<<

Parlaimint na hEorpa 2019-2024

An Coiste um Ghnóthaí Eachtracha An Coiste um Fhorbairt An Fochoiste um Chearta an Duine

23.9.2020

FÓGRA DO NA FEISIRÍ

Ábhar: DUAIS SAKHAROV UM SHAOIRSE SMAOINTEOIREACHTA 2020

Gheobhaidh na Feisirí i gceangal leis seo, liosta de na hiarrthóirí (in ord aibítre) arna n-ainmniú ag 40 Feisire ar a laghad de Pharlaimint na hEorpa, nó ag páirtí polaitiúil, do Dhuais Sakharov um Shaoirse Smaointeoireachta 2020 de bhun reacht Dhuais Sakharov, chomh maith leis na húdair agus na beathaisnéisí a fuair an tAonad Gníomhaíochta um Chearta an Duine.

AN ARD-STIÚRTHÓIREACHT UM BEARTAIS SHEACHTRACHA

CM\1213925GA.docx PE658.278v02-00

GA Aontaithe san éagsúlacht GA DUAIS SAKHAROV UM SHAOIRSE SMAOINTEOIREACHTA 2020 Iarrthóirí arna n-ainmniú, in ord aibítre, ag grúpaí polaitiúla agus ag Feisirí aonair

Iarrthóir Gníomhaíocht Arna ainmniú ag Is iad na gníomhaithe LADTI as an bPolainn, Jakub Gawron, Paulina Pajak agus Paweł Preneta, a chruthaigh ‘Atlas an Fhuatha’, arb éard atá ann ná tionscadal inar mapáladh an lear mór bardas áitiúil sa Pholainn a bhí tar éis ‘rúin frith-LADTI’ a ghlacadh nó a dhiúltú, nó a raibh rún den sórt sin fós ar feitheamh iontu. Bhí ról tábhachtach ag Kamil Maczuga ó thaobh faireachán a dhéanamh ar na 4 ghníomhaí LADTI – díospóireachtaí ar an tsaincheist sin sna Malin Björk, Terry Jakub Gawron, Paulina rialtais áitiúla agus ó thaobh faisnéis a Reintke, Marc 1 Pajak, Paweł Preneta Angel, Rasmus thabhairt do ghníomhaithe, do na meáin agus agus Kamil Maczuga, Andresen agus 39 an Pholainn do pholaiteoirí laistigh agus lasmuigh den bhFeisire eile Pholainn. In earrach 2020, rinne cúig cinn de na bardais áitiúla a raibh na dearbhuithe sin glactha acu an dlí a agairt ar Jakub Gawron, Paulina Pajak agus Paweł Preneta. D’éiligh siad go ngabhfadh na gníomhaithe leithscéal poiblí, sa Pholainn agus i bParlaimint na hEorpa, agus go ndéanfaidís cúiteamh eacnamaíoch le ‘heagraíochtaí atá báúil don teaghlach’ sna cúig réigiún.

PE658.278v02-00 2/21 CM\1213925GA.docx GA An freasúra Tá an freasúra daonlathach sa Bhealarúis ina daonlathach sa cheann feadhna ar shlógadh gan fasach i Bhealarúis, arna sochaí na Bealarúise mar a bhfuil oll-agóidí ionadú ag an síochánta ar siúl ar mhaithe leis an daonlathas, gComhairle agus a bhfuiltear fós ina mbun mórán Comhordúcháin, seachtainí i ndiaidh thoghcháin rigeáilte na tionscnamh ó na mná huachtaránachta. Rinne an freasúra cróga Sviatlana Comhairle Comhordúcháin a chruthú chun Tsikhanouskaya, Páirtí an Phobail aistriú síochánta na cumhachta a éascú. Tá , Eorpaigh, Aontas mná cróga, amhail Tsikhanouskaya, Maryia Kalesnikava, Forchéimnitheach 2 Alexievich, Kalesnikava, Kavalkova agus Volha Kavalkova agus na Sóisialaithe agus Tsapkala, comhaltaí den Chomhairle Veranika Tsapkala na nDaonlathaithe, Comhordúcháin, tagtha chun bheith ina agus ó phearsana den Renew Europe siombail den fhreasúra agus tugann siad tsochaí pholaitiúil agus dóchas do mhuintir na Bealarúise. Tá shibhialta Sergei tacaíocht acu ó easaontóirí, ó ghníomhaithe Tikhanovsky, Ales polaitiúla, ó chosantóirí chearta an duine, ó Bialiatski, Siarhei pholaiteoirí den fhreasúra agus ó cheannairí Dyleuski, Stsiapan eagraíochtaí óige, lena n-áirítear Putsila agus Mikola Tikhanovsky, Bialiatski, Dyleuski, Pistula Statkevich, an agus Statkevich. Bhealarúis Tá na mílte Bealarúiseach i mbun agóide ar fud na tíre faoi na toghcháin chama a bhí ann an 9 Lúnasa 2020. Is léiriú é an tacaíocht phoiblí atá ann den dlúthpháirtíocht as cuimse atá le feiceáil i sochaí na Bealarúise, rud atá ina athnuachan ar fhéiniúlacht náisiúnta na Bealarúise ar dóichí di stair na tíre a athrú. Ba An freasúra í , ceannaire na daonlathach sa Comhairle Comhordúcháin, an Coimeádaigh agus Bhealarúis, arna príomhiarrthóir a sheas in aghaidh 3 Leasaitheoirí na ionadú ag Sviatlana Lukashenko i rith na dtoghchán agus meastar hEorpa Tsikhanouskaya, an gurb í is fearr le bheith mar ionadaí ar an Bhealarúis bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis. Trí Dhuais Sakharov a bhronnadh ar an bhfreasúra daonlathach a bhfuil sise ina hionadaí air, thabharfaí onóir do chrógacht agus diongbháilteacht shochaí na Bealarúise agus is teachtaireacht tacaíochta agus dlúthpháirtíochta le pobal na Bealarúise a bheadh ann.

