Plean Teanga Do Limistéar Pleanála Teanga Oirthear Chathair Na Gaillimhe – “An Bruach Thoir”
Total Page:16
File Type:pdf, Size:1020Kb
Plean Teanga do Limistéar Pleanála Teanga Oirthear Chathair na Gaillimhe – “An Bruach Thoir” Ben Ó Ceallaigh i gcomhar le Coiste Pleanála Teanga an Bhruaigh Thoir Márta 2020 Plean Teanga do Limistéar Pleanála Teanga Oirthear Chathair na Gaillimhe – “An Bruach Thoir” Language Plan for the East Galway City Language Planning Area Please note: an English-language summary of this plan can be found starting on page 145 Curtha le chéile ag Ben Ó Ceallaigh i gcomhar le Coiste Pleanála Teanga an Bhruaigh Thoir Tá an PDF den phlean seo ar fáil ag: www.bruachthoir.ie See our website for the PDF of this plan Clár na nÁbhar Giorrúcháin ............................................................................................................... iv Ráiteas ón gCathaoirleach ...................................................................................... v 1. Cúlra an Phróisis Pleanála Teanga ................................................................ 1 2. Sonraí na Ceanneagraíochta agus an Choiste ........................................... 3 3. Léargas ar an gCeantar ................................................................................. 5 4. Ullmhú an Phlean ........................................................................................... 13 5. Torthaí an Taighde ......................................................................................... 24 6. Bearta an Phlean ........................................................................................... 67 ii 7. Costais agus Maoiniú .................................................................................. 133 8. Forbairt Feasachta agus Poiblíocht ........................................................... 137 9. Feidhmiú agus Monatóireacht an Phlean ................................................. 139 10. Foinsí ............................................................................................................. 141 11. Aguisíní ......................................................................................................... 145 iii Giorrúcháin CPT – Comhairleoir Pleanála Teanga, an duine a fostaíodh le cuidiú le hullmhú an phlean seo CPTBT – Coiste Pleanála Teanga an Bhruaigh Thoir, an coiste a stiúir ullmhú an phlean seo agus a stiúrfaidh a chur i bhfeidhm Critéir PT – Na critéir pleanála teanga atá leagtha amach ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Tá na critéir seo le feiceáil in Aguisín 5 (rannóg 11.5) ag deireadh na cáipéise seo LPT – Limistéar Pleanála Teanga, ceann de 26 limistéar a leagtar amach in Acht na Gaeltachta, 2012 ina gcuirfí an phleanáil teanga i bhfeidhm LPTOCG – Limistéar Pleanála Teanga Oirthear Chathair na Gaillimhe, an ceantar lena mbaineann an plean seo OPT – Oifigeach Pleanála Teanga, an duine a cheapfar chun an plean seo a chur i bhfeidhm RCOG – An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta iv Ráiteas ón gCathaoirleach A chairde Gael, Bail ó Dhia oraibh agus fáilte chuig an bhféile! Dúirt an t-aisteoir agus an scríbhneoir cáiliúil Joe Steve Ó Neachtain liom nuair a tháinig sé thart sna bealaí seo ag stocaireacht do thoghchán tuairim is dhá scór bliain ó shin go bhfuair sé freagra i nGaeilge ag bunáite chuile theach a ndeachaigh sé isteach ann ó Ghaillimh go Mionloch. Ach d’imigh sin agus tháinig seo agus tá an Ghaeilge anois an-lag sa gceantar seo. Le hiompú teanga cailltear níos mó ná teanga, cailltear súil eile. Mar a dúirt mo dheaide, “nuair a bheas an Ghaeilge imithe, beidh an nádúr imithe as na daoine, tá sé chomh maith dhuit a rá.” Mar atá fhios ag duine ar bith a d’fhoghlaim teanga mar dhuine fásta, tá stró agus dua ag baint leis, ach don pháiste óg a fhaigheann í i ngan fhios dó fhéin, is scéal eile ar fad é. Níl ‘s aige go bhfuil sé ag tarlú. Nuair a chruaíonn an tslat is deacair í a shníomh ina gad, mar a deirtear. Mura dtugann muid don ghlúin óg í, beidh an ceangal briste agus beidh sé ionann is dodhéanta í a thabhairt ar ais. Gan dabht tá bóithre agus córas leighis agus tithíocht lárnach i measc ár riachtanas maireachtála ach tá níos mó ná maoin an tsaoil ag teastáil ó chroí an duine. Is cuid d’fhéiniúlacht agus d’oidhreacht an cheantair seo í an Ghaeilge. Tá a fhios againn nach dtabharfaidh plean teanga ar bith rudaí ar ais mar a bhí. Mar a dúirt an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh anuraidh, “Tá an phleanáil teanga chomh leathan sin ag aon phobal leochaileach nach bhfuil sé ceart go mbeifí ag brath ar phobal áitiúil ar bheagán airgid agus maoinithe le pobal iomlán a shábháil mar chroíphobal don teanga. Ní tharlóidh sé. Caithfear an stát a chur faoi bhrú aríst.” Tá bás na Gaeilge fógraithe leis na cianta agus bhí an ceart acu. Tá cois san uaigh anois aici. De réir na saineolaithe níl na deich mbliana fhéin fágtha