Ga Ga Miontuairiscí
Total Page:16
File Type:pdf, Size:1020Kb
Parlaimint na hEorpa 2019-2024 An Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile LIBE_PV(2019)1202_1 MIONTUAIRISCÍ Cruinniú an 2 Nollaig 2019, 15.00-18.30, agus an 3 Nollaig 2019, 9.00-12.00 agus 15.00-18.30 AN BHRUISÉIL Cuireadh tús ar an gcruinniú ar 15.04 Dé Luain an 2 Nollaig 2019, agus is é Jeroen Lenaers (Leas-Chathaoirleach EPP) a bhí sa chathaoir. 1. An clár oibre a ghlacadhLIBE_OJ(2019)1202_1 Glacadh an clár oibre. 2. Fógraí an Chathaoirligh 1. Próifíl theangeolaíoch D’fhógair an Cathaoirleach go mbeadh ateangaireacht ar fáil sna teangacha go léir seachas an Ghaeilge agus an Chróitis. 2. Formhuiniú mholtaí na gComhordaitheoirí (Riail 214) D’fhormhuinigh an coiste cinntí agus moltaí na gComhordaitheoirí. D’fhormhuinigh an Coiste ainmniúchán na Rapóirtéirí seo a leanas: ⁃ Ainmníodh Ioan Rares Bogdan (EPP) ina Rapóirtéir do thuarascáil féintionscnaimh reachtach de chuid LIBE ar Rochtain ag an bPobal ar Dhoiciméid (Riail 122(7)) – Tuarascáil bhliantúil do na blianta 2016-2018; PV\1200107GA.docx PE644.868v02-00 GA Aontaithe san éagsúlacht GA ⁃ Ainmníodh Magdalena Adamowicz (EPP) ina Rapóirtéir do thuarascáil féintionscnaimh neamh-reachtach de chuid LIBE ar Shaoirse na Meán a Neartú: Cosaint Iriseoirí san Eoraip, an Fhuathchaint, an Bhréagaisnéis agus Feidhm na nArdán; ⁃ Ainmníodh Javier Zarzalejos (EPP) ina Rapóirtéir do thuarascáil chur chun feidhme ar Chur Chun Feidhme an Bharrántais gabhála Eorpaigh agus na Nósanna Imeachta um Thabhairt Suas idir na Ballstáit ⁃ Ainmníodh Claude Moraes (S&D) ina Rapóirtéir do thuarascáil féintionscnaimh neamh-reachtach de chuid LIBE ar Bhealaí Nua le haghaidh Imirce um Shaothar Dleathach; ⁃ Ainmníodh Tudor Ciuhodaru (S&D) ina Rapóirtéir do thuarascáil féintionscnaimh neamh-reachtach de chuid LIBE ar an Intleacht Shaorga agus a hÚsáid i bhForfheidhmiú an Dlí; ⁃ Ainmníodh Michal Šimečka (Renew) ina Rapóirtéir do thuarascáil féintionscnaimh neamh-reachtach de chuid LIBE ar Shásra AE um an Daonlathas, an Smacht Reachta agus Cearta Bunúsacha a Bhunú; ⁃ Ainmníodh Fabienne Keller (Renew) ina Rapóirtéir do thuarascáil chur chun feidhme de chuid LIBE ar Rialachán Bhaile Átha Cliath III a Chur Chun Feidhme; ⁃ Ainmníodh Tineke Strik (Verts/ALE) ina Rapóirtéir do thuarascáil chur chun feidhme de chuid LIBE ar Thuarascáil Chur Chun Feidhme na Treorach um Fhilleadh; ⁃ Ainmníodh Romeo Franz (Verts/ALE) ina Rapóirtéir do thuarascáil de chuid LIBE ar Straitéisí Náisiúnta maidir le Lánpháirtiú na Romach: Drochbharúlacha do dhaoine d’iaribh Romainis san Eoraip a Chomhrac; ⁃ Ainmníodh Clare Daly (GUE/NGL) ina Rapóirtéir do Thuarascáil Bhliantúil ar Ghníomhaíochtaí maidir le Staid na gCeart Bunúsach san Aontas Eorpach - Tuarascáil Bhliantúil de chuid LIBE. 3. Vótáil leictreonach D’fhógair an Cathaoirleach go mbeadh vótáil leictreonach ann ar 17.25. 