CM\1213925GA.docx 3/21 PE658.278v02-00 GA Is comhaltaí den Choiste Pobail um Chosaint Earraí Comónta agus Poiblí Tocoa iad cosantóirí comhshaoil Guapinol. Tá siad faoi choinneáil réamhthrialach le bliain mar gheall ar gur ghlac siad páirt i gcampa agóide síochánta in aghaidh cuideachta mianadóireachta a raibh gníomhaíochtaí na Na Glasaigh/an cuideachta sin tar éis dhá abhainn, Guapinol tSaor- agus San Pedro, a thruailliú. I lár phaindéim Gníomhaithe Guapinol Chomhghuaillíocht COVID-19, is léir go bhfuil a sláinte i mbaol 4 agus Berta Cáceres, Eorpach, an Chlé agus iad coinnithe i bpríosúin phlódaithe. Is Hondúras Aontaithe comhbhunaitheoir de COPINH (Comhairle Eorpach/an Chlé Phobal Dúchasach Hondúras) i Berta Cáceres Ghlas Nordach agus b’éiceolaí calma agus gníomhaí cearta talún mór le rá í de bhunadh phobal dúchasach Lenka. Le breis agus fiche bliain, bhí sí ag troid in aghaidh grabáil talún, lománaíocht mhídhleathach agus olltionscadail ar nós stáisiún hidreachumhachta Agua Zarca. Feallmharaíodh ina teach féin í in 2016. Chabhraigh an Moinsíneoir Najeeb Moussa Michaeel le Críostaithe, Siricigh agus Caildéigh teitheadh as Mosul go dtí an Chordastáin Iaráiceach nuair a ghabh an Stát Ioslamach an chathair ar lámh an 6 Lúnasa 2014. Chomh maith leis sin, thug sé cúnamh agus fóirithint do theifigh Chríostaí i Machaire Ninivé agus don phobal Iasaídeach, a bhfuil sé ina shaineolaí cáiliúil air. Taobh amuigh de An Moinsíneoir Najeeb chúnamh a thabhairt do mhionlaigh a raibh Moussa Michaeel, Féiniúlacht agus 5 géarleanúint á déanamh orthu, rinne sé lear Ardeaspag Mosul, an Daonlathas mór doiciméad a shábháil agus a dhigitiú, ar Iaráic doiciméid iad sin a bhí scríofa in Aramais, in Siricis, in Araibis agus in Airméinis agus ar foinse fíorluachmhar eolais iad faoi chultúir agus reiligiúin an Mheánoirthir. Tá an Moinsíneoir Najeeb ag saothrú chun an oidhreacht chultúrtha seo a chaomhnú agus ag an am céanna tá sé ag maireachtáil faoi na diandhálaí maireachtála atá ag na teifigh agus é ag cuidiú leo a mhéid is féidir leis.

PE658.278v02-00 4/21 CM\1213925GA.docx GA Beathaisnéisí

4 ghníomhaí LADTI – Jakub Gawron, Paulina Pajak, Paweł Preneta agus Kamil Maczuga, an Pholainn

Tíolactha ag Malin Björk, Terry Reintke, Marc Angel, Rasmus Andresen agus 39 bhFeisire eile

Kamil, Jakub, Paulina agus Pawel.

I bhfómhar 2019, chruthaigh na gníomhaithe LADTI as an bPolainn, Jakub Gawron, Paulina Pajak agus Paweł Preneta, ‘Atlas an Fhuatha’(https://atlasnienawisci.pl), arb éard atá ann ná tionscadal inar mapáladh an lear mór bardas áitiúil sa Pholainn a bhí tar éis ‘rúin frith-LADTI’ a ghlacadh nó a dhiúltú, nó a raibh rún den sórt sin fós ar feitheamh iontu. Tá bunachar sonraí ar líne, le naisc chuig doiciméid oifigiúla agus staidéir staidrimh, ar fáil ar an suíomh gréasáin sin freisin. Bhí ról tábhachtach ag an gceathrú gníomhaí, Kamil Maczuga, ó thaobh faireachán a dhéanamh ar na díospóireachtaí ar an tsaincheist sin sna rialtais áitiúla agus ó thaobh faisnéis a thabhairt do ghníomhaithe, do na meáin agus do pholaiteoirí laistigh

CM\1213925GA.docx 5/21 PE658.278v02-00 GA agus lasmuigh den Pholainn faoi scaipeadh na ‘ndearbhuithe frith-LADTI’.

Cuireadh tús leis an Atlas mar fhreagra ar an méadú a bhí ag teacht ar an líon bardas nó údarás áitiúil sa Pholainn a bhí tar éis ‘dearbhuithe frith-LADTI’ a ghlacadh. Inniu, tá os cionn 100 bardas nó údarás áitiúil sa Pholainn atá tar éis a dhearbhú gur ‘crios saor ó LADTI’ iad nó atá tar éis doiciméad ar a dtugtar ‘Cairt Réigiúnach um Luachanna an Teaghlaigh’ a ghlacadh.

I nDeireadh Fómhair 2019, sular ritheadh rún i bParlaimint na hEorpa ag cáineadh na ‘gcriosanna saor ó LADTI’, mar a thugtar orthu, sa Pholainn, tugadh cuireadh do na gníomhaithe sin teacht chuig Parlaimint na hEorpa in Strasbourg áit a raibh preasagallamh acu faoin staid thromchúiseach agus atá ag dul in olcas a bhaineann le daoine LADTI sa Pholainn.

In earrach 2020, rinne cúig cinn de na bardais áitiúla a raibh na dearbhuithe sin glactha acu an dlí a agairt ar Jakub Gawron, Paulina Pajak agus Paweł Preneta. Is é atá á mhaíomh ag na riaracháin áitiúla, atá á n-ionadú ag an eagraíocht coimeádach Ordu Iouris (arb í sin údar na ‘gCairteanna Réigiúnacha um Luachanna an Teaghlaigh’), ná go bhfuil na gníomhaithe ag milleadh a gclú mar gheall ar Atlas an Fhuatha atá foilsithe acu. Tá siad ag éileamh anois go ngabhfaidh na gníomhaithe leithscéal poiblí, sa Pholainn agus i bParlaimint na hEorpa, agus go ndéanfaidh siad cúiteamh eacnamaíoch le ‘heagraíochtaí atá báúil don teaghlach’ sna cúig réigiún.

Trí Jakub Gawron, Paulina Pajak, Paweł Preneta agus Kamil Maczuga a ainmniú do Dhuais Sakharov, tá tacaíocht agus aitheantas á léiriú don obair chruthaitheach, chalma agus dheacair atá déanta acu chun cearta an duine atá dlite do dhaoine LADTI a chosaint, ní hamháin sa Pholainn ach i ngach áit eile a bhfuil a gcearta faoi ionsaí.

PE658.278v02-00 6/21 CM\1213925GA.docx GA An freasúra daonlathach sa Bhealarúis, arna ionadú ag an gComhairle Comhordúcháin, tionscnamh ó na mná cróga Sviatlana Tsikhanouskaya, Svetlana Alexievich, Maryia Kalesnikava, Volha Kavalkova agus Veranika Tsapkala agus ó phearsana den tsochaí pholaitiúil agus shibhialta , , Siarhei Dyleuski, Stsiapan Putsila agus , an Bhealarúis

Tíolactha ag Páirtí an Phobail Eorpaigh, Aontas Forchéimnitheach na Sóisialaithe agus na nDaonlathaithe, Renew Europe

Fianaise tacaíochta tíolactha ag PPE:

Tá réabhlóid shíochánta ar siúl sa Bhealarúis, atá i neaschomharsanacht don Aontas Eorpach. Tar éis na deichbhlianta de chiúnas, tá náisiún cathartha nua tar éis teacht ar an bhfód sa Bhealarúis agus tá an náisiún sin ag éileamh go dtarlóidh athrú daonlathach sa tír. Mar a deir Sviatlana Tsikhanouskaya san aitheasc a thug sí os comhair Choiste AFET i bParlaimint na hEorpa – is réabhlóid dhaonlathach é, is é dícheall náisiúin é cinneadh a dhéanamh dó féin, a chuid ceannairí a thoghadh faoi shaoirse agus ar bhealach cóir agus cúram a ghlacadh faoina bhfuil i ndán dó mar náisiún.

Tá fianaise shoiléir ann gurb í Sviatlana Tsikhanouskaya a bhuaigh na toghcháin an 9 Lúnasa trí rud éigin idir 60 agus 80 faoin gcéad de na vótaí a fháil, ach rinne réimeas Lukashenko torthaí an toghcháin sin a fhalsú. Chuaigh muintir na Bealarúise ina sluaite ar na sráideanna chun bua seo na réabhlóide daonlathaí a chosaint.

