Cad a Spreagann Rogha Laethúil Teanga Sa Ghaeltacht
Total Page:16
File Type:pdf, Size:1020Kb
Cad a spreagann rogha laethúil teanga sa Ghaeltacht Anailís ar an rogha teanga i nGaeltacht na nDéise Katrina Walsh Dochtúireacht sa bhFealsúnacht (PhD) Coláiste Mhuire gan Smál, Ollscoil Luimnigh Feitheoirí: An tOllamh Muiris Ó Laoire, An Dr Eugene O’Brien, An Dr Anne M. O’Keeffe Curtha faoi bhráid Ollscoil Luimnigh, Meán Fómhair 2018 1 Coimriú ‘Cad a spreagann rogha laethúil teanga sa Ghaeltacht - anailís ar an rogha teanga i nGaeltacht na nDéise’ Is í aidhm an taighde seo chun a fhiosrú dé chúis go maireann an Ghaelainn i bpobal beag urlabhra in Oirdheisceart na hÉireann; tugadh faoin an staidéar chun na cúiseanna a bhaineann le húsáid teanga mar iompair soch-chultúrtha sa phobal seo a aithint agus chun a dh’fháilt amach dé chúis go leanann na nósanna úd ar aghaidh in ainneoin go bhfuil na próisis sheachtracha céanna le feiscint agus le brath sa cheantar seo is mar a léirítear i limistéir eile inar tharla iompú teanga. Is iad paróistí na Rinne agus an tSeanphobail an limistéar atá faoi scrúdú sa taighde seo, suite ar chósta thoir theas na tíre, leath-shlí nach mór idir Dún Garbhán i gContae Phort Láirge agus baile Eochaille i gContae Chorcaí. Ceantar atá aitheanta mar pharóistí Caitliceacha Rómhánacha agus ar a ghlaoití Gaeltacht na nDéise. Deir Ó Giollagáin gurab é Acht na nAirí agus na Rúnaithe (Leasú), 1956 a thug údarás don Rialtas (Ó Giollágáin et al 2007:26): ‘a chinneadh gur límistéirí Gaeltachta … límistéirí ar Gaeilgeoirí mórchuid de na daoine iontu agus límistéirí ina n-aice sin ar dóigh leis an Rialtas gur cheart iad d'áireamh sa Ghaeltacht d'fhonn an Ghaeilge a chaomhaint agus a leathnú mar ghnáth-urlabhra’ (An tAcht Airí agus Runaithe (Leasú) 1956:3) Tá sonraíocht an staidéir seo bailithe ó shuirbhé pobail agus ó hocht n-agallamh duine ar dhuine. Reachtáileadh an staidéar seo thar tréimhse dhá bhliain le cabhair ó Chomhlacht Forbartha na nDéise. 2 Dearbhú Dearbhaím gur mise amháin a scríobh an tráchtas seo, ar toradh é ar mo thaighde féin, is nár leagadh an tráchtas seo faoi bhráid Choláiste Mhuire gan Smál, Ollscoil Luimnigh, ná faoi bhráid aon ollscoil eile i gcomhair iarchéime. Sínithe: ___________________________________________ Dáta: ___________________________________________ 3 Buíochas Tá mé faoi chomaoin ag an Dr. Breandán Ó Caoimh agus ag an Ollamh Gary O’ Brien a roinn a gcuid eolais liom agus mé ag tosnú amach ar an aistear seo agus iad ag feidhmiú mar fheitheoirí dom ag an am sin. Táim go mór faoi chomaoin ag Coláiste Mhuire gan Smál, mar mo fhostóir, a thugann gach tacaíocht agus spreagadh dá bhaill foirne, mé féin ina measc, chun iad féin a chur chun cinn trí leas a bhaint as deiseanna um fhorbairt ghairmiúil leanúnach ag leibhéal na dochtúireachta. Táim thar a bheith buíoch don Dr Eugene O’Brien, don Dr Anne O’Keeffe agus don Ollamh Muiris Ó Laoire a bhí mar fheitheoirí agam – chaitheas tréimhse ana- thaitneamhach agus an-tairbheach ag obair in éineacht le Eugene, le Anne agus le Muiris, ach go háirithe. Chaitheadar go fial flaithiúil liom ó thosach deireadh agus ba mhór an phléisiúr agus an phribléid dom a bheith ag obair leo. Ba mhaith liom buíochas ar leith a chur in iúl don Ollamh Dónall Ó Baoill agus don Dr Stiofán Ó Cadhla a bhí mar scrúdaitheoirí seachtracha an tráchtais agus a chinntigh go raibh Viva Voce taitneamhach agus críochnúil agam inar pléadh ábhair an tráchtais go mion – tá buíochas ar leith tuillte ag an Ollamh Ó Baoill a bhí sásta feidhmiú mar mhaoirseoir ar na ceartúcháin deiridh ar bhonn a bhí thar a bheith críochnúil agus gairmiúil – táim thar a bheith buíoch don mbeirt acu. Bhí sé d’ádh agam comhoibriú le Comhlacht Forbartha na nDéise ag tús an phróisis seo agus gan iad ní bheadh an tráchtas seo ann – gabhaim buíochas ó chroí le baill an Chomhlachta a chur fáilte romhainn an chéad lá agus gabhaim buíochas ar leith leis an Dr Mícheál Ó Drisleáin, le Críostóir Ó Faoláin agus le Caoimhe Nic Craith; chaitheamar go leor ama i dteannta a chéile thuas staighre sa Halla Pobail sa Rinn. Gabhaim buíochas ó chroí leis na daoine go léir sa Rinn agus sa tSeanaphobal a bhí sásta a scéalta a roinnt liom agus mé ag bailiú sonraí an tráchtais - bhain mé an oiread taitneamh as an obair allamuigh agus d’fhoghlaim mé an oiread sin fúm féin agus faoi mo cheantar dúchais – go raibh míle maith agaibh. Níl seans faoin spéir ann a mbeinn in ann an tráchtas seo a chríochnú gan an tacaíocht leanúnach a bhíonn agam i gcónaí ó mo mhuintir sa mbaile. Ba mhaith liom buíochas ar leith a ghabháilt le Mam a bhíonn ann dom i gcónaí (agus tá’s agam go bhfuil Dad áit 4 éigint ag tabhairt aireachais dom chomh maith) agus le muintir na hAirde Móire – Máire Seo, Séamus, Laoise, Neasa agus Eoin – tugann siad spreagadh, misneach, comhairle agus gach rud eile atá tábhachtach sa tsaol seo dom gach