Plean Teanga Do Limistéar Pleanála Teanga Oirthear Chathair Na Gaillimhe – “An Bruach Thoir”
Total Page:16
File Type:pdf, Size:1020Kb
Plean Teanga do Limistéar Pleanála Teanga Oirthear Chathair na Gaillimhe – “An Bruach Thoir” Ben Ó Ceallaigh i gcomhar le Coiste Pleanála Teanga an Bhruaigh Thoir Márta 2020 Plean Teanga do Limistéar Pleanála Teanga Oirthear Chathair na Gaillimhe – “An Bruach Thoir” Language Plan for the East Galway City Language Planning Area Please note: an English-language summary of this plan can be found starting on page 145 Curtha le chéile ag Ben Ó Ceallaigh i gcomhar le Coiste Pleanála Teanga an Bhruaigh Thoir Tá an PDF den phlean seo ar fáil ag: www.bruachthoir.ie See our website for the PDF of this plan Clár na nÁbhar Giorrúcháin.................................................................................................................. iv Ráiteas ón gCathaoirleach ........................................................................................ v 1. Cúlra an Phróisis Pleanála Teanga.................................................................. 1 1.1 Réamhrá ........................................................................................................... 1 1.2 Acht na Gaeltachta 2012 agus Próiseas na Pleanála Teanga ................ 1 2. Sonraí na Ceanneagraíochta agus an Choiste ............................................ 3 2.1 An Cheanneagraíocht ................................................................................... 3 2.2 An Coiste Stiúrtha ............................................................................................ 3 3. Léargas ar an gCeantar ................................................................................... 5 3.1 Réamhrá ........................................................................................................... 5 3.2 Daonra .............................................................................................................. 7 3.3 Staid na Gaeilge sa limistéar ......................................................................... 7 3.4 Tacaíochtaí/Áiseanna sa limistéar ................................................................ 8 3.5 Cúrsaí Oideachais ........................................................................................... 9 3.6 Stádas socheacnamaíoch an cheantair .................................................. 10 4. Ullmhú an Phlean ............................................................................................. 13 4.1 Réamhrá ......................................................................................................... 13 4.2 Feachtas feasachta ...................................................................................... 13 4.3 Céim an Taighde ........................................................................................... 18 4.4 Tátal ................................................................................................................. 23 5. Torthaí an Taighde ........................................................................................... 24 5.1 Réamhrá ......................................................................................................... 24 5.2 Suirbhé na mBunscoileanna ........................................................................ 24 5.3 An Ceistneoir Pobail ...................................................................................... 44 5.4 Na hAgallaimh agus Grúpaí Fócais ............................................................ 62 5.5 An Taighde Gníomhaíochta ........................................................................ 66 6. Bearta an Phlean ............................................................................................. 69 6.1 Réamhrá ......................................................................................................... 69 6.2 Feidhmiú an Phlean Teanga ........................................................................ 70 6.3 An Córas Oideachais (lena n-áirítear seirbhísí luathoideachais) ........... 81 6.4 Seirbhísí Cúraim Leanaí, Réamhscolaíochta & Tacaíochta Teaghlaigh, lena n-áirítear seirbhísí tacaíochta teanga ............................................... 92 6.5 Seirbhísí don Aos Óg agus d’Aoisghrúpaí Eile ......................................... 101 ii 6.6 Deiseanna Foghlama lasmuigh den Chóras Oideachais ..................... 108 6.7 An Earnáil Ghnó ........................................................................................... 118 6.8 Eagraíochtaí Pobail agus Seirbhísí Stáit .................................................... 120 6.9 Na Meáin Chumarsáide ............................................................................. 122 6.10 Seirbhísí Sóisialta & Caitheamh Aimsire .................................................... 