In ainneoin foréigean, imeaglú agus ciapadh ó réimeas Lukashenko in aghaidh na léirsitheoirí síochánta, léirigh Pobal na Bealarúise nach raibh aon fhaitíos orthu roimh an réimeas sin. Nuair a smaoinímid ar an seasamh calma a thóg Sviatlana Tsikhanouskaya i bhfabhar an daonlathais, agus an cumas a bhí inti an freasúra ar fad a aontú in aghaidh réimeas Lukashenko roimh agus i ndiaidh na dtoghchán, is inspioráid é do phobal an Bealarúise seasamh go láidir ina dtroid ar son an daonlathais. Tá Sviatlana Tsikhanouskaya agus pobal cróga na Bealarúise tagtha chun bheith ina n-inspioráid do go leor daoine ar fud an domhain atá ag cosaint chearta an duine agus ag cosaint an daonlathais.

CM\1213925GA.docx 7/21 PE658.278v02-00 GA Tá Sviatlana Tsikhanouskaya tagtha chun bheith ina siombail den réabhlóid shíochánta seo sa Bhealarúis agus tá sí tagtha chun bheith ina ceannaire náisiúnta ar an mBealarúis. Tá ról uathúil aici a éilíonn misneach agus rúndaingne gan fasach. Cé nach raibh aon taithí pholaitiúil aici roimhe sin, tháinig sí chun cinn mar iarrthóir neamhspleách don uachtaránacht in ionad a céile, an blagálaí agus easaontóir Sergei Tikhanovsky, a gabhadh ar chúisimh bhréige agus atá fós i bpríosún ag Lukashenko. Ní fhacthas a leithéid d’aontacht roimhe seo agus a bhí le feiceáil le linn a feachtas toghchánaíochta, nuair a tháinig gach mórpháirtí agus mórghníomhaí den fhreasúra le chéile chun tacú le Sviatlana Tsikhanouskaya. Tá triúr ban ann atá ina léiriú cumhachtach ar aontacht an náisiúin agus is iad sin: Sviatlana Tsikhanouskaya, Maria Kolesnikava agus Veranika Tsapkala. Bhuaigh Sviatlana Tsikhanouskaya an toghchán, ach dhá lá i ndiaidh an toghcháin chuir réimeas Lukashenko faoi deara di teitheadh as an mBealarúis. Tá sí anois ar deoraíocht as an tír in éineacht lena leanaí sa Liotuáin agus tá a fear céile fós ina ghiall ag Lukashenko, ach fós tá a guth le cloisteáil mar urlabhraí do náisiún cathartha na Bealarúise atá ag éileamh athrú daonlathach sa tír.

Bhunaigh Sviatlana Tsikhanouskaya an Chomhairle Comhordúcháin, atá ina ionadaí ar náisiún cathartha na Bealarúise, an 18 Lúnasa, naoi lá i ndiaidh na vótála, agus é mar sprioc ag an gComhairle sin réiteach síochánta a fháil ar an ngéarchéim. Ach in ionad tabhairt faoi idirphlé chuiditheach leis an gComhairle Comhordúcháin, is amhlaidh gur imeaglú atá ar siúl ag Lukashenko agus a chuid údarás agus go bhfuil comhaltaí den Chomhairle faoi choinneáil go neamhdhleathach acu.

......

PE658.278v02-00 8/21 CM\1213925GA.docx GA Fianaise tacaíochta tíolactha ag S&D:

Is múinteoir agus gníomhaí do chearta an duine í Sviatlana Tsikhanouskaya agus is í a bhí ina príomhiarrthóir don fhreasúra i dtoghcháin na huachtaránachta sa Bhealarúis in 2020. Tá sí pósta leis an ngníomhaí agus blagálaí cáiliúil Sergei Tikhanovsky, a bhí ina iarrthóir don toghchán céanna sin go dtí gur gabhadh é i mí na Bealtaine agus is ina dhiaidh sin a d’fhógair sise go raibh sé i gceist aici rith don toghchán ina áit. Is ceoltóir, gníomhaí polaitiúil agus comhalta de choiste stiúrtha na comhairle eatramhaí í Maryia Kalesnikava. Bhí sí ina bainisteoir feachtais don iarrthóir le haghaidh toghchán na huachtaránachta. Nuair a diúltaíodh d’iarrthóireacht Babaryka agus tar éis a ghabhála, tacaigh sí le feachtas Sviatlana Tsikhanouskaya. Is bainisteoir gnó agus gníomhaí polaitiúil í Veranika Tsapkala. Níor tugadh cead dá fear céile clárú mar iarrthóir don uachtaránacht sa Bhealarúis. Tá éis do Valery agus a gclann an tír an fhágáil, shocraigh Veronika a bheith ina hionadaí ar a fear céile ag slógaí feachtais Tsikhanouskaya.

Roimh thoghchán na huachtaránachta in 2020, d’áitigh nach raibh an Bealarúis réidh do bhean mar uachtarán, ach chruthaigh an triúr ban seo, Tsikhanouskaya, Kalesnikava agus Tsapkala, go raibh sé mícheart.

An 17 Iúil, chuir an triúr ban a bhí ina n-ionadaithe ar na príomhionadaithe den fhreasúra a bhfeachtais i gceann a chéile agus thug ‘Dlúthpháirtíocht na mBan’ a dhúshlán do Lukashenko.

Le chéile, d’éirigh leo sochaí na Bealarúise a dhúiseacht agus a shlógadh ar bhealach nár tharla riamh roimhe sin agus tháinig siad chun bheith ina bpríomhshiombail don fhreasúra, iad ag seasamh in aghaidh deachtóra a bhí i gcumhacht le 26 bliana. Is léiriú iad ar an troid in aghaidh an réimis trí fheasacht a mhúscailt agus dóchas a thabhairt do na gnáthdhaoine sa Bhealarúis, agus bhí na mílte de lucht tacaíochta ag a gcuid slógaí ar fud na tíre.

Tar éis Alexander Lukashenko a dhearbhú go hoifigiúil mar bhuaitear i dtoghchán a líomhnaítear a bheith loite le calaois thoghchánaíochta fhorleathan, mhaígh an freasúra aontaithe gurb ag Tsikhanouskaya a bhí bua cinntitheach sa chéad bhabhta le 60% ar a laghad den vóta agus d’iarr siad ar Lukashenko tús a chur le caibidlíochtaí chun an chumhacht a aistriú.

CM\1213925GA.docx 9/21 PE658.278v02-00 GA Mar fhreagairt ar thorthaí toghchán arna n-aithint go forleathan mar thorthaí bréagacha, tá agóidí móra síochánta tosaithe ar fud na tíre. D’fhreagair an réimeas iad le foréigean agus cur faoi chois nach bhfacthas a leithéid riamh cheana, ach níl sochaí na Bealarúise ag éirí as.

Idir an dá linn, rinne feachtas Tsikhanouskaya Comhairle Comhordúcháin a chruthú chun aistriú síochánta na cumhachta a éascú. Tá Sviatlana ag tacú go gníomhach le réabhlóid na Bealarúise agus le cearta an duine bunúsacha ó thar lear, agus rinneadh comhalta de phraesaidiam na Comhairle Idirthréimhsí i Mionsc de Maria. Maidir le Veronika, theith sí ón mBealarúis chuig an bPolainn ar bhagairtí a fháil ón rialtas go ngabhfaí í.

