Caibidil 1 Réamhrá 1.1 Réamhrá

Caibidil 1 Réamhrá 1.1 Réamhrá

Caibidil 1 Réamhrá 1.1 Réamhrá Leagtar amach straitéis iomlán do phleanáil cheart agus d’fhorbairt inbhuanaithe Chontae Lú thar thréimhse an phlean i bPlean Forbartha Chontae Lú 2009-2015 . Féachtar le cothromaíocht a bhaint amach idir an leas coiteann agus leas an duine aonair i spásphleanáil tríd an bplean forbartha. Go nuige seo bhí rannpháirtíocht agus comhpháirtíocht thar barr ar siúl ar bhonn áitiúil idir Comhairle Contae Lú, gníomhaireachtaí poiblí, soláthraithe seirbhíse, an earnáil phríobháideach agus an pobal i gcoitinne. Sa Phlean seo déantar tógáil bhreise ar athbhreithniú Phlean Forbartha Chontae Lú 2003 – 2009 , agus cuirtear san áireamh buntreochtaí forbartha a tharla le déanaí, forbairtí i mbeartais ar bhonn áitiúil, náisiúnta agus réigiúnach agus ceanglais dhlíthiúla an AE, lena n-áirítear Measúnacht Straitéise Timpeallachta a chur i bhfeidhm ar phleananna agus ar chláir ar leith. Sa phlean sin, tugtar aghaidh ar réimsí freagrachta sonracha an údaráis phleanála, mar atá bóithre agus seirbhísí sláintíochta, tithíocht, straitéis lonnaíochta, caomhnú, oidhreacht agus bonneagar pobail agus sóisialta, ach ag an am céanna leagtar amach fís níos fadtéarmaí don bhealach ina bhféadfar an Contae a fhorbairt agus an timpeallacht a chaomhnú agus a fheabhsú, trí phrionsabail na forbartha inbhuanaithe a úsáid. Tá forbairt inbhuanaithe ag croílár an phróisis phleanála anois mar thoradh ar mhéadú ar imní maidir leis an timpeallacht ar a bhfuil beartais náisiúnta agus idirnáisiúnta dírithe le blianta beaga anuas. Tá forbairt inbhuanaithe sainmhínithe ag Brundtland mar fhorbairt a fhreastalaíonn ar riachtanais an lae inniu gan cur isteach ar ábaltacht na nglún atá le teacht chun freastal ar a riachtanais féin. Tá sonraí breise faoi thiomantas Chomhairle Contae Lú d’fhorbairt inbhuanaithe ar fud an phlean. 1.1.1 Raon Feidhme an Phlean Clúdaíonn raon an Phlean Forbartha ceantar riaracháin Chontae Lú, ach amháin teorainneacha bardasacha Chomhairle Baile Dhún Dealgan chomh maith le purláin Dhún Dealgan atá mar ábhar i bPlean Forbartha Dhún Dealgan agus a Phurláin 2009- 2015 . Tá teorainneacha bardasacha Chomhairle Baile Dhroichead Átha as an áireamh chomh maith. Ní leagtar amach beartais mhionsonracha do bhailte agus do shráidbhailte aonaracha sa chontae ach amháin i gcás na nAonad Forbartha Catagóir ll(a) agus ll(b). Bainfear amach mionsonraí na mbeartas do bhailte agus sráidbhailte aonaracha ar fud an chontae trí athbhreithniú na bpleananna ceantar áitiúil a thosóidh le linn tréimhse oibriúcháin an Phlean. 1.1.2 Teideal an Phlean Beidh Plean Forbartha Chontae Lú 2009-2015 mar theideal ar an bPlean Forbartha seo. Dréacht Phlean Forbartha Chontae Lú 2009 - 2015 1 Caibidil 1 Réamhrá 1.1.3 Stádas Dlíthiúil Tá an plean seo ullmhaithe de réir cheanglais na nAchtanna um Pleanáil agus Forbairt 2000-2006 . Nuair a ghlacfar leis cuirfear in ionad Phlean Forbartha Chontae Lú 2003- 2009 é atá ann faoi láthair. De réir Mír 9(1) an Achta um Pleanáil agus Forbairt 2000 tá ceanglas ar gach Údarás Pleanála athbhreithniu a dhéanamh ar an bplean forbartha atá acu agus plean forbartha a dhéanamh gach 6ú bliain. Is é an creat dlíthiúil d’ullmhúchán Phlean Forbartha an tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2000-2006. De bhun na reachtaíochta sin, ní mór straitéis iomlán do phleanáil cheart agus forbhairt inbhuanaithe an Chontae a bheith leagtha amach sa phlean. Caithfidh sé bheith comhsheasmhach chomh