lá; ní bheinn ann gan iad. Anuas ar sin ba mhaith liom an seans seo a thógaint chun mo bhuíochas a chur in iúl do mo chuid cairde go léir (ó chian is ó chóngar) a chuir, agus a chuireann, tacaíocht ar fáil dom i gcónaí. Ar deireadh, is liosta le háireamh é liosta na ndaoine anso i gColáiste Mhuire gan Smál a bhí sásta gach tacaíocht, spreagadh, misneach, cabhair agus cairdeas a thabhairt dom ó thosnaíos ar bhóthar na dochtúireachta sa mbliain 2013. Táim thar a bheith buíoch do gach uile duine dóibh ach is gá dom buíochas ar leith a ghabháilt le Deirdre Carroll, Emma, Deirdre Ryan, Ruth, Barbara, Liam, Patricia agus Maeve – is ar scáth a chéile a mhaireann na ndaoine – b’fhiú an braon fola! 5 Eochair Coimriú ............................................................................................................................. 2 Dearbhú ............................................................................................................................. 3 Eochair .............................................................................................................................. 6 Liosta Táblaí...................................................................................................................... 9 Caibidil 1 ......................................................................................................................... 10 1.1 Réamhrá .............................................................................................................. 10 1.2 Cúlra agus Comhthéacs an Taighde (An Ceantar & An Próiseas Pleanála Teanga) ............................................................................................................... 10 1.3 Réasúnaíocht ....................................................................................................... 14 1.4 Ceisteanna Taighde ............................................................................................. 14 1.5 Léargas na gCaibidlí ............................................................................................ 15 Caidibil 2: Léirmheas Litríochta ..................................................................................... 17 2.1 Réamhrá .............................................................................................................. 17 2.2 Mionteangacha .................................................................................................... 17 2.2.1 Stair na dTeangacha Ceilteacha .......................................................................... 17 2.2.2 Sainmhíniú a dhéanamh ar bhunthéarmaí agus ar bhunchoincheapa a bhaineann le Mionteangacha – Débhéascna, Trasteangú, Sochtheangeolaíocht Athraitheach, 7rl…. ............................................................................................................... 22 Teanga agus Mionteangacha ............................................................................... 22 Débhéascna .......................................................................................................... 27 Trasteangú ........................................................................................................... 28 An tSochtheangeolaíocht Athraitheach ............................................................... 30 2.2.3 Anailís agus plé ar phátrúin/nósanna teanga (athbheochan, meath, marbhántacht, normálú, institiúidiúnú….) agus na gnéithe a imríonn tionchar ar phátrúin teangacha (domhandú, náisiúnachas réigiúnach, córais oideachais, beartais phoiblí, geilleagair áitiúla). ................................................................................. 31 2.3 Pátrúin Teangacha in Éirinn ................................................................................ 44 2.3.1 Léirmheas ar Léarscáiliú na Gaeltachta (ó fhoinsí tánaisteacha) agus tascairí eile d’úsáid na Gaelainne, m.sh. Dearcadh an phobail i leith na teanga, An Ghaelscolaíocht, tionscnamh pobail, gnó (ag úsáid roinnt phríomh-fhoinsí eolais). ............................................................................................................... 44 2.3.1.1 Léirmheas ar Léarscáiliú na Gaeltachta (ó fhoinsí tánaisteacha) ........................ 44 2.3.2 Léarscáileanna a léiriú (ó phríomh-fhoinsí agus ó fhoinsí tánaisteacha) de cheantair ina n-úsáidtear an Ghaelainn. .............................................................. 68 Conclúid .............................................................................................................. 82 Caibidil 3: Modheolaíocht .............................................................................................. 84 3.1 Réamhrá .............................................................................................................. 84 3.2 An Taighde .........................................................................................................