Leanann an triúr ban lena gcomhrac ar son na saoirse ina dtír féin, agus is inspreagadh i gcónaí iad dá sochaí agus do ghníomhaithe ar son chearta an duine ar fud an domhain. Ba shiombail mhór de thacú leis an daonlathas agus le gluaiseachtaí ban atá ag comhrac ar son na saoirse é duais Sakharov a bhronnadh orthu.

Svetlana Alexievich, comhalta de Chomhairle Comhordúcháin Náisiúnta na Bealarúise

Tá Alexievich, a bhuaigh Duais Nobel in 2015, ina cáinteoir teanntásach ar Alexander Lukashenko. Tar éis do Tsikhanouskaya tús a chur le Comhairle Comhordúcháin Náisiúnta na Bealarúise chun aistriú síochánta cumhachta a éascú, tháinig Alexievich chun bheith ina comhalta dá Praesaidiam. Ba ghearr gur tionscnaíodh cás coiriúil i gcoinne na Comhairle. Líomhnaíodh go raibh cruthú na Comhairle mídhleathach, go ndearna sí dochar don tslándáil náisiúnta agus go raibh sí ag iarraidh seilbh a ghlacadh ar chumhacht. D’ainneoin imeaglú agus céastóireacht Choiste Imscrúdaitheach na Bealarúise agus tar éis gur cuireadh comhaltaí uile na Comhairle i bpríosún nó gur díbríodh as an tír leis an lámh láidir iad, diomaite de Alexievich, tá sí fós tiomanta dá misean.

Is gníomhaí Bealarúiseach í , ar a dtugtar Volha Kavalkova freisin, agus is comhalta í de phraesaidiam Chomhairle Comhordúcháin na Bealarúise a bhunaigh an t-iarrthóir uachtaránachta Sviatlana Tsikhanouskaya chun aistriú cumhachta polaitiúla sa Bhealarúis a chomhordú i ndiaidh agóidí na Bealarúise in 2020 agus tar éis thoghchán uachtaránachta na Bealarúise in 2020 a raibh díospóid ann faoi I mí na Samhna 2019, d’fhógair Kovalkova go raibh sé ar intinn aici seasamh i dtoghchán Uachtaránachta na Bealarúise ag an gcéad toghchán eile. Dúirt sí “Ba cheart go bhfeicfeadh na húdaráis go bhfuil níos mó daoine ann ar mian leo athrú ná na daoine atá ar an taobh eile den chóras. Ba cheart go mbeadh sé de chúram ar an bhfreasúra daoine a aontú le chéile i bhfronta aontaithe inláimhsithe, ionas go mbeidh a fhios ag na húdaráis go bhfuil daoine ann ar féidir leo a gcoinníollacha féin a leagan síos I mí Lúnasa 2020, rinneadh comhalta de phraesaidiam na Comhairle Comhordúcháin de Kovalkova, a bhfuil sé mar aidhm léi comhordú a dhéanamh ar aistriú cumhachta polaitiúla ón Uachtarán Alexander Lukashenko a mhaíonn gur bhfuair sé ollbhua i dtoghchán uachtaránachta na Bealarúise in 2020. Bhí Kovalkova ina hionadaí do Sviatlana Tsikhanouskaya le linn bhunú na comhairle. An 20 Lúnasa, thionscain Alexander Konyuk, Príomh-Ionchúisitheoir na Bealarúise,

PE658.278v02-00 10/21 CM\1213925GA.docx GA imeachtaí coiriúla i gcoinne chomhaltaí na Comhairle Comhordúcháin faoi Airteagal 361 de Chód Coiriúil na Bealarúise, ar na forais go ndearna siad iarracht cumhacht an stáit a urghabháil agus dochar a dhéanamh don tslándáil náisiúnta. An 24 Lúnasa 2020, choinnigh na seirbhísí slándála Kovalkova mar aon le comhalta eile den phraesaidiam agus iad ag iarraidh tacú le hoibrithe ar stailc ag Monarcha Tarracóirí Mhionsc. Gearradh téarma príosúnachta 10 lá ar Kovalkova an lá dár gcionn. An 5 Meán Fómhair, d’éalaigh Kovalkova go Vársá na Polainne nuair a scaoileadh saor ón bpríosún í. Thug sí le fios gur thug na húdaráis rabhadh di go ngabhfaí arís í mura bhfágfadh sí an tír. Ar an lá céanna san oíche, chuir na húdaráis iallach uirthi an tír a fhágáil agus dhíbir siad go tobann í ón mBealarúis.

Sergei Tikhanovsky, príosúnach polaitíochta, físbhlagálaí, easaontóir, gníomhaí ar son an daonlathais

Is iarrthóir ó fhreasúra na Bealarúise i dtoghcháin uachtaránachta 2020 é Tikhanovsky, a cuireadh as an áireamh agus a gabhadh. Aithníonn eagraíochtaí um chearta an duine é mar phríosúnach polaitíochta. Is YouTuber, físbhlagálaí, easaontóir agus gníomhaí ar son an daonlathais é. In 2019 seoladh a chainéal YouTube “Country for Life” atá tiomnaithe do scéalta na ngnáth-Bhealarúiseach agus atá cáinteach faoi réimeas Lukashenko, agus d’éirigh leis 243 000 rannpháirtí a mhealladh. Nuair a cuireadh Tikhanovsky i bpríosún, chuaigh a bhean chéile, Sviatlana Tsikhanouskaya isteach sa rás uachtaránachta agus cuireadh tús le himeachtaí na n-agóidí síochánta a fheicimid inniu sa Bhealarúis.

Ales Bialiatski, bunaitheoir an Lárionaid um Chearta an Duine “Viasna” Tá Bialiatski ar na cosantóirí chearta an duine is aitheanta sa Bhealarúis. I 1996 bhunaigh sé an tIonad um Chearta an Duine “Viasna”. Bíonn réimeas Lukashenko ag díriú ar a chuid oibre i gcónaí agus idir Samhain 2011 agus Meitheamh 2014 bhí Bialiatski faoi dhianchoinneáil ag an réimeas ar chúisimh bhréagacha agus aithníodh é mar phríosúnach coinsiasa. Tar éis thoghcháin an 9 Lúnasa, chuaigh Bialiatski isteach i bpraesaidiam Chomhairle Comhordúcháin Náisiúnta na Bealarúise, áit ina raibh sé i gceannas ar bhunú na meithle um chearta an duine. Ainmníodh Bialiatski faoi dhó do Dhuais Síochána Nobel, agus do Dhuais Sakharov chomh maith.

