhainistiú drámhaíle é seo do Chontaethe An Chábháin, Lú, na Dramhaíola don Réigiún Mí agus Mhuineacháin. Sainaithnítear sa Phlean an stádas atá ann faoi láthair, beartas Thoir Thuaidh 2005 - d’fheabhsú agus forbairt sa todhchaí agus na hacmhainní chun dul chun cinn a chur i 2010 bhfeidhm agus monatóireacht a dhéanamh air. Séard is cuspóir don réigiún cur chuige inbhuanaithe do bhainistiú acmhainní a fhorbairt trí drámhaíl a laghdú agus an drámhaíl a ghintear a bhainistiú ar bhealach atá slán agus sábhailte maidir leis an gcomhshaol.

Straitéis Forbartha Leagtar amach sa straitéis seo beart straitéise d’fhorbairt shóisialta, eacnamaíochta agus Contae an Bhoird:Lú-Ag cultúir an chontae. Tá forfheidhmiú agus monatóireacht mar chuid dhílis den straitéis sin Obair le Chéile dár chun a chinntiú go dtabharfar freagra do chúinsí de réir mar a athraíonn siad. dTodhchaí 2002 -2012.

Plean Oidhreachta Lú Is creat oibre straitéiseach an Plean Oidhreachta a bhfuil sé d’aidhm ann caomhnú, (2007-2011) bainistiú agus forbairt bháidhiúil ar oidhreacht na tíre a chomhordú.

Plean Bithéagsúlachta Is é cuspóir an phlean bithéagsúlachta creat oibre a sholáthar do chaomhnú an dúlra ar do Chontae Lú 2008- bhonn áitiúil, feasacht agus tuiscint maidir le fásra agus ainmhithe a chruthú agus breithniú 2012 ar bhithéagsúlacht a chomhtháthú isteach i ngach gníomhaíocht de chuidan údaráis áitiúil.

Straitéis Tithíochta do Sa Straitéis sin tá sé d’aidhm ann a chinntiú go ndéantar criosú agus seirbhísiú ar go leor Chontae Lú 2009 talún le freastal a dhéanamh ar riachtanais tithíochta, ceanglais faoi Chuid V do thithíocht shóisialta agus inacmhainne a bhunú agus a chinntiú go bhfuil raon de chineálacha agus agus i bhfairsingí na tithíochta ann.

Tionsclaíocht a Sa straitéis sin tá sé d’aidhm inti soláthar a dhéanamh d’fhás eacnamaíochta trí Láithreánú i gContae Lú shainaithint suímh chuí do ghníomhaíochtaí tionsclaíochta agus tráchtála ar fud an 2002 chontae.

Straitéis Sa straitéis sin scrúdaítear cumas forbartha na n-idirmhalartaithe mótarbhealach chun na Idirmhalartaithe do tairbhí a fhabhraítear don chontae ón mótarbhealach a uasmhéadú. Chontae Lú 2002

Dréacht Phlean Forbartha Chontae Lú 2009 – 2015 10

Caibidil 1 Réamhrá

Plean Feidhmithe na Tá forbairt Údaráis Áitiúil Chontae Lú rialaithe ag an bplean seo, trí chinntiú go bhfuil nÚdarás Áitiúil um rochtain ag cách ar a gcuid seirbhísí, spásanna poiblí agus foirgnimh ar fud an chontae go Míchumas 2008 – 2015 léir.

Plean Frithchiníochais & Séard atá i bplean ARD Lú plean gnímh idirghíomhaireachta trí bliana don chontae ar fad Éagsúlachta Chontae Lú chun treoir straitéiseach agus ceannaireacht a sholáthar i gcoinne ciníochais agus chun 2007 – 2010 sochaí níos cuimsithí agus níos iolirchultúrthaí a fhorbairt sa chontae.

Louth Local Authorities Tá sé mar aidhm sa Straitéis um Spóirt agus Chaitheamh Aimsire an leibhéal Sports & Recreation rannphairtíochta i gcoitinne sa spórt agus sa ghníomhaíocht fhisiciúil thar an tréimhse Strategy 2007 – 2012 2007-2012 a mhéadú.

