Provided by the author(s) and NUI Galway in accordance with publisher policies. Please cite the published version when available.

Title An Fhrainc Iathghlas? Tionchar na Fraince ar Athbheochan na Gaeilge, 1893-1922

Author(s) Ní Ghearbhuigh, Ailbhe

Publication Date 2013-07-25

Item record http://hdl.handle.net/10379/3720

Downloaded 2021-09-23T21:36:05Z

Some rights reserved. For more information, please see the item record link above.

An Fhrainc Iathghlas?

Tionchar na Fraince ar Athbheochan na Gaeilge, 1893-1922

Tráchtas a leagadh isteach chun riachtanas na céime dochtúireachta a chomhlíonadh

Ailbhe Ní Ghearbhuigh

Stiúrthóir: an Dr Louis de Paor

Ionad an Léinn Éireannaigh Scoil na nDaonnachtaí, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

Bealtaine 2013 Clár Dearbhú iii Achoimre iv Buíochas v Táblaí vii Réamhrá 1

Caibidil 1: Éire agus an Fhrainc: Fianaise na Teagmhála, 1883-1922 11

Réamhrá 11 Foghlaim na Fraincise i measc Conraitheoirí áirithe 14 Taisteal chun na Fraince 24 Ábhar as Fraincis i bhfoilseacháin na hAthbheochana 32 Creideamh na Fraince agus Ceist na bhFoinsí 40 Léirmheasanna ar leabhair Fhraincise 42 Cur amach ar chultúr agus ar litríocht na Fraince 45 Críoch 52

Caibidil 2: An Fhraincis sa chóras oideachais in Éirinn, 1878 – 1916 55

Réamhrá 55 Múnla an Oideachais 56 Tábhacht Fénelon 61 Oird eaglasta ón bhFrainc 64 Cur chuige éagsúil de réir creidimh 70 An Fhraincis sa Bhunscoil 74 An Fhraincis sa Mheánscolaíocht 77 Siollabas 81 Clár Ollscoile 84 Múineadh na Gaeilge 85 Críoch 87

Caibidil 3: Ionramháil ar Cheist an (Ain)Chreidimh 90

Réamhrá 90 Bonn Caitliceach faoin gcaidreamh stairiúil idir Éire agus an Fhrainc 92 Freagra na hÉireann ar dhí-eaglaisiú na Fraince: an nóta dóchais 95 Voltaire agus Fréamhacha na Mídhílseachta 103 Anatole France: Sprid na Fraince? 108 Pierre-Jean de Béranger agus Frithchléireachas faoi Cheilt 117 Zola agus an ‘Littéature Brutale’ 125 René Bazin vs Zola 131 Críoch 137

i

Caibidil 4: An tImeall agus an Lár: Tóraíocht ‘anam’ na tíre 141

Réamhrá 141 Comhbhá leis an Imeall: Tráchtaireacht ar an Eoraip i ndioscúrsa na hAthbheochana 144 Páras: An Lár Caoin? 155 Conradh na Gaeilge i bPáras 162 Félibrige Provence agus an Frithábharachas: ‘a community of spirit with the Gaelic movement’ 169 Alphonse Daudet: an tImeall agus an Lár 185 Maurice Barrès, an Alsáis Lorráin agus an régionalisme 194 Críoch 201

Caibidil 5: Idéalú ar Shaol na Tuaithe: Tarraingt na Briotáine 204

Réamhrá 204 Tráchtaireacht na Scoláirí ar Chruthú Idéalaithe na Gaeltachta 206 Tearmann Anama – Cosmhuintir idéalaithe 210 Útóipe an Phiarsaigh: An Ghaeltacht 216 Pictiúr Idéalach Provence: ‘boladh an fhraoich agus puth-anáil na tuaithe’ 219 René Bazin agus Tuathánaigh na Fraince 227 An Bhriotáin trí shúile Mháire de Buitléir 235 Gluaiseacht na Briotáine: ‘un mouvement littéraire et décentralisateur’ 243 Casadh na Taoide: Éire ina ‘Bretagne Ultra-Bretonne’ 245 Teagmháil Thórna leis an mBriotáin: An Bhriotáin Iathghlas? 251 Críoch 260

Iarfhocal 263

Leabharliosta 268

ii

Dearbhú

Dearbhaím gurb é mo shaothar féin go hiomlán atá á chur faoi scrúdú agam don chéim PhD sa Léann Éireannach agus nár bronnadh céim orm san Ollscoil seo ná in aon áit eile de thoradh an tsaothair seo.

______

iii

Achoimre

Chuireas romham sa tráchtas seo tionchar na Fraince agus na Fraincise ar Athbheochan na Gaeilge a rianadh. Áiteofar go raibh ceannairí na hAthbheochana go mór faoi anáil na Fraince agus na Fraincise, agus gur fhéachadar chun na Fraince i gcomhair múnlaí liteartha a chothódh nualitríocht na Gaeilge. Sholáthair ardlitríocht na Fraince bealach isteach chun na hEorpa mar aon le bealach éalaithe ó thionchar Shasana. Eiseamláir mheasúil a bhí i litríocht na Fraince, rud a bhí tarraingteach d’Athbheochanóirí ar theastaigh uathu uaisleacht a chothú i litríocht na NuaGhaeilge.

Léireofar cé chomh forleathan agus domhain is a bhí eolas cheannairí na hAthbheochana ar chultúr, stair, agus teanga na Fraince. Is í an phríomhargóint, áfach, ná go raibh íomhá áirithe den bhFrainc agus de litríocht na Fraince á cur chun cinn ag Athbheochanóirí na Gaeilge, íomhá a bhí á múnlú acu de réir a gcuid riachtanas féin. Feicfear aighneas áirithe ag eascairt as an teannas idir luachanna aestéitice an tsaothair agus luachanna morálta an údair sa díospóireacht ar chúrsaí creidimh. Díríodh ar údair Fhrancacha a bhí ‘folláin’, ach fiú i gcás na scríbhneoirí ba mhó a mhol na hAthbheochanóirí, Alphonse Daudet agus René Bazin, tugadh foláireamh faoi leabhair áirithe dá gcuid.

Má bhí eiseamláir liteartha le fáil i litríocht na Fraince, bhí eiseamláir de ghluaiseachtaí teanga sa tír, freisin, agus bhí mórán tráchta ar Provence agus ar an mBriotáin i bhfoilseacháin na hAthbheochana. Chothaigh an meas a bhí acu ar obair fhrithláraithe na ngluaiseachtaí seo míshuaimhneas i measc Athbheochanóirí, a bhí an-tógtha le cultúr measúil Pháras. Tar éis 1913, áfach, b’éigean do na hAthbheochanóirí cúl a thabhairt le Páras, mar d’aithníodar cumhacht aonchineálach Pháras agus go raibh a bhfís féin ag teacht go mór le haidhmeanna na ngluaiseachtaí réigiúnda. Díríodh níos mó ar ghluaiseacht na Briotáine as sin amach toisc comhluachanna agus comhchuspóirí a bheith á roinnt aici le gluaiseacht na Gaeilge.

iv

Buíochas

Táim go mór faoi chomaoin ag mo stiúrthóir, an Dr Louis de Paor, as an gcíoradh cáiréiseach a dhein sé ar mo chuid scríbhneoireachta, as an spreagadh intleachtúil, agus as an díograis a léirigh sé i leith an tionscnaimh seo.

Táim fíorbhuíoch den Dr Méabh Ní Fhuartháin, den Dr Gearóid de Barra, den Dr Máirtín Coilféir, agus de Mhícheál Ó Leidhin a léigh dréachtaí de chaibidlí agus a roinn a gcuid tuairimí go fial liom.

Is mór agam tacaíocht mo chuid comhghleacaithe in Ionad an Léinn Éireannaigh: an Dr Nessa Cronin, an Dr Margaret Brehony, an Dr Leo Keohane, Verena Cummins, an Dr Debora Biancheri, an Dr Tim Collins agus lucht Meithle a spreag an oiread sin machnaimh ionam agus a thug misneach dom. Is mian liom buíochas faoi leith a ghabháil le Samantha Williams as a cuid foighne agus a hacmhainn grinn.

Is iomaí duine a chabhraigh liom ag céimeanna éagsúla den tráchtas seo. Ina measc, is mian liom buíochas a ghabháil leis an Ollamh Nollaig Mac Congáil, leis an Dr Philip Dine, leis an Dr Máire Kealy, O.P., leis an Dr Ríona Nic Congáil, leis an Dr Pádraig Ó Siadhail, leis an Dr Mícheál Mac Gréil, S.J., leis an Ollamh Philip O’Leary, le Pádraig Ó Snodaigh, le Máiréad Ní Chinnéide, leis an Dr Brian Ó Conchubhair, agus leis an Dr Pól Ó Muirí.

Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl do Choiste Taighde an Léinn Éireannaigh a bhí ann is mé ag tosú amach, an tOllamh Tadhg Foley agus an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh, agus don gCoiste Taighde a tháinig i gcomharbacht air, an Dr Tony Varley, an Dr Mary Cauley, an Dr Lillis Ó Laoire.

Bhaineas go leor tairbhe as ábhar cartlainne as táim buíoch de Marie Boran, Loretto O’Donoghoe, Kieran Hoare, agus go háirithe de Margaret Hughes sna Bailiúcháin Speisialta in OÉ Gaillimh as a gcúnamh agus as a gcneastacht. Táim buíoch d’fhoireann na mbailiúchán speisialta in Ollscoil Chorcaí, d’fhoireann Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, d’fhoireann Leabharlann Choláiste na Tríonóide, agus d’fhoireann Leabharlann Chathair Chorcaí. Bhí an t-ádh liom bualadh le garmhac Mháire Ní Chinnéide, Torlach O’Connor, a roinn ábhar pearsanta agus scéalta liom.

v

Ba mhór agam an comhluadar i seomra na nIarchéimithe, Aingeal Ní Chualáin, Aoife Connolly, Jennie Galvin, Clionadh O’Keefe, agus daoine nach iad. In aontíos liom bhí Miriam Raftery a bhí sásta gnéithe den bpróiseas agus den saol trí chéile a scagadh liom déanach san oíche. Choimeád Jessica Ozan agus Tanja Kovacic ar bhóthar na leasa mé, agus thugadar ar strae mé nuair ba ghá.

Tá mo shíorbhuíochas tuillte ag mo thuismitheoirí, Joe agus Helene agus ag mo dheartháir, Cian, as a gcuid tacaíochta, a gcuid foighne, agus a gcuid tuisceana. Táim go mór faoi chomaoin ag mo dheirfiúr, Muireann, i ngeall ar a ciall chaoin. Ba mhór an tacaíocht dom Billy Ramsell, a d’ardaigh mo mheanma is mé íseal, agus a cheiliúir na clocha míle beaga feadh na slí. Buíochas ó chroí.

Fuair an tionscnamh seo maoiniú ón gComhairle um Thaighde in Éirinn, ó Scoláireacht de chuid na Roinne Oideachais, agus ó Sparántacht Uí Eithir.

vi

Táblaí

Líon na ndaltaí a dhein scrúdú Idirmheánach sna teangacha éagsúla 79

Líon na ndaltaí a dhein an Fhraincis sna Scrúduithe Idirmheánacha 80

vii

Réamhrá

RÉAMHRÁ

Agus Éire Ghaelach á samhlú acu, taibhsíodh d’Athbheochanóirí na Gaeilge cultúr a raibh uaisleacht faoi leith ag roinnt leis. Theastaigh ó Athbheochanóirí áirithe go mbeadh an tír i dtiúin lena fréamhacha Ceilteacha, ach go mbeadh sí ag allagar leis an Eoraip chomhaimseartha freisin. Féinriar chultúrtha a bheadh in Éirinn Ghaelach, nach mbeadh ag brath ar chultúr Shasana. Cuid lárnach den bpróiseas ‘uaislithe’ seo ab ea saothrú na litríochta, ach chreid daoine áirithe nár leor an traidisiún béil d’fhonn bonn a leagan faoi nualitríocht na Gaeilge. Ba ghá múnlaí liteartha a lorg ar mhór-roinn na hEorpa.

Bhí feidhm eiseamláireach ag ardlitríocht na Fraince, agus sholáthair sí bealach isteach chun na hEorpa mar aon le bealach éalaithe ó thionchar Shasana. Bhréagnódh litríocht mheasúil as Gaeilge an tuairim choilíneach gur dream barbartha a bhí sna Gaeil, agus lonnófaí litríocht na Gaeilge i gcomhthéacs Eorpach. Ba mhór idir an Fhrainc mar a bhí, agus an Fhrainc mar ba mhaith leo í a bheith, áfach, agus ba ghá méid áirithe eagarthóireachta chun go mbeadh sí ag teacht le fís na nAthbheochanóirí. Déanfaidh an tráchtas seo iarracht an chinsireacht agus an cur in oiriúint a bhí ar bun ag na hAthbheochanóirí a thabhairt chun solais agus iad ag múnlú íomhá na Fraince de réir a gcuid riachtanas féin.

Cad ina thaobh go raibh an Fhrainc chomh tarraingteach d’Athbheochanóirí áirithe Gaeilge? Bhí cáil na sofaisticiúlachta ar chultúr na Fraince ag an am, agus bheadh an íomhá seo mealltach d’Athbheochanóirí na Gaeilge, toisc gur bhain ceannairí na gluaiseachta leis an meánaicme nó leis an uasaicme.1 Tuigeadh dóibh gur mhór idir ardlitríocht na Fraince agus cultúr coiteann Shasana. Áiteofar anseo gur féachadh ar theanga agus ar chultúr na Fraince mar bhealach chun an Ghaeilge a ‘uaisliú’. Bhí cúis phraiticiúil le litríocht na Fraince a roghnú thar litríocht na Gearmáinise nó na Spáinnise, áfach. Bhí cur amach ag ceannairí na gluaiseachta ar an bhFraincis, tríd an gcóras oideachais, nó trí staidéar príobháideach a dhéanamh

1 Féach Timothy McMahon, Grand Opportunity: The Gaelic Revival and Irish Society 1893-1910 (Syracuse: Syracuse University Press, 2008). 1

Réamhrá

uirthi. Chaith an-chuid acu seal sa bhFrainc, rud a chiallaíonn go raibh aithne acu ar an tír. Ba dhaoine cumasacha, léannta iad na hAthbheochanóirí seo, agus ba mhaith a thuigeadar na contrárthachtaí a bhain leis an leagan áirithe den bhFrainc a bhí á chur chun cinn acu.

Má bhí ceannairí na gluaiseachta meallta ag ‘ardlitríocht’ na Fraince, bhíodar cáiréiseach díriú ar an gcuid sin den litríocht a bhí ‘oiriúnach’ don léitheoir Gaeilge. Go deimhin, ba chritéar an-tabhachtach í ‘oiriúnacht’ na litríochta. Ní foláir nó go raibh míshuaimhneas agus brú orthu agus iad ag cur gnéithe de litríocht na Fraince nár oir dá bhfís ar ceal. Ag croílár na físe seo, bhí saol na Gaeltachta agus an chosmhuintir ab éigean a ghlóiriú. Bhí uasal le híseal á dhéanamh ag Athbheochanóirí sa bheart seo agus iad féincheaptha mar shaoithe na hAthbheochana. Cé gur mholadar saol simplí na cosmhuintire, níor chuadar i ngleic le bochtanas na gceantracha Gaeltachta toisc, b’fhéidir, gur chathróirí iad de bhunadh meánaicmeach. Foinse teannais a bhí sa deighilt aicmeach seo a raibh éagothromaíocht chumhachta mar thoradh air. Feicfear go raibh an bonn céanna faoin iarracht a bhí ar siúl i réigiúin áirithe sa bhFrainc, agus go raibh an fhís chéanna ag gluaiseacht na Gaeilge agus a bhí ag gluaiseachtaí réigiúnda sa bhFrainc. Ba trí phriosma na Fraincise go príomha a tháinig eolas ar na gluaiseachtaí seo chuig na Gaeil, rud eile a chothaigh míréir san eolas, nó a chuir nithe áirithe as a riocht.

Chomh maith leis an gcur amach a bhí ag Athbheochanóirí ar an bhFrainc agus ar an bhFraincis, chabhraigh creideamh coiteann an dá thír leis an gcaidreamh cultúrtha. Ainneoin a raibh ag titim amach sa bhFrainc, samhlaíodh in Éirinn gur thír Chaitliceach í, i ngeall ar thraidisiún an Chaitliceachais a bheith sa bhFrainc. Luann W.J. McCormack an creideamh, mar aon le stair na polaitíochta, Thomas Davis agus Fontenoy,2 mar ghnéithe tábhachtacha a chothaigh nasc idir an dá thír:

There was a positive capacity to mediate between Irish and French experience, partly through a shared Catholicism in the majorities, partly through the influence of French orders in Irish schools, and partly through the

2 Sa chath idir airm na Fraince agus comhghuaillíocht idir Sasana, an Ostair, agus an Olainn ag Fontenoy na Beilge, throid buíon as Éirinn ar thaobh na Fraince. Déanann Thomas Davis an cath seo a cheiliúradh ina dhán cáiliúil, ‘Fontenoy’. 2

Réamhrá

prestige of France and its long traditions (and some very recent traditions) of culture and historical reflection.3

Le linn don bPiarsach a bheith ina eagarthóir ar An Claidheamh Soluis, ba mhinic a thóg sé ráiteas nó scéalta ó nuachtáin na hEorpa, go háirithe ón bhFrainc. In Aibreán 1906, d’fhoilsigh sé ráiteas le Yann Morvran Goblet ón La Gazette de Boulogne: ‘The Irishman like the Frenchman feels the necessity of an idea. Neither feels the necessity of an ideal. Neither is a materialist. Spiritual and intellectual nourishment are as necessary to them as bread’.4 Bhí tábhacht nach beag le híomhá spioradálta, fhrithábharach i gconstruáil na cosmhuintire idéalaí, in Éirinn agus sa bhFrainc araon. Dar ndóigh, b’fhurasta do chathróirí meánaicmeacha a bheith ag trácht ar spioradáltacht fhrithábharach nuair a bhí saol sócúlach á chaitheamh acu, agus dóthain le hithe acu, murab ionann agus daoine áirithe sna ceantracha tuaithe.

Tá rian na Fraince ar dhíospóireachtaí liteartha na hAthbheochana aitheanta ag go leor scoláirí – Philip O’Leary agus McCormack ina measc. 5 Ar mhórán cúiseanna, bhí glacadh níos mó le cultúr na Fraince i measc Athbheochanóirí ná le cultúr Shasana, cúiseanna a mhíneofar ar ball. Tógann an tráchtas seo ar shaothar na scoláirí úd, agus ar shaothar John Hutchinson, P.J. Mathews, Timothy McMahon, agus Bhriain Uí Chonchubhair. Chuireas romham sa tionscnamh seo cur le stair intleachtúil na hAthbheochana agus tionchar na Fraince ar dhíospóireachtaí liteartha na tréimhse a fhiosrú. Ba chuig litríocht na Fraince ba mhó a féachadh le haghaidh ábhar aistriúcháin: ‘Of the Continental literatures French remained the most popular source of translation, with the preference continuing to be for the odd play or the work of non-controversial figures like Daudet, Maupassant, and Bazin’.6 Déanfar iniúchadh ar na cúiseanna gur roghnaíodh saothar údar neamhchonspóideach i gcomhair léirmheasa agus aistriúcháin, agus gur cáineadh saothar údar eile ón bhFrainc go géar.

3 W.J. Mc Cormack, Dublin 1916: The French Connection (Dublin: Gill & Macmillan, 2012), 86. 4 ACS, Iml. VIII, Uimh. 5, 14 Aibreán 1906, 7. 5 Philip O’Leary, The Prose Literature of the Gaelic Revival, 1881-1921: Ideology and Innovation (Pennsylvania: The Pennsylvania State University Press, 1994); Mc Cormack, Dublin 1916. 6 O’Leary, The Prose Literature of the Gaelic Revival, 492. 3

Réamhrá

Is tionscnamh idirdhisciplíneach é seo atá bunaithe ar thaighde staire agus cartlannaíochta, mar aon le hanailís théacsúil. Is í an mhodheolaíocht a roghnaíodh don staidéar impiriciúil seo ná anailís chórasach ar ábhar cartlainne, go háirithe irisí agus nuachtáin a bhaineann leis tréimhse na hAthbheochana. Anuas air sin, tugadh faoi ghrinnanailís ar shaothar iriseoireachta agus ar na gearrscéalta a aistríodh ón bhFraincis. Cé go n-aithnítear foláireamh McMahon ‘[that] drawing general conclusions from select controversies […] assumes too great a unity of thought among revivalists over time’,7 agus gur tháinig athrú ar thuairimí Athbheochanóirí áirithe, fós féin, creidim gur foinse luachmhar eolais atá sna foilseacháin seo faoi na hábhair idé-eolaíocha a bhí ag dó na geirbe ag Athbheochanóirí. Ba iad ceannairí meánaicmeacha na gluaiseachta a ghlac páirt sna díospóireachtaí seo go minic, agus tuigtear gur daoine aonaracha iad, nár labhair thar ceann na gluaiseachta d’aon ghlór amháin.

Is díol spéise iad na páirteanna éagsúla a ghlac idir fhir is mhná is chléir, idir Chaitlicigh agus Phrotastúnaigh sna díospóireachta liteartha. Bhí teannas le sonrú idir mná agus an chléir, mar shampla, sa díospóireacht faoi Anatole France. Bhí cur is cúiteamh i dtaobh chritéir na litríochta, critéir a bhí go mór faoi anáil ag meon Victeoiriach, agus iad ag tagairt do litríocht na Fraince. Ní hí an chléir amháin a bhí ag áiteamh go mbeadh múnlaí liteartha na Fraince gan smál morálta, ach bhí móramh Athbheochanóirí ag iarraidh go mbeadh nualitríocht na Gaeilge measúil ar mhórán cúiseanna. Dá mbeadh nualitríocht na Gaeilge bunaithe ar ardlitríocht mheasúil, neartódh sé sin seasamh na teanga agus an chultúir Ghaelaigh trí chéile. Dá mb’éigean gnéithe graosta an chultúir sin a sciúradh, bhíothas sásta é sin a dhéanamh. Anuas ar an deighilt aicmeach a luadh níos túisce, ní foláir nó go raibh míréir ann idir muintir na tuaithe agus an chosmhuintir idéalaithe faoi mar ba mhaith leis na hAthbheochanóirí í a bheith. Sa tslí chéanna, bhí míréir ann idir an Fhrainc mar a bhí agus an tsamhail a chruthaigh na hAthbheochanóirí di. Diaidh ar ndiaidh, d’fhás míshuaimhneas na nAthbheochanóirí i leith Pháras agus aithníodh go raibh gá le híomhá na Fraince a bheachtú chun freastal ar a gcuid riachtanas. Ba chinneadh loighciúil agus ba chomhartha ionracais é an t-iompú dearcaidh seo ó Pháras go dtí

7 McMahon, Grand Opportunity, 5. 4

Réamhrá

na réigiúin, athrú atá le sonrú i ndioscúrsa na hAthbheochana thart ar an mbliain 1913.

Nuair a thosnaíos amach ar an tionscnamh seo, theastaigh uaim luí isteach ar an litríocht go príomha, agus a thaispeáint gur tugadh múnlaí liteartha ón bhFraincis isteach sa Ghaeilge le linn na hAthbheochana. Ba trí anailís liteartha agus trí chás staidéir a shamhlaíos é seo a chruthú. Níorbh fhada gur thuigeas nár leor an cur chuige a bhí beartaithe agam chun tabhairt faoina leithéid, agus gur ghá bonn níos tathagaí a leagan faoin tionscnamh. Chuireas romham an aeráid chultúrtha in Éirinn a fhiosrú ag deireadh an naoú haois déag, féachaint cén fáth go raibh oiread measa ar chultúr agus ar theanga na Fraince. Chuige sin, shocraíos an córas oideachais a fhiosrú, mar b’ann a tháinig na hAthbheochanóirí i dteagmháil leis an bhFraincis agus iad óg. As sin amach, bhí treo an tionscnaimh athraithe ábháirín, agus thuigeas gurb éard a bhí ar bun agam ná gné faoi leith de stair intleachtúil, nó stair liteartha na hAthbheochana a iniúchadh, agus aghaidh á tabhairt agam ar ghné na Fraincise den Athbheochan, rud nach raibh déanta in aon tslí chórasach de réir a chéile go dtí seo. Cé gur theastaigh uaim go mbeadh na haistriúcháin ón bhFraincis i lár báire, ba shuimiúla agus b’ábhartha go mór na díospóireachtaí liteartha a bhí ar bun. Mar sin féin, beidh roinnt tráchta ar na haistriúcháin ón bhFraincis de réir mar is cuí.

I gcaibidil a haon, léireofar a fhorleithne is a bhí an teagmháil a bhí ag Athbheochanóirí na Gaeilge le cultúr agus le teanga na Fraince. Chuige seo, déanfar anailís ar phríomhphearsana an Chonartha, Dubhghlas de hÍde agus an Piarsach ina measc. Ach tarraingeofar ar eolas faoi mhionphearsana na hAthbheochana freisin, leithéidí Mary Colum agus Shaidhbh Thrínsigh. Féachfar ar chuairteanna chun na Fraince, ar fhoghlaim na Fraincise, agus ar an bplé a deineadh ar litríocht na Fraince sna foilseacháin. Taispeánfar go raibh Athbheochanóirí áirithe ag moladh múnlaí liteartha ón bhFrainc agus go rabhthas go díograiseach ag scaipeadh eolais ar scríbhneoirí na Fraince trí léirmheasanna agus ailt sa tréimhse seo. Léireofar go mbíodh ábhar as Fraincis á fhoilsiú in irisí is i nuachtáin, agus is é an tátal a bhainfear as sin ná go raibh léamh na Fraincise go coitianta ag pobal léitheoireachta na hAthbheochana.

5

Réamhrá

Ach ní léir uaidh seo amháin conas go bhfuair pobal léitheoireachta na hAthbheochana eolas ar an bhFraincis, ná ar chultúr na Fraince. Cén bealach go raibh teagmháil acu leis an bhFrainc nó conas gur chuireadar aithne ar an bhFraincis? Chuige sin, scrúdófar an ról a bhí ag an bhFraincis sa chóras oideachais sa dara leath den naoú haois déag i gcaibidil a dó óir is sna scoileanna ar dtús a thosnaigh go leor Athbheochanóirí ar an bhFraincis a fhoghlaim.

Is é tionchar na Fraincise ar chúrsaí oideachais in Éirinn, 1878 go 1916, mar sin, a bheidh idir chamáin i gcaibidil a dó. Ba sa bhliain 1878 a tugadh an tAcht um Meánoideachas isteach in Éirinn agus is sa mheánoideachas is mó a fheictear rian na Fraincise. Bhí an Fhraincis lárnach i gcuraclam na meánscolaíochta, agus trí iniúchadh a dhéanamh air seo, beifear in ann a thomhas cé chomh coitianta is a bhí an Fhraincis i measc na meánaicme. Bhí atmaisféar Francach i scoileanna áirithe, a bhuí leis na hoird rialta a tháinig ón bhFrainc. Ba scoileanna cónaitheacha don meánaicme a bhunaigh na hoird seo, agus áiteofar gur chuidigh siad seo le híomhá mheasúil, shofaisticiúil den bhFrainc a chur chur cinn.

Is éard is feidhm leis an gcéad dá chaibidil seo ná fianaise a sholáthar a léireoidh a choitianta is a bhí eolas ar an bhFrainc agus ar an bhFraincis in Éirinn ag deireadh an naoú haois déag. Taispeánfar gur chomhartha oideachais agus gur shuaitheantas iltíreachais a bhí sa bhFraincis, agus go raibh eolas ar an bhFraincis coitianta i measc na meánaicme. Ní hamháin sin, ach ciallaíonn sé gur d’aon ghnó a chuireadar gnéithe áirithe den bhFrainc faoi chois, mar a fheicfear ar ball. Agus an bealach réitithe, pléifear na mórcheisteanna a d’eascair as an taighde impiriciúil a deineadh don tionscnamh seo. Tháinig téamaí áirithe chun cinn a bhí casta nó achrannach do na hAthbheochanóirí agus gur ghá cinsireacht nó eagarthóireacht chun iad a chur in oiriúint do phobal na Gaeilge. D’eascair na ceisteanna seo as na díospóireachtaí i bhfoilseacháin na hAthbheochana inar pléadh cé chomh oiriúnach nó dainséarach is a bhí múnlaí liteartha ón bhFrainc. Is í an chéad cheist chasta ar a mbreathnófar mar sin ná ceist an chreidimh sa bhFrainc.

‘Ionramháil ar cheist an (ain)chreidimh’ is teideal do chaibidil a trí agus tabharfar cuntas ann ar na hathruithe a tharla le linn dhí-eaglaisiú na Fraince agus ar an bhfreagra a thug tráchtairí na hAthbheochana ar dhí-eaglaisiú i nuachtáin agus 6

Réamhrá

irisí na linne. Cuirfear foilseacháin Chaitliceacha san áireamh anseo freisin, d’fhonn freagra na gCaitliceach a thomhas. Feicfear gur leagadh béim ar an mbonn Caitliceach a bhí leis an nasc stairiúil idir Éire agus an Fhrainc agus gur áitíodh go minic nach raibh i Scaradh an Stáit leis an Eaglais sa bhFrainc ach rud sealadach. Maidir le cúrsaí litríochta, tabharfar faoi deara go raibh dream áirithe an-dian ar scríbhneoirí comhaimseartha na Fraince a samhlaíodh a bheith frith-Chaitliceach, Émile Zola agus Anatole France ina measc. Ach bhí daoine eile ann a chreid go mba chóir tús áite a thabhairt do luachanna aeistéitice an tsaothair seachas do luachanna morálta an údair. Cuireadh straitéisí éagsúla i bhfeidhm a ‘cheadódh’ litríocht na Fraince mar fhoinse eiseamláirí do litríocht na Gaeilge. Bhíothas toilteanach an file Pierre-Jean de Béranger a mholadh, mar shampla, file a mhair ag tús an naoú céad déag, toisc gur dhein léirmheastóirí na hAthbheochana a bheag dá fhrithchléireachas. Is léiriú é seo ar an gcinsireacht os íseal a bhí ar bun ag Athbheochanóirí agus iad ag iarraidh múnlaí liteartha ón bhFrainc a chur chun cinn. Glacadh go forleathan leis an scríbhneoir René Bazin a samhlaíodh a bheith ‘oiriúnach’ do léitheoirí na Gaeilge toisc go mba scríbhneoir Caitliceach é a scríobh faoi shaol na tuaithe. Ceann de na rudaí is mó atá le sonrú sa chaibidil seo ná gurbh é an tslat tomhais critice a bhí in úsáid san Athbheochan ná ‘oiriúnacht’ na litríochta. Bhíothas ag iarraidh go mbeadh saothar as Gaeilge á léamh os ard cois teallaigh, agus ba ghá go mbeadh na saothair ag réiteach le tuiscint na nAthbheochanóirí ar litríocht fholláin. Pléifear a raibh i gceist leis seo i gcaibidil a trí. Breathnaíodh ar an litríocht ‘oiriúnach’ seo mar chuntraphointe ar litríocht threascrach agus cothaíodh comhbhá i measc na nÉireannach le Caitlicigh na Fraince, a bhí á mbrú go dtí an t-imeall ina dtír féin.

Tabharfar aghaidh ansin i gcaibidil a ceathair ar an tslí ina láimhseáiltear an tImeall agus an Lár i ndioscúrsa na hAthbheochana, i gcomhthéacs na hEorpa agus na Fraince. Is téarmaíocht í seo a bhaineann leis an léann iarchoilíneach, agus atá pléite ag scoláirí éagsúla maidir le cás na hÉireann. Thacaigh Athbheochanóirí le náisiúin nó gluaiseachtaí san Eoraip a samhlaíodh a bheith faoi chois ag mórchumhacht lárnach. Tráchtfar ar na réigiúin éagsúla sa bhFrainc a raibh gluaiseachtaí teanga ar bun iontu agus ar an léargas a tugadh orthu i bhfoilseacháin na hAthbheochana. Bhí go leor cainte ar chúrsaí anama, agus ar an áit ina bhféadfaí teacht ar ‘anam’ na tíre. Is díol spéise é an léiriú ar Pháras taca an ama seo toisc a 7

Réamhrá

bháúla is a bhí an léiriú sin, den gcuid is mó. Bainfear úsáid as an téarma, ‘Lár Caoin’, téama a chumas féin, chun cur síos a dhéanamh ar an léiriú ceansa a dhein na hAthbheochanóirí ar Pháras. Ba chathróirí meánaicmeacha iad ceannairí na hAthbheochana agus, i ngeall air sin, bhí Páras an-tarraingteach dóibh, siúd is go raibh sé ag teacht salach ar an bhfís Ghaelach a bhíodar ag iarraidh a chur chun cinn in Éirinn. Ba mhó a bhraitheadar sa bhaile i bPáras, seans, ná mar a bhraitheadar i gceartlár na Gaeltachta, i ngeall ar an deighilt aicmeach idir iad agus an chosmhuintir in Éirinn. Is tábhachtach a shonrú arís gur trí phriosma na Fraincise go príomha a bhí eolas ag na hAthbheochanóirí ar na gluaiseachtaí réigiúnda seo, agus taispeánfar gur imir sé seo tionchar ar an léamh a bhí acu ar chúrsaí na Fraince. Agus iad ag trácht ar ghluaiseacht Provençal, mar shampla, ní raibh aon ní ann a bhí ag dul i gcoinne ‘Lár Chaoin’ Pháras. Theastaigh ó lucht na gluaiseachta ‘anam’ barántúil an réigiúin a chaomhnú, .i. frithábharachas na nósanna traidisiúnta, an teanga dhúchais agus an fhilíocht. Bhí gluaiseacht Provençal frithlárnach, ach ar bhonn cultúrtha, seachas polaitiúil. Scrúdófar cad a bhí i gceist ag na grúpaí éagsúla nuair a thráchtadar ar ‘lárú’, agus chífear gur samhlaíodh a bheith i bhfad ón Lár lena bheith frithábharach. I gcás na hAlsáise-Lorráine, tá cúrsaí níos casta i ngeall ar na tailte úd a bheith i seilbh na nGearmánach. Mar sin féin, áitíodh go raibh ‘anam’ dá chuid féin ag an réigiún, agus go raibh an réigiún mar chuid dhlisteanach den bhFrainc. D’athraigh dearcadh na nAthbheochanóirí ar an bhFrainc le linn na tréimhse seo agus samhlaíodh ‘anam’ na tíre níos mó le tuath na Fraince ná le Páras de réir a chéile. Bhí baint éigin ag cúinsí seachtracha leis an dearcadh nua seo, agus athrú le sonrú san aeráid in Éirinn agus san Eoraip. Cé gur shantaigh na hAthbheochanóirí Páras go pointe áirithe, bhí sé ag éirí níos deacra dóibh de réir a chéile glacadh le Páras mar Lár Caoin. B’éigean dóibh cumhacht aonchineálach Pháras a admháil. D’aithníodar gur chosúla a dtionscnamh féin lena raibh ar siúl sna réigiúin ná le Páras. Mar chuid dá dtionsncamh, roghnaigh Athbheochanóirí scéalta soineanta ón bhFraincis a bhí suite i dtuath na Fraince i gcomhair aistriúcháin go Gaeilge, nó piocadh amach scéalta ina raibh léiriú diúltach ar an Lár.

Ag eascairt as sin, is ar an léiriú idéalaithe seo de thuath na Fraince a dhíreofar i gcaibidil a cúig, léiriú atá nasctha, gan dabht, le critéir na hoiriúnachta agus na folláine a éilíodh sa litríocht. Is gá breathnú ar a bhfuil ráite ag scoláirí i 8

Réamhrá

dtaobh chonstruáil na Gaeltachta, agus tarraingeofar comparáid idir an íomhá idéalach sin agus an cur síos ar réigiún na Fraince. Tacófar leis an tuairim nach ag diúltú don saol nua-aimseartha a bhí na hAthbheochanóirí, ach go rabhadar ag cuardach slí eile dá bhfís ailtéarnach, ina raibh luachanna pobail, an féinmheas agus an féinchothú lárnach. Deineadh glóiriú ar an gcosmhuintir in Éirinn agus sa bhFrainc, agus ba dhaoine ó lasmuigh den Imeall, .i. ón Lár, a dhein an glóiriú. Is tearmann spioradálta a bhí san Imeall, agus bhí na daoine ar an Imeall níos ‘glaine’ de réir na tuisceana seo. Theastaigh eagarthóireacht agus dallamullóg uaireanta chun an fhís idéalaithe seo a chur chun cinn. Tháinig teannas aníos idir an tImeall agus an Lár, agus idir luachanna aeistéice agus morálta sa phlé, áit arb ionann an litríocht réigiúnda agus saothar ‘folláin’ nó ‘oiriúnach’. Eiseamláir ‘fholláin’ a bhí sa Bhriotáin, mar a chuir Máire de Buitléir síos uirthi, ó thaobh creidimh agus caomhnú nósanna de. Cuireadh an litríocht réigiúnach chun cinn mar leigheas ar litríocht dhainséarach na Fraince. Is i dtreo na Briotáine go háirithe atá dearcadh na nAthbheochanóirí ó 1913 ar aghaidh. Nuair a thosnaigh Tórna ag scríobh do An Claidheamh Soluis, b’fhairsinge i bhfad an t-eolas faoin mBriotáin ná riamh, agus ba ríléir na cosúlachtaí idir an dá ghluaiseacht. Níorbh fhéidir le lucht na Gaeilge neamhaird a thabhairt ar pholasaí teanga Pháras, ná ar an díobháil a bhí á déanamh aige sa Bhriotáin. Siúd is gur chuir Athbheochanóirí spéis i ngluaiseacht na Briotáine, is gur léiríodar comhbhá léi, bhíodar fós ag brath ar an bhFraincis mar mhodh cumarsáide léi. Go hidéolaíoch, áfach, ba dheacair dóibh diúltú do tharraingt na Briotáine.

Bhí foinse údaráis á cuardach ag Athbheochanóirí na Gaeilge leis an tionscnamh acu féin a cheadú agus a uaisliú. Shásaigh an Fhrainc cuid mhaith de riachtanais na físe a bhí acu maidir le creideamh, cultúr measúil agus léiriú dearfach ar chosmhuintir na tuaithe. Níor glacadh ach leis an gcuid sin de chultúr na Fraince a bhí ag teacht leis an múnla réamhcheaptha acu féin. Bhí daoine áirithe níos oscailte i leith gnéithe treascracha ná a chéile, Máire Ní Chinnéide, cuir i gcás, ach den gcuid is mó, ba ghá an chuid dhiúltach, dhainséarach, mhí-oiriúnach de litríocht na Fraince a chur faoi chois. Chothaigh an cur faoi cheilt teannas áirithe, dar ndóigh, agus iad sa tóir ar litríocht fholláin, oiriúnach. D’aimsíodar eiseamláir a d’oir dóibh sa Bhriotáin, cé go raibh orthu fós dul i dtuilleamaí na Fraincise chun teagmháil a 9

Réamhrá

dhéanamh léi. Mar sin féin, is suntasach an ní é an t-iompú ó Pháras i dtreo na Briotáine i ndioscúrsa na hAthbheochana, mar aon leis an tuiscint nua a nochtann an t-iompú seo ar thionscnamh na nAthbheochanóirí.

Críochnófar an tráchtas le hiarfhocal ina mbeidh achoimre ar na nithe a áitíodh sa tionscnaimh taighde seo. Míneofar an tátal a bhainim féin as torthaí an taighde agus gheofar an leabharliosta i ndiaidh na conclúide.

10

Caibidil a hAon

CAIBIDIL A HAON

Éire agus an Fhrainc: Fianaise na Teagmhála, 1883-1922

Réamhrá

Some basic practical links between France and the literary revival (Gaelic as well as Anglo-Irish) indicate an audience for an alternative cultural commentary which was more than self-gratification.8

Sa chaibidil seo déanfar iniúchadh ar na nascanna bunúsacha idir Éire agus an Fhrainc sa tréimhse 1883-1922, agus tabharfar cuntas ar fhianaise na teagmhála eatarthu. Trí bhreathnú ar phearsana áirithe a bhí gníomhach i gConradh na Gaeilge, gheofar pictiúr ginearálta den oscailt a bhí ann i leith chultúr na Fraince le linn na Athbheochana. Fiosrófar eolas ar an bhFraincis i measc cheannairí an Chonartha, Dubhghlas de hÍde agus Pádraig Mac Piarais, go háirithe, toisc gurbh iad ceannródaithe smaointeoireacht na hAthbheochana iad. Breathnófar ar na Conraitheoirí ar aithin Philip O’Leary iad a bheith francbhách, Éamonn Ó Néill, Mícheál Breathnach, Cathaoir Ó Braonáin, agus Máire Ní Chinnéide.9 Tabharfar cuntas freisin ar Thórna, ar Shadhbh Trínseach, ar Mháire de Buitléir agus ar dhaoine eile nach iad d’fhonn a thaispeáint go raibh eolas ar an bhFrainc forleathan idir fhir agus mhná, idir lucht na cathrach agus mhuintir na tuaithe, idir Phrotastúnaigh agus Chaitlicigh. Mar sin féin, tá sé le tabhairt faoi deara go raibh oideachas foirmiúil, nó staidéar príobháideach, i gceist leis na daoine seo go léir. I ngeall air seo, is cosúil gur shiombail léinn a bhí sa bhFraincis, agus gur samhlaíodh ceangal idir eolas ar an bhFraincis agus íomhá iltíreach na hEorpa. Go deimhin, nuair a bhí teagmháil ag Athbheochanóirí leis an Eoraip, ba thríd an Fhraincis a

8 W.J. Mc Cormack, Dublin 1916: The French Connection (Dublin: Gill & Macmillan, 2012), 86. 9 Philip O’Leary, The Prose Literature of the Gaelic Revival, 1881-1921: Ideology and Innovation (Pennsylvania: The Pennsylvania State University Press, 1994), 79. 11

Caibidil a hAon

tharla sí, toisc gurbh í an teanga Eorpach ba choitianta a bhí acu.10 Sa tslí seo, is féidir a rá gur sheas an Fhrainc don Eoraip i ndioscúrsa na hAthbheochana.

Iarracht atá anseo scrúdú a dhéanamh ar a fhorleithne a bhí an Fhraincis le linn na hAthbheochana, agus ar a eolaí is a bhí na hAthbheochanóirí ar an bhFrainc agus ar litríocht na tíre sin. Chuige sin, breathnófar ar fhoghlaim na Fraincise ina measc, agus ar chuairteanna a thugadar chun na Fraince. Cheana féin, má táthar ag caint ar thaisteal chun na Fraince, táthar ag trácht ar aicme áirithe daoine, daoine a raibh sé d’acmhainn acu dul thar lear. Go cathair Pháras, den gcuid is mó, a chuaigh na hAthbheochanóirí, rud a mhíníonn, b’fhéidir, íomhá Pháras mar ‘Lár Caoin’, rud a pléifear amach anseo. Fiú iad siúd a chuaigh níos faide, cuir i gcás Máire de Buitléir a chuaigh go dtí an Bhriotáin, d’fhanadar tamall i bPáras. Toisc gurbh é Páras ‘Lár’ na Fraince, b’ann a bhí triall a lán Athbheochanóirí. Mar sin féin, tabharfar faoi deara go raibh spéis á múscailt sa Bhriotáin, agus go raibh eolas á cur uirthi de réir a chéile. Sna tuairiscí ón mBriotáin, bhí cuntas ar na cearta teanga agus creidimh a bhí á n-éileamh sa réigiún, rud a mhéadaigh ar an mbá a bhí á chothú don mBriotáin. Tá an choimhlint idir an Lár agus an tImeall mar chuid thábhachtach den dioscúrsa timpeall ar an bhFrainc le linn na hAthbheochana, faoi mar a fheicfear tríd síos an tráchtais seo.

Bhí baint mhór ag cúrsaí creidimh leis an tacaíocht a bhí ag fás don mBriotáin. Sna foilseacháin ón Athbheochan, tá tuilleadh fianaise ar theagmháil leis an bhFrainc, leis an bhFrainc Chaitliceach, go príomha. Bhí íomhá na Fraince á múnlú ar bhonn Caitliceach, mar sin, ainneoin na n-athruithe sa chaidreamh idir an Eaglais agus Stát na Fraince. Ní foláir nó go raibh brú millteach ar na hAthbheochanóirí, a raibh cur amach acu ar an tír, agus teacht acu ar nuachtáin na tíre, an íomhá seo den bhFrainc a chur chun cinn. Déanfar ceist an chreidimh a chíoradh i gcaibidil a trí.

10 Cuirfear fianaise ar fáil ar ball agus i gcaibidil a dó. Féach freisin gur ardaigh O’Leary an cheist i leith thagairtí do Ibsen, Bjornson, Tolstoi, Gorki, Joki: ‘Was there more than name-dropping involved in such cultural roll calls […] none of the references by the Gaels goes beyond a mere conjuring up of rather exotic names and exemplary contributions to the revival movements in their respective nations’. O’Leary, The Prose Literature of the Gaelic Revival, 81. 12

Caibidil a hAon

Sa chaibidil seo, is é an comhchaidreamh cultúrtha is mó a mbeifear ag díriú air, agus ar na daoine a chothaigh nasc cultúrtha idir an Fhrainc agus Éire. I réimse na litríochta is mó a fheicfear rian na Fraince toisc gur cheadaigh sí tráchtaireacht ailtéarnach ar an gcultúr, tráchtaireacht a bhí lasmuigh de théarmaí tagartha chultúr na Breataine. Samhlaíodh litríocht Shasana go drochmheasúil mar chultúr ‘íseal’, mar is léir ó óráid cháiliúil de hÍde.11 Ní haon ionadh go raibh Athbheochanóirí ag iarraidh nasc a chothú idir an Ghaeilge agus litríocht ‘uasal’ na Fraince, nasc a dhéanfadh nualitríocht na Gaeilge a ‘uaisliú’. Tríd an bpróiseas seo, bhréagnófaí íomhá na Gaeilge mar theanga bhocht, imeallaithe, agus dhéanfaí í a lárnú i gcomhthéacs Eorpach. Beifear ag breathnú ar idirghabhálaithe idir an dá thír a scríobh faoin bhFrainc chun an comhchaidreamh cultúrtha seo a fhiosrú. Is í an téis a chur Jérôme aan der Wiel chun tosaigh ina leabhar The Irish Factor 1899-1919 ná go raibh cúrsaí taidhleoireachta idir an dá thír ciúin go leor tar éis shíniú an Entente Cordiale sa bhliain 1904 agus gur dhein Scaradh na hEaglaise le Stát na Fraince i 1905 díobháil mhór don gcaidreamh Franc-Éireannach. 12 Tá na tuairimí seo bunaithe ar thaighde a deineadh i gcartlanna míleata agus taidhleoireachta in Éirinn agus ar an Mór-roinn. Níl an téis seo ag teacht salach ar an argóint a bheidh á cur chun cinn anseo, is é sin, go raibh daoine agus foilseacháin áirithe de chuid na hAthbheochana báúil i leith na Fraince, agus gur chuir siad íomhá faoi leith den bhFrainc chun cinn, íomhá a raibh gá a mhúnlú agus a chur in oiriúint do fhís na nAthbheochanóirí go minic. Sampla bunúsach den gcontrárthacht seo ná an tslí ar glacadh leis an bhFraincis, gan stádas na teanga sin mar theanga impiriúil a cheistiú. Chífear i gcaibidil a ceathair go raibh na hAthbheochanóirí ábalta caitheamh anuas ar chumhachtaí impiriúil na hEorpa, agus neamhaird a dhéanamh, den gcuid is mó, ar impiriúlachas na Fraince, agus ar an gcos ar bolg a bhí á dhéanamh sa bhFrainc ar mhionteangacha. Tá fréamhacha an mheoin sin le fáil sa chaibidil seo, toisc go rianaítear an caidreamh a bhí ag Athbheochanóirí tábhachtacha leis an bhFrainc ó thaobh fhoghlaim na Fraincise, taisteal chun na Fraince agus comhchaidreamh cultúrtha de.

11 Dubhghlas de hÍde, ‘On the Necessity of De-Anglicising Ireland’, in Vivian Mercier and David H. Greene, 1,000 Years of Irish Prose: The Literary Revival (New York: Grosset and Dunlap, 1961), 78- 89. 12 Jérôme aan der Wiel, The Irish Factor 1899-1919 (Dublin: Irish Academic Press, 2008). 13

Caibidil a hAon

Foghlaim na Fraincise i measc Conraitheoirí áirithe

Féachfar anois ar fhoghlaim na Fraincise i measc phearsana móra na hAthbheochana, an Craoibhín Aoibhinn agus an Piarsach. Bhí foghlaim na Fraincise coitianta faoin tuath freisin, mar a chífear i gcás Mhíchíl Bhreathnaigh agus Pheadair Uí Laoghaire. Níorbh iad na fir amháin a chaith dua leis an bhFraincis a fhoghlaim. Ba chuid lárnach í an Fhraincis in oideachas na mban meánaicmeach taca an ama seo, agus an fhianaise sin le feiscint i gcás Shaidhbh Thrínsigh, Mháire Ní Chinnéide, Mháire Ní Aodáin agus Mháire de Buitléir.13 Tabharfaidh na samplaí seo léargas ginearálta dúinn faoi eolas na nAthbheochanóirí ar an bhFraincis, léargas a bheidh á fhorbairt sa chéad chaibidil eile.

Thosnaigh Dubhghlas de hÍde ar an bhFraincis a fhoghlaim agus é an-óg. Chabhraigh aintín leis chun an teanga a fhoghlaim:

When I was very young I got a little teaching in French from Cecily Hyde at Drumkilla, and I continued on my own at it, but when I started on Greek and Latin I forgot almost all of it. […] But in the last month of the year 1876 I began to read the first book I ever read in French, the History of Charles XII by Voltaire, and I finished it on January 18 of last year.14

Níos déanaí ina shaol, thug sé faoin bhFraincis, i measc ábhar eile, ag an ollscoil. D’éirigh go maith leis ag Coláiste na Tríonóide agus bhuaigh sé go leor duaiseanna:

In his first term he gained first class honours and second place in German with a prize of four or five pounds (he wasn’t sure at the time of writing); a year later he gained first class honours in French and German, with a prize of four pounds for each. In April 1884 he came first in Italian with 75%.15

Nuair a bhí Dubhghlas de hÍde ag triall Gaeilge a scríobh ina dhialann i mí Bealtaine na bliana 1874, ba ar bhonn foghraíochta a bhreac sé na focail: ‘Ra la bau. rocka mae a Ratra geera cunnein. neil vais-mae obultha worra cunnien-’ ach, ag an bpointe seo,

13 Féachfar i gcaibidil a dó go raibh an Fhraincis mar chuid lárnach d’oideachas na mban i mórán scoileanna in Éirinn. 14 Dominic Daly, The Young : The Dawn of the Irish Revolution and Renaissance: 1874-1893 (New Jersey: Rowman and Littlefield, 1974), 2. 15 Ibid., 48. 14

Caibidil a hAon

chuir sé deireadh leis an streachailt agus d’iompaigh sé ar an bhFraincis, a bhí, ag an tráth seo, níos fusa dó ná an Ghaeilge: ‘-car Morris avait tiré plusieurs coups. Hart était ici. J’étais estropié de sorte que je ne pouvais pas revenir à la maison’.16

In aois a trí déag, chum sé dán as Fraincis inar chuir sé síos ar a shúile tinne:

J’ai grand mal aux mes yeux, Dit le brave D.H. J’ai grand mal aux mes yeux, Dit le brave D. H. J’ai grand mal aux mes yeux, Aux mes yeux si beaux et bleus, Mais enfin je suis au bout, Dit le brave D. H.17

Tá fianaise i leabhar Dominic Daly gur dhein sé roinnt éigin ceapadóireachta as Fraincis agus é óg. De réir mórshaothair ar bheatha de hÍde, a scríobh an bheirt Dunleavy, d’fhág sé dialanna, litreacha, cóipleabhair ‘written mostly in Irish but also in English, French, German, and occasionally Latin and Greek’.18 Nuair a thosnaigh sé ag foghlaim na Fraincise, choimeád de hÍde cuntas ina dhialann ar na saothair a léigh sé as Fraincis:

In French I read ‘Charles XII’; a couple of hundred pages of the ‘Life of Louis XVII’; ‘Paul and Virginia’; ‘The Princess of Babylon’ etc; ‘Le Diable Boiteaux’ by de Sage. More than three hundred pages of the ‘Confession’ of Rousseau; ‘Le Médecin Malgré Lui’; a good part of a story by ‘Chartria’ entitled ‘The Blocus’; and other small pieces which I do not remember now.19

Ba sa bhliain 1878 a thug an Craoibhín Aoibhinn a chéad chuairt ar an mór- roinn agus b’fhada leis a chéad thuras eile, go dtí an Fhrainc, go háirithe. Thriall sé an teagmháil leis an bhFrainc a choinneáil trína chuid léitheoireachta:

To keep the French experience alive within him he had had to content himself with reading and rereading. For years Rousseau’s Confessions and

16 Ibid, 7. 17 Ibid, 7. 18 Janet Eagleson Dunleavy, Gareth W. Dunleavy, Douglas Hyde: a maker of modern Ireland (California: University of California Press, 1991), 15. 19 Daly, The Young Douglas Hyde, 4. 15

Caibidil a hAon

the Maxims of Rouchefoucauld, both bought on the quays during his memorable first tour, had been among his favourite books. Steadily and purposefully, his progress recorded in his diary, he also had forged his way though the French classics, French philosophy, French political thought, and French history. These readings had developed the sophistication he needed for a greater appreciation of Voltaire. They had sharpened his appetite for ideas and had aroused new intellectual passions. 20

Tá sé suntasach go luaitear an tuiscint a bhí aige ar Voltaire toisc go n-áirítear Voltaire i measc scríbhneoirí na Fraince a bhí ‘contúirteach’ don léitheoir Gaelach. Ní hamháin san, ach chífear i gcaibidil a trí gur cuireadh an milleán air as borradh a chur faoin bhfrithchléireachas sa bhFrainc. Leanann an cuntas céanna ar a nósanna léitheoireachta ar aghaidh mar seo:

One year the ‘great book’ was Emile. Another year he copied into his commonplace books long passages from the works of George Sand. Molière so fascinated him that he filled page after page of his diary with a long critical commentary on the French playwright’s entire dramatic canon. Studying Taine and Carlyle, he declared that never had he read ‘anything in which French good sense and clear eye were more conspicuous’. When discussions among members of Young Ireland turned to new political and philosophical theories, especially those Continental in origin, Hyde listened intently. Paris, with which Maud Gonne, Yeats, and others seemed so familiar, was for him a City of Light in more than the usual sense. French was a language of new values. It often had served as a bridge between his Anglo-Irish and Irish-Gaelic personae.21

Is suimiúil go raibh an Fhraincis ar nós droichid aige idir an ghné Angla-Éireannach agus an ghné Ghaelach dá phearsantacht agus gur shamhlaigh sé í mar theanga a bhain le ‘luachanna nua’. Measaim gurbh amhlaidh a bhí do roinnt mhaith Athbheochanóirí taca an ama seo, go háirithe iad siúd de bhunadh meánaicmeach agus de bhunadh na cathrach. Fuair Máire Ní Chinnéide, Úna Ní Fhaircheallaigh, Pádraig Mac Piarais, Dubhghlas de hÍde agus daoine nach iad, spléachadh ar shochaí ‘shiabhialta’ trína gcuid staidéar ar an bhFraincis. Bhí an cultúr bourgeois i bhfad ní ba chóngaraí dóibh ná mar a bhí cultúr an traidisiúin bhéil faoin tuath. Bhí meas acu ar luachanna an chultúir bourgeois agus bhíodar ar a ndícheall gnéithe measúla den

20 Dunleavy, Douglas Hyde: a maker of modern Ireland, 127. 21 Ibid, 127-8. 16

Caibidil a hAon

gcultúr sin a thabhairt isteach sa chultúr Gaelach a bhí á mhúnlú acu, mar a léireofar tríd an tráchtas seo.

Chaith de hÍde seal i New Brunswick i gCeanada i 1890, ag léachtóireacht ar litríocht na Fraince, na Gearmáinise agus an Bhéarla. Ina chuid focal féin: ‘I did not find any great difficulty in that’.22 I measc na saothar a phléigh sé sna ranganna, bhí Le Bourgeois Gentilhomme, Le Malade Imaginaire, Betrand et Raton, & L’Avare.

Le lucht an dara bliain léigh sé L’Abbé Constantin agus sleachta ó Turrel. Bhí Le Voyage de M. Perrichon, Le Siège de Berlin et d’autres contes le Daudet, Le voyage de Christophe Colombe le Chateaubriand ar chlár na chéadbhliana.23

Ar nós de hÍde, dhein an Piarsach staidéar ar an bhFraincis ar an ollscoil. Bhain sé céim amach sa Ghaeilge, sa Bhéarla agus sa bhFraincis sa bhliain 1900, an bhliain chéanna ar chríochnaigh sé a chuid scrúduithe sa dlí. Deir Ruth Dudley Edwards an méid seo mar gheall ar a chuid torthaí BA:

As in all those examinations he won an exhibition for a good but not brilliant performance. His subjects were English, Irish and French, and although he did not take first-class honours, he was second of the nine second-class honours. In his law exams he came near the top of the King’s Inns group, and in June he was called to the Bar.24

Athbheochanóir eile a dhein staidéar ar an bhFraincis ab ea Mícheál Breathnach, ach murab ionann agus de hÍde agus an Piarsach, ní raibh tacaíocht institiúide á fáil ag an mBreathnach. Rinne sé staidéar ar an bhFraincis go neamhspleách tar éis a chuid oibre le Conradh na Gaeilge i Londain. Tuairiscíodh san Irish Peasant i ndiaidh a bháis: ‘When he had time, he studied French and Latin and wrote ’.25 Bhí cáil ar an mBreathnach as a bheith ilteangach:

Bhí togha eolais aige ar an nGaeilge, agus bhí roinnt eolais aige ar an Laidin agus ar an bhFraincis faoin am sin [1905]. Ceapann a lán go raibh eolas aige

22 Daly, The Young Douglas Hyde, 138. 23 Ibid., 141. 24 Ruth Dudley Edwards, : The Triumph of Failure (London: Victor Gollancz, 1977), 47. Féach freisin Joost Augusteijin, Patrick Pearse: The Making of a Revolutionary (Basingstoke: Palgrave McMillan, 2010), 65. 25 The Irish Peasant, 7 Aibreán 1906, 6. 17

Caibidil a hAon

ar gach teanga san Eoraip, beagnach, ar deireadh ach seo mar a bhí: bhí Fraincis aige mórán chomh maith le Béarla, agus bhí an Béarla go hálainn. Bhí an oiread Laidine aige is a bheadh ag teastáil ó dhuine san Matriculation. Bhí an oiread Gearmáinise aige is go bhféadfadh sé comhrá a thuiscint. Fuair sé deich gceacht i Rúisis, ach níor lean sé di.26

Tar éis dó bliain a chaitheamh i dTuar Mhic Éadaigh, fuair sé Ollúnacht na Gaeilge i gColáiste Iarfhlatha i dTuaim. Ach níorbh fhada gur bhris a shláinte arís. D’éirigh sé as an bpost agus chuaigh sé go dtí an Eilbhéis. Ba i ngeall ar an tréimhse seo san Eilbhéis a fuair sé deis feabhas a chur ar a chuid Fraincise agus a chuid Gearmáinise. 27 Ba as an Lochán Beag in Indreabhán don mBreathnach; mar sin d’fhéadfaí a áiteamh nár bhain foghlaim na Fraincise le muintir na cathrach amháin.