Is innealtóir Bealarúiseach é Sergei A. Dylevsky (Siarhei Dyleuski) agus, amhail ón 22 Lúnasa 2020 ar aghaidh, is comhalta é de phraesaidiam na Comhairle Comhordúcháin arb é is aidhm di aistriú cumhachta polaitiúla sa Bhealarúis a chomhordú i gcomhthéacs agóidí na Bealarúise in 2020 agus thoghchán uachtaránachta na Bealarúise in 2020. Rugadh Dylevsky an 1 Meán Fómhair 1989 i Mionsc agus is daoine den lucht oibre a thuismitheoirí, a bhí fostaithe ag Monarcha Tarracóirí Mhionsc (MTZ) amhail ón 21 Lúnasa 2020. Rinne sé staidéar ar thógáil meaisíní i gcoláiste teicniúil i Mionsc agus chinn sé dul i mbun faghairt cruach. Tar éis thoghchán uachtaránachta na Bealarúise in 2020 agus tar éis agóidí na Bealarúise go

CM\1213925GA.docx 11/21 PE658.278v02-00 GA luath i mí Lúnasa 2020, chuir cniogbheartaíocht fhoréigneach na bhfórsaí slándála ar lucht agóide fearg ar Dylevsky. Thiomáin sé roinnt agóideoirí chuig ospidéil agus d’iarr sé go ndéanfaí stailc ag Monarcha Tarracóirí Mhionsc (MTZ). Bhí oibrithe in éineacht leis sa stailc a bhí ag iarraidh go scaoilfí saor príosúnaigh pholaitíochta agus go mbeadh toghcháin nua ann, agus thug siad 1000 oibrí leo ar mhórshiúl agóide chuig lár Mhionsc. An 17 Lúnasa bhí sé i gceannas ar mhórshiúl agóide de 5000 oibrí ar stailc ó MTZ. An 18 Lúnasa, dúirt Dylevksy go ndearnadh 50 duine a bhí ag léirsiú os comhair MTZ chun tacú leis na hoibrithe a choinneáil ar feadh tréimhse ghairid. An 19 Lúnasa, roghnaíodh Dylevsky mar dhuine de chomhaltaí phraesaidiam na Comhairle Comhordúcháin, a bhfuil sé mar aidhm léi comhordú a dhéanamh ar aistriú cumhachta polaitiúla ón Uachtarán Alexander Lukashenko a mhaíonn gur bhuaigh sé toghchán uachtaránachta na Bealarúise an 19 Lúnasa 2020 An 20 Lúnasa, thionscain Alexander Konyuk, Príomh-Ionchúisitheoir na Bealarúise, imeachtaí coiriúla i gcoinne chomhaltaí na Comhairle Comhordúcháin faoi Airteagal 361 de Chód Coiriúil na Bealarúise, ar na forais go ndearna siad iarracht cumhacht an stáit a urghabháil agus dochar a dhéanamh don tslándáil náisiúnta Faoin 21 Lúnasa, bhí Dylevsky ina “réalta pholaitiúil” dar leis an New York Times. Dúirt Dylevsky go measann sé go bhfuil córas tionsclaíoch na Bealarúise neamhéifeachtúil agus “nach éacht ná baol air” é easpa na n-olagarcaí sa Bhealarúis, ós rud é gur chiallaigh sé sin nár theastaigh ó dhaoine gnó “slána” infheistíocht a dhéanamh sa Bhealarúis. Dúirt Dylevsky gurb í an pholaitíocht “an rud is lú ar mhian [leis] a dhéanamh” agus ansin chuir sé a mhian Lukashenko a chur as cumhacht in iúl. Measann sé gurb í Sviatlana Tsikhanouskaya uachtarán dlisteanach na Bealarúise. D’áitigh sé gurb é “an rud is mó a dhéanann buairt do Lukashenko ná agóid na n-oibrithe monarchan, agus [go ndéanann] sé iarracht eagraithe stailce a scanrú agus deireadh a chur leis na stailceanna”. An 21 Lúnasa 2020, chuaigh Dylevsky agus , comhalta eile den phraesaidiam, isteach in áitreabh an Choiste Imscrúdaithigh de Choiste Slándála Stáit Phoblacht na Bealarúise (KGB) le haghaidh ceistiúcháin; scaoileadh ar ball iad. An 24 Lúnasa 2020, choinnigh na seirbhísí slándála Dylevsky agus Olga Kovalkova, comhalta eile den phraesaidiam, agus an bheirt acu ag iarraidh tacú le hoibrithe ar stailc ag Monarcha Tarracóirí Mhionsc. Gearradh príosúnacht 10 lá air an lá dár gcionn. Amhail ón 27 Lúnasa 2020, ní raibh dlíodóir Dylevsky in ann bualadh leis agus ní fios cén áit ina bhfuil an príosún ina bhfuil sé.

Stsiapan Putsila, bunaitheoir

Tá Putsila, atá 22 bhliain d’aois, ina léiriú ar an nglúin is óige den fhreasúra i gcoinne Lukashenko. In 2015, agus é fós ar scoil, bhunaigh sé NEXTA, cainéal ar Telegram ag a bhfuil tuairim is 3 mhilliún síntiúsóir. Le tacaíocht Telegram, tá NEXTA in ann an cur isteach ar an idirlíon ag údaráis na Bealarúise a sheachaint agus tá ról bunriachtanach aige i ndáil leis an tsochaí shibhialta a shlógadh agus le faisnéis, grianghraif agus físeáin de na léirsithe síochánta sa Bhealarúis agus den fhorneart a imríonn na seirbhísí forfheidhmithe dlí orthu a chomhroinnt. Seoladh cás coiriúil i gcoinne NEXTA. Tá sé i mbaol 15 bliana i bpríosún as “círéibeacha ollmhóra” a eagrú. Tá cónaí air sa Pholainn faoi láthair.

PE658.278v02-00 12/21 CM\1213925GA.docx GA Mikola Statkevich, príosúnach polaitíochta

Is polaiteoir mór le rá ón mBealarúis é Statkevich agus is fada é ina bhall den fhreasúra i gcoinne Lukashenko. Cuireadh i bpríosún roinnt uaireanta é mar gheall ar a easaontú agus meastar i bhfad is i ngearr gur príosúnach coinsiasa é. In 2010, bhí sé ar dhuine de na hiarrthóirí daonlathacha ón bhfreasúra le haghaidh na dtoghchán uachtaránachta i gcoinne Lukashenko. I mí na Bealtaine 2020, gabhadh arís é agus é ag freastal ar bhailiú na sínithe le haghaidh iarrthóireacht Tsikhanouskaya do na toghcháin uachtaránachta. Tá sé i measc níos mó ná 40 duine atá i bpríosún faoi láthair ar chúiseanna polaitiúla sa Bhealarúis.

......

CM\1213925GA.docx 13/21 PE658.278v02-00 GA Fianaise thacaíochta tíolactha ag RE:

Ainmníonn grúpa Renew Europe an freasúra daonlathach sa Bhealarúis do Dhuais Sakharov 2020, a ndéanfaidh na daoine seo a leanas, as measc mórán daoine eile ionadaíocht air: Sviatlana Tsikhanouskaya, uachtarán tofa na Bealarúise, Sergei Tikhanovsky, físbhlagálaí agus príosúnach polaitíochta, Ales Bialiatski, bunaitheoir eagraíocht chearta an duine na Bealarúise, “Viasna”, Stsiapan Putsila, bunaitheoir an chainéil Telegram NEXTA, Mikola Statkevich, príosúnach polaitíochta agus iarrthóir uachtaránachta i dtoghchán 2010, agus Svetlana Alexievich, comhalta de Chomhairle Comhordúcháin Náisiúnta na Bealarúise agus buaiteoir dhuais Nobel.