Straitéis Siúlóide Sa straitéis seo sainaithnítear léarscáileanna agus cuirtear bealaí/ siúlóidí i Leithinis Chuaille 2009 Chuaille chun cinn.

Dréachtstraitéis Sa straitéis seo sainaithnítear deiseanna eacnamaíochta, foinsí acmhainní a d’fhéadfadh a Forbartha bheith ann agus meicníochtaí agus dúshláin atá os comhair an chontae mar chuid de Eacnamaíochta Chontae mheasúnú láidreachtaí agus laigeachtaí eacnamaíocha Lú. Lú 2009-2015

Straitéis Miondíola do Is iad príomhaidhmeanna na straitéise seo earnáil bheoga mhiondíola a chur chun cinn, Chontae Lú 2009 inmharthanacht agus beocht lár na mbailte atá ann faoi láthair a chosaint agus rochtain ar ionaid áisiúla mhiondíola i gceantair nua chónaithe a chinntiú.

Pléifear le tionchar na ndoiciméad seo agus pleananna áitiúla eile ábartha agus straitéisí a bhfuil baint acu le beartas phlean forbartha ar bhonn níos sonraí sna caibidlí ábhartha den phlean. Tugadh aire do phleananna forbartha údarás pleanála atá tadhlach linn sa chontae agus taobh amuigh de araon. Áirítear orthu siúd an Plean Forbartha Dhún Dealgan agus a Purláin 2003-2009 atá á athbhreithniú faoi láthair, an Plean Forbartha Buirge na Comhairle 2005-2011 , Plean Forbartha Comhairle Chontae na Mí 2007-2013 , Plean Forbartha Comhairle Chontae Mhuineacháin 2007-2013 agus Ceantar an Iúir/Droichead na Banna agus Plean Cheantar Múrna 2015 .

1.7 Cuimsiú Sóisialta

In ainneoin rachmais choibhneasta na tíre le deich mbliana anuas agus an caighdeán maireachtála a bheith ag ardú, fágadh go leor grúpaí imeallacha ar gcúl. Mar sin tá glactha ag an rialtas le spreagadh athnuaite an dúshláin chun dul in éadan na treochta sin agus mar sin tá cuimsiú sóisialta taghta chun cinn maidir le beartas.

1.7.1 Pleanáil do Chuimsiú Sóisialta

Iarrann an Chomhaire go mbeidh a beartais agus a cuspóirí lánchuimsitheach. Iarrann sí:

• Go gcinnteofar, chomh fada agus is féidir, go soláthrófar rochtain dóibh siúd nach bhfuil lánábalta ar gach forbairt nua lena n-áirítear foirgnimh agus seirbhisí na

Dréacht Phlean Forbartha Chontae Lú 2009 – 2015 11

Caibidil 1 Réamhrá

comhairle, mar a shonráitear i Plean Feidhmithe Údarás Áitiúil Lú um Míchumas 2008 – 2015. • An Tionscnamh um Iompar Tuaithe a éascú agus a chur chun cinn le go mbeidh ar chumas daoine atá eisithe go sóisialta rochtain a fháil ar fhostaíocht agus seirbhísí. • Soláthar aonad fiontair nuathionscanta ar fud an chontae a éascú. • Soláthar cóiríochta oiriúnaí agus cuí do chách a spreagadh, ar aon dul le héiteas dhearcadh muinteartha ar dhaoine aosta i Lú. • A chinntiú nach laghdaíonn tionscnaimh nua rochtain an phobail áitiúil ar sheirbhisí mar gheall ar chostas nó suíomh. • Sprioc a dhéanamh den fhrithchiníochas agus idirchultúrachas a chur chun cinn de réir Phlean Frithchiníochais & Éagsúlachta Lú (ARD/PFEL) 2007 – 2010.