aici mar phríomhtheanga phobail. Tá sé ráite nach dtuigeann daoine an baol ina mbíonn mionteanga go mbíonn sé ródheireanach. Tá muid lag lúbach, chomh lag le héan gé, ach tá muid beo fós. Leis an bplean seo tá muid ag iarraidh aghaidh a thabhairt ar an bhfírinne agus an oidhreacht atá againn a chothú agus a chaomhnú. Is deis nua í seo agus tapóidh muid í. I dteannta a chéile is fearr muid, a deirtear. Dá laige muid tá seans againn nach raibh againn roimhe seo, agus áiseanna agus tuiscint ar fáil dhúinn nach raibh ann riamh cheana. Déanann muid go leor moltaí sa bplean seo chun na rudaí seo a chur chun cinn sa limistéar agus tá misneach againn go gcuirfidh siad le leas na teanga. Mo bhuíochas leis an gcoiste – Cathal, Ruth, Tónaí, Seosamh, Lisa, Donncha agus do chuile dhuine eile a tháinig chuig na cruinnithe ó thús ama go dtí anois. Beidh fíorchaoin fáilte roimh éinne eile atá ag iarraidh a bheith páirteach sa gcoiste amach anseo. v Gabhaim buíochas leis an bpobal uilig a thacaigh linn agus muid ag ullmhú an phlean seo. Mo bhuíochas leis na scoileanna agus lucht na n-ionad pobail. Buíochas leis an lucht gnó. Tá muid buíoch den sagart paróiste, Mícheál Ó Rathalaigh, as ucht na foighne agus na tuisceana a ‘spáin sé dhúinn. Gabhann muid buíochas le hoibrithe Údarás na Gaeltachta agus go háirithe Bríd, Gráinne agus Hannah. Agus faoi dheireadh gabhann muid buíochas leis an treoraí is fearr a d’fhéadfadh a bheith againn, an comhairleoir pleanála teanga Ben Ó Ceallaigh. Céard a dhéanfadh muid murach é? Bhí muid ar nós cipín ag imeacht le sruth ach rug sé greim láimhe orainn agus thug sé misneach agus ugach dhúinn. Níl a shárú le fáil. Go raibh milliún maith aige. Guím chuile rath ar a shaothar. Padhraic Ó Fathaigh, Mionloch, Feabhra 2020. Ráiteas Misin agus Príomhsprioc Choiste Pleanála Teanga an Bhruaigh Thoir: i. Dearcadh, cumas agus iompar teanga an cheantair a fhorbairt agus a chothú ii. Líon na gcainteoirí Gaeilge sa gceantar a mhéadú 2% i gcaitheamh shaolré an phlean vi 1. Cúlra an Phróisis 1. Cúlra an Phróisis Pleanála Teanga Réamhrá Sa mbliain 2000 bunaíodh Coimisiún na Gaeltachta chun breathnú ar staid na Gaeilge sa nGaeltacht agus “le moltaí a dhéanamh don rialtas maidir leis an nGaeilge a láidriú mar ghnáthurlabhra phobal na Gaeltachta” (Coimisiún na Gaeltachta, 2002: 5). I measc a chuid moltaí, mhol an coimisiún seo go ndéanfaí staidéar cuimsitheach chun staid na teanga a mheas go cruinn. Thug Aonad na Pleanála Teanga in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge faoin staidéar seo agus foilsíodh torthaí an taighde sin in 2007 mar An Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht (Ó Giollagáin et al., 2007). Léiríodh sa taighde seo go raibh géarchéim theangeolaíoch sa nGaeltacht, agus chuile chosúlacht ar an scéal nach mbeadh an Ghaeilge in úsáid mar phríomhtheanga an phobail fiú sna codanna is láidre den Ghaeltacht faoi cheann 15-20 bliain mura dtabharfaí faoi iarrachtaí athneartaithe uaillmhianacha. Mar fhreagra ar an bhfianaise dhúshlánach seo, foilsíodh An Straitéis 20 bliain don Ghaeilge 2010–2030 inar ghlac an rialtas le bailíocht na hanailíse a tugadh sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch. Dar leis an Straitéis go bhfuil sé de sprioc ag an stát “córas cuimsitheach pleanála teanga ag leibhéal an phobail sa Ghaeltacht” a fhorbairt mar dhlúthchuid dá iarrachtaí “chun a chinntiú go mairfidh an Ghaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht” (Rialtas na hÉireann, 2010: 19). Léiríodh an treocht i dtreo an iompaithe teanga aríst i nDaonáireamh 2016. Sa nGaeltacht ina hiomláine bhí titim 11.2% i líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge taobh amuigh den chóras oideachais le sonrú ó bhí an daonáireamh deireanach ann in 2011. I Limistéar Pleanála Teanga Oirthear Chathair na Gaillimhe (“LPTOCG” feasta), an ceantar lena mbaineann an plean seo, bhí an titim i líon na gcainteoirí laethúla taobh amuigh den chóras oideachais ní ba lú ná an meánráta san am seo, áfach: ó 230 cainteoir go 215, arb ionann é agus titim 6.5% (RCOG, 2018a). Acht na Gaeltachta, 2012 agus Próiseas na Pleanála Teanga Chun bonn reachtúil a chur faoi na mianta a bhí ag gabháil le Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010–2030, achtaíodh Acht na Gaeltachta, 2012. Leagadh amach san acht seo an próiseas pleanála teanga agus roinneadh an Ghaeltacht oifigiúil ina 26 limistéar pleanála teanga (Rialtas na hÉireann, 2012). Áirítear LPTOCG ar cheann de na 26 limistéar seo. Chun a stádas mar chuid den Ghaeltacht oifigiúil a chinntiú, iarradh ar eagraíochtaí sna limistéir seo plean teanga a ullmhú a mbeadh sé de sprioc aige an Ghaeilge a neartú go háitiúil. Is é an sprioc atá leis na pleananna seo ná todhchaí na teanga sa nGaeltacht a dheimhniú do na glúnta atá amach romhainn agus dul i ngleic leis na dúshláin a léiríodh sa taighde a rinneadh go dtí seo agus sa daonáireamh is déanaí (Rialtas na hÉireann,