An 25 Lúnasa, bhí Sviatlana Tsikhanouskaya rannpháirteach i gcruinniú de Choiste AFET. Os comhair na FPEnna, dúirt sí go bhfuil “an Bhealarúis éirithe. Ní sinne an freasúra a thuilleadh. Is sinne an tromlach anois. Tá réabhlóid shíochánta ar siúl.”

Is réabhlóid de chuid na sochaí sibhialta í seo a bhfuil mná neamhghnácha i saol polaitiúil na Bealarúise á treorú, ar mná iad a bhfuil ceann de na léirithe saoirse is mó i stair na tíre le déanaí cruthaithe acu. Le mí anuas, líonadh sráideanna Mhionsc le léirsithe laethúla is mó ná riamh, le sluaite os cionn 200,000 duine. Táimid ag féachaint ar ghluaiseacht de mhuintir na Bealarúise i gcoinne réimeas coiriúil Alexander Lukashenko, a mhair 26 bliana. Táimid ag féachaint ar a gcomhrac ar son na saoirse agus an dóchais.

Sa mheon sin, is é is aidhm don ainmniúchán ná spreagadh agus comhartha soiléir tacaíochta ó Pharlaimint na hEorpa a thabhairt don dúshlán tábhachtach atá roimh shochaí shibhialta na Bealarúise sa chomhrac ar son aistriú chuig an daonlathas. Tá sé tábhachtach béim a leagan ar an tráth urghnách seo don tír, mar aon leis na rioscaí ollmhóra atá roimh an tsochaí shibhialta i gcomhthéacs ina bhfuil pionós an bháis fós i bhfeidhm.

Tá suaitheadh á bhaint as an domhan leis na heachtraí a tharla sa Bhealarúis le déanaí. Ar an drochuair, áfach, ní feiniméan nua iad sáruithe ar chearta an duine sa “deachtóireacht dheireanach san Eoraip”.

Tá sochaí shibhialta na Bealarúise tar éis a crógacht, a neart agus a hathléimneacht a léiriú go minic, d’ainneoinn cur faoi chois, gabhálacha treallacha, cinsireacht agus teorannú saoirsí aonair agus polaitiúla. An 9 Lúnasa, áfach, leis na toghcháin uachtaránachta dheireanacha, scriosadh foighne na mílte saoránach atá tar éis dul amach ar shráideanna Mhionsc agus cathracha eile go síochánta. Tá saoránaigh ag agóid i gcoinne neamhdhlisteanacht na dtoghchán nach raibh cothrom ná saor agus, dá bhrí sin, tá a míshástacht dhomhain le réimeas Lukashenko agus a gcumha i ndiaidh na saoirse á gcur in iúl acu.

Gan amhras, is coincheap leathan é freasúra daonlathach na Bealarúise. Tá an iarrthóireacht seo ina fís chuimsitheach atá ina léiriú ar réaltacht freasúra éagsúil, agus a thacaíonn go soiléir le misneach agus crógacht a shochaí sibhialta. Molaimid daoibh iarrthóireacht atá á stiúradh ag an duine atá ina léiriú anois ar athrú polaitiúil sa tír, Sviatlana Tsikhanouskaya, in éineacht le cosantóirí stairiúla chearta an duine agus daoine óga, atá ag troid anois freisin ar son an daonlathais i slógadh sóisialta nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo.

Tráth stairiúil atá ann, athbheochan fhéiniúlacht náisiúnta na Bealarúise atá ann, athbheochan ar dóichí di stair na Bealarúise a athrú, agus, uime sin, stair na coda sin den Eoraip. Tríd an ngradam seo, tá deis againn teachtaireacht shoiléir tacaíochta a chur chuig muintir na

PE658.278v02-00 14/21 CM\1213925GA.docx GA Bealarúise. Teachtaireacht na dlúthpháirtíochta, teachtaireacht an dóchais. Teachtaireacht na saoirse.

Sviatlana Tsikhanouskaya, Uachtarán na Bealarúise arna toghadh ag an bpobal

Tá Tsikhanouskaya ina ceannaire ar an bhfreasúra polaitiúil sa Bhealarúis agus ina hUachtarán ar an mBealarúis arna toghadh ag an bpobal. Bhí an clár toghcháin a chuir Tsikhanouskaya i láthair ina gheall comhpháirteach agus simplí ar athrú le gné veirteabrach. Ba é mana a feachtais ná: saorthoghcháin chóra a cheiliúradh. An lá i ndiaidh na dtoghchán, coinníodh í agus cuireadh imeagla uirthi ar feadh roinnt uaireanta a’ chloig i gCoimisiún Lárnach Toghchán na Bealarúise, mar a ndeachaigh sí chun éileamh foirmiúil a dhéanamh ar na vótaí a athchomhaireamh. Ina dhiaidh sin, rinne oifigigh ón mBealarúis í a thionlacan go díreach chuig an teorainn leis an Liotuáin. Faoi láthair, tá sí ag leanúint dá troid dhaonlathach ó Vilnias.

Svetlana Alexievich, comhalta de Chomhairle Comhordúcháin Náisiúnta na Bealarúise

Tá Alexievich, a bhuaigh Duais Nobel in 2015, ina cáinteoir teanntásach ar Aliaksandr Lukashenko. Tar éis do Tsikhanouskaya tús a chur le Comhairle Comhordúcháin Náisiúnta na Bealarúise chun aistriú síochánta cumhachta a éascú, tháinig Alexievich chun bheith ina comhalta dá Praesaidiam. Ba ghearr gur tionscnaíodh cás coiriúil i gcoinne na Comhairle. Líomhnaíodh go raibh cruthú na Comhairle mídhleathach, go ndearna sí dochar don tslándáil náisiúnta agus go raibh sí ag iarraidh seilbh a ghlacadh ar chumhacht. D’ainneoin imeaglú agus céastóireacht Choiste Imscrúdaitheach na Bealarúise agus tar éis gur cuireadh comhaltaí uile na Comhairle i bpríosún nó gur díbríodh as an tír leis an lámh láidir iad, diomaite de Alexievich, tá sí fós tiomanta dá misean.

Sergei Tikhanovsky, príosúnach polaitíochta, físbhlagálaí, easaontóir, gníomhaí ar son an daonlathais

Is iarrthóir ó fhreasúra na Bealarúise i dtoghcháin uachtaránachta 2020 é Tikhanovsky, a cuireadh as an áireamh agus a gabhadh. Aithníonn eagraíochtaí um chearta an duine é mar phríosúnach polaitíochta. Is YouTuber, físbhlagálaí, easaontóir agus gníomhaí ar son an daonlathais é. In 2019 seoladh a chainéal YouTube “Country for Life” atá tiomnaithe do scéalta na ngnáth-Bhealarúiseach agus atá cáinteach faoi réimeas Lukashenko, agus d’éirigh leis 243 000 rannpháirtí a mhealladh. Nuair a cuireadh Tikhanovsky i bpríosún, chuaigh a bhean chéile, Sviatlana Tsikhanouskaya isteach sa rás uachtaránachta agus cuireadh tús le himeachtaí na n-agóidí síochánta a fheicimid inniu sa Bhealarúis.