1.7.2 Sochaí a bhfuil Dearcadh Muinteartha ar Dhaoine Aosta aici

Sa Bhliain 2007 ghlac Dún Dealgan páirt i gcomhar le roinnt ionad eile uirbeach a roghnaíodh ar fud an domhain sa Tionscnamh um Chathracha Muinteartha ar Dhaoine Aosta, tionscnamh a threoraigh an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte. Spreagann sochaí le dearcadh muinteartha ar dhaoine aosta dul in aois go gníomhach trí dheiseanna a bheith sláintiúil, trí rannpháirtíocht agus slándáil a bharrfheabhsú, ionas go bhfeabhsóidh an caighdeán maireachtála de réir mar a théann daoine in aois. Cuireann sí a cuid struchtúr agus seirbhísí in oiriúint le go mbeidh rochtain ag daoine níos sine, a bhfuil gánna agus cumais éagsúla acu, orthu, agus go mbeidh agus freastalaíonn sí ar chodanna móra den daonra seachas áitritheoirí scothaosta.

Bainfidh na daoine le soghluaisteacht lagaithe, lena n-áirítear iad siúd le míchumas fisiciúil, tuismitheoirí le páistí óga, agus páistí chomh maith, tairbhe as an gcur chuige muinteartha ar aois. Ó thaobh phleanáil agus usáid talún de tá treoir tugtha sa staidéar ar réimse leathan de ‘shaintréithe an tírdhreacha urbaigh agus na timpeallachta tógtha’ a bhfuil ionchur acu ar dhearcadh muinteartha ar dhaoine aosta.

Iarrtar sa phlean forbartha seo glacadh leis an gcoincheap ‘sochaí a bhfuil dearcadh muinteartha ar dhaoine aosta aici’ agus léirítear cuspóirí an Tionscnaimh Muinteartha i leith Daoine Aosta ann. Tá prionsabail sochaí a bhfuil dearcadh muinteartha ar dhaoine aosta aici leagtha amach in Aguisín 2 den phlean seo.

1.8 Próifíl an Chontae

Tá stair mheánaoiseach shaibhir ag Contae Lú agus is iomaí scéal i bhfinscéalaíocht na hÉireann a thugann tús áite dó. Is contae é atá lán de mhiotais, finscéalta agus stair, siar go dtí aimsir réamhstaire Tháin Bó Cuailgne. Léirítear tionchar na Lochlannach, a tháinig níos déanaí, sa logainm ‘Carlingford’. Bá é Cath na Bóinne, a tharla ar imeall Dhroichad Átha, an choimhlint is mó le rá agus tá sé anois ina chuid dhílis de stair na hÉireann.

Síneann cósta Lú, atá níos faide ná 70 míle, ó Abhainn na Bóinne i ndeisceart

Dréacht Phlean Forbartha Chontae Lú 2009 – 2015 12

Caibidil 1 Réamhrá an chontae gó dtí Loch Cairlinn sa tuaisceart. Is é Contae Lú an contae is lú in Éirinn; mar sin is minic a thugtar “The Wee County” air. Is contae é freisin a bhfuil an-áilleacht nádúrtha ann, a bhfuil tóir air mar áit dheas chónaithe agus a bhfuil go leor buntáistí aige. Is áit sármhaith í do réimse maith gníomhaíochtaí lena n-áirítear siúlóidí faoin dúlra, iascaireacht bhradán agus breac, galf agus marcaíocht ar chapall. Tá go leor traidisiún seanbhunaithe ann a leag síos bunchloch ratha an lae inniu.

Is contae rafar anois é Contae Lú agus ionaid ghíomhaíochta agus tráchtála i mbailte móra Dhún Dealgan, Droichead Átha, Baile Átha Fhirdhia agus Dún Léire. San am a chuaigh thart bhí tionscail cosúil leis an mbóthar iarainn, déantús bróg agus an tionscal grúdaireachta ina mórchodanna de ghréasán eacnamaíochta Lú. Tá an tionsclaíocht sa chontae tiontaithe, áfach ó innealtóireacht a bhí trom den chuid is mó go dtí obair atá níos nua-aimseartha agus bunaithe ar theicneolaíocht. Sa bhfócas nua seo cumasaíodh forbairt infheistíochta isteach, ní hamháin sa tionsclaíocht ach sa talmhaíocht chomh maith. I dtéarmaí nios leithne beidh leathnú ar thrádáil eacnamaíochta Lú mar thoradh ar an eacnamaíocht bheoga atá ann faoi láthair agus ag an am céanna soláthraíonn spreagadh nua do chomhoibriú trasteorann deis bhreise d’fhás agus d’forbairt.

