Parlaimint na hEorpa 2019-2024 An Coiste um Ghnóthaí Eachtracha An Coiste um Fhorbairt An Fochoiste um Chearta an Duine 23.9.2020 FÓGRA DO NA FEISIRÍ Ábhar: DUAIS SAKHAROV UM SHAOIRSE SMAOINTEOIREACHTA 2020 Gheobhaidh na Feisirí i gceangal leis seo, liosta de na hiarrthóirí (in ord aibítre) arna n-ainmniú ag 40 Feisire ar a laghad de Pharlaimint na hEorpa, nó ag páirtí polaitiúil, do Dhuais Sakharov um Shaoirse Smaointeoireachta 2020 de bhun reacht Dhuais Sakharov, chomh maith leis na húdair agus na beathaisnéisí a fuair an tAonad Gníomhaíochta um Chearta an Duine. AN ARD-STIÚRTHÓIREACHT UM BEARTAIS SHEACHTRACHA CM\1213925GA.docx PE658.278v02-00 GA Aontaithe san éagsúlacht GA DUAIS SAKHAROV UM SHAOIRSE SMAOINTEOIREACHTA 2020 Iarrthóirí arna n-ainmniú, in ord aibítre, ag grúpaí polaitiúla agus ag Feisirí aonair Iarrthóir Gníomhaíocht Arna ainmniú ag Is iad na gníomhaithe LADTI as an bPolainn, Jakub Gawron, Paulina Pajak agus Paweł Preneta, a chruthaigh ‘Atlas an Fhuatha’, arb éard atá ann ná tionscadal inar mapáladh an lear mór bardas áitiúil sa Pholainn a bhí tar éis ‘rúin frith-LADTI’ a ghlacadh nó a dhiúltú, nó a raibh rún den sórt sin fós ar feitheamh iontu. Bhí ról tábhachtach ag Kamil Maczuga ó thaobh faireachán a dhéanamh ar na 4 ghníomhaí LADTI – díospóireachtaí ar an tsaincheist sin sna Malin Björk, Terry Jakub Gawron, Paulina rialtais áitiúla agus ó thaobh faisnéis a Reintke, Marc 1 Pajak, Paweł Preneta Angel, Rasmus thabhairt do ghníomhaithe, do na meáin agus agus Kamil Maczuga, Andresen agus 39 an Pholainn do pholaiteoirí laistigh agus lasmuigh den bhFeisire eile Pholainn. In earrach 2020, rinne cúig cinn de na bardais áitiúla a raibh na dearbhuithe sin glactha acu an dlí a agairt ar Jakub Gawron, Paulina Pajak agus Paweł Preneta. D’éiligh siad go ngabhfadh na gníomhaithe leithscéal poiblí, sa Pholainn agus i bParlaimint na hEorpa, agus go ndéanfaidís cúiteamh eacnamaíoch le ‘heagraíochtaí atá báúil don teaghlach’ sna cúig réigiún. PE658.278v02-00 2/21 CM\1213925GA.docx GA An freasúra Tá an freasúra daonlathach sa Bhealarúis ina daonlathach sa cheann feadhna ar shlógadh gan fasach i Bhealarúis, arna sochaí na Bealarúise mar a bhfuil oll-agóidí ionadú ag an síochánta ar siúl ar mhaithe leis an daonlathas, gComhairle agus a bhfuiltear fós ina mbun mórán Comhordúcháin, seachtainí i ndiaidh thoghcháin rigeáilte na tionscnamh ó na mná huachtaránachta. Rinne an freasúra cróga Sviatlana Comhairle Comhordúcháin a chruthú chun Tsikhanouskaya, Páirtí an Phobail aistriú síochánta na cumhachta a éascú. Tá Svetlana Alexievich, Eorpaigh, Aontas mná cróga, amhail Tsikhanouskaya, Maryia Kalesnikava, Forchéimnitheach 2 Alexievich, Kalesnikava, Kavalkova agus Volha Kavalkova agus na Sóisialaithe agus Tsapkala, comhaltaí den Chomhairle Veranika Tsapkala na nDaonlathaithe, Comhordúcháin, tagtha chun bheith ina agus ó phearsana den Renew Europe siombail den fhreasúra agus tugann siad tsochaí pholaitiúil agus dóchas do mhuintir na Bealarúise. Tá shibhialta Sergei tacaíocht acu ó easaontóirí, ó ghníomhaithe Tikhanovsky, Ales polaitiúla, ó chosantóirí chearta an duine, ó Bialiatski, Siarhei pholaiteoirí den fhreasúra agus ó cheannairí Dyleuski, Stsiapan eagraíochtaí óige, lena n-áirítear Putsila agus Mikola