Fear eile de bhunadh na tuaithe a raibh an Fhraincis aige ná an tAthair Peadar Ó Laoghaire. Is spéisiúil an cur síos a rinne an tAthair Peadar ar eolas ar an bhFraincis i measc ghlúin a mháthar. Cuireadh máthair Pheadair agus deirfiúr léi siar go Cill Airne ar scoil:

I dteannta na nithe eile a múineadh di i gCill Airne múineadh roinnt éigin Fraincise di. Ní dócha gur múineadh an Fhraincis di i dtreo go dtuigfeadh fear ón bhFrainc í, ach múineadh di í chomh maith agus a féadfadh [sic] é. Nuair a chuaigh sí ag triall ar a deartháir agus bhí sí ag cabhrú leis sa scoil, is ag múineadh Béarla agus Fraincise a bhíodh sise, agus eisean ag múineadh na Laidine agus na Gréigise. Ansin, nuair a bhí sí ceithre bliana is fiche nó mar sin, pósadh í féin agus m’athair agus tháinig sí go Lios Caragáin.28

Is léir go raibh a mháthair an-díograiseach maidir le hoideachas a chur ar a mac agus thug sí a lán leabhar léi go dtí a tigh nua:

Thug sí léi mórán leabhar, leabhair Bhéarla agus leabhair Fhraincise. Chomh luath agus a bhí mise ábalta ar aon mhúineadh a ghlacadh thosnaigh sí ar Bhéarla a mhúineadh dom, agus ansin ar an bhFraincis a mhúineadh dom, i dtreo go mbínn bodhar go minic ó dhaoine a thagadh isteach, nó a bhuaileadh umam amuigh, á iarraidh orm Fraincis a labhairt dóibh.29

26 Tomás Mac Domhnaill agus Seán Mac Énrí (eag.), Mícheál Breathnach: Scríbhinní (Indreabhán: Cló Iar-Chonnachta, 2009), 26-27. 27 Ibid., 27. 28 Peadar Ó Laoghaire, Mo Scéal Féin (Baile Átha Cliath: Cló Thablóid, 1999), 20. 29 Ibid., 20. 18

Caibidil a hAon

Tá sé le tuiscint uaidh seo go raibh stádas nó gradam ar leith ag baint leis an bhFraincis mar theanga, gur mhinic í ina comhartha go raibh oideachas ar dhuine.

Rugadh Tadhg Ó Donnchadha sa Ghleann, Carraig na bhFear i gContae Chorcaí ar an 4 Meán Fómhair 1874. Bhí a athair ina fheirmeoir agus, níos déanaí, bhí sé ina rúnaí ar chraobh Charraig na bhFear de Chonradh na Gaeilge. Síle, nó Julia, Ní Éigeartaigh ab ainm do mháthair Thaidhg. 30 Fuair sé oideachas meánscolaíochta sa Mhainistir Thuaidh i gCorcaigh agus ina dhiaidh sin chuaigh sé go Drom Conrach, áit ar bhain sé Teastas Múinteora amach sa bhliain 1894. Chaith sé seal ina mháistir scoile ansin agus ceapadh é ina eagarthóir ar Irisleabhar na Gaedhilge i 1902.31 Bhí sé ina Ollamh le Gaeilge i nDroim Conrach ar feadh ceithre bliana ach d’fhág sé an ardchathair i 1916 chun Cathaoir na Gaeilge a thógaint in Ollscoil Chorcaí. D’éirigh sé as an ollúntacht nuair a shroich sé seachtó bliain d’aois, tar éis ocht mbliana is fiche a chaitheamh ann.32

Tugann Cormac Ó Cuilleanáin cuntas ar chumas Thórna sna teangacha agus ar an spéis a léirigh sé i litríocht ó thíortha éagsúla:

Bhí togha an eolais aige, de thoradh dianstaidéir ar an nGearmáinis agus ar an bhFrainncis, agus ar na teangthacha Ceilteacha. Agus ní insa teangthacha féin a chuir sé an spéis go léir ach sa leitríocht a bhain leo, agus aon áit riamh go dtáinig sé suas le rud go raibh buadh simplíochta agus áilleachta agus daonnachta ag baint leis, níos scar sé leis go raibh éide Ghaelach curtha aige air. Idir bhun-cheapadóireacht agus aistriúchán is dócha go bhfuil cúig chéad píosa filíochta againn uaidh ar fad. 33

Cé nár sonraíodh cá háit go díreach a bhfuair Tórna cur amach ar na teangacha seo, is dócha gur trí staidéar neamhspleách a d’fhorbair sé a chuid scileanna teanga.

30 ‘Tadhg Ó Donnchadha’, ainm.ie. Ar fáil ag: [Rochtain: 18/03/2012]. 31 Ibid. 32 Cormac Ó Cuilleanáin, ‘Tórna’, Comhar, Iml. 9, Uimh. 1, Eanáir, 1950, 10-11. 33 Ibid. 19

Caibidil a hAon

Bhain Liam Ó Briain B.A. céad onóracha amach sa Ghaeilge, sa bhFraincis agus sa Bhéarla ó Ollscoil Ríoga na hÉireann i 1909.34 Áiríonn O’Leary Éamonn Ó Néill agus Cathaoir Ó Braonáin i measc ‘the League’s most prominent Francophiles’.35 Is dócha gur i ngeall ar a gcuid tráchtaireachta ar litríocht Fraincise atá an tuairim sin bunaithe. D’fhreastail Ó Braonáin ar Choláiste Bhréanainn i gCill Airne agus ar Choláiste Phádraig, Maigh Nuad; mar sin, ní foláir nó dhein sé staidéar ar an bhFraincis i gceann éigin den dá háit sin. Bhain Éamonn Ó Neil B.A. amach, cé nach fios na hábhair, agus chóirigh sé dráma de chuid Molière a léiríodh sa bhliain 1911.36

Bhí áit lárnach ag an bhFraincis in oideachas na mban sa tréimhse 1893-1922. Bhain Máire Ní Aodáin M.A. Onóracha amach sna NuaTheangacha i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath.37 Rinne Máire Ní Shíthe staidéar ar an bhFraincis ag Clochar na Trócaire, Cloich na Coillte agus d’aistrigh sí Molière go Gaeilge.38 Bhí an Fhraincis mar ábhar ag Úna Ní Fhaircheallaigh agus í ar an meánscoil ag Clochar an Chreidimh Naofa i nGlas Naíon. Nuair a d’fhág sí an scoil tar éis dá hathair éirí breoite ‘fostaíodh oide sa bhaile ionas go leanfadh Farrelly uirthi ag foghlaim an cheoil agus na Fraincis ach go háirithe, ábhair a bhain go dlúth le ‘the orthodox education of a girl’, mar a mhaígh sí féin.39 Rinne Lil Nic Dhonnchadha staidéar ar an bhFraincise ag Coláiste na Tríonóide nuair a chuaigh sí ann i 1910.40 D’fhreastail Úna Bean Uí Dhíosca ar Choláiste Alexandra. Cuireadh chun na hEilbhéise ar scoil í nuair a bhí sí an-óg ‘áit ar chuir sí sáreolas ar an bhFraincis’.41 Alumna eile de chuid Choláiste Alexandra ab ea Máire de Buitléir agus bhí sí an-mhór leis an Ollamh le Fraincis ann, Monsieur Cadic. Bhí sé an-bhródúil as a cumas sa Fhraincis;

34 ‘Liam Ó Briain’, ainm.ie. Ar fáil ag: [Rochtain: 24/11/2011]. 35 O’Leary, The Prose Literature of the Gaelic Revival, 79. 36 ‘Éamonn Ó Néill’, ainm.ie. Ar fáil ag: [Rochtain: 24/11/2011]. 37 Mary Macken, ‘In Memoriam: Mary T. Hayden’, Studies, Iml. 31, Uimh. 123, Meán Fómhair 1942, 369-371. 38 Brenda Ní Ríordáin, ‘Cébh í ‘Dul Amú’? Máire Ní Shíthe, 1868-1955, Drámadóir, aistritheoir, conraitheoir’, Comhar, Iml. 52, Uimh. 8, Lúnasa 1993, 40-44. 39 Kathleen Brennan, ‘Dr. Agnes O’Farrelly’, The Leader, 19/8/1944, 8; luaite in Ríona Nic Congáil, Úna Ní Fhaircheallaigh agus an Fhís Útóipeach Ghaelach (Gaillimh: Arlen House, 2010), 44. 40 ‘Lil Nic Dhonnchadha’, ainm.ie. Ar fáil ag: [Rochtain: 24/11/2011]. 41 ‘Úna Uí Dhíosca’, ainm.ie. Ar fáil ag: [Rochtain: 25/11/2011]. 20

Caibidil a hAon

de réir a beathaisnéisí, Máiréad Ní Chinnéide, ba ‘léir ó scríbhinní Mháire go raibh an-chur amach aici ar litríocht na Fraince agus an-dúil aici inti’.42 Lean Máire agus a deirfiúir, Belinda, cúrsa B.A. i gColáiste Alexandra, cé nach ndearna ceachtar acu scrúdú na céime. Déanann Ní Chinnéide amach go raibh baint ag cúrsaí cleamhnais leis seo: ‘B’fhéidir gur shíl a máthair go laghdódh céim ollscoile a seansanna chun cleamhnas maith a dhéanamh’.43 Ní foláir nó go raibh ardchumas sa bhFraincis aici mar gur scríobh sí cuntas fada i bhFraincis ar stair Bhuitléarach Bhun na hAbha sa bhliain 1916. Tá an cuntas sin i gclochar Saint Michel de Kergonan i bPlouharnel sa Bhriotáin, mar a raibh Belinda ina bean rialta.44

Bhain Máire Ní Chinnéide B.A. amach sa Nualitríocht sa bhliain 1900, agus M.A. ina dhiaidh sin, agus is léir ón iliomad alt a scríobh sí go raibh saineolas aici ar nualitríocht na Fraince, saothar ar nós Anatole France, René Bazin, Alphonse Daudet, Pierre Loti, agus scríbhneoirí eile nach iad. Beifear ag scrúdú a cuid tráchtaireachta ar na húdair seo le linn an tráchtais. D’fhreastail Ní Chinnéide ar Choláiste na nDoiminiceach, An Charraig Dhubh, agus ar Ardscoil Mhuire i gCearnóg Mhuirfean. Bhí píosa uirthi san iris Banba i 1903, iris a chuir Craobh an Chéitinnigh amach ó 1901-1906.45 Bhí pictiúr di ar lá bhronnadh a céime leis an alt.

Fuair sí moladh fé leith ’na céad, a dara, is a tríomhadh scrúdughadh fé chúram an Mheadhon-Oideachais; agus fuair sí an moladh ceadna ’san chéad ’san dara agus ’san tríomhadh céim i gCúrsa na nDeigh-Chéird fá’n Árd-Scoil Rioghamhail. Ar Ard-Scoil Mhuire i nDomhnach Broc tá a buidheachas ar a son so go léir.46

Is dócha gur dhein sí a cuid scrúduithe Meánoideachais ar an gCarraig Dhubh nó i nDomhnach Broc, ach is cinnte gur fhreastail sí ar léachtaí i gCearnóg Mhuirfean chun ullmhú do scrúduithe na céime, tráth nár ceadaíodh do mhná freastal ar léachtaí san Ollscoil Ríoga. In aon rang léi in Ardscoil Mhuire, bhí Úna Ní Fhaircheallaigh,

42 Máiréad Ní Chinnéide, Máire de Buitléir: Bean Athbheochana (Baile Átha Cliath: Comhar Teoranta, 1993), 22. 43 Ibid., 23. 44 Ibid., 109. 45 Seán Ó Cearnaigh, An Stad: Croílár Na hAthbheochana (Baile Átha Cliath: Comhar Teoranta, 1993). 46 Banba, Iml. II, Uimh. 7, Imliogán 1903, 237. 21

Caibidil a hAon

Hannah Sheehy Skeffington, a deirfiúr siúd, Mary Sheehy Kettle agus Helena Bhreathnach a phós Tomás Bán Ó Concheanainn.

Tá a fhios againn go raibh Fraincis (scríofa) ag John, athair Mháire, mar scríobh sé litir chuig a iníon, Bessie, agus í ar scoil chónaitheach i Learpholl ag Compánaigh Dhílse Íosa, ord rialta ón bhFrainc. Cé go raibh muintir Chinnéide go maith as – meánaicmeach, fiú, luaigh garmhac Ní Chinnéide, Torlach O’Connor, in agallamh liom gur theip ar ghnó an athar agus go raibh air dul ag obair mar dhíoltóir taistil. Ní raibh sé d’acmhainn ag an teaghlach Bessie a chur go dtí na Doiminicigh in Éirinn, ach bhí nasc cleamhnach ag an athair le Compánaigh Dhílse Íosa i Sasana.47 Óstán i gCorcaigh a bhí mar sheoladh ar an litir seo a chuir John chuig Bessie agus ba i bhFraincis a scríobhadh an litir. Tugann an méid seo le fios go mbeadh tacaíocht ar fáil do Mháire ón mbaile agus í ag foghlaim na Fraincise.

Tá cur síos déanta ag Mary Colum ina leabhar Life and the Dream (1966) ar an teagmháil a bhí aici le litríocht na Fraince lasmuigh den scoil. Bhí uncail léi pósta ar Fhrancach mná agus bhí litreacha á scríobh acu chuig a chéile: ‘But the letters I liked best were from the French wife of an uncle, written in French’.48 Fuair sí comhairle ó bhean a uncail i leith cad nár chóir di a léamh:

Though I saw her rarely enough, I remember her singing of French songs, and her reciting De Musset and Lamartine. She would write me warnings against ever reading Zola, though she thought that when I grew older I might read a few selections from Flaubert for his style, which she thought was the most wonderful that had ever been achieved. She made me so interested in French literature that my natural delight and interest in anything written in French grew and grew through her correspondence.49

Is díol suntais é an rabhadh a thug a haintín di i dtaobh Zola a léamh mar chífear i gcaibidil a trí gur rabhthas géar go leor faoi Zola i nuachtáin na hAthbheochana i ngeall ar a fhrithchléireachas. Léiríonn sé seo gur samhlaíodh an litríocht dhainséarach le Zola fiú i measc na bhFrancach féin. Féach freisin an meas a taispeánadh do stíl Flaubert, rud a threisíonn leis an tuairim go raibh litríocht na

47 Bhí beirt neacht ag an gcéad bhean chéile a bhí ag John san ord sin i Sasana. 48 Mary Colum, Life and the Dream (Dublin: Dolmen Press, 1966), 29. 49 Ibid., 30. 22

Caibidil a hAon

Fraince á háireamh i measc na litríochta is fearr ar domhan, gur bhain sé leis an gcultúr ‘ard’.

Bean eile a bhí gníomhach sa Chonradh, agus i gcúrsaí ealaíne i gcoitinne, ab ea Sadhbh Trínseach. De bhunadh Angla-Éireannach Prostastúnach ab ea í. Rugadh Frances Georgiana Chenevix Trench i Tue Brook, Learpholl ar an 3 Feabhra 1891. Cé gur cailleadh í go hóg, in aois a fiche seacht, bhí saol éagsúil, dúthrachtach caite aici. Biocáire ab ea a hathair, Herbert Francis Chenevix Trench, agus ba de bhunadh Uíbh Fhailí a máthair, Isabella Catherine Trench. Thosnaigh sí ar an nGaeilge a fhoghlaim i gcraobh an Chonartha i Londain tar éis dá col ceathrar, Diarmuid Trínseach, an aibítir a mhúineadh di agus dá deirfiúr.50 Bhí sí seacht mbliana déag nuair a chuaigh sí isteach sa Chonradh don gcéad uair; ba mhór an spreagadh a thug Diarmuid di le linn a saoil. Ba í Hilary Pyle a chuir dialann Cesca, nó Shadhbh Trínsigh, in eagar. Deir Pyle gur dúshlán a bhí ann, go háirithe toisc gur dhialann thrítheangach a bhí ann.

The invitation to translate (which also meant to decipher) her personal journal was a challenge, and a tempting challenge. The manuscript notebooks are written in Irish, English and French, the latter language when she was at art school in Paris, and sometimes she resorts to a mixture of the three.51

Sa bhliain 1912 chuaigh Trínseach go Páras ag déanamh staidéir ar an bpéintéireacht in atelier Ménard. 52 Rinne sí cártaí Nollag a dhearadh don gConradh an bhliain dar gcionn agus lean lena cuid staidéir i bPáras. D’fhreastail sí ar ranganna sa tSeanGhaeilge agus sa Bhriotáinis sa Sorbonne agus í i bPáras i 1914. D’fhill sí ar Éirinn agus bhí sí ag Binn Éadair tráth ar tugadh gunnaí i dtír ann ar an 26 Iúil 1914. Ba í Sadhbh a dhear an clúdach do leabhar Phádraic Uí Chonaire, An Chéad Chloch. Bhí sí féin agus a deirfiúr, Margot, i gCumann na mBan. Cé gur aontachtóir ab ea a máthair, náisiúnaithe a bhí sna hiníonacha. B’fhéidir gur cheadaigh a tréimhse i bPáras do Shadhbh éalú ó thuairimí polaitiúla a muintire, agus a suim i gcúrsaí Gaelacha a fhiosrú. Is féidir í a áireamh i measc na n-idirghabhálaithe idir Éire agus an Fhrainc a bhí chomh tábhachtach sin le linn na hAthbheochana.

50 Hilary Pyle, Cesca’s Diary (Dublin: The Woodfield Press, 2005), 8. 51 Ibid., xxv. 52 Ibid., vi. 23

Caibidil a hAon

Taisteal chun na Fraince

Tá sé díreach feicthe againn gur dhein cuid mhór Athbheochanóirí staidéar ar an bhFraincis go neamhspleách nó go foirmeálta. D’fhonn cur lena gcuid eolais ar an bhFraincis is ea a thaistil Athbheochanóirí áirithe go dtí an Fhrainc. Tugann na cuairteanna seo le fios go raibh eolas maith ag a lán acu ar an bhFrainc. Treisíonn sé seo an teoiric a bheidh á háiteamh anseo, .i. gur ghníomh comhfhiosach a bhí i gceist leis an mbrú faoi chois agus leis an gcinsireacht a fheicfear níos déanaí, agus na hAthbheochanóirí ag múnlú íomhá na Fraince de réir a gcuid riachtanas féin. Chuaigh leithéidí Shadhbh Thrínsigh ann chun tabhairt faoin ealaín ach d’fhoghlaim sí an tSeanGhaeilge agus an Bhriotáinis ann. Chuaigh Athbheochanóirí eile ann ar laethanta saoire. Ba sa bhliain 1887 a thug an Craoibhín Aoibhinn a chéad chuairt ar an mór-roinn agus bhí sé ag tnúth go mór lena chéad thuras eile. Chuaigh an Fhrainc i bhfeidhm go mór air, is cosúil. In earrach na bliana 1887, i dteannta a charad, Mackey Wilson, fuair sé an deis filleadh ar an bhFrainc:

In the spring of 1887, following the usual route from Dublin to Paris, via Holyhead, London, and Folkestone, Hyde and Wilson set out for France. Hyde regretted bypassing Brittany. Annette [his sister] had assured him that he would find this Celtic province fascinating. In Paris his disappointment vanished as he and Wilson spent a few days sipping aperitifs in boulevard cafés, indulging themselves in fine French dinners, and making the rounds of the best-known Parisian cabarets. Then, marking sights along the way, they set out for the south, following a route that took them through Tours, Angoulême, and Orléans. Bordeaux impressed Hyde particularly: still quite unsophisticated, he had not anticipated there being so large a city outside Paris.53

Tá léiriú suimiúil ar an Imeall agus ar an Lár sa chuntas seo ar a thuras sa bhFrainc. Níl aon dabht ach gur saol bourgeois a bhí á chaitheamh ag an mbeirt i bPáras, agus nárbh fhada gur dhein de hÍde dearmad ar an dúil a bhí aige sa Bhriotáin. Bhain sé súp as saol sócúlach an Láir. Fuair sé spléachadh ar Lár eile nuair a shroich sé Bordeaux. Mar sin féin, thuig a dheirfiúr go gcuirfeadh sé spéis i réigiún imeallach na Briotáine, i ngeall ar an gceangal Ceilteach idir í agus Éire. Chonaic de hÍde an tImeall nuair a chaitheadar tamall i dTír na mBascach. Bhí iontas ar an gCraoibhín

53 Dunleavy, Douglas Hyde: a maker of modern Ireland, 128. 24

Caibidil a hAon

gurbh as Bascais a tugadh an tsearmóin ag an Aifreann. Ní raibh sé ag súil go mbeadh an teanga seo in úsáid go forleathan. Ba dhíol spéise dó, freisin, go raibh oibrithe feirme sa cheantar nach raibh Fraincis ar bith acu.54 Ní foláir, mar sin, nó gur thuig de hÍde an mhíréir a bhí san íomhá den bhFrainc a bhí á cur chun cinn in Éirinn, nach aon ‘Fhrainc’ amháin a bhí sa tír, aontaithe ag an ‘Lár’ i bPáras, ach go raibh réigiúin sa bhFrainc a bhí ag iarraidh aitheantas a bhaint amach, agus cathracha ‘Lárnacha’ sna réigiúin féin.

I 1893, chaith de hÍde agus a bhean nua, Lucy Kurtz, mí na meala sa bhFrainc, ‘the country he loved best after Ireland’.55 Go Páras ar dtús a bhí a dtriall, mar a dtugadar cuairt ar na háiteanna b’ansa leis an gCraoibhín – na stainníní leabhar cois Seine, an Bibliothèque Nationale. Chuadar ó dheas go dtí Nice chun cuairt a thabhairt ar ‘who was hungry for political anecdotes about Ireland. Duffy had moved to France with his wife and three daughters in 1880, following his retirement as prime minister of Australia’. 56 Blianta dar gcionn, bheadh iníon leis, Louise Gavan Duffy, ag múineadh Fraincise i Scoil Íde, scoil a bhunaigh an Piarsach, go gairid tar éis di a céim a bhaint amach.

Chaith Máire Ní Chinnéide samhradh na bliana 1898 i bPáras agus i bhFlórans. Scríobh sí cuntas ar an turas seo, ‘Travelling Notes’, atá i measc na bpáipéar atá i seilbh a garmhic anois.57 Cé nach bhfuil dáta ar an gcéad iontráil, is léir ón dara hiontráil gur chuaigh sí go Páras i lár mhí Iúil. Ba é an 7 Lúnasa an iontráil dheireanach i bPáras agus, as san, chuaigh sí go Flórans, áit ar fhan sí go dtí lár mhí Mheán Fómhair. Bhí sí naoi mbliana déag ag an am, agus d’fhan sí le Francaigh, muintir Van Neck, teaghlach meánaicmeach, Caitliceach, de réir an chuntais. Is dócha gur eagraigh an scoil an turas seo. Is cosúil nár fhreastail sí ar ranganna foirmeálta agus í ann, ach thug sí cuairt ar iarsmalanna, dánlanna, páirceanna agus caiféanna. Thrácht sí ar an mbia áitiúil, ar nósanna na Fraince, ar stádas na mban agus ar nuachtáin. Is tábhachtach gur le Caitlicigh a d’fhan Ní

54 Ibid., 128. 55 Ibid., 191. 56 Ibid., 191. 57 Torlach O’Connor is ainm dá garmhac. Chuas chun cainte leis ina theach i Co. Áth Cliath in Eanáir 2012. 25

Caibidil a hAon

Chinnéide mar go gciallaíonn sé gur chuir sí aithne ar leagan Caitliceach den bhFrainc.

Feictear an saghas céanna comhchaidrimh chultúrtha i measc na Sítheach, teaghlach mór le rá as Co. Chorcaí. Bhí David Sheehy ina Bhall Páirliminte, ach chaith sé tréimhsí sa phríosún i ngeall ar a chuid gníomhaíochtaí réabhlóideacha. I measc a chlann iníonacha bhí Hanna Sheehy-Skeffingon, a bhain le gluaiseacht na mban, agus Kathleen, a bhí ina ball de Chonradh na Gaeilge. Tharla go raibh nasc ann idir muintir Shíthigh agus teaghlach in Amiens na Fraince, a bhuíochas sin do Choláiste Naomh Mhuire ar Shráid Eccles:

Back in 1904 a link had been forged between the Sheehy family and the Fontaines, in Amiens, thanks to three women: Sophie Raffalovitch, daughter of a rich, Paris-based Russian Jewish banker, in love with Ireland and married to William O’Brien, MP; her friend Blanche Gabrielle Merten, headmistress of a secular girls’ school in Amiens; and Mother Peter, Head of the Dominicans’ school in Eccles Street, Dublin. All were dedicated to furthering the cause of women’s education, and liked to bypass Britain in this field. […] Sophie’s desire to be useful to Ireland had prompted her to organize a regular stay for an Irish girl in the Amiens school. Thus it was that Mary Sheehy, an Eccles Street pupil, became friendly with Germaine Fontaine, a pupil in Amiens École Primaire Supérieure de Filles. This ripened into a friendship between Germaine and the Sheehy family when a year’s exchange was arranged between her and Kathleen Sheehy, the youngest daughter. Germaine became part of the Sheehy household. Hanna had been married to Frank Skeffington for three years, and they were both frequent Sunday visitors at 2 Belvedere Place. Soon they started an exchange, Germaine going to the Sheehy Skeffingtons’ home for French and English readings and conversations with both.58

Léiríonn an sliocht thuas go raibh teagmháil idir Coláiste Naomh Mhuire (scoil ar fhreastal mórán Athbheochanóirí uirthi mar atá luaite cheana) agus scoil sa bhFrainc. Léiríonn sé, freisin, go raibh tóir ar an bhFraincis, go raibh fonn ar Éireannaigh í a labhairt agus litríocht na Fraince a phlé, fiú lasmuigh den gcóras oideachais. Tugann an scéilín beag seo spléachadh ar an gcomhchaidreamh cultúrtha a bhí idir Éire agus an Fhrainc taca an ama seo.

58 Andrée Sheehy Skeffington, Skeff: The Life of Owen Sheehy Skeffington, 1909-1970 (Dublin: The Lilliput Press, 1991), 53-54. 26

Caibidil a hAon

Bhí feidhm seachadta nó craobhscaoilte ag an turas a thug Máire de Buitléir ar an bhFrainc sa bhliain 1920. Scríobh de Buitléir sraith alt sa Catholic Bulletin ar thuras a thug sí chun na Fraince agus chun na hIodáile.59 Cailleadh í sa Róimh i mí na Samhna 1920 ach leanadh le foilsiú a cuid alt faoin turas i ndiaidh a báis. Chuaigh sí ar cuairt chuig a deirfiúr a bhí i gclochar sa Bhriotáin, ach bhí sí sásta roinnt bolscaireachta do chúis na hÉireann a dhéanamh le linn a turais. Sna cuntais seo leag sí béim ar an gcomhbhá láidir a bhí le brath sa bhFrainc i leith chás na hÉireann:

On landing at Calais almost the first thing I saw was a portrait of Mr. in a journal and written underneath: ‘Il declare que l’Irlande veut vivre libre’. […] For the next few days wherever we turned, the name of Ireland and her leaders confronted us, in the press, on placards, on hoardings’.60

Bhí scéal Thraolaigh Mhic Shuibhne i mbéal an phobail ann agus de réir thuairisc de Buitléir, bhí an méid seo le clos ó na Francaigh: ‘Quel héros! quel martyre! Mais quelle infamie pour Angleterre’.61 Pléifear a cuid alt ar an mBriotáin i gcaibidil a cúig ach is leor a rá anseo gur ag léiriú thacaíocht na bhFrancach le hÉirinn a bhí sí den chuid is mó.

Ionad tábhachtach ba ea Páras don gcomhchaidreamh cultúrtha idir Éire agus an Frainc óir b’ann a chuir mórán Éireannach aithne ar an bhFrainc. Féachadh ar Pháras mar Lár Caoin, cé gur chuaigh an íomhá seo i léig thart ar 1913. Tabharfar cuntas air seo, agus ar imeachtaí Gaelacha a bhí ar siúl in ardchathair na Fraince, i gcaibidil a ceathair. I measc na ndaoine a bhí ag taisteal go rialta idir an dá thír, bhí saothar nach beag ar siúl ag an idirghabhálaí Mac Giolla Bhríde, nó William Gibson. D’iarr Sadhbh Trínseach ar Mhac Giolla Bríde ranganna Gaeilge a mhúineadh agus

59 ‘A Breton Fete’, The Catholic Bulletin, Iml. X, Uimh. 12, Nollaig 1921, 769-775; ‘Among Our Breton Kinsfolk I’, The Catholic Bulletin, Iml. XI, Uimh. 6, Meitheamh 1921, 351-354; ‘Among Our Breton Kinsfolk II’, The Catholic Bulletin, Iml. XI, Uimh. 7, Iúil 1921, 416-419; ‘Among Our Breton Kinsfolk III’, The Catholic Bulletin, Iml. XI, Uimh. 8, Lúnasa 1921, 471-474; ‘Among Our Breton Kinsfolk IV’, The Catholic Bulletin, Iml. XI, Uimh. 10, Deireadh Fómhair 1921, 636-639; ‘Among Our Breton Kinsfolk V’, The Catholic Bulletin, Iml. XI, Uimh. 11, Samhain 1921, 695-699; ‘Among Our French and Italian Friends’, The Catholic Bulletin, Iml. XI, Uimh. 12, Nollaig 1921, 770-773. 60 de Buitléir, ‘Among Our French and Italian Friends’, The Catholic Bulletin, Iml. XI, Uimh. 12, Nollaig 1921, 770-773. 61 Ibid. 27

Caibidil a hAon

d’fhreastail sí féin ar na ranganna céanna ag an gCumann Ceilteach sa Sorbonne. Ba mhór an sásamh a bhain sí astu, agus as comparáid a dhéanamh idir an Ghaeilge agus an Fhraincis:

After an evening speaking Irish there with Mac Giolla Bhríde, she wrote, ‘A shiver of delight went through me while I was doing it, it seemed so strong and noble after French or English … I am amazed at the number of similar words there are in French and Irish, ‘Dia do bheatha’, ‘Dieu ta vie’, and many more’.62

Chruthaigh Mac Giolla Bhríde bealach díreach idir an Fhraincis agus an Ghaeilge, bealach nach raibh ag brath ar an mBéarla. Thagair Mary Colum don éadach neamhghnáthach a chaitheadh sé sa chur síos bríomhar a dhéanann sí air:

[T]he most picturesque of those who arrayed themselves in kilts was Lord Ashbourne’s son, William Gibson, afterwards himself Lord Ashbourne, who, when he succeeded to the title, insisted on addressing the House of Lords in Irish. He was one of the Celtophiles who refused to speak the English language and confined himself in conversation to French and Irish. To meet him striding around the foyer of the Abbey Theatre or up O’Connell Street in his kilts and to be greeted by him in Irish ‘Dia ‘gus Muire duit’ or ‘Bonjour, mes petites dames’ was to have experienced an added excitement to the day.63

Is amhlaidh gur glac sé go fonnmhar leis an éide ‘Cheilteach’ agus gur fhéach sé ar an bhFraincis mar shlí chun an Béarla a sheachaint. Toisc go raibh cáil na sofaisticiúlachta ar an bhFraincis, b’fhéidir gur iarracht a bhí ar bun aige an Ghaeilge a ‘uaisliú’ trí í a chur ar aon chéim leis an bhFraincis. Samhlaíodh an Ghaeilge leis an mbochtanas, ach dá n-úsáidfí í sa milieu céanna leis an bhFraincis, seans go bhfeabhsófaí íomhá na Gaeilge, agus go spreagfaí daoine í a labhairt.

I measc mhórscoláirí Briotánacha na Gaeilge a bhí i bPáras taca an ama seo bhí na hollaimh mhóra-le-rá Henri Gaidoz agus Henri d’Arbois de Jubainville. Cé gurbh í an phéintéireacht a thug Sadhbh Trínseach go Páras ar dtús, thapaigh sí an

62 Pyle, Cesca’s Diary, 66. 63 Colum, Life and the Dream, 92. 28

Caibidil a hAon

deis staidéar a dhéanamh ar an tSeanGhaeilge faoi stiúir Gaidoz sa Sorbonne. 64 Chuaigh Úna Ní Fhaircheallaigh go Páras ag deireadh na bliana 1899 chun dul i mbun staidéir.65 Dhein sí staidéar ar Nualitríocht na Fraincise sa Sorbonne agus d’fhreastail sí ar ranganna Ceiltise a bhain le de Jubainville.66 Céim Mháistreachta a bhí idir chamáin aici ann.67

Idirghabhálaí tábhachtach eile sa tréimhse seo ba ea Jean Malye. Is mar ‘shadowy figure’ a chuireann McCormack síos ar Malye, ‘who claimed to have been [Maurice] Barrès’ secretary at some undisclosed moment and who later worked as an editor among Parisian publishing houses’.68 Sonraíonn Malye an ‘nóta Ceilteach’ go minic, nuair a mhol sé La Revue des Nations mar an ‘organe de la Ligue Celitque Française’.

Jean Malye featured more or less at quarterly intervals throughout 1914 [in The Irish Review]: in January providing a ‘Chronique de France’, much of it devoted to puffing a new journal, L’Art de France; in May describing ‘Le Mouvement Philosophique en France’, in which Emile Bertroux and Henri Bergson figured, scientism was denounced and the Celtic note played yet again; in July-August assessing ‘Le Home Rule et la France’. All of these appeared in French, apparently without editorial adjustment. The last concluded – ironically in the light of Casement and Plunkett’s subsequent German contacts – ‘La France aidera l’Irlande à prendre sa place parmi les grandes nations, à devenir une nation européëne’.69

Carachtar spéisiúil is ea Malye agus ní foláir tuilleadh tochailte chun a chuid gníomhachtaí go léir a thabhairt chun solais.

Ar an taobh eile den gcomhchaidreamh cultúrtha, bhí Francaigh a tháinig ar cuairt go hÉirinn. Ina measc siúd a tháinig le linn bhlianta an fin de siècle, sonraíonn Mc Cormack Louis Marin, antraipeolaí agus fear polaitíochta de droit a scríobhann

64 Pyle, Cesca’s Diary, 66. 65 Nic Congáil, Úna Ní Fhaircheallaigh, 86. 66 Táim buíoch den Dr Ríona Nic Congáil as an eolas seo a roinnt liom. 67 Ní Chinnéide, Máire de Buitléir, 49. 68 Mc Cormack, Dublin 1916, 88. 69 Ibid., 94. 29

Caibidil a hAon

Herman Lebovics air ina leabhar True France. 70 I measc na gcuairteoirí, luann McCormack:

The presence of French intellectuals in Ireland during the fin de siècle years (loosely defined) arose mainly on a short-term basis. The most notable figure was the writer Guy de Maupassant (1850-1893) who visited his cousin Florimond Alfred Jacques de Basterot (1836-1904) at the latter’s north Clare retreat. The novelist-politician Maurice Barrès also came, apparently on more than one occasion.71

Luann sé an t-úrscéalaí Caitliceach, Paul Bourget (1852-1923) a tháinig go hIarthar na hÉireann chomh luath le 1881, fear eile a d’fhan le Basterot.72 D’fhill sé i Lúnasa na bliana 1895 chun seal a chaitheamh i bPáirc na Cúile, ‘the literary circle of which Gregory’s Coole Park was a symbolic focus was steeped in French culture and political debate’. 73 Níl aon dabht ach go raibh baint ag na cuairteoirí Francacha seo le huasaicme faoi leith i bhfianaise na n-áiteanna a d’fhanadar. Má chuir Athbheochanóirí na Gaeilge suim i sofaisticiúlacht na Fraince, ba é ‘fiántas’ na hÉireann a mheall leithéidí Marin agus de Basterot, óir ba eitneagrafaithe iad beirt, mar a mheabhraíonn McCormack dúinn: ‘Ireland constituted an opportunity for casual fieldwork, solidly Catholic in the south and west and yet part of the almighty United Kingdom, borderline primitive, borderline imperial’.74 Is suimiúil gur fhéach na cuairteoirí uasaimeacha seo ón bhFrainc ar Éirinn mar cheantar fiáin, seanda, rómánsúil, fhad is a bhí meánaicme na hÉireann ag féachaint chun na Fraince mar chroílár cultúrtha na hEorpa nua-aimseartha. Ainneoin na héagothromachta seo, is féidir a rá go raibh caidreamh idirghníomhach idir Éire agus an Fhrainc, ó thaobh chúrsaí cultúrtha de, murab ionann is cúrsaí taidhleoireachta. Chífear sna díospóireachtaí liteartha ar ball go raibh an caidreamh sin an-tábhachtach maidir le múnlú agus dearbhú na féiniúlachta Gaelaí.

Sa leabhar ar bheatha Mháire de Buitléir, deirtear gur léir óna saothar iriseoireachta go raibh cur amach aici ar thréimhseacháin Chaitliceacha a linne sa

70 Herman Lebovics, True France: The Wars over Cultural Identity, 1900-1945 (Ithaca: Cornell University Press, 1992), 12-50. 71 Mc Cormack, Dublin 1916, 37. 72 Ibid., 37. 73 Ibid., 41. 74 Ibid., 41-42. 30

Caibidil a hAon

Bhéarla agus sa bhFraincis.75 Is léiriú eile é seo den teacht éasca a bhí ag lucht na hAthbheochana ar iriseoireacht na Fraince. Tá a fhios againn go raibh an-chur amach ag de Buitléir ar litríocht na Fraince. Is beag an t-iontas, mar sin, gur roghnaigh sí an scríbhneoir comhaimseartha René Bazin mar ábhar ailt a scríobh sí sa New Ireland Review.76 Údar Caitliceach ba ea Bazin agus baineann a shaothar le réigiún Iarthair na Fraince, le ceantracha tuaithe go háirithe. Déanann sé cur síos ar streachailt na gCaitliceach agus ar luachanna traidisiúnta ag seasamh an fhóid i gcoinne thionsclaíocht na gcathrach agus an ainchreidimh.

San alt seo deir de Buitléir go raibh go leor tairbhe le baint as ‘direct contact with the finer intellectual products of contemporary Europe’ agus go raibh go leor le foghlaim ag an Eoraip ó Éirinn.77 Déanann sí suntas de gur chaill an tír teagmháil leis an Eoraip nuair a chaill sí a teanga dhúchais agus guíonn sí go mbeadh caidreamh ann idir ‘our own men of letters and foreign scholars’ amach anseo.

Thug Bazin cuairt ar Éirinn mar ar bhuail sé le daoine ó ghluaiseacht na Gaeilge agus ó ghluaisteacht na tionsclaíochta, an Craoibhín ina measc. Dar le de Buitléir bhí spéis ag Bazin sa ghluaiseacht: ‘The appeal of Gaelicism has been responded to by this Breton Catholic writer and worker, who toils incessantly for the realisation of his ideal’.78 Bhí meas ag de Buitléir ar a raibh ar siúl ag Bazin don gcreideamh Caitliceach sa bhFrainc, cé go raibh dul amú uirthi nuair a luaigh sí gur Bhriotánach é. B’as réigiún Anjou dó, lastoir den mBriotáin.

Dhein de Buitléir cur síos ar scéalta Bazin a bhain le saol na tuaithe, le ceist oidhreacht feirme agus le ceist an chreidimh. Thar aon leabhar eile dá chuid, mhol sí ‘L’Isolée’, scéal faoi mhná rialta. Murar scríobh Bazin rud ar bith eile ach é, ‘he would have done a great service for litearture and a still greater one for humanity’.79

Déanfar scagadh níos mine ar thráchtaireacht de Buitléir ar Bazin i gcaibidil a trí agus a cúig ina léireofar an teannas idir Lar Pháras agus an Imeall Briotánach,

75 Ní Chinnéide, Máire de Buitléir, 20. 76 Máire de Builtéir, ‘René Bazin and His Works’, New Ireland Review, Eanáir 1909, 257-262. 77 Ibid. 78 Ibid. 79 Ibid. 31

Caibidil a hAon

agus an bhaint a bhí ag cúrsaí creidimh agus teanga leis an gcaidreamh achrannach úd.

Ábhar as Fraincis i bhfoilseachán na hAthbheochana

Má bhí daoine áirithe sásta gníomhú mar idirghabhálaithe idir Éire agus an Fhrainc, bhí tábhacht nach beag ag baint le foilseacháin na hAthbheochana chomh maith chun an tuairim ghinearálta i leith na Fraince a thomhas. Déanfar meon na bhfoilseachán i leith na Fraincise a mheas anois, chomh fada agus a bhain le nuachtáin agus irisí as Béarla agus as Gaeilge le linn na hAthbheochana. Is díol suntais a líonmhaire is a bhí ailt as Fraincis i nuachtáin agus irisí sa tréimhse 1893-1922. Ní foláir nó gur glacadh leis go raibh léamh na Fraincise ag cuid mhaith léitheoirí taca an ama seo, nó bheadh aistriúcháin curtha ar fáil.

Feictear domsa gur sna nuachtáin a foilsíodh i mBaile Átha Cliath ba mhó a raibh an Fhraincis forleathan iontu. Bheadh sé seo ag teacht le híomhá iltíreach, ilteangach na n-intleachtóirí san ardchathair. Sna foilseacháin a bhí ag teacht ó chraobhacha Londan, ba bheag Fraincis a bhí iontu, toisc go rabhadar níos gafa le teagmháil a choimeád le hÉirinn, b’fhéidir, nó toisc gur daoine iad a chuaigh anonn ag lorg oibre, seachas freastal ar ollscoil.80 Is beag rian den bhFraincis atá in Inis Fáil, a foilsíodh i Londain, seachas corrscéal aistrithe ón bhFraincis. 81 Níl aon tagairt don bhFraincis i Guth na nGaedheal ó Chonradh na Gaeilge i Londain ach chomh beag, lasmuigh de thagairt a dhéanann de Buitléir do Maurice Barrès, agus ba i mBaile Átha Cliath a bhí sise ag maireachtaint.82 In An Stoc a foilsíodh i nGaillimh, níl aon rian den bhFraincis le feiscint, ná ní raibh aon trácht as Fraincis in An Craobh Ruadh i mBéal Feirste, cé gur luadh ráiteas de chuid Renan.83 I gCorcaigh, ionad uirbeach eile, a foilsíodh An Lóchrann, níl ábhar i mbunteanga na Fraincise le fáil

80 Áirím Liam P. Ó Riain, Mícheál Breathnach, Pádraic Ó Conaire, agus Mícheál Ó Coileáin ina measc. 81 Ina measc siúd, tá ‘Fothar an an-Bhróin’, Inis Fáil, Uimh. 37, Samhain 1907, 6-8; agus ‘Eachtra Sgannramhail: Sgéal beag ó’n bhFranncais do sgríobh P.L. Courier’, Inis Fáil, Uimh. 42, Aibreán 1908, 1-2. 82 Máire de Buitléir, ‘Leanam Lorg na Laochraidhe’, Guth na nGaedheal, Márta 1910, 11- 12. 83 An Craobh Ruadh, Bealtaine 1913, 92. 32

Caibidil a hAon

ann, cé gur iomaí scéal a aistríodh ón bhFraincis. B’amhlaidh a bhí i gcás Banba, a foilsíodh i mBaile Átha Cliath, freisin. Corrthagairt don bhFraincis a bhí in Irisleabhar na Gaedhilge, don Revue Celtique agus, uair eile, do Georges Dottin.

Bhí ábhar ón bhFrainc coitianta go leor in An Claidheamh Soluis agus in Fáinne an Lae. Foilsíodh ailt ó nuachtáin na Fraince, as Fraincis nó aistrithe go Béarla. Bhí Bernard Doyle, bunaitheoir Fáinne an Lae, an-bháúil i leith cúrsaí Ceilteacha, agus luadh an Bhriotáin go minic sa nuachtán. Bhí ábhar as Fraincis á fhoilsiú in The Irish Review chomh maith, iris a bhí lonaithe i mBaile Átha Cliath agus is ar an iris seo a dhíreofar anois. Foilsíodh The Irish Review: A Monthly Magazine of Irish Literature, Art & Science idir Márta 1911 agus Feabhra 1914. Bunaíodh é ‘to give expression to the intellectual movement in Ireland’.84 Cé gur admhaíodh gur as Béarla a chuirtí saol intleachtúil na tíre in iúl den gcuid is mó, bhíothas sásta ábhar a fhoilsiú trí Ghaeilge chomh maith: ‘The part of our intellectual life expressing itself in Irish will receive due recognition, and poetry, stories and articles in Irish will be published in our pages’. 85 Tá cuntas cuimsitheach ag McCormack ar na tagairtí do chultúr na Fraince in The Irish Review agus is mian liom anseo cur leis an anailís atá déanta aige ar an iris. 86 Shamlaigh sé sofaisiciúlacht áirithe le léitheoirí na hirise: ‘The journal’s bilingualism may be a tribute to its sophisticated audience, though one suspects that the editors (soon to don Volunteer uniform, though not yet sworn Fenians) had little time to commission translations’.87 Bheinn féin den tuairim, i bhfianaise a mbeidh le feiscint sa chéad chaibidil eile, go raibh léamh na Fraincise ag a lán daoine ag an am, go háirithe acu siúd a raibh oideachas orthu. Níl aon dabht ach gur thaispeáin The Irish Review go raibh ceannairí na gluaiseachta eolasach ar chúrsaí intleachtúla lasmuigh d’Éirinn, toisc, mar a deir McCormack: ‘[t]he Review’s leadership (or most of it) was made up of what the French had recently come to term ‘intellectuals’’.88

84 Editorial, The Irish Review, Iml. I, Uimh. 1, Márta 1911, 1. 85 Ibid. 86 Mc Cormack, Dublin 1916, 80-96. 87 Ibid., 89. 88 Ibid., 83. 33

Caibidil a hAon

Ba iad , Mary Colum (née Maguire), Thomas McDonagh agus David Houston a bhunaigh an iris agus tugann Mary Colum spléachadh dúinn ar laethanta tosaigh na hirise.

At the start and perhaps all the time I was the only girl in this group, and being some few years younger than the men, I was well bossed and patronized by them. They were determined to write the body of the magazine themselves – poetry, the stories, the plays, the articles, and the editorial notes. But they decided to let me do some book reviewing in the back pages in small type. Trouble soon began, for the older and established men of letters did not want to be brushed aside by obstreperous youth in a new Irish periodical; they were bent on sending in their contributions. George Moore sent in a short story called ‘The Flood’, asking that it be printed in the opening number of the magazine and on the front pages. The bright boys of the editorial board, however, decided that the story was an imitation of Zola and that it would be a mistake to print it in such an up-to-date magazine as they projected.89

Ní foláir nó go raibh eolas acu ar litríocht na Fraince ón uair go bhféadaidís a rá go raibh scéal Moore ag déanamh aithris ar Zola. Ní foláir, ach an oiread, nó gur samhlaíodh Zola bheith beagán ‘as dáta’ don bhfís a bhí acu don Irish Review. Pé ar bith é, foilsíodh ‘A Flood’ le George Moore sa chéad eagrán eile. Anuas air sin, sa tríú eagrán, foilsíodh litir ó George Moore as Fraincis a scríobh sé chuig col ceathrar leis, Germaine, a bhí ina Cairmilíteach le trí bliana is scór. Is cosúil gur iarr Germaine air a chuid leabhar a dhó agus foilsíodh freagra Moore in The Irish Review -as Fraincis- ainneoin gur i mBéarla a scríobh a chol ceathrar an litir.90

As Fraincis a bhí an t-alt ‘La Mentalité Féminine Française’ le Madeleine Reynier.91 Iniúchadh a bhí ann, bunaithe ar alt sa Revue Hebdomadaire ar thuairimí an aosa óig ar ról na mban sa bhFrainc. Léiríonn sé seo gur deineadh slí san iris

89 Colum, Life and the Dream, 137. 90 George Moore, ‘La Réponse de Georges Moore’, The Irish Review, Iml. I, Uimh. 3, Bealtaine 1911, 124-127. 91 Madeline Reynier, ‘La Mentalité Féminine Française’, The Irish Review, Iml. III, Uimh. 28, Meitheamh 1913, 191-194. 34

Caibidil a hAon

freisin do dhioscúrsa a bhí imeallach go leor ag an am. Ar an ábhar céanna, foilsíodh alt le Hanna Sheehy Skeffington ar ghluaiseacht na mban in Éirinn.92

Tá roinnt cuntas as Fraincis againn ón tréimhse seo ó Jean Malye scaipthe i bhfoilseacháin éagsúla. Ina measc, tá alt san Irish Review ar litríocht chomhaimseartha na Fraince inar mhol sé Maurice Barrès go háirithe. Beifear ag féachaint ar Barrès ar bhealach níos grinne i gcaibidil a ceathair. I gceann de na cuntais seo, deir Malye: ‘Ces régions de France, les vieilles provinces, comme les individus, vivent leur vie propre et ont une âme qui leur est propre’.93 Is suimiúil an tagairt do réigiúin na Fraince agus gur luadh ‘anam’ ar leith atá ag gach aon cheann acu. Tar éis Réabhlóid na Fraince, tarraingíodh na teorannacha agus cuireadh ‘départements’ i bhfeidhm sa tír, in áit na réigiún seanbhunaithe. Iarracht a bhí anseo an tír a aontú, nach mbeadh deighilt idir lucht na Briotáine agus lucht na Normainne. Iarracht a bhí ann freisin, dar ndóigh, féiniúlacht amháin – an Fhrainc – a chur in áit na bhféiniúlacht réigiúnach. 94 Tiocfaidh an téama seo, ‘anam na Fraince’, aníos go mór i gcaibidil a ceathair, nuair a scrúdófar an tImeall agus an Lár.

Mhol ‘MacLIAG’ an míosachán Revue des Nations inar pléadh an ghluaiseacht Cheilteach sa bhFrainc agus is léir ón sliocht thíos go raibh méid áirithe teagmhála idir an dá iris:

The Celtic movement in France has for its organ an admirable monthly publication, the Revue des Nations. It is well worthy to take its place with the younger French reviews. The Revue des Nations is devoted to the national idea and particularly to the Celtic national idea. Its editor in chief is M. Robert Pelletier, and its general secretary is M. Jean Malye, who has written a brochure on Anglo-Irish literature. The Irish Review hopes to publish a chronicle of intellectual events in France by M. Jean Malye from our July issue.95

San iris chéanna faighimid cur síos ar na healaíona físe nua-aimseartha sa bhFrainc. Rinne Ellen Duncan cur síos ar thaispeántas a chonaic sí i bPáras, saothar a

92 Hannah Sheehy Skeffington, ‘The Women’s Movement-Ireland’, The Irish Review, Iml. II, Uimh. 17, Iúil 1912, 225-227. 93 Jean Malye, ‘Maurice Barrès: La Colline Inspirée’, The Irish Review, Iml. III, Uimh. 29, Iúil 1913, 248-253. 94 Féach Graham Robb, The Discovery of France (London: Picador, 2007), 68. 95 ‘MacLIAG’, ‘Chronicle’, The Irish Review, Iml. III, Uimh. 28, Meitheamh 1913, 196. 35

Caibidil a hAon

bhí ar taispeáint sa United Arts Club i mBaile Átha Cliath i 1912.96 Léiríonn an t-alt seo an oscailteacht a bhí san aeráid – nó san Irish Review ar a laghad – i leith chultúr na Fraince. Luadh Duncan Flandrin, Georges Dufrenoy, Othon Freisz, Madame Marval, Maurice Denis, chomh maith le healaíontóirí Cúibíocha.

The painters had definitely broken with accepted conventions and classical formulae; they had come down from the summits; they had turned away from the heroic and the ideal to paint life – the life of the everyday world – as they saw it with their own eyes.97

D’fhéadfaí comparáid a dhéanamh idir an méid thuas agus na díospóireachtaí a bhí ar siúl maidir le caint na ndaoine agus teanga liteartha a bhunú ar an nGaeilge Chlasaiceach. Bhí údar an ailt thuas, Ellen Duncan, ina coimeádaí ar Ghailearaí Hugh Lane agus ina rúnaí ar an United Arts Club; níl aon fhianaise ann go raibh sí bainteach le gluaiseacht na Gaeilge. Mar sin féin, is tábhachtach an rud é go raibh taispeántas d’ealaíontóirí na Fraince ar siúl i mBaile Átha Cliath taca an ama seo. Bean eile a bhí ag déanamh cur síos ar ealaíon na Fraince ba ea Máire Ní Chinnéide. Mhol sí dá léitheoirí cuairt a thabhairt ar an Dánlann Náisiúnta chun áileacht Pháras a fheiscint i bpictiúir Rodin, mar aon le saothar Corot, Dégas, Manet, Monet, and Fantin La Tour. Léiríonn an dá alt seo go raibh oscailteacht faoi leith ann do ghnéithe éagsúla de chultúr na Fraince. Léiríonn siad, freisin, an bhraistint a bhí ann, ag tús an chéid nua, deireadh a chur le seanfhoirmeacha agus modhanna nua léirithe a chur ina n-áit.

Féachfar anois ar an dá nuachtán dátheangach ba mhó go raibh an Fhraincis le fáil iontu, An Claidheamh Soluis agus Fáinne an Lae. Bhí sleachta as Fraincis coitianta go leor in An Claidheamh Soluis, go háirithe dá mba í an Ghaeilge ábhar an ailt. Go deimhin, is cosúil nár fhoilsigh An Claidheamh Soluis mórán i bhFraincis mura raibh baint aige le cúrsaí Gaeilge. Cuirim i gcás an t-alt seo a leanas, tógtha as Le Pays Breton, a dhéanann cur síos ar chruinniú a tháinig le chéile ag an Rotunda mar gheall ar stádas na teanga in Ollscoil na hÉireann.98 Iarracht a bhí ar bun ann a

96 Ellen Duncan, ‘Modern French Pictures at the United Arts Club’, The Irish Review, Iml. II, Uimh. 15, Bealtaine 1912, 164-166. 97 Ibid., 164-166. 98 ‘Press Opinion’, ACS, Iml. X, Uimh. 44, 9 Eanáir 1908, 12. 36

Caibidil a hAon

léiriú go raibh díospóireacht na Gaeilge lárnach i ndioscúrsa eile, taobh amuigh d’Éirinn. Ach léiríonn sé freisin go raibh teannas mór idir an Bhriotáin agus Páras, teannas nach bhféadfadh Athbheochanóirí a bheith dall air. Féachfar i gcaibidil a ceathair agus a cúig go n-athróidh meon na nAthbheochanóirí i leith Pháras i ngeall ar thráchtaireacht den tsaghas seo ón mBriotáin.

Alt eile a foilsíodh i bhFraincis ar leathanaigh An Claidheamh Soluis ná alt faoin Oireachtas, arís, tógtha as Le Pays Breton.99 Alt moltach a bhí ann, dar ndóigh, a rinne cur síos ar na daoine móra le rá a bhí i láthair ag an Oireachtas, daoine a thaistil thar sáile le bheith ann. Má bhí cúrsaí Gaeilge á bplé sna hailt a foilsíodh i bhFraincis, is fiú a rá gur pléadh cúrsaí na Fraince as Béarla agus as Gaeilge sa nuachtán céanna.

Le linn don bPiarsach a bheith ina eagarthóir ar An Claidheamh Soluis ó 1903 go 1909, bhí tagairtí ann do nuachtáin na mór-roinne, cé nach samhlaíonn McCormack seo leis an bhfrith-Shasnachas amháin:

As editor of An Claidheamh Soluis¸ [Pearse] chose to represent daily factual news through quotations from continental newspapers. It would be silly to take these strategies merely as a boycott of English goods, though no doubt a related emotion throbbed. 100

De réir Dudley Edwards, bhíodh an Piarsach ag déanamh tráchtaireachta ar chúrsaí comhaimseartha idirnáisiúnta, an Fhrainc san áireamh, ag brath ar an leas a mbainfeadh gluaiseacht na Gaeilge as:

At the Claidheamh [Pearse] used only one criterion in making judgements on contemporary events – did they help or hinder the language movement? He read a wide range of contemporary newspapers and journals – British, French and American – and he missed few opportunities to comment on relevant affairs.101

99 ‘An tOireachtas’, ACS, Iml. XII, Uimh. 40, 10 Nollaig 1910, 2. 100 Mc Cormack, Dublin 1916, 86. 101 Dudley Edwards, Patrick Pearse: The Triumph of Failure, 72. 37

Caibidil a hAon

Ní foláir, mar sin, nó gur thuig an Piarsach an teannas a bhain le cúrsaí teanga sa bhFrainc, ach gur chinn sé gan aird a tharraingt air, ach é a chur faoi cheilt. Déanann Regina Uí Chollatáin suntas den tréaniarracht a dhein an Piarsach chun:

tuairimíocht agus cúrsaí idirnáisiúnta a chur os comhair lucht léitheoireachta An Claidheamh Soluis. Roghnaigh sé sleachta as nuachtáin náisiúnta agus idirnáisiúnta ó mhí Aibreáin go mí na Bealtaine 1906, chun béim a chur ar oideachas agus ar cheangal na teanga le náisiúnachas. Scríobhadh na sleachta seo sa cholún ‘Thoughts’. Ba iad na páipéir as ar baineadh sleachta ná: The London Daily News, La Gazette de Boulogne, London Standard, Guth na nGaedheal, The Speaker, Le Soir, All Ireland Review.102

Táim féin tar éis tagairtí a aimsiú i bhfoilseacháin na hAthbheochana do L’Éclair, L'Humanité Nouvelle, le Voltaire, Revue des Deux Mondes agus Le Soleil, Le Soir, La Gazette de Bolongne. Dar le Uí Chollatáin gur ‘chuir an blas Eorpach seo go mór le caighdeán An Claidheamh Soluis, gné a thugann le fios dúinn gur chuir an Piarsach an-bhéim ar sheasamh na hÉireann san Eoraip mar chuid lárnach d’athbheochan, d’fhás agus d’fhorbairt an náisiúin’.103 Is éard atá á áiteamh anseo, áfach, ná gur sheas an Fhrainc don Eoraip in aigne na nAthbheochanóirí agus gur tríd an Fhraincis a raibh teacht acu ar an Eoraip. Feicfear i gcaibidil a ceathair gur mhinic a tháinig eolas faoin Eoraip trí fhoinsí Francacha. D’aithin Ní Chinnéide forleithne na Fraincise nuair a scríobh sí i 1910 gurbh ‘í an Fhrainncis, [...] an teanga is fearr a tuigtear i nÉirinn anois acht amháin an Béarla.104 Léiríonn ráiteas den tsaghas seo, mar aon le tagairtí d’fhoilseacháin na Fraince go raibh pobal léitheoirí eolasach ar an bhFrainc agus ar an bhFraincis.

Tá cosúlacht idir na hailt a foilsíodh i bhFraincis in An Claidheamh Soluis agus iadsan a foilsíodh ar Fáinne an Lae, nuachtán a bhunaigh Doyle agus a bhí ar an bhfód idir 1898 agus 1900.105 B’iondúil go raibh baint éigin ag gluaiseacht na Gaeilge le hábhar na n-alt. Tá an ghné fhéintagrach seo, nó an bhéim fhéinlárnach,

102 Regina Uí Chollatáin, An Claidheamh Soluis agus Fáinne an Lae 1899-1932 (Baile Átha Cliath: Cois Life, 2004), 94. 103 Ibid., 95. 104 ACS, Iml. XII, Uimh. 5, 9 Aibreán 1910, 4 105 Caoilfhionn Nic Pháidín, Fáinne an Lae agus an Athbheochan 1898-1900 (Baile Átha Cliath: Cois Life, 1998). 38

Caibidil a hAon

an-fheiceálach i nuachtáin na Gaeilge sa tréimhse seo. Féach mar shampla an t-alt seo tógtha ó L’Irlande Libre i bPáras (nuachtán Maud Gonne):106

Un nouveau Journal, Fáinne an Lae « L'Aurore » publié en langue Gaélique et en Anglais, vient de paraitre [sic]. On trouve dans cette nouvelle publication un compte rendu de la politique générale et des faits intéressants plus particulièrement l'Irlande, ainsi que des poésies irlandaises, des contes et des articles littéraire. Il publiera également, de temps en temps, les portraits et les biographies des célébrités de l'Irlande. Au nombre des collaborateurs figurent les savants et les écrivains irlandais les plus remarquables.107

[Tá nuachtán nua, Fáinne an Lae, tagtha ar an bhfód, foilsithe i nGaeilge agus i mBéarla. Faightear cur síos sa bhfoilseachán nua seo de chúrsaí polaitíochta i gcoitinne, agus fíricí suimiúla a bhaineann le hÉirinn, mar aon le filíocht na hÉireann, scéalta agus ailt liteartha. Foilseofar, freisin, ó am go chéile, pictiúir agus eolas beathaisnéise na ndaoine mór le rá in Éirinn. I measc na meithle oibre, tá na hintleachtóirí agus na scríbhneoirí is fearr in Éirinn.]

