Tuarascáil ar straitéis úr maidir le Foras na Gaeilge i leith earnáil na meán Gaeilge clóite agus ar líne Athláithriú agus athshealbhú teanga Dr Regina Uí Chollatáin Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh, Bhéaloideas Éireann agus na Teangeolaíochta An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
[email protected] Cúntóirí Taighde Aoife Uí Fhaoláin MA Dr. Ruth Lysaght 13 Iúil 2011 1 Clár na tuarascála Lch. Cuid a hAon: Aidhm, Réasúnaíocht, Modheolaíocht, 3 Aidhm 4 Réasúnaíocht 6 Modheolaíocht 42 Cuid a Dó: Taighde Gníomhach 48 Liosta teagmhálaithe 50 Cad atá ar fáil? 51 Anailís ar thaighde cineálach agus cainníochtúil 104 Cuid a Trí: Moltaí agus Straitéis 129 3.1 Moltaí ar a bhfuil á maoiniú cheana faoi na critéir a d'úsáideadh don tuarascáil 131 3.2 Moltaí straitéiseacha le tógáil ar a bhfuil ar fáil cheana 153 3.3 Suimiú agus míniú gearr ar na moltaí 181 3.4. Conclúid 191 Cuid a Ceathair: Buíochas, Aguisíní, Foinsí 193 Buíochas 194 Aguisíní 197 Foinsí 242 2 Cuid a hAon Aidhm, Réasúnaíocht, Modheolaíocht 3 Aidhm Is í bunaidhm na tuarascála seo ná moltaí a chur i láthair i dtaobh straitéis úr maidir le ról Fhoras na Gaeilge i leith earnáil na meán Gaeilge clóite agus ar líne. Tá dhá ghné ag baint le cur i bhfeidhm aidhm na tuarascála, mar atá, soiléiriú ar ról an Fhorais i gcomhthéacs na meán clóite agus ar líne, agus ráiteas misin na straitéise úire. 1.Ról Fhoras na Gaeilge i gcomhthéacs na hearnála seo Is iad priomhghnéithe ról Fhoras na Gaeilge i gcomhthéacs na hearnála seo mar bhord stáit a bhfuil cur chun cinn na Gaeilge ar an oileán seo mar phríomhchúrám aige ná: Misean Forbairt agus freastal a dhéanamh ar chur chun cinn na Gaeilge san Earnáil Phobail agus san Earnáil Ghnó Phríobháideach.