Tikhanovsky, Bialiatski, Dyleuski, Pistula Statkevich, an agus Statkevich. Bhealarúis Tá na mílte Bealarúiseach i mbun agóide ar fud na tíre faoi na toghcháin chama a bhí ann an 9 Lúnasa 2020. Is léiriú é an tacaíocht phoiblí atá ann den dlúthpháirtíocht as cuimse atá le feiceáil i sochaí na Bealarúise, rud atá ina athnuachan ar fhéiniúlacht náisiúnta na Bealarúise ar dóichí di stair na tíre a athrú. Ba An freasúra í Sviatlana Tsikhanouskaya, ceannaire na daonlathach sa Comhairle Comhordúcháin, an Coimeádaigh agus Bhealarúis, arna príomhiarrthóir a sheas in aghaidh 3 Leasaitheoirí na ionadú ag Sviatlana Lukashenko i rith na dtoghchán agus meastar hEorpa Tsikhanouskaya, an gurb í is fearr le bheith mar ionadaí ar an Bhealarúis bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis. Trí Dhuais Sakharov a bhronnadh ar an bhfreasúra daonlathach a bhfuil sise ina hionadaí air, thabharfaí onóir do chrógacht agus diongbháilteacht shochaí na Bealarúise agus is teachtaireacht tacaíochta agus dlúthpháirtíochta le pobal na Bealarúise a bheadh ann. CM\1213925GA.docx 3/21 PE658.278v02-00 GA Is comhaltaí den Choiste Pobail um Chosaint Earraí Comónta agus Poiblí Tocoa iad cosantóirí comhshaoil Guapinol. Tá siad faoi choinneáil réamhthrialach le bliain mar gheall ar gur ghlac siad páirt i gcampa agóide síochánta in aghaidh cuideachta mianadóireachta a raibh gníomhaíochtaí na Na Glasaigh/an cuideachta sin tar éis dhá abhainn, Guapinol tSaor- agus San Pedro, a thruailliú. I lár phaindéim Gníomhaithe Guapinol Chomhghuaillíocht COVID-19, is léir go bhfuil a sláinte i mbaol 4 agus Berta Cáceres, Eorpach, an Chlé agus iad coinnithe i bpríosúin phlódaithe. Is Hondúras Aontaithe comhbhunaitheoir de COPINH (Comhairle Eorpach/an Chlé Phobal Dúchasach Hondúras) i Berta Cáceres Ghlas Nordach agus b’éiceolaí calma agus gníomhaí cearta talún mór le rá í de bhunadh phobal dúchasach Lenka. Le breis agus fiche bliain, bhí sí ag troid in aghaidh grabáil talún, lománaíocht mhídhleathach agus olltionscadail ar nós stáisiún hidreachumhachta Agua Zarca. Feallmharaíodh ina teach féin í in 2016. Chabhraigh an Moinsíneoir Najeeb Moussa Michaeel le Críostaithe, Siricigh agus Caildéigh teitheadh as Mosul go dtí an Chordastáin Iaráiceach nuair a ghabh an Stát Ioslamach an chathair ar lámh an 6 Lúnasa 2014. Chomh maith leis sin, thug sé cúnamh agus fóirithint do theifigh Chríostaí i Machaire Ninivé agus don phobal Iasaídeach, a bhfuil sé ina shaineolaí cáiliúil air. Taobh amuigh de An Moinsíneoir Najeeb chúnamh a thabhairt do mhionlaigh a raibh Moussa Michaeel, Féiniúlacht agus 5 géarleanúint á déanamh orthu, rinne sé lear Ardeaspag Mosul, an Daonlathas mór doiciméad a shábháil agus a dhigitiú, ar Iaráic doiciméid iad sin a bhí scríofa in Aramais, in Siricis, in Araibis agus in Airméinis agus ar foinse fíorluachmhar eolais iad faoi chultúir agus reiligiúin an Mheánoirthir. Tá an Moinsíneoir Najeeb ag saothrú chun an oidhreacht chultúrtha seo a chaomhnú agus ag an am céanna tá sé ag maireachtáil faoi na diandhálaí maireachtála atá ag na teifigh agus é ag cuidiú leo a mhéid is féidir leis. PE658.278v02-00 4/21 CM\1213925GA.docx GA Beathaisnéisí 4 ghníomhaí LADTI – Jakub Gawron, Paulina Pajak, Paweł Preneta agus Kamil Maczuga, an Pholainn