Cuireann suíomh straitéiseach Lú, seirbhísí bonneagair úrscothacha agus lucht oibre a bheith ann atá réidh, oilte agus foghlamtha leis na tosca seo. Tá go leor fiontair ilnáisiúnta seanbhunaithe sa chontae a soláthraíonn deiseanna fostaíochta den scoth agus chomh maith leosan tá roinnt mhór cuideachtaí beaga a d’fhorbair go rathúil le cúnamh Bhord Fiontar an Chontae. Bhí Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan suntasach i bhforbairt an bhoinn teicneolaíochta agus go sonrach chabhraigh a hIonad Forbartha Réigiúnach le go leor cuideachtaí ina bhforbairt.

Le deich mbliana anuas bhí forbairt agus infheistiú caipitil nach mór i Lú; go sonrach trasnaíonn an Bealach Euro E01, ó Ros Láir go dtí Latharna, Contae Lú agus tá trasfhoirmiú tagtha ar thaisteal go Baile Átha Cliath mar gheall ar an mótarbhealach nua a críochnaíodh le déanaí. Tá níos mó ná €155 milliún caite le cúig bliana anuas ag uasghrádú agus ag soláthar scéimeanna séarachais sa chontae, a raibh an chuid is mó de caite ar Phríomh-Scéimeanna Séarachais Dhún Dealgan agus Dhroichead Átha chomh maith le scéimeanna níos lú i gCairlinn agus Dún Léire. Mar gheall ar ionaid chóireála uisce atá nua- aimseartha agus cothrom le dáta, tá uisce óil den scoth sa chontae.

Dréacht Phlean Forbartha Chontae Lú 2009 – 2015 13

Caibidil 1 Réamhrá

Áirítear ar fhorbairtí suntasacha eile le blianta beaga anuas oibreacha forbartha ag Cuan Cheann Chlochair ar luach €1.2m, áit a bhfuil sé i gceist obair shonrach sa bhreis eile a dhéanamh, oibreacha cosanta at roinnt suíomh, oscailt Linnte Snámha agus Ionaid Fóillíochta i nDún Dealgan agus Droichead Átha araon agus ar ndóigh clár bliantúil thógáil tí atá bunaithe ar dhearadh d’ardchaighdeán. Déantar freastal maith ar an gcontae chomh maith trí sholáthar gréasáin de bhrainsí leabharlainne lánchomhtháite uathoibrithe agus cinntítear go bhfuil ár n-oidhreacht doiciméadaithe ar taispeáint in Iarsmalann an Chontae i nDún Dealgan. Tá Oifig na nEalaíon i nDún Dealgan agus Ionad Ealaíon an Droichid i nDroichead Átha gníomhach i gcur chun cinn na nEalaíon i Lú.

Tá taifead Údarás Áitiúil Lú maidir le hoibriú leis an Earnáil Phobail agus Shaorálach i mbéal an phobail. Tá 330 grúpa cláraithe a ghlacann páirt ghníomhach san iliomad feachtas a eagraíonn na húdaráis áitiúla éagsúla. Léirítear sna marcanna arda leanúnacha a fhaigheann rannpháirtithe i Lú i gComórtas Náisiúnta na mBailte Slachtmhara cé chomh rathúil is atá an cur chuige comhpháirtíochta seo.

1.9 Treochtaí daonra maidir le forbairt Chontae Lú amach anseo

Tá staidrimh agus tuartha daonra ríthábhachtach chun na riachtanais a bhfuiltear ag súil leo a shainaithint do sholáthar bonneagair shóisialta agus fisiciúil chun freastal ar riachtanais on phobail amach anseo. Tá tuartha tábhachtach ar an gcuma sin i dtéarmaí pleanála mar is bonn iad do bheartas chun riachtanais tithíochta, fostaíochta, siopadóireachta agus riachtanais phobail agus fóillíochta.