maith le cibé pleananna, beartais nó straitéisí náisiúnta atá bainteach le pleanáil cheart agus forbairt inbhuanaithe. Caithfear roinnt cuspóirí sainordaitheacha a chur san áireamh sa Phlean chomh maith do na nithe seo: • Criosú talún (taobh istigh de cheantair uirbeacha amháin) • Soláthar bonneagair • Caomhnú agus cosaint an chomhshaoil • Comhtháthú riachtanais shóisialta, phobail agus chultúir leis an bpleanáil • Forbairt inbhuanaithe an cheantair • Caomhnú carachtair an tírdhreacha • Limistéir Chaomhnaithe Ailtireachta • Cosaint struchtúr agus caomhnú Limistéir Chaomhnaithe Ailtireachta • Athnuachan agus forbairt ceantar a bhfuil athghiniúint de dhíth orthu • Soláthar cóiríochta don lucht siúil • Caomhnú, feabhsú agus leathnú taitneamhachtaí agus áiseanna chaitheamh aimsire • Treoir um Mórthimpistí (suímh de chuid Seveso) • Soláthar saoráidí don phobal Is é an tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2000 an Príomh-Acht a bhaineann le reachtaíocht um Pleanáil agus Forbairt sa tír. San Acht sin rinneadh comhdhlúthú ar an reachtaíocht phleanála go léir a bhí ann roimhe sin, agus rinneadh soiléiriú agus simpliú ar an gcreat reachtaíochta ionas go raibh sé ina aon phíosa amháin de reachtaíocht féinchuimsitheach. Tá an tAcht 2000 fós mar bhonn don chód pleanála in Éirinn. Leagtar amach ann sonraí na dtreoracha pleanála réigiúnaí, pleananna forbartha agus pleananna ceantar áitiúil chomh maith le creat bunúsach an chórais bhainistíocht forbartha agus ceada. Bhí roinnt athruithe sa reachtaíocht ón bhliain 2000 agus leagtar amach thíos na cinn is suntasaí díobh; • An tAcht um Pleanáil agus Forbairt (Leasú) 2002 inar athraíodh Cuid V den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 agus ullmhúchán pleananna ceantar áitiúil. • An tAcht Tithíochta (Forálacha Ilghnéitheacha) 2004 , ina ndearnadh athruithe móra do Chuid V den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 . • An tAcht um Pleanáil agus Forbairt (Bonneagar Straitéiseach) 2006 , inar foráladh go, i measc nithe eile, mbunófar nós imeachta ceada chun éifeachta do chineáil ar leith de bhonneagar mór agus do chruthú shainrannán taobh istigh den Bhord Pleanála chun cinntí a dhéanamh maidir le tograí mar sin. Dréacht Phlean Forbartha Chontae Lú 2009 – 2015 2 Caibidil 1 Réamhrá 1.2 Athbhreithniú Phlean Forbartha Chontae Lú 2003-2009 Bhí fás eacnamaíochta agus forbartha gan sárú ar fud Chontae Lú, díreach mar a bhí ar fud na tíre, sna blianta 2003-2009. Sa Phlean Forbartha Chontae 2003-2009 cuireadh creat oibre ar bun d’fhorbairt fhisiciúil, shóisialta agus eacnamaíoch Chontae Lú agus do chaomhnú, cosaint agus feabhsú oidhreacht agus taitneamhachta an Chontae. Mar gheall air sin, i dtéarmaí úsáid talún, bhí coinneáil mhéadú daonra, mar fhreagra straitéiseach, indéanta thar thréimhse an phlean. Bhí straitéis lonnaíochta sa Phlean inar aithníodh an brú mór maidir le forbairt a bhain le Lú mar gheall ar cé chomh gar is atá sé do mhorcheantar Bhaile Átha Cliath, agus chomh maith leis sin mar gheall ar a shuíomh straitéiseach ag lárphointe Chonair Bhaile Átha Cliath go Béal Feirste. Bhí ról tábhachtach ag an bPlean Forbartha Contae 2003-2009 chomh maith i mbunadh an chomhthéacs d’ullmhúchán roinnt ionstraimí a bhain le hábhar agus ar ghlac an Chomhairle leo ina dhiaidh sin. Áiríodh orthu siúd an Straitéis Tithíochta agus an Straitéis Mhiondíola . 