Tíolactha ag Malin Björk, Terry Reintke, Marc Angel, Rasmus Andresen agus 39 bhFeisire eile Kamil, Jakub, Paulina agus Pawel. I bhfómhar 2019, chruthaigh na gníomhaithe LADTI as an bPolainn, Jakub Gawron, Paulina Pajak agus Paweł Preneta, ‘Atlas an Fhuatha’(https://atlasnienawisci.pl), arb éard atá ann ná tionscadal inar mapáladh an lear mór bardas áitiúil sa Pholainn a bhí tar éis ‘rúin frith-LADTI’ a ghlacadh nó a dhiúltú, nó a raibh rún den sórt sin fós ar feitheamh iontu. Tá bunachar sonraí ar líne, le naisc chuig doiciméid oifigiúla agus staidéir staidrimh, ar fáil ar an suíomh gréasáin sin freisin. Bhí ról tábhachtach ag an gceathrú gníomhaí, Kamil Maczuga, ó thaobh faireachán a dhéanamh ar na díospóireachtaí ar an tsaincheist sin sna rialtais áitiúla agus ó thaobh faisnéis a thabhairt do ghníomhaithe, do na meáin agus do pholaiteoirí laistigh CM\1213925GA.docx 5/21 PE658.278v02-00 GA agus lasmuigh den Pholainn faoi scaipeadh na ‘ndearbhuithe frith-LADTI’. Cuireadh tús leis an Atlas mar fhreagra ar an méadú a bhí ag teacht ar an líon bardas nó údarás áitiúil sa Pholainn a bhí tar éis ‘dearbhuithe frith-LADTI’ a ghlacadh. Inniu, tá os cionn 100 bardas nó údarás áitiúil sa Pholainn atá tar éis a dhearbhú gur ‘crios saor ó LADTI’ iad nó atá tar éis doiciméad ar a dtugtar ‘Cairt Réigiúnach um Luachanna an Teaghlaigh’ a ghlacadh. I nDeireadh Fómhair 2019, sular ritheadh rún i bParlaimint na hEorpa ag cáineadh na ‘gcriosanna saor ó LADTI’, mar a thugtar orthu, sa Pholainn, tugadh cuireadh do na gníomhaithe sin teacht chuig Parlaimint na hEorpa in Strasbourg áit a raibh preasagallamh acu faoin staid thromchúiseach agus atá ag dul in olcas a bhaineann le daoine LADTI sa Pholainn. In earrach 2020, rinne cúig cinn de na bardais áitiúla a raibh na dearbhuithe sin glactha acu an dlí a agairt ar Jakub Gawron, Paulina Pajak agus Paweł Preneta. Is é atá á mhaíomh ag na riaracháin áitiúla, atá á n-ionadú ag an eagraíocht coimeádach Ordu Iouris (arb í sin údar na ‘gCairteanna Réigiúnacha um Luachanna an Teaghlaigh’), ná go bhfuil na gníomhaithe ag milleadh a gclú mar gheall ar Atlas an Fhuatha atá foilsithe acu. Tá siad ag éileamh anois go ngabhfaidh na gníomhaithe leithscéal poiblí, sa Pholainn agus i bParlaimint na hEorpa, agus go ndéanfaidh siad cúiteamh eacnamaíoch le ‘heagraíochtaí atá báúil don teaghlach’ sna cúig réigiún. Trí Jakub Gawron, Paulina Pajak, Paweł Preneta agus Kamil Maczuga a ainmniú do Dhuais Sakharov, tá tacaíocht agus aitheantas á léiriú don obair chruthaitheach, chalma agus dheacair atá déanta acu chun cearta an duine atá dlite do dhaoine LADTI a chosaint, ní hamháin sa Pholainn ach i ngach áit eile a bhfuil a gcearta faoi ionsaí. PE658.278v02-00 6/21 CM\1213925GA.docx GA An freasúra daonlathach sa Bhealarúis, arna ionadú ag an gComhairle Comhordúcháin, tionscnamh ó na mná cróga Sviatlana Tsikhanouskaya, Svetlana Alexievich, Maryia Kalesnikava, Volha Kavalkova agus Veranika Tsapkala agus ó phearsana den tsochaí pholaitiúil agus shibhialta Sergei Tikhanovsky, Ales Bialiatski, Siarhei Dyleuski, Stsiapan Putsila agus Mikola Statkevich, an Bhealarúis
Details
-
File Typepdf
-
Upload Time-
-
Content LanguagesEnglish
-
Upload UserAnonymous/Not logged-in
-
File Pages21 Page
-
File Size-