Tá Contae Lú ar cheann de na contaethe is mó daonra agus is uirbithe taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath. Sin toisc dhá cheann de na bailte móra cúigeacha is mó sa tír, Dún Dealgan agus Droichead Átha a bheith taobh istigh dá theorainneacha. Mhéadaigh daonra Chontae Lú go rianúil le blianta beaga anuas. Taispeántar i bhfigiúirí an Daonáirimh go raibh daonra de 91,810 sa chontae sa bhliain 1986 agus 110,896 sa bhliain 2006, méadú de 20.7%. Sa tréimhse eadardaonáirimh 2002 go 2006 mhéadaigh an daonáireamh ó 101,821 go 110,894, agus b’ionann sin agus meadú de 8.9 %. Tá sé sin beagán níos mó ná an meán náisiúnta de 8.1% don tréimhse sin.

Tábla 1.2: Daonra Contae Lú 1986-2006

Daonra agus Céatadán Athraithe Bliain 1986 1991 1996 2002 2006 91,810 90,724 92,166 101,821 110,894 Daonra % + 3.7% -1.2% +1.5% +10.4% +8.9% Athraithe : POS

Ag leibhéal fochontae bhí éagsúlacht shuntasach i bhfás mar a léirítear i dtábla 1.4 thíos. Tá fás mór tagtha ar chuid de shráidbhailte an chontae cé nach raibh ach beagán fáis i limistéir eile. Bhí an fás ba shuntasaí i nDroim Ineasclainn, 30% ó rinneadh an daonáireamh deireanac. Bhí ardú sa daonáireamh i gcúlchríocha na bpríomhcheantar uirbeach go ginearálta. Tabhair faoi deara an t-ardú i ndaonáireamh i gcúlchríocha

Dréacht Phlean Forbartha Chontae Lú 2009 – 2015 14

Caibidil 1 Réamhrá

Dhroichead Átha, áit ina raibh ardú de 44.3% idir 2002 agus 2006, arbh ionann sin i dtéarmaí uimhreach agus 802 duine.

Tábla 1.3: Athruithe Daonra gan Bhuirg Dhroichead & Bhaile Dhún Dealgan san Áireamh

2002 2006 % Athraithe Lú (Ceantar Contae) 53,257 +9.3 Baile Átha Fhirdhia Ceantar 16,055 17,976 +12.0 Tuaithe Baile Átha Fhirdhia Faoin 2,500 2,626 +5.0 Tuath Baile Átha Fhirdhia 3,564 4,301 +20.7 Uirbeach Baile an Ghearlánaigh 1,338 1,371 +2.5 Cluain Caoin 438 545 +24.4 Collann 1,188 1,380 +16.2 Droim Ing 461 535 +16.1 Droim Ineasclainn 1,956 1,935 -1.1 Droim Chora 1,372 1,385 +0.9 Dún Léire 1,787 2,340 +30.9 Tigh Beannáin 526 590 +12.2 Baile an Tallúnaigh 925 968 +4.6 Ceantar Tuaithe Dhún 20,533 22,721 +10.7 Dealgan Baile Mhic Scanláin 2,088 2,016 -3.4 Baile Bharúin 621 647 +4.2 Cairlinn 1,334 1,384 +3.7 Caisleán Fhraing 847 935 +10.4 Baile an Chaisleáin (Cuid) 1,409 1,421 +0.9 An Creagán Uachtarach 641 684 +6.7 Dairbhre 518 562 +8.5 Droim Mullaigh 903 1,120 +24.0 Dún Dealgan Tuath (Cuid) 509 535 +5.1 Fochaird 843 905 +7.4 Grianfort 898 979 +9.0 Baile Hagaird (Cuid) 4,778 5,769 +20.7 Baile Sheinicín 831 948 +14.1 Cill Eanaigh 593 683 +15.2 Lú 1,196 1,308 +9.4 Baile Mhic Mhairtín 454 640 +41.0 An Ráth Corr 1,163 1,203 +3.4 Gleann na bhFiach 907 982 +8.3 Ceantar Tuaithe Lú 9,515 12,560 +32.0 Clochar 1,814 2,494 +37.5 An Díseart 649 777 +19.7 Mainistir Bhuithe 1,130 1,164 +3.0 Mol Áirí 1,248 1,528 +22.4 N. Peadar (Cuid) 2,641 4,022 +52.3 Tearmann Feichín 2,033 2,575 +26.7 Foinse: POS