Uaireanta, roghnaíodh alt ó nuachtán Fraincise a gcuirfeadh lucht na Gaeilge spéis ann, alt ó Le Soleil, mar shampla, aistrithe go Béarla, agus a foilsíodh dóibh siúd ‘who are concerned with primary education in the Irish-speaking districts of the West’.108 Pléadh cúrsaí bunoideachais na Briotáine san alt, go háirithe tuairim an Athar Buleon nach bhféadfadh aos óg na Briotáine foghlaim ar shlí éifeachtach trí mheán na Fraincise, faoi mar a iarradh orthu i gcóras na Fraince. Mhol sé modh eile, inar iarr sé orthu a mhíniú dó as Briotáinis cad a bhí sa téacsleabhar Fraincise. Chomh maith leis sin, bhí ar na páistí sleachta a aistriú ón gcaiticeasma Briotáinise go Fraincis. Arís, ní foláir nó gur thuig na hAthbheochanóirí go raibh streachailt ar siúl ag Briotánaigh le cumhacht lárnaithe na Fraince chomh fada siar le 1898. Córas coimhthíoch a bhí á chur chun cinn ag rialtas na Fraince sa Bhriotáin, mar sin, rud a bhainfeadh macalla as staid na hÉireann. Bhí a leithéid seo d’alt ag cothú comhbhá do chás na Briotáine, don Imeall, ach, toisc íomhá Pháras mar Lár Chaoin, bheadh tamall ann sular athrófaí meon na nAthbheochanóirí ina leith. Go deimhin, bheifí ag súil le tuilleadh alt ar chúrsaí na Briotáine, toisc gur sholáthair sé múnla oiriúnach d’Athbheochanóirí na Gaeilge, ó thaobh creidimh agus luachanna traidisiúnta pobal

106 Fáinne an Lae, Iml. I, Uimh. 8, 26 Feabhra 1898, 5. 107 Ibid. 108 FAL, Iml. II, Uimh. 22, 3 Nollaig 1898, 172. 39

Caibidil a hAon

de. Ach go dtí 1913, nó mar sin, ba mhór an spéis a chuir Athbheochanóirí i sofaisticiúlacht agus in ardchultúr Pháras.

Creideamh na Fraince agus Ceist na bhFoinsí

Má fhéachtar anois ar an tslí inar cuireadh cúrsaí creidimh agus an Fhrainc i láthair sna nuachtáin, tá rud amháin thar a bheith suntasach. Roghnaíodh na foinsí as Fraincis go cáiréiseach óir b’as foilseacháin Chaitliceacha sa bhFrainc a tarraingíodh iad. Soláthraíodh an t-ábhar sin mar ‘fhianaise’ gur rud neamhbhuan a bhí i Scaradh na hEaglaise le Stát na Fraince. Straitéis déileála coitianta é seo a cuireadh i bhfeidhm sna meáin in Éirinn. Déanfar tagairt don Irish Ecclesiastical Record agus don Catholic Bulletin anseo mar, cé nach foilseacháin Athbheochana per se iad, is minic a chuireann scoláirí na hAthbheochana san áireamh iad ina gcuid taighde d’fhonn tuairimíocht na gCaitliceach a thomhas. Don tionscnamh seo, cuireadh spéis sna tagairtí do chultúr na Fraince, agus do choitiantacht alt as Fraincis, sa tréimhse 1893-1922.

Chomh fada siar le 1896, feictear mórán tagairtí i bhFraincis san Irish Ecclesiastical Record. Tóg, mar shampla, na sleachta a tógadh as paimfléid agus as ráitis na n-easpag in alt le A. Walsh. Léiríonn sé seo go raibh mioneolas ag an tráchtaire ar bhunfhoinsí as Fraincis, agus gur ghlac sé leis go mbeadh a lucht léitheoireachta in ann an Fhraincis a thuiscint.109

In alt eile, dar teideal ‘The Modern ‘Reign of Terror in France’, deineadh cur síos ar na hathruithe a bhí ag tarlú sa bhFrainc. Níor ceadaíodh an creideamh a mhúineadh sna scoileanna, ná aon tagairt do Dhia a lua sa seomra ranga. Tarraingíodh aird ar amaidí na ndlíthe nua seo le sampla den athrú ba ghá a dhéanamh ar Fables de chuid La Fontaine: ‘Petit poisson deviendra grand / Pourvu

109 A. Walsh, O. S. A., ‘The Present State of the Church in France’, Irish Ecclesiastical Record, Feabhra 1896, 97-112. 40

Caibidil a hAon

que Dieu lui prête vie’, áit ar athraíodh an dara líne go: ‘Pourvu que l'on lui prête vie’.110

Is díol spéise iad na tagairtí don bhFrainc in Irish Ecclesiastical Record, chomh maith leis na sleachta a tógadh as Journal des Débats agus L'Eclaireur (iris as Tours, deirtear linn). Arís, ní foláir nó go raibh tráchtairí na linne in Éirinn ag léamh nuachtán agus irisí na Fraince.

In alt le J. F. Hogan, D. D., déanann sé cur síos ar na dlíthe a bhí á gcur i bhfeidhm sa bhFrainc agus déantar tagairt do bhuntéacsanna na ndlíthe as Fraincis. Luann Hogan go bhfuair sé cuid mhaith dá eolas ar an gceist seo ón leabhar, La Séparation des Eglises et de l'Etat par J. Gautier.111 Damnaíonn sé Émile Combes, a bhí ina Uachtarán ar Chomhairle na nAirí (a bhí i bhfeighil an rialtais), i ngeall ar na dlíthe a bhí á gcur i bhfeidhm sa bhFrainc: ‘The law was forced on the Church in the rudest and most insulting fashion. It was framed under the aegis of M. Combes, a stupid and brutal fanatic’.112 Is teanga láidir, bhríomhar atá in úsáid anseo aige ach is suntasach gur as foinse i bhFraincis a bhfuair sé a chuid eolais.

Agus an feachtas um dhí-eaglaisiú ag dul i neart, foilsíodh an comhfhreagras idir cléir na Fraince agus Leon XIII, as Fraincis, san Irish Ecclesiastical Record i 1903.113 Arís, is cosúil gur glacadh leis go raibh léamh na Fraincise ag léitheoirí an Irish Ecclesiastical Record.

Bhí an cur chuige céanna le feiscint in The Catholic Bulletin agus a bhí san Irish Ecclesiastical Record, is é sin, foinsí as Fraincis a roghnú a bheadh ag tacú leis an seasamh a bhí acu, gur thír Chaitliceach go smior a bhí sa bhFrainc. Foilsíodh aistriúchán den bpaimfléad ‘Les Catholiques et la Presse’ in The Catholic Bulletin i 1913.114 Paul Feron-Vrau a scríobh an bunleagan agus d’aistrigh ‘Giollamhuire’ go

110 C. M. O’Brien, ‘The Modern ‘Reign of Terror’ in France’, Irish Ecclesiastical Record, Meán Fómhair 1900, 256-267. 111 J. Gautier, La Séparation des Eglises et de l’Etat, Docteur en Droit, (Paris: Sous Bibliotécaire à la Faculté de Droit de Paris, 1906). 112 J.F. Hogan, ‘Church and State in France, Irish Ecclesiastical Record, Meán Fómhair 1906, 219- 230. 113 ‘Documents’, Irish Ecclesiastical Record, Bealtaine 1903, 461-465. 114 Giollamhuire, ‘The Fight for the Press in France’, The Catholic Bulletin, Iml. III, Uimh. 2, Feabhra 1913, 95– 103. 41

Caibidil a hAon

Béarla é. Moladh sa réamhrá, a scríobh ‘T. R’., go raibh clár leabhar Caitliceach ar fáil ach scríobh chuig ‘La Maison de la Bonne Presse’. Tugadh le fios freisin gur mhór an trua é nár léadh a leithéid ar bhonn ní ba fhorleithne in Éirinn:

It is a pity that these publications are not more widely read in Ireland: some of our rising authors would do well in translating one or other of them occasionally for the benefit of those who would not care to attempt them in the original French.115

San alt seo, tógtha ón bhFraincis, moladh obair mhisinéirí na Fraince agus cáineadh na Máisiún agus a gcuid foilseachán. Léiríodh an dóchas go mbeadh anam Críostaí na Fraince á athnuachan arís amach anseo. Cuireadh an mhian seo in iúl go minic sa dioscúrsa ar an bhFrainc, mar a fheicfear i gcaibidil a trí. Bhí feidhm leis an straitéis ‘dhóchasach’ seo; dá mba thír Chaitliceach í an Fhrainc, cheadaigh sé d’Athbheochanóirí na Gaeilge múnlaí liteartha a aimsiú i litríocht na Fraince.

Léirmheasanna ar leabhair Fhraincise

Foilsíodh go leor léirmheasanna ar leabhair Fhraincise i bhfoilseacháin na tréimhse seo, rud a léiríonn a fhorleithne is a bhí léamh na Fraincise i measc lucht léite na nuachtán úd. Féachfar anois ar léirmheasanna leabhar a foilsíodh san Irish Ecclesiastical Record, The Irish Review, New Ireland Review agus The Catholic Bulletin. Tabharfar faoi deara go raibh an-tóir ar leabhair faoi Naoimh na Fraince, nó ar chúrsaí creidimh i gcoitinne, sna foilseacháin seo. Tiocfaidh naoimh áitiúla aníos arís i gcaibidil a cúig.

Is iomaí léirmheas ar leabhair Fhraincise a deineadh san Irish Ecclesiastical Record faoin rannóg ‘Notices of Books’. I mí Lúnasa 1909, deineadh léirmheas ar chúig leabhar Fraincise. 116 Luaitear túslitreacha triúr léirmheastóirí - ‘C.F.C’., ‘R.W’. agus ‘P.C’. Tugann sé seo le fios go raibh níos mó ná léirmheastóir amháin a bhí in ann scríobh ar leabhar as Fraincis.

115 T.R., réamhrá le Giollamhuire, ‘The Fight for the Press in France’, The Catholic Bulletin, Iml. III, Uimh. 2, Feabhra 1913, 95 – 103. 116 ‘Notices of Books’, IER, Lúnasa 1909, 213-223. 42

Caibidil a hAon

Eiseamláir atá in eagrán mhí Lúnasa 1909 de na saghsanna éagsúla leabhar Francach a scríobhtaí léirmheas orthu. I measc na léirmheasanna, bhí naomhsheanchas Marguerite-Marie a scríobh August Homan, Vie de la Bienheureuse Marguerite-Marie; d'après les manuscrit et les documents. Ba choitianta a leithéid, beatha Caitlicigh mhóir, naoimh nó ball den gcléir, ar nós Le Cardinal Meignan le l'Abbé Henri Boissonnot ar scríobhadh léirmheas air i mí Iúil 1901.117 Ba nós leo léirmheas a dhéanamh ar leabhair a raibh an creideamh mar ábhar iontu, mar shampla La Foi, et l'Acte de Foi le J. V. Bainvel.118 Scríobhtaí léirmheas ar an tseanmóireacht freisin, Les Contresens Bibliques des Prédicateurs¸ i mí Lúnasa 1909, cuir i gcás.119 Ba shagart a bhí ina eagarthóir ar New Ireland Review – an tÍosánach Thomas A. Finlay – agus faightear léirmheasanna sna leathanaigh úd ar leabhair chráifeacha, cuir i gcás, Le Père de l'Hermite, ar foilsíodh léirmheas air i 1899.120

Ar bhealach, b’fhéidir nach aon ionadh é go mbeadh an Irish Ecclesiastical Record agus New Ireland Review ag díriú ar leabhair chráifeacha, ach cuimhnigh gur le linn Scaradh na hEaglaise le Stát na Fraince a foilsíodh cuid mhaith de na leabhair luaite thuas. Is cosúil go rabhthas ag cur béime ar Chaitliceachas na Fraince, ainneoin an scartha; déanfar an pointe seo a scagadh i gcaibidil a trí. Fiú i bhfoilseacháin nach raibh creideamh ar leith luaite leo – The Irish Review, mar shampla - tá léirmheas ar ‘Les Chrétientés Celtiques’ le Dom Louis Gougaud.121 Tá íomhá Chaitliceach den bhFrainc á cur chun cinn, agus nasc á dhéanamh idir na ‘treibheanna’ Ceilteacha ar bhonn Críostaíochta. Beidh tábhacht nach beag leis an gCríostaíocht sa trácht ar an gcaidreamh idir Éire agus an Bhriotáin. Tagann cúrsaí Ceilteacha aníos arís i léirmheas a dhein Moireen Fox in eagrán eile den iris chéanna:

I have before me two interesting publications from France. One is a booklet entitled La Littérature Irlandaise Contemporaine by Jean Malye (E. Sansot et Cie, Paris; fr.) in which a very friendly sketch of Irish literature is given. [...] The other and more important publication is a number of a periodical in which a call to arms had been sounded not only to all the scattered Celtic countries, but to the submerged Celt of Gaul and of all those countries once forming part of the great

117 ‘Notices of Books’, IER, Iúil 1901, 91-93. 118 ‘Notices of Books’, IER, Lúnasa 1909, 216. 119 Ibid., 218-219 120 New Ireland Review, Eanáir 1899, 320. 121 Maud Joynt, ‘Aspects of Celtic Christianity’, The Irish Review, Iml. I, Uimh. 5, Iúil 1911, 257- 260. 43

Caibidil a hAon

Celtic Empire. A League has been formed in Paris by various writers and poets, which has adopted the name of La Ligue Celtique Francaise, which issues this magazine, La Poetique, 39 Rue Artois, Paris, where news from Celtic countries and translations from and criticisms of Celtic poets appear.122

Tá tíortha imeallacha Ceilteacha á slógadh le chéile d’fhonn iad a neartú. Tá an téarma ‘Celtic Empire’ suntasach ann féin, óir baineann an téarma ‘impireacht’ leis an Lár, mar a léireofar i gcaibidil a ceathair. Fiú lasmuigh de sin, tá tábhacht faoi leith ag baint leis an gcomhchaidreamh cultúrtha agus an luacháil atá á dhéanamh ar an gcultúr Ceilteach i gcoitinne. As Fraincis amháin a luadh na tagairtí sa léirmheas seo; níor soláthraíodh aon aistriúchán Béarla.

Cuireadh a lán spéise i leabhair ar an gCeilteachas agus ar an teangeolaíocht as Fraincis agus tá léirmheasanna ar na hábhair seo ó thús na tréimhse 1893-1922. Féach, mar shampla, léirmheas ar an Revue Celtique Paris i 1893 in Irisleabhar na Gaedhilge.123 Scríobhadh léirmheas fabhrach ar shaothar an Fhrancaigh Georges Dottin san iris chéanna i 1897, ‘Les Désinences verbales en R, en Sanskrit, en Italique et en Celtique’.124

Ní cúrsaí Ceilteacha agus Caitliceacha amháin a bhain le léirmheasanna leabhar na tréimhse seo. Bhain cuid acu le cúrsaí staire, cuir i gcás an léirmheas a scríobhadh ar Vieux Souvenirs, 1818-1848 de chuid Le Prince de Joinville ar foilsíodh léirmheas air sa New Ireland Review. 125 Sampla eile d’éagsúlacht na léirmheasanna is ea Les Origines de la Psychologie Contemporaine ar foilsíodh léirmheas air in New Ireland Review i 1899.126

Tugann an sampla beag seo de leabhair ar scríobhadh léirmheas orthu le linn na tréimhse seo le fios go raibh comhchaidreamh cultúrtha suntasach ar siúl idir Éire agus an Fhrainc agus go raibh léitheoirí na hÉireann thar a bheith oscailte i leith chultúr na Fraince. Cuireadh spéis i gcúrsaí Caitliceacha na Fraince go háirithe agus

122 Moireen Fox, ‘Some Aspects of the Celtic Movement’, The Irish Review, Iml. II, Uimh. 22, Nollaig 1912, 553-556. 123 ILG, Iml. I, Uimh. 7, Bealtaine 1883, 232. 124 ILG, Iml. VIII, Uimh. 92, Nollaig 1897, 125-6. 125 ‘From the Study Chair’, New Ireland Review, Meitheamh 1894, 257-259. 126 New Ireland Review, Iúil 1899, 312-313. 44

Caibidil a hAon

sa nasc sin a samhlaíodh idir an dá thír Cheilteach. Tá sé le tuiscint freisin go raibh spéis ag sochaí na hÉireann i stair na Fraince agus i gcultúr comhaimseartha na Fraince chomh maith. Is ar an ngné dheireanach seo, cultúr comhaimseartha na Fraince, gur mhian liom díriú anois chun a thaispeáint go raibh dúil mhór i gcultúr na Fraince in Éirinn le linn Athbheochan na Gaeilge.

Cur amach ar chultúr agus ar litríocht na Fraince

Eiseamláir chultúrtha a bhí sa bhFrainc do mhórán d’Athbheochanóirí na Gaeilge. Ba mhinice a bhíothas sásta féachaint i dtreo na Fraince ná féachaint chun na Breataine. Beidh á áiteamh sa tráchtas seo gur sholáthair an Fhrainc ‘Lár’ eile d’Éirinn, a raibh sé níos fusa glacadh leis ná ‘Lár Shasana’ i ngeall ar chúrsaí creidimh agus ar mheon áirithe i leith na tuaithe. Dar ndóigh, ba ghá a bheith dall ar ghnéithe áirithe den bhFrainc chun glacadh leis an múnla seo. Beidh an tuiscint seo á forbairt sna caibidlí atá romhainn amach.

Is cinnte go raibh eolas ag lucht Athbheochan na Gaeilge faoi institiúidí áirithe de chuid na Fraince. Cuireadh moltaí chun tosaigh ag an Ardfheis i 1905 i dtaobh Acadamh Gaelach a bhunú ina mbeadh ‘about 12 or 15 of the greatest living Irish scholars [...] elected as the nucleus of an Irish Academy’. 127 Deineadh comparáid san idir an tAcadamh seo agus an Académie Française.128 Ach fiú i 1903, sula raibh aon chaint ar Acadamh Gaelach, scríobh ‘Fir an Chlaidheamh’ [sic] alt fada mar gheall ar an Académie Française:

In view of our own difficulties of orthography, the above should be of interest. When French orthography can be pronounced the most incoherent and complicated of modern spellings except English, it cannot be contended that Irish spelling is in a very bad state, considering that we are only beginning to write Irish now. 129

127 Tuarasgabháil Bliadhna Chonnradh na Gaedhilge 1904-5 agus Cunntas ar Árd-Fheis 1905, (Baile Átha Cliath: Connradh na Gaeilge, 1905), 131, luaite in Nic Congáil, Úna Ní Fhaircheallaigh, 173. 128 Irish Independent, 14 Samhain 1905, 4. 129 Fir an Chlaidheamh, ‘Authority in Language’, ACS, Iml. IV, Uimh. 43, 3 Eanáir 1903, 722-723. 45

Caibidil a hAon

I gcúrsaí litríochta is mó, idir phrós, fhilíocht agus dhrámaíocht, a fheictear rian an chomhchaidrimh chultúrtha. Bhí spéis mhór i litríocht na Fraince agus ní gá mórán tochailte sna foilseacháin chun fianaise chuige sin a thabhairt chun solais.

I 1912 a scríobh Thomas Bodkin an t-alt ‘Modern French Poetry’ san Irish Review agus bhí neart sleachta tógtha ó dhánta as Fraincis, aistrithe go Béarla.130 Freagra a bhí san alt seo ar alt a scríobh F. S. Flint in Poetry Review dar teideal ‘Contemporary French Poetry’. Ní nach ionadh, mar sin, gur ag gearán a bhí Bodkin i dtaobh na bhfilí nár luaigh Flint. Dhein Bodkin tagairt do dhánta ó Varlet, Valentine de Saint Point, Vielé Griffin, Charles Vildrac agus daoine nach iad. Léiriú é seo ar an eolas doimhin a bhí ag údar an ailt ar fhilí nua na Fraince, filí nach n- áirítear anois iad mar mhórfhilí ón tréimhse sin.

Bhí George O’Neill, scríbhneoir don New Ireland Review, an-torthúil ó thaobh scríbhinní ar litríocht na Fraince ó 1898 ar aghaidh. Scríobh sé dhá alt dar teideal ‘French Literature’ mar aon le halt ar ‘The Younger Dumas and His Dramatic Work’, alt a bhí bunaithe ar phíosa in Revue des Deux Mondes. 131 An mhí dar gcionn, scríobh sé alt ar ‘The Dramatic Work of Dumas’ Contemporaries; ’sé sin le rá go raibh alt ar litríocht na Fraince i ngach eagrán den New Ireland Review idir Bealtaine 1898 agus Lúnasa 1898. 132 Tá oscailteacht O’Neill i leith litríocht na Fraince thar a bheith soiléir ón méid seo, agus is cinnte go raibh eagarthóir na hirise sásta a leithéid a fhoilsiú.

Go deimhin, in áiteanna eile glactar leis go bhfuil cur amach ag an lucht léite ar litríocht na Fraince, mar a dhéanann Máire Ní Chinnéide ina cuid alt:

Is dócha gur beag duine annso ná fuil a bheag ná a mhór de shaothar na sgéaluidhthe mór úd, Victor Hugo, Dumas agus Balzac léighte aige, mar tá furmhór a leabhar le fagháil i Sacs-Bhéarla. ’Sé an truagh nár thug éinne fós fé chruth Gaodhlach do chur ortha dúinne. Tá géar-ghádh againn le n-a

130 Thomas Bodkin, ‘Modern French Poetry’, The Irish Review, Iml. II, Uimh. 20, Deireadh Fómhair 1912, 403-408. 131 George O’Neill, ‘French Literature’, New Ireland Review, Bealtaine 1898, 163-171; Meitheamh 1898, 223-228 agus ‘The Younger Dumas and His Dramatic Work’, New Ireland Review, Iúil 1898, 282-293. 132 George O’Neill, ‘The Dramatic Work of Dumas’ Contemporaries’, New Ireland Review, Lúnasa 1898, 359-370. 46

Caibidil a hAon

leithéid chum cabhartha linn ’nár dtroid i gcoinnibh na ró-chomhachta atá ag an Sacsbhéarla orainn.133

Is cosúil gur chuma an as Fraincis nó as Béarla a léití saothar na n-údar seo, de réir Ní Chinnéide. Tugann sí le fios, freisin, gurbh í an tslat tomhais a bhí aici ná feabhas na litríochta, seachas an meán, pointe atá lagaithe beagáinín nuair a cháineann sí an Sacsbhéarla (.i. an teanga), in áit litríocht Shasana. Pé ar bith é, is cinnte gur leag sí, agus Athbheochanóirí eile nach í, tábhacht nach beag ar litríocht na Fraince mar sciath cosanta sa chogadh i gcoinne Galldaithe.

I measc na scríbhneoirí comhaimseartha a mholann sí tá René Bazin, Guy de Maupassant, Pierre Loti, agus Anatole France. Dar léi, gurb é France scríbhneoir mór na Fraince – níos mó ná Paul Bourget, Guy de Maupassant, Renan, René Bazin – mar gurbh as na réigiúin dóibh, agus nár éirigh ‘le héinne aca comhacht a chúige féin do chur de ar fad. Ní hé an Franncach atá ag moladh beathadh na Frainnce na scríbhníbh siúd, acht an Normánach, nó an Breathnach nó an Probhencal’.134 Bhí Anatole France éagsúil uathu siúd mar ba i bPáras a rugadh é agus b’ann a chaith sé a shaol. Admháil eile atá anseo gur tuigeadh do na hAthbheochanóirí go raibh deighilt idir na réigiúin agus íomhá ‘aontaithe’ na Fraince. Croí na Fraince a bhí i bPáras, dar le Ní Chinnéide, cé nár aontaigh gach éinne léi, mar a léireofar ar ball.

Sé Páiris croidhe agus eithne na Frainnce i slighe nach féidir a leithéid a rádh mar gheall ar éin-phríomh-chathair eile, agus bhí dlúth-bhaint ag France le gnáth-shaoghail na cathrach ó’n lá do rugadh é. Is dócha gurb’ é sin an fáth go bhfoillsigheann sé dúinn anam agus sprid na bhFranncach.135

Níorbh í Máire Ní Chinnéide amháin a bhíodh ag trácht ar Anatole France. Foilsíodh léirmheas in New Ireland i 1915 ar leabhar critice a scríobh W. L. George ar shaothar France. Mhol an léirmheastóir ‘G. S’. an leabhar as an ‘analytical detail

133 Máire Ní Chinnéide, ‘Anatole France: Prímh -Sgéaluidhe na Frainnce indiu’, ACS, Iml. XI, Uimh. 51, 26 Feabhra 1910, 4. 134 Ibid. 135 Máire Ní Chinnéide, ‘Anatole France agus Sprid na Frainnce’, ACS¸ Uimh. 822, 27 Nollaig 1913, 3. 47

Caibidil a hAon

of every one of the French satirist’s brilliant parts’.136 Ní raibh eagla ar údar an leabhair dul i ngleic le:

Anatole France’s adventures in the blasphemous. Pointing out that even blasphemy can have its moral values, he shows us how delicately subtle and irrepressible is the famous French when he chooses to strip mankind of its pretentiousness, or to prick the bubbles of decorum with his pen.137

B’fhacthas don údar go raibh feidhm leis an mblaisféime i saothar France, nach ar mhaithe le cur i gcoinne udaráis amháin a d’úsáid sé í, ach go raibh feidhm theagascach léi. Is cosúil gur aontaigh an léirmheastóir leis an tuairim sin. Níor tharraing an tuairim seo an chonspóid chéanna is a tharraing Ní Chinnéide lena halt ar Anatole France in An Claidheamh Soluis, aighneas a bheidh á cíoradh i gcaibidil a trí.

Ní hamháin i gcúrsaí próis a bhí treoir á lorg ag Athbheochanóirí na Gaeilge, bhí géarghá le heiseamláirí do chúrsaí drámaíochta freisin. Is sampla eile é seo den gcomhchaidreamh cultúrtha a bhí ar siúl, agus inspioráid, spreagadh agus múnlaí liteartha á lorg sa bhFrainc. Tá roinnt alt le fáil i bhfoilseacháin na hAthbheochana i dtaobh drámaí dúchasacha a bheith á léiriú sa Bhriotáin. In Irisleabhar na Gaedhilge i 1909, scríobh Fionn Mac Eoghain alt ar an dráma Briotáinise, ‘Saint Patrice’.138 Cheana féin, mar sin, tá an Bhriotáin ag teacht chun cinn sa dioscúrsa timpeall ar an bhFrainc. Déanfar na cúiseanna leis seo a iniúchadh amach anseo.

Féachfar anois ar thionchar na Fraince ar chúrsaí drámaíochta le linn Athbheochan na Gaeilge, ag tosnú leis an bPiarsach. Chuaigh an Piarsach go Páras sa bhliain 1900 chun freastal ar chomhdháil de chuid na bPan-Cheilteach. Is é is dóichí ná gurb é seo an turas ar thagair Ruth Dudley Edwards dó sa sliocht thíos ag cur síos ar an amharclann náisiúnta a theastaigh ón bPiarsach a bhunú i mí Feabhra 1907:

He immediately set to work to plan his proposed national theatre. Less than a month later he had produced a scenario guaranteed to scare off the most

136 G. S., ‘Anatole France’, New Ireland, 28 Lúnasa 1915, 253-4. 137 Ibid. 138 Fionn Mac Eoghain, ‘Saint Patrice’, Irisleabhar na Gaedhilge, Iúil 1909, 301-305. 48

Caibidil a hAon

starry-eyed patron. He had made a brief trip to Paris some time earlier, and was greatly impressed by its theatre. A national theatre should be based on the French model, having a school of acting like the Conservatoire and a theatre like the Comédie Francaise, the former to require, as in France, three years of study and still examinations, and the latter painstaking standards, slow promotion and long contracts.139

Níor ghá dul go Páras, áfach, chun eolas a fháil ar an Comédie Française mar ba mhinic a thagadh drámaí ón bhFrainc ar camchuairt go Baile Átha Cliath, faoi mar a mhíníonn Mary Colum: ‘but foreign plays were almost invariably French, for the Comédie Francaise in those days took in Dublin in their foreign tour’.140 Bhí Mary Colum ar aon intinn leis an bPiarsach go mba chóir féachaint ar aisteoireacht an Comédie Française mar mhúnla go bhféadfadh aisteoirí Éireannacha aithris a dhéanamh air:

The Comédie Française, as it always did in its provincial tours, took in the needs of the students, and the French seventeenth-century classical drama was played, including the pieces on our [university] course. The acting of the Comédie Française was strikingly different from that of the English companies and was supposed to be the type that native Irish players could take for a model.141

Bhí caint ar dhráma a aistriú ón bhFraincis i gcomhair an Oireachtais i 1906:

The question of plays for the Oireachtas was under discussion, and one play – a translation from the French – was offered to the Committee. As the matter is at present before the Publication Committee, it was decided to await their report.142

Níl aon tuairisc, áfach, gur glacadh leis an aistriúchán seo, ná gur cuireadh an dráma ar stáitse. Bhí Máire Ní Shíthe, nó ‘Dul Amú’, tar éis dráma Molière Le Bourgeois

139 Dudley Edwards, Patrick Pearse: The Triumph of Failure, 103. 140 Colum, Life and the Dream, 81. 141 Ibid., 84. 142 ‘The Oireachtas Committee’, An Claidheamh Soluis, Iml. VIII, Uimh. 39, 8 Nollaig 1906, 9. 49

Caibidil a hAon

Gentilhomme a aistriú go Gaeilge, An Geocach Duine Uasail, thart ar an am seo. I 1907 scríobh Pádraig Mac Suibhne chuici ag rá:143

’sé gnó a bhí ar láimh agam an mhaidin a tháinig do litir ná a léigheamh ‘Le Bourgeois Gentilhomme’. Chuir Coisde na gClódann chugam é le léigheamh. Tá sé go háluinn agat agus is dócha go mbeidh sé againn ar an Oireachtas gan teip.144

Níor léiríodh dráma Ní Shíthe ag an Oireachtas; ba sa bhliain 1930 a céadléiríodh é, faoi stiúir Mhíchíl Mhic Liammóir.145

Rinne Pádraic Colum roinnt moltaí in An Claidheamh Soluis i 1910 i taobh modhanna drámaíochta. Agus é ag trácht ar thús dráma, d’úsáid sé sleachta ón dráma ‘Le Tartuffe’ le Molière chun a chuid pointí a shoiléiriú.146 Mhol sé saothar Molière i gcoitinne do dhrámadóirí na Gaeilge toisc é a bheith oiriúnach do thraidisiún an tseanchais ghrinn.

It might be well if some of our Gaelic writers who are working for the stage would study Molière. In the first instance they would come into contact with an effective technique. Molière's work goes back to the village green. It is not far from the humorous folk-tale to a play of Molières. And his broad effects, his stock situations, and traditional business, would be suited to our plays. For a long time there will be, in the general audience for Irish plays, many who do not know the language, or know it imperfectly, many who, in Mark Twain's phrase, ‘average it up’. A play depending on subtility of characterisation and refinement of nature could not be a success with such an audience. […] has done excellent work in putting some of Molière's plays before us in dialect. Why should we not have one of Molière's plays translated into Irish. We might have one of the more elaborate plays at the next Oireachtas, ‘Tartuffe’, say.147

Ba léir go raibh Éamonn Ó Néill ag éisteacht le Pádraic Colum mar fuair a dhráma ardmholadh ag Oireachtas na bliana 1911. Ba é ‘An Cruiteachán’, cóirithe ón

143 Brenda Ní Ríordáin, ‘Cérbh í ‘Dul Amú’? Máire Ní Shíthe, 1868-1966, Drámadóir, aistritheoir, conraitheoir’, Comhar, Iml. 52, Uimh. 8, Lúnasa 1993, 38, 40-41, 43-44. 144 Ibid. 145 Ibid. 146 Pádraic Colum, ‘Some Notes on Dramatic Method’, An Claidheamh Soluis, Iml. XII, Uimh. 25, 27 Lúnasa 1910, 8. 147 Ibid. 50

Caibidil a hAon

bhFraincis, an dráma sin.148 Is cosúil gur éist Fionán Ó Loinsigh le focail Phádraic Colum freisin mar bhuaigh Ó Loinsigh deich bpunt ag an Oireachtas lena dhráma ‘An Dochtúir Bréige’, bunaithe ar ‘Le Medecin Malgré Lui’ le Molière.149 Cuireadh cúig iarracht ar fad isteach ar an gcomórtas céanna.

I 1912 tosaíodh ar chomórtas nua ag an Oireachtas, Aistriú ar dhráma ó theanga eile go Gaeilge. Bhí seacht n-iarracht istigh ar an gcomórtas sin. Bhuaigh Máire Ní Shíthigh (‘Dul Amú’) deich bpunt, agus bhuaigh Máire Ní Chinnéide ceithre punt. Ní luaitear teidil na ndrámaí, ach seans gur chuir Ní Shíthigh isteach ar an gcomórtas lena haistriúchán ar ‘Le Bourgeois Gentilhomme’. Maidir le Ní Chinnéide, is eol dúinn gur aistrigh sí ‘Nuair is Cruaidh do’n Chailligh’, ón bhFraincis go Gaeilge agus gur léiríodh i 1916 é.150 Bhí fógra sa Leader ar an 25 Márta 1916 a luaigh gurbh é Henri Dervernois an bunúdar.151 Ní foláir nó gur ag tagairt do Henri Duvernois a bhíothas. Maidir le teideal an dráma as Fraincis, níor cuireadh ach dhá dhráma le Duvernois ar stáitse roimh 1916, is iad sin ‘Le Sacrifice’ agus ‘Une Place de Libre’.152 Níor mhinic ag Duvernois cur síos a dhéanamh ar mhuintir na tuaithe, de réir an chriticeora Benjamin Crémieux, ba de bhunadh Pháras a chuid laochra, iad go léir bourgeois, meánaicmeach, iad lagmheasartha agus áiféiseach, agus níl oiread is duine amháin acu a chuirfeadh déistin ort, ainneoin a gcuid lochtanna.153 Sampla eile é seo den tslí ar bhain Athbheochanóirí áirithe úsáid as litríocht na Fraince d’fhonn saol ‘uasal’ a léiriú, trína ndéanfaí ‘uaisliú’ ar an nGaeilge. Tar éis tamaill, áfach, dhíreofaí ar bheatha na dtuathánach a ‘uaisliú’ trína ndea-thréithe a cheiliúradh.

Foilsíodh dráma dhá ghníomh in An Claidheamh Soluis i 1912/1913 aistrithe ón bhFraincis ag Máire Ní Chonaill, ‘An Cailín a shiúbhladh ‘na codladh’.154 Cé nár

148 Donncha Ó Súilleabháin, Scéal an Oireachtais 1897-1924 (Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Tta, 1984), 182. 149 Ibid.,183. 150 Pádraig Ó Siadhail, Stair Dhrámaíocht na Gaeilge (Indreabhán: Cló Iar-Chonnachta, 1993), 53. 151 The Leader, 25 Márta 1916, 6. 152 Féach Bibliothèque Nationale de France, [Rochtain: 22/02/2012]. 153 Benjamin Crémieux, XXe Siècle, (Paris: Librairie Gallimard, 1924), 115. 154 Máire Ní Chonaill, ‘An Cailín a shiúbhladh ’na codladh’, ACS, Iml. XVI, Uimh. 41, 24 Nollaig 1912, 17; Iml. XVI, Uimh. 42, 28 Nollaig 1912, 17; Iml. XVI, Uimh. 44, 3 Eanáir 1913, 4-5. 51

Caibidil a hAon

luadh an bunthéacs, is é is dóichí ná gur aistríodh é ó ‘La Sonnambula’ le Eugene Scribe.

Is cinnte go raibh aistriúcháin ón bhFraincis go mór sa bhfaisean i gcúrsaí drámaíochta na tréimhse seo mar is léir ón méid thíos, tógtha arís ó alt a scríobh Máire Ní Chinnéide in An Claidheamh Soluis:

Tá an Bhaintighearna Greagóir ag cur d’fhiachaibh ar Molière Béarla Chille Tartain do labhairt agus ní fada ó chuir Liam Ó Domhnaill an ghlan- Ghaedhealg i mbéal duine eile aca.155

Tagairt atá anseo don dráma ‘An Bhean Mhíchomhairleach’ a d’aistrigh Ó Domhnaill ón bhFraincis agus a léiríodh ag fleá san Ard-Chraobh é. 156 Arís, ní luaitear an buntéacs ach deinim amach gurbh é ‘L’Héritier ridicule / La Dame Intéressée’ a scríobh Paul Scarron thiar sa seachtú haois déag.

Críoch

Sa chaibidil seo taispeánadh go raibh eolas ag pearsana móra na hAthbheochana ar an bhFraincis. D’eascair an t-eolas seo as a dtaithí phearsanta féin, as a gcuid oideachais, nó as staidéar príobháideach, agus as turasanna go dtí an Fhrainc, go háirithe go Páras. Comhartha a bhí sa bhFraincis go raibh oideachas ar dhuine, go raibh meon iltíreach aige, go raibh eolas aige ar ‘ard’ chultúr, (murab ionann is cultúr ‘íseal’ na nGall).

Taispeánadh go raibh pobal léitheoirí in Éirinn eolasach ar an bhFraincis le linn na hAthbheochana, agus go raibh suim mhór ag scríbhneoirí na tíre i litríocht na Fraince. B’fhacathas do na hAthbheochanóirí seo go bhféadfaí múnlaí do nualitríocht sa Ghaeilge a aimsiú i litríocht na Fraince. Is eiseamláir nua-aimseartha, mheasúil, shofisticiúil a bhí i litríocht na Fraince, agus bhíothas ag iarraidh nualitríocht na Gaeilge a uaisliú trí í a lonnú i gcomhthéacs Eorpach. Bhí meas mór

155 ACS, Iml. XI, Uimh. 51, 26 Feabhra 1910, 4. 156 ACS, Iml. IX, Uimh. 2, 23 Márta 1907. 52

Caibidil a hAon

ar litríocht na Fraince, agus bhí tábhacht nach beag leis an measúlacht sa bhfeachtas frithchoilíneach. Bealach a bhí ann na híomhánna diúltacha a samhlaíodh leis an nGaeilge a bhréagnú, agus stádas a bhronnadh ar an nualitríocht.

I ndiaidh sciuird a thabhairt trí fhoilseacháin Ghaeilge agus trí irisí Caitliceacha a bhain le tréimhse na hAthbheochana, is ríléir go raibh comhchaidreamh cultúrtha agus teagmháil nach beag ar siúl idir Éire agus an Fhrainc. Má bhí eolas ar chúrsaí na Fraince ag teacht chuig na hAthbheochanóirí trí fhoinsí Francacha, ciallaíonn sé sin gur chinsireacht agus gur chumadóireacht chomhfhiosach a bhí ar bun acu agus iad ag cur íomhá áirithe den bhFrainc chun cinn. Is leagan Caitliceach den bhFrainc a bhí á chumadh sna hirisí agus sna nuachtáin in Éirinn in áit dul i ngleic le fírinne an scéil. Déanfar na cúiseanna atá leis seo a fhiosrú i gcaibidil a trí. Ag an bpointe seo is leor a rá gur léir ó na foilseacháin agus ó na léirmheasanna ar leabhair gur leis an bhFrainc Chaitliceach a bhí teagmháil ag Éireannaigh léi den gcuid is mó, rud a thacaíonn le téis McCormack ina leabhar Dublin 1916: The French Connection.157

Deineadh suntas d’idirghabhálaithe idir an dá thír, daoine a scríobh do nuachtáin sa dá thír, a chraobhscaoil teachtaireacht áirithe in Éirinn nó sa bhFrainc, nó daoine a d’éascaigh cumarsáid idir an dá thír. Ba i gcúrsaí litríochta ba mhó a aithníodh oscailt i leith na Fraince, agus múnlaí liteartha agus critice á lorg ag Éireannaigh sa bhFrainc. De réir a chéile, taispeánfar go raibh saothar nach beag ar na hAthbheochanóirí gnéithe áirithe de chultúr na Fraince a chur faoi chois nuair nach raibh sé ag teacht le fís na nAthbheochanóirí. Mar sin féin, sholáthair an Fhrainc bealach ailtéarnach chun an litríocht a phlé agus a mhúnlú, bealach nach raibh ag brath ar chultúr na Breataine.

Deineadh iarracht fianaise a sholáthair sa chaibidil seo a chruthódh go raibh teagmháil idir Éire agus an Fhrainc, agus go raibh cultúr na Fraince go mór san aeráid i gciorcail shóisialta áirithe in Éirinn. Ar go leor bealaí, glacadh leis an bhFrainc mar eiseamláir d’Éirinn, cé gur léir dúinn cheana féin go raibh contrárthachtaí ag baint leis an gcaidreamh sin. Tugadh neamhaird, freisin, ar

157 Mc Cormack, Dublin 1916. 53

Caibidil a hAon

iolrachas na Fraince, nach aon aonad aontaithe, aonghnéitheach a bhí ann. Tabharfar na teannais úd chun solais sna caibidlí atá le teacht, ó thaobh cúrsaí creidimh, shaol na cathrach agus shaol na tuaithe de.

Cé go bhféadfaí a rá gur breathnaíodh ar fhir is ar mhná, ar Phrotastúnaigh agus ar Chaitlicigh, ar chathróirí agus ar thuathánaigh, agus go raibh cur amach acu araon ar an bhFraincis, tá rud amháin a nasc iad le chéile: dúil sa léann. Bhaineadar go léir oideachas ollscoile amach, nó munar bhain, ba intleachtóirí iad a dhein staidéar go príobháideach, .i. Mícheál Breathnach agus Tórna. Má bhí dúil acu i bhfoghlaim na Fraincise, seans go raibh dúil acu san íomhá chultúrtha, shofaisticiúil a bhain leis an bhFrainc. Theastaigh ó cheannairí na hAthbheochana, cathróirí den gcuid is mó, an gradam a bhain le cultúr na Fraince a bhronnadh ar an gcultúr Gaelach, cultúr tuathánach. Próiseas uaislithe a bhí anseo, a bhí lárnach sa tionscnamh frithchoilíneach. Is suimiúil gur tríd an gcóras oideachais, cuid d’fhearas na hImpireachta, ba mhó a tháinig an chéadteagmháil a bhí ag Athbheochanóirí leis an bhFraincis. Is é an t-ábhar seo, an Fhraincis sa chóras oideachais in Éirinn, a dhíreofar air sa chéad chaibidil eile.

54

Caibidil a Dó

CAIBIDIL A DÓ

An Fhraincis sa chóras oideachais in Éirinn, 1878 - 1916

Réamhrá

A party of Gaedhilgeoirí were conversing in the vernacular while dining at a fashionable hotel recently, much to the disgust of a pair of poor creatures whose accent betrayed their Rathmines upbringing. At last in desperation one requested the other to speak French. The attempt was a dismal failure. Our party immediately began to speak the ‘parlez-vous’. Some people even yet think that to know Irish is a mark of poverty and ignorance.158

Sa scéilín seo, tá iarracht mheáite ar bun an Ghaeilge a uaisliú agus is spéisiúil go mbaintear leas as an bhFraincis chuige seo. Cuirtear in iúl gur dream sofaisticiúil is ea lucht na Gaeilge, gur dream iad nár leasc leo dinnéar a ithe in óstán galánta san Ardchathair. Caitear anuas ar bheirt as Rath Maonais i ngeall ar a gcuid aineolais i leith na Gaeilge agus ar a n-easpa cumais sa bhFraincis. Nuair a iompaíonn na Gaeilgeoirí ar an bhFraincis, tá siad ag taispeáint go bhfuil oideachas orthu agus go bhfuil dearcadh iltíreach acu ar an saol. Tréaniarracht atá anseo íomhá na Gaeilge mar theanga na mbocht a iompú bunoscionn agus í a nascadh le saol meánaicmeach na cathrach. Cheadaigh a gcuid eolais ar an bhFraincis dóibh é sin a dhéanamh. Suaitheantas léannta don duine ‘sibhialta’ ab ea an Fhraincis go coitianta i gciorcail áirithe meánaicmeacha taca an ama seo.

Scrúdófar anois an ceangal seo idir an Fhraincis agus íomhá mheánaicmeach, shofaisticiúil, agus na fréamhacha a bhí aige sa chóras oideachais in Éirinn ó 1878 i leith. Chonacthas i gcaibidil a haon go raibh cur amach ag cuid mhór de cheannairí an Chonartha ar theanga, ar litríocht agus ar chultúr na Fraince, agus fiosrófar cúrsaí oideachais i gcoitinne anois. Chuige sin, is gá stair an oideachais in Éirinn a rianadh, ag déanamh suntais do chúrsaí aicme, inscne agus creidimh. Déanfar trácht faoi leith ar an meánoideachas óir is ann a thagann an Fhraincis chun cinn mar ábhar scoile. Déanfar suntas de scoileanna áirithe a raibh aeráid Fhrancach le brath iontu, i ngeall

158 ‘Notes by the Way’, ACS, Iml. III, Uimh. 22, 10 Lúnasa 1901, 342. 55

Caibidil a Dó ar ord rialta ón bhFrainc go minic. Ba iad na hoird seo ón bhFrainc a bhí i bhfeighil scoileanna cónaitheacha go hiondúil, agus ba ghá táillí a íoc le freastal orthu. Áiteofar gur chabhraigh sé seo le cruthú na híomhá measúla den bhFraincis toisc gurbh iad an mheánaicme agus an uasaicme a raibh sé d’acmhainn acu a gcuid páistí a chur go dtí na scoileanna sin. Ainneoin gur lean na scoileanna Protastúnacha múnla Shasana sa traidisiún fóntaíoch, tabharfar faoi deara go raibh an Fhraincis ar an gcuraclam mar sin féin.159 Gheofar spléachadh freisin ar stádas na Fraincise ag leibhéal bunscoile agus ollscoile, cé gur ar an meánoideachas is mó a dhíreofar. Ag deireadh na caibidle, breathnófar ar na díospóireachtaí timpeall ar mhodhanna múinte na Gaeilge, agus ar na modhanna a fuarthas ón bhFraincis, go háirithe Modh Gouin.

Ar dtús, áfach, scrúdófar an múnla ‘Eorpach’ a bhí i réim sa chóras oideachas in Éirinn, ag féachaint ar stair na scolaíochta sa tír. Déanfar suntas den imní a bhí ar roinnt oideachasóirí i leith dhlíthe Jules Ferry sa Fhrainc. Ansin rianófar an tionchar a bhí ag an diagaire François Fénelon ar chúrsaí oideachais. Ardeaspag sa bhFrainc ba ea Fénelon ag deireadh an tséú agus tús an tseachtú haois déag, agus chuaigh a chuid tuairimí faoi oideachas na mban i bhfeidhm ar oideachasóirí agus ar an gcléir in Éirinn ag deireadh an naoú haois déag. Táthar ag súil go bhfaighfear tuairisc ar na slite éagsúla go ndeachaigh an Fhrainc agus an Fhraincis i bhfeidhm ar an gcóras oideachais in Éirinn.

Múnla an Oideachais

Ba le linn an naoú céad déag a chéadfhéach rialtas na Breataine i ndiaidh oideachas a sholáthar do chosmhuintir na hÉireann. Bhí córas oideachais i bhfeidhm cheana ag dul i bhfad siar, mar a mhíníonn David Kennedy, ach ba bheag duine a fuair deis freastal ar na scoileanna seo agus bhí daoine faichilleach ar Eaglais na Éireann:

There did exist a comprehensive system of official schools. It had been initiated as part of the Tudor scheme of conquest. It covered primary,

159 Is éard is brí le hoideachas fóntaíoch ná oiliúint dírithe ar cheird, nó ullmhúchán don áit oibre, murab ionann agus an t-oideachas clasaiceach, ina bhfuil béim ar theangacha ársa agus ar mhachnamh teibí. 56

Caibidil a Dó

secondary and university education. The primary or parish schools owed their existence to an act of Henry VIII. The secondary or diocesan schools were established by Elizabeth I who founded the only Irish university, Trinity College, Dublin. To these the Stuarts added the Royal schools, endowed out of the plantation of Ulster. They were, like the diocesan schools, grammar schools where instruction in the grammar of the classics formed the core of the curriculum. But these schools touched only a small fraction of the population. In many places the statutory obligation to provide them, an obligation imposed by the established church, was ignored or evaded, and in some places the endowments were misappropriated.160

Bhí scoileanna scairte ag feidhmiú ó aimsir na bPéindlíthe ach chuadar seo i léig de réir a chéile sa naoú haois déag i ngeall ar bhunú na Scoileanna Náisiúnta. Mhol Coimisinéirí an Bhoird Oideachais in 1812 go mbunófaí bord ‘to superintend a system of education, from which should be banished even the suspicion of proselytism’.161 Cuireadh an Bord um Oideachas Náisiúnta ar bun sa bhliain 1831 agus níorbh fhada go raibh rian an tsainchreidimh sna scoileanna. I ngeall ar Chaitlicigh a bheith sa mhóramh, bhí struchtúr agus éiteas Caitliceach ar an gcóras.162 Faoin mbliain 1868, bhí os cionn trí cheathrú de dhaltaí na Scoileanna Náisiúnta ina gCaitlicigh. 163 Bhí greim á fháil ag na hoird eaglasta ar chúrsaí oideachais in Éirinn agus bhíodar siúd lena gcumhacht a dhaingniú as san amach, mar a mhíníonn Joseph Lee: ‘Originally intended to be undenominational, the system in practice soon became sectarian [...] Schools reflected rather than created community sentiments, and proved powerless against the blind hatred lovingly inculcated in the bosom of the Christian family’.164

Tháinig fás agus forbairt ar an gcóras oideachais in Éirinn sa naoú haois déag, ag leibhéal bunscoile, meánscoile agus ollscoile. Deineadh cumhacht na nEaglaisí a dhaingniú agus tháinig gné shainchreidmheach chun cinn sna scoileanna i ngeall air

160 David Kennedy, 'Education and the People', in R B McDowell, (eag.), Social Life in Ireland 1800- 45 (Cork: The Mercier Press, 1957), 53-66. 161 Letter of the Right Hon. E.G. Stanley, Chief Secretary to His Excellency the Lord Lieutenant, addressed to His Grance the Duke of Leinster, Deireadh Fómhair 1831, 1, luaite in First Report of the Commissioners of National Education in Ireland, 1834, 1. 162 Judith Harford agus Deirdre Raftery, ‘The Education of Girls within the National System’, in Deirdre Raftery agus Susan M. Parkes, (eag.) Female Education in Ireland 1700-1900: Minerva or Madonna (Dublin: Irish Academic Press, 2007), 33-62. 163 Ibid. 164 Joseph Lee, The Modernisation of Irish Society, 1848-1914 (Dublin: Gill and MacMillan, 1973), 27. 57

Caibidil a Dó sin. Osclaíodh an córas amach chun go mbeadh rochtain ag níos mó daoine ar oideachas. Glacadh níos forleithne le hoideachas na mban, mar shampla, i ngeall ar chúinsí eacnamaíochta agus ar mhianta na meánaicme. I gcás na meánscolaíochta go háirithe, féachadh i dtreo na hEorpa d’fhonn múnlaí a aimsiú: ‘Most of the secondary schools or colleges established in Ireland after the repeal of the Penal Laws were, in fact, modelled on continental lines rather than on those of existing schools in Ireland or England’.165 Ní haon ionadh gur féachadh chun na hEorpa, óir b’ann a cuireadh oideachas ar mhórán Caitliceach saibhir le linn na bPéindlíthe.

Ní foláir focal a rá i dtaobh cúrsaí aicme agus oird áirithe, mar bhí ceist na haicme fite fuaite leis an méanoideachas. Is féidir na scoileanna Caitliceacha a rianadh i dtrí rannóg.166 Bhí na coláistí deoise ann a d’fhéach le hiarrthóirí a ullmhú don sagartóireacht. Bhí ‘aicme’ eile ann do Chaitlicigh shaibhre a bhí sásta agus ábalta táillí a íoc, agus b’iondúil gur scoileanna Íosánacha a bhí iontu siúd. Do dhream ní ba bhoichte, bhí scoileanna na mBráithre Críostaí nó scoileanna Shiúracha na Trócaire. Bheadh taighde Ghráinne O’Flynn ar oideachas na mban ag tacú leis an bpointe seo:

Catherine McAuley’s second level Mercy schools in Carlow, Tullamore, Charleville and Birr followed after the establishment of poor schools. They were set up for the express purpose of providing continuing education for girls in these localities. Curricula were practical - French, Geography and Grammar in addition to reading, writing and arithmetic – and fees were low.167

Is deacair a dhéanamh amach cén fáth go mbeadh an Fhraincis praiticiúil i gCeatharlach ach is dócha gur féachadh ar an bhFraincis mar chuid lárnach d’oideachas na gcailíní. Tabharfar faoi deara sa chaibidil seo go raibh nasc idir foghlaim na Fraincise agus an mheasúlacht, rud a raibh tóir ag gach aicme uirthi, d’fhéadfaí a áiteamh, agus a bhain leis an meon Victeoiriach.

165 Seán Farragher, Père Leman: Educator and Missionary, founder of Blackrock College (Dublin: Paraclete Press, 1988), 331. 166 Desmond Keenan, Post-Famine Ireland: Social Structure, foilsithe ar-líne ag Xlibris.com, 288. 167 Gráinne O’Flynn, ‘Some Aspects of the Education of Irish Women through the Years’, Capuchin Annual 1977, 164-179. 58

Caibidil a Dó

Bhí rian thraidisiún an daonnachais ar chóras meánscolaíochta na hÉireann, mar a mhíníonn John Coolahan.

The curricular pattern of Irish secondary schools was firmly fixed within the humanist grammar-school tradition. Language and literary studies predominated with the Classics and English getting pride of place though many pupils got some acquaintance with French. Mathematics was also offered and science was sometimes taught, but mainly through a non- experimental methodology.168

Sna 1870idí tháinig méadú ar an éileamh ar thacaíocht stáit don mheánscolaíocht agus glacadh go fonnmhar leis an Acht um MeánOideachas nuair a tosaíodh ar na scrúduithe i 1879. I ndiaidh an Achta, deineadh cur chuige seo na scoile gramadaí a dhaingiú trí bhreis marcanna a bhronnadh ar bhunábhair an traidisiúin sin.169

Maidir le múnla, féadaimid a rá gur múnla Eorpach a cuireadh i bhfeidhm go ginearálta ar chúrsaí oideachais in Éirinn, cé go raibh cur chuige éagsúil sna scoileanna Protastúnacha, mar a chífear ar ball. Deir Mary Maguire Colum, agus í ag déanamh cur síos ar an scoil ar fhreastail sí uirthi, Clochar Naomh Lughaidh, Muineachán:

Irish education, to an astonishing degree, was on the Continental model, and not only that, but most educated Irish people had received some part of their education on the Continent, whereas this was not at all to the same extent in England. Of course, a minority of Irish people had received some part of their education in England, but these did not have much influence on the trend of thought, especially on the new kind of thought, in the country.170

Tá sé le tuiscint ón méid seo go raibh smaointeoireacht na mór-roinne i measc na bhfoinsí ónar spreagadh na gluaiseachtaí éagsúla ag an fin de siècle in Éirinn. Bhí tráchtairí oideachais ag coimeád súil ghéar ar a raibh ag titim amach sa bhFrainc ó tugadh dlíthe Jules Ferry isteach sa bhliain 1879. Is cinnte nach raibh an chléir, ná Caitlicigh i gcoitinne, i bhfabhar na n-athruithe a bhí ag tarlú sa bhFrainc. San iris thábhachtach, Irish Educational Review, a bhí ar an bhfód ó 1908-1914, ba mhinic

168 John Coolahan, Irish Education: Its History and Structure (Dublin: Institute of Public Administration, 1981), 52. 169 Ibid.52. 170 Mary Colum, Life and the Dream (Dublin: The Dolmen Press, 1966), 100. 59

Caibidil a Dó ailt ar chúrsaí oideachais sa bhFrainc ag léiriú imní faoi dhí-eaglaisiú na scoileanna. Scríobh Sir Henry Bellingham aiste fhada ar ‘The Educational Difficulty in France’ i 1910 ‘so that we may learn how comparatively easy it is for an unscrupulous government of freethinkers and atheists to gradually uproot all belief in the primary doctrines of Christianity’. 171 Rabhadh a bhí san alt, mar sin, agus ní raibh dabht ar bith air ach gur ionsaí ar an gCaitliceachas a bhí sna dlíthe seo:

Whether these schemes, so detrimental to the faith and morals of any community, are, or are not, the work of Freemason or other secret societies, it is not our present intention to discuss. We would merely point out en passant that the free lay school of the present day in France has been started, not for the purpose of spreading instruction or protecting liberty of conscience, but for the avowed object of destroying Catholicism and uprooting the Christian religion, which is designated ‘clericalism’.

Beifear ag iniúchadh freagra na hÉireann ar an dí-eaglaisiú i gcoitinne sa chéad chaibidil eile.

Ag baint úsáid as staitisticí i dtaobh coiriúlachta, thaispeáin Tomás Ó Murchadha gur mhéadaigh coireanna éagsúla i measc buachaillí faoi bhun 16 bliain d’aois ó cuireadh deireadh leis na hoird rialta sna scoileanna. 172 Luaigh sé an féinmharú, an dúnmharú, goid agus coireanna i gcoinne moráltachta ina chuntas. D’fhoilsigh Mary Ryan alt dar teideal ‘Ethical Teaching in French Schools’ san iris chéanna.173 Achoimre a bhí ann ar alt a bhí in irisleabhar Caitliceach sa Ghearmáin, Hochland, ina ndúradh gurbh é dí-eaglaisiú an oideachais ba chúis le ‘the present ravages of the destructive principles in France, America, and even nearer home. The triumph of the powers of evil has often been furthered by the inactivity of the powers of good’.174 Tagraíonn an ‘even nearer home’ do mhuintir na Breataine, is dócha, a samhlaíodh go coitianta mar dhream mídhílis. Treisíonn sé seo leis an tuairim go

171 Sir Henry Bellingham, ‘The Educational Difficulty in France’, Irish Educational Review, Iml. 3, Uimh. 5, Feabhra 1910, 257–265. 172 Tomás Ó Murchadha, ‘Education Without Religion’, Irish Educational Review, Iml. 3, Uimh. 7, Aibreán 1910, 412 -417. 173 Miss Mary Ryan, M.A., ‘Ethical Teaching in French Schools’, Irish Educational Review, Iml. 3, Uimh. 8, Bealtaine 1910, 465 -473. 174 Ibid. 60

Caibidil a Dó bhfaca Caitlicigh na hÉireann iad féin mar chuid de ghréasán domhanda na gCaitliceach.175

Ainneoin na dtuairiscí seo ag caoineadh easpa moráltachta an oideachais sa bhFrainc, deineadh comóradh ar scoil cháiliúil St. Cyr, gar do Versailles, agus ar bhunaitheoir na scoile, Madame de Maintenon.176 Tá tábhacht leis seo toisc gur alt dearfach é ar an dul chun cinn a deineadh sa bhFrainc ar oideachas na gcailíní. Feicfear an saghas céanna ruda sa chéad chaibidil eile, .i. go gcáintear dí-eaglaisiú na Fraince ach go ndéantar stair na Fraince Caitlicí a ghlóiriú agus maítear nach bhfuil sa dí-eaglaisiú ach rud sealadach.