123 6.11 Pleanáil agus Forbairt Fhisiciúil ................................................................... 127 6.12 Eile .................................................................................................................. 131 6.13 Amscála maidir le Feidhmiú na mBeart ................................................... 133 7. Costais agus Maoiniú .................................................................................... 135 7.1 Suimiú na gCostas ....................................................................................... 135 7.2 Foinsí Maoinithe ........................................................................................... 135 7.3 Costas Chur i bhFeidhm an Phlean .......................................................... 136 7.4 Buiséad Caipitil............................................................................................. 138 8. Forbairt Feasachta agus Poiblíocht............................................................. 139 8.1 Réamhrá ....................................................................................................... 139 8.2 Poiblíocht ...................................................................................................... 139 9. Feidhmiú agus Monatóireacht an Phlean .................................................. 141 9.1 Ról na Ceanneagraíochta/an Choiste .................................................... 141 9.2 Ról an OPT..................................................................................................... 141 9.3 An Mhonatóireacht..................................................................................... 142 10. Foinsí ................................................................................................................ 143 11. Aguisíní ............................................................................................................ 147 11.1 Aguisín 1: General summary in English...................................................... 147 11.2 Aguisín 2: Summary in English of the proposals made in Chapter 6 .... 149 11.3 Aguisín 3: Na Ceistneoirí ............................................................................. 163 11.4 Aguisín 4: Treorlínte Brandála ..................................................................... 185 11.5 Aguisín 5: Na Critéir Pleanála Teanga ...................................................... 186 iii Giorrúcháin CPT – Comhairleoir Pleanála Teanga, an duine a fostaíodh le cuidiú le hullmhú an phlean seo CPTBT – Coiste Pleanála Teanga an Bhruaigh Thoir, an coiste a stiúir ullmhú an phlean seo agus a stiúrfaidh a chur i bhfeidhm Critéir PT – Na critéir pleanála teanga atá leagtha amach ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Tá na critéir seo le feiceáil in Aguisín 5 (rannóg 11.5) ag deireadh na cáipéise seo LPT – Limistéar Pleanála Teanga, ceann de 26 limistéar a leagtar amach in Acht na Gaeltachta, 2012 ina gcuirfí an phleanáil teanga i bhfeidhm LPTOCG – Limistéar Pleanála Teanga Oirthear Chathair na Gaillimhe, an ceantar lena mbaineann an plean seo OPT – Oifigeach Pleanála Teanga, an duine a cheapfar chun an plean seo a chur i bhfeidhm RCOG – An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta iv Ráiteas ón gCathaoirleach A chairde Gael, Bail ó Dhia oraibh agus fáilte chuig an bhféile! Dúirt an t-aisteoir agus an scríbhneoir cáiliúil Joe Steve Ó Neachtain liom nuair a tháinig sé thart sna bealaí seo ag stocaireacht do thoghchán tuairim is dhá scór bliain ó shin go bhfuair sé freagra i nGaeilge ag bunáite chuile theach a ndeachaigh sé isteach ann ó Ghaillimh go Mionloch. Ach d’imigh sin agus tháinig seo agus tá an Ghaeilge anois an-lag sa gceantar seo. Le hiompú teanga cailltear níos mó ná teanga, cailltear súil eile. Mar a dúirt mo dheaide, “nuair a bheas an Ghaeilge imithe, beidh an nádúr imithe as na daoine, tá sé chomh maith dhuit a rá.” Mar atá fhios ag duine ar bith a d’fhoghlaim teanga mar dhuine fásta, tá stró agus dua ag baint leis, ach don pháiste óg a fhaigheann í i ngan fhios dó fhéin, is scéal eile ar fad é. Níl ‘s aige go bhfuil sé ag tarlú. Nuair a chruaíonn an tslat is deacair í a shníomh ina gad, mar a deirtear. Mura dtugann muid don ghlúin óg í, beidh an ceangal briste agus beidh sé ionann is dodhéanta í a thabhairt ar ais. Gan dabht tá bóithre agus córas leighis agus tithíocht lárnach i measc ár riachtanas maireachtála ach tá níos mó ná maoin an tsaoil ag teastáil ó chroí an duine. Is cuid d’fhéiniúlacht agus d’oidhreacht an cheantair seo í an Ghaeilge. Tá a fhios againn nach dtabharfaidh plean teanga ar bith rudaí ar ais mar a bhí. Mar a dúirt an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh anuraidh, “Tá an phleanáil teanga chomh leathan sin ag aon phobal leochaileach nach bhfuil sé ceart go mbeifí ag brath ar phobal áitiúil ar bheagán airgid agus maoinithe le pobal iomlán a shábháil mar