Dréacht Phlean Forbartha Chontae Lú 2009 – 2015 15

Caibidil 1 Réamhrá

Léarscáil 1.1: Céatadán Athrú Daonra 2002 – 2006

Foinse: POF

1.9.1 Próifíl Aoise

Léirítear go grafach i bhFíor 1 thíos próifíl aoise mhuintir an chontae. Bhí comhréir chleithiúnaithe (0 -14 agus 65 +) sa daonra i dtaifead CSO do Chontae Lú i ndaonáireamh 2006 32.4%, beagán níos mó ná ceann an Stáit (31.3%) sa tréimhse chéanna. Tugtar faoi deara go bhfuil an líon sa chóthort níos isle 0-14 bliana ó go luath

Dréacht Phlean Forbartha Chontae Lú 2009 – 2015 16

Caibidil 1 Réamhrá

sna 1990í ag méadú. Beidh éifeacht aigesin ar leibhéal sholáthar cúram leanaí, ar oideachas agus saoráidí eile atá riachtanach don óige.

Sainmhínitear an grúpa atá ag obair mar na daoine a bhfuil taifead orthu sna cóhoirt 15- 64. Léirítear sa tábla thíos an líon mór den daonra atá sna cohóirt aois oibre. Do Chontae Lú taifeadadh é seo mar 67% don bhliain 2006 agus bhí an figiúr don Stát i bhfad níos ísle ag 58.7%. Tugtar le fios mar gheall ar an gcomhréir mhór den daonra sna cohóirt go bhfuil fórsa mór oibre ar fáil sa chontae.Tá impleachtaí aigesin chomh maith do sholáthar tithíochta, seirbhísí, saoráidí don phobal agus do sholáthar fostaíochta.

Fíor 1.1: Dáileadh Daonra i gCo. Lú, de réir aoise agus inscne, 2006

80-84

70-74

60-64

50-54 Líon Baineann 40-44 Líon Fireann Aoisghrupa 30-34

20-24

10-14

00-04

5000 3000 1000 1000 3000 5000 Lion Daoine

Foinse: POS

1.9.2 Fás Daonra

I mí Feabhra na bliana 2007, rinne an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil (DoEHLG) athbhreithniú ar spriocfhigiúirí daonra sa Straitéis Spáis Náisiúnta. Chuir na figiúirí athbhreithnithe a bhí sa chiorclán “Réamh-mheastacháin Náisiúnta agus Réigiúnacha don Daonra 2006 – 2020” in iúl go raibh fás daonra go maith chun tosaigh

Dréacht Phlean Forbartha Chontae Lú 2009 – 2015 17

Caibidil 1 Réamhrá sa bhliain 2004 ar a raibh tuartha le linn ullmhuchán na Straitéise Spáis Náisiúnta agus ina dhiaidh sin, na Treoirlínte Pleanála Réigiúnacha i 2004 .

Sa bhliain 2007 rinne an tÚdarás um Réigiún na Teorann athbhreithniú uime sin ar a chuid tuartha daonra, ag féachaint do fhigiúirí athbhreithnithe an RoCORA agus mheas siad go mbeidh daonra Réigiún na Teorann thart ar 590,359 faoin mbliain 2020.

Rinne an tÚdarás na figiúirí a choigeartú, contae ar chontae, agus leagtar amach na figiúirí cuí do Chontae Lú i dtábla 1.4 agus 1.5 thíos. Léirítear sna figiúirí sin an cumas fáis sa chontae leis agus gan chur chun feidhme spriocfhigiúirí NSS.