Tábhacht Fénelon

Ina cuntas ar oideachas na mban, tugann O’Flynn chun solais an tionchar a bhí ag an diagaire François Fénelon ar chúrsaí oideachais in Éirinn.177 Ba é Fénelon a scríobh Traite de l’Education des Filles (1687). Mheas an diagaire go mba chóir an bhéim is mó a leagan ar theagasc Críostaí i gcás oideachas na mban, ach go ndéanfaidís staidéar ar léitheoireacht, scríbhneoireacht, uimhríocht, roinnt dlí agus stair. Ceadaíodh péintéireacht agus ceol freisin, ach bhí cosc ar úrscéalta Spáinneacha agus Iodálacha mar ‘these two languages are useful for little else than reading dangerous books which will be likely to increase a woman’s faults’.178 Chothaigh sé seo an tuairim gur ghá mná a chosaint ó litríocht ‘dhainséarach’. Dar ndóigh, níor cuireadh faic conspóideach ar shiollabas scoile do bhuachaillí ná do chailíní. Chreidtí go raibh feidhm mhorálta ag an litríocht in aimsir na hAthbheochana, rud a bhaineann go mór le meon Victeoiriach na linne. Tiocfaidh an pointe seo aníos arís is arís eile le linn an tráchtais seo, go háirithe nuair a bheifear ag féachaint ar dhíospóireachtaí liteartha agus ar chúrsaí aistriúchán.

175 Terence Brown, Ireland: a Social and Cultural History, 1922-79 (London: Fontana Press, 1981), 35. 176 Georgina O’Brien, ‘Madame de Maintenon, Foundress of St. Cyr’, Irish Educational Review, Iml. 3, Uimh. 7, Aibreán 1910, 404-409. 177 Gráinne O’Flynn, ‘Some Aspects of the Education of Irish Women through the Years’, Capuchin Annual 1977, 164-179. 178 H.C. Barnard, (eag.), Fénelon on Education, (Cambridge: Cambridge University Press, 1966), 86. 61

Caibidil a Dó

Cuireadh tuairimí Fénelon i bhfeidhm i scoil Saint Cyr na Fraince, scoil ar fhreastail mórán cailíní Éireannacha den uasaicme uirthi ó aimsir na bPéindlíthe i leith.179 Míníonn O’Flynn: ‘Saint Cyr was one of the most important centres in France for the education of Irish girls. Girls who attended it included many members of the Nagle family of Cork’.180

Admhaíonn O’Flynn nach raibh tionchar Fénelon le brath le linn a shaoil (mhair sé sa dara leath den seachtú haois déag), ach gur mhair a rian i gclochair na Fraince tráth go raibh cailíní Éireannacha á múnlú sa bhFrainc san naoú haois déag:

What was important to the education of Irish girls was that during the time when women, who were to become founders of, and teachers in, Irish religious teaching orders, were being educated in France, a modified form of Fénelon’s theories held sway in French convents. His ideas as practised in French schools became the model for Irish girls’ schools and for their curricula.181

Aithníonn Harford agus Raftery an bhéim a leagadh ar bhéasa, iompar agus ord mar ghnéithe de thraidisiún chlochar na Fraince, agus arís, luaitear lorg Fénelon:

A fundamental belief central to the curricula in convent schools was instruction in manners, deportment, order and politeness, features of the French convent tradition. The education of girls at this time was influenced by the French educationalist Fénelon, who held that women’s moral and intellectual training were closely linked. Among the areas in which pupils in convent schools were periodically examined and graded were conduct, order and punctuality, politeness, deportment and application.182

Tá tionchar Fénelon ar oideachas na mban luaite ag Anne V. O’Connor chomh maith nuair a mhíníonn sí nár ghá d’oird eaglasta na Fraince a gcóras oideachais a athrú ar theacht na hÉireann dóibh. Bhí a seasamh siúd ag teacht le seasamh na hÉireann Caitlicí maidir le ról na mban sa tsochaí.

179 Féach Georgina O’Brien, ‘Madame de Maintenon, Foundress of St. Cyr’, Irish Educational Review, Iml. 3, Uimh. 7, Aibreán 1910, 404-409. 180 O’Flynn, ‘Some Aspects of the Education of Irish Women through the Years’, Capuchin Annual 1977, 164-179. 181 Ibid. 182 Harford and Raftery, ‘The Education of Girls Within the National System’, in Deirdre Raftery agus Susan M. Parkes, (eag.) Female Education in Ireland 1700-1900, 33-62. 62

Caibidil a Dó

This view had come mainly from France at the end of the 18th century, due to the operation of the Penal Laws, and to a lesser extent from England, where French attitudes and ideas had been widely disseminated by the beginning of the 19th century. One of the most powerful of these influences was Fénelon, a 17th century French writer [...] His views are of particular interest because they underlay the official Catholic viewpoint on girls' secondary education in 19th century Ireland as expressed by the Irish Bishops. The central core of Fénelon's thought was that ‘women had a social duty to perform whose importance it was impossible to exaggerate’. Their duties revolved around the family and the home: Fénelon contended that as it was women who made or marred the happiness of their households, they were, therefore, the determining factor in the good or evil behaviour of almost the whole world.183

Luann O’Connor ArdEaspag Bhaile Átha Cliath go sonrach, an Dr. Paul Cullen, (a bheadh ina Chairdinéal níos déanaí), i ngeall ar an tionchar a bhí aige ar fhorás an oideachais i gclochair na hÉireann.

Dr. Paul Cullen […] put forward views in the early 1870's which showed that he continued to adhere to the ideas first expressed by Fénelon in the 17th century. When asked to support the High School movement in England, his reply showed that he held the view that a woman's role in society still lay within the family structure, and that the whole emphasis should, therefore, be on the religious and domestic aspects of her education rather than on the secular and public.184

Chuir an Dr. Paul Cullen agus a réamhtheachtaí, an Dr. Daniel Murray, fáilte roimh oird eaglasta na Fraince a bhí ag teacht go hÉirinn d’fhonn scoileanna a bhunú ar roinnt cúiseanna, dar le O’Connor. Bhí stádas ag baint leis na hoird Fhrancacha agus bhí na hArd-Easpaig ag súil go meallfaí lucht meánaicmeach a bhí ‘i mbaol’ scoil Phrotastúnach a roghnú dá gcuid oideachais, mar a chífear ar ball. Theastaigh uathu líon na gcailíní a bhí ag dul chun na Fraince dá gcuid oideachais a laghdú. Míníonn O’Connor go raibh baint ag cúiseanna airgeadais leis an bhfáilte a cuireadh roimh oird na Fraince, toisc nár ghá tacaíocht airgid a sholáthar dóibh.

At a time when diocesan financial resources for education were already over- stretched, both Bishops wanted religious foundations which were likely to be self-sufficient, and thus not likely to be a drain on their purses. Dr. Cullen

183 Anne V. O’Connor, ‘Influences Affecting Girls' Secondary Education in Ireland, 1860-1910’, Archivium Hibernicum, Iml. 41, 1986, 83-98. 184 Ibid. 63

Caibidil a Dó

had the added impetus of providing a counter-attraction to the growing power of the State in the field of education. He saw Europe as being divided into two hostile camps in regard to education: ‘the school is made the battlefield upon which the future fate of religion is to be decided’. It is clear that the struggle taking place in France between Church and State for control of girls’ secondary education, during the period 1867-1878, helped shape Dr. Cullen’s own ideas on this subject. In 1868 M. Duruy, the French Minister for Public Instruction, suggested that the municipal authorities should organise a course for girls preparing to become teachers or governesses who would be taught by the Professors of the Lycées. The Catholic Church’s dominant influence on girls’ secondary education in France was thus challenged for the first time. Dr. Cullen condemned Duruy’s proposals as dangerous to female modesty and well calculated ‘to introduce infidelity into every family’.185

Tá sé le sonrú ón méid san Irish Educational Review go raibh idir chléir agus thuata buartha faoi dhí-eaglaisiú chóras oideachais na Fraince. Ach níl aon dabht, faoi mar atá ráite ag na scoláirí thuasluaite, go raibh tionchar mór ag Fénelon ar oideachas na gcailíní. I ngeall ar na cúiseanna atá léirithe ag O’Connor, cuireadh fáilte roimh oird eaglasta ón bhFrainc. Fiosrófar anois na hoird Fhrancacha a bhunaigh scoileanna in Éirinn, agus na fáthanna ar thángadar, ag tosnú leis na hoird bhan rialta.

Oird eaglasta ón bhFrainc

Tá taighde tábhachtach déanta ag Anne O’Connor faoi na hoird eaglasta ón bhFrainc in Éirinn, go háirithe oird na mban. I measc na n-ord ban rialta a tháinig ón bhFrainc, bhí na hUrsalaigh i 1771, Cumann an Chroí RóNaofa i 1842, Compánaigh Dhílse Íosa i 1844, Siúracha Naomh Lughaidh i 1859, Naomh Iosaf Cluny i 1860, La Sainte Union des Sacres Cœurs i 1862, Croí RóNaofa Mhuire i 1870, agus na Muirigh i 1873. Tá tabhartha faoi deara ag O’Connor nach raibh ar na hoird Fhrancacha a gcóras oideachais a athrú nuair a thángadar go hÉirinn toisc go raibh a gcuid luachanna ag teacht le meon na hÉireann Caitlicí ar mhná, ar a ról sa tsochaí, agus ar a gcuid oideachais.186 Is cosúil nár fhág na hoird rialta seo an Fhrainc i ngeall ar achrann leis an rialtas, ach go bhfuaireadar cuireadh teacht go hÉirinn, mar a mhíníonn Caitríona Clear:

185 Ibid. 186 Ibid. 64

Caibidil a Dó

The nine imported congregations, most of whom had been invited by interested priests, religious and lay people, reflected existing trends in their work. Four of them, the Sacred Heart, the Faithful Companions of Jesus, the La Sainte Union and the Sister of St Louis, opened exclusive day-and- boarding-schools for girls, though the St Louis nuns operated a reformatory.187

B’ar an mheánaicme ba mhó a dheineadh na hoird seo ón bhFrainc freastal de ghnáth, ainneoin scoil cheartúcháin Naomh Lughaidh. Dar ndóigh, bhí táillí arda le híoc ag tuismitheoirí lena gcailíní a chur go dtí scoileanna na n-ord Francach. Is dóigh liom gur threisigh sé seo leis an íomhá a bhí ag an bhFraincis mar theanga shofaisticiúil, chultúrtha, mheasúil. Leagadh béim mhór ar oideachas cultúrtha agus ar dheismhíneacht na gcailíní, rud a d’fhág cuid acu ag braistint as áit nuair a d’fhilleadar ar an mbaile beag as a dtángadar.188

Nuair a tugadh an tAcht um Meánoideachas isteach i 1879, níor chuir scoileanna clochair áirithe a gcuid daltaí isteach ar na scrúduithe Idirmheánacha, cuir i gcás, Cumann an Chroí RóNaofa. Is dócha nach raibh scrúduithe iomaíocha ag teacht leis an bhfís a bhí acu d’oideachas na mban. Ghlac oird eile, na hUrsalaigh agus Siúracha Naomh Lughaidh, mar shampla, leis an gcóras scrúduithe le fonn. Bhí baint ag cúrsaí airgeadais leis an gcinneadh seo, ní foláir, mar bhí géarghá le tuilleadh cailíní a chlárú sna scoileanna. D’aithin an Cairdinéal Paul Cullen go raibh tuismitheoirí ag éileamh meánoideachais dá n-iníonacha, agus gur ghá a leithéid a sholáthar dóibh ar eagla go mbeidís meallta ag scoil Phrostastúnach:

Catholic bishops were very fearful of young Catholic girls attending Protestant schools, and it was believed that if the Catholic schools did not update their curriculum and bring it into line with the needs of the time, pupils might be enticed from the Catholic schools to Alexandra or other non- Catholic schools’.189

B’amhlaidh a bhí i Scoil Naomh Lughaidh i Muineacháin, scoil a d’fhreastail ar chailíní meánaicmeacha, faoi mar a dhein mórán de na hoird Fhrancacha. D’éirigh

187 Caitríona Clear, Nuns in Nineteenth-Century Ireland (Dublin: Gill and MacMillan, 1987), 104. 188 Angela Bourke, The Field Day Anthology of Irish Writing Vol. V: Irish Women’s Writing and Traditions (Cork: Cork University Press, 2002), 651. 189 Máire M. Kealy, Dominican Education in Ireland 1820 -1930 (Dublin: Irish Academic Press, 2007), 70. 65

Caibidil a Dó thar barr leis na daltaí sa scoil sin sna scrúduithe Idirmheánacha; ghnóthaigh siad mórán taispeántas agus duaiseanna, rud a mheall tuilleadh daltaí chun na scoile sin. Bhain an scoil leis an traidisiún Francach, mar a mhíníonn Colum: ‘In fact my school was French in tradition, having been founded by a French religious order for the education of girls, and we had all sorts of French customs, since the school was not long enough in existence to have become completely Hibernicized’.190

Ní fada go raibh an scoil ‘Gaelaithe’, áfach, agus chuir na mná rialta spéis mhór i ngluaiseacht na Gaeilge. Ba iad cailíní Naomh Lughaidh na chéad cailíní a shuigh scrúdú Idirmheánach sa Cheiltis. Deir Sr Mary Pauline i gcomóradh chéad bhliain an Oird ‘by the turn of the century the Sisters of St. Louis had begun to co- operate enthusiastically with the Irish Movement recently initiated by the Gaelic League. Irish classes were begun as early as 1897, while Irish conversation, singing and dancing met with every encouragement’.191

D’aithin craobh áitiúil de Chonradh na Gaeilge go raibh gaisce á dhéanamh ag mná rialta i gcur chun cinn na teanga, mar is léir ó leathanaigh Fáinne an Lae:

We were very glad to note the recognition give by [the Gaelic League branch in Monaghan meeting] to the Sisters of St. Louis for their great share in the good work. It has been often said that the convents were unconsciously Anglicising centres. Whether true or not in the past, the opposite will be the fact in the future, if the signs of the times go for anything. The Sisters of St. Louis in the North and the Sisters of Mercy, Macroom, in the South, are only the pioneers of a whole army of devoted Irishwomen who will take a part in combating Anglicisation with its attendant evils.192

Tá an scríbhneoir anseo géar go leor ar chlochair na hÉireann, ag maíomh go mbídís ag cur cultúr Shasana chun cinn. Foilsíodh cuntas eile ag moladh dea-obair na mban rialta Naomh Lughaidh sa Freeman’s Journal i 1899. 193 Dhein Cumann Chaomhnú na Gaeilge comhghairdeas le Clochar Naomh Lughaidh, Muineachán i ngeall ar thorthaí na Scrúduithe Idirmheánacha. Gnóthaíodh cúig dhuais san aiste Ghaeilge.

190 Colum, Life and the Dream, 22. 191 Sr Mary Pauline, God Wills It! Centenary Story of the Sisters of St. Louis (Dublin: Browne and Nolan, 1959), 245. 192 Fáinne an Lae, Iml. I, Uimh. 17, 30 Aibreán 1898, 7. 193 Freeman’s Journal, 7 Meán Fómhair 1899, cited in Sr Mary Pauline, God Wills It!, 246. 66

Caibidil a Dó

As cúig chailíní is tríocha ar éirigh leo sa scrúdú Ceiltise, d’fhreastail trí chailín is fiche ar an gClochar.194

Bhí luí chomh mór sin ag na mná rialta sa chlochar leis an teanga, gur tháinig an Ghaeilge in áit na Fraincise mar theanga na scoile, mar atá luaite ag Mary Keady:

In time, Irish replaced French as the language of the school, and by 1901 a writer in The Western People of the time rebuked the Irish convents in general for aping English education, and praised the nuns of the Order of St Louis for their splendid work for the Irish language at the Intermediate examinations in Monaghan, Carrickmacross, and Kiltimagh.195

Aithníonn Keady gur caomhnaíodh cuid éigin de chultúr na Fraince i scoileanna na n-ord rialta ón bhFrainc, scoil Naomh Lughaidh san áireamh:

Though the St Louis nuns thus adapted well to Irish culture and language and to the ideals of the Gaelic revival, there is no doubt that these three French orders [Ursulines, Society of Sacred Heart, St Louis] brought a strong sense of their own identity and some sense of French culture to their pupils.196

Leagan Caitliceach den bhFrainc a bhí sna scoileanna seo, dar ndóigh, agus bhí an machnamh Caitliceach na Fraince á sheachadadh iontu. Bhí traidisiún na Fraince chun tosaigh in oideachas na mbuachaillí, freisin, go háirithe sna scoileanna ar samhlaíodh gradam leo. Ach an oiread le cás na gcailíní, ba scoileanna Caitliceacha a bhí i gceist. Ba é Père Jules Leman a bhunaigh Coláiste na Carraige Duibhe i 1860. Sagart ón bhFrainc a bhí ann agus theastaigh uaidh fir as Éirinn a earcú do na misin san Aifric. Nuair a shroich sé Éire, bhain bochtanas na tíre siar as agus chinn sé scoil a bhunú ar dtús. Déanann Seán Farragher, príomhstaraí na scoile, cur síos ar chóras oideachais na Carraige Duibhe sna téarmaí seo a leanas:

a prospectus was drawn up where it was announced that they were going to operate the French system of education, but for the most part they followed the wording found in similar prospectuses for Irish Catholic schools. Apart from the one layman, the staff was completely French. So, French was of necessity the principal language in daily use. […] The book prizes, as well of

194 Sr Mary Pauline, God Wills It!, 245.

195 Kealy, Dominican Education in Ireland, 75. 196 Ibid., 75. 67

Caibidil a Dó

most of their requirements, were imported from France because all had to be acquired on credit until they were able to pay their own expenses.197

Tugadh ‘French College’ ar Choláiste na Carraige Duibhe ar feadh roinnt mhaith blianta. Fiú nuair a bhí na sagairt ón bhFrainc imithe, ba ghnáthach le sagairt a bhí oilte ag an gCarraig Dhubh a n-áit a thógaint. Sa tslí seo, leanadh de thraidisiún na Fraince sa scoil áirithe seo.

For Blackrock College itself 1896 marked the end of an era – the French era, that is. For the first time an Irishman was appointed President, namely, Fr Laurence Healy, and Fr John Neville, future bishop in East Africa, replaced Fr Ebenrecht as bursar and director of sodalities. Fr Larry Healy, who had been a student at Blackrock, 1872-77, and perfected there for two years, rejoined the staff in 1894 as Dean of Studies or Principal.198

Is díol suntais é go raibh nasc idir an scoil seo agus Athbheochan na Gaeilge, mar a bhí i gcás Clochar Naomh Lughaidh freisin:

A native speaker of Irish himself, Fr Healy gave support to the revival of Irish in schools. He took on a specialist teacher for Senior Grade Irish, Timothy O’Donoghue (Tórna), and, significantly, three of the senior students of that period, Pádraic Ó Conaire, Prof Tomás O Rahilly and Fr Martin O’Mahony CSSp, were to play active roles in the Irish movement in later years.199

Ní léir an bhfuil cúis faoi leith gurb amhlaidh a thit amach, ach is cosúil go raibh Coláiste na Carraige Duibhe agus Clochar Naomh Lughaidh, scoileanna a bhunaigh oird rialta ón bhFrainc, thar a bheith báúil i leith na Gaeilge, agus d’oibríodar chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc a gcuid daltaí.

Bhí na Muirígh, ord a bunaíodh sa bhFrainc i 1816, tar éis lonnú i Londain Shasana chun freastal ar phlódú na n-imirceach as Éirinn. Tuigeadh dóibh go bhféadfaidís Béarlóirí Éireannacha a chur amach go dtí na misin san Astráil agus sa Nua Shéalainn. Ní hamháin san, ach toisc na Péindlíthe a bheith á maolú in Éirinn,

197 Seán Farragher, CSSp, agus Annraoi Wyer, Blackrock College, 1860-1995 (Dublin: Paraclete

Press, 1995), 8-9. 198 Ibid., 99. 199 Ibid., 102. 68

Caibidil a Dó bhí géarghá le hoideachas a chur ar Chaitlicigh na tíre ar eagla iompúcháin. Bhunaigh na Muirígh scoil chónaitheach i nDún Dealgan i 1861 agus scoil lae i mBaile Átha Cliath i 1867, Coláiste na hOllscoile Caitlicí.

Ba sa bhliain 1880 a bhunaigh Bráithre de la Salle scoil in Áth Luain agus níorbh fhada sula raibh scoileanna eile acu i mBaile an Chaisleáin an bhliain dar gcionn agus i gCill Dara an bhliain ina dhiaidh sin.

Bhain Coláiste Chaisleán Cnucha, a bunaíodh i 1835, le hord San Uinseann. Cé gur bhunaigh Éireannaigh Cuallacht an oird as a stuaim féin, bhí nasca acu le Páras agus leis na Lazuraigh.

Influenced by Maynooth and the Lazarists, its organisation was decidedly French. Whatever British or English elements there were in its culture were the result of the general cultural climate in Ireland, particularly that of the upper middle class, and had little or nothing to due [sic] with any supposed influence from English public schools.200

Bhí leithéidí Peter Byrne ann mar mhúinteoir idir 1869 agus 1882, agus chaith sé tréimhse mar leasuachtarán freisin. Bhí sé tar éis traenáil mar oifigeach in Airm na Fraince ag acadamh míleata Saint-Cyr, sular chuaigh sé isteach in Ord San Uinseann i bPáras.201

Is léir go raibh rian na Fraince ar an múnla oideachais in Éirinn ar mhórán slite, i gcás oideachas na mban go háirithe. Ag dul i bhfad siar, bhí daoine óga ag fáil a gcuid oideachais sa bhFrainc agus i dtíortha eile na hEorpa ó aimsir na bPéindlíthe i leith. Tháinig cuid acu seo ar ais go hÉirinn agus bhunaíodar scoileanna dá gcuid féin, bunaithe ar a raibh foghlamtha acu sa bhFrainc. 202 Chonaiceamar sa chaibidil seo go raibh oideachasóirí na hÉireann ag coimeád súil ghéar ar a raibh ag titim amach sa bhFrainc go comhaimseartha ó thaobh an léinn de. Chonaiceamar, freisin, gur tháinig na hoird ón bhFrainc go hÉirinn sa naoú haois

200 James H. Murphy, Nos Autem: Castleknock College and Its Contribution (Dublin: Gill & MacMillan, 1966), 53. 201 Ibid., 53. 202 Áine Hyland, Kenneth Milner (eag.), Irish Educational Documents, Vol. I (Dublin: Church of Ireland College of Education, 1987), 46. 69

Caibidil a Dó déag chun scoileanna a bhunú, go minic d’fhonn daoine a earcú do na misin san Aifric, san Astráil agus sa Nua Shéalainn.

Cur chuige éagsúil de réir creidimh

Agus sinn ag iniúchadh thionchar na Fraince ar an oideachas, ní miste aghaidh a thabhairt ar cheist an chreidimh freisin. Tá feicthe againn gur tháinig oird eaglasta Chaitliceacha ón bhFrainc – idir mhná rialta agus shagairt - agus gur scoileanna élite a chuireadar ar bun in Éirinn. Ba iad na hoird Chaitliceacha Éireannacha a bhí i bhfeighil scoileanna na mbocht de ghnáth.203 Ach fiú i scoileanna na n-ord rialta Éireannach, bhí rian na Fraince le sonrú, mar a mhíníonn Clear: ‘The Presentation nuns modelled their schools on the French ouvroirs, or work-schools. The Irish Sisters of Charity based their non-specific approach of perpetual service to the poor on that of the French Daughters of Charity’.204

In alt a scríobh sí i 1890, d’aithin Katharine Tynan go raibh ag éirí go maith le roinnt scoileanna clochair, ach bhraith sí go raibh an lámh in uachtar go fóill ag ‘a French mind and spirit, which are incapable of understanding the different position and needs of English speaking women’.205 Mhol sí coláiste do mhná Caitliceacha ar mhúnla Coláiste Alexandra toisc nárbh aon mhaitheas don Eaglais Chaitliceach ‘to have the balance of education and power and wealth on the Protestant side’.206

Tá fianaise shuntasach ó iardhaltaí ag deireadh an naoú haois déag a thugann le fios nach raibh an t-oideachas a cuireadh orthu sna scoileanna clochair oiriúnach don saghas saoil a bhí rompu. Bhí, mar a dúradh cheana, an iomarca béime ar na healaíona, agus bhí a lán de na cailíní míshona agus as alt nuair a d’fhilleadar ar an mbaile ‘as a result of the refining influence of the nuns’.207 Níor ullmhaíodh na cailíní chun a mbeatha a shaothrú ach chomh beag. Féach a ndeir Eileen Breathnach i dtaobh ardoideachas do mhná 1879-1914:

203 O’Connor, ‘Influences Affecting Girls' Secondary Education in Ireland, 1860-1910’, Archivium Hibernicum, Iml. 41, 1986, 83-98. 204 Clear, Nuns in Nineteenth-Century Ireland, 102. 205 Katharine Hinkson Tynan, Catholic World, Lúnasa 1890, luaite in Bourke, The Field Day Anthology of Irish Writing Vol. V, 653-564. 206 Ibid. 207 Bourke, The Field Day Anthology of Irish Writing Vol. V, 651. 70

Caibidil a Dó

The education offered to middle class girls in schools and by governesses alike, reflected society’s expectations as to their future. It consisted of English, history, geography, arithmetic, French (sometimes Italian and German), music, religious instruction and needlework. The object was to equip girls with accomplishments considered suitable for young ladies. The spirit was unmistakably aristocratic, the useful was spurned in preference for the ornamental.208

Cur chuige éagsúil a bhí sna scoileanna Protastúnacha, nó sna scoileanna neamhshainchreidmheacha, a bhí faoi anáil an traidisiún fhóntaígh. Bhí an meánoideachas á sholáthar ag Protastúnaigh go deonach, mar a bhí ag na hoird eaglasta Chaitliceacha sa chéad leath den naoú céad déag.209

Bhí an Fhraincis á teagasc i scoileanna neamhshainchreideamhacha chomh maith céanna. Níl figiúirí againn a léireodh líon na ndaltaí a dhein an Fhraincis i scoileanna Caitliceacha agus i scoileanna eile, ach is féidir linn stair institiúidí faoi leith a fhiosrú. Tógaimis St. Andrew’s College, mar shampla, a bunaíodh sa bhliain 1884 chun freastal ar bhuachaillí Preispitéireacha. Fágadh múineadh na dteangacha Eorpacha faoi Mr. Whitton:

A fourth assistant master was needed once opening day had established that an unexpectedly large number of pupils was coming. Mr Whitton was appointed on 18 January 1894 to teach Modern Languages. He was ‘a graduate of the Royal University, who was prepared to work for £65 per annum’, which suggests that the other assistant masters received more.210

Más fíor gur íocadh tuarastal níos mó le máistrí scoile eile, thabharfadh sé sin le fios nach raibh na teangacha Eorpacha ar na hábhair ba thábhachtaí in St. Andrew’s. Fostaíodh múinteoirí Clasaicí, Matamaitice, Líníochta agus beirt mhúinteoirí Béarla bliain sula bhfuair Mr. Whitton a phost. Arís is cosúil ón méid seo nach raibh béim rómhór ar theangacha sa scoil áirithe seo, ach go raibh teanga Eorpach á múineadh ann.

208 Eileen Breathnach, ‘Women and Higher Education in Ireland 1879-1914’, The Crane Bag, Iml. 4, Uimh. 1, Images of the Irish Woman (1980), 47-54. 209 Susan M. Parkes, ‘Intermediate Education for Girls’, in Raftery agus Parkes, (eag.), Female Education in Ireland 1700-1900, 69-101. 210 Georgina Fitzpatrick, St. Andrew’s College 1894 -1994 (Blackrock: St Andrew’s College, 1994), 22. 71

Caibidil a Dó

Bunaíodh Alexandra College sa bhliain 1866 do chailíní Protastúnacha ó chúlra meánaicmeach agus uasaicmeach. Tarraingíodh Queen’s College, Londain, chucu mar eiseamláir, agus bhí rogha fhairsing ábhar á cur ar fáil acu:

The first curriculum was indeed an ambitious one, and included the following subjects: Theology, History (Ancient and Modern); English Language and Literature, French, German or Italian, Latin, Geography, Arithmetic, Algebra, and Geometry, Natural Science, Mental and Moral Philosophy, Music, Drawing, and Calisthenics.211

D’eagraigh Coiste Oideachais Alexandra College sraith léachtaí gach Satharn i gColáiste na Tríonóide le linn na 1870idí agus bhí na léachtaí seo oscailte do mhná ar spéis leo an t-ardoideachas.

They included such subjects as Astronomy, Greek Literature, Comparative Studies of Languages, Ethnology and Ancient Civilization, Italian, and Elementary Physics. They were highly successful, judging by the numbers who attended every year, with an average attendance of over 300 each year in the 1870s.212

Cé go bhfuil an Fhraincis luaite ar churaclam na scoile, ní raibh áit ag litríocht na Fraince ar an liosta thuas, rud a thabharfadh le fios, b’fhéidir, nár leagadh an oiread sin béime uirthi san ardoideachas ‘Protastúnach’. Bheadh sé sin ag teacht le nós na scoileanna Protastúnacha cloí leis an oideachas fóntaíoch, mar bhíodar ag leanúint ghluaiseacht ‘High School’ Shasana. De réir O’Connor agus Susan M. Parkes, ‘[o]ne of the most striking aspects of 19th century educational history in Ireland was the emergence of two dominant influences on girls’ secondary education, one French and primarily religious, the other English, and mainly utilitarian’.213

Mar phointe codarsnachta, tugtar faoi deara an bhéim a leagadh ar an bhFraincis i gColáiste Ollscoile Naomh Mhuire, scoil Chaitliceach, a raibh na Siúracha San Dominic ina bun. Cailíní de bhunadh meánaicmeach agus

211 Anne V O’Connor, agus Susan M. Parkes, Gladly Learn and Gladly Teach: A History of Alexandra College and School, Dublin, 1866 – 1966 (Dublin: Blackwater Press, 1984), 12. 212 Ibid., 12. 213 Ibid., 12. 72

Caibidil a Dó uasaicmeach a d’fhreastail ar an scoil seo. Cuireann an tSr Beneventuta síos ar an atmaisféar Francach a bhain leis an Acadamh Liteartha a bhí ann:

One of the most distinctive features of old St. Mary’s […] is St. Mary’s Literary Academy. It was founded in Eccles Street in 1899. […] In its early days one of the chief functions of the Literary Academy was to sponsor a series of lectures for the public in English and French. These were well attended and of a sufficiently high standard to qualify for the claim of being a course of extra-mural studies. Thus for the Michaelmas term 1893 Mlle. Decoudun gave a magnificent set of lectures of the following themes: Bossuet; La Fontaine; Mme. de Maintenon et Mme. de Sévigné; Boileau; Chateaubriand; and Corneille.214

Scríbhneoirí Caitliceacha amháin a pléadh sna léachtaí breise seo, tuilleadh fianaise gurbh í an Fhrainc Chaitliceach agus smaointeoireacht Chaitliceach a cuireadh chun cinn sna scoileanna seo. Breathnófar ar ball ar an líon mór daltaí a dhein staidéar ar an bhFraincis sa chóras meánoideachais. Bhí an Fhraincis mar chuid lárnach d’oideachas na gcailíní sa tréimhse seo, go mór mhór. I bhfianaise a bhfuil sa chaibidil seo, bhí an Fhraincis lárnach i scoileanna do chailíní agus do bhuachaillí, i scoileanna Caitliceacha agus i scoileanna Protastúnacha. Chonacthas roinnt samplaí de scoileanna a bhí go mór faoi anáil na Fraincise, cuir i gcás iad siúd a bhí faoi chúram na n-ord Francach áit a raibh an Fhraincis mar chuid d’atmaisféar na scoile. Mar ábhar scoile amháin a bhí an Fhraincis sna scoileanna neamhshainchreideamhacha, is cosúil, seachas mar chuid d’éiteas na scoile. Sna scoileanna do bhuachaillí a raibh ord Francach ina mbun, bhí an Fhraincis láidir, mar atá feicthe i gcás Choláiste na Carraige Duibhe. Sna scoileanna do bhuachaillí Protastúnacha nó sna scoileanna neamhshainchreideamhacha, áfach, ba mhó i bhfad an bhéim ar na Clasaicí agus an Mhatamaitic. Dearbhóidh líon na ndaltaí a dhein an Fhraincis do na scrúduithe Idirmheánacha ar ball go raibh an-tóir ar an bhFraincis mar ábhar meánscoile.

214 Sister M. Benevenuta, ‘St. Mary's University College’, University Review, Iml. 3, Uimh. 4, Earrach, 1964, 33-47. 73

Caibidil a Dó

An Fhraincis sa Bhunscoil

Sa bhliain 1867 chuir Coimisinéirí an Oideachais Náisiúnta moladh faoi bhráid an rialtais maidir le múineadh na gClasaicí agus na Fraincise i mbunscoileanna na hÉireann.

The Commissioners approve of the general principle of placing the attainment of knowledge of Classics and French within the reach of the poorer classes, provided it can be done without injury to the primary instruction given in the National Schools.215

Dá mbeadh ar a laghad seisear sa rang, agus dá mbeadh tinreamh 150 lá sa bhliain ag na daltaí, d’fhéadfaí an Fhraincis a mhúineadh le linn uaireanta scoile. Dá mbeadh níos lú ná seisear dalta sa rang, d’fhéadfadh an múinteoir an Fhraincis a mhúineadh roimh nó i ndiaidh na scoile agus d’íocfaí an múinteoir go príobháideach. D’íoctaí an múinteoir de réir na dtorthaí scrúduithe, leis: ‘For every pupil […] who has made the necessary attendances and passes a satisfactory examination for his year; in Latin and Greek: 10s to be awarded to the teacher and in French, 5s’.216

Tá an ‘luacháil’ seo ar ábhair suntasach mar tagann sé aníos arís sna scrúduithe Idirmheánacha, áit ar cuireadh luach níos airde ar an mBéarla, ar an Laidin agus ar an nGréigis, ná mar a tugadh ar theangacha na hEorpa, mar a fheicfear ar ball.

Is gá aird a thabhairt ar dhoiléire an tsiollabais sa bhFraincis ag leibhéal bunscoile, go háirithe i gcomparáid leis an siollabas sna Clasaicí. Sa chéad bhliain múineadh gramadach agus aistriúchán ó Fhraincis go Béarla; sa dara bliain bhíothas ag plé le haistriúchán ó Bhéarla go Fraincis; agus sa tríú bliain deineadh staidéar ar ‘the language generally’. I gcás na gClasaicí, ainmníodh Virgil, Homer agus Horace sa chlár teagaisc i gcomhair na dtrí bliana.

2151867 (472) National education (Ireland) (Classics and French). Copy of proposal or plan submitted by the Commissioners of National Education in Ireland to the government for the introduction of Classics and French into the national schools, and of correspondence relating thereto. Ar fáil ag: [Rochtain: 19 Márta 2010]. 216 Ibid. 74

Caibidil a Dó

I dTuairisc Mhaoirseora na Modhscoileanna Lárnaí agus Choláiste Traenála Sráid Marlborough na bliana 1886, cuireadh níos mó uaireanta a chloig ar fáil don bhFraincis ná mar a chuireadh do na Clasaicigh: ‘To a selected number of students Greek, Latin, and French are taught. A classical master attends for nine hours in the week and a French master for twelve hours, to give this instruction’.217

Mar ábhar breise a dhein 102 bunscoil staidéar ar an bhFraincis sa bhliain 1886, is é sin, 1,059 dalta a chuaigh faoi scrúdú agus 853 a ghnóthaigh pas. 218 Sa bhliain chéanna, ní raibh an Ghaeilge á múineadh ach in 28 bunscoil, rinne 355 dalta scrúdú inti agus d’éirigh le 278 pas a bhaint amach. Bhí an Laidin á múineadh i dtríocha scoil agus an Ghréigis i ndeich scoil. I measc na n-ábhar roghnach ba choitianta a múineadh sna bunscoileanna, bhí an gheoiméadracht (1,784 scoil) agus an t-ailgéabar (1,946 scoil).

Ach nuair a chuirtear san áireamh go raibh 8,024 Scoil Náisiúnta ag feidhmiú in Éirinn sa bhliain 1886, agus 490, 484 dalta ag freastal orthu, tuigtear nach raibh teacht ach ag mionlach ar na hábhair bhreise, an Fhraincis ina measc.

De réir fianaise ó thuairiscí na gCoimisinéirí, is cosúil gur i scoileanna na mban rialta is mó a bhí an Fhraincis á teagasc. Níor ghá gur ord Francach a bhí i gceist, ach is léir ón dá shampla seo a leanas gur bhain an Fhraincis le scoileanna meánaicmeacha: ‘In Ardee Convent National School, Louth, the Sisters of Mercy operated a separate school for daughters of the shopkeepers and farmers. These girls were taught French, vocal and instrument music, and the ‘usual English course’.219 Tabhair faoi deara gur ón bhFrainc a tháinig an nós go mbeadh scoil ar leith do chailíní meánaicmeacha, ionas nach mbeadh orthu meascadh leis na bochtáin: ‘Dundalk Convent National Schools, Louth, also a Sisters of Mercy school, provided

217 Report of the Superintendents of the Central and Model Schools and the Marlborough-Street Training College for the Year 1886, The fifty-third report of the Commissioners of National Education in Ireland, (for the year 1886), 115. 218 The fifty-third report of the Commissioners of National Education in Ireland, (for the year 1886), 27. 219 Harford agus Raftery, ‘The Education of Girls Within the National System’, in Raftery agus Parkes, (eag.), Female Education in Ireland 1700-1900, 33-62. 75

Caibidil a Dó a separate department for the children of the middle classes, in which they were taught music, French and the English course’.220

Dúirt cigire amháin i dtaobh Scoil na Trócaire i mBaile Átha Í in 1864: ‘most of the nuns get a liberal education of a high order and are highly accomplished; some draw and paint admirably, and know music and French; others know music and French [sic], having been educated in France’.221 Faoi mar a deir Tony Fahy maidir le mná rialta agus oideachas na scoileanna náisiúnta:

Unlike the overtly nationalist Christian Brothers, the nuns did not figure as opponents in the educational field of the Anglocentric tendencies of the national school curricula. Their concern for the Gaelic past or the Irish language was slow to develop and their cultural leanings, where they had any distinctiveness, tended more towards a provincial fondness for French literary polish. Otherwise, to judge by reports of the school inspectorate, they pursued the embourgeoisement of Irish culture with missionary conviction, struggling to raise the tone of Irish life to the civilised standards of metropolitan culture.222

Is cosúil gur deineadh nasc sa tréimhse seo idir foghlaim na Fraince agus dul chun cinn sa saol, nó an cultúr ‘sibhialta’, uirbeach, fiú. Is díol suntais é gurb amhlaidh a bhí i mbunscoileanna Shasana, mar a thuairisc cigire darbh ainm ‘Mr. Fitzmaurice’ sa bhliain 1889: ‘In many schools, with a higher fee than the average, French is taught, and on the whole a creditable knowledge of the subject is shown’.223

Tá feicthe againn gur tugadh an Fhraincis isteach mar ábhar roghnach sna Scoileanna Náisiúnta, i dteannta na gClasaiceach, sa bhliain 1867. Is cosúil go raibh an t-ábhar ar fáil go coitianta i measc scoileanna meánaicmeacha a bhí faoi stiúir na mban rialta. Bheifí ag súil leis seo i ngeall ar an oideachas a cuireadh ar roinnt mhaith ban rialta sa bhFrainc. Ach, i ndeireadh thiar, ní raibh ach líon beag

220 Ibid. 221 Special report made to the Commissioners of National Education on convent schools in connection with the Board, H. C. 1864 (405) XLVI, 124. 222 Tony Fahy, ‘Nuns in the Catholic Church in Ireland in the Nineteenth Century’, in Mary Cullen, (eag.), Girls Don’t Do Honours: Irish Women in Education in the 19th and 20th Centuries (Dublin: Women's Education Bureau, 1987), 7-30. 223 1890 [C.6082] General report, for the year 1889, by W. Scott Coward, Esq., one of Her Majesty's chief inspectors, on the schools in the north-western division of England, comprising the counties of Cumberland, Westmoreland, and Lancashire, and the Isle of Man. Ar fáil ag: [Rochtain: 21/01/2013]. 76

Caibidil a Dó scoileanna ag teagasc na Fraincise, 1.27% de bhunscoileanna na hÉireann. Fuair daltaí ar múineadh Fraincis dóibh sa bhunscoil eolas éigin ar theanga agus ar litríocht na Fraince. Do dhaoine eile, níor thosaíodar ar fhoghlaim na Fraincise go dtí gur chuadar isteach sa mheánscoil agus i gcóras na Scrúduithe Idirmheánacha, cé gur líon beag a d’fhreastail ar an meánscoil.

An Fhraincis sa Mheánscolaíocht

Cor cinniúnach i gcúrsaí meánscolaíochta ba ea an tAcht um Oideachas Idirmheánach (1878). Cé go raibh córas scrúduithe iomaíochta i bhfeidhm roimhe, ba é an chéad uair ar ghlac an Stát dualgas an mheánoideachais air féin. Chuimsigh an tAcht seo riaradh na scrúduithe, maoiniú scoileanna agus dáileadh duaiseanna ar dhaltaí ar éirigh go maith leo. Ní nach ionadh, leagadh béim an-mhór ar thorthaí scrúduithe as sin amach, córas a cháin Pádraig Mac Piarais ina phaimfléad The Murder Machine.224 Ach is i ngeall ar an Acht a raibh rochtain ag i bhfad níos mó daoine ar an oideachas, ag cailíní go háirithe. Cé gur ar bhonn neamh- shainchreideamhach a samhlaíodh an meánoideachas, ní raibh sé mar chleachtas ag an mBord a ladhar a shá i ngnó na scoileanna agus, dar ndóigh, ba í an chléir a bhí i mbun reáchtáil fhormhór na scoileanna. Glacadh go forleathan agus go fonnmhar leis an Acht.

Breathnófar anois ar mhúineadh na Fraincise sa chóras meánscolaíochta. Bhí áit lárnach ag an bhFraincis ar churaclam meánscolaíochta in Éirinn sa cheathrú deireanach den naoú haois déag. Toisc gurbh í an Fhraincis an teanga Eorpach is mó a múineadh sna scoileanna, chuaigh teanga agus cultúr na Fraince i bhfeidhm ar an nglúin Éireannach a bhí ar scoil taca an ama seo. I measc na meánaicme, ba chomhartha í an Fhraincis go raibh léann ar dhuine, go raibh meon iltíreach aige, agus bhí tábhacht ar leith léi mar ábhar saoithiúil, go háirithe i gcás oideachas na gcailíní. Féachfar anois ar an bhFraincis mar ábhar meánscolaíochta roimh an Acht agus ina dhiaidh, mar aon le líon na ndaltaí a rinne scrúdú sa bhFraincis. Mar

224 Cháin an Piarsach an claonadh Gallda a bhí sa churaclam, freisin, ag maíomh nár oir sé don ‘aigne Gaelach’. Patrick Pearse, The Murder Machine (Dublin: Whelan, 1916). 77

Caibidil a Dó phointe comparáide, tabharfar cuntas agus déanfar trácht ar shiollabas na Fraincise sna gráid éagsúla de na scrúduithe Idirmheánacha.

Tá eolas tearc go leor ar an meánscolaíocht roimh an Acht um Oideachais Idirmheánach. Úsáideann Coolahan daonáireamh na bliana 1871 mar fhoinse ar an ngné seo den oideachas. Míníonn sé gur tugadh scoil ‘ardchéimiúil’ nó ‘superior’ ar scoil a raibh teanga iasachta á teagasc inti:

The censuses employed the term ‘superior’ schools for schools which taught a foreign language and in turn regarded this as indicating intermediate-type education. In 1871 there were 574 superior schools – 252 male, 162 female and 160 mixed sex – and there were 21,225 pupils in attendance. Although Catholics formed 77 per cent of the total population of 5,412,377 in Ireland in 1871, only 50 per cent of pupils in superior schools were Catholic […] Apart from English the main subjects studied were Latin (9,440 pupils), Greek (6,605 pupils), modern languages, mainly French (13,205 pupils), and 8,595 pupils were studying mathematics with one or more of the foregoing subjects. The census report urged caution in interpreting the numbers for modern languages where they were taken more as an ‘accomplishment’ with the depth of study ‘very limited indeed’.225

Is díol spéise é go ndéantar tagairt do chaighdeán foghlamtha na dteangacha i measc na ndaltaí. Cé go mbíonn uimhreacha againn uaireanta i dtaobh líon na ndaoine a dhein ábhar, bíonn sé deacair a dhéanamh amach cén caighdeán a bhaineadar amach. Ar laghad, i gcás na scrúduithe Idirmheánacha, tá tuairiscí ar na hábhair ó na príomhscrúdaitheoirí. Nuair a dhéantar iarracht ranganna Gaeilge an Chonartha a mheas, táthar ag brath ar dhíolacháin leabhar Uí Ghramhnaigh.226

I gcóras na Scrúduithe Idirmheánacha, deineadh luacháil ar na hábhair. Nuair a cuireadh tús leis na scrúduithe, b’fhiú 1,000 marc an Laidin, an Ghréigis agus an Béarla. 700 marc a bhí ag dul don bhFraincis agus don nGearmáinis, 600 don gCeiltis agus 500 don Iodáilis.227 Bronnadh taispeántais orthu siúd a bhain marc comhiomlán ard amach. Cé gur athraíodh an luacháil de réir a chéile, don mBéarla agus do na Clasaicí a bhí na marcanna is mó ag dul i gcónaí. In ainneoin go raibh

225 Coolahan, Irish Education: Its History and Structure, 59-60. 226 Philip O’Leary, The Prose Literature of the Gaelic Revival, 1881-1921: Ideology and Innovation (Pennsylvania: The Pennsylvania State University Press, 1994), 13. 227 1880 [C.2600] Report of the Intermediate Education Board for Ireland for the year 1879, 13-15. 78

Caibidil a Dó níos lú marcanna ar an bhFraincis, ba í an teanga Eorpach ba mhó a múineadh i gcóras na scrúduithe idirmheánacha mar a léiríonn na figiúirí thíos:

1878 1898 1903 1909

Béarla 3,759 9,831 7,878 11,179

Fraincis 2,079 9,411 7,164 10,786

Gearmáinis 187 1,077 934 2,077

Gaeilge 19 665 2,259 6,076 (Ceiltis)

Iodáilis 66 41 47 13

Gréigis 1,219 1,397 1,070 1,157

Laidin 2,194 5,567 4,076 5,043

Tábla 1: Líon na ndaltaí a dhein scrúdú Idirmheánach sna teangacha éagsúla.

Chítear gur tháinig méadú mór ar líon na ndaltaí a bhí ag gabháil do na scrúduithe Idirmheánacha ó cuireadh tús leo sa bhliain 1878. Is beag duine a dhein scrúdú san Iodáilis, is dócha toisc nárbh fhiú ach 500 marc an t-ábhar. Tháinig borradh mór faoin nGaeilge sna blianta seo, fad is a bhí Conradh na Gaeilge i mbarr a réime. Bhí an Conradh ar a dhícheall go mbeadh an Ghaeilge á teagasc sna scoileanna in Éirinn agus tá torthaí a gcuid oibre le feiscint sna figiúirí seo. Cé go raibh tús lag ag an nGearmáinis, tá sí coitianta mar ábhar scrúduithe faoi dheireadh an chéid. Is léir gur

79

Caibidil a Dó tháinig laghdú beag ar líon na ndaltaí a dhein an Fhraincis mar ábhar idir 1898 agus 1903, ach tá laghdú le feiscint sa líon daltaí a dhein scrúdú sa Bhéarla agus sa Laidean sa tréimhse chéanna. Is dócha go raibh teacht ag i bhfad níos mó daoine ar mheánoideachas sna fiche bliain idir 1878 agus 1898, a bhuíochas sin do na hoird rialta a bhí ag ullmhú daltaí ó aicmí éagsúla. Tháinig méadú beag ar líon na ndaltaí a dhein scrúdú Iodáilise sa tréimhse 1898 agus 1903, ach is é an méadú i gcás na Gaeilge is suntasaí anseo. Ba í an Fhraincis an teanga Eorpach ba mhó a múineadh sna scoileanna agus a ndéanadh scrúdú inti sa chóras Idirmheánach. Más ag measúnú thionchar na hEorpa ar dhaltaí scoile atáthar, féadaimid a rá gurbh í an Fhrainc agus an Fhraincis is mó a d’fhág rian orthu seachas aon tír ná teanga Eorpach eile.

Cé gur féachadh ar an bhFraincis mar ábhar coitianta do chailíní taca an ama seo, léiríonn na figiúirí thíos gur thug an-chuid buachaillí faoin bhFraincis sna scrúduithe Idirmheánacha.

Buachaillí Cailíní

1898 6,805 2,606

1903 5,260 1,901

1909 7,177 3,609

Tábla 2: Líon na ndaltaí a dhein an Fhraincis sna Scrúduithe Idirmheánacha.

Sa bhliain 1898, dhein 7,227 buachaill scrúduithe Idirmheánacha ag leibhéil éagsúla. Roghnaigh 6,805, nó 94.2 faoin gcéad acu an Fhraincis mar ábhar. 2,231 cailín a dhein scrúduithe Idirmheánacha an bhliain chéanna agus bhí an Fhraincis mar ábhar ag 2,042 acu, is é sin, 99 faoi gcéad de chailíní.

80

Caibidil a Dó

8,350 buachaillí a dhein scrúduithe Idirmheánacha sa bhliain 1909; bhí an Fhraincis ar bun ag 86 faoin gcéad acu. 88 faoin gcéad de chailíní a dhein an Fhraincis sa bhliain chéanna: 3,609 as 4,101.

Siollabas

Breathnófar anois ar shiollabas na Scrúduithe Idirmheánacha don mbliain 1884, sular cuireadh an Grád Ullmhúcháin ar bun. Sa Ghrád Sóisearach, i gcomhair daltaí faoi bhun sé bliana déag, scrúdaíodh dhá chaibidil as Télémaque Fénelon, agus sliocht as Alfred le Grand le Guirot, mar aon le haistriúchán agus gramadach. Is díol suntais é go dtagann Fénelon chun cinn arís, tar éis a bhfuil ráite cheana faoina thionchar ar chúrsaí oideachais in Éirinn. Scéal teagascach a bhí i Télémaque, bunaithe ar eachtra in Odaisé Homer. Cáintear cogadh, saol na bhfuíoll, agus leithleachas, agus moltar an bráithreachas. Tá Alfred le Grand bunuithe ar rí stairiúil Sasanach Alfred the Great agus a chuid gaiscíochta. Is mór an meas atá ag Caitlicigh Shasana ar Alfred the Great agus bhí feachtas ar siúl chun go ndéanfaí naomh as.

Sa ghrád Meánach, do dhaltaí faoi bhun seacht mbliana déag, scrúdaíodh an chéad cúig scéal sa bhailiúchán gearrscéalta Au Coin du Feu le Souvestre, a foilsíodh sa bhliain 1855, an scéal ‘Le Poète et Le Paysan’ ina measc. Ba í Pádraigín Riggs a thug na cosúlachtaí faoi deara idir an scéal seo agus ‘An tIascaire agus an File’ le Pádraic Ó Conaire.228 Bhí an scéal seo ar an siollabas nuair a dhein an Conaireach an scrúdú sa ghrád Meánach. Deineadh staidéar ar Iphigénie en Aulide le Racine chomh maith. Dráma bunaithe ar shaothar Clasaiceach is ea Iphigénie en Aulide, a scríobhadh i meadaracht Alastarach agus a céadléiríodh i 1674. Arís, bhí aistriúchán agus ceachtanna gramadaí le déanamh ag iarrthóirí.

Ba iad Leabhar 1 do Picciola le Saintaine agus Horace de chuid Corneille a bhí ar scrúdú an Ghráid Shinsearaigh, mar aon le haistriúchán agus gramadach. In aimsir Napoléon a thiteann eachtraí Picciola amach, scéal faoin bpríosúnach polaitiúil, Cunta de Charney. Foilsíodh an scéal i 1836. Dráma is ea Horace le

228 Pádraigín Riggs, Pádraic Ó Conaire: Deoraí (Baile Átha Cliath: An Clóchomhar, 1994), 63-64. 81

Caibidil a Dó

Corneille atá bunuithe ar an gcath idir Horatii agus Curiatti agus a céadléiríodh i 1640.

Bhí an leagan amach céanna ar an scrúdú Idirmheánach sa bhliain 1899 ach gur athraíodh na saothair litríochta. Bhí Grád Ullmhúcháin ann freisin, a bhí mar chuid den chóras ó 1892 go dtí 1913.229 Don nGrád Ullmhúcháin, bhí Les Deux Petits Patriotes le G. Bruno, sliocht as saothar níos mó, Le Tour de France. Is cosúil go léití go hidirnáisiúnta é agus gur áis mhaith teagaisc a bhí ann chun daltaí a chur ar an eolas faoin bhFrainc.230 Faoi scrúdú freisin bhí roinn 2 – 34 as an leabhar French Poetry for the Young, le Paul Barbier agus foilsithe ag Librarie Hachette. Filíocht shimplí a bhí i leabhar Barbier, le teidil ar nós ‘Le Poulet et le Renard’ (‘An Sicín agus an Madra Rua’), ‘L’Enfant et le Miroir’ (‘An Leanbh agus an Scáthán’) agus ‘Le Chien et Le Chat’ (‘An Madra agus an Cat’).

L’Abbé de l’Epée le Bouilly agus leabhar filíochta Barbier a bhí ar an siollabas don nGrád Sóisearach. ‘Comédie historique’ nó geandráma stairiúil ab ea L’Abbé de l’Épée le Jean-Nicolas Bouilly mar gheall ar an oideoir Charles-Michel de l’Épée a d’oibrigh ar son na mbalbhán. Au Coin du Feu le Souvestre a bhí ar an nGrád Meánach, faoi mar sa bhliain 1884, mar aon le dráma Coppée, Le Trésor. Foilsíodh an dráma Le Trésor le Coppée a sa bhliain 1879 agus feictear ar an siollabas é i 1899. Ach níl an geandráma chomh comhaimseartha is a shílfí óir tá sé suite in Iarthar na Fraince, sa bhliain 1802. Triúr carachtar atá sa dráma, Le Duc Jean de la Roche-Morgan, l’Abbé (an sagart) agus Véronique, neacht an tsagairt.

Don nGrád Sinsearach scrúdaíodh Le Tailleur de Pierres de Saint Point, ó chaibidil VI go críoch, agus Les Plaideurs le Racine. Scéal simplí suite faoin tuath atá in Le Tailleur de Pierres de Saint Point, scríofa ag Lamartine, údar a bhfuil cáil air mar cheannródaí na gluaiseachta Rómánsaíochta. Is é Les Plaideurs an t-aon gheandráma a scríobh Racine. I meadaracht Alastarach a scríobhadh an dráma.

Is féidir linn roinnt rudaí a thabhairt faoi deara ón dá shiollabas shamplacha seo. Deineadh staidéar ar chúrsaí filíochta, scéalta simplí próis, scéalta stairiúla, mar

229 Coolahan, Irish Education: Its History and Structure, 81-82. 230 John Strachen, Romance, Religion and the Republic: Bruno’s Le Tour de France par deux enfants, foilsithe in Oxford Journals. Ar fáil ag: [Rochtain: 6/11/ 2010]. 82

Caibidil a Dó aon le drámaí Clasaiceacha. Bhí teagmháil ag daltaí Idirmheánacha le réimse forleathan litríochta as Fraincis ó thréimhsí éagsúla, ón seachtú haois déag anuas go dtí saothar a scríobhadh lena linn féin. An uasaicme a bhí faoi chaibidil i bhformhór na saothar thuasluaite agus bhí claonadh i leith saothar stairiúil.

Nuair a fhéachtar ar na saothair a bhí ar an siollabas sa Fhrainc, tá mórán cosúlachtaí idir an dá thír. Sa chúigiú rang, bhí rogha ag an múinteoir idir na húdair seo a leanas: Sleachta as Corneille, Molière agus Racine, Fables La Fontaine, Télémaque Fénelon, i measc saothar eile. Sa cheathrú rang scrúdaíodh Le Cid le Corneille, L’Avare le Molière, Athalie agus Les Plaideurs de chuid Racine mar aon le Voltaire agus Michelet. Sa tríú rang, deineadh staidéar ar Horace agus Cinna le Corneille, Britannicus agus Iphigénie le Racine chomh maith le Molière, Bossuet, Chateaubriand agus dánta Hugo. Sa dara agus sa chéad rang, clúdaíodh cuid mhaith de na húdair chéanna agus rogha ag múinteoirí idir saothair ó scríbhneoirí an tséú, an tseachtú, an ochtú, agus an naoú haois déag.231 Féadaimid a rá, mar sin, gur bhain saothar litríochta an tsiollabais Fraincise go mór le saothair Chlasaiceacha in Éirinn agus sa bhFrainc. Ní féidir a rá go cinnte go léiríonn sé seo go raibh na húdaráis a dhear an siollabas in Éirinn faoi anáil chóras na Fraince, ach tá seans ann go raibh. Rinneadh iarracht siollabas na Fraincise sa Bhreatain a aimsiú ach ní rabhthas in ann teacht ar mhórán sonraí i gcáipéisí pairliminte na Breataine. Aistriúchán ba mhó a bhíodh ar an scrúdú sa tréimhse seo. Luadh aistriúchán de Le Trésor, le Coppée, ar an scrúdú sna coláistí oiliúna i 1895, agus bhí ar iarrthóirí sleachta a fhoghlaim ón dráma, La Grammaire le Labiche.232 Ach is beag litríocht a luadh taobh amuigh de sin, rud a thabharfadh le fios gurbh fhairsinge i bhfad an taithí a bhí ag dalta Éireannach ar litríocht na Fraince ná ag dalta sa Bhreatain. D’fhéadfaí a áiteamh gur tuilleadh fianaise atá anseo den tionchar a bhí ag córas oideachais na Fraince ar an gcóras céanna in Éirinn, i bhfírinne, cloíodh leis an gcanóin sa dá thír, agus bhí feidhm theagasach intuigthe ag baint leis na saothair a roghnaíodh.

231 Frederic Ernest Farrington, French Secondary Schools: An Account of the Origin, Development and Present Organisation of Secondary Education in France (Cambridge, U.S.A: The University Press, 1910), 193-199. 232 1896 [C.8081] Report for the year 1895 on the training colleges. Ar fáil ag: [Rochtain: 22/01/2013]. 83

Caibidil a Dó

Clár Ollscoile

Féachaimis anois ar chlár na hollscoile, ag tarraingt Choláiste na hOllscoile, Gaillimh chugainn mar eiseamláir. 233 Sa bhliain 1911, bhí Mademoiselle de la Seiglière le Jules Sandeau (1852) agus Une Année de College a Paris le André Laurie (1883) ar an gclár don gcéad bhliain, cúrsa gnáthleibhéil. Geandráma a bhí i saothar Sandeau agus is saothar próis a scríobh Laurie. Ar an gcúrsa onóracha don gcéad bhliain, bhí ualach an chúrsa gnáthleibhéil mar aon le Fables, leabhair iv – v de chuid La Fontaine agus La Premiere Croisade (1857) le Michaud. Bhí na fabhalscéalta bunaithe ar scríbhinní Aesop is Horace agus saothar stairiúil a bhí i leabhar Michaud.