1.3 An Fhís do Chontae Lú Is é Contae Lú an contae is lú in Éirinn ach mar sin féin tá sé ar cheann de na cinn is mó daonra agus is urbaí lasmuigh de Bhaile Átha Cliath. Séard is cúis leis sin ná dhá cheann de na bailte móra cúigeacha is mó sa tír a bheith taobh istigh dá theorainneacha. De réir Daonáireamh 2006 bhí daonra de 110,894 sa chontae. Is ionann seo agus méadú de 8.9% ar an tréimhse sé bliana roimhe sin. Mar gheall ar a shuíomh straitéiseach ar Chonair eacnamaíoch Bhaile Átha Cliath/Béal Feirste, rochtain ar phoirt an chósta thoir agus aerfoirt idirnáisiúnta, agus an bonneagar bóithre agus iarnróid atá ag feabhsú go mór, tá suíomh maith ag an gcontae maidir le méadú leanúnach ar fhás an daonra agus na heacnamaíochta amach anseo. Is é cur chun cinn agus rialúchán fhorbairt an chontae amach anseo, ar bhealach a fheabhsóidh caighdeáin mhaireachtála agus a mbeidh forbairt shóisialta agus chutúir mar thoradh air dá n-áitreabhaigh, gan baol d’ábaltacht mhuintir Lú sa todhchaí déanamh amhlaidh, an dúshlán atá roimh Chomhairle Chontae Lú i gcomhpháirtíocht le Comhairle Baile Dhún Dealgan agus Comhairle Toghlach Dhroichead Átha. Is í an fhís do Chontae Lú amach anseo ná áit: • Inar mian le daoine cónaí, oibriú, cuairt a thabhairt air agus infheistiú a dhéanamh ann amach anseo • Ina bhfuil pleanáil mhaith, bainistíocht mhaith, sábháilteacht agus cuimsitheacht • Ina bhfuil comhionannas deise do chách Is féidir an fhís do Chontae Lú, mar atá sí cumhdaithe sa phlean forbartha seo, a bhaint amach. Iarrtar ann contae atá rathúil agus rafar a sholáthar tríd an bpróiseas pleanála gan aon duine nó grúpa sóisialta a fhágáil gan tairbhí na forbartha. Cumhdaítear ann chomh maith inbhuanaitheacht chomhshaoil, eacnamaíochta agus shóisialta, mar phrionsabail, lena n-áirítear cosaint acmhainní, oidhreachta agus timpeallachta an chontae idir nadúrtha agus tógtha. Dréacht Phlean Forbartha Chontae Lú 2009 – 2015 3 Caibidil 1 Réamhrá 1.4 Cuspóirí Straitéiseacha Féachfar leis an bhfís sin a chur i gcrích trí iarracht a dhéanamh cuspóirí straitéiseacha iomlána an phlean seo a bhaint amach: 1. Treoraigh forbairt nua de réir na straitéise lonnaíochta, a mbeidh forbairt inbhuanaithe an chontae don tréimhse 2009-2015 agus ar aghaidh mar thoradh uirthi. Beidh gá le forbairt a bheith inrochtana, tiosach ar fhuinneamh agus le bonneagar agus seirbhísí d’ardchaighdeán san áireamh. 2. Éascaigh forfheidhmiú Straitéis Fhorbairt Eacnamaíoch Indecon do Chontae Lú 2009- 2015. Iarrfar anseo, chomh fada agus is féidir, deiseanna fostaíochta a chur ar fáil in áiteanna atá gar do formhór mhuintir an Chontae. 3. Éascaigh agus cuir chun cinn forbairt eacnamaíoch an chontae bunaithe ar shaothrú an suímh fábhraigh atá aige ar lárphointe Chonair Bhaile Átha Cliath-Béal Feirste agus an nasc a sholáthraionn sin do mhargaí agus seirbhísí lasmuigh.

View Full Text

Details

  • File Type
    pdf
  • Upload Time
    -
  • Content Languages
    English
  • Upload User
    Anonymous/Not logged-in
  • File Pages
    20 Page
  • File Size
    -

Download

Channel Download Status
Express Download Enable

Copyright

We respect the copyrights and intellectual property rights of all users. All uploaded documents are either original works of the uploader or authorized works of the rightful owners.

  • Not to be reproduced or distributed without explicit permission.
  • Not used for commercial purposes outside of approved use cases.
  • Not used to infringe on the rights of the original creators.
  • If you believe any content infringes your copyright, please contact us immediately.

Support

For help with questions, suggestions, or problems, please contact us