2 Nollaig 2019, 15.00 – 18.30 3. Imeachtaí ón gComhdháil 'From Tampere 20 to Tampere 2.0’ a bhí ar siúl i Heilsincí an 24/25 Deireadh Fómhair 2019 LIBE/9/01927 Cur i láthair ó Marie De Somer, Ceannaire ar Chlár na hImirce agus na hÉagsúlachta, Ionad Beartais na hEorpa Cur i láthair ó Philippe De Bruycker, Ollamh in Université Libre de Bruxelles, Comhordaitheoir Odysseus Network PE644.868v02-00 2/17 PV\1200107GA.docx GA Chuir an Cathaoirleach an mhír i láthair. Labhair na cainteoirí seo a leanas: Rafael Barlund, Comhairleoir Sinsearach, Gréasán Imirce na hEorpa (EMN), Údarás Inimirce na Fionlainne; Philippe De Bruycker, Ollamh in Université Libre de Bruxelles, Comhordaitheoir Odysseus Network; Marie De Somer, Ceannaire ar Chlár na hImirce agus na hÉagsúlachta, Ionad Beartais na hEorpa. Labhair na Feisirí seo a leanas: Lena Düpont, Peter Kofod, Roberta Metsola, Tineke Strik. D’fhreagair na cainteoirí na ceisteanna a tarraingíodh aníos. Chuir an Cathaoirleach deireadh leis an bpointe. 4. Gealltanais inmheánacha AE i bhfianaise an Fhóraim Dhomhanda maidir le Dídeanaithe LIBE/9/01931 Cur i láthair ón gCoimisiún Chuir an Cathaoirleach an mhír i láthair. Labhair na cainteoirí seo a leanas: Michael Shotter, Stiúrthóir um Imirce, Cosaint agus Beartas Víosa, DG HOME; Imogen Sudbery, Stiúrthóir Beartais agus Abhcóideachta na hEorpa/Ceann IRC sa Bhruiséil, an Coiste Tarrthála Idirnáisiúnta (IRC) Labhair na Feisirí seo a leanas: Lena Düpont, Malin Björk, Fabienne Keller, Tineke Strik. D’fhreagair na cainteoirí na ceisteanna a tarraingíodh aníos. Chuir an Cathaoirleach deireadh leis an bpointe. 5. Malartú tuairimí i gcuideachta António Vittorino, Ard-Stiúrthóir, Eagraíocht Idirnáisiúnta Imirce LIBE/9/01928 Malartú tuairimí Thug an Cathaoirleach ráitis tosaigh. Rinne Antonio Vittorino, Ard-Stiúrthóir, Eagraíocht Idirnáisiúnta Imirce (IOM) cur i láthair. Labhair na Feisirí seo a leanas: Paulo Rangel, Bettina Vollath, Dragoş Tudorache, Tineke Strik, Tom Vandendriessche, Cornelia Ernst, Fabienne Keller, Roberta Metsola, Alice Kuhnke, Michal Šimečka, Tomáš Zdechovský. D’fhreagair Antonio Vittorino na ceisteanna a tarraingíodh aníos. PV\1200107GA.docx 3/17 PE644.868v02-00 GA Chuir an Cathaoirleach deireadh leis an bpointe. Leanadh ar aghaidh leis an gcruinniú agus Juan Fernando López Aguilar, Cathaoirleach LIBE, sa Chathaoir. *** Vótáil leictreonach *** 6. An Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Prionsacht Lichtinstéin ar chur i bhfeidhm forálacha áirithe de Chinneadh 2008/615/JHA ón gComhairle maidir le dlús a chur le comhar trasteorann, go háirithe i ndáil leis an sceimhlitheoireacht agus an choireacht trasteorann a chomhrac, de Chinneadh 2008/615/JHA ón gComhairle maidir le cur chun feidhme Chinneadh 2008/615/JHA maidir leis an sceimhlitheoireacht agus an choireacht trasteorann a chomhrac, agus den Iarscríbhinn a ghabhann leis, agus de Chinneadh Réime 2009/905/JHA ón gComhairle maidir le creidiúnú soláthróirí seirbhísí fóiréinseacha, agus iad ag comhlíonadh gníomhaíochtaí saotharlainne LIBE/9/00418 *** 2019/0012(NLE) 08732/2019 – C9-0019/2019 Rapóirtéir: Roberta Metsola (PPE) PR – PE641.450v02-00 Freagrach: LIBE Dréachtmholadh a ghlacadh (toiliú) Glacadh an dréachtmholadh le 45 vóta i bhfabhar, 2 vóta i gcoinne agus 2 staonadh. 