Ar an gcúrsa gnáthleibhéil sa dara agus sa tríú bliain, bhí na saothair seo a leanas: Boileau, L’Art Poétique; Molière, Les Femmes Savantes; Corneille, Le Cid; Fénelon, Lettre à l’Académie; Théophile Gautier, Histoire du Romanticisme; agus History of French Literature during the Time of Louis XIV.

Bhí béim mhór ar dhrámaíocht an seachtú aois déag ar chúrsa onóracha sa dara agus sa tríú bliain: bhí Andromaque, Phaedre, Atalie agus ‘Morceaux’ de chuid Racine ar an gclár, chomh maith le ‘Le Chanson de Roland’ agus L’Ancien Régime de chuid Taine.

Nuair a bhí an ollscoil i nGaillimh á bunú sa bhliain 1849, faoin ainm Coláiste na Banríona, bhí ar mhic léinn leighis, agus níos déanaí, mic léinn inealltóireachta, scrúduithe a dhéanamh i nuatheanga amháin, an Fhraincis, go hiondúil, mar a mhíníonn Rosaleen O’Neill: ‘All students in the Faculty of Medicine were obliged to attend and to be examined in a course in modern languages and, from 1859, a modern language (in practice French) became an obligatory first-year subject in the course for Civil Engineering’.234 Is léir, mar sin, gur cloíodh le canóin litríocht na Fraince san ollscoil, agus go raibh an Fhraincis, seachas aon nuatheanga eile, mar chuid de chlár staidéir na hollscoile i roinnt mhaith Dámh.

233 National University of Ireland, University College Galway, Calendar for 1911/12, 64. 234 Rosaleen O’Neill, ‘Modern Languages’, in Tadhg Foley, (eag.), From Queen’s College to National University: Essays on the Academic History of QCG/UCG/NUI, Galway (Dublin: Four Courts Press, 1999), 360 – 383. 84

Caibidil a Dó

Múineadh na Gaeilge

Tagann an Fhraincis chun cinn i réimse eile atá bainteach le hoideachas, is é sin sna díospóireachtaí a bhain le múineadh na Gaeilge. Féachadh chuig an Fhraincis chun smaointe a fháil faoi mhodhanna múinte an dara teanga. Ar feadh tréimhse, thart ar an mbliain 1901, foilsíodh mórán alt ar an Modh Gouin ar leathanaigh An Claidheamh Soluis. Is éard atá i gceist le Modh Gouin ná córas foghlamtha a chum François Gouin a chreid go bhfoghlaimeodh an dalta an teanga trí ghníomhaíochtaí an mhúinteora. Déanann an múinteoir mímeáil ar ghníomh áirithe agus déantar athrá ar an mbriathar a ghabhann leis an ngníomh áirithe sin. Ar dtús, moladh an modh foghlamtha: ‘It is an admirable system, and those who remember Tadhg O'Donoghue’s Gouin class in the Central Branch early in 1896 can bear ample testimony to its efficacy’, a scríobhadh i 1901.235 D’fhoilsigh Cú Uladh trí alt ar mhodh Gouin sa bhliain chéanna.236 Mhol David M. Moriarity, B.A., an cur chuige céanna ar leathanaigh An Claidheamh Soluis.237

Ní raibh gach duine ar aon intinn faoin modh Gouin, agus tá cuntas maith ag Traolach Ó Murchú faoin gcur is cúiteamh a bhain leis an ábhar seo. Tionóladh comhdháil i Londain chun na fadhbanna a bhain le múineadh na Gaeilge a phlé.

Phléigh an chomhdháil modh Gouin chomh maith. Ní raibh sin róshásúil dar leo ar chúiseanna praiticiúla áirithe. Ar an gcéad dul síos, theastódh múinteoir líofa a mbeadh ardoiliúint sa chóras air chun an leas ab fhearr a bhaint as. Maíodh go raibh tráthnóna teagaisc na gcraobhacha uile róghairid d’fhonn an modh a chleachtadh go rathúil fiú dá mbeadh teagascóir ardoilte ann. I ndeireadh an lae, níor mhol siad aon mhodh díobh thar a chéile ach sholáthair siad treoracha a d’fhéadfadh na múinteoirí a leanúint chun an tairbhe is mó ab fhéidir a bhaint as an mbeagán áiseanna a bhí acu.238

I samhradh na bliana 1905, bunaíodh Coláiste Chonnacht i dTuar Mhic Éadaigh. Fostaíodh Mícheál Breathnach mar Ard-Ollamh ann, agus chaith an Breathnach seal

235 ‘Notes’, ACS, Iml. III, Uimh. 4, 6 Aibreán 1901, 57. 236 P. T. McGinley, ‘A Plea for Better Methods of Teaching Irish’, ACS, Iml. III, Uimh. 4, 6 Aibreán 1901, 54; P. T. McGinley, ‘Our Teaching Methods’, Duileachán, ACS, Iml. III, Uimh. 21, 3 Lúnasa 1901, 3; P. T. McGinley, ‘How to learn Irish by the Gouin Method’, ACS, Iml. III, Uimh. 24, 24 Lúnasa 1901, 373. . 237 David M. Moriarty, B. A., ‘The Gouin Method of Teaching Language’, ACS, Iml. III, Uimh. 6, 20 Aibreán 1901, 90-91. 238 Traolach Ó Ríordáin, Conradh na Gaeilge i gCorcaigh 1894-1910 (Baile Átha Cliath: Cois Life, 2000), 77. 85

Caibidil a Dó sa Bheilg ‘le eolas a chur ar na modhanna múinteachais ansin. Fuair sé cead faoi leith ó Mhinistéir Oideachais na Beilge sin a dhéanamh’.239 Ba é an chéad duine a bhain úsáid as ‘les formes articules’ nó sraithphictiúirí in Éirinn.240 Ní hamháin sin, ach ba nós leis a chuid taighde i múineadh teangacha a roinnt le daoine eile, ar nós Sheán Mhic Enrí:

My friend Mícheál Breathnach has just shown me the book which is used in the schools in the French-speaking cantons of Switzerland for teaching German on the direct method to French-speaking children. The title of the book is ‘Novelle Méthode D'Allemand basée sur l'enseignment intuitif’ [by Dr. Hans Schacht].241

Foilsíodh sliocht as réamhrá an leabhair i bhFraincis ar An Claidheamh Soluis, inar léiríodh gurbh fhearr roinnt gramadaí a mhúineadh i gcéad theanga na leanaí, in áit í a mhúineadh sa sprioctheanga. Mar fhear Gaeltachta, is dócha go raibh Breathnach ag cuimhneamh ar pháistí Chonamara a bhí ag foghlaim trí mheán an Bhéarla, .i. an sprioctheanga ina gcás siúd. Bhíothas ag cuimhneamh ar Bhéarlóirí ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim chomh maith, mar is léir ón léirmheas ar an leabhar De l'Enseignement des Langues Vivantes:

In a recently published book (‘De l'Enseignement des Langues Vivantes’ - Hachette et Cie, Paris) Professor Ch. Sigwalt of the Lycée Michelet inveighs against the use of the Direct Method simpliciter. He contends (with Dr. Seaghán Mac Enrí) that the Direct Method must be supplemented by grammar-teaching through the known language and by translation. Personally, we think that translation from the familiar into the new language is useful in the higher stages, when the pupil is already able to think clearly in both; but we would have all grammar-teaching in the new language. We have the best teachers in Belgium on our side.242

Is léir go raibh mórán díospóireachta faoi cé acu modh ab oiriúnaí do mhúineadh na Gaeilge le linn na hAthbheochana, ach is spéisiúil dúinne gur mhinic a spreag ábhar Fraincise na tuairimí éagsúla seo. I bhfianaise a bhfuil feicthe againn, is léir go raibh léamh na Fraincise ag a lán de thráchtairí na hAthbheochana. Go deimhin sholáthair

239 Tomás Mac Domhnaill agus Seán Mac Énrí (Eag.), Mícheál Breathnach: Scríbhinní (Indreabhán: Cló Iar-Chonnachta, 2009), 25. 240 Ibid., 33. 241 Seán P. Mac Enrí, ‘The Teaching of Irish’, ACS, Iml. VIII, Uimh. 17, 7 Iúil 1906, 8. 242 ACS, Iml. VIII, Uimh. 18, 14 Iúil 1906, 6. 86

Caibidil a Dó an meánoideachas in Éirinn ag deireadh an naoú haois déag bealach isteach do mhórán acu sa bhFraincis, agus i gcultúr na Fraince i gcoitinne. Mar a chonaiceamar i gcaibidil a haon, dhein cuid mhór de cheannairí an Chonartha staidéar ar an bhFraincis ar an ollscoil. Duine acu ba ea an Piarsach, a aithnítear i measc oideachasóirí móra na tréimhse. Aige sin a fhágfar an focal scor ar cheist seo na modhanna:

The Direct Method is the only one which we recognise as sane […] By the Direct Method we do not mean Berlitz, nor yet Gouin, nor, for that matter, the Módh Réidh, the Modh Díreach, or any other published ‘method’ or ‘módh’ whatsoever. That is to say, we would not tie down our teacher within the four corners of any one system […] the good teacher must create his own method […] he will, of course, find much that is valuable and suggestive even in the most imperfect – which we take to be the Gouin – of the systems we have enumerated; but he must not slavishly follow even the best of them.243

Críoch

Sa chaibidil seo, scrúdaíodh foghlaim foirmeálta na Fraincise i gcóras scolaíochta na hÉireann. Chonacthas go raibh staidéar ar an bhFraincis an-choitianta i scoileanna do chailíní agus do bhuachaillí araon. Cé go raibh cur chuige fóntaíoch ag na scoileanna Protastúnacha a bhí faoi anáil Shasana, bhí an Fhraincis fós ar an gcuraclam, i dteannta ábhar níos praiticiúla. Ba í an teanga Eorpach ba mhó a bhí á múineadh do na Scrúduithe Idirmheánacha. Tríd an gcóras oideachais, bhí cur amach ag Éireannaigh ar an bhFrainc, ar an teanga agus ar an litríocht. Sna scoileanna a raibh oird ón bhFrainc ina mbun, bhí an rian níos treise fós. Toisc gurbh iad na hoird ón bhFrainc a bhí i bhfeighil na scoileanna táille cónaitheacha, áitíodh gur chabhraigh sé seo le cur chun cinn na híomhá measúla a bhí ag an teanga i gcoitinne. Sna scoileanna cónaitheacha seo, bhí deis níos fearr ann chun an teanga a mhúineadh agus chun cultúr na Fraince a chothú, toisc na daltaí a bheith ag maireachtaint sa scoil. Fiú ag leibhéal ollscoile, bhí nós ann staidéar a dhéanamh ar an bhFraincis ag mic léinn sna Dáimh éagsúla. Tá feicthe againn sa chaibidil roimhe seo go raibh cur amach ag mórán de ceannairí na hAthbheochana ar an bhFrainc,

243 Pádraig Mac Piarais, ‘The Secondary School: More Thoughts and Suggestions’, ACS, 20 Eanáir 1906, luaite in Séamas Ó Buachalla, (eag.), A Significant Irish Educationalist: The Educational Writings of P. H. Pearse (Dublin and Cork: The Mercier Press, 1980), 102. 87

Caibidil a Dó agus is léir gur ar scoil a fuair cuid acu a gcéad blaiseadh den bhFraincis. Dar ndóigh, tagann cúrsaí aicme i gceist toisc gurbh í an mheánaicme a bhain tairbhe as cúrsaí oideachais, seachas an chosmhuintir. Tá eisceachtaí ann, ar nós Mhíchíl Bhreathnaigh, fear Gaeltachta a d’fhoghlaim an teanga agus é ag cur faoi i Londain. Mar sin féin, is le meánaicme, cathrach, cultúrtha a samhlaíodh an Fhraincis.

Bhí baint mhór ag smaointeoireacht Chaitliceach na Fraince le múnla áirithe oideachais a cuireadh i bhfeidhm in Éirinn. Aithníonn W. J. McCormack an tábhacht a bhain leis na hoird rialta ón bhFrainc maidir le craobhscaoileadh na teachtaireachta Caitlicí seo, agus claonadh Francach leis, dar ndóigh:

In Ireland, [...] education, including that of women, conveyed a more effective delivery of contemporary French Catholic thought. Teaching orders such as the Saint Louis nuns (founded 1844) established primary and secondary schools in Ireland – the Saint Louis initiative began in 1859 at Monaghan. The Holy Ghost Fathers (founded Paris, 1703) opened Saint Mary’s College for Boys (Rathmines, Dublin) in 1890. These enterprises were missionary in spirit, that is, they confronted a hostile or ignorant culture and undertook to instil religious enlightenment against the prevailing protestant, complaisant or imminently secular establishment.244

Ba í an Fhrainc Chaitliceach a thug Athbheochanóirí na Gaeilge cuairt uirthi, freisin, mar a taispeánadh i gcaibidil a haon. I gcás Mháire Ní Chinnéide, mar shampla, cuireadh sall chuig teaghlach Caitliceach, meánaicmeach i bPáras í. Ba mhinic a d’eagraigh an scoil a leithéid de chuairt, trí nasc a dhéanamh le scoil Chaitliceach sa bhFrainc. Bhí smaointeaoireacht Chaitliceach ón bhFrainc á cur chun cinn sna scoileanna, mar sin, agus bealach isteach sa bhFrainc Chaitliceach á chur ar fáil ag na hoird rialta seo. Ba san aeráid seo a oileadh mórán d’Athbheochanóirí na Gaeilge.

Is i ngeall ar an áit lárnach a bhí ag an bhFraincis sa chóras oideachais go bhfuil a hanáil le brath i ndioscúrsa na hÉireann aimsir Athbheochan na Gaeilge. Is bealach chun na Fraince a bhí sna scoileanna, agus is iad na scoileanna faoi ndear a forleithne a bhí a tionchar na Fraince. Bhí meas ar litríocht na Fraince agus bhí íomhá iltíreach, mheasúil ag an bhFraincis. Ba chomhartha í go raibh léann ar dhuine, go raibh an duine sin ‘cultúrtha’.

244 W.J. Mc Cormack, Dublin 1916: The French Connection (Dublin: Gill & Macmillan, 2012), 44- 45. 88

Caibidil a Dó

Bhí tábhacht nach beag ag an measúlacht sa bhfeachtas frithchoilíneach toisc go raibh gá na híomhánna diúltacha ón taobh amuigh a bhréagnú. Bhí an tréimhse seo faoi anáil an mheoin Victeoiriach chomh maith, ina raibh béim mhór ar mheasúlacht freisin. Is deacair ceist na haicme agus ceist an chreidimh a scarúint ón measúlacht. Bhí litríocht mheasúil i bhFraincis ar fáil tríd an gcuraculam agus tríd na hoird ón bhFrainc, mar a chonacthas i gcás Choláiste na Carraige Duibhe, a fuair leabhair díreach ón bhFrainc.

Níos déanaí, agus Athbheochanóirí ag saothrú litríochta as Gaeilge, bheadh tábhacht nach beag ag aistriúcháin ón bhFraincis agus iad ag lorg mionshamhail den Eoraip. Samhlaíodh dóibh go raibh an Fhrainc agus an Fhraincis sábháilte, toisc, is dócha, gur leagan Caitliceach, meánaicmeach, agus dá bhrí sin, measúil a thuigeadar a bheith sa bhFrainc. Ní hamhlaidh a bhí agus de réir mar a cuireadh eolas ar chúrsaí comhaimseartha na Fraince, bhí daoine áirithe thar a bheith amhrasach i dtaobh litríocht na Fraince, mar a fheicfear i gcaibidil a trí. B’éigean do na hAthbheochanóirí a bheith cúramach, cáiréiseach agus iad ag roghnú eiseamláirí agus múnlaí liteartha ón tír sin. Tabharfar faoi deara gur mhinicí ná a chéile a roghnaíodh scéalta soineanta faoin tuath don aistriúchán, a chreidtí a bheith ‘oiriúnach’ do phobal na Gaeilge, seachas aon saothar conspóideach. Is iomaí alt a mhol údair nuair ba shaothair ‘inghlactha’ a bhí scríofa acu, agus cáineadh na húdair a raibh dearcadh saolta ina saothar. Bhí teannas ann, mar sin, idir luachanna morálta an údair agus luachanna aeistéitice an tsaothair, go háirithe nuair a tháinig cúrsaí creidimh aníos. Bhí buíon áirithe sa Chonradh, idir chléir agus eile, a bhí glan i gcoinne aon saothar a bhain an bonn de theagasc na hEaglaise. Is ar na díospóireachtaí ar an ábhar seo a bhreathnófar sa chéad chaibidil eile.

89

Caibidil a Trí

CAIBIDIL A TRÍ

Ionramháil ar Cheist an (Ain)Chreidimh

Réamhrá

Is mór an nídh é tír mar an bhFrainnc, a raibh cáil fá'n saoghal go mba tír Chríostamhail í, go bhfuil sí anois ag tabhairt cúl do'n chreideamh. Go dearbhtha bhí cáil mhór ar dhiadhantacht mhuinntir na Frainnce ina dtír féin.245

French literature was offered as a generally accessible source of contemporary literary models, although some critics did not hesitate to point out the danger of France’s notorious infidelity and anticlericalism.246

Ina mhórshaothar ar Athbheochan na Gaeilge, léiríonn Philip O’Leary go raibh buíon mhór Conraitheoirí oscailte i leith na hEorpa, agus gur fhéachadar chun na Fraince agus iad ag lorg múnlaí liteartha do nualitríocht na Gaeilge. Féachadh ar an bhFrainc mar fhoinse a bhí go hiomlán neamhspleách ar thraidisiún liteartha Shasana, mar sin, chomhlíon litríocht na Fraince feidhm áirithe den tionscnamh díghalldaithe. Mar sin féin, ní raibh gach duine sásta glacadh le heiseamláir litríocht na Fraince, mar a thugann O’Leary le fios thuas. Bhí daoine áirithe in Éirinn - an chléir mar shampla - den tuairim gur litríocht dhainséarach a bhí i litríocht na Fraince, agus nár chóir í a mholadh do Ghaeil neamhurchóideacha. Bhí frithchléireachas údar áirithe sa bhFrainc agus Scaradh na hEaglaise ón Stát ag déanamh tinnis do chléir na hÉireann. Bhí an imní chéanna ar Athbheochanóirí áirithe, a raibh an-chuid acu faoi thionchar na n-ord rialta óna bhfuaireadar a gcuid oideachais.

Bhí mórán athruithe ar siúl sa bhFrainc ag deireadh an naoú haois déag agus is dócha gurbh é an t-athrú ba mhó acusan a chorraigh Caitlicigh ná cúrsaí creidimh. Bhí Dlíthe Ferry agus Dlíthe Combes i measc na ndlíthe nua a chuir olc ar Chaitlicigh sa bhFrainc agus in Éirinn. Idir 1881 agus 1905 cuireadh feachtas dí-

245 ‘Diarmuid Donn’, ‘Ainchreideamh sa bhFrainnc’, ACS, Iml. VI, Uimh. 20, 23 Iúil, 1904, 1. 246 Philip O’Leary, The Prose Literature of the Gaelic Revival, 1881-1921 (Pennsylvania: The Pennsylvania State University Press, 1994), 79. 90

Caibidil a Trí eaglaisithe ar bun sa bhFrainc.247 Cuireadh deireadh le deasghnáth na Sabóide go poiblí, cuireadh an ruaig ar na hÍosánaigh agus níor ceadaíodh don gcléir ná do raibithe seasamh do thoghcháin áitiúla. Tugadh cead do fheidhmeannaigh áitiúla srian a chur ar chleachtais chrábhaidh go poiblí. 248 Rinneadh scoileanna neamhshainchreidmheacha de scoileanna na tíre, agus deineadh na hospidéil a dhí- ealaisiú. Cuireadh iachall ar an gcléir a seirbhís mhíleata a chomhlíonadh agus níor ceadaíodh don arm páirt a ghlacadh i mórshiúlta deabhóideacha. Tugadh an colscolaradh isteach. Ansin, i 1904, chlis ar an gcaidreamh taidhleoireachta idir an Fhrainc agus an Vatacáin.249

Ina measc siúd a labhair amach faoina raibh ar siúl sa bhFrainc, bhí ‘Diarmuid Donn’, a scríobh an chéad sliocht ag tús na caibidle seo. Léiríonn a ráiteas siúd a chorraithe is a bhí Athbheochanóirí na Gaeilge faoi dhí-eaglaisiú na Fraince. Bhí ‘Diarmuid Donn’ éagsúil ó thráchtairí eile toisc gur thuig sé gur staid bhuan a bhí tagtha isteach sa bhFrainc agus gur ar mhuintir na Fraince a chuir sé an milleán. Chífear ar ball gurbh é an freagra coitianta a bhí ag Conraitheoirí ar an dí- eaglaisiú ná é a séanadh, nó casadh dearfach a chur ar an scéal. Bhí bá acu leis an staid a shamhlaíodar: go raibh an stát nó an rialtas as alt lena mhuintir féin, faoi mar a braitheadar faoina gcás féin in Éirinn. Sa tslí seo, bhíodar in ann múnlaí liteartha ‘oiriúnacha’ ón bhFrainc a cheadú, fad is a bhí cinsireacht os íseal ar bun acu agus iad ag plé le cúrsaí na Fraince.

Sa chaibidil seo, beifear ag breathnú ar na straitéisí a bhí ag na tráchtairí in Éirinn chun déileáil leis na hathruithe sa bhFrainc, mar shampla, déine na n-athruithe a shéanadh, agus an milleán a chur ar rialtas na Fraince. D’eascair díospóireachtaí tábhachtacha as an bplé ar chúrsaí creidimh, cuir i gcás an teannas idir luachanna aeistéitice an tsaothair agus luachanna morálta an údair. Bean amháin a labhair go neamhbhalbh faoina meas litríocht na Fraince ab ea Máire Ní Chinnéide, agus beidh tábhacht faoi leith lenar scríobh sí faoi Anatole France. Féachfar i gcásanna eile gur brúdh gnéithe áirithe den saothar liteartha faoi chois nuair nach rabhadar ag teacht le

247 Othon Guerlac,’The Separation of Church and State in France’, Political Science Quarterly, Iml. 23, Uimh. 2, Meitheamh., 1908, 259-296. Foilsithe ag: The Academy of Political Science. Ar fáil ag: [Rochtain: 06/04/2011]. 248 C.T. McIntire, ‘Religious Liberty in France, Part 2’, in Richard Helmstadter, (eag.), Freedom and Religion in the Nineteenth Century (Stanford: Stanford University Press, 1997), 273-301. 249 Guerlac,’The Separation of Church and State in France’, 266. 91

Caibidil a Trí fís na nAthhbeochanóirí. I measc na straitéisí seo, deineadh litríocht ‘dhainseárach’ na Fraince a cháineadh nó tugadh neamhaird ar thuairimí áirithe scríbhneoirí. Chuir na nithe seo go léir leis an díospóireacht faoi ‘oiriúnacht’ na litríochta do phobal léitheoireachta na hÉireann, critéar tábhachtach don litríocht, agus is díospóireacht í sin a mhair go dtí seascaidí na haoise seo caite, nó níos faide.

Ar dtús, tabharfar cuntas ar an mbonn Caitliceach a leag tráchtairí faoin gcaidreamh stairiúil idir Éire agus an Fhrainc, agus ar an mbealach gur réitigh sé seo an bóthar don bhfreagra a tugadh ar dhí-eaglaisiú na Fraince.

Bonn Caitliceach faoin gcaidreamh stairiúil idir Éire agus an Fhrainc

Scríobh Patrick Boyle mórán faoin gcaidreamh stairiúil idir Éire agus an Fhrainc agus bhí teacht aige ar chartlanna Choláiste na nGael i bPáras. Ba é údar an leabhair The Irish College in Paris (1578-1901) with a brief Account of the other Irish Colleges in France – Bordeaux, Toulouse, etc é. Dhein T. P. G. léirmheas ar an leabhar seo san Irish Ecclesiastical Record i 1901 inar shonraigh sé gur tháinig na mic léinn go Páras ‘to seek in France that education which was denied them at home’. 250

San alt ‘Irishmen in the University of Paris in the 17th and 18th Centuries’, leagann Boyle béim ar an nasc a chothaigh Ollscoil Pháras idir Gaeil agus Francaigh, agus ar na cearta a bronnadh ar an gcléir Éireannach sa bhFrainc:251

For two centuries a foreign University in the capital of France admitted an Irish College to enjoy the rights and privileges of a University College. For two centuries Irishmen were admitted to hold chairs in a foreign University, and to share in its government. Is it unreasonable for Irish Ecclesiastics to claim to enjoy in their native land in the twentieth century a share in University life, equal to that which in the 17th and 18th centuries they enjoyed in a foreign land and under a foreign government?252

250 T. P. G., Notices of Books, IER, Deireadh Fómhair 1901, 373-377. 251 Patrick Boyle, ‘Irishmen in the University of Paris in the 17th and 18th Centuries’, IER, Iúil 1903, 24 – 45. 252 Ibid., 24-45. 92

Caibidil a Trí

I 1903 a scríobhadh an t-alt seo agus i 1908 tháinig Acht na nOllscoileanna in Éirinn isteach, inar sonraíodh go mbeadh na hollscoileanna neamhshaincreidmheach agus nach mbeadh scrúdú diagachta le déanamh ag ollaimh ná ag mic léinn.253

I measc na n-alt eile inar tharraing Boyle aird ar an gcaidreamh idir Éire agus an Fhrainc tá ‘Hibernia Vincentiana - Or the Relations of St. Vincent de Paul with Ireland’,254 ‘The Irish College in Paris during the French Revolution’,255 agus ‘The Abbé John Baptist Walsh, D.D’ (a bhí mar riarthóir ar Fhondúireacht na nGael sa bhFrainc 1787-1815).256 Scríobh sé faoi Choláiste na nÉireannach i mBordeaux257 agus faoin Abbé Charles Kearney, DD, a d’fhulaing le linn Réabhlóid na Fraince.258

Bhí feidhm leis an iliomad cuntas a scríobh Boyle. Bhí sé ag cur íomhá áirithe den bhFrainc chun cinn, rud a cheadaigh dóibh siúd a bhí ag scríobh ar chúrsaí comhaimseartha díriú ar dhílseacht stairiúil na Fraince don gCaitliceachas. Thug an fhianaise seo deis do thráchtairí a mhaoímh nach raibh i ndí-eaglaisiú na Fraince ach scaradh gearrthéarmach. Neartaigh sé an argóint a bhí acu, gur thír Chaitliceach go smior í an Fhrainc.

Scríobh Boyle alt eile don Irish Eccesiastical Record dar teideal ‘Lord Iveagh, and Other Irish Officers, Students at the College des Grassins, in Paris, from 1684 to 1710’. 259 D’fhreastail mórán Éireannach ar léachtaí Fealsúnachta sa choláiste sa seachtú agus san ochtú haois déag. Tá liosta san alt de na hÉireannaigh a chuaigh isteach in airm na Fraince, mar aon lena rang san airm.

[The forgoing document] recalls the time when the Catholic Lords of Iveagh and of Tyrone ranked with the nobles of France and Spain, and when the flower of the Catholic youth of Ireland fought and died on the battlefields of Spain and Italy, Austria and France.260

253 Féach Áine Hyland agus Kenneth Milne, (eag.), Irish Educational Documents, Vol. I (Dublin: C.I.C.E., 1987), 358-360. 254 Patrick Boyle, C.M., Hibernia Vincentiana - Or the Relations of SIml. Vincent de Paul with Ireland’, IER, Deireadh Fómhair 1903, 289-316. 255 Patrick Boyle, ‘The Irish College in Paris during the French Revolution’, IER, Eanáir 1904, 48-73. 256 Patrick Boyle, ‘The Abbé John Baptist Walsh, D.D’, IER, Samhain 1905, 431-454. 257 Patrick Boyle, ‘The Irish College at Bordeaux, 1603 – 1794’, IER, Lúnasa 1907, 127-145. 258 Patrick Boyle, ‘The Abbé Charles Kearney, D.D. (1762 -1824)’, IER, Bealtaine 1908, 454-466. 259 Patrick Boyle, ‘Lord Iveagh, and Other Irish Officers, Students at the College des Grassins, in Paris, from 1684 to 1710, IER, Samhain 1901, 385-394. 260 Ibid., 385-394. 93

Caibidil a Trí

Iarracht atá anseo an gaol a neartú idir Caitlicigh na hÉireann agus Caitlicigh na hEorpa, go háirithe sa bhFrainc. Sholáthair an íomha seo d’impireacht na gCaitliceach féiniúlacht ailtéarnach ná féiniúlacht a bhain le hImpireacht na Breataine. Ba tharraingtí i bhfad impireacht na gCaitliceach do go leor Éireannach ag an am, mar a mhíníonn Terence Brown:

For many Irishmen and women the Church was an international institution which allowed their small country a significant role on a world stage. This sense of belonging to a world-wide religious community was curiously linked to the internationalism of Irish nationalist feeling in the early-twentieth century.261

Ní hé Patrick Boyle amháin a dhéanann suntas den nasc stairiúil idir Éire agus an Fhrainc. Déanann ‘Diarmuid Donn’ cur síos ar an gcaidreamh idir an dá thír sna téarmaí seo a leanas:

Bhí carthannas mór aca féin [an Fhrainc] agus ag muinntir na hÉireann le chéile le fada ariamh; agus ní maith linn-ne iad a fheiceáil go dona ar éan- chuma gan trácht ar oiread mearbhall inntinne a bheith ag baint dóibh agus go bhfuil go leor aca ag diúltughadh don chreidheamh, 7 go háirithe an mhuinntir is mó atá i dtreis sa tír.262

Bhí an Fhrainc curtha as a riocht nádúrtha i súile na nÉireannach de bharr go raibh sí ag diúltú don gcreideamh. Tír Chaitliceach a bhí sa bhFrainc ó cheart, agus bhí dlúthchaidreamh idir sagairt na hÉireann agus coláistí sa bhFrainc, go háirithe in aimsir na bPéindlíthe. In alt ar ‘The Congregation of Irish Priests in Bordeaux’ luadh go raibh 215 sagart as Éirinn ag maireachtáil sa chathair sin idir 1602 agus 1617.263 In alt ag comóradh céad bliain Bourdaloue is suntasach go ndéanann Boyle tagairt don gcabhair a fuair Caitlicigh na hÉireann sa bhFrainc le linn na bPéindlíthe:

At a time when the clergy of Ireland were driven from their native land, and when her aspirants to the priesthood depended for support on the charity of

261 Terence Brown, Ireland: a Social and Cultural History, 1922-79 (London: Fontana Press), 1981, 35. 262 ‘Diarmuid Donn’, ‘Ainchreideamh sa bhFrainnc’, ACS, Iml. VI, Uimh. 20, Iúil 23, 1904, 1 263 Denis O’Donoghue ‘The Congregation of Irish Priests in Bordeaux’, IER, Meitheamh 1899, 507- 515. 94

Caibidil a Trí

foreigners, Boudaloue raised his eloquent voice on their behalf and proclaimed their virtues and pleaded their cause in the capital of France.264

Freagra na hÉireann ar dhí-eaglaisiú na Fraince: an nóta dóchais

Chun freagra na hÉireann ar dhí-eaglaisiú na Fraince a rianadh, foinse luachmhar is ea an Irish Ecclesiastical Record. Tá an iris á chur san áireamh sa tionscnamh seo, mar aon le The Catholic Bulletin, toisc go raibh Caitlicigh sa mhóramh i gConradh na Gaeilge, agus gur mian linn freagra na gCaitliceach ar an dí-eaglaisiú a thomhas. In alt a scríobhadh san Irish Ecclesiastical Record rianaíonn ‘A. Spectator’ an ghéarchéim in Eaglais na Fraince siar go dtí 1877 nuair a d'fhógair Gambetta: ‘Le cléricalisme, voilà l'ennemi’ (‘An cléireachas, ’sé seo ár namhaid’).265 Tugann sé cuntas ar dhlíthe Jules Ferry, ar dhíbirt na nÍosánach as a dtithe i 1879 agus dúnadh a gcuid scoileanna. Tugadh ordú do na cuallachtaí neamh-údaraithe eile cead a lorg nó bheidís i mbaol díbeartha chomh maith. Trí na céimeanna seo a leanas a chuireann an t-údar síos ar an bpróiseas dí-eaglaisithe: laghdú thuarastal na n-ardeaspag agus na n-easpag, deireadh le sparántachtaí do mhic léinn eaglasta, deireadh le díolúine cléireach ó sheirbhís mhíleata, deireadh le séiplíneacht in ospidéil phoiblí, agus laghdú mór ar shéiplíneacht mhíleata. Cuireadh cosc ar an gcléir a bheith i gceannas ar bhunscoileanna poiblí agus ní raibh cead acu teagasc críostaí a mhúineadh iontu. Dúnadh séipéil nach raibh údaraithe ag an rialtas. Cuireadh cosc freisin ar Theagasc Críostaí a mhúineadh in aon teanga seachas sa bhFraincis – cé nach dtuigtí an Fhraincis in áiteanna áirithe sa Bhriotáin agus i dTír na mBascach. Toradh amháin a bhí leis seo ná gur neartaíodh an nasc idir an teanga dhúchais agus an creideamh, mar a fheicfear amach anseo. Is ag deireadh an ailt a léiríonn ‘A. Spectator’ a thuairim féin i leith na n-athruithe:

What will be the action of French Catholics in the future? This is a question which the future alone can solve. France was once a great Catholic nation; she remains so still. She supports innumerable works for the spread of

264 Patrick Boyle, C.M., ‘The Centenary of Bourdaloue’,IER, Iúil 1904, 402-411. 265 ‘A. Spectator’, ‘The Progress of Secularism in France’, Irish Ecclesiastical Record, Eanáir 1905, 44-62. 95

Caibidil a Trí

religion. Her missionaries are more numerous than those of all other nations.266

Tá nóta dóchais le brath i dtaobh thodhchaí an Chaitliceachais sa bhFrainc, agus tabharfar faoi deara go bhfuil a leithéid le sonrú i mórán alt eile ón tréimhse seo. Is í an argóint choitianta a cuireadh chun cinn ná gur náisiún Caitliceach a bhí sa bhFrainc, in ainneoin na n-athruithe; is fianaise an méid sin, b’fhéidir, ar an mbonn láidir Caitliceach a bhí faoin gcaidreamh idir Éire agus an Fhrainc. I gcás alt ‘A. Spectator’, agus ailt eile nach é, leagtar béim ar an obair mhór mhisinéireachta a bhí ar bun ag Francaigh thar sáile. Ní raibh a rás rite ag an Eaglais Chaitliceach sa bhFrainc, dar leis an údar áirithe seo, agus tá iliomad samplaí eile den mheon dearfach seo ag tráchtairí eile.

Léiríodh fearg na dtráchtairí i leith rialtas na Fraince go minic. I 1895 foilsíodh alt san Irish Ecclesiastical Record faoin gcáin a gearradh ar chuallachtaí reiligiúnacha.267 Déantar cur síos san alt seo ar na seasaimh éagsúla a ghlac na hoird eaglasta dhifriúla i leith an pholasaí nua cánach, iad siúd a ghlac go drogallach leis agus iad siúd nár ghlac. Tá méid na mionsonraí suntasach anseo, is tá sliocht as litir phoiblí a scríobh cairdinéal Chuallacht Íosa agus Mhuire inar mhínigh sé na cúiseanna nach bhféadfaidís na cánacha nua a íoc. Molann an cairdinéal iad siúd atá gníomhach i gcoinne na ndlíthe:

We should not fail to add that those religious congregations which have determined to resist, and to allow their property to be seized, in virtue of tyrannical and oppressive laws, are not only acting within their rights, but that they deserve the sympathy and respect of Catholics all over the world. They will bring before the eyes of the people (what their oppressors do not want) the injustice of which they are the victims, and the tyranny which puts them outside the pale of the common law.268

Ní raibh an chuid is mó d’fhoilseacháin na hÉireann sásta go raibh rialtas na Fraince ag caitheamh anuas ar na cuallachtaí reiligiúnda. Ach is ar chrógacht na n-ord beannaithe a leagtar béim agus moltar a gcuid oibre de ghnáth, faoi mar a dhéantar in

266 Ibid., 44-62. 267 ‘The Tax on Religious Congregations in France’, Irish Ecclesiastical Record, Nollaig, 1895, 1124. 268 Ibid., 1124. 96

Caibidil a Trí alt ar An Claidheamh Soluis sa bhliain 1903. Déantar cur síos ar dhul chun cinn an domhain chomhaimseartha: an bóthar iarainn, an long gaile agus an sreangscéal. Ach fiafraítear don léitheoir arbh fhéidir go bhfuil an saol ag dul i bhfeabhas má tá na hoird á ruaigeadh?

Daoine cneasta cineálta dá gcur amach ar thaoibh an bóthair agus dá seoladh thar fairrge [...] Tá na húird bheannuighthe dá ruagairt as an tír aca, dá gcaitheamh amach ar an mbóthar. Na scoileanna breaghtha a bhí aca, táthar dá ndúnadh. [...] Na hóispidéil a bhíodh fá n-a gcúram táthar dá ndúnadh agus go bhfóiridh Dia ar an créatúirí bochta, atá fágtha na ndiaidh [...] Tá an cleas céanna dá dhéanamh ag riaghaltas na Frainnce indiu is a dhein Hanraoi a hOcht i Sasana fad ó. Mar sin díreach do díbreadh na bráithre agus na mná riaghalta ar Sasana – seadh, agus Éirinn leis.269

Tá údar an ailt seo ag cur béime ar an obair ar fad a dhein na hoird ar son na Fraince, i scoileanna agus in ospidéil na tíre. Tá gníomhartha rialtas na Fraince á gcur i gcomparáid le hiompar Anraoi a hOcht, is é sin, á gcur i dtéarmaí a thuigfeadh léitheoir Éireannach, agus tuairim na léitheoirí á múnlú ag an údar ag an am céanna. Samhlaítear nasc eile idir Sasana agus frithchléireachas na Fraince i gcás Voltaire, agus scrúdófar an ghné sin ar ball.

Ba choitianta an milleán á chur ar rialtas na Fraince, faoi mar a bhí sa sliocht thuas ón Claidheamh Soluis. I measc na n-eachtraí taidhleoireachta a thit amach roimh scaradh na Fraince ón Eaglais Chaitliceach i 1905, bhí cuairt an Uachtaráin Loubet ar an Róimh in Aibreán 1904 nuair nár bhuail sé isteach go dtí an Vatacáin. Chuir sé seo an gomh ar an bPápa Pius X i ngeall ar an dlúthchaidreamh a bhíodh idir an Fhrainc agus an Vatacáin. Mheas sé go mba chóir go léireodh an Fhrainc urraim don Vatacáin toisc pribhléidí speisialta a bheith aici – ionadaíocht mhór i gcoláiste diaga na gcairdinéal, mar shampla. Glaodh ionadaithe taidhleoireachta na Fraince ar ais ón Róimh agus glaodh toscaire na Róimhe, Mgr. Lorenzelli, ar ais ón bhFrainc.270 Tabhair faoi deara gur thit sé seo amach ar an 30ú Iúil 1904 agus go raibh cuntas ar fáil in An Claidheamh Soluis ag ‘Diarmuid Donn’ coicís ina dhiaidh sin, ar an 14ú Lúnasa 1904. Léiríonn sé seo a ghrinne is a bhí súile agus cluasa na hÉireann dírithe ar chúrsaí na Fraince:

269 ‘Na hÚird sa bhFrainc’, ACS, Iml. V, Uimh. 17, 4 Iúil 1903, 2. 270 Guerlac, ‘The Separation of Church and State in France’, 268. 97

Caibidil a Trí

Tá cumann tréighthe ag rialtas na Frainnce leis an Eaglais. Ní bheidh éan- chumann ag an bhFrainnc leis an Róimh feasta nó go dtigfidh malairt saoghail. Orduigheadh do thosgthóir na Róimhe a bhí i gcúirt na Frainnce go raibh deireadh a shaothair déanta sa gcúirt, 7 d'imthigh sé ar ais do'n Róimh os cionn seachtmhaine ó shoin. Is fada a bhí an t-easaontas sin dá thionsgailt mar ní raibh fonn ar riaghaltas na Frainnce géilleadh d’Uachtarántacht na hEaglaise le suim mhaith bhliadhanta.271

Níor chuir ‘Diarmuid Donn’ fiacail sa phlé ar mhuintir na Fraince. Chuir sé an milleán orthusan toisc gur chaith a bhformhór vóta ar son an rialtais a bhí anois ag ‘diúltú don chreideamh go hiomlán:’

Is follusach ag an saoghal nach ag diúltughadh do'n Phápa atá riaghaltas na Frainnce acht ag diúltughadh don' chreideamh go hiomlán. [...] Acht ní hé amháin go bhfuil an riaghaltas i n-aghaidh an chreidimh acht tá furmhór de mhuinntir na tíre in’ aghaidh freisin. Bhí sin le feiceál [sic] sa mbealach a ndeachaidh toghadh na bhfeisirí coicthighis ó shoin. Thasbáin an toghadh gur treise le lucht an ainchreidimh ná leis an muinntir atá ag coinneál an chreidimh suas.272

Cuireann sé ar ár súilibh dúinn go bhfuil móramh Francach ag tacú leis an bpolasaí um dhí-eaglaisiú ach is beag tráchtaire atá chomh neamhbhalbh ina léiriú ar ainchreideamh chosmhuintir na Fraince. Go deimhin, is tearc iad na hAthbheochanóirí a admhaíonn gur rud buan a bhí i ndí-eaglaisiú na Fraince. I ndíospóireachtaí ar cheist an chreidimh sa bhFrainc, is iondúil gur chuir Athbheochanóirí claonadh dearfach ar an gcur síos ar mhuintir na Fraince, in áit a bheith dian orthu. Séanadh buaine an Scartha go minic, agus cuireadh an milleán ar lucht udarás na tíre, a bhí as alt le meon na cosmhuintire, dar leo. B’fhéidir gur aithin contraitheoirí gurbh amhlaidh a bhí in Éirinn: míréir idir dearcadh an stáit agus mianta na nÉireannach.

Dlúthchuid den séanadh seo ba ea an suntas a tugadh do chaidreamh speisialta na Fraince leis an Róimh go stairiúil agus do ghlóire na Fraince Caitlicí. Feictear a leithéid in alt le James MacCaffrey i 1905 ina luann sé an Sóisialachas agus an Máisiúnachas mar namhaid na Fraince Caitlicí:

271 ‘Diarmuid Donn’, ‘Ainchreideamh sa bhFrainnc’, ACS, Iml. VI, Uimh. 23, 13 Lúnasa, 1904, 1. 272 Ibid. 98

Caibidil a Trí

Is the glory of France as the eldest daughter of the Church, and special protector of the Holy See, destined to fade before the united strength of Socialism and Freemasonry; or can we hope that with the overthrow of the present régime better days may be at hand?273

Bhí an Fhrainc curtha as a riocht spioradálta ar fad, dar le A. Walsh, agus ba ar an rialtas ‘radacach’ a chuir seisean an milleán:

The state of France just now is so abnormal in relation to spiritual interests [...] The country is now absolutely in the hands of a radical Government that knows no measure in its hatred of religion, and whose lease of power appears to depend upon the urgency of its measures against every interest of Catholicism.274

Déanann Walsh cur síos níos dearfaí ar Chaitliceachas na Fraince in alt eile, siúd is go n-admhaíonn sé go bhfuil an feachtas um dhí-eaglaisiú ag dul i neart:

The secularism of the Republic appears to grow more marked as the days pass [...] On the other hand, religious France has not been idle during this year; in various ways it shows its earnestness and reality, and brings into high relief the chasm between a large section of the national sentiment and the professed views of those who rule the country. In every city and department there are evidences of spiritual energy and life which console one amid much that depresses the hopes of those who wish well to the French nation.275

Leagann Walsh béim ar an mbearna idir ‘cuid mhór’ den tuairimíocht náisiúnta agus lucht an rialtais. Ba é Felix Faure a bhí ina uachtarán ar an bhFrainc nuair a scríobh Walsh an t-alt thuasluaite i 1896 agus tugadh cuntas ar a chuairt chun na Briotáine sa bhliain chéanna. I dtearmann do bhalbháin bhodhra, chuaigh ord agus eagar na háite i bhfeidhm ar an uachtarán. Dúirt bean rialta leis: ‘Puisque notre ouvre vous paraît si digne d'être félicitée et encouragée, ne l'écrasez pas sous les impôts, ne la ruinez pas par des saisies, ne nous empêchez pas d’accomplir notre mission de charité’. [Ós rud é go bhfuil ár gcuid oibre anseo chomh fiúntach go ndéanfar í a cheiliúradh agus a ghríosú, ná scrios í le cánacha, ná loit í le húrghabháil, ná cuir bac ar ár misean

273 James MacCaffrey, ‘Louis Veuillot’, Irish Ecclesiastical Record, Samhain 1904, 430-441. 274 A. Walsh, O. S. A., ‘The Present State of the Church in France’, Irish Ecclesiastical Record, Feabhra 1896, 97-112. 275 A. Walsh, ‘Church and State in France’, Irish Ecclesiastical Record, Deireadh Fómhair 1896, 910- 932. 99

Caibidil a Trí carthanachta.] 276 Is í seo íomhá na Fraince a bhí á cur chun cinn in Éirinn sa tréimhse seo: an chléir agus Caitlicigh chróga ag troid leis an rialtas ar son a gceart creidimh. Molann Walsh an bhean rialta seo – ‘this intrepid daughter of Catholic Brittany:’

If the work of passive resistance had many valiant souls to sustain it like this intrepid daughter of Catholic Brittany, Church and State in France would not long be in their present pitiable condition, and the masquerade that now disgusts every right-thinking man within the confines of France would soon reach its term.277

Is díol spéise é gur luadh an ‘masquerade’ nó an bréagriocht ina raibh an Fhrainc – seachas a riocht ‘ceart’, riocht Caitliceach. Arís anseo, cuirtear in iúl nach mairfidh an bréagriocht, gur rud sealadach, neamhbhuan a bheadh sa dhí-eaglaisiú. Tá sé le tuiscint ón sliocht thuas go mbeifí in ann an rialtas a chloí, dá leanfadh an chosmhuintir sampla na mná rialta seo.

Is spéisiúil, freisin, gurb í an Bhriotáin Chaitliceach seachas an Fhrainc atá anseo, agus in áit eile san alt céanna, luann sé na ‘humble and devoted children of this Celtic province’. 278 Déanfar trácht amach anseo ar íomhá na Briotáine sa tréimhse seo, ar an ngaol idir réigiúin na Fraince (an t-Imeall) agus Páras (an Lár), agus ar an athrú a tháinig ar íomhá Pháras agus na Briotáine de réir a chéile.

De réir Walsh is é dúshlán na hEaglaise ná aontú agus neartú:

This is the problem now before Catholic France: to lessen this evil and overthrow the regime which fosters it. [...] The revolution must at length cease its work, in the words of Cardinal Langenieux: ‘La France qui a brisé il y a cent ans, en une heure de vertige, les liens qui l’unissaient au Christ, reniant ainsi, avec la foi de son baptême sa mission providentielle, la France qui a voulu vivre jusqu’à ce jour de l’illusion révolutionnaire’, must now open her eyes to the truth of the present situation, and unite all her true children in the work that alone can save her. Until Catholic sentiment rises in its might, and assumes its true political mission, there is no hope for the satisfactory adjustment of the relations between Church and State in France.279

276 Ibid. 277 Ibid. 278 Ibid. 279 Ibid. 100

Caibidil a Trí

Arís, is ar chrann na gCaitliceach a thiteann an dualgas troid i gcoinne rialtas na Fraince ar son a gcreideamh. In áiteanna eile, is cosúil go bhfuiltear ag súil go ngéillfidh an rialtas:

Tá slán lucht mí-chreidimh na Frainnce tugtha ag an bPápa. Tá sé tar éis scríobhadh chum Árd-Easpuig Párais ag rádh nach ceadmhach do'n chléir ‘cumainn’ do chur ar bun de réir Achta a 1881. Ionann seo 7 a rádh go gcuirfear an chléir as seilbh na dteampall ar fud na Frainnce - ’sé sin, muna ngéilleann taobh aca.280

D’fhéadfaí é seo a léamh mar an ‘nóta dóchais’ a luadh cheana nuair a bhí tráchtairí na hÉireann ag iarraidh ábhar dóchais a sholáthar maidir le cúrsaí eaglasta na Fraince. Sampla eile den meon dearfach ná gur féachadh ar an dí-eaglaisiú amhail is nach raibh ann ach dallamullóg neamhbhuan: ‘Beidh aithreachas ar mhuinntir na Frainnce i gcionn tamaill. B'fhéidir, nuair a bheidh an fuadar so imthighthe dhíobh agus nuair a bhainfear an dalla-phúicín dá súilibh’.281

Mhair íomhá Chaitliceach na Fraince in Éirinn le linn na ndíospóireachtaí faoin bhfeachtas um dhí-eaglaisiú toisc an íomhá a bheith á cur chun cinn sna nuachtáin in Éirinn, gur thír Chaitliceach a bhí sa bhFrainc. Bhí gníomhaíochtaí an rialtais, mar sin, ag teacht salach ar thoil an phobail: ‘In a nation Catholic to the very heart, a cabinet has been raised to power, which is in direct contrast to the feelings and habits of life of nearly all the people’.282

Cosúil le hÉirinn, mar sin, bhí an stát as alt le meon mhuintir na tíre. Chothódh sé seo comhbhá agus dóchas i measc Éireannach, dóchas a bhí níos treise, uaireanta, ná an fhearg a léiríodh i leith an dí-eaglaisithe.

Bhí sé de nós ag tráchtairí féachaint chun tosaigh, ag súil go dtiocfadh feabhas ar chúrsaí do Chaitlicigh, nó féachaint siar ar laethanta órga na hEaglaise sa bhFrainc. Is dócha gur deineadh amhlaidh chun meanma na gCaitliceach in Éirinn a

280 ‘Blúiríní’, ACS, Iml. VIII, Uimh. 40, 15 Nollaig 1906, 4. 281 ‘Na hÚird sa bhFrainc’, ACS, Iml. V, Uimh. 17, 4 Iúil 1903, 2. 282 A. Walsh, O. S. A., ‘The Present State of the Church in France’, Irish Ecclesiastical Record, Feabhra 1896, 97-112. 101

Caibidil a Trí ardú, chun dóchas a spreagadh ina measc. Ag deireadh alt Walsh, léirítear dóchas go dtiocfaidh cléir na Fraince slán ón ‘namhaid’ chun a cuid oibre a chur i gcrích agus cuirtear tacaíocht na hÉireann Caitlicí in iúl.

Catholic France is now in an attitude of prayer for the triumph of the Church; one bishop prays especially to obtain for the priesthood ‘les vertus sacerdotales plus nécessaires que jamais – courage, dévouement, générosité, prête à tout sacrifier pour défendre et sauver les âmes que l'ennemi veut, avec tant d'audace, ravir a Dieu et a l'Eglise;’ and in this prayer Catholic Ireland will join. If that prayer is heard, then the battle is won, and France is destined to be again the glory of Christendom.283

Féadfaimid ‘the glory of Christendom’ a chur i gcomparáid le teidil eile a bhronntar ar an bhFrainc Chaitliceach: ‘eldest daughter’ na hEaglaise, ag a bhfuil ‘rightful place among the leading Catholic nations’.284

I measc na dtráchtairí eile a dhéanann iarracht féachaint ar an ngéarchéim i dtéarmaí dearfacha, tá J. F. Hogan. Tá seisean ag súil go neartóidh an t-ionsaí seo ar an Eaglais creideamh na cosmhuintire:

We sincerely hope that this onslaught, made upon the Church, may be successfully repelled, and that it may have the effect of stimulating the Catholic laity to combine and work together with more energy and spirit in defence of their interests. Foreign nations hear a good deal of their grievances, and of their complaints against infidel cabinets, masonic [sic] ministries, and heathen majorities. They do not hear as much as they would like of the organisation, unity, and discipline.285

Tá an t-údar ag súil go spreagfar an chosmhuintir faoin tuath chun comhoibriú lena chéile agus a gcreideamh a chosaint. D’fhéadfaí é seo a léamh mar íde béil i ngeall ar a n-easpa gníomhaíochta nó mar impí ar mheon dearfach in aghaidh dhuairceas an dí-eaglaisithe.

283 Ibid. 284 C. M. O’Brien, C. C., ‘The Modern ‘Reign of Terror’ in France’, Irish Ecclesiastical Record, Meán Fómhair 1900, 256-267, agus ‘Catholic Activity on the Continent’, Jeremiah Ryan, The Catholic Bulletin, Iml. IV, Uimh. 4, Aibreán 1914, 279. 285 J. F. Hogan, ‘The Tax on Religious Congregations in France’, Irish Ecclesiastical Record, Nollaig, 1895, 1124. 102

Caibidil a Trí

Cuirtear claonadh dearfach ar scaradh na Fraince leis an Eaglais in alt a scríobh Patrick Boyle in 1905, sampla eile den ‘nóta dóchais’ atá le brath go coitianta sa phlé taca an ama seo:

But if separation must come, there is reason to hope that it will prove a blessing. The bishops will be the free choice of the Holy See; they will have liberty to reorganize their dioceses, to erect churches where needed, to divide the enormous and unworkable city parishes, to unite the small rural curés. [...] After a period of severe trial a new era of life and energy will dawn for the Church of France.286

Voltaire agus Fréamhacha na Mídhílseachta

Deineadh iarracht in Éirinn fréamhacha na mídhílseachta sa bhFrainc a thuiscint, agus deineadh nasc idir ainchreideamh na Fraince agus Protastúnachas Shasana. Foilsíodh alt le M. Ryan sa bhliain 1900 dar teideal ‘Infidelity in the Eighteenth Century’ inar rianadh stair an ainchreidimh. 287

It is easy to trace the steps that lead from Protestantism to Deism, from Deism to Voltairism. [...] It was not till the 18th century, and it was first by the English deists, the rejection of Christianity was formed into a system. But the attack, which was begun in Protestant England, was soon to be made on a sterner foe in the Catholic Church, whose authority and existence were pledged in the minutest article of her creed. France was the chosen battlefield, Voltairism we shall call the enemy, and England was the training school, where the enemy received his weapons and learned to use them. [...] Voltaire was the founder and ablest leader of the anti-religious movement in France, and Villemain truly observes that there is not one of Voltaire's works that does not bear the mark of his sojourn in England.288

Is suntasach an tslí inar cuireadh béim ar an tréimhse a chaith Voltaire i Sasana, arbh ionann í agus cúrsa oiliúna san ainchreideamh. Tabhair faoi deara an réimse teanga – ‘battlefield’, ‘enemy’, ‘weapons’ – foclóir an chogaidh. Sa bhliain chéanna, foilsíodh alt dar teideal ‘The Modern ‘Reign of Terror’ in France’ le C. M. O’Brien,

286 Patrick Boyle, ‘The Concordat between the Holy See and France’, Irish Ecclesiastical Record, Aibreán 1905, 289-307. 287 M. Ryan, ‘Infidelity in the Eighteenth Century: Voltaireism’, Irish Ecclesiastical Record, Eanáir 1900, 51-58. 288 Ibid. 103

Caibidil a Trí

C.C. Is minic a deineadh cur síos ar an tréimhse seo i dtéarmaí an chatha; na hainchreidmhigh ag ionsaí na hEaglaise Caitlicí.

Theastaigh ó fhealsúna na Fraince díobháil a dhéanamh don Eaglais Chaitliceach, dar le Ryan:

The philosophers’ […] purpose - they did not conceal it - was to destroy the Catholic Church. Voltaire and Rousseau set themselves the task of tearing from the nation the bonds of society, by tearing from the hearts of the people the bonds of religion.289

Arís, tugann an stracadh (‘tearing’) le fios gur rud nádúrtha a bhí sa dlúthchaidreamh idir stát na Fraince agus an Eaglais Chaitliceach agus gur ghníomh brúidiúil, i gcoinne an nádúir a bhí sa scaradh. B’ionann an nasc leis an Eaglais Chaitliceach a bhriseadh agus deireadh a chur le braistint phobail sa bhFrainc.

Admhaítear nach raibh an Eaglais gan smál, ach séantar go raibh sí lofa go smior le linn an ochtú haoise déag:

It is false to say, as has often been said, that there was universal corruption in the Church of France in those days; that the Church, like the State, was but the corpse of her formal self. The State, still wearing the glitter of her ancient luster [sic] on the surface, was rotten to the core; the Church was sound at heart, with, it must be admitted, some blemishes on the fair face that should have neither spot nor wrinkle. There is always a danger to the Church when her relations with the State are too intimate especially when, as in France in the 18th century, the State is morally corrupt.290

Má bhí locht ar an Eaglais, ba é an stát ba chúis leis, mar bhí cleachtas éilitheach nó míchuí ar siúl sa rialtas. Sa tslí chéanna, cuireadh an milleán ar an rialtas as an mbeartas um dhí-eaglaisiú a chur i bhfeidhm céad bliain ní ba dhéanaí.

Deintear an t-ionsaí is géire ar Voltaire féin, mar is léir sa chuntas seo a leanas:

The character of Voltaire is black as pen can paint it. He was a man without principle, without truth, without gratitude. Had he a single virtue? He was not a great philosopher, or a profound thinker, he had accumulated a vast store of

289 Ibid. 290 Ibid. 104

Caibidil a Trí

information, which he had no scruple in distorting, and then applied it to his subject with his own peculiar powers. [...] Voltairism had no happiness to offer but sin; saw nothing in life but men plodding in, each with his own burden of miseries, to the grave.291

Is geall le diabhaldánacht é fealsúnacht Voltaire, de réir an údair seo, agus níl le fáil ann ach peacúlacht. Cuireann Ryan síos ar an tslí ina ndearna sé mí-ionramháil ar eolas ar bhealach a thabharfadh le fios go raibh cumhacht dhainséarach éigin ag Voltaire.

Ach má tá tuin an ailt seo glan i gcoinne stát na Fraince agus i gcoinne Voltaire féin, is ar nóta dearfach a críochnaítear, ag moladh na milliún a leanann Íosa Críost agus ag lua scríbhneoirí Francacha eile atá dílis don Eaglais:

There is still one name in France that millions of her race would die for – the name infidelity would destroy - the name of Jesus Christ. [...] It is not surprising that a Huysmans, a Brunetière, a Coppée, should shake of their infidelity, and come to Him, saying, ‘We believe, we follow’.292

Is nóta dóchais i measc na hainilíse duairce atá sa sliocht thuas, léiriú ar chreideamh dochloíte na gCaitliceach sa bhFrainc.

Ainneoin cúrsaí comhaimseartha sa bhFrainc, iarrtar ar léitheoirí gan a bheith ródhuairc, agus sólás á aimsiú i stair ghlórmhar na Fraince agus ina cosantóirí creidimh:

But we must not be too pessimistic. The land of Charlemagne, of Bossuet, of Vincent de Paul, of Joan of Arc, of the Curé of Ars is not without defenders of the faith. [...] Finally our hope that the faith is firmly rooted in France, and that it will ultimately triumph, is strengthened when we notice the great work that France is doing for the propagation of the faith in heathen lands. With little earthly comforts her anointed sons, her consecrated daughters, are labouring heroically among the Buddhists, the Mohammedans, the negroes, and the savages. It is French money, too, that enables them to continue their noble work. [...] The Catholic world is anxiously watching the struggle; a bitter and prolonged one it will be. Let us hope that when it is ended the

291 Ibid. 292 Ibid. 105

Caibidil a Trí

Church will place another garland of victory upon the brow of her eldest daughter.293

Tugann an abairt ‘when it has ended’ le fios dúinn go rabhthas ag súil gur rud sealadach a bheadh sa scaradh. Tá dóchas le brath anseo nuair a mholtar an Fhrainc as a cuid laochra Caitliceacha - Bossuet, Uinseann de Phól, Joan of Arc agus mar sin de. Ní foláir nó go raibh eolas ag léitheoirí an Irish Ecclesiastical Record i dtaobh na ndaoine seo.