CM\1213925GA.docx 15/21 PE658.278v02-00 GA Stsiapan Putsila, bunaitheoir NEXTA

Tá Svetlov, atá 22 bhliain d’aois, ina léiriú ar an nglúin is óige den fhreasúra i gcoinne Lukashenko. In 2015, agus é fós ar scoil, bhunaigh sé NEXTA, caineál ar Telegram ag a bhfuil tuairim is 3 mhilliún síntiúsóir. Le tacaíocht Telegram, tá NEXTA in ann an cur isteach ar an idirlíon ag údaráis na Bealarúise a sheachaint agus tá ról bunriachtanach aige i ndáil leis an tsochaí shibhialta a shlógadh agus le faisnéis, grianghraif agus físeáin de na léirsithe síochánta sa Bhealarúis agus den fhorneart a imríonn na seirbhísí forfheidhmithe dlí orthu a chomhroinnt. Seoladh cás coiriúil i gcoinne NEXTA. Tá sé i mbaol 15 bliana i bpríosún as “círéibeacha ollmhóra” a eagrú. Tá cónaí air sa Pholainn faoi láthair.

Ales Bialiatski, bunaitheoir an Lárionaid um Chearta an Duine “Viasna”

Tá Bialiatski ar dhuine de na cosantóirí chearta an duine is aitheanta sa Bhealarúis. In 1996 bhunaigh sé an tIonad um Chearta an Duine “Viasna”. Bíonn réimeas Lukashenko ag díriú ar a chuid oibre i gcónaí agus idir Samhain 2011 agus Meitheamh 2014 bhí Bialiatski faoi dhianchoinneáil ag an réimeas ar chúisimh bhréagacha agus aithníodh é mar phríosúnach coinsiasa. Tar éis thoghcháin an 9 Lúnasa, chuaigh Bialiatski isteach i bpraesaidiam Chomhairle Comhordúcháin Náisiúnta na Bealarúise, áit a raibh sé i gceannas ar bhunú na meithle um chearta an duine. Ainmníodh Bialiatski faoi dhó do Dhuais Síochána Nobel, agus do Dhuais Sakharov chomh maith.

Mikola Statkevich, príosúnach polaitíochta

Is polaiteoir mór le rá ón mBealarúis é Statkevich agus is fada é ina bhall den fhreasúra i gcoinne Lukashenko. Cuireadh i bpríosún roinnt uaireanta é mar gheall ar a easaontú agus meastar i bhfad is i ngearr gur príosúnach coinsiasa é. In 2010, bhí sé ar dhuine de na hiarrthóirí daonlathacha ón bhfreasúra le haghaidh na dtoghchán uachtaránachta i gcoinne Lukashenko. I mí na Bealtaine 2020, gabhadh arís é agus é ag freastal ar bhailiú na sínithe le haghaidh iarrthóireacht Tikhanovskaya do na toghcháin uachtaránachta. Tá sé i measc níos mó ná 40 duine atá i bpríosún faoi láthair ar chúiseanna polaitiúla sa Bhealarúis.

......

PE658.278v02-00 16/21 CM\1213925GA.docx GA An freasúra daonlathach sa Bhealarúis arna ionadú ag Sviatlana Tsikhanouskaya, an Bhealarúis

Arna chur i láthair ag Coimeádaigh agus Leasaitheoirí na hEorpa

grianghraf: Наша Ніва, nn.by

Le mí anuas, tá na mílte Bealarúiseach i mbun agóide ar fud na tíre faoi na toghcháin chama a bhí ann an 9 Lúnasa, ar ina ndiaidh a chuir Alexander Lukashenko tús lena shéú téarma mar Uachtarán. Na léirsitheoirí, ag a bhfuil meascán cúlraí agus slite beatha den uile chineál, lena n- áirítear oibrithe monarchan, ionadaithe na meán, mic léinn agus fiú iarphóilíní, tá siad ag iarraidh go n-éireodh an tUachtarán as. Tá na hagóidí agus tacaíocht an phobail do na léirsitheoirí, maille le dearcadh na sochaí i leith na léirsithe, ina léiriú ar dhlúthpháirtíocht as cuimse a bheith ann i sochaí na Bealarúise. Tráth stairiúil atá ann, athbheochan fhéiniúlacht náisiúnta na Bealarúise atá ann, athbheochan ar dóichí di stair na tíre a athrú, agus, uime sin, stair na coda sin den Eoraip. Beidh céim síos “an deachtóra dheireanaigh san Eoraip” tar éis 26 bliana i gcumhacht, ina bailchríoch shiombalach ar chliseadh an Aontais Shóivéadaigh, a scaoileadh as a chéile ar bhonn na gcomhaontuithe a síníodh sa Bhealarúis in 1991. Creidimid go mbeadh Duais Sakharov don fhreasúra daonlathach arna ionadú ag Sviatlana Tsikhanouskaya ina teachtaireacht shoiléir tacaíochta agus dlúthpháirtíochta ó Pharlaimint na hEorpa chuig muintir na Bealarúise, atá i mbun agóide go síochánta ar shráideanna Mhionsc, ach

CM\1213925GA.docx 17/21 PE658.278v02-00 GA freisin i mbailte beaga agus i mbardais ar fud na tíre mar a ritheann. Tá misneach, neart agus diongbháilteacht as cuimse á léiriú acu in ucht ansmachta, piolóide, cailliúint post, nó ollscoileanna bata agus bóthar a thabhairt dóibh. Mar a dúirt muintir na Bealarúise iad féin, níl duine ar bith mar cheannaire ar na hagóidí seo. Feicimid mná agus fir chalma, daoine óga agus daoine scothaosta, mic léinn agus oibrithe. Chonaiceamar samplaí go leor den dlúthpháirtíocht ar fud na sochaí. Agus brath sin na dlúthpháirtíochta, an comhrac coiteann ar son chearta mhuintir na Bealarúise, ní féidir le duine ar bith na mothúcháin úd a ghoid ná seilbh a ghlacadh orthu. Sin é an fáth ar mhaith linn an freasúra daonlathach sa Bhealarúis arna ionadú ag Sviatlana Tsikhanouskaya a ainmniú mar iarrthóir do Dhuais Sakharov. Is mó duine atá rannpháirteach sa ghluaiseacht sin amhail iriseoirí atá á gcur faoi chois agus ionadaithe na meán neamhspleách, muintir na léirsitheoirí a maraíodh, daoine a céasadh i bpríosúin, oibrithe, eagraithe mórshiúlta dlúthpháirtíochta ban nó ceannairí ón bhfreasúra. Creidimid go mbeidh Sviatlana Tsikhanouskaya, mar cheannaire ar an gComhairle Comhordúcháin agus mar an príomhchéile comhraic ag Lukashenko le linn na dtoghchán, ina hionadaí is fearr ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis. Táimid suite de gurb é an comhartha siombalach seo an bealach is fearr a d’fhéadfadh a bheith ann le haitheantas agus ómós a thabhairt do mhisneach, aontacht, neart agus diongbháilteacht shochaí na Bealarúise.

PE658.278v02-00 18/21 CM\1213925GA.docx GA Gníomhaithe Guapinol agus Berta Cáceres (tar éis a báis), Hondúras

Arna gcur i láthair ag Na Glasaigh/an tSaor-Chomhghuaillíocht Eorpach, an Chlé Aontaithe Eorpach/an Chlé Ghlas Nordach

Is comhaltaí den Choiste Pobail um Chosaint Earraí Comónta agus Poiblí Tocoa in Hondúras iad cosantóirí comhshaoil Guapinol. Porfirio Sorto Cedillo, José Avelino Cedillo, Orbin Naún Hernández, Kevin Alejandro Romero, Arnold Javier Aleman, Ever Alexander Cedillo, Daniel Marquez and Jeremías Martínez Díaz.