Tábla 1.4: Fás Contae agus Lonnaíochta Ag Cur Figiúirí an Fháis Réigiúnaigh Chun Feidhme agus ag Eisiamh Spriocanna Daonra NSS

Bliain 2006 2011 2016 2020

Contae Lú 111,267 122,293 133,092 140,531

Lárionad Príomhfhorbartha Dhroichead Átha agus 30,303 33,306 36,246 38,272 A Phurláin (Lú amháin)

S Foinse: Daonáireamh an POS 2006, Imleabhar 1

Tábla 1.5: Figiúirí Fáis Tuartha do Dhún Dealgan agus Droichead Átha ag cur Figiúirí an Fháis Réigiúnaigh chun feidhme agus ag cur Spriocanna Lonnaíochta NSS san áireamh

Bliain 2006 2011 2016 2020

Geata agus Purláin Dhún 35,085 52,035 57,759 63,354 Dealgan

Lárionad Príomhfhorbartha 30,303 52,053 57,759 60,000 Dhroichead Átha agus A Phurláin (Lú amháin) Foinse: An tÚdarás um Réigiún 2007

Cé go bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil na figiúirí atá léirithe i dtábla 1.4 thuas réasúnta agus go léirítear treochta reatha iontu, táthar den tuairim go bhfuil an-áibhéil déanta ar na figiúirí coigeartaithe a bhaineann leis na spriocanna NSS atá i dTábla 1.5, agus go bhfuil an chosúlacht ann nach mbainfear amach iad.

Nollaig na bliana 2008, d’eisigh an Phríomhoifig Staidrimh tuar daonra réigiúnaigh athbhreithnithe don tréimhse 2011 go 2026. Tugtar le fios sna figiúirí athbhreithnithe go mbeidh daonra an réigiúin mar a leagtar amach é i dtábla 1.6 thíos:

Dréacht Phlean Forbartha Chontae Lú 2009 – 2015 18

Caibidil 1 Réamhrá

Tábla 1.6: Daonra Tuartha do Réigiún na Teorann 2011 go 2026

2011 2016 2021 2026 515,000 550,000 576,000 592,000 Foinse: POS Nollaig 2008

Níl na figiúirí thuas briste síos ar bhonn contae. Déanfar é sin in athbhreithniú na dTreoirlínte Pleanála Réigiúnacha atá ar siúl faoi láthair. Do chuspóirí an Phlean Forbartha Contae seo, áfach, tá gá le cén chomhréir den fhás daonra atá tuartha don réigiún a chomhlíonfar i gContae Lú a mheas.

Bhí daonra Réigiún na Teorannand Contae Lú i 2006 ag 468, 475 agus 111, 267 faoi seach. Bhí cónaí ar 23.8% den daonra iomlán sna sé contae teorann i 2006 i gContae Lú. Tríd an gcéadatán céanna a chur i bhfeidhm ar thuartha an POS, cuirfear daonra Lú ag na rátaí mar a leagtar amach iad i dtábla 1.7.

Tábla 1.7: Daonra Tuartha do Chontae Lú 2011 go 2026

2011 2016 2021 2026 122,570 130,900 137,088 140,896 Foinse: POS Nollaig 2008

Cé go gceaptar go bhfuil na tuartha thuas réadúil, glactar leis go bhféadfadh sé go n- imreodh na cúinsí eacnamaíocha athraithe éifeacht diúltach orthu agus go mbeadh an daonra, dá bharr sin, níos lú ná mar a bhí tuartha. Ar an láimh eile, d’fhéadfadh sé go n- imreodh cur i bhfeidhm leanúnach na Straitéise Spáise Náisiúnta chomh maith leis an acmhainneacht atá ag Dún Dealgan agus Droichead Átha araon d’fhás leanúnach suntasach, éifeacht dhearfach, a mbeadh tabhairt chun críche na dtuartha thuas mar thoradh air, go háirithe sa chás go sarófaí an tuar de 60,000 do Dhún Dealgan agus Droichead Átha sna Treoirlínte. Cé gur beartas na Comhairle é i gcónaí tacú le fás Dhún Dealgan agus Dhroichead Átha de réir spriocanna an SSN agus na RPGs, glactar leis gur dócha nach sroichfear an figiúr 60,000 faoin mbliain 2020.

Dréacht Phlean Forbartha Chontae Lú 2009 – 2015 19

Caibidil 1 Réamhrá

Dréacht Phlean Forbartha Chontae Lú 2009 – 2015 20