Is léir, mar sin, gur chuir tráchtairí na hAthbheochana roinnt straitéisí i bhfeidhm agus iad ag plé dhí-eaglaisiú na Fraince. Leagadh béim ar stair ghlórmhar na Fraince Caitlicí, agus cuireadh íomhá den bhFrainc chun cinn mar thír Chaitliceach ainneoin na n-athruithe a bhí ag tarlú sa tír. Maíodh gur riocht mínádúrtha a bhí sa bhFrainc dhí-eaglaisithe toisc gur thír Chaitliceach go smior í. Cuireadh an milleán ar an rialtas as an mbeartas um dhí-eaglaisiú a chur i bhfeidhm, cé is moite do ‘Dhiarmuid Donn’ a bhí cuíosach géar ar chosmhuintir na Fraince as an rialtas céanna a thoghadh. Rinneadh iarracht tuairimíocht Voltaire a nascadh leis an ainchreideamh sa bhFrainc agus leagadh béim ar an ‘tréimhse oiliúna’ a chaith sé i Sasana. Ciontaíodh an Sóisialachas agus an Máisiúnachas as cur leis an bhfeachtas dí-eaglaisithe. Is é an rud is suntasaí, áfach, ná an iarracht a rinneadh dearcadh dearfach a léiriú i leith na mórimeachtaí seo sa bhFrainc. Bhíothas dóchasach nach raibh sa riocht dí-eaglaisithe ach staid neamhbhuan.

Cén fáth ar bhain tráchtairí na hAthbheochana úsáid as na straitéisí seo? Cén fáth ar theastaigh uathu íomhá neamhbhagrach den bhFrainc a chur chun cinn, agus gnéithe treascracha a chur faoi chois? Deineadh beag de na mórathruithe a bhí ag tarlú sa bhFrainc, agus díríodh ar mhionlach Caitliceach nuair a bhí formhór an daonra ag iompú ón gcreideamh. Bhí baint éigin ag cuspóirí Chonradh na Gaeilge leis seo. Chuir an Conradh roimhe nualitríocht na Gaeilge a chothú, agus d’aithin na Conraitheoirí ba fhórásaí go raibh gá le múnlaí liteartha ón iasacht. Is léir ó chaibidil a haon go raibh cur amach ag Conraitheoirí ar theanga agus ar litríocht na Fraince. I gcaibidil a dó pléadh an tionchar a bhí ag an bhFraincis ar chúrsaí oideachais, na

293 C. M.O’Brien, ‘The Modern ‘Reign of Terror’ in France’, Irish Ecclesiastical Record, Meán Fómhair 1900, 256-267. 106

Caibidil a Trí hoird rialta a tháinig ón bhFrainc agus a bhunaigh scoileanna in Éirinn san áireamh. Cé gur raibh faitíos ar roinnt Athbheochanóirí roimh litríocht ‘dhainséarach’ na Fraince, bhí armlón áirithe i litríocht na Fraince a chabhródh le díghalldú na hÉireann, mar a mhíníonn Máire Ní Chinnéide i 1910: ‘Is dóigh liom […] ná fuil caoi is fearr chum troda i gcoinnibh na ró-chomhachta so an Bhéarla ná eolas do bheith againn, ar theangain eile agus go mór-mhór ar litridheacht eile’. 294 Ba í litríocht na Fraince a mhol Ní Chinnéide toisc go raibh eolas ar an bhFraincis forleathan i measc mhuintir na hÉireann, dar léi, agus bhí ardlitríocht á cumadh sa bhFraincis.

Rogha inghlactha a bhí i litríocht na Fraince mar sin, lasmuigh de na deacrachtaí a bhain le dí-eaglaisiú do Ghaeil Chaitliceacha. Ní luann Ní Chinnéide an deacracht seo ina halt ar Anatole France, mar go bhfuil sí sásta saothar France a mholadh do léitheoirí An Claidheamh Soluis, agus go deimhin, do lucht na hArd Chraoibhe mar ar thug sí an léacht chéanna. Is í an cheist a d’eascair as an gconspóid faoi Anatole France ná cé acu ba thábhachtaí maidir le múnlaí liteartha ón iasacht: feabhas na litríochta nó moráltacht an údair? Bhí tábhacht nach beag leis an teannas seo idir luachanna aeistéiteacha agus luachanna moráltachta i ndíospóireachtaí liteartha na hAthbheochana. Ach ní ar bhonn creidimh amháin a samhlaíodh téacs a bheith mí-oiriúnach; d’fhéadfadh an t-ábharachais nó an héadónachas sa litríocht díobháil a dhéanamh do léitheoirí, mar a mhaígh an Duinníneach:

This country is, to a large extent, still untainted by the teachings of the positivist, the materialist, the hedonist, which pervade English literature whether serious or trivial… It will be difficult to prevent that literature from planting the seeds of social disorder and moral degeneracy amongst even our still untainted population.295

Tá an cúlra seo faoi ‘ghalar’ na leabhar Béarla tábhachtach do na díospóireachtaí timpeall ar an litríocht ‘oiriúnach’. 296 Cé go ndéanfar an t-ábharachas a phlé sa

294 ACS, Iml. XII, Uimh. 5, 9 Aibreán 1910, 4. 295 Father Patrick Dinneen, Lectures on the Irish Language Movement (Dublin: 1904), 9-10, luaite in O’Leary, The Prose Literature of the Gaelic Revival, 1881-1921, 21. 296 Féach Philip O’Leary, ‘The Gaelic Movement and the Vigilance Campaign against ‘Indecent’ Literature, 1899-1913, Proceedings of the Harvard Celtic Colloquium, Iml. 11, 1991, 37-58. Foilsithe 107

Caibidil a Trí chéad chaibidil eile, is fiú a lua anseo go raibh ionanú idir dul chun cinn sa saol ábhartha agus dul ar gcúl sa saol spioradálta, go háirithe chomh fada agus a bhain le cúrsaí creidimh.

Anatole France: Sprid na Fraince?

Nuair a foilsíodh ‘Anatole France: Prímh-Sgéaluidhe na Frainnce indiu’ ar An Claidheamh Soluis in dhá chuid i 1910, d’fhógair Ní Chinnéide an meas a bhí aici ar an bhFrainc i gcoitinne, agus, go háirithe, ar litríocht na tíre: ‘Acht má tá an barr ag an bhFrainnc ’n-a lán slighe, níl éinnidh is mó ’na a bhfuil an buadh aici ná i gcúrsaíbh litridheachta’.297

Ba é Seán Mac Giollarnáth an t-eagarthóir ag an am. Chothaigh an t-alt ‘considerable controversey’ dar le O’Leary toisc gur scríobhadh trí litir go dtí an t- eagarthóir agus bhí ar Ní Chinnéide a cuid tuairimí a chosaint. Ba é an Prionsiasach, Tomás A. Mac Gearailt, an chéad duine a scríobh litir ghearáin agus d’fhreagair Ní Chinnéide é. Ina dhiaidh sin, scríobh an tAth. Seán S. Ó Gormáin litir agus ba í Lilla Vanston a scríobh an litir dheireanach ar an ábhar. As Gaeilge a scríobhadh an t-alt agus na litreacha. Ina measc siúd a ghlac páirt sa díospóireacht seo ar Anatole France, glacadh leis go mba chóir do scríbhneoirí na Gaeilge féachaint chun na Fraince i gcomhair múnlaí liteartha. D’éirigh eatarthu, áfach, i dtaobh cé acu údar a bhí oiriúnach do Ghaeil Chaitliceacha.

Ag díriú ar alt Ní Chinnéide anois, is léir go nglacann Ní Chinnéide leis go bhfuil eolas ag lucht a léite ar údair Fhrancacha.

Is dócha gur beag duine annso ná fuil a bheag ná a mhór de shaothar na sgéaluidhthe móra úd, Victor Hugo, Dumas agus Balzac léighte aige, mar tá furmhór a leabhar le fagháil i Sacs-Bhéarla. ’Sé an trugha nár thug éinne fós fé chruth Gaodhlach do chur ortha dúinne. Tá géar-ghádh againn le n-a

ag: Department of Celtic Languages & Literatures, Harvard University. Ar fáil ag: [Rochtain: 2/05/2011]. 297 Máire Ní Chinnéide, ‘Anatole France: Prímh-sgéaluidhe na Frainnce indiu’, ACS, Iml. XI, Uimh. 51, Feb 26, 1910, 4. 108

Caibidil a Trí

leithéid chum cabhartha linn ’nár dtroid i gcoinnibh na ró-chomhachta atá ag an Sacsbhéarla orainn. 298

Is cosúil gur chuma arbh as Fraincis nó i bhfoirm aistriúcháin a léití na húdair seo – ba ar fheabhas na litríochta a leag sí béim, seachas ar an teanga. Is díol suntais é an tábhacht a bhronnann sí ar litríocht na Fraince mar ghléas cogaíochta i gcoinne galldaithe.

I measc na scríbhneoirí comhaimseartha próis is fearr, ainmníonn sí René Bazin, Guy de Maupassant agus Pierre Loti, cé gur ar Anatole France atá an t-alt dírithe. Aithníonn sí nach mbíonn an scéal ná na carachtair in uachtar i saothar Loti, faoi mar a bhíonn i saothar na n-údar eile, ach go mbíonn na carachtair aige ‘mar órnáidibh ar na radharcannaibh a bhíonn aige dhá dteasbáint dúinn’.299

Má tá locht ar an alt seo faoi Anatole France, is locht é a bhain le formhór na léirmheastóireachta aimsir na hAthbheochana. Achoimrí cuíosach fada ar a chuid saothar is bunús an ailt. Molann sí a luathshaothar go háirithe, ag rá go mbíonn ‘an ghéire agus an tseirbhe i n-ionadh na soilbhreachta agus na soirbhe’. 300 Léamh dromchlach seachas aon anailís dhomhain ar an saothar atá i roinnt mhaith d’aistí critice ón tréimhse seo, faoi mar atá tugtha faoi deara ag Regina Uí Chollatáin:

Hundreds of books, journals and pamphlets were reviewed in An Claidheamh Soluis between 1899-1932, but there were few direct references to the theory of literary criticism as a way of developing a modern Irish literature […] The standard and quality of the early reviews in An Claidheamh Soluis, while providing an insight to the literature and general reading material produced at the time, can only be described as pieces of information. They lack structure and depth […]301

I gcás Anatole France, fágann Ní Chinnéide roinnt mhaith gnéithe dá chuid scríbhneoireachta ar lár. Ní leagann sí béim rómhór ar an tón íoróineach ná ar nádúr aorach a shaothair. Déanann sí a beag dá sceipteachas i leith an chreidimh

298 Ibid. 299 Ibid. 300 Ibid. 301 Regina Uí Chollatáin, ‘Literature Reviews in An Claidheamh Soluis: A Journalistic Insight to Irish Literary Reviews in the Revival Period 1899-1932’, Proceedings of the Harvard Celtic Colloquium 23 (2003), 284-98. 109

Caibidil a Trí

Chaitlicigh agus dá chuid ionsaithe ar an Eaglais. Tá na gnéithe seo á gcur faoi cheilt aici mar go dteastaíonn uaithi tús áite a thabhairt do luachanna aeistéitice an tsaothair seachas do chreideamh pearsanta an údair. Cé go n-aithníonn sí gur aindiachaí a bhí i France, is i gcomhthéacs a scile mar scríbhneoir a luann sí é sin, agus í ag áiteamh go raibh sé in ann smaointe a chuid carachtar a chur in iúl in Thaïs, gan a thuairimí pearsanta a nochtadh: ‘Tá ’fhios againn ó n-a lán dá sgríbhníbh ná creideann Anatole France ins na rudaibh go gcreideann na manaigh seo ionnta, acht is ar éigin a bheadh a fhios soin agat, ag léigheamh an leabhair duit’.302

Is é seo, dar le Ní Chinnéide, an bua is mó atá ag France, ‘go bhfuil sé ’na chumas a smuainte féin agus a thuairim féin do choimeád fé cheilt uainn agus leigint do lucht an sgéil a smuainte féin do chur os ár gcomhair fé mar ba dual dóibh gan chur isteach ag an ughdar ortha’. 303 Cuireann sí saothar France in oiriúint do léitheoirí na Gaeilge, mar sin, ag moladh gnéithe áirithe dá luathshaothar agus neamhaird á tabhairt aici ar ghnéithe conspóideacha dá shaothar is déanaí.

Ba é Tomás A. Mac Gearailt, Prionsiasach a bhí lonnaithe i gCorcaigh, an chéad duine a chuir peann le pár agus a scríobh litir go dtí an t-eagarthóir. Ina litir siúd, (26 Márta, 1910), rinne sé tagairt do litir a bhí ina sheilbh aige ó leabharlannaí a bhí i gceannas ar leabharlann phoiblí sa bhFrainc. Sa litir seo bhí liosta de leabhair a bhí ‘oiriúnach’ agus cinn eile nach raibh. Ní raibh ach ceithre leabhar den 23 leabhar ó pheann France ‘feileamhnach do'n choitcheantacht’ de réir an liosta seo. Thart ar an am seo, bhí an ‘Catholic Truth Society’ ag feidhmiú le breis is deich mbliana agus bhí ‘Notices of Books Approved as Suitable for Libraries’ le foilsiú sa Catholic Bulletin ó 1911 amach. Bhí an chléir agus an Conradh araon imníoch faoi dhrochthionchar litríocht Shasana, agus deineadh iarracht aird a tharraingt ar litríocht ‘oiriúnach’ nó ‘folláin’. 304 I gcás an Chonartha, bhíodar ar thóir litríochta a mbeadh fiúntas liteartha léi, agus saothar ina mbeadh fís d’Éirinn á cur chun cinn a bhí dílis don dúchas Gaelach. Theastaigh ón gcléir agus ón ‘Catholic Truth Society’ go mbeadh an litríocht ag teacht le teagasc na hEaglaise Caitlicí. Ní raibh an dá sprioc

302 Máire Ní Chinnéide, ‘Anatole France: Prímh-Sgéaluidhe na Frainnce indiu’, ACS, Iml. XI, Uimh. 52, 5 Márta, 1910, 1. 303 Ibid. 304 Féach O’Leary, The Prose Literature of the Gaelic Revival, 32- 34. 110

Caibidil a Trí chomh fada sin óna chéile, cé gur tháinig alt Ní Chinnéide salach ar thuairimíocht na sagart.

Cé gur admhaigh Mac Gearailt iarrachtaí Chonradh na Gaeilge troid i gcoinne na ‘ndrochleabhar’ a bhí ag teacht anall ó Shasana, thug sé foláireamh i dtaobh leabhair Anatole France a mholadh, go háirithe do dhaoine óga. Thug sé le tuiscint go raibh saothar France dainséarach, agus go ndéanfadh sé intinn na gCaitliceach óg a thruailliú agus go gcuirfí isteach ar a ndea-iompar: ‘ná moladh éinne dár n-aos óg a leithéidí siúd de leabhraibh, ar eagla ár ndaoine a chur ar bhealach a n-aimhleasa i dtaobh a gCreidimh agus a ndeighbhéas’.305

Coicís ina dhiaidh sin is ea a foilsíodh freagra Ní Chinnéide. Ag tús na litreach, shonraigh sí gur chinn sí freagra a thabhairt ar ghearáin an Athair Mhic Ghearailt toisc gur as Gaeilge a scríobh sé, agus nár leanadh le ‘drochnós’ daoine eile a bhíodh ag trácht ar chúrsaí Gaeilge as Béarla. Ball de Chraobh an Chéitinnigh ba ea Ní Chinnéide agus tá a rian sin ar an ngoineog seo toisc ‘gurbh iad na Céitinnigh is mó a bhí míshásta leis an easpa Gaeilge in imeachtaí an Chonartha’.306

Faoi bhun litir Ní Chinnéide bhí nóta ón eagarthóir a thugann le fios go bhfuarthas litir ó Lilla Vanston i dtaobh aiste Mhic Ghearailt, ach gur glacadh an cinneadh gan í a fhoilsiú toisc í a bheith scríofa as Béarla (‘níor mhaith linn leigint do’n Bhéarla brúghadh isteach sa gconspóid seo beag ná mór’). Ní aontaíonn Vanston leis an Athair Mac Gearailt, de réir nóta an eagarthóra: ‘Deir sí go léightear leabhra Anatole France ar fud na hEorpa – ar fud an domhain mhóir, agus go ndéanfadh sé leas do scríbhneoiríbh óga na hÉireann staidéar a dhéanamh ar a sgéalta agus ar a mhodh sgríobhtha’.307 Ach níorbh é seo an focal deireanach ag Lilla Vanston ar an ábhar seo.

Bhí Ní Chinnéide den tuairim, mar a luadh níos túisce, nach raibh slí níos fearr le troid i gcoinne an Bhéarla uilechumhachtaigh ná litríocht na Fraince.

305 ACS, Iml. XII, Uimh. 3, 26 Márta, 1910, 5. 306 Seán Ó Cearnaigh, An Stad: Croílár na hAthbheochana (Baile Átha Cliath: Comhar Teoranta, 1993), 11. I gcomhair a thuilleadh eolais ar Chraobh an Chéitinnigh, féach Tom Garvin, Nationalist Revolutionaries in Ireland: 1858-1928 (Dublin: Gill & McMillan, 1987), 93; agus Brian Murphy, Pearse and the Lost Republican Ideal (Dublin: James Duffy, 1991). 307 Máire Ní Chinnéide, Litir, ACS, Iml. XII, Uimh. 5, 9 Aibréan, 1910, 4. 111

Caibidil a Trí

Ceapaim annsoin, má tá sé ar intinn againn litridheacht eile do chur i n-ionad litridheachta Sheáin Bhuidhe nach éan-mhaitheas dúinn éan-chuid de’n litridheacht soin do thoghadh mar dheismireacht agus mar shompla dúinn féin acht amháin saothar na sgríbhneoirí is fearr dá mbíonn ag sgríobhadh . Deireann na daoine is mó ughdarthás i gcúrsaíbh litridheachta na haimsire seo gurab é Anatole France is Taoiseach agus is ceannusaidh sgéalaidhthe na Frannce san ló indiu.308

Arís, is léir gur mó aici luachanna aeistéitice an tsaothair ná rud ar bith eile, agus molann sí díriú ar an litríocht is fearr chun múnlaí liteartha na Gaeilge a aimsiú. Is bealach a bheadh sa litríocht is fearr ón bhFrainc le tionchar Shasana a laghdú.

Ceistíonn Ní Chinnéide tuairim Mhic Gearailt óir ba léir nach raibh an leabhar a bhí idir chamáin léite aige:

Is fuiriste a fheiscint ná fuil an leabhar cumhachtach so [Thaïs] léighte fós ag an Athair Tomás ná ní fhéadfadh sé sgríobhadh mar a dheineann […] [Ch]reidfeadh éinne a léighfeadh é, gur Catoiliceach dílis Anatole France, muna mbeadh a mhalairt d’eolas aige ’na thaobh roimh ré.

Bréagnaíonn sí a bhfuil ráite aige mar gheall ar an gciall chruinn a bhí ag a halt, agus tagairt á déanamh aici d’fhoclóir an Duinnínigh:

Ní fheadar cionnus a fuair an tAthair Tomás ann féin a rádh go dtugaim-se de chomhairle d’éinne – san aiste seo – ‘na leabhra ar fad do sgríobh an t-ughdar so do léigheadh’, muran rud é ná tuigeann an focal soin BLAISEADH. ’Sé áit ’na dtugaim an chomhairle seo uaim, do réir an Athair Tomás, ná nuair adeirim ‘Tá mó dhóthain ráidhte agam, tá súil agam, chum éinne agaibh go bhfuil sé ’na chumas an Fhraincis do léigheamh, do ghríosughadh chum cromadh ar France do BHLAISEADH’. Chím i bhfoclóir an Athar Pádruig Ua Duinnín, leathanach a 68 an míniughadh so ar an bhfocal .i. ‘blaiseadh. – asta, m., a tasting; a sipping, a small portion of any food or drink’.309

Tá dúthracht agus géire Ní Chinnéide le braistint sna línte thuas. Is léir go raibh sí breá ábalta í féin a chosaint nuair a dhéantaí a cuid tuairimí a ionsaí.

308 Ibid. 309 Ibid. 112

Caibidil a Trí

Ball eile den gcléir a spreagadh chun litir a scríobh go dtí an t-eagarthóir ina dhiaidh sin ba ea Seán Ó Gormáin, sagart i gColáiste Candine sa Róimh: ‘Shíleas féin go raibh René Bazin go sár-mhaith. Sgríobhann Anatole France go clisde, acht deirtear nár chóir a chuid ‘Romans’ a léigheadh, gur droch-leabhra iad. Ní fhuil a fhios agam sin, níor léigheas iad, agus rud eile, ní léighfead iad’.310

Cé nár chuir an Eaglais Chaitliceach leabhair Anatole France faoi chois go dtí 1922 (bliain tar éis dó an Duais Nobel a bhaint amach don litríocht), is cosúil go raibh tuairimí frithchléireacha an údair ag déanamh buartha don gcléir Chaitliceach i bhfad roimhe sin.

Ba é beathaisnéis France ar Jeanne d’Arc a chuir iachall ar Ó Gormáin litir a scríobh go dtí An Claidheamh Soluis. Sa saothar seo, ceistíonn France an miotas a bhaineann leis an naomh, agus deir sé go mb’fhéidir gur guthanna ina ceann a bhí á gclos aici. I dtaobh an leabhair seo, deir Ó Gormáin: ‘Níor sgríobhadh leabhar ní ba mheasa ariamh […] Tá a fhios ag an tsaoghail gur naomh í Jeanne’.311 Masla is ea é gur cheistigh France meabharshláinte an naoimh, agus níor chóir do Chaitlicigh saothar France a léamh i ngeall air seo.

Tagraíonn Ó Gormáin – i bhFraincis – don nuachtán Caitliceach L’Univers. Tógadh an sliocht seo a leanas ó alt dar teideal Anatole France contre Jeanne d’Arc [Anatole France i gcoinne Jeanne d’Arc].

L’opinion a élevé une protestation a peu près unanime (en dehors, bien entendu, de la franc-maçonnerie) contre ce dénigrement systématique de la plus noble et de la plus pure de nos gloires. Comment son indignation ne serait-elle pas manifestée contre les assertions calomnieuses qui nous représentent d'abord Jeanne d'Arc comme une hallucinée perpétuelle, marchant en aveugle, les yeux ouverts, ballottée au gré des circonstances, incapable d'aucun discernement, véritable dégénérée, confinant a l'idiotisme?

(L'Univers, 19 mars 1910.) [Tá fearg ar an bpobal trí chéile, a bheag nó a mhór (lasmuigh de na Máisiúin, dar ndóigh) i ngeall ar an mbeag is fiú atá á dhéanamh ar an nglóire is uaisle agus is íonghlaine dá bhfuil againn. Conas nach bhféadfaí fearg a bheith ort agus na ráitis bhéadchainteacha a chuireann síos ar Jeanne d’Arc mar dhuine

310 ACS, Iml. XII, Uimh. 6, 16 Aibreán 1910, 6. 311 Ibid. 113

Caibidil a Trí

a d’fhulaing siabhránachta leanúnach, a mháirseáil go dall, na súile ar oscailt, i mbearna bhaoil na cinniúna, gan aon léargas ar a cumas, lodar cruthanta, ag druidim le óinsiúlacht?]

Cuireann Ó Gormáin an chomhairle seo a leanas ar scríbhneoirí na hÉireann: ‘Má’s mian libh aithris a dhéanamh ar sgríbhneoiríbh na Frainnce, déanaidh aithris ar na sgríbhneoiríbh Críostamhla. Ar son Dé agus ar son creidimh na hÉireann, ná bac leis na Págáinigibh’.312 Dar le Ó Gormáin, ba thábhachtaí gné Chríostúil an tsaothair ná a fhiúntas ealaíne.

Níor foilsíodh an chéad litir a sheol Lilla Vanston isteach go dtí an Claidheamh toisc í a bheith scríofa as Béarla, ach níor chuir sé seo bac uirthi dul i mbun na díospóireachta – as Gaeilge an babhta seo. Lydia Coffey an t-ainm a baisteadh uirthi nuair a rugadh í i 1870. Ealaíontóir a bhí inti ar taispeánadh saothar léi san Acadamh Ibeirneach Ríoga faoina hainm pósta, Lilla Vanston. Ball de Chonradh na Gaeilge a bhí inti agus thugadh sí cuairt go rialta ar Ghaeltacht Acla.313

Agus í ag tagairt d’fhocail Sheáin Uí Ghormáin gur chóir sampla scríbhneoirí Críostúla a leanúint, tá an méid seo le rá aici: ‘Má’s tairbheach í an chomhairle seo níl cead aca Homer do léigheadh, ná Virgil, ná Marcus Aurelius, ná Epictelus, ná a lán sgríbhneoiríbh ‘san litridheacht úr-nuadh’.314

Luann sí freisin go raibh tuairim Uí Ghormáin bunaithe ar aon nuachtán amháin agus go mb’fhéidir go mbeadh a mhalairt de thuairim i nuachtán eile. Áitíonn Vanston go mba chóir go mbeadh creideamh duine láidir go leor le litríocht an domhain mhóir a léamh, gan ligint d’aon saothar cur isteach ar chreideamh an duine sin: ‘Ceapaim go bhfuil an creideamh go lag agus i gcruadh-chás ar fad ag an duine nach bhfuil sé de mhisneach aige litridheacht an domhain mhóir do léigheadh, agus aithris do dhéanamh uirthi má’s fiú leis é’.315 Tá Vanston den tuairim gur féidir litríocht a léamh ar mhaithe le taitneamh a bhaint as feabhas na litríochta sin, in áit

312 Ibid. 313 Féach Bridget Hourican. ’Vanston, Doreen (Dairine)’, in James McGuire agus James Quinn, (eag.), Dictionary of Irish Biography (United Kingdom: Cambridge University Press, 2009). Ar fáil ag: [Rochtain: 06/11/2012]. 314 ACS, Iml. XII, Uimh. 7, 23 Aibreán 1910, 4. 315 Ibid. 114

Caibidil a Trí teachtaireacht mhorálta a lorg sa saothar. Deineann Vanston an léitheoir a chumasú ar shlí nár dhein an chléir, ag rá gur faoin léitheoir aonarach a bhí sé a dhéanamh amach an saothar fiúntach é nó a mhalairt.

Ní raibh a thuilleadh comhfhreagrais ar an ábhar seo, agus nuair a scríobh Ní Chinnéide alt eile i mí na Nollag 1913, níor spreag sé aon fhreagra. An uair seo, faoi bhun theideal an ailt, ‘Anatole France agus Sprid na Frainnce’, bhí foráil shéanta: ‘Ná síltear go n-aontuigheann lucht an Chlaidhimh le gach a n-abrann a sgríbhneoirí’.

Cosúil leis an gcéad alt a scríobh sí trí bliana go leith roimhe sin, deir Ní Chinnéide gur fearr léi luathshaothar France. Ach tá drogall áirithe le sonrú sa dara halt in áiteanna. San alt a scríobh sí i 1910, níl sé le tuiscint go gcuirfeadh frithchléireachas France isteach ar an taitneamh a bhainfeadh léitheoirí as. Bhí sí i bhfad ní ba cháiréisí in alt 1913 i leith a shaothair is déanaí: ‘Ní féidir le héan- Chatolicighe, le Gaedheal Catoiliceach, go háirithe, [a shaothair nua] do mholadh gan a lán ‘acht-’ do chuir leis an moladh’. 316 Seans, mar sin, go raibh ciall cheannaithe ag Ní Chinnéide i ndiaidh an aighnis a tharraing a céad alt, agus go mbeadh sí i bhfad níos cúramaí as sin amach.

Má tá ‘ach’ á chur leis an moladh, tá moladh á thabhairt mar sin féin. Aontaíonn sí leis an tuairim, ‘go bhfoillsigheann sé dúinn anam agus sprid na bhFranncach’, ach tá sé le brath go ndeachaigh an choimhlint a bhain leis an gcéad alt i bhfeidhm uirthi ábhar. Luann sí an greann gáirseach a bhaineann le ‘Gauloisérie’ agus deir sí go raibh a leithéid chéanna ar fáil i seanscéalta na hÉireann:

Ó aimsir Rabelais anuas, tá saghas sonnrádhach grinn fé chlú ag na Franncaigh go nglaodhaid siad féin ‘Gauloisérie’ air. Tá roinnt de’n ghreann chéadna le fagháil annso is annsúd ’nár sean-scéaltaibh féin, agus cé nach rud ionmholta é, do réir mar a ceaptar fé láthair, do bhí tráth ann ná rabhthas chomh dian san air.317

Tá greann gáirseach na Fraince á mhaitheamh anseo aici agus tá sí ag cur ar a súile dá lucht léite (agus ar shúile na cléire chomh maith, b’fhéidir), go raibh a leithéid sa traidisiún Gaelach freisin. Tá sí cáiréiseach, áfach, nuair a aithníonn sí ‘nach rud

316 ACS, Uimh. 822, 27 Nollaig 1913, 3. 317 Ibid. 115

Caibidil a Trí inmholta é’ de réir nósanna na linne, ach gur glacadh lena leithéid fadó. Ní raibh dearmad déanta ag Athbheochanóirí gur chuir Robert Atkinson i leith na seanlitríochta Gaeilge gur raibh sí mígheanasach agus mí-oiriúnach mar ábhar staidéir dá réir.318 Bhí Conraitheoirí ag iarraidh íomhá mheasúil de litríocht agus de chultúr na Gaeilge a chur chun cinn, fiú má bhí gá le gnéithe graosta a chur faoi chois.319

Cultúr comhaimseartha na Fraince is cúis leis an easpa urraime a léiríonn France i leith na hEaglaise Caitlicí, de réir Ní Chinnéide, agus ní hé France amháin is ciontach:

Níl éinnidh is mó a tugtar fé ndeara i measc na bhFranncach i ngach aois ná an easbaidh urraime a shoilsigheann, ní hamháin a gcaint agus a scríbhinní , ach a ngníomhartha. […] Má bhíonn beagáinín sa bhreis de’n ghéire chainnte ag France nuair bhíonn sé ag cur síos ar an Eaglais Catoilicighe, sin rud, fóiríor, atá le rádh mar gheall ar a lán de mhuinntir a thíre. 320

Faoi mar a d’úsáid na tráchtairí thuas straitéisí éagsúla chun gnéithe áirithe de shochaí na Fraince a cheilt, deir Ní Chinnéide nach é Anatole France amháin is cúis leis an easpa creidimh ina shaothar. Ní hé an t-údar atá á cháineadh aici, mar sin, ach go mbaineann na ‘lochtanna’ a luaitear le cultúr na Fraince i gcoitinne. Scríobhadh an t-alt seo i ndiaidh cuairte a thug France ar Londain agus léiríonn Ní Chinnéide gur oth léi nár tháinig sé go hÉirinn mar ‘ní fuláir nó dhéanfadh sé maitheas dúinn aithne do chur ar fhear litridheachta go bhfuil an oiread son de dhifrigheacht idir a aigne, agus aigne na scríbhneoir [sic] nGallda is mó go mbíonn a saothar á léigheamh againn’.321 Arís anseo, tá litríocht na Fraince á cur chun tosaigh mar mhúnla do scríbhneoirí na Gaeilge. Níl aigne an scríbhneora Ghallda oiriúnach don aigne Ghaelach, agus tá sé le tuiscint go bhfuil aigne an scríbhneora Fhrancaigh níos cóngaraí dúinn, nó níos oiriúnaí.

318 Féach O’Leary, The Prose Literature of the Gaelic Revival, 223-226. 319 Cuimhnítear anseo ar iarrachtaí na Bantiarna Gregory Cuchulain of Muithemne a ‘ghlanadh’. Féach P. J. Mathews, Revival: The Abbey Theatre, Sinn Féin, the Gaelic League and the Co-operative Movement (Cork: Cork University Press, 2003), 105. 320 ACS, Uimh. 822, 27 Nollaig 1913, 3. 321 Ibid. 116

Caibidil a Trí

Ar dtús, tá cuma shimplí ar an eachtra seo. Glactar leis go bhfuil múnlaí liteartha ar fáil sa bhFraincis do scríbhneoirí nua na Gaeilge, múnlaí nach bhfuil ar fáil i dtraidisiún liteartha na Gaeilge. Leagann Ní Chinnéide agus Vanston béim ar a luachanna aeistéitice na litríochta. Is tábhachtaí leo feabhas ealaíonta an tsaothair ná luachanna morálta an údair. Tá Mac Gearailt agus Ó Gormáin in amhras faoi fhrithchléireachas agus nádúr soiniciúil scríbhneoireacht France, agus molann Ó Gormáin René Bazin mar scríbhneoir a bheadh níos oiriúnaí agus Caitliceach. Seasann Ní Chinnéide lena bhfuil ráite aici sa dara halt a scríobh sí i 1913, ach tá sí i bhfad níos cáiréisí ina trácht ar litríocht na Fraince i gcoitinne. Má bhí sí aireach tar éis conspóide 1910, níor tharraing sí rud ar bith siar. Is fíor, áfach, gur chloígh sí le scríbhneoirí a bhí ní ba ‘oiriúnaí’ nó ‘inghlactha’ sna hailt a scríobh sí sa san amach, cuir i gcás, Alphonse Daudet agus René Bazin, údair nach gcothódh aon aighneas. Díospóireacht thábhachtach ab ea eachtra Anatole France in Athbheochan na Gaeilge a léiríonn go raibh baint ag an gcléir le múnlú na nualitríochta Gaeilge. D’fhéadfaí a áiteamh gur saghas cinsireachta a bhí mar thoradh ar an eachtra seo toisc gur chloígh Ní Chinnéide agus criticeoirí eile le saothar ‘sábháilte’, neamhchonspóideach.

Pierre-Jean de Béranger agus Frithchléireachas faoi Cheilt

Foilsíodh alt ar Béranger ar an 25 Eanáir 1908 ar phríomhleathanach An Claidheamh Soluis. Ba é Liam Ua Domhnaill an t-údar, cé gur dhein sé tagairt do léacht a thug Cathaoir Ó Braonáin ar an bhfile an Chéadaoin roimhe sin, léacht nach raibh deis aige féin freastal air.322 Ach, ‘[ó] tharla gur mór an tsuim do chuireamair riamh i bhfilidheacht an fhile Fhranncaigh seo b’fhéidir nár mhiste dhúinn beagán focal a rádh mar gheall ar a shaothar agus a ré shaoghail’.323

Mhair Béranger idir 1780 agus 1857; mar sin b’iomaí athrú ar an bhFrainc a chonaic sé:

322 Is dócha gurb é seo an Domhnallach céanna a d’aistrigh dráma Duftesny, L’esprit de contradiction mar An Bhean Mhíchomhairleach, a cuireadh ar stáitse ag Oireachtas na bliana 1907. Féach Philip O’Leary, ‘Unwise and Unloveable: Translation in the Early Years of the Gaelic Revival’, Proceedings of the Harvard Celtic Colloquim, Iml. 5, 1985, 147-171. Ar fáil ag: [Rochtain: 14/04/2010]. 323 Liam Ua Domhnaill, ‘Béránger’, ACS, Iml. IX, Uimh. 46, 25 Eanáir 1908, 1-2. 117

Caibidil a Trí

Chonnaic sé agus é ar bhuaic tighe na sgoile tógáil an Bhastille. Do chorruigh an radharc soin an fhuil i n-a chuisleannaibh agus ó’n neomat soin go lá a bháis ní raibh de smaoineadh i n-a intinn acht an tslighe do b’fhearr chun muinntir na Frainnce d’fhuasgailt ó dhaor-bhruid na huaisle.324

Níor de bhunadh na n-uaisle Béranger féin agus ní raibh mórán oideachais air. Mhúin aintín leis cuspóirí na Poblachta dó agus ba uaithi a fuair sé cur amach ar an mbéaloideas. Tugann an méid seo an Piarsach chun cuimhne, óir ba óna aintín a fuair seisean eolas ar bhéaloideas na nGael. Bhí bá aige leis an gcosmhuintir, fiú nuair a bhí clú áirithe bainte amach aige: ‘Do shéan sé cuideachta na ndaoine uasal. B’fhearr leis an locht fé dhíon an tighe agus comhluadar na coitchiantachta’. 325 Moltar an úsáid a bhain Béranger as caint nádúrtha na ndaoine ina chuid filíochta, agus a shothuigthe is a bhí an friotal a d’úsáid sé: ‘Do thuig sé go ceart – rud nach dtuigeann ár bhfurmhór – nach bhfuil aon chiall le cainnt nach dtuigtear’.326 Ní i bhfoirm foilsithe ach ó bhéal go béal a scaipeadh dánta Béranger, agus bhí sé seo ag teacht leis na hidéil Phoblachtánacha ina shaothar.

Ag deireadh an ailt, molann Ua Domhnaill dá léitheoirí léacht an Athar Cathaoir a léamh in Irisleabhar na Gaedhilge an mhí dar gcionn: ‘Ní hé amháin go mbeidh cur síos ann ar cháilidheacht an fhile acht beidh aistriughadh fileadhta gus an nGaedhilg ar chuid d’amhránaibh Bhéránger’.327 Moladh misneach an fhile labhairt amach i gcoinne an rialtais, fiú agus iad sa tóir air. Gné é seo a thaitneodh le léitheoirí áirithe an Claidheamh óir is cinnte go raibh cuid acu ag labhairt amach i gcoinne rialtas na Breataine faoin mbliain 1908. Spreag filíocht Béranger an chosmhuintir chun éirí amach i gcoinne an rialtais. Bhí Béranger ina eiseamláir chrógachta acu, mar sin, agus den tsaoirse cainte. Pearsa threascrach ba ea é tráth a raibh a leithéid de shampla á lorg ag Athbheochanóirí na Gaeilge. I ndiaidh 1922, ní fhéachtaí go coitianta ar lucht frith-rialtais mar laochra a thuilleadh i ngeall ar an scoilt a thit amach tar éis an Chonartha Angla-Éireannaigh.

Is léir mar sin gurbh í polaitíocht Béranger agus a ról mar fhile a mhúscail agus a spreag an chosmhuintir ba mhó a tharraing Athbheochanóirí na Gaeilge

324 Ibid. 325 Ibid. 326 Ibid. 327 Ibid. 118

Caibidil a Trí chuige. Ach ba fhile é Béranger a labhair amach i gcoinne na cléire freisin, cé nár luaigh Liam Ua Domhnaill rud ar bith faoi fhrithchléireachas an Fhrancaigh. Dar ndóigh, ní bheadh an frithchléireachas ag teacht le híomhá na hÉireann Gaelaí mar a samhlaíodh í do lucht na hAthbheochana ag an am. Más fíor gur chuir Athbheochanóirí spéis ‘riamh i bhfilidheacht an fhile Fhranncaigh seo’ ní foláir nó go rabhadar eolasach i dtaobh a fhrithchléireachais ach gur beartaíodh an ghné áirithe seo dá chuid filíochta a chur faoi chois.

Cé nach léir ó chuntas na nAthbheochanóirí, bhí Béranger go mór chun cinn sa bhfeachtas i gcoinne na nÍosánach, faoi mar a mhíníonn Leo L. Rummel:

Under Louis Phillipe’s government the foes of the religious associations gained favor. The anti-Jesuit campaign grew stronger, and Beranger’s satirical odes, written in 1819, became so popular that the following lines were chanted even on the streets:328 Whence do you come, O black-clad men? Fox and wolf, our nature dual, Deep in the earth is found our den; Darkest of mysteries is our rule. We are the sons of Loyola.329

In aimsir Béranger, bhí nasc an-láidir idir an Eaglais Chaitliceach agus an uasaicme. Má bhí sé i gcoinne na n-uaisle, mar a thaispeáin Ua Domhnaill thuas, is beag an t- iontas go mbeadh sé ag cáineadh na cléire. Ní luaitear an frithchléireachas i measc na dtéamaí a bhí faoi chaibidil in amhráin Béranger, áfach:

Amhráin ghrádha, amhráin ag baint le beathaidh an Fhranncaigh, agus go mór-mhór le beathaidh an Pháirisigh, amhráin ag baint le poilitidheacht agus le dálaibh na tíre. [...] Agus ní mar a chéile a bhíodar na hamhráin do cheap sé sin agus na hamhráin a cheapadh na filidhe chuaidh roimis. D’oir a saothar-san don uaisleacht agus do lucht léighinn.330

328 Georges Weill, Histoire de la idée laique en France au XIXe Siècle (Paris: Librairie Alcan, 1929), 31, luaite in Leo L. Rummel, ‘The Anticlerical Program as a Disruptive Factor in the Solidarity of the Late French Republics’, The Catholic Historical Review, Iml. 34, Uimh. 1, Aibreán, 1948, 1-19. 329 ‘Les révérends pères’, Œuvres complètes de J. de Berangers, 2 vols. (Paris: Perrotin, 1856), I, 316-317, luaite in Leo L. Rummel, ‘The Anticlerical Program as a Disruptive Factor in the Solidarity of the Late French Republics’, The Catholic Historical Review, Iml. 34, Uimh. 1, Aibreán, 1948, 1- 19. 330 An tAth. Cathaoir Ó Braonáin, ‘Beránger’, Irisleabhar na Gaedhilge, Aibreán 1908, 174-179. 119

Caibidil a Trí

Mhol Ó Braonáin an bhéim a leag Béranger ar shimplíocht, ‘simplidheacht smaointe agus simplidheacht briathar’, murab ionann agus filí eile a dhein aithris ar sheanfhilí na Gréige agus na Róimhe. 331 Scríobh sé do chosmhuintir na Fraince toisc gur ‘duine as na daoine a b’eadh é’.332 Tá macalla anseo de dhíospóireacht ‘chainnt na ndaoine’ agus is léir gur bhain Ó Braonáin leo siúd a bhí i bhfábhar chaint na ndaoine mar fhriotal liteartha, seachas Gaeilge Chéitinn. Cruthaíonn Brian Ó Conchubhair gur cheadaigh teoiric Max Müller do na hAthbheochanóirí caint na ndaoine a ‘uaisliú’ agus í a úsáid mar uirlis liteartha toisc ‘nach meathlú a bhí i gceist leis an gcanúnachas ach beocht, fuinneamh agus brí na teanga’.333

Ag leanúint le cuntas ar bheatha Béranger, míníonn Ó Braonáin go raibh an file beo bocht go dtí gur scríobh sé chuig Lucien Bonaparte, deartháir an Impire, agus go bhfuair sé tacaíocht uaidh mar aon le post in ollscoil. Nuair a buadh ar Bonaparte ag Waterloo, bhí rí i réim ar an bhFrainc in athuair. Tugadh foláireamh do Béranger gan a thuilleadh dánta a chumadh ag cáineadh an teaghlaigh ríoga dá dteastódh uaidh a phost san ollscoil a choimeád. Níor éist Béranger, áfach, ach lean sé air ag ceapadh dánta a bhí géar ar an rí agus ar a lucht leanúna. Chaill sé a phost ina dhiaidh sin agus tugadh os comhair na cúirte é. Trí mhí a chaith sé sa phríosún agus gearradh pionós fiche punt air. Dá ainneoin sin, choinnigh sé air ag foilsiú leabhar i 1825 agus 1826. Cuireadh an dlí air arís agus chaith sé trí ráithe i ngéibheann. Ba sa bhliain 1833 a foilsíodh an leabhar deireanach uaidh, cé gur mhair sé fiche bliain ina dhiaidh sin, theastaigh uaidh saol suaimhneach a chaitheamh. Leo siúd ar theastaigh uathu go nglacfadh sé ról níos gníomhaí, scríobh sé:

Cuirim mo ghuidhe-se i láthair Dé Ar son mo thíre gach lá dem shaoghal, Is leogtar dom, a chairde! Ní stór ná maoin atá uaim féin, Ach rainn do shníomh ó lá go chéile Annso im chúinnín sásta.334

331 Ibid. 332 Ibid. 333 Brian Ó Conchubhair, Fin de Siècle na Gaeilge: Darwin, an Athbheochan agus Smaointeoireacht na hEorpa (Indreabhán: An Clóchomhar/Cló Iar-Chonnachta, 2009), 204. 334 An tAth. Cathaoir Ó Braonáin, ‘Beránger’, Irisleabhar na Gaedhilge, Aibreán 1908, 174-179. 120

Caibidil a Trí

Ba dhóigh le duine ón véarsa thuas gur fhear cráifeach ba ea Béranger. Is é is dóichí ná go bhfuil na líne thuas bunaithe ar véarsa ón dán ‘Mon Petit Coin:’

Je forme ainsi pour ma patri Des vœux que le ciel entend bien. Respectez donc ma rêverie : Votre monde ne me vaut rien. De mes jours filés au Parnasse Daignent les Muses prendre soin ! Mes amis, laissez-moi, de grâce, Laissez-moi dans mon petit coin.335

Cé go n-iompraíonn an leagan Gaeilge brí an bhundáin, tá roinnt difríochtaí suntasacha eatarthu, cuir i gcás an tagairt do Dhia, nach ann dó sa bhunleagan, ach ‘le ciel / an spéir’. Níor aistríodh tagairtí do ‘Parnasse’ ná do na béithe, ach an oiread, rud a cheileann an blas Clasaiceach sa leagan Gaeilge.

Faoi mar a luadh cheana, b’fhile é Béranger a bhí an-ghéar ar an gcléir, cé go míníonn Ó Braonáin an fáth a bhí leis seo go leithscéalach: ‘Ní gádh a rádh gur aor sé an rí agus a lucht leanamhna. Do dhein sé an chléir d’aoradh mar an gcéadna mar do bhí an chléir ar thaoibh an ríogh, agus níor b’fhéidir dó-san gan a bheith i gcoinnibh na cléire’.336

Ní cháineann sé Béranger as an seasamh a ghlac sé, ach cuireann sé an milleán ar chúinsí polaitíochta a linne. Admhaíonn sé sa dara chuid den léacht, go raibh gnéithe de shaothar Béranger nach dtaitneodh le Caitlicigh na hÉireann:

Is baoghlach ná raibh aon chreideamh ag Béranger. Ní hiongnadh dó an chléir do cháineadh i dtaobh poilitidheachta, acht is ’módh amhrán do cheap sé ag cáineadh an Chreidimh, agus ag steallamhagadh fé rudaíbh gur gnáth le lucht an chreidimh urraim a thabhairt dóibh.337

Sampla de seo is ea amhrán a chum sé ag magadh faoin adhradh a thugann Caitliceacha d’ iarsmaí naomh. Mar sin, ní fhéadfaí a mhaíomh go raibh Ó Braonáin

335 Pierre-Jean de Béranger, ‘Mon Petit Coin’, Chansons de Béranger (anciennes et postumes) (Paris: Perrotin, 1886), 151. 336 An tAth. Cathaoir Ó Braonáin, ‘Beránger’, Irisleabhar na Gaedhilge, Aibreán 1908, 174-179. 337 Ibid. 121

Caibidil a Trí dall ar an ngné threascrach de shaothar Béranger, cé nach dtéann sé i bhfad scéil leis ach an oiread. Níor scríobh Ó Braonáin ach cúpla líne ar fhrithChaitliceachas Béranger féin. Nuair a chuirtear san áireamh an t-aighneas a tharraing alt Ní Chinnéide ar Anatole France dhá bliain dar gcionn, is díol suntais é nár chuir aon duine i gcoinne an ailt seo. Tá dhá chúis leis sin, b’fhéidir. Ar an gcéad dul síos, ba shagart é an Braonánach. Bhí sé tar éis naoi mbliana a chaitheamh ina ollamh i gColáiste Bhréanainn i gCill Áirne nuair a foilsíodh an t-alt. Bhí udarás aige, más ea, agus b’fhéidir nár braitheadh go bhféadtaí dul ina éadan. Cúis eile ná gur bhain Béranger le saol na Fraince céad bliain roimhe sin. B’fhurasta a bheag a dhéanamh dá fhrithchléireachas toisc gur mhair sé i ré eile, murab ionann agus Zola agus Anatole France a bhí ag tacú le dí-eaglaisiú taca an ama seo. Go deimhin, is iad na cúinsí staire a úsáideann Ó Braonáin chun carachtar Béranger a chosaint.

D’aistrigh Ó Braonáin roinnt de na dánta go Gaeilge i gcomhair na léachta ach sheachain sé dánta a cháin an Eaglais Chaitliceach. Roghnaigh sé véarsaí as ‘Le Roi d’Yvetôt’, dán nár thaitin le Napoléon, deirtear, mar aon le véarsaí faoina cheird dúchais, an fhilíocht. D’aistrigh sé véarsa ó ‘Le Marquis de Carabas’ a scríobh Béranger nuair a d’fhill na huaisle ar Pháras aimsir Athghairm an Rí. Ach sna sleachta a roghnaíonn sé, seachnaíonn sé aon tagairt mhaslach don gcléir, mar a bhí sa bhundán ag Béranger. Féach, mar shampla, ‘Prêtres que nous vengeons, / Levez la dîme, et partageons’ a cháin na sagairt as deachúna a bhailiú, in áit iad a roinnt i measc an phobail. Sa tslí seo, is eagarthóireacht, nó cinsireacht, fiú, a bhí ar siúl ag Ó Braonáin sa léiriú a dhein sé ar shaothar Béranger.

Is ar phoblachtánachas, ar chomhlathas agus ar fhrithmhonarcacht Béranger a tharraing Ó Braonáin aird agus é ag aistriú a chuid véarsaí, cuir i gcás sna línte seo tógtha ón dán, ‘La République’:

Ólfaimíd sláinte an chomhfhlaithis ghrádhmhar, Go deo i n-aon láthair go mairimid; Ach is oth liom a rádh go mothuighim námh, Ar a coisíníbh bána ’seadh aithním í; ’Sí Éilís an spéirbhean atá chughainn mar ríoghan, Is ar dheiseacht ní féidir í shárughadh – Lisín, Fáilte agus céad romhat, ach slán leis an Saoirse.

122

Caibidil a Trí

Trinquons a notre république, Pour voir son destin affermi. Mais ce peuple si pacifique Déjà redoute un ennemi. C’est Lisette qui nous rappelle’ Sous les lois de la volupté? Elle veut régner, elle est belle; C'en est fait de la liberté.

Ní dhearna Ó Braonáin aon tráchtaireacht ar na tagairtí do Bhanríon Shasana, fágann sé faoin léitheoir é a léamh féin a dhéanamh air sin. Mar sin féin, is léir an teachtaireacht nach ionann monarcacht agus saoirse. Bheadh sé seo ag teacht le tuiscintí roinnt de na hAthbheochanóirí i 1908, a bhí ag lorg féinrialach, agus le tuairimíocht cuid eile acu a bhí ar thóir neamhspleáchais iomláin ón mBreatain.

Molann Ó Braonáin do scríbhneoirí na Gaeilge féachaint thar lear i gcomhair múnlaí liteartha: ‘ní rithfidh san linn mara ndéanfaimid scrúdughadh ar an litridheacht atá le fagháil cheana i dtíorthaibh iasachta’.338 Faigheann sé locht ar litríocht Shasana toisc nach n-oireann sí ‘d’anam na nGaodhal’.339 Dá n-aistreofaí ceann de dhánta móra Shasana go Gaeilge, bheadh ‘snas an Bhéarla’ ar an bhfriotal, ina thuairim. Ní hamhlaidh cás na Fraincise: ‘Is comhgaraighe go mór an Fhraincis ’ná an Béarla don Ghaedhluinn, agus is giorra gaol dúinn muintear na Fraince ná muintear Shasana’. 340 Is amhráin a chuaigh i ngleic leis an saol comhaimseartha a bhí ag teastáil ón mBraonánach agus níor leor na seanfhilí Gaelacha chuige sin, dar leis. Ba é Béranger a mhol sé mar eiseamláir d’ábhar file: ‘Má’s maith leis an tír do chur fá chomaoin, déanadh sé mar a dhein Béranger sa bhFrainnc, .i. seana-phuirt na tíre do ghlacadh chuige, nuaphuirt oireamhnacha d’aimsiughadh má’s fearr leis é, agus amhráin a raghadh leo do cheapadh’.341

Cé nár luaigh Liam Ua Domhnaill focal ar bith i dtaobh fhrithchléireachas Béranger ina alt ar An Claidheamh Soluis, thug Ó Braonáin aghaidh ar an gceist, ach níor dhein sé scéal mór as, i ndáiríre. Léiríonn an dá chur chuige seo an tslí a raibh na hAthbheochanóirí in ann gnéithe áirithe den bhFrainc a chur faoi cheilt nuair nár

338 Ibid. 339 Beidh go leor tráchta ar cad is brí le ‘hanam na nGael’ sna caibidlí romhainn. 340 An tAth. Cathaoir Ó Braonáin, ‘Beránger’, Irisleabhar na Gaedhilge, Meitheamh 1908, 242-248. 341 Ibid. 123

Caibidil a Trí oir siad don teachtaireacht a bhíodar ag iarraidh a chur chun cinn. Ní bheadh Conradh na Gaeilge ag moladh an fhrithchléireachais toisc gur eagraíocht choimeádach ar go leor slite a bhí ann agus go raibh bhí líon mór sagart ina mball den gConradh.342 Is fíor, freisin, gur éirigh idir an Conradh agus an Eaglais, mar shampla nuair a dúirt an tAthair White le muintir Árann go mba chóir dóibh labhairt leis as Béarla. 343 Tá ról na cléire san eagras tugtha chun solais ag Timothy G. MacMahon, go háirithe i gcraobhacha lasmuigh de Bhaile Átha Cliath. 344 Ní fhágann san nach raibh teannas idir an Conradh agus an Eaglais ar uairibh. Pé scéal é, shocraigh Ua Domhnaill agus Ó Braonáin an bhéim a leagan ar fhrithmhonarcacht agus ar phoblachtánachas Béranger, tuairimí a bhí ag dul i dtreis i measc Conraitheoirí timpeall an ama seo.

D’aistrigh Tórna dán gairid de chuid Béranger. Ba sa Claidheamh Soluis a foilsíodh ‘Mo chasóg’ nó ‘Mon Habit’ mar a bhí sa bhunleagan.345

A chasóg a ghrádh ná fág mé feasta Ó thárla caithte lag sinn araon, Is iomdhó san ráithe atáimse ’ot ghlanadh Níl fáidh do bfhearra ar an ngníomh sa tsaoghal. Má preabtar is dháil ag fuláireamh catha Le hais do stracfad do mhíndriuch chaol, Ar m’aithrisse is fearr an tnáthadh sheasamh – Mo chrádh ’s nár scarad leat choidhche, a laogh.

Is cuimhin go breágh lem ádhbhar aigne An lá do chaitheas ar dtúis tú, a bhréidh; Bhí suim dem cháirdibh láithreach agam Dá rádh go mairinnse tú fé shéan. Ní críoch dom cháil do thárchrut dealbh Ní fhágaid caraid dá dhruim sin mé, Bíonn fíonta is fáilte ag cách i gcead dúinne; Mo chrádh, ’s nár scarad leat choidhche, a laogh!

342 Féach Tom Garvin, ‘Priests and Patriots: Irish Separatism and Fear of the Modern, 1890-1914’, in Irish Historical Studies, Iml. 25, Uimh. 97, Bealtaine, 1986, 67-81. Ar fáil ag: [Rochtain: 28/07/2011]; agus O’Leary, The Prose Literature of the Gaelic Revival, 21-22. 343 Féach Mathews, Revival, 26. 344 Timothy G. McMahon, ‘‘All creed and all classes’? Just who made up the Gaelic League?’ in Éire- Ireland 37/3-4, Fall/Winter 2002, 118–168. 345 ACS, Iml. XV, Uimh. 16, 21 Meitheamh 1913, 1. 124

Caibidil a Trí

Balaithe bláth an ndearna a scaipe ort, Im stráice ghaige gan unsa chéill? An bhfeacathas tráth, fé tháir lucht rachmuis Do chlár ar ghasra ag súil le séad? Is treascartha támhach atá do thalamh ’S a hál de dheascaibh ribíní aeir; Ach caithise bláth ón bpáirc it bharra; Mo chrádh ’s nár scarad leat choidhthe a laogh.

Nár thagaidh ort scáth mun stáir seo tharainn Níor náir don leanbh ar mbaois araon; Dob aithnid dúinn áthas lághach is peannaid, Spás den bhfearthainn is gríos ón ngréin. Measaim gur gearr nach fuláir dam stad de Is trácht gan brat umam síos fén gcré; Nó go bhfaicfam an lá soin láimh liom fanse; Mo chrádh ’s nár scarad leat choidhche, a laogh.

Dáinín beag éadrom é seo ina labhraíonn an file lena chasóg atá ag éirí seanchaite de réir mar atá an reacaire ag dul in aois. B’fhéidir go bhféadfaí é a léamh mar scigaithris ar na dánta molta. Ach, i bhfianaise a bhfuil ar eolas againn faoi fhrithchléireachas Béranger, caithfear suntas a dhéanamh do neamhurchóid an dáin seo. Tá spraoi ag baint leis, ach ní théann sé i ngleic leis an údarás, faoi mar a dhein mórán de shaothar Béranger. Ba é seo an t-aon dán dá chuid a d’aistrigh Tórna. Tugann an cinneadh seo léiriú ar an straitéis a bhí ag na Athbheochanóirí deileáil le nithe a bhí ag teacht salach ar a dteachtaireacht, is é sin, iad a cheilt nó a chur faoi chois. Sin é an fáth gur deineadh a bheag de fhrithchléireachas Béranger in alt Uí Bhraonáin agus sin é an fáth gur roghnaíodh dánta neamhchonspóideacha i gcomhair aistriúcháin in áit dán a bhí ionadaíoch ar a shaothar.

Zola agus an ‘Littéature Brutale’

Scríbhneoir Francach nach raibh inghlactha a bheag ná a mhór i measc Athbheochanóirí na Gaeilge ba ea Émile Zola. Tá sé tugtha faoi deara ag O’Leary gur cuireadh an-spéis i Zola: ‘the activities of Zola were of particular interest to some literary Gaels’.346 Luann sé an ‘evil spectre of Zola’ a thagann chun cinn ó am go ham i ndíospóireachtaí na linne. Déanfar íomhá Zola a iniúchadh anois, faoi mar

346 O’Leary, The Prose Literature of the Gaelic Revival, 97. 125

Caibidil a Trí a léiríodh i nuachtáin agus in irisí na hAthbheochana í. Áiteofar gur sheas Zola do leagan áirithe den bhFrainc a bhí dí-eaglaisithe agus Páras-lárnach. Sa tslí seo, is slat tomhais é Zola do mheon na nAthbheochanóirí i leith na Fraince nua-aimseartha a bhí ag teacht chun cinn ag tús an chéid seo caite.