7. An Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le cur i bhfeidhm forálacha áirithe de Chinneadh 2008/615/CGB ón gComhairle maidir le dlús a chur le comhar trasteorann, go háirithe i ndáil leis an sceimhlitheoireacht agus an choireacht trasteorann a chomhrac, de Chinneadh 2008/615/CGB ón gComhairle maidir le cur chun feidhme Chinneadh 2008/615/CGB maidir leis an sceimhlitheoireacht agus an choireacht trasteorann a chomhrac, agus an Iarscríbhinn a ghabhann leis, agus de Chinneadh Réime 2009/905/CGB ón gComhairle maidir le creidiúnú soláthróirí seirbhísí fóiréinseacha a dhéanann gníomhaíochtaí saotharlainne LIBE/9/00419 *** 2019/0013(NLE) 08730/2019 – C9-0018/2019 Rapóirtéir: Roberta Metsola (PPE) PR – PE641.447v01-00 Freagrach: LIBE Dréachtmholadh a ghlacadh (toiliú) Glacadh an dréachtmholadh le 45 vóta i bhfabhar, 2 vóta i gcoinne agus 2 staonadh. PE644.868v02-00 4/17 PV\1200107GA.docx GA *** Deireadh na vótála leictreonaí *** Tosaíodh an cruinniú arís ar 17.30 agus Juan Fernando López Aguilar, (Cathaoirleach LIBE) agus Evelyn Regner, (Cathaoirleach FEMM), sa Chathaoir. Díospóireacht chomhpháirteach le Coiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne (FEMM) 8. Daingniú Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac LIBE/9/01930 Thug na Cathaoirligh ráitis réamhráiteacha. Thug na cainteoirí seo a leanas cuir i láthair: Satu Sistonen, Leas-Stiúrthóir agus Comhairleoir Dlí i Roinn Gnóthaí Eachtracha na Fionlainne, thar ceann Uachtaránacht na Fionlainne ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh; Martin Kuijer, Comhalta Ionaid ón Ísiltír ar an gCoimisiún Eorpach maidir le Daonlathas tríd an Dlí (Coimisiún na Veinéise) de Chomhairle Pharlaimint na hEorpa; Irene Rosales, Oifigeach Beartas agus Feachtas de chuid Bhrúghrúpa Mhná na hEorpa. Labhair Sylwia Spurek (Coiste LIBE) agus Arba Kokalari (Coiste FEMM), comhrapóirtéirí. Labhair Ingrid Bellander, ionadaí de chuid an Choimisiúin Eorpaigh, Ceann Aonaid, DG JUST. Labhair na Feisirí seo a leanas: Terry Reintke, Michal Šimečka, Frances Fitzgerald, Lina Gálvez Muñoz, Abir Al-Sahlani, Malin Björk, Milan Uhrík. D’fhreagair na cainteoirí na ceisteanna a tarraingíodh aníos. Thug na Cathaoirligh ráitis chríochnaitheacha uathu. Cuireadh tús ar an gcruinniú arís ar 9.00 ar an 3 Nollaig 2019, agus Emil Radev (an ceathrú Leas-Chathaoirleach) sa chathaoir. Comhdhíospóireacht 9. Urscaoileadh 2018: Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL); LIBE/9/00836 PV\1200107GA.docx 5/17 PE644.868v02-00 GA 2019/2082(DEC) COM(2019)0316[27] – C9-0077/2019 Rapóirtéir don tuairim: Roberta Metsola (PPE) PA – PE643.082v01-00 Freagrach: CONT – Ryszard Czarnecki (ECR) Dréacht-tuairim a bhreithniú Leagadh síos an 10 Nollaig 2019, 18.00 ina sprioc-am chun leasuithe a chur síos: 10. Urscaoileadh 2018: an Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn (EAS) LIBE/9/00785 2019/2096(DEC) COM(2019)0316[41] – C9-0091/2019 Rapóirtéir don tuairim: Roberta Metsola (PPE) PA – PE643.080v01-00 Freagrach: CONT – Ryszard Czarnecki (ECR) Dréacht-tuairim a bhreithniú Leagadh síos an 10 Nollaig 2019, 18.00 ina sprioc-am chun leasuithe a chur síos: 11. Urscaoileadh 2018: Buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh - an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí LIBE/9/00880 2019/2063(DEC) COM(2019)0316[09] – C9-0058/2019 Rapóirtéir don tuairim: Roberta Metsola (PPE) PA – PE643.078v01-00 Freagrach: CONT – Tomáš