Tá siad faoi choinneáil réamhthrialach le bliain anuas gan aon bhonn cirt dlíthiúil mar gheall ar gur ghlac siad páirt i gcampa agóide síochánta in aghaidh ghníomhaíochtaí na cuideachta mianadóireachta, Inversiones Los Pinares, a raibh gníomhaíochtaí na cuideachta sin ina siocair le dríodar trom uisce Aibhneacha Guapinol agus San Pedro a thruailliú, rud a d’fhág nárbh fhéidir leis na pobail a bhí ag brath ar an uisce, nárbh fhéidir leo an t-uisce a úsáid. Agus Meiriceá Láir anois i gceartlár phaindéim COVID-19, is léir go bhfuil na cosantóirí i mbaol sna príosúin phlódaithe.

B'achrannaí an cás mar gheall ar shraith de neamhrialtachtaí breithiúnacha agus feachtais clúmhillte i gcoinne na gcosantóirí agus ní dhearna an t-ionchúiseamh fianaise láidir a thabhairt chun údar a thabhairt leis an gcoinneáil fhaidréiseach sin. B’éiceolaí calma í Berta Cáceres agus ba ghníomhaí cearta talún mór le rá í de bhunadh phobal dúchasach Lenka in Hondúras. Feallmharaíodh í ina teach féin an 3 Meán Fómhair 2016. Le breis agus fiche bliain bhí sí ag troid in aghaidh grabáil talún, lománacht mhídhleathach agus olltionscadail, ar nós stáisiún hidreachumhachta Agua Zarca.

An 30 Samhain 2018, ciontaíodh seachtar fear ina dúnmharú. Fuair an chúirt go ndearna feidhmeannaigh laistigh de Desa, an chuideachta a bhí ag tógáil damba ar chríoch dhúchasach Lenca, na fir a fhostú. An triail i gcoinne Roberto David Castillo Mejía, Uachtarán Desa a cúisíodh as an dúnmharú a bheartú, cuireadh tús léi i mí Mheán Fómhair 2020.

Ar fud an domhain, de réir Global Witness, ba in 2019 a maraíodh an líon ba mhó riamh de chosantóirí talún agus comhshaoil agus is iad cosantóirí comhshaoil i gcoinne tionscadail mhianadóireachta is mó ar a spriocdhírítear. Thairis sin, is in Hondúras atá an ráta is airde maruithe per capita sa domhan. Anois níos mó ná riamh is gá aird a tharraingt ar an bhforneart agus na hionsaithe gan stad gan staonadh a mbíonn cosantóirí comhshaoil ina n-ucht agus a chur i bhfáth nach bhféadfar bearta urghnácha a úsáid chun cearta bunúsacha a theorannú ar bhealach buan ná treallach, ná nach bhféadfar iad a úsáid chun saoránaigh agus grúpaí a bhíonn ag cosaint chearta an duine a chur ina dtost.

CM\1213925GA.docx 19/21 PE658.278v02-00 GA An Moinsíneoir Najeeb Moussa Michaeel, Ardeaspag Mosul, an Iaráic

Arna chur i láthair ag Grúpa na Féiniúlachta agus an Daonlathais

Saolaíodh Najeeb Moussa Michaeel in 1955 agus tógadh é i dteaghlach Caildéach in Mosul. Bhain sé céim amach ó Ardinstitiúid Pheitriliam i mBagdad agus tháinig sé chun bheith ina innealtóir. Chuaigh sé leis an Ord Doiminiceach agus rinne sé a nóibhíseacht in Lille agus in Strasbourg, an Fhrainc. Thug sé móid i mí na Nollag 1981 agus rinne Pierre Claverie, a bhí an uair sin ina Easpag ar Oran na hAilgéire, é a ornú ina shagart i mí na Bealtaine 1987. Bhain sé amach céim sa diagacht phraiticiúil agus sa chumarsáid, maille le céim mháistir sa diagacht Chaitliceach. I mí Eanáir 1988, tháinig sé chun bheith ina chartlannaí i gClochar Dhoiminicigh Mosul, an Iaráic. I mí Mheán Fómhair 1990, tháinig sé chun bheith ina stiúrthóir ar ionad digiteach Lámhscríbhinní Eaglais an Oirthir, Mosul. I mí an Mhárta 2011, ghlac sé ballraíocht ar choimisiún ceistiúcháin Easpaig Ninivé. Tráth ba shia anonn, rinne sé staidéar ar an diagacht thréadach agus ar an gcumarsáid i gColáiste Bháibil i mBagdad. In 2007, ba dhídeanaí é in Qaraqosh, ar mhachaire Ninivé, mar gheall ar ghéarleanúint na gCríostaithe in Mosul. Nuair a tháinig an Stát Ioslamach go Mosul oíche an 6 Lúnasa 2014, d’áirithigh An Moinsíneoir Najeeb aslonnú na gCríostaithe, na Siriceach agus na gCaildéach go Cordastáin na hIaráice, agus rug sé leis tuairim is 800 lámhscríbhinn a shín siar go dtí an 13ú hAois anuas go dtí an 19ú hAois, a bhí á n-iompar aige ó Qaraqosh go Mosul. Le linn dó a bheith ina dhídeanaí, rinne sé na lámhscríbhinní sin a dhigitiú agus thug sé cúnamh do dhídeanaithe Críostaí ar Mhachaire Ninivé. Na cáipéisí a ndearnadh tarrtháil orthu, cuireadh ar taispeáint tráth ba shia anonn iad sa Chartlann Náisiúnta agus in Institiúid Dhomhanda na nArabach i bPáras, agus san Iodáil. I measc na lámhscríbhinní sin bhí téacsanna faoin spioradáltacht Chríostaí agus faoin spioradáltacht Mhoslamach a scríobhadh in Aramais, in Siricis, in Araibis agus in Airméinis. Sa bhreis air sin, ó bhí 1990 ann, tá a chion déanta ag Najeeb Michaeel chun breis is 8,000 lámhscríbhinn agus 35,000 cáipéis ó Eaglais an Oirthir a choimirciú. Tá an Moinsíneoir Najeeb ag saothrú chun an oidhreacht uathúil sin a chaomhnú agus a chraobhscaoileadh, d’ainneoin diandhálaí maireachtála, a maireann na dídeanaithe fúthu freisin, agus é ag cuidiú leo a mhéid is féidir leis. Bíonn sé ag cuidiú gan stad gan staonadh leis an bpobal Iasaídeach freisin, ar ina leith atá sé ar dhuine de na speisialtóirí is mó teist sa domhan, agus a bhfuil dídeanaithe an phobail sin ag teitheadh go Cordastáin na hIaráice. Rinne an sionad d’Easpaig Chaitliceacha

PE658.278v02-00 20/21 CM\1213925GA.docx GA Chaildéacha Najeeb Moussa a thoghadh ina Ardeaspag ar Mosul, post a bhí de facto folamh ó theacht an Stáit Ioslamaigh in 2014. Dheimhnigh an Pápa Proinsias an toghchán sin an 22 Nollaig 2018.

CM\1213925GA.docx 21/21 PE658.278v02-00 GA