Cailleadh an t-ughdar mór úd Zola an lá cheana. Múchadh le gal é, agus é ’na leabaidh – slán mar a n-innistear é! Poll éigin a bhí ar an ngléas gail ’sa seomra a raibh sé féin, agus a bhean ‘na gcodladh ann. Sgaiptheadh an gal nimhneach amach, 7 múchadh an fear bocht. Níor marbhuigheadh ise amach is amach, agus ’sé tuairim na ndochtúire go dtiocfaidh sí slán as. Bhí Zola ar na hughdaraibh ba mhó céim ní hé amháin sa bhFrainnc acht ’san Roinn Eórpa. Iúdaigheach b’eadh é ó cheart. Deirthear gur dhroch-bhéalach an fear é mar sgríbhneóir, agus go dtug sé fuath do’n Chreideamh Chatoiliceach. 347

Fógra báis Zola atá anseo thuas a foilsíodh ar phríomhleathanach An Chlaidheamh Soluis i 1902, sa cholún rialta ‘Cúrsaidhe an tSaoghail’. Luaitear príomhimní na nAthbheochanóirí i leith Zola, is é sin, an drochmheas a léirigh sé don Eaglais Chaitliceach. Níl mórán bá le sonrú i dtaobh chúinsí a bháis, cé go n-áirítear é i measc mhórúdair na hEorpa. Is díol suntais é go raibh údar an ailt den tuairim gur Ghiúdach ab ea Zola nuair nárbh ea. Is dócha gur i ngeall ar an gcosaint a dhein Zola ar Dreyfus gur deineadh an botún seo, ach seans go raibh an frithghiúdachas mar chúis leis chomh maith.

Le linn a bheo, foilsíodh cuntais ar Zola i bhfoilseacháin eile de chuid ghluaiseacht na hAthbheochana. Fiú sna chéad eagráin de Fáinne an Lae a bunaíodh i 1898, bhí cur síos ar Zola agus é os comhair na cúirte toisc leabhal coiriúil a bheith curtha ina leith. Tuairiscíodh go raibh ‘na sluaighte mór- dtímpcheall na cúirte gach lá’ 348 Ainmníodh breitheamh an cháis agus na dlíodóirí i gcuntas ar an triail taca an ama seo. 349 I scéal eile, leagadh béim ar tháille 20,000 Franc a d’fhaigheadh Zola as léachtaí a thabhairt i Sasana Nua. 350

Go deimhin, bhí cúrsaí airgid ag lár an scéil arís, nuair a scaoileadh Zola saor:

347 Cúrsaidhe an tSaoghail, ACS, Iml. IV, Uimh. 30, 4 Deireadh Fómhair 1902, 1. 348 FAL, Iml. I, Uimh. 7, 19 Feabhra 1898, 1. 349 FAL, Iml. I, Uimh. 16, 23 Aibreán 1898, 3. 350 FAL, Iml. 1, Uimh. 14, 9 Aibreán 1898, 2. 126

Caibidil a Trí

Bhí M. Zola os comhair na mbreitheamh aríst. Saoradh é ar phonc dhlighidh, agus ní féidir a thabhairt i láthair cúirte ar bith eile ar an gcoir cheudna. Do tairgeadh dhó ocht gceud punt gach ceann dá dtéidheadh sé go dtí an tOileán Úr do thabhairt teagaisg do na poblaibh ar a eachtraibh.351

Is díol spéise iad na tagairtí seo do chúrsaí airgid toisc an meon a bhí ag Athbheochanóirí i leith airgid, sainte agus ábharachais, agus an nasc a dheineadar idir na nithe seo agus saol na cathrach. Déanfar an pointe seo a chíoradh sa chéad chaibidil eile. Baineann an suim san airgead le steiritíopa diúltach an Ghiúdaigh freisin, dar ndóigh.

Roinnt blianta tar éis a bháis, foilsíodh alt bogásach faoi leabhar Zola ar Lourdes:

Poor old Zola is very dead now, but for the purpose of attacking Lourdes his writings are still relied on […] I remember looking through Zola’s anti- Lourdes diatribes when they had the one charm of freshness. He admitted the occurrence of some miracles […] But he explained that they were mere efforts of the human will, and were in no way due to supernatural power.352

Cuireann údar an ailt i gcoinne thuairim Zola, á rá go mbeadh a fhios ag aon duine a raibh tinneas fiacla riamh air ‘the limitations of human will where bodily troubles are concerned’.353 Tugtar dúshlán Zola (nár mhair) a chruthú gur de bharr tola daonna a leigheasadh daoine ag Lourdes. Táthar ag magadh faoi sceipteachas Zola anseo agus beifear ag magadh faoin gcaoi ar theip air áit a bhaint amach san Académie Française ar ball in alt Mháire de Buitléir.

Fuarthas locht ar ‘litérature brutale’ Zola agus na Goncourts in alt ar litríocht na Fraince in The New Ireland Review. Ní raibh aon drogall ar an tráchtaire, George O’Neill, an nádúrachas a chleacht siad a cháineadh:

It is not excess of passion that excludes them from the category of true realistic art, but deficiency of selection. The publication of the contents of a note-book, the mere rehearsal of the details of objects and processes in

351 FAL, Iml. I, Uimh. 15, 16 Aibreán 1898, 3. 352 ‘Zola’s Fiction’, The Irish Rosary Iml. XII, Uimh. 10, Deireadh Fómhair 1908, 789. 353 Ibid. 127

Caibidil a Trí

themselves unbeautiful, uninteresting, or repulsive, is not art; for art is essentially selective.354

Ar nós go leor de na hAthbheochanóirí, ba bheag meas a bhí ag O’Neill ar an nádúrachas. Ní ar bhonn aeistéitice a bhí deacracht acu leis an nádúrachas, mar a bhí ag O’Neill, ach toisc gur dhírigh sé ar thaobh dorcha an chine daonna.

In alt dar teideal ‘Scríobhtar Finn-Sgéalta Dhúinn’ a foilsíodh i 1909, luann An Seabhac (Pádraig Ó Siocfhradha) Zola go sonrach mar shampla den chineál litríochta gur chóir do scríbhneoirí na Gaeilge a sheachaint.355 Léiríonn an t-alt seo cur in éadan litríocht na hEorpa agus An Seabhac ag maíomh gur leor an scéal béaloidis amháin chun an léitheoir Gaeilge a chothú. Is léir ón alt seo gur mheas An Seabhac go raibh baint mhór ag Zola le litríocht choimhthíoch na hEorpa nach raibh sé sásta a mholadh.

Níor cháin gach duine Zola agus a shaothar, ach bhí an moladh faoi cheilt ag tagairtí do shaothair eile uaireanta. Tá sampla de seo le feiscint in alt a scríobh Máire Ní Chinnéide ar Alphonse Daudet i 1913.356 Ní haon ionadh go mbeadh Ní Chinnéide níos cáiréisí tar éis na conspóide a mhúscail a halt ar Anatole France trí bliana roimhe sin. Ní raibh aon chonspóid ag baint le Daudet; scríbhneoir ba ea é a raibh glactha leis i ndioscúrsa na hAthbheochana, mar a fheicfimid i gcaibidil a ceathair. Molann Ní Chinnéide stíl sholéite, tharraingteach Daudet, ach aithníonn sí nach raibh sé ar chomhchéim le Balzac nó Zola: ‘[C]é ná raibh aige an líomhthacht chéadna scríbhneoireachta a bhí ag Balzac, nó ag Zola, nó atá ag Anatole France, d’fhág sé roinnt mhaith seod litridheachta ’na dhiaidh’.357

Go discréideach, mar sin, a mhol Ní Chinnéide Zola. Tá meas áirithe aici ar chur chuige na nádúraithe, mar a thugann sí le fios in alt eile ina luann sí Maupassant.358 Níl sí róthógtha leis an léiriú diúltach ar an saol a fhaightear go minic ina saothar siúd, áfach.

354 George O’Neill, ‘French Literature’, The New Ireland Review, Bealtaine 1898, 163-171. 355 ‘An Seabhac’, ‘Sgríobhthar Finn-Sgéalta Dhúinn’, ACS, Iml. XI, Uimh. 40, 11 Nollaig 1909, 3. 356 Máire Ní Chinnéide, ‘Alphons Daudet agus cuid dá shaothar’, ACS, Uimh. 827, 31 Eanáir 1914, 3. 357 Ibid. 358 ACS, Iml. XI, Uimh. 51, 26 Feabhra 1910, 4. 128

Caibidil a Trí

Maidir le Guy de Maupassant, baineann sé leis an dream úd ar a nglaodhann duine aca féin, Emile Zola, les Romanciers Naturalistes’. ’Sé rud a chuireann siad so rómpa ná beatha an duine do chur ós ar gcomhair díreach fé mar atá. Is maith an cuspóir é dá leantaoi dó, acht ar chuma éigin ní fheiceann furmhór an dreama so acht beatha an droch-dhuine.359

Ní bhraitear anseo go bhfuil meas rómhór ag Ní Chinnéide ar ‘an dream úd ... Les Romanciers Naturalistes’ ach caithfear a aithint nach dtapaíonn Ní Chinnéide an deis iad a cháineadh ar fad ar fad. Is maith léi cur chuige na n-úrscéalaithe – cur síos ar bheatha an duine díreach faoi mar atá sé – ach ní thaitníonn an léiriú diúltach (frith- Chaitliceach?) ar staid an duine aonair a fhaightear sa nádúrachas. Measaim gur suntasach an ní é gur luaigh sí Zola ar chor ar bith. B’fhéidir gur thuig sí go dtarraingeodh aon mholadh do Zola raic ó léitheoirí coimeádacha an Claidheamh.

Má nochtar réalachas dorcha na beatha in úrscéalta Zola, ní hionann san is a rá nach féidir teachtaireacht a fhoghlaim as, faoi mar a thaispeánann Nora Tynan O’Mahony ina halt ar ‘The Popular Novel’.

These [‘popular novels’], moreover, for the most part lack altogether the beauty of style and diction which made the works of certain French writers like Maupassant or Flaubert distinctly attractive and alluring despite their moral faults; they are wanting also in even the moral lesson to be found in most of the novels of Emile Zola, whose ‘L'Assommoir’, for instance, with all its ugly realism and coarseness of detail, forms one of the most damning indictments of the drink evil that has even been written.360

Is cosúil gur léigh Tynan O’Mahony L’Assomoir amhail is gur fabhalscéal é, a léirigh contúirt an óil. Is moladh aicídeach atá anseo óir ní dócha gur chuir Zola roimhe a leithéid d’úrscéal a scríobh. Ba é a chreid Zola agus cleas an nádúrachais ná go raibh tionchar mór ag cúinsí fiseolaíochta agus ag an timpeallacht ar an duine. Cur chuige eolaíoch a chleachtadar, mar sin, inar shamhlaigh an t-úrscéalaí é féin mar ‘eolaí’, ag breathnú go géar ar staid an duine.361

359 Ibid. 360 Nora Tynan O’Mahony, ‘The Popular Novel’, The Catholic Bulletin, Iml. I, Uimh. 1, Eanáir 1911, 43-45. 361 André Lagarde agus Laurent Michard, XIX Siècle, (Paris: Bordas, 1969), 483-484. 129

Caibidil a Trí

Moladh Zola agus intleachtóirí na Fraince as an seasamh a thógadar ar son Dreyfus in alt in The New Ireland Review a scríobh J. Mordant.362 Is léir gur ar rialtas na tíre, ar an gcumhacht mhíleata agus ar mhuintir na Fraince atá an milleán á chur aige:

The whole of the intellect of France has declared for the prisoner eating his heart out in disgraceful exile on the Devil's Island; against him there is only the corrupt Government and the autocratic, swollen military power, and, alas, the timid people – the once generous people of France. The reason of the dead-set made against justice, the reason of this crime which is called the Affaire-Dreyfus? Who can tell? Some fearful reason there must be; some day it will be known. For the present it remains a mystery – a mystery unfathomable, but still a fact, a fact and a portent of ill.363

Tá cosúlacht idir an méid seo agus an tráchtaireacht atá ag tús na caibidle ar an dearcadh a bhí in Éirinn i leith dhí-eaglaisiú na Fraince. B’fhurasta locht a fháil ar rialtas na tíre as na hathruithe a bhí ag titim amach. Ach níor luadh anseo an tráchtaireacht dhiúltach a deineadh i nuachtáin Chaitliceacha na Fraince ar Dreyfus, cuir i gcás sa nuachtán, La Croix.364

Den gcuid is mó, dhein Athbheochanóirí na Gaeilge ionnanú idir Zola agus an Fhrainc nua-aimseartha, thuata, fhrith-chléireach. Cáineadh Zola féin i ngeall ar an tslí inar chaith sé anuas ar an Eaglais Chaitliceach agus ba leor sin chun a shaothar a dhímholadh. Is beag tráchtaire a bhí sásta a shaothar a lua i dtéarmaí dearfacha agus ba mhinic a chuireadh é i gcomparáid leis an scríbhneoir Caitliceach, René Bazin.

362 J. Mordant, ‘The Zola-Dreyfus Mystery’, New Ireland Review, Bealtaine 1898, 153-162. 363 Ibid. 364 M. Deblowitz, ‘The French Press and the Dreyfus Case’, The North American Review, Iml. 169, Uimh. 525, Deireadh Fómhair 1899, 577-592. Ar fáil ag: [Rochtain : 03/03/2012]. 130

Caibidil a Trí

René Bazin vs Émile Zola

Má bhí moráltacht Anatole France agus Zola ag déanamh tinnis don gcléir in Éirinn, moladh René Bazin as ‘literary beauty’ agus ‘moral elevation’ a shaothair. 365 Cuireadh saothar ‘oiriúnach’ Bazin chun tosaigh mar chuntraphointe ar litríocht dhainséarach an nádúrachais, mar is léir ó alt Mháire de Buitléir ar Bazin:

He is regarded in France as the literary antithesis of Zola, whose talent he equals, while he uses this talent for a different end. He is a member of the French Academy, a distinction to which Zola unsuccessfully aspired.366

Is díol spéise í an chodarsnacht a dhéantar idir Zola agus Bazin. Rugadh Bazin in Angers, i réigiún Anjou, agus bhí sé ina léachtóir dlí ag an ollscoil ann. Ag an am céanna, scríobhadh sé scéalta faoi shaol na réigiún, ag léiriú na coimhlinte go minic idir luachanna traidisiúnta Caitliceacha agus easpa creidimh na cathrach. Ba de bhunadh Iodálach Zola, ach ba i bPáras a rugadh é agus b’ann a chaith sé a shaol. Bhí cur chuige ní ba eolaíche aige i leith na litríochta, d’fhéadfaí a rá, toisc go ndearna sé cur síos ar iarmhairt an dúchais, ar mheathlú na moráltachta, agus ar nádúr dorcha an chine dhaonna.

Scríobh de Buitléir alt fada ar Bazin ar The New Ireland Review sa bhliain 1909. Dhein sí cur síos ar chuairt a thug Bazin ar oifigí an Chonartha agus bhí sé an- tógtha le hobair na heagraíochta. Faoi mar a luadh cheana, bhí de Buitléir den tuairim gur Bhriotánach é Bazin cé go luann sí níos déanaí gur de bhunadh Angers é. Is é an seasamh a thógann de Buitléir i leith a shaothair ná gur scríbhneoir Caitliceach go smior é, a bhfuil sé d’aidhm aige creideamh a chomhFhrancach a neartú: ‘With the Irish-Irelander the goal in view is the regaelicisation of Ireland; with René Bazin it is the reconquest of his compatriots for religion; that is to say the section which has lost the hereditary faith’.367 Chífear i gcaibidil a cúig go raibh gá le gnéithe áirithe dá shaothar a chur faoi cheilt, an Cumannachas in Le Blé qui Lève, cuir i gcás.

365 Mary Ryan, ‘René Bazin: 1853-1932’, Studies: An Irish Quarterly Review, Iml. 21, Uimh. 84, Nollaig 1932, 627-634. 366 , ‘René Bazin and His Works’, The New Ireland Review, Eanáir 1909, 257-262. 367 Ibid. 131

Caibidil a Trí

Déanann de Buitléir tagairt do dhea-ghníomhartha Bazin, a chuid oibre le Cumann Naomh Uinseann de Pól, gur Ridire an Légion d’Honneur é, agus, mar atá luaite thuas, gur ball é den Académie Française. Cuireadh an méid seo i gcomparáid le Zola, a d’úsáid a chuid buanna ‘to another end’.

Roghnaíonn de Buitléir trí úrscéal chun feabhas scríbhneoireacht Bazin a léiriú, agus toisc go bpléitear ‘some of the most pressing French problems of the day’ iontu. Mar sin féin, cuireann La Terre qui meurt saol na tuaithe in Éirinn i gcuimhne don mBuitléarach. Tréigeann clann feirmeora a n-athair, na páistí meallta ag saol na cathrach. Dar le de Buitléir, is é Meiriceá a mheallann aos óg na hÉireann chuige, ach tá go leor cathracha móra sa bhFrainc a dhéanann amhlaidh do chleas óg na Fraince. Fanann an cailín is óige sa bhaile, agus pósann sí a grá geal gan ghabháltas.

Pléann Le Blé qui Lève cúrsaí creidimh sa bhFrainc, agua léirítear carachtar a d’fhan dílis don gcreideamh agus iad siúd a thréig é. ‘Catholic and upholder of tradition as Bazin is, he shows the mistake made by the priests holding aloof from the people’.368 Ní luaitear an Cumannachas in aon chor. Ina ionad san, díríonn sí ar an íobairt ar son an chreidimh, rud a d’aithneodh léitheoirí na hÉireann, dar léi:

Although the mise en scène is so different from an Irish setting, the idea of sacrifice underlying this man’s death, and the flower of hope springing from a grave is reminiscent of our own people, who, through the centuries, have died in order that their faith may live.369

Tugann ‘íobairt na beatha ar son na cúise’ an Piarsach chun cuimhne agus an dioscúrsa a shamhlaítear le hÉirí Amach 1916. Is dócha gurbh é an Caitliceachas a bhí i gceist aici leis an bhfocal ‘faith’, áfach. Cloíonn sí le téama an chreidimh agus í ag cur síos ar shaothar eile le Bazin; is cur síos ar phobal ban rialta a scaipeadh i ngeall ar dhlíthe Ferry atá in L’Isolée, mar shampla. Mar a bhí coitianta i measc mórán de thráchtairí na hAthbheochana, bhí de Buitléir den tuairim nach mairfeadh an t-easaontas idir rialtas na Fraince agus an Eaglais Chaitliceach:

368 Ibid. 369 Ibid. 132

Caibidil a Trí

The dispersal of some French religious communities is but an episode in history which will pass and give place to different conditions […] If Bazin had never written anything but L’Isolée he would have done a great service for literature and a still greater one for humanity.370

Cheadaigh an straitéis ‘shéanta’ seo do Chonraitheoirí áirithe litríocht na Fraince a chur chun cinn mar mhúnla measúil do litríocht na Gaeilge. Sa chaoi chéanna, leag Ní Chinneide béim ar Chaitliceachas Bazin, a chuir ‘lucht a chreidimh féin fé mar atáid ’na dhúthaigh dhílis féin, an Bhreatain Bheag’ os ár gcomhair.371 (Thugaí ‘an Bhreatain Bheag’ ar an mBriotáin’ uaireanta taca an ama seo.) Leag sí béim ar chosúlacht mhuintir na ‘Breataine Bige’ le muintir na hÉireann. Cé gur mhinic an peacach mar ábhar scéil ag Bazin, is cosúil gur mhinic a chuid carachtar á slánú ag a gcreideamh. Arís, deineadh nasc idir Bazin agus an Bhriotáin, cé nár bhain sé leis an réigiún sin.

Thug Ní Chinnéide léacht ar Bazin as Gaeilge ar an 30ú Samhain 1919 san Aberdeen Hall.372 Is dócha gurbh é sin an léacht chéanna a foilsíodh in An Branar i mí Feabhra 1920, léacht dar teideal, ‘René Bazin agus Saoghal na Tuaithe’. 373 Pléifear an t-alt seo i gcaibidil a cúig nuair a bheifear ag trácht ar an nglóiriú a deineadh ar shaol na tuaithe na linn Athbheochan na Gaeilge.

In alt ag comóradh Bazin ar a bhás, leag Mary Ryan béim ar ‘his all- penetrating Catholic faith’.374 Ar nós Mháire de Buitléara agus Athbheochanóirí eile, ba le dímheas a d’fhéach Ryan ar nádúrachas Zola:

In the eighties, French literature was in a mood of reaction from the cynical cruelty of a Maupassant, from the excesses of the baser sort of realism represented by Zola’s naturalism, from the deterministic philosophy to which Taine had lent his prestige.375

370 Ibid. 371 Máire Ní Chinnéide, ‘Anatole France: Prímh-sgéaluidhe na Frainnce indiu’, ACS, Iml. XI, Uimh. 51, 26 Feabhra 1910, 4. 372 Irish Independent, 29 Samhain 1919, 6. 373 Máire Ní Chinnéide, ‘René Bazin agus Saoghal na Tuaithe’, Branar, Iml. 1, Uimh. 5, Feabhra 1920, 186-190. 374 Mary Ryan, ‘René Bazin: 1853-1932’, Studies: An Irish Quarterly Review, Iml. 21, Uimh. 84, Nollaig 1932, 627-634. 375 Ibid. 133

Caibidil a Trí

Is díol spéise é gur i gcomhthéacs Bazin arís a luaitear Zola, amhail is go bhfuil codarsnacht nádúrtha eatarthu. I measc na scríbhneoirí a bhí mar pháirt den ‘mood of reaction’ luaigh sí Paul Bourget, scríbhneoir a d’fhill ar an gcreideamh Caitliceach agus é ag druidim le daichead bliain d’aois. D’áirigh sí leabhar Pierre Loti Pêcheur d’Islande mar chuid den ghluaiseacht chéanna, ‘not Christian, but idealist’. 376 Scríbhneoir ba ea Bazin, i dtuairim Ryan, a raibh an Caitliceachas agus an t- ídéalachas go smior ann. Bhí ‘his attachment to the tradition of the family, his interest in the inner life, his veneration for the great things in France’ le sonrú ina shaothar.

In L’Isolée taispeánann Bazin an urchóid a bhain le géarleanúint na n-ord eaglasta, agus in Un Monastère de Pierre Fourier, cosnaíonn sé neamhspleáchas spioradálta an mhúinteora thuataigh agus ceart saoirse na scoileanna reiligiúnda.377 ‘Bazin’s last novel, Magnificat, a fine climax to his work, is a picture of the highest and most heroic vocations, the most necessary to save France and the world, that of the priest’.378 Tá tábhacht nach beag á leagan ag Ryan ar Chaitliceachas na Fraince, amhail is go bhfuil todhchaí an chreidimh ag brath ar shagairt na Fraince.

Is ríléir ó thráchtaireacht Ryan anseo go raibh ról lárnach ag an gcreideamh Caitliceach i saothar Bazin, agus go raibh sé gafa le cúinsí comhaimseartha an chreidimh sin i sochaí na Fraince. Aithníonn sí, áfach, nach bhfuil a cheart faighte aige mar scríbhneoir ‘because his true rank has sometimes been obscured by his deliberate choice of the purer and more ideal aspects of human life’.379

Seans go raibh áibhéil a bhí i gceist sa léiriú deabhóideach a dhein Bazin ar mhuintir na Fraince, ach más amhlaidh a bhí, níor thug an léirmheastóir an Freeman’s Journal sin faoi deara agus é ag scríobh faoi aistriúchán Béarla ar La Douce France:

They are a religious people, and religion is in most unlooked-for places. The call to the religious life draws priests and brethren and nuns to the service of

376 Mary Ryan, ‘René Bazin: 1853-1932’, Studies, Nollaig 1932, 627-634. Eiseamláir do Thomás Ó Criomhthain ab ea Pêcheur d’Islande, féach Declan Kiberd, ‘The Blasket Autobiographies’, Irish Classics (London: Granta Books, 2000), 520-542. 377 Mary Ryan, ‘René Bazin: 1853-1932’, Studies, Nollaig 1932, 627-634. 378 Ibid. 379 Ibid. 134

Caibidil a Trí

God. [...] France is a country of resurrections. M. Bazin sees great hopes for his country. Their very misfortunes at home have brought the light to the ends of the world. The young missionaries, whether priests or nuns, go to Asia, Africa, or America.380

Tá an dóchas céanna in íomhá Bazin agus a bhí i dtráchtaireacht na nAthbheochanóirí, is é sin, go músclófar cráifeacht na bhFrancach in athuair. Is beag an t-iontas, más ea, go rabhthas chomh tógtha sin le Bazin le linn na hAthbheochana.

Is cosúil go raibh eolas ar Bazin forleathan i measc mhuintir na hÉireann le linn na hAthbheochana. Bhí saothar René Bazin á aistriú go Béarla agus go Gaeilge taca an ama seo. Foilsíodh ‘La Terre Qui Meurt’, aistrithe go Béarla, mar shraith in The Meath Chronicle i 1908/09.381 Fógraíodh san Irish Independent go raibh La Douce France aistrithe ag Mary Dougherty le cead an údair. 382 Agus sa bhliain 1956, d’fhoilsigh Oifig an tSoláthair aistriúchán Gaeilge, An Chaoin-Fhrainc le Maighréad Mic Mhaicín, rud a léiríonn an tóir leanúnach a bhí ar shaothar Bazin. Ach, ainneoin gur deineadh mórán tráchta ar shaothar Bazin in aistí critice, níor aistríodh ach trí scéal uaidh le linn na tréimhse seo atá idir chamáin, 1893-1922: ‘An Bheirt Oilithreach’, sliocht as an leabhar La Douce France a d’aistrigh Aodh de Blácam, agus ‘An Ceathramhadh fear déirce’, a d’aistrigh Mícheál Mac Connrai.383 Aistríodh an scéal ‘La boîte aux lettres’ faoi dhó, i 1921 agus i 1922. Ba é Cormac Ó Cadhlaigh a sholáthair an chéad aistriúchán a foilsíodh ar An Síoladóir agus ba í Caitlín Nic Gabhann a thug faoin scéal a aistriú an dara huair do Misneach. Gaeilge na Mumhan a bhí ag Ó Cadhlaigh agus Gaeilge Chonnacht a bhí ag Nic Gabhann agus is dócha gurbh shin é an chúis leis an dá aistriúchán.384

Scéilín soineanta is ea ‘La boîte aux lettres’ atá lonnaithe faoin tuath. Bhí seansagart i bhfeighil pharóiste San Philémon le tríocha bliain. Ní thagadh aon fhearg air nuair a d’itheadh na héanlaithe a chuid torthaí: ‘Níl ar a gcumas siúd a

380 Freeman’s Journal, 16 Lúnasa 1913, 10. 381 Meath Chronicle, 28 Samhain 1908, 1. 382 Irish Independent, 17 Lúnasa 1914. 383 The Irishman, 12 Bealtaine, 19 Bealtaine 1917; Fáinne an Lae, 3 Lúnasa 1918. 384 Féach Cormac Ó Cadhlaigh ar Ainm.ie agus Caitlín Nic Gabhann ar Ainm.ie: < http://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=443> [Rochtain: 13/07/2012]. 135

Caibidil a Trí nádúr d’athrú’, adeireadh sé, ‘dá gcuireadh a lochtaí siúd olc orm, céard mar gheall ortha seo de mhuintir mo pharóiste nach ndéanann aithrighe?’ Is léir ón méid seo gur pobal iad muintir San Fhilimín nach n-athraíonn mórán agus a choimeádann greim daingean ar a gcuid nósanna. Ní raibh mórán teagmhála acu leis an saol mór ach chomh beag: ‘Ní fhághadh muintir Shan Fhilimín níos mó leitreach ná mar scríobhaidís. Is annamh a bhíodh nídh ar bith le déanamh ag buachaill an phosta acht cupán anbhruithe a chaitheamh i dteach amháin, nó deoch d’ól i dteach eile, agus anois a’s arís, leitir ó phreasálaí, nó éileamh cánach, d’fhágáil ag feilméara éicint’.385 Bhí muintir San Fhilimín sona sásta, b’fhéidir i ngeall ar a aonraithe is a bhíodar, agus i ngeall ar áilleacht a gceantair. Bhí cosaint acu ón imní an tsaoil i ngeall ar an achar idir iad agus an saol nua-aimseartha. Is téama é seo a thiocfaidh aníos arís i gcaibidil a ceathair agus a cúig.

Fear bogchroíoch ab ea an sagart a roinn torthaí a ghairdín go flaithiúil leis an bpobal. Bhí sé an-chneasta le hainmhithe agus le héanlaithe go háirithe. Nuair a rinne finnín feoir a nead ina bhosca litreach, rinne sé cinnte de nach gcuirfí isteach air. Ag an am céanna, bhí an t-easpag ag iarraidh é a chur go paróiste eile, ach bhí air an t-aistriú a cheadú leis an rialtas ar dtús (spléachadh ar dhlíthe nua na Fraince ag an am). Sheol an t-easpag an litir, ach ní bhfuair sagart San Philémon í go ceann trí mhí, nuair a bhí na héanlaithe imithe. Dar ndóigh, bhí an sagart paróiste ródhéanach don ardú céime ach ba chuma leis, ar bhealach, mar bhí sé sona sásta san áit ina raibh sé. Níor fhill an finnín feoir ná níor tháinig litir ón easpag in athuair.

Is léir ó achoimre an scéil nach raibh rud ar bith treascrach ann. I leagan Nic Gabhann, ní luaitear go raibh ar an easpag cead a lorg ón rialtas chun sagart a cheapadh. Ní fios cad ina thaobh ar fhág sí an sonra sin ar lár, ach b’fhéidir go raibh sí ag iarraidh an scéal a shimpliú. Sa tslí sa, d’oirfeadh sé d’fhoghlaimeoirí na teanga, nó d’fhéadfaí é a shamhlú á léamh amach cois teallaigh.

Feictear téama tábhachtach eile de chuid na hAthbheochana ag teacht chun cinn sa scéal seo, is é sin, léiriú idéilithe ar an tuath. I leagan Chaitlín Nic Ghabhann, cruthaíonn sí pictiúr aoibhinn de cheantar an scéil:

385 Caitlín Nic Ghabhann, ‘Bosca na Leitreach’, Misneach, 18 Márta 1922, 13-14. 136

Caibidil a Trí

Ó theach an tsagairt síos le fánaidh go bruach na habhna, bhí páirceanna ónar éirigh, sa Samhradh, ceol na cruinne measgaithe le baladh na mbláth. Ar chúl an tigh mhóir, bhí garrdha glasraí agus ubhall-ghort, giota talmhan a bhain leis na léanta, uair. Ar an áit seo, do sgall chéad ghath do ghréin na maidne agus an gath deiridh tráthnóna. 386

Luaitear na ‘silíní aibidhe’ a chítí ann mí na Bealtaine, agus boladh láidir na ‘meiliúin’ nó na mealbhacán a d’fhaightí ‘seachtain roimh Lá Fhéile Mhuire sa bhFoghmhar’. Cheana féin, feictear an suntas a thugtar do na séasúir, rud a aithníonn Anne-Marie Thiesse a bheith mar ghné thábhachtach den litríocht réigiúnach, rud ar a dtráchtfar ar ball.387 Is spéisiúil, freisin, gur luadh Lá Fhéile Mhuire mar chuid den timthriall seo, mar ócáid lárnach sa bhféilire, é le tuiscint go mbeadh an fhéile seo á ceiliúradh ag cách. Treisíonn sé seo, freisin, leis an íomhá de phobal tuaithe, a bhí dílis don gcreideamh Caitliceach agus a raibh meas acu ar nósanna traidisiúnta. Snátha iad seo atá fite trí thuiscint na nAthbheochanóirí ar an gcultúr Gaelach, nó an dúchas mar ba mhaith leo é a shamhlú.

Roghnaíodh scéalta soineanta le scríbhneoirí neamhchonspóideacha chun íomhá den bhFrainc a chur chun cinn mar thír Chaitliceach. Bhíothas míchompordach ag lua leithéidí Anatole France nó Émile Zola toisc gur scríbhneoirí conspóideacha a bhí iontu a labhair amach i gcoinne na hEaglaise Caitlicí. Bhí cur chuige eile ag criticeoirí liteartha na hAthbheochana agus iad ag plé le scríbhneoirí na Fraince: is é sin, gnéithe nár réitigh le híomhá áirithe den bhFrainc a bhrú faoi chois. Bhí sé sin i gceist i gcás Anatole France go pointe áirithe, ach tagann sé chun cinn arís sa phlé ar shaothar Pierre-Jean de Béranger.

Críoch

Ainneoin na n-athruithe a bhí ag titim amach sa bhFrainc, bhí greim daingean á choimeád ag formhór na nAthbheochanóirí ar nóisean na Fraince Caitlicí. Léiríodh imní faoi bheartais an rialtais ach glacadh leis gur tréimhse shealadach seachas athrú

386 Ibid. 387 Anne-Marie Thiesse, ‘Le mouvement littéraire régionaliste (1900-1945)’, Ethnologie française , nouvelle serie, Iml. 18, Uimh. 3, Régionalismes, Iúil-Meán Fómhair 1988, 220-232. Ar fáil ag: [Rochtain: 19/09/2012]. 137

Caibidil a Trí buan a bhí i gceist. Ach fiú sna hailt ina léiríodh an-imní, bhí nóta dóchais le sonrú i dtaobh thodhchaí na Fraince. Samhlaíodh dóibh go raibh muintir na Fraince cosúil leo féin, is go raibh gníomhaíochtaí an stáit as alt le mianta an phobail.

B’ábhar sóláis dóibh stair ghlórmhar na Fraince Caitlicí a insint agus iad ag féachaint siar ar ré ina raibh an Fhrainc dílis don Vatacáin. Féachadh chun tosaigh freisin, go dtí an todhchaí nuair nach mbeadh na radacaigh sa rialtas is go mbeadh a háit chuí ag an Eaglais Chaitliceach i sochaí na Fraince in athuair. Chabhraigh an fhéachaint siar agus an fhéachaint chun tosaigh leo claonadh dearfach a chur ina dtuairiscí faoi imeachtaí comhaimseartha na Fraince. Cuireadh an milleán ar dhreamanna éagsúla seachas ar Chaitlicigh na Fraince, ar Shóisialaigh, ar an rialtas, ar na Máisiúin, mar shampla. I gcúrsaí litríochta, cheadaigh an straitéis shéanta seo do lucht na hAthbheochana múnlaí liteartha a lorg sa bhFrainc.

Ba í Máire Ní Chinnéide, thar aon duine eile de na hAthbheochanóirí, a thug dúshlán don ionnanú seo idir moráltacht an údair agus oiriúnacht a shaothair. Nuair a scríobh sí alt ar Anatole France, d’éirigh idir í agus an chléir toisc gur mheas beirt shagart nach raibh saothar France oiriúnach do Chaitlicigh na hÉireann. Chosain Lilla Vanston í, á rá go raibh fiúntas liteartha i saothar neamhChríostúil agus go mba chóir múnlaí liteartha a roghnú ar fheabhas an tsaothair, seachas ar chreideamh ar údair. Díospóireacht thábhachtach a bhí ann inar léiríodh an teannas idir luachanna aeistéitice agus luachanna morálta an údair i measc Conraitheoirí. Faoi mar a scríobh O’Leary, ‘the aesthetic was to be consistently subordinated to the mundane and the ideological throughout, indeed well past, the early years of the Revival’.388 Nuair a d’fhoilsigh Ní Chinnéide alt eile ar France trí bliana ní ba dhéanaí, bhí sí i bhfad níos cáiréisí ina hanailís agus ina moladh. Bhí sé le brath go ndeachaigh an t- ionsaí a deineadh uirthi i 1910 i bhfeidhm uirthi go pointe áirithe, cé gur shocraigh sí ar alt eile a scríobh mar gheall air. Is é an trua é gur múchadh an díospóireacht seo ar leathanaigh An Claidheamh Soluis agus nár leanadh léi ar aon ardán eile. Is gá a mheabhrú nár cháin sí riamh Zola, ach do chuir i gcomparáid é le Maupassant, scríbhneoir a raibh an-tóir go deo ag na hAthbheochanóirí air, mar is léir ón iliomad

388 O’Leary, The Prose Literature of the Gaelic Revival, 32. 138

Caibidil a Trí aistriúchán a deineadh ar a shaothar.389 Tá sé le brath go mb’fhéidir go mbeadh sí tar éis dul i ngleic le scríbhneoirí níos dúshlánaí murach gur tharraing a halt ar Anatole France an oiread conspóide. Míníonn Tom Garvin gur bhain a lán de na hAthbheochanóirí seo le cruinneshamhail Chaitliceach i ngeall ar an tógaint a fuaireadar. Sa chomhthéacs seo, ní haon ionadh go raibh greim docht ag an gcléir Chaitliceach ar chultúr na tíre sa tréimhse 1890-1914:

[T]he young men and women who were to lead the separatist movement were children of their time […] They tended to think moralistically rather than scientifically; their social thought was derived from ethics rather than from politics or economics. The culture from which they came was dominated by a Catholic world-view, and their real intellectual mentors were the priests of the Catholic Church.390

Cor cinniúnach san Athbheochan a bhí sa díospóireacht faoi Anatole France go bhféadfaí a léamh mar fháthscéal ar an ngreim a bhí le fáisceadh ag an Eaglais Chaitliceach ar chultúr na hÉireann as sin amach.

Nochtadh tuilleadh fianaise sa chaibidil seo ar chur amach na nAthbheochanóirí ar litríocht na Fraince. Tugadh cuntas ar na straitéisí athchóirithe ab éigean a chur i bhfeidhm chun go mbeadh an Fhrainc agus litríocht na Fraince ag teacht lena dtuiscint féin agus le tuiscint a gcuid léitheoirí ar an rud a bhí inmhianaithe mar eiseamláir don Éirinn Ghaelach a bhí á cruthú acu. Bhí tréaniarracht ag teastáil don eagarthóireacht seo, agus uaireanta braitear míshuaimhneas áirithe ag brúchtaíl aníos, i gcás fhrithchléireachas Béranger, mar shampla, rud nach bhféadfaidís a cheilt go hiomlán. Diúltaíodh do shaothar Zola i ngeall ar thuairimí an údair i leith an Chaitliceachais agus ar a léiriú nádúrach ar an gcine daonna. Moladh saothar René Bazin toisc gur scríbhneoir Caitliceach ab ea é, agus gur bhain mórán dá scríbhinní le saol na tuaithe, dhá rud a bhí ag teacht leis an bhfís a bhí ag na hAthbheochanóirí do litríocht na Gaeilge. Moladh a shaothar siúd toisc gur sholáthair sé cruinneshamhail Chaitliceach ina chuid scéalta, murab ionann

389 Aistríodh sé leagan de scéalta Maupassant idir 1917 agus 1922 de réir Risteárd de Hae, Clár Litridheacht na Nua-Ghaedhilge, 1850-1936, 3 Imleabhair (Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair, 1938-40). 390 Tom Garvin, ‘Priests and Patriots: Irish Separatism and Fear of the Modern, 1890-1914’, in Irish Historical Studies, Iml. 25, Uimh. 97, Bealtaine, 1986, 67-81. Ar fáil ag: [Rochtain: 28/07/2011]. 139

Caibidil a Trí agus Zola. Bhain Zola le cultúr saolta na cathrach, agus beidh tábhacht faoi leith leis an déscaradh idir tuath agus cathair amach ar ball. Chonacthas freisin gur díríodh ar an mBriotáin i ngeall ar a dílseacht don gcreideamh Caitliceach agus don teanga dhúchais, agus gur múnla sásúil a bhí sa réigiún sin. Cheana féin, mar sin, tá deighilt ag teacht aníos sa dioscúrsa idir an Caitliceachas agus an dí-eaglaiseachas, idir an tuath agus an chathair, idir Bazin agus Zola. Déanfar an deighilt idir an tImeall agus an Lár a iniúchadh, agus an teannas a bhrúchtann aníos dá barr sa chéad chaibidil eile.

140

Caibidil a Ceathair

CAIBIDIL A CEATHAIR

An tImeall agus an Lár:

Tóraíocht ‘anam’ na tíre

Réamhrá

Sa chaibidil seo, pléifear an tslí inar láimhsigh Athbheochanóirí an caidreamh idir an tImeall agus an Lár, agus conas mar a shamhlaíodar an dá choincheap i gcomhthéacs na Fraince. Tagann an tImeall agus an Lár aníos go mór i léann an iarchoilíneachais, téarmaí a úsáideann Edward Said chun cur síos a dhéanamh ar an gcóras a tháinig i réim sa domhan coilíneach agus iarchoilíneach. De réir na tuisceana seo, ‘the colonizing center is home to science, order, and modernity, while the colonized periphery harbors superstition, chaos, and backwardness’.391 Is déscaradh néata é seo ar ghá múnlú agus cinsireacht chun é a chothú. Dar ndóigh, tá deacrachtaí ag baint lena leithéid de dhéscaradh toisc nach téarmaí seasmhacha iad an tImeall agus an Lár; athraíonn siad de réir an dioscúrsa. Téarmaí sleamhaina iad ‘cosmopolitan’, ‘Eorpachas’, ‘lárú’, ‘cine’, ‘pobal’, agus ‘náisiún’ freisin, agus bhain daoine éagsúla bríonna difriúla as na téarmaí seo le linn na hAthbheochana. Ar bhonn teangeolaíoch, tá an tImeall agus an Lár in Éirinn faoi riocht na Gaeilge agus an Bhéarla, rud a chruthaíonn an ‘linguistic drama’ a d’aithin Albert Memmi agus é ag trácht ar an dátheangachas coilíneach.392 Tá scoláirí eile, Séamus Deane agus Joep Leerssen ina measc, tar éis teoiric Said a chur i bhfeidhm ar Éirinn, ag tarraingt as saothar Ernest Renan agus Mathew Arnold faoin gCeilteachas.393 Bhí tábhacht nach beag le Arnold chun an t-idirdhealú idir Éire (an tImeall) agus Sasana (an Lár) a dheimhniú, dar le Deane. 394 Mhair gnéithe áirithe den gCeilteachas isteach san fhichiú haois, nóisean an fhrithábharachais, agus braistint áite is pobail ina measc, a

391 Annedith M. Schneider in John C. Hawley (eag.), Encyclopedia of Postcolonial Studies (Westport: Greenwood, 2001), 85. 392 ‘Colonial bilingualism is neither a purely bilingual situation in which an indigenous tongue coexists with a purist’s language (both belonging to the same world of feeling), nor a simple polyglot richness benefiting from an extra but relatively neuter alphabet; it is a linguistic drama’. Albert Memmi, The Colonizer and the Colonized (London: Earthscan Publications, 1973/2003), 151-152. 393 Seamus Deane, Celtic Revivals: Essays in Modern Irish Literature 1880 -1980 (London: Faber and Faber, 1985); Joep Leerssen, ‘Celticism’, in Terence Brown, (eag.), Celticism (Amsterdam: Rodopi, 1996), 1-20. 394 Deane, Celtic Revivals, 22. 141

Caibidil a Ceathair samhlaíodh le hÉirinn ídéalach an Imill. Samhlaíodh na luachanna seo le ‘hanam’ na Fraince freisin, agus tá tóraíocht le sonrú in Éirinn agus sa bhFrainc le linn na tréimhse seo d’áit faoi leith a sheasfadh d’anam na tíre. De réir a chéile, aithníodh gurbh iad réigiúin na Fraince agus Iarthar na hÉireann ab fhearr a d’fhreagair d’anam a dtíre.

[T]he rural, and especially the rural West, is associated with what is most distinctive about Irish life and identity – its sense of place, community, kinship and mutual aid. The community orientated anti-materialism, allegedly found in this type of setting, is typically contrasted with the urban, materialistic individualism found in Dublin, Britain and North America.395

Is ag déanamh cur síos ar bharrshamhail thuaithe Chaitliceach a bhí Liam O’Dowd sa sliocht thuas, idéal a cuireadh chun cinn in Éirinn ó na 1920idí go dtí na 1960aidí, ina thuairim siúd. Is féidir fréamhacha na barrshamhla seo a rianú siar go dtí cruthú an Cheiltigh, ach is éard a bheidh á áiteamh anseo ná gur tháinig borradh ar an mbarrshamhail chéanna in aimsir na hAthbheochana, a neartaíodh trí an Lár (an Bhreatain) a lochtú. Taispeánfar gur shamhlaigh na hAthbheochanóirí na dea- thréithe úd, an frithábharachas, braistint áite is pobail, le réigiúin na Fraince freisin. Bheifí ag súil, mar sin, go mbeidís dian ar Pháras, óir b’ann a bhí Lár na Fraince. Ach, ar feadh tamaill, féachadh ar Pháras mar ‘Lár Caoin’, i ngeall ar an taithí a bhí ag Conraitheoirí ar Pháras, b’fhéidir, nó toisc gur sheas sé do chultúr sofaistiúil na Fraince. Ní miste a rá arís gur trí mheán na Fraince agus na Fraincise a tháinig a lán d’eolas na nAthbheochanóirí ar chúrsaí na hEorpa. Ba as Páras a tháinig mórán de na nuachtáin ar thagair siad dóibh, agus, dá bhrí sin, bhí claonadh Párasach iontu.396 Bhí Páras á chur chun tosaigh agus á mhúnlú mar ardchathair na Fraince – agus iarrachtaí ar siúl nósanna agus teanga Pháras a bhrú ar réigiúin na Fraince.397 Ag an am céanna, bhí Athbheochanóirí na Gaeilge ag iarraidh féiniúlacht na hÉireann a

395 Liam O’Dowd, ‘Town and Country in Irish Ideology’, The Canadian Journal of Irish Studies, Iml. 13, Uimh. 2, Special Interdisciplinary Number, Nollaig 1987, 43-53. Ar fáil ag: [Rochtain: 20/06/2012]. 396 Féach, mar shampla, na tuairiscí Frith-Ghearmánacha: Mícheál Breathnach, ‘An Rúise agus na Pólaigh’, agus ‘An Ghearmáin agus na Pólaigh’, Iml. XIII, Uimh. 44, 6 Eanáir 1912, 3; ACS, Iml. IX, Uimh. 42, 28 Nollaig 1907. 4; ‘Páistí na Pólaine’, ACS, Iml. VIII, Uimh. 33, 27 Deireadh Fómhair 1906, 4. Pléifear an tráchtaireacht seo faoin gceannteideal ‘An Eoraip’. 397 Féach Eugen Weber, Peasants into Frenchmen: The Modernization of Rural France, 1870-1914 (London: Chatto and Windus, 1977); agus Herman Lebovics, True France: The Wars over Cultural Identity, 1900-1945 (Ithaca: Cornell University Press, 1992). 142

Caibidil a Ceathair fhorbairt, agus idirdhealú a dhéanamh idir Éire agus an Bhreatain/Londain. Sa tslí seo, d’fhéadfaí a áiteamh go raibh aidhm na nAthbheochanóirí, is é sin cearta an Imill á n-éileamh, ag teacht salach ar chonstruáil na Fraince, a bhí ag iarraidh aontú faoi chumhacht lárnach na príomhchathrach.

Léireofar sa chaibidil seo agus sa chéad chaibidil eile gur tháinig athrú ar an dearcadh a bhí ag Athbheochanóirí i leith Pháras, agus gur dhíríodar níos mó ar na réigiúin de réir a chéile, an Bhriotáin, go háirithe. I gcás Provence, ní raibh frithlárú polaitiúil neamhbhalbh i gceist, ach frithlárú cultúrtha. Bhíodar sásta láthair chultúrtha eile a sholáthar dá réigiún féin, rud nár tháinig salach ar ‘Lár Caoin’ Pháras. Bhí trácht ar an Alsáis-Lorráin freisin, dá theirce é, agus ar an scríbhneoir Maurice Barrès. Bhí seisean ag maíomh gur sna réigiúin a bhí anam na Fraince, seachas i bPáras. Go deimhin, in Éirinn agus sa bhFrainc, bhí béim níos mó á leagan ar na réigiúin thuaithe mar ‘anam’ na tíre. D’eascair sé seo as an nasc a deineadh idir cúrsaí spioradálta agus neamhshuim in airgead, agus an smaoineamh gurbh ionann fad ón Lár agus frithábharachas. Is éard a bheidh á áiteamh anseo ná gur lorg na hAthbheochanóirí múnlaí liteartha i litríocht na Fraince, ach gurbh é a chruthaíodar ná múnlaí den bhFrainc a thacaigh lena bhfís féin d’Éirinn. Chuige seo, chonaiceadar cosúlachtaí idir réigiúin áirithe sa bhFrainc agus cás na hÉireann nó cás na Gaeilge: teanga faoi chois, cultúr faoi chois, creideamh faoi chois. Ba í an Fhrainc 'réigiúnach’, nó thuaithe, ab fhearr a d'fhreastail ar riachtanais na nAthbheochanóirí maidir leis an bhfís a bhí acu féin d’Éirinn. Bheifí ag súil le teannas sa léiriú ar Pháras Caoin, agus brúdh contrárthachtaí faoi chois go dtí thart ar 1913. Ina dhiaidh sin, casadh i dtreo na réigiún, rud a léiríonn gur admhaíodar an míshuaimhneas a bhain le construáil ‘chaoin’ Pháras, agus go rabhadar, ar deireadh thiar, dílis dá bhfís féin.

Bíonn sé doiléir uaireanta a dhéanamh amach cé acu lena mbaineann na Conraitheoirí – leis an Lár, nó leis an Imeall. An amhlaidh a bhíodar ag iarraidh an tImeall a lárú? Bhí ceist na haicme ag brú aníos go ciúin le linn na ndíospóireachtaí seo, agus braitear go raibh uasal le híseal á dhéanamh ag Athbheochanóirí ar an gcosmhuintir. Tagann sé seo i gceist i gcaibidil a cúig go háirithe, ach tá sé le feiscint san ionramháil ar an Imeall agus an Lár a dhéantar in Éirinn agus sa bhFrainc. Mar shampla, b’iondúil go raibh oideachas ar cheannairí na ngluaiseachtaí 143

Caibidil a Ceathair teanga, rud a d’fhág bearna idir iad agus na daoine ar an Imeall a bhí á moladh acu. Aithníonn Edward Said an méid a dhein Yeats ‘to help create a sense of restored community’ mar chuid den tionscnamh náisiúnaíoch, agus déanann sé idirdhealú idir an grúpa fear agus ban a bhí i gcroílár na gluaiseachta agus ‘the rural and urban masses who were briefly and organically part of the nationalist project’. 398 B’amhlaidh a bhí i gcás Athbheochanóirí na Gaeilge agus gluaiseacht réigiúnach na Fraince – nó le régionalisme. Go deimhin bhí mórán de na luachanna céanna ag gluaiseacht na Gaeilge agus ag Félibrige Provence mar a léireofar ar ball.

Comhbhá leis an Imeall: Tráchtaireacht ar an Eoraip i ndioscúrsa na hAthbheochana

Cé gurb í an Fhrainc is ábhar don taighde seo, is fiú féachaint ar an Eoraip ar dtús chun an bealach a réiteach agus chun tuiscint níos leithne a fháil faoin ngaol a bhí ag Athbheochanóirí leis an Imeall agus an Lár, i gcás Impireachtaí agus náisiúin bheaga na mór-roinne. I ndíospóireachtaí na hAthbheochana, ní hionann an tImeall sa tráchtaireacht ar an Eoraip agus an tImeall a thagraíonn don bhFrainc. Agus iad ag trácht ar an Eoraip, is éard a bhí i gceist leis an Lár ná mórchumhachtaí na hEorpa: an Bhreatain, an Ghearmáin, an Rúis. Is éard is brí leis an Imeall sa chás seo ná na mionchultúir, mionteangacha agus náisiúin bheaga na hEorpa, a bhí go minic ina ‘n- íochtaráin’ nó faoi chois ag mórchumhacht. Ní in Éirinn ná sa bhFrainc amháin a bhí cearta na mionchultúr á n-éileamh. Tuairim choitianta san Eoraip i gcoitinne taca an ama seo is ea go raibh lá na náisiún beag tagtha, agus, i ngeall air sin, ní miste léargas ginearálta a thabhairt ar chúrsaí na hEorpa ag an am, faoi mar a tuairiscíodh sna nuachtáin in Éirinn iad. Tabharfar faoi deara gur tugadh tacaíocht do na náisiúin bheaga a samhlaíodh a bheith i gcoinne na nImpireachtaí.

Má bhí lá na náisiún beag tagtha, d’fhéadfadh Éire a háit chuí a ghlacadh san Eoraip. ‘L’Irlande reprend sa place en Europe’ ab ea na focail a d’úsáid M. Joann Morvran i sraith alt ar chúrsaí na hÉireann ar L’Eclair.

398 Edward W. Said, Culture and Imperialism (London: Vintage, 1994), 319. 144

Caibidil a Ceathair

We have just received a copy of L’Eclair containing the first of M. [Joann] Morvran's special articles on the Irish situation. In the series of movements which has its apex in the language movement M. Morvran sees ‘the re- awakening of a nation’; and he sums up his impression of the situation in the notable phrase, ‘Ireland is resuming her place in Europe: (l’Irlande reprend sa place en Europe’). It is significant to find this keen French observer thus re-echoing a thought which has more than once found expression in our own columns: Ireland English-thinking and English-speaking is hopelessly cut off from the world of European thought; Ireland Irish-thinking and Irish- speaking will ‘resume her place in Europe’.399

Bhí athbhunú na nascanna a bhí idir Éire agus an Eoraip mar aidhm ag gluaiseacht na Gaeilge, mar aon le hathGhaelú na tíre. D’úsáid Máire de Buitléir an frása céanna as Fraincis agus í ag scríobh ar thaispeántas tionsclaíoch an Oireachtais sa bhliain 1904:

‘L’Irlande reprend sa place en Europe’ remarked a French observer of the Irish revival […] Ireland is resuming her place in Europe and in the entire civilised world. This is one of the results of the ‘retrograde’ Gaelic League which our friends the enemy warned us was ‘to put back the hands of the clock’, and ‘cut us off from all modern thought and progress.400

Tá freagra á thabhairt ag de Buitléir anseo ar lucht cáinte an Chonartha a cheap gur ghluaiseacht ar gcúl a bhí san eagraíocht, ar mhó a spéis san aimsir chaite ná sa bhforbairt agus i ndul chun cinn eacnamaíochta. Is léir ón bhfreagra seo gur creideadh, nó go mbítí ag cur i leith an Chonartha, gur eagraíocht chúlchéimnitheach a bhí inti. Cinneadh lánchomhfhiosach a bhí i mbréagnú na claontuairime seo a bhí ag lucht an Impiriúlachais agus an Láir. Luaigh Declan Kiberd an tuairim a bhí ag Synge i dtaobh Conraitheoirí áirithe ‘with their eyes glued on John Bull’s navel, fear to be Europeans for fear the huckster across the street would call them English’.401

399 ‘Resuming Our Place in Europe’, ACS, Iml. 5, Uimh. 45, 16 Eanáir 1904, 5. 400 Máire de Buitléir, ‘The Oireachtas Industrial Exhibition’, ACS, Iml. VI, Uimh. 24, 20 Lúnasa 1904, 7. 401 Alan Price, (eag.), J. M. Synge Prose (London: Oxford University Press, 1966), 400, luaite in Declan Kiberd, Inventing Ireland: The Literature of the Modern Nation (London: Vintage, 1996), 162. 145

Caibidil a Ceathair

Bréagnaíonn tráchtaire eile a leithéid de thuairim san Irish Review i 1913. I litir chuig an Eagarthóir, deir ‘Séchilienne:’402

If the Gaelic movement means anything, it means the claim, as arrogant as you please, of the Gael for his place in the sun of European culture. This is the day of small nations. The big nations are dividing up each into spiritually autonomous regions.403

Tá tuiscint á nochtadh anseo go raibh spiorad faoi leith sna réigiúin a bhí á shlogadh, nó á mhúchadh, i gcomhthéacs náisiúin mhóir. Tá nasc láidir idé-eolaíoch ann, mar sin, idir gluaiseacht na Gaeilge le linn na hAthbheochana agus teacht chun cinn na náisiún beag san Eoraip. Bhí daoine áirithe i gConradh na Gaeilge nár spéis leo an Eoraip puinn agus a mheas gur leor an traidisiún Gaelach chun cultúr dúchasach na hÉireann a athbheochan. ‘Dúchasóirí’ a thugann O’Leary orthu siúd, agus is minic a d’éirigh idir na ‘Dúchasóirí’ agus na ‘Forásóirí’ a d’fhéach chun na hEorpa. Ina measc siúd a cheap gurbh fhearr cloí leis an gcultúr dúchais, bhí an tAthair Ó Duinnín, An Seabhac, agus an tAthair Peadar Ó Laoghaire.

Áiríonn O’Leary Pádraig Mac Piarais i measc na bhForásóirí agus, go deimhin, le linn ré an Phiarsaigh mar eagarthóir, ba mhinic tuairiscí ó nuachtáin idirnáisiúnta, go háirithe ón bhFrainc. Aithníonn Regina Uí Chollatáin an ‘[t]sáriarracht ó thús a thréimhse eagarthóireachta ar aghaidh, tuairimíocht agus cúrsaí idirnáisiúnta a chur os comhair lucht léitheoireachta An Claidheamh Soluis’.404 Is léir gur mheas an Piarsach gur caidreamh idirghníomhach a bhí idir Éire agus an Eoraip, agus go mba chóir go mbeadh léitheoirí in Éirinn eolach ar chúrsaí na hEorpa.

Tá na scéalta a roghnaíodh ó nuachtáin idirnáisiúnta do léitheoirí an Claidheamh an-tábhachtach chun dioscúrsa na hAthbheochana a thuiscint. Tóg, mar shampla, an píosa seo a leanas faoi pháistí scoile sa Pholainn, a fuarthas i nuachtán Phárais:

402 Sráidbhaile sa bhFrainc i gceantar Rhône-Alpes is ea is brí le ‘‘Séchilienne’’. Is dócha go raibh cur amach ag an scríbhneoir ar an áit toisc é a bheith in úsáid aige/aici mar ainm cleite. 403 ‘Séchilienne’, ‘The Gaelic Movement and European Culture’, The Irish Review, Eanáir 1913, 615- 616. 404 Regina Uí Chollatáin, An Claidheamh Soluis agus Fáinne an Lae, 1899-1932 (Baile Átha Cliath: Cois Life Teo., 2004), 94-95. 146

Caibidil a Ceathair

Chímid i bpáipéar do seoladh chugainn ó Pháras na Frainnce cur síos ar imtheachtaibh na hAlmáineach i bPóren, .i. an giota do’n Phólain atá greamuighthe do’n Almáin. Tá riaghaltas an Chaiser a d’iarraidh an Almáinis do chur ar bun ’sna scoileannaibh i n-ionad teangadh na tíre. Ní go ró-mhaith atá an iarracht so ag éirighe leo, 7 munab eadh, is do na páistíbh atá tús molta 7 tús onóra ag dul. Tá na páistí ag diúltadh go dána do’n Almáinis do labhairt. Buailtear iad; gabhtar ionnta de shlataibh 7 de lasgaibh; [...] Buadhfaidh an Ceart ar an Neart san deireadh, mar bhuadhann i gcomhnaidhe acht cosantóirí an Chirt do bheith ‘dílis ’gus dúr’.405

Tá rian láidir d’idéalachas an Phiarsaigh le brath nuair a thráchtann sé ar an ‘gCeart’ agus an ‘Neart’. Is ionann an Ceart agus an té atá thíos, agus is ionann an ‘Neart’ agus an chumhacht impiriúil sa chás seo. Is léamh simplí, déscartha é ar staid na Polainne agus is minic a leithéid de sheanmóireacht ar An Claidheamh Soluis. Ní haon ionadh nach n-aontaíonn sé le seasamh rialtas an Kaiser a chuir iachall ar pháistí Póren an Ghearmáinis a labhairt. Chuirfeadh an scéal seo na scoileanna Gaeltachta i gcuimhne do léitheoirí, a raibh an Béarla amháin riachtanach iontu go dtí an bhliain 1904. 406 Níl aon dabht ach go mbeadh gluaiseacht na Gaeilge i gcoitinne báúil leis an dream ‘imeallach’ sa chás seo, go mbeidís ag tacú le frithbheartaíocht na bpáistí i bPóren, agus go mbeidís ag iarraidh meon treascartha a chothú in Éirinn. Ba é rialtas an Kaiser an namhaid sa scéal seo, agus b’iondúil gur ghlac Impireacht nó mórchumhacht an ról sin i ndioscúrsa na hAthbheochana.407

In alt tábhachtach sa Claidheamh Soluis dar teideal ‘The Philosophy of Language’ déanann scríbhneoir gan ainm trácht ar an tuiscint a bhí aige ar impireacht:

An empire, as a group of nationalities banded together for mutual protection, might be a blessing, but the idea has seldom been understood that way. In practice it has come to mean the rooting up of a number of races and the forcing of them to become assimilated to a strong central and dominant people. That means the destruction, not only of the weaker races, but of so many possibilities of future progress. A language enforced from above is a sure guarantee of speedy decay. It may be a useful means of communication

405 ‘Páistí na Pólaine’, ACS, Iml. VIII, Uimh. 33, 27 Deireadh Fómhair 1906, 4. 406 Séamas Ó Buallacha, (eag.), A Significant Irish Educationalist: The Educational Writings of P. H. Pearse (Cork: The Mercier Press, 1980), xxiii. 407 A thuilleadh samplaí den mheon seo i leith an Láir ar fáil in ailt Mhíchíl Bhreathnaigh, .i. ‘An Rúise agus na Pólaigh’, agus ‘An Ghearmáin agus na Pólaigh’, ACS, Iml. XIII, Uimh. 44, 6 Eanáir 1912, 3 147

Caibidil a Ceathair

or the exchange of ideas, but it can never be that which gives language its peculiar value: the expression of the sub-conscious thought of a race. A people treated in this way will inevitably become artificial and unreal, and will have been cut out from the possibility of ever entering into that promised land towards which the whole of humanity is striving.408

Fórsa díobhálach is ea teanga na himpireachta, de réir an údair seo, a bhrostaíonn meath na teanga dúchais. Tabhair faoi deara tréine na mothúchán san alt. Cuirtear teoiric chun tosaigh ann gur tríd an teanga dhúchais a chuireann cine friotal ar an bhfochoinsias agus nach mbeidh puinn ratha ar aon chine má ligtear do chumhacht impiriúil a dteanga dhúchais a bhrú faoi chois. Tá a leithéid chéanna le sonrú i ndioscúrsa Provence, mar a fheicfear ar ball, agus sa tráchtaireacht ar an mBriotáin. Is suimiúil an méid seo a léamh i gcomhthéacs thaighde Bhriain Uí Chonchubhair agus na dteoiricí a chuireann sé chun cinn i dtaobh an mheathlaithe.409 Chreidtí sa Bhreatain go raibh cine na Breataine ag dul in éag toisc meascadh agus truailliú an chine trí í a mheascadh le cultúir eile. Cuireadh an tuairim chéanna chun cinn i dtaobh cúrsaí teanga in Éirinn, gur chomhartha laige a bhí i meascadh an Bhéarla leis an nGaeilge. Mar a deir Ó Conchubhair:

Dá meascfaí fuil dhá chine le chéile, cén toradh a bheadh air? Is ceist í seo atá rílárnach d’aon phlé tuisceanach luaíochta ar dhioscúrsa na hAthbheochana Gaeilge mar is sine qua non é d’idéolaíocht na nAthbheochanóirí maidir leis an mBéarlachas agus le forbairt na teanga.410

B’as an imní seo i dtaobh ‘íonghlaine’ na teanga a d’eascair an íomhá bheannaithe de mhuintir na tuaithe, a raibh Provence agus an Bhriotáin, go háirithe, ina n n- eiseamláirí.

Is iomaí alt a scríobhadh ag gearán faoi thionchar an Bhéarla sa Ghaeilge. Ag freagairt na ngearán úd a bhí ‘Fear na Cathrach’ nuair a dúirt sé an méid seo i dtaobh na n-athruithe a bhí ag tarlú i dteanga na Gaeilge:

[N]í béarlachas an chuid is mó de ar chor ar bith, acht EORPACHAS. Teanga Eorapdha is éadh an Ghaedhilg agus is Eorpaigh lucht a labhartha.

408 ACS, Iml. VIII, Uimh. 41, 22 Nollaig 1906, 8. 409 Brian Ó Conchubhair, Fin de Siècle na Gaeilge: Darwin, an Athbheochan agus Smaointeoireacht na hEorpa (Indreabhán: An Clóchomhar/Cló Iar-Chonnachta, 2009). 410 Ibid., 80. 148

Caibidil a Ceathair

Cuimhnighmís air sin. Má bhíomar riamh sgartha le náisiúnaibh eile na hEorpa san am do chuaidh thorainn, ní mar sin dúinn anois ar aon chuma. Ní féidir linn bheith sgartha leo feasta agus níor mhaith linn é dá mb’fhéidir. 411

Dar le ‘Fear na Cathrach’, b’ionann athruithe sa teanga agus comhartha bisiúil gur theanga bheo, Eorpach a bhí sa Ghaeilge. Níl aon dabht ach gur cheap sé gur rud dearfach ab ea an Eorpachas agus go mba chóir do ghluaiseacht na Gaeilge iarracht a dhéanamh nasca leis an Eoraip a chothú. Foinse teannais a bhí i gceist leis an Eorpachas, mar b’fhacthas do dhaoine áirithe gur ghá an cultúr dúchais a chosaint, seachas a bheith ag sodar i ndiaidh na nEorpach. Bhí daoine eile a bhí an- chompordach á samhlú féin mar Eorpaigh, ‘Fear na Cathrach’ agus Máire Ní Chinnéide, cuir i gcás.

D’fhéachtaí ar sholaoidí ó áiteanna imeallaithe san Eoraip chun Gaeilgeoirí a ghríosú agus a chumasú. Sa sliocht seo a leanas faoi nuachtán Romonsch, leagtar béim ar ról na cosmhuintire maidir le tacaíocht a thabhairt do nuachtáin sa teanga dhúchais. Is díol suntais a laghad cainteoirí a bhí ag an teanga agus na cearta agus na háiseanna a bhí bainte amach acu.

We have before us a copy of ‘Gasetta Romontscha’, one of the three weekly newspapers published in Romonsch [sic]. Romonsch [sic] is a Latin language spoken in a single corner of Switzerland – the Engadine – and is known to only forty thousand people on the face of the globe, – that is to say, to just as many men, women and children as there are Irish speakers in Co. Clare. Yet these forty thousand Romonsch speakers maintain three newspapers in their vernacular; they have schools in which every subject (except foreign languages) is taught through Romonsch. [...] In the Engadine there is no ‘language question’, for the very good reason that all the Romonsch speakers speak Romonsch, and that the German speakers who live in the north of the canton (Graubunden) have no objection whatever to the teaching of Romonsch children in and through Romonsch.412

Cé nach luaitear cás na hÉireann anseo, is cinnte go bhfuiltear ag súil go ndéanfaí comparáid idir an dá chás. Dá mbeadh cead ón mBreatain oideachas a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge, bheadh deireadh le ‘ceist na teanga’.

411 Fáinne an Lae, Iml. II, Uimh. 7, 16 Lúnasa 1898, luaite ag Ó Conchubhair, Fin de Siècle na Gaeilge ,139. 412 ACS, Iml. VIII, Uimh. 12, 2 Meitheamh, 1906, 8. 149

Caibidil a Ceathair

Aithníodh tábhacht an oideachais i gcás mionteanga faoi smacht mórtheangan ach féachadh ar chúrsaí amharclainne i mionteangacha na hEorpa freisin mar mheán chun neamhspleáchas cultúrtha a bhaint amach. Tar éis bhunú an ‘Irish Literary Theatre’ bhí mórán cainte i measc na gConraitheoirí i dtaobh amharclann náisiúnta Ghaeilge. Mheasadar go raibh a leithéid riachtanach chun an tír a Ghaelú. Arís, d’fhéachadar chun na hEorpa chun sampla a lorg i dtíortha éagsúla de mhionteanga faoi smacht ag cumhacht impiriúil. Cuireadh spéis faoi leith san Ungáir agus sa tSeic.

The root fallacy is the ‘Irish literature in English language’ theory. The Germans subsidised a German theatre in Pesth as a means of maintaining German power over the Magyar language and the Magyar people, and it was of course on dramas written in the native Magyar language that the National theatre was founded.413

Ainneoin iarrachtaí an Láir (nó na Gearmáine) a dteanga féin a chur chun tosaigh san amharclann, neartaíodh an tImeall (an Ungáir, idir theanga agus phobal) trí amharclann náisiúnta a bhunú. Mhúsclódh amharclann sa teanga dhúchais sprid na cosmhuintire agus chothófaí íomhá an náisiúin ag an am céanna. Bréagnaíonn P. J. Mathews teoiric Benedict Anderson, á rá gurbh í an amharclann, seachas an t-úrscéal, ba thábhachtaí i gconstruáil agus i samhlú an náisiúin, i gcás na hÉireann. 414 Léiríonn Mathews go héifeachtach go raibh go leor coimhlinte timpeall ar an stáitse, agus go raibh dreamanna éagsúla ag iarraidh a gcumhacht a threisiú. Bhí lucht féachana fairsing ag drámaí taca an ama seo, agus é de chumas ag drámadóirí teachtaireacht láidir náisiúnaíoch a chraobhscaoileadh. Ní raibh a leithéid de choimhlint cumhachta i gceist leis an úrscéal, agus tacaíonn díospóireachtaí Athbheochanóirí na Gaeilge le téis Mathews.

Bhí na hAthbheochanóirí féin ag cur spéise i gcúrsaí amharclannaíochta na hEorpa agus sa chumhacht a bhí aici cúis an náisiúin a chur chun cinn. Foilsíodh an píosa seo a leanas in ‘London Notes’ ar An Claidheamh Soluis i dtaobh na Seice:

413 ACS, Iml. I, Uimh. 8, 6 Bealtaine 1899, 121. 414 P. J. Mathews, Revival: The Abbey Theatre, Sinn Féin, the Gaelic League and the Co-operative Movement (Cork: Cork University Press, 2003), 22. 150

Caibidil a Ceathair

Many Gael we see are now eager that there should be a permanent Irish theatre in Ireland. And, as pointed out in this column lately, some Leaguers in London have also been considering the question of dramatic features in our programme. [‘..]The Czechs, in pursuance of their national struggle, expended £135,000 on their theatre in Prague, but soon after its opening it was destroyed by fire (1881). In six weeks they had subscribed £94,000 anew, and in two years more their national playhouse was rebuilt. So much for national earnestness. Have our ‘cosmopolitans’ learned nothing from the Continent?415

Is féidir linn glacadh leis gurbh é Liam Ó Riain a scríobh an méid thuas toisc go ndeir O’Leary linn gurbh é ba mhó a scríobh ‘London Notes’ taca an ama seo.416 Agus é ag moladh dhíograis na Seiceach, tá tón cáinteach sa phíosa atá dírithe ar an bpobal léitheoireachta. Tá searbhas faoi leith san úsáid a bhaineann sé as an bhfocal, ‘cosmopolitans’, amhail is go raibh Conraitheoirí ag maíomh go rabhadar iltíreach, ach go rabhadar cúngaigeanta i bhfírinne. Luann Ó Riain amharclann Phrág freisin ina phaimfléad ‘Lessons from Modern Language Movements’,417 áit a ndeir sé go mórchúiseach:

It should be mentioned that the later Czech struggle was helped appreciably by the popular or municipal theatre. Those who take their ideas of the contemporary world from English or Anglo-Irish papers know little of the development of the municipal theatre over Europe.418

Sa dá sliocht thuas leis an Rianach, feictear iarracht easpa iltíreachais na gConraitheoirí a bhréagnú, agus aineolas lucht a gcáinte a léiriú. Dealraíonn sé gurbh ionann a bheith ‘cosmopolitan’ agus eolas a bheith ag duine ar chúrsaí na hEorpa. Is spéisiúil a bhfuil le rá ag an bPiarsach faoi dhearcadh na hÉireann i leith an iltíreachais.

We fear that in Ireland, ‘cosmopolitanism’ … is only another word for Anglicisation, and that the ‘world’ of which ‘we’ are citizens is that portion of the British Empire which – we speak metaphorically – lies between

415 ‘London Notes’, ACS, Iml. III, Uimh. 33, 26 Deireadh Fómhair 1901, 521. 416 Philip O’Leary, The Prose Literature of the Gaelic Revival, 1881-1921: Ideology and Innovation (Pennsylvania: The Pennsylvania State University Press, 1994), 68. 417 Liam O’Riain, Lessons from Modern Language Movements: What the Revival of Native Speech had done for Creative Nationality and Home Power (Dublin: Connradh na Gaedhilge, 1902 agus 1926). 418 Ibid., 11. 151

Caibidil a Ceathair

Westminster and Fleet Street […] Do you seriously contend that we should be wise to cut ourselves adrift from the great world of European thought? […] Were we then completely aloof from European thought when we were Irish, and are we more in touch with it now we are more than half English?419

Tá sé ag caitheamh anuas orthu siúd a bhí amhrasach i dtaobh na hEorpa, nó a mheas nach raibh cultúr saibhir san Eoraip. Cé go bhfuil tón géar go leor sa sliocht thuas, tá an Piarsach ag iarraidh a chur ina luí ar a chuid léitheoirí go mb’fhearr d’Éirinn a bheith faoi anáil na hEorpa ná faoi thionchar dhrochfhoilseacháin Fleet Street.

Is peirspictíocht dhubh agus bán a bhí ag Athbheochanóirí i leith na hEorpa go minic agus thaobhaíodar de ghnáth leis an tír a bhí thíos, leis an Imeall. Léirítear comhbhá le pobail na mionteangacha agus le náisiúin bheaga na hEorpa. Samhlaíodh agus cothaíodh comhbhá le tíortha Eorpacha a raibh cos ar bolg á dhéanamh orthu, go háirithe má bhí cumhacht impiriúil i gceist, nó an dátheangachas i réim. Dá bhrí sin, bheifí ag súil go mbeidís dian ar mhórchumhachtaí na hEorpa: an Fhrainc, an Ghearmáin agus an Rúis, agus go mbeadh béim á cur acu ar bhrúidiúlacht na nImpireachtaí úd. Ach ní hamhlaidh a bhí i gcónaí mar a fheicfear anois san iniúchadh ar dhearcadh na nAthbheochanóirí i leith impireachtaí na hEorpa.

Tá iliomad solaoidí de lucht na hAthbheochana ag caitheamh anuas ar pholasaí teanga na Gearmáine sa Pholainn agus ar pholasaí na Rúise san Fhionlainn agus ar pholasaí na hOstaire san Ungáir. I 1907, scríobh Mícheál Breathnach cuntas ar na ‘Pólaigh’ agus an cos ar bolg a bhí á dhéanamh orthu ag an Rúis agus an an nGearmáin.420 Cuireadh síos ar na tíortha seo mar ‘c[h]neamhairí sanntacha’. Bhí míshuaimhneas mór ar na Polanaigh a bhí ina gcónaí sa chuid ‘dá dtír atá i seilbh na Rúiseach’. Bhí sliogáin bhuile – pléascáin de shaghas éigin, is dócha – á gcur agus níorbh fhios ‘an nóiméad a gcuirfear tíoránta ar lár’. Treisíonn an focal ‘tíoranta’ an bá a braith Breathnach leis na Polannaigh. Is í tíorántacht na Rúise atá i gceist, agus, sa chéad alt eile, deir sé go bhfuil an Ghearmáin ‘sa mullach ar na Pólaigh bhochta freisin’. Bhí an Ghearmáin níos déine ná na Rúisigh, i dtuairim an Bhreathnaigh: ‘Níl uaithi acht teanga na bPólach agus na Pólaigh féin a ghlan-ruaigeadh as a

419 ‘Gleó na gCath’, ACS, 22 Lúnasa 1903; luaite in O’Leary, The Prose Literature of the Gaelic Revival, 56. 420 Mícheál Breathnach, ‘An Rúise agus na Pólaigh’, ‘An Ghearmáin agus na Pólaigh’, ACS, Iml. IX, Uimh. 42, 28 Nollaig 1907, 4. 152

Caibidil a Ceathair bhfuil ’na seilbh de’n tír’. Molann Breathnach tírghrá na bPolannach: ‘b’fhearr leo an bás ’ná aon nídh dar dual dóibh a cheilt nó a shéanadh’. ‘Sompla do’n Ghaedheal’ is teideal d’alt eile sa chuntas céanna ina ndéantar ionannú idir cás na hÉireann agus cás na Polainne.421

I mí Eanáir 1912 deirtear linn go bhfuil na Rúisigh anuas ar na Polannaigh i gcónaí.422 Cé gur baineadh an rialtas dúchais díobh i bhfad roimhe sin, bhí greim docht acu ar a dteanga agus ar a gcreideamh. Bhí na mná gualainn ar ghualainn leis na fir sa troid.

Is eol do Rúiseánaighibh go gcothuigheann an litridheacht dúthchais cuimhne na saoirse i measg na bPólach agus táthar ag ceapadh gur féidir deireadh do chur leis an teangaidh ar fad [...] Is iomdha teanga tá ghá cosg aca. Acht níl ag éirighe leo na miontíortha do bhriseadh [...] ar fad. Rud do chuireas iongnadh ar Ghaedheal misneach agus buanacht muintire [sic] na miontíortha tá fá chuibhrighibh ag Rúise.423

Gléas cumhachtach is ea an litríocht, mar sin, a chothaíonn an tírghrá. Ainneoin iarrachtaí na Rúise mionteangacha a choimeád faoi chois, ní raibh ag éirí leis an Rúis, agus bhíothas ag súil go dtabharfadh an cuntas seo spreagadh do ghluaiseacht na Gaeilge. Ní foláir nó go bhfuil ionannú áirithe ar bun anseo idir an Rúis agus an Bhreatain, óir ba iad na mórchumhachtaí seo a bhí ag coimeád na miontíortha faoi shrian.

I measc na n-alt eile a scríobhadh ag cur síos ar ghluaiseachtaí na hEorpa, bhí an tsraith ‘The Revival of National Languages’ a d’fhoilsigh ‘Maolmhuire’ ar Fáinne an Lae. Sa chéad alt, ar an mBóihéim, rinneadh cur síos ar an stair a bhain leis an gcoimhlint idir an Ghearmáinis agus an tSeicis.424 Scríobh ‘Eoghan’ ailt den tsaghas céanna ar an Ungáir agus ar an bhFionlainn.425 An Fhionlainn b’ábhar d’alt fada a foilsíodh ar An Claidheamh Soluis i 1912, inar luadh an tíorántacht a

421 Mícheál Breathnach, ‘An Rúise agus na Pólaigh’, ‘An Ghearmáin agus na Pólaigh’, ACS, Iml. IX, Uimh. 42, 28 Nollaig 1907. 4. 422 ‘Thar Lear’, ACS, Iml. XIII, Uimh. 44, 6 Eanáir 1912, 3. 423 Ibid. 424 Maolmhuire, ‘The Revival of National Languages’, Fáinne an Lae, Iml. 1, Uimh.5, 5 Feabhra 1898, 5-6. Féach freisin FAL, Iml. I, Uimh 6, 12 Feabhra 1898, 5-6; FAL Iml. I, Uimh. 7, 19 Feabhra 1898, 5. 425 ‘Eoghan’, FAL, Iml. I, Uimh. 12, 26 Márta 1898, 10; agus FAL, Iml. I, Uimh. 21, 29 Bealtaine 1898, 4. 153

Caibidil a Ceathair d’fhulaing an tír agus í faoi smacht na Rúise, agus an streachailt fhada a bhí ag an tír leis an tSualainn.426 Is cás staidéir úsáideach a bhí sa bhFionlainn do ghluaiseacht na Gaeilge, dar le húdar an ailt.

Deineadh trácht ar mhórán gluaiseachtaí teanga i nuachtáin na hAthbheochana, faoi mar a chuimsigh O’Leary:

We find in the Gaelic press reports in various degrees of detail on language issues in Belgium, Bohemia, Poland, the Ukraine, Hungary, Malta, the Orkneys, Finland, Serbo-Croatia, Denmark, Greece, Holland, Provence, the Channel Islands, Rumania, Norway, Portugal, Catalonia, and Switzerland.427

Is léir ón liosta seo go raibh sé de chlaonadh ag Athbheochanóirí díriú ar thíortha nó réigiúin ar bhí ar an imeall, agus tá feicthe againn gur minic a cháintí an mhórchumhacht, an Impireacht, an chumhacht lárnach. Tá lochtú den tsaghas sin tugtha chun solais thuas – go háirithe i gcás na Gearmáine agus na Rúise. Eisceacht shuntasach is ea an Fhrainc toisc nach rabhthas chomh dian céanna uirthi. Cé go raibh Páras ag cur mionteangacha agus patois na tíre faoi chois, is annamh a fhaightear aon chuntas diúltach ina thaobh, go háirithe ag tús na tréimhse. Moltar iarrachtaí na ngluaiseachtaí teanga éagsúla ach ní go dtí i ndiaidh 1913 a fheictear athrú sa dearcadh a bhí acu ar Pháras, go háirithe sa tráchtaireacht ar an mBriotáin. Ach i gcás gluaiseacht Provençal, cuireadh síos uirthi i dtéarmaí neamhbhagracha: ‘The Provençal language movement, with all its fresh and genial sides – though there are dialect troubles – is more of a literary than a national nature, the general workers having no quarrel with France as a whole’.428

Trí phriosma na Fraincise a tháinig a lán dá gcuid eolais i dtaobh na hEorpa, gluaiseachtaí mionteangacha na Fraince san áireamh. Eisceacht is ea an Bhriotáinis, ar shlí, toisc gur fhoghlaim Torna í, ach, cé go raibh an Ghearmáinis ag líon áirithe Athbheochanóirí, den gcuid is mó, ba í an Fhraincis teanga na hidirghabhála idir Éire agus an Eoraip.

426 ‘Suomi’, ‘Finland’, ACS, Iml. XIV, Uimh. 34, 26 Deireadh Fómhair 1912, 4. 427 O’Leary, The Prose Literature of the Gaelic Revival, 72. 428 U. Ó. R., ACS, Iml. V, Uimh. 2, 11 Márta 1905, 5. 154

Caibidil a Ceathair

Maidir leis an liosta a dhéantaí de scríbhneoirí na hEorpa, measann O’Leary nach raibh ach eolas dromchlach ag Athbheochanóirí orthu:

Was there more than name-dropping involved in such cultural roll calls? Unfortunately, with regard to writers in less widely spoken languages, such scepticism in inescapable. None of the revivalists knew Magyar, Finnish, or Czech, and while there were, of course, some contemporary English translations as well as French and German versions of the work of authors like Kollar and Jokai, none of the references by the Gaels go beyond a mere conjuring up of rather exotic names and exemplary contributions to the revival movements of their respective nations.429

B’fhéidir nach raibh Maigiaris ná Fionlainnis ná Seicis ag na hAthbheochanóirí ach tá cruthaithe i gcaibidil a haon agus a dó go raibh Fraincis ar a dtoil ag móramh acu. Thug an Fhraincis bealach isteach dóibh chun na hEorpa. Ar shlí, sheas an Fhrainc do chultúr na hEorpa, don saghas ‘cosmopolitanism’ a bhí Athbheochanóirí áirithe ag iarraidh a bhaint amach i litríocht na Gaeilge.

Páras: An Lár Caoin?

Ag féachaint anois ar an Imeall agus an Lár i gcomhthéacs na Fraince, tabharfar faoi deara nach raibh cúrsaí chomh simplí agus a bhí dearcadh na nAthbheochanóirí ar an Eoraip trí chéile. Ba dhóigh leat go leanfaí leis an bpátrún céanna, gur chumhacht dhiúltach a bhí sa Lár, agus go mba chóir tacú leis an Imeall. I gcás na Fraince, bhí Athbheochanóirí na Gaeilge sásta cor dearfach a chur ina dtráchtaireacht ar Pháras. Feicfear ar ball nach raibh tráchtairí an Bhéarla chomh bog céanna ar phríomhchathair na Fraince. I measc na bparadacsaí is mó a bhaineann leis na hAthbheochanóirí tá an tacaíocht a thugadar do na gluaiseachtaí réigiúnda fad is a d’fhéachadar le meas agus le gean ar Pháras. I ndiaidh 1913, áfach, tá athrú le sonrú sa tráchtaireacht, agus bá níos mó á léiriú don mBriotáin, rud a léireofar sa chéad chaibidil eile.

Le linn an naoú haois déag, bhí Páras á dhaingniú mar phríomhchathair na tíre, agus bhí iarracht ar bun muintir na réigiún a aontú agus ‘Francaigh a dhéanamh

429 O’Leary, The Prose Literature of the Gaelic Revival, 81. 155

Caibidil a Ceathair de thuathánaigh’, más ceadmhach leas a bhaint as nath Weber.430 Bhí íomhá an Fhrancaigh á múnlú agus á caighdeánú dá réir, mar a mhíníonn Theodore Zeldin:

To be a Frenchman, in the fullest sense, meant to be civilised, which required that one accepted the models of thought, behaviour and expression held in esteem in Paris. At one level, to accept civilisation meant to accept cultural uniformity and centralisation. By this definition, to be a Frenchman meant more than to be born in France, or to be a mere peasant; it involved adherence to a set of values, but in return one could hope to benefit from all the rewards that the state showered on those who adopted those values.431

Ba iad luachanna meánaicmeacha Pháras a leagadh síos mar mhúnla don tír go léir, mar chruthú go rabhthas ‘sibhialta’. Fágadh formhór na bhFrancach lasmuigh den samhail seo, dar ndóigh, rud a chruthaigh lagmhisneach i dtuathánaigh na tíre.432

[N]o single interpretation will suffice to explain the acculturation of diverse rural communities over time. Nonetheless, most historians of modern France have presented a model of rural acculturation that emphasizes the diffusion of urban-based values and institutions from center to periphery and the gradual replacement of traditional rural culture by that of the Parisian capital.433

Níl aon dabht ach go raibh na réigiúin ag breathnú ar luachanna Pháras agus ar an bhféiniúlacht ‘náisiúnta’ a samhlaíodh leis an ardchathair seachas ar luachanna traidisiúnta na réigiún. Má fhéachtar ar an mBriotáin le linn an naoú haois déag, feictear gur chomhartha oideachais agus foráis é dearmad a dhéanamh ar an Briotáinis, a d’imigh as na bailte móra go tapaidh. 434 I nDeisceart na Fraince, áitíodh nárbh ionann aigne na Meánmhara agus aigne Pháras, a raibh rialacha breithiúnais agus réasúin ag baint léi. Bhí fealsúnacht, filíocht agus creideamh éagsúil ag Provence agus bhí a gcultúr bunaithe ar thraidisiún béil, seachas ar an

430 Féach Weber, Peasants into Frenchmen: The Modernization of Rural France, 1870-1914 (London: Chatto and Windus, 1977) agus Herman Lebovics, True France: The Wars over Cultural Identity, 1900-1945 (Ithaca: Cornell University Press, 1992). 431 Theodore Zeldin, France 1848-1945: Intellect and Pride (Oxford: Oxford University Press, 1980), 6. 432 Ibid., 29. 433 Caroline Ford, ‘Religion and the Politics of Cultural Change in Provincial France: The Resistance of 1902 in Lower Brittany’, The Journal of Modern History, Iml. 62, Uimh. 1, Márta, 1990, 1-33. Foilsithe ag: The University of Chicago Press Ar fáil ag: [Rochtain: 01/02/2013]. 434 Zeldin, France 1848-1945, 56. 156

Caibidil a Ceathair litríocht.435 Bhí na tuairmí seo le dul i bhfeidhm ar Athbheochanóirí na Gaeilge de réir a chéile agus iad ag faire ar ghluaiseachtaí comhchosúla i réigiúin na Fraince. Ba chuig Páras, seachas chuig na príomhbhailte réigiúnacha a chuaigh Francaigh den gcuid is mó, rud a dhaingnigh íomhá Pháras mar ‘Lár’ na Fraince.436 Bhí lucht na hAthbheochana go láidir i gcoinne lárúcháin go ginearálta ach b’annamh a scríobhadh aon chuntas ag cáineadh an lárúcháin a bhí ar siúl sa bhFrainc ag tús na tréimhse. Go deimhin, chonaiceamar i gcaibidil a haon agus i gcaibidil a dó gur shantaíodar gnéithe áirithe de chultúr na Fraince, an litríocht san áireamh, a shamhlaíodar a bheith bainteach le hoideachas an duine ‘shibhialta’. Dar ndóigh, bhain an tréith áirithe seo le mianaidhmeanna na sochaí meánaicmí sa ré Victeoiriach.

Tá corrshampla againn de léiriú diúltach ar Pháras, agus ní chuireann ‘Séchilienne’ aon fhiacal ina cuntas san Irish Review:

France suffers from the leprosy of Paris. England is overgrown with the scrofula of Midland industrialism – materialism in all its diverse shapes. Let us by all means fight, here in Ireland […] against the slime and filth choking the pores of the body spiritual and so of the body physical, for one cannot live without the other. Let us by all means reject like some foul leprosy this hectic import.437

Shamhlaigh údar an ailt gur galar a bhí i bPáras, faoi mar a samhlaíodh gur galar a bhí sa tionsclaíocht agus san ábharachas. Smál agus salachar is ea iad go léir gur ghá a ghlanadh ó ‘chorp’ na hÉireann. Is díol suntais a chumhachtaí is atá na focail seo ag Séchilienne anseo, a chreid go raibh sprid nua ag teacht aníos sa bhFrainc agus féinriail á héileamh ag na réigiúin:

There is arising, notably in France, a passionate desire among the intellectuals to re-make for themselves a faith and a fatherland […] Maurice Barrès seeks to live as a Lorrainer, Tancrède de Visan goes back to his native Dauphiny, Vielé-Griffin sings the Loire. […] The regions of France, spiritually distinct as they are, must be drawn out slowly and laboriously from the dominance of Paris and the work of the Kings and Napoleon undone.438

435 Ibid., 48. 436 Ibid., 30. 437 ‘Séchilienne’, ‘The Gaelic Movement and European Culture’, The Irish Review, Eanáir 1913, 615- 616. 438 Ibid. 157

Caibidil a Ceathair

‘Tíorántachta’ a cuireadh i leith Pháras sa sliocht thuas ach cuireadh ‘tíorántacht’ ina leith san alt céanna, cé gur chúis chéiliúrtha é go raibh na réigiúin á múscailt agus ag éileamh a gceart. Samhlaíodh an tImeall le hionraiceas, le dílseacht, agus le dúchas. I ndioscúrsa na hAthbheochana samhlaíodh na nithe seo leis na ceantracha Gaeltachta toisc go raibh an cultúr Gaelach fós beo iontu.439 ‘Cónaidhm spioradálta’ a bhí i múscailt réigiúin na Fraince, rud a thugann le fios nár samhlaíodh cúrsaí spioradálta le mórchumhachtaí na hEorpa: ‘We are ready to take our place in the spiritual federation of Europe, […] where Lorraine and Dauphiny are but beginning to emerge from the tyranny of Paris, and the regions of England are still plunged in their sleep of centuries’.440 Faigheann an t-údar locht ar Shasana toisc nach raibh gluaiseacht den tsaghas céanna ar bun ann éirí amach i gcoinne Londain. Is é nóisean an Láir, nó na príomhchathrach, a dhéanann cos ar bolg ar an Imeall, .i. ar na réigiúin, is mó a chuireann olc ar Séchilienne. Plúchann an Lár féiniúlacht an Imill. Baineann an Lár le riarachán agus le húdarás sa déscaradh seo, agus cailltear saibhreas agus éagsúlacht an Imill i ngeall ar ollchumhacht an Láir. Fórsa cloíteach is ea an Lár, go háirithe i gcúrsaí teanga, toisc go n-éilíonn an Lár go labhrófaí a theanga féin, seachas teanga dhúchais an Imill.

I litir a scríobh ‘An Gengán’ chuig Fáinne an Lae, tarraingítear aird ar pholasaí teanga rialtas na Fraince. Ní luaitear Páras sa litir, ach d’fhéadfaí a áiteamh gurb ionann Páras agus údarás na Fraince, an rialtas.

When residing in the Pyrenees some time ago I found that the French Government on their side of the border was straining every nerve to uproot the Basque language, and supplant it by French, but all their efforts were nullified by the splendid opposition of the Basque priests, who never preached or allowed the catechism to be taught in French. I heard many Frenchmen argue that they ought to be coerced into preaching in French by the Government.441

439 Féach Ó Conchubhair, Fin de Siècle na Gaeilge, 143-44. 440 ‘Séchilienne’, ‘The Gaelic Movement and European Culture’, The Irish Review, Eanáir 1913, 615- 616. 441 ‘An Gengán’ FAL, Iml. I, Uimh. 2, 15 Eanáir 1898, 7. 158

Caibidil a Ceathair

Bhí tábhacht nach beag ag baint leis an nasc idir creideamh agus teanga taca an ama seo, in Éirinn agus thar lear. Ba iad na sagairt Bhascacha a thacaigh go tréan leis an teanga dhúchais agus a sheas go docht i gcoinne rialtas na Fraince. Tá cúrsaí teanga fite fuaite le cúrsaí eaglasta anseo toisc go raibh an Fhrainc ag dul i dtreo dí- eaglaisithe faoin tráth seo. Tá caidreamh an Chonartha leis an gcléir casta go leor agus tá cur síos déanta ag scoláirí ar ghnéithe éagsúla den gcaidreamh sin.442 Mheas ‘an Gengán’ gur ar mhaithe leis an gcreideamh a scaipeadh a d’iompaigh na sagairt in Éirinn ar an mBéarla:

I suppose our priests have discarded Irish that the Faith may be more widely spread by a population speaking English, and that the Basque priests boycotted French lest the rampant atheism and religious carelessness of the French should invade their hitherto devout flocks.443

Níl an smaointeoireacht seo i bhfad ó fhocail Chathaoir Uí Bhraonáin, sagart a bhí go mór i bhfábhar na Fraincise, agus a scríobh ina phaimfléid Béarla Sacsan agus an Creideamh i nÉirinn:

Teanga an ainchreidimh is eadh an Béarla. Lucht an ain-chreidimh is eadh is mó a labhrann Béarla. Lucht an ain-chreidimh is mó a cheapann litridheacht i mBéarla. Ag lucht an ain-chreidimh is mó atá comhacht i saoghal an Bhéarla... An túisce caithfimid Béarla Sacsan uainn agus ár dteanga féin d’aithbheodhchaint is amhlaidh a b’fhearr do’n chreideamh i nÉirinn.444

Ní i gcónaí a samhlaíodh Páras leis an ainchreideamh ná le tíorántacht. Go deimhin, ba i bhfoilseacháin Bhéarla na tréimhse seo ba mhó a cuireadh íomhá dhiúltach de Pháras chun cinn, agus is tearc iad na cuntais sin, fiú. In irisí agus nuachtáin dhátheangacha, b’iondúil léiriú dearfach, mar is léir ón gcur síos seo ó Mháire Ní Chinnéide:

Sí Páiris, ‘Cathair an tSoluis’, céad ghrádh furmhóir na scríbhneoirí is cliste sa bhFrainnc ó aimsir Rabelais anuas. Ní mar a chéile an áit atá aici i

442 Féach Tom Garvin, ‘Priests and Patriots: Irish Separatism and Fear of the Modern, 1890-1914’, in Irish Historical Studies, Iml. 25, Uimh. 97, Bealtaine, 1986, 67-81. Ar fáil ag: [Rochtain: 28/07/2011; agus O’Leary, The Prose Literature of the Gaelic Revival, 22-28. 443 ‘An Gengán’, FAL, Iml. I, Uimh. 2, 15 Eanáir 1898, 7. 444 An tAth. Cathaoir Ó Braonáin, Béarla Sacsan agus an Creideamh i nÉirinn (B.A.C.: M. H. Mac Guill agus a Mhac, 1913). 159

Caibidil a Ceathair

litríocht na Frainnce agus an áit atá ag Lonndain, cuiream i gcás, i litríocht an Bhéarla, nó ag Berlin i litríocht na Gearmáine, agus is lugha fós is féidir éan- chomórtas a dhéanamh idir í agus an áit atá ag Baile Átha Claith ’nár litríocht féin, i nGaedhilg nó i mBéarla. Tá draíocht éigin ag Páirís a mheallann chúichi, ní hamháin na scríbhneoirí Franncacha féin, ach a lán ós na tíorthaibh eile, i dtreo is gur beag tír san Eoraip nár chuidigh chun an tsrotha a bhíonn ag gluaiseacht fé dhéin Páiris na Frainnce do líonadh.445

Fiú i ndiaidh 1913, mar sin, níor scaoil Ní Chinnéide le Lár Chaoin Pháras, ach is annamh a fhaightear cuntas dearfach ar Pháras lasmuigh de seo. Ba le sochaí bourgeois Pháras ba mhó a bhí teagmháil ag Athbheochanóirí léi, mar is léir ó thaithí Ní Chinnéide, Dhubhghlas de hÍde agus Shaidhbh Thrínsigh a luadh níos túisce. Fiú in irisí ar nós The Catholic Bulletin, tá cuntas ar fáil den gcathair in aimsir na Cásca: ‘Spring has come and Paris ‘la ville lumière’ rushes to meet the bright sunshine with her usual empressement. She has decked herself in her most coquettish attire for Easter’.446 Déanann an t-údar cur síos ar na séipéil á líonadh Aoine an Chéasta, agus ar an gcreideamh daingean atá ag na daoine iontu. Tá sé seo ag teacht leis an méid a bhí sa chaibidil roimhe seo, íomhá Chaitliceach á cur chun cinn, in ainneoin chúrsaí comhaimseartha na Fraince. Déantar pearsanú ar Pháras mar óigbhean shéimh, aerach.

In alt dar teideal ‘Work-Girls of Paris’, faightear cur síos maoithneach ar chailíní a bhí ag obair sna atéliers i bPáras agus tarraingítear pictiúr lán de chuannacht, ag tosú le véarsa de chuid Musset.447 Midinette a thugtar ar na cailíní seo, a thógann sos ag am lóin, agus is í ‘the idol of Paris’ í, ‘for she is typical of the spirit of Paris, with her ringing laughter, her love of dress and flowers, her merry songs, her radiant youth’. 448 Fiú d’oibrithe bochta na cathrach, is áit aoibhinn í cathair Pháras, is cosúil.

Bhí íomhá den ‘Lár Caoin’ ag Páras i bhfoilseacháin Ghaeilge, cé go rabhthas níos déine ar an gcathair tar éis 1913 agus nuair a bhí an Bhriotáin á plé.

445 Máire Ní Chinnéide, ‘René Bazin agus Saoghal na Tuaithe’, An Branar, Iml. 1, Uimh. 5, Feabhra 1920, 186-190. 446 ‘Easter in Paris’, The Catholic Bulletin, Iml. II, Uimh. 4, Aibreán 1912, 302-304. 447 K. Hanrahan, ‘The Work-Girls of Paris’, The Catholic Bulletin, Iml. IV, Uimh. 6, Meitheamh 1914, 400-402. 448 Ibid. 160

Caibidil a Ceathair

Rud a chothaigh an íomhá den Lár Caoin roimhe sin ab ea an iliomad tuairisc ar imeachtaí Gaelacha nó Ceilteacha i bPáras. Ní foláir nó gur chabhraigh na cuntais úd le híomhá dhearfach, bháúil den gcathair a chothú. Go deimhin, idir 1898 agus 1913, bhí cuid mhaith tuarascála ar eagraíochtaí Gaelacha i bPáras, ag tosnú le fógra faoin ‘Franco-Gaelic League’ a foilsíodh ar Fáinne an Lae:

The Paris Young Ireland Society have established an Irish Language Association to be called the Franco-Irish Gaelic League. Monsieur du Chateau, who has ben studying Irish for some time, was elected President, Miss Maud Gonne, Vice-President, and Miss Barry O'Delaney, Secretary. In the discussion on the proposal it was stated that though members had not the advantage of living in an Irish-speaking district, they had not the disadvantage of living in an English-speaking one, and that neither the French race or language is antagonistic to the Irish.449

Is díol spéise é gur féachadh ar na Francaigh agus ar an bhFraincis mar bhuntáiste toisc nach rabhathas i dtimpeallacht Bhéarla agus go raibh na Francaigh féin báúil go leor i leith na nÉireannach. Chabhraigh Yeats le Maud Gonne Cumann Pháras Éire Óg a bhunú i measc na nÉireannach a bhí ina gcónaí ann. Bhí Mary Barry Delaney ina rúnaí ann, agus bhí Stephen McKenna, aistritheoir agus iriseoir, Arthur Lynch, iriseoir Astrál-Éireannach, agus J. M. Synge i measc na mball, cé nár aontaigh Synge leis an mbéim a chuir Maud Gonne ar an bhFíníneachas.450 Ba é comóradh Éirí Amach 1798 aidhm an chumainn. I bPáras bhí an cumann gnóthach ag comóradh Ginearál Hoche, a thriaill cabhrú le cúis na hÉireann sa bhliain 1796.451 Thosnaigh Gonne ag foilsiú L’Irlande Libre ar an gcéad lá de Bhealtaine 1897 chun cúis na náisiúnaithe a chur chun cinn sa bhFrainc. Foilsíodh gach mí é go dtí Deireadh Fómhair na bliana 1898. Nuair a tháinig Banríon Shasana ar cuairt go hÉirinn i 1900, foilsíodh numéro exceptionnel ina raibh íomhá den mBanríon ag siúl i measc chlocha cinn na nÉireannach agus ‘son oeuvre’ mar fhotheideal ar an gclúdach.452

Aistríodh sleachta as L’Irlande Libre in Fáinne an Lae; cuir i gcás an t-alt dar teideal ‘Coercion in Irish Schools’, a aistríodh ón bhFraincis, ina raibh cur síos

449 FAL, Iml. I, Uimh.19, 14 Bealtaine 1898, 8. 450 Anna Mac Bride White, (eag.), The Gonne-Yeats Letters: 1893-1938 (New York: Syracuse University Press, 1994), 64. 451 Ibid., 64. 452 Maud Gonne, A Servant of the Queen (Buckinghamshire: Colin Smythe, 1938), 360. 161

Caibidil a Ceathair báúil ar an ngá a bhí le teagasc trí mheán na Gaeilge sna ceantracha Gaeltachta.453 Cuireadh fáilte roimh Fáinne an Lae i leathanaigh L’Irlande Libre agus athfhoilsíodh an nóta sin ar Fáinne an Lae.454

Tráth an Oireachtais sa bhliain 1898, foilsíodh teileagram ón Franco-Irish Gaelic League: ‘Ó na Gaedhealaibh anns an Fhrainnc do na Gaedhealaibh i n-Éirinn: bail agus beannacht ar an Oireachtas: Éire go bráth’.455 Cé go raibh an eagraíocht lonnaithe i bPáras, tá sé le tuiscint ón méid thuas go raibh sí ag seasamh don bhFrainc ar fad.

Conradh na Gaeilge i bPáras

Rud eile a chabhraigh go mór le híomhá Pháras mar Lár Caoin ná bunú chraobh de Chonradh na Gaeilge ann sa bhliain 1906. Ba ar An Claidheamh Soluis a foilsíodh an fógra:

The news items of the week include the announcement of the establishment of a Craobh in Paris. Its address is 50 Avenue Hoche, and the officers are An tAthair Mac Maoláin, Uachtarán, T. O’ Néill O Liatháin (author of the English-Irish Dictionary), An tAthair O Dubhghaill, and S. O Conaill O Coileáin, Leas-Uachtarán, An Dochtúir de Bhúl, Cisteoir, and Bríghid Ní Airt, Rúnaidhe. There are several hundred Irish people in Paris, so that the Craobh's membership, which already numbers fifty, ought to grow. Many of the Irish girls employed in teaching work in France - someone has calculated that there are about four thousand of them will also doubtless join. We shall watch the career of the Paris Craobh with special interest.456

Dhealródh sé gur daoine cuíosach mór le rá a bhí ar an gcoiste: sagairt, dochtúir agus foclóirí ina measc. Bheadh sé seo ag teacht le hanailís Timothy G. McMahon i dtaobh bhallraíocht an Chonartha agus é ag tosnú amach. 457 Bheadh sé suimiúil tuilleadh eolais a aimsiú i dtaobh na mball ach níl aon teacht againn ar cháipéisí na

453 Alice Rowley, ‘Coercion in Irish Schools’, FAL, Iml. I, Uimh. 6, 12 Feabhra 1898, aistrithe ó L’Irlande Libre, 1 Eanáir 1898. 454 FAL, Iml. I, Uimh. 8, 26 Feabhra 1898, 5. 455 FAL, Iml. I, Uimh. 22, 4 Meitheamh 1898, 4. 456 ‘Gaels in Paris’, ACS, Iml. VII, Uimh. 51, 3 Márta 1906, 7. 457 Timothy G. McMahon, Grand Opportunity: The Gaelic Revival and Irish Society, 1893-1910 (Syracuse: Syracuse University Press, 2008). 162

Caibidil a Ceathair

Craoibhe. Ní fios, mar sin, an áibhéil a bhí i gceist le líon na mball (50). Tugann an fógra seo tuairim éigin dúinn, mar sin féin, faoi líon na nÉireannach i bPáras, agus go raibh a lán cailíní as Éirinn fostaithe mar mhúinteoirí nó mar bhuimí sa bhFrainc taca an ama seo.

Is díol suntais é an seoladh, 50 Avenue Hoche, mar is éard a bhí ann, is atá ann go fóill, ná Sáipéal San Iosaf, séipéal Caitliceach Béarla i bPáras. I 1869 a coisriceadh an sáipéal, ag tús thréimhse chorraitheach d’oird rialta na Fraince. Nuair a díbríodh na Páiseadóirí as an sáipéal i 1905, bhí cead acu an sáipéal a cheannach ar ais ar an gcoinníoll nach gcaithfidís feisteas eaglasta.

Ba é Tadhg Niallach Ó Liatháin, údar Lane’s English Irish Dictionary, a bhí i mbun ranganna Gaeilge.458 As Teampall an Ghleanntáin, Co. Luimnigh ó dhúchas dó agus is cosúil gur chaith sé seal ina thuairisceoir i Londain don Times.459 Bhí Liam Mac Giolla Bhríde ag teacht agus ag imeacht ó Pháras taca an ama seo. Thug sé léacht don gCraobh i mí na Samhna 1906 ar ‘The Irish Language’. Ainneoin ranganna Gaeilge na Craoibhe, b’éigean dóibh iarraidh ar an gcainteoir labhairt as Béarla. ‘Why not French?’ a dúirt an tuairisceoir ar An Claidheamh Soluis.460

The enthusiasm of the audience was great and the work of the Craobh received a decided impetus from Mr. Gibson's visit. The hour was punctured with laughter as the lecurer detailed his amusing experience as a teacher and propagandist. At the conclusion a vote of thanks was heartily accorded to Mr. Gibson, who, of course, wore the native Irish dress. The evening ended with an informal chat, during the course of which the visitor was plied with eager questions concerning the progress of the revival at home.461

Is ionann Mr. Gibson agus ‘Mac Giolla Bhríde’, dar ndóigh, nó an Tiarna Ashbourne, Protastúnach a d’iompaigh ina Chaitliceach agus a bhí pósta ar Fhrancach, Marianne de Monbrison. 462 I léirmheas a scríobh sé sa Claidheamh Soluis ar Halmet as Fraincis, dúirt sé gur ‘sórt Gaedhilg-Láidne atá ’san bhFrainncis’, rud a áitíonn nasc

458 ‘An Roinn Eorpa’, ACS, Iml. VIII, Uimh. 37, 24 Samhain 1906, 10. 459 Féach ‘Timothy O’Neill Lane’ ar Ainm.ie. Ar fail ag: [Rochtain: 12/10/2012]. 460 ‘An Roinn Eorpa’, ACS, Iml. VIII, Uimh. 37, 24 Samhain 1906, 10. 461 ‘An Roinn Eorpa’, ACS, Iml. VIII, Uimh. 37, 24 Samhain 1906, 10. 462 ‘Mac Giolla Bhríde’, Ainm.ie. Ar fáil ag: [Rochtain: 07/09/2012]. 163

Caibidil a Ceathair

ársa, údárasach, fiú, idir na teangacha. 463 De réir dhialanna Shaidhbh Thrínsigh, mhúin sé ranganna NuaGaeilge don gCumann Ceilteach sa Sorbonne.464 Is cosúil go gcaithfeadh sé feisteas traidisiúnta go minic ag ócáidí den tsaghas seo, agus, sna tuairiscí ó Chraobh Pháras, cuireadh spéis faoi leith sna cultacha Gaelacha. Ag céilí a bhí á eagrú don 20ú Aibreáin 1907 (ag an Champs Elysées!) gealladh: ‘Il y aura plusieurs dances irlandaises et plusieurs jeunes filles porteront les gracieux costumes irlandais des onzieme et douzieme siècles’.465 [‘Beidh roinnt rincí Gaelacha ann agus caithfidh go leor de na mná óga cultacha Gaelacha aoibhne ón 11ú agus ón 12ú aois’.] Agus, i ndiaidh an chéilí, tuairiscíodh go raibh baill an Association Franco-Irlandaise agus an Union Celtique i láthair:

Ces membres ont beaucoup admiré les vieux costumes irlandais aussi que les danses irlandaises à tel point qu’ils ont envoyé des chaleureuses invitations aux jeunes demoiselles qui portaient le costume irlandais et qui dansent les danses irlandaises pour assister à leur prochain Bal du 11 Mai, où quelques danses irlandaises seront sur le programme, et où ils seront heureux de montrer aux membres de l’Association Franco-Irlandaise les gracieux anciens costumes et les danses de leur aïeux.466

[Mhol na baill seo na sean-chultacha Gaelacha, mar aon leis na rincí Gaelacha chomh mór sin gur thugadar cuireadh croíúil do na hógmhná teacht chuig Bál ar an aonú lá déag de Bhealtaine, áit a mbeadh cúpla rince Gaelach ar an gclár. Bhí na hógmhná sásta a gcuid feisteas a thaispeáint do bhaill an Association Franco-Irelandaise, chomh maith le damhsa a sinsir.]

Bhíodh cruinnithe ag Craobh Pháras gach Satharn ag leathuair tar éis a hocht agus cuireadh fáilte roimh Éireannaigh ‘de passage’ (a bhí ar a slí trí Pháras).467 Ar feadh tamaill i 1907 ba iad ‘Mademoiselle Eibhlín Nic Niocaill, B.A’. agus ‘Monsiuer O’Neill Lane’ (Tadhg Niallach Ó Liatháin, is dócha), a bhí i mbun ranganna Gaeilge. Tuairiscíodh teacht agus imeacht na mball: chaith Victor Collins dhá mhí ar Árainn i samhradh na bliana 1907 agus d’fhill Eibhlín Nic Niocaill ar Bhaile Átha Cliath tar éis a seala i bPáras. 468 Moladh í as a cuid oibre don gCraobh: ‘She gave a

463 Bhí an Ghearmáinis cosúil leis an mBéarla a bhí á labhairt i Sasana sa seachtú haois déag, dar leis, agus dá bhrí sin níos oiriúnaí do Shakespeare ná an Fhraincis. ‘Mac Giolla Bhríde, ‘Hamlet i bhFrainncis’, ACS, Iml. XIII, Uimh. 11, 3 Meitheamh 1911, 4. 464 Hilary Pyle, (eag.), Cesca’s Diary, (Dublin: The Woodfield Press, 2005), 66. 465 ‘Cogarnach na gCraobh’, ACS, Iml. IX, Uimh. 5, 20 Aibreán 1907, 9. 466 ‘Cogarnach na gCraobh’, ACS, Iml. IX, Uimh. 9, 11 Bealtaine 1907, 10. 467 ‘Cogarnach na gCraobh’, ACS, Iml. IX, Uimh. 5, 20 Aibreán 1907, 9. 468 ‘Abhus ‘s Thall’, ACS, Iml. IX, Uimh. 18, 13 Iúil 1907, 8. 164

Caibidil a Ceathair considerable impetus to the Gaelic League in the French capital during her sojourn there’.469 De réir tuairisce a foilsíodh sa bhliain 1907, bhí craobh Pháras ag dul i neart: ‘The Craobh in the French capital flourishes apace. A most successful Sgoraidheacht was held in the room on Saturday week last, when there was a very pleasant reunion of members and friends’.470 Chabhraigh na tuairiscí seo le híomhá den ‘Lár Caoin’ a chur chun cinn.

Thagadh cuairteoirí ón gConradh go Páras ar uairibh, Fionán Mac Coluim ina measc: ‘Le Craobh Pairis [sic] était très flatté de recevoir la visite de Monsieur Fionan Mac Coluim, Organizateur en Chef du Gaelic League, la semaine dernière. Il nous a apporté de bonnes nouvelles de notre cher pays.’471 Corruair, thagadh duine d’uaisle Pháras go dtí céilí na Craoibhe, an Baron De Valsuzenay, mar shampla.472 Tháinig Mac Giolla Bhríde arís ag deireadh na bliana 1907, agus an Ball Pairliminte, John Pius Boland ina theannta. Labhair Mac Giolla Bhríde as Gaeilge faoi ‘notre belle langue irlandaise et de sa richesse’. Chuir sé an Chraobh ar an eolas faoin dul chun cinn a bhí ar siúl ag an gConradh in Éirinn. Thug sé ceacht Gaeilge an tseachtain roimhe sin agus bhí sé le teacht ar ais i mí Bealtaine. I measc na ndaoine a bhí ag an gcruinniú seo bhí: ‘Rev. Father McMullen, Miss O’Reilly, Mrs. Bannard et Missses Bannard, Monsieur et Madame La Cour, Mr. Cavanagh, Miss Barwick, Miss Moore, Miss O’Connell, Mr. O’Carroll, Mr. Field, Miss O’Toole, Miss O’Hart, etc’.473 Tá dhá oiread ban luaite sa liosta seo, rud a thugann leid dúinn i dtaobh inscne na ballraíochta. Labhair Boland faoi Chumann Forbartha Tionsclaíoch na hÉireann agus an obair a bhí déanta ag an eagraíocht chun earraí Éireannacha a dhíol i Londain.

Monsieur Boland nous a parlé également de succès de ‘l'Aonach’ à Londres cette année et de la possibilité de faire une petite exposition ici à Paris, afin de montrer aux acheteurs français que notre commerce existe toujours et que notre pays serait heureux de reprendre les vieilles relations entre la France et la Verte Irlande.474

469 ‘Abhus ‘s Thall’, ACS, Iml. IX, Uimh. 18, 13 Iúil 1907, 8. 470 ‘In Paras na Frainnce’, ACS, Iml. VIII, Uimh. 46, 26 Eanáir 1907, 10. 471 ‘Cogarnach na gCraobh’, ACS, Iml. IX, Uimh. 5, 20 Aibreán 1907, 9. 472 ‘Cogarnach na gCraobh’, ACS, Iml. IX, Uimh. 9, 11 Bealtaine 1907, 10. 473 ACS, Iml. IX, Uimh. 42, 28 Nollaig 1907, 10. 474 Ibid. 165

Caibidil a Ceathair

[Labhair Monsieur Boland linn freisin faoin rath a bhí ar an Aonach i Londain i mbliana agus faoin deis taispeántas beag a chur ar siúl anseo i bPáras, chun a thaispeáint do cheannaitheoirí Francacha gurbh ann i gcónaí dár ngnó, agus go mbeadh áthas ar ár dtír athnuachan a dhéanamh ar an seanchaidreamh a bhí idir an Fhrainc agus Éire Iathghlas.]

Bhí Boland ina bhall de Chraobh Londan agus tá suntas tugtha ag Proinsias Mac Aonghusa den spéis a chuir sé i bhforbairt thionsclaíocht na hÉireann. 475 Bréagnaíonn Boland an tuairim a bhíodh coitianta i dtaobh na gConraitheoirí, is é sin gur dhream frith-thionsclaíoch a bhí iontu, nár chuir spéis i bhforbairt eacnamaíochta na tíre. Is tábhachtach an tagairt seo do smaointeoireacht leithéidí Boland, rud nach gcuireann Roy Foster san áireamh ina thráchtaireacht ar ‘dhíograiseoirí’ an Chonartha:

[Hyde’s] ‘de-Anglicization’ meant, more coherently, anti-materialism (or, as Joseph Lee would have it, anti-modernization.) […] [A]n idealization of the west became the theme of Gaelic League zealots: where Balfour’s administration saw an economic disaster area, the League saw the remnants of a Celtic ‘civilization’ that implied a spiritual empire far greater than England’s tawdry industrialized hegemony. Psychologically, this may have been an important counter to generations of West Briton condescension. […] Anti-materialism was often a code for anti-Englishness’.476

Is fíor, mar atá léirithe ag Maurice Goldring agus Regina Uí Chollatáin, gur thearc iad na tagairtí do bhochtannas na gceantracha Gaeltachta sna nuachtáin Ghaeilge in ainneoin cuntais ar olcas na faidhbe trí Bhéarla.477 Bhí glanchodarsnacht idir idéalú na Gaeltachta agus an cur síos diúltach ar dhíseart ainnis tionsclaíoch Shasana. Is iomaí cuntas, mar a fheicimid ar ball, ar thurasanna go dtí an Ghaeltacht, a bhí ar nós oilithreachta, agus an Ghaeltacht féin mar a bheadh tobar spioradálta ann. Molann Athbheochanóirí glaine anama mhuintir na Gaeltachta toisc iad a bheith chomh fada sin, go tíreolaíoch agus ina meon, ó thruailliú gallda, dar leo. Mar sin, d’fhéadfaí a rá go bhfuil cuid éigin den gceart ag Foster, cé gur léamh róshimplí a dhéanann sé,

475 ‘Faoi thionchar agus threoir an Chonartha chuir Boland an-spéis i bhforbairt thionsclaíocht na hÉireann agus sa mholadh do dhaoine earraí Éireannacha seachas earraí coimhthíocha a cheannach’, Proinsias Mac Aonghusa, Ar Son na Gaeilge: Conradh na Gaeilge, 1883-1993, Stair Sheanchais (Baile Átha Cliath: Conradh na Gaeilge, 1993). 476 R. F. Foster, Modern Ireland, 1600-1972 (London: Penguin Books, 1988), 448-449. 477 Maurice Goldring, Pleasant the Scholar’s Life (London: Serif, 1993), 47; agus Uí Chollatáin, An Claidheamh Soluis agus Fáinne an Lae, 114. 166

Caibidil a Ceathair dar liom, agus nach dtugann sé a gceart don éagsúlacht smaointeoireachta a bhí i gConradh na Gaeilge. Is dócha gurbh é tuairimíocht Foster a bhí ar intinn ag Tom Garvin nuair a bhréagnaigh sé ‘miotaseolaíocht’ na hAthbheochana:

There is a curious myth that the separatists wanted an agrarian, non- industrialised Ireland. It would be truer to say that the Ireland that they dreamed of was industrialised, modernised and culturally authentic; rural society was to retain all its traditional values, but was to be modern at the same time in some unspecific way. […] their visions were strange mixtures of modernising practicality, romantic anti-modernism and a vision of a society in which the classical political virtues would be realised.478

Tuigtear do P. J. Mathews go raibh an traidisiúin ag feidhmiú mar spreagadh chun nuálachta seachas mar bhac uirthi: ‘The ‘alternative modernity’ of the revival is distinctive in that it repeatedly understands the idea of tradition as a stimulus towards innovation and change rather than a barrier to it’. 479 Ba ghá dóibh luacháil a dhéanamh ar an saol faoin tuath, óir ba é an saol sin a bhíodh á lochtú ag an gcumhacht choilíneach. Gné eile den bhfrith-nua-aoiseachas rómánsúil, mar sin, ná an glóiriú a dheintí ar mhuintir na Gaeltachta, arbh de bhunadh na tuaithe iad. Go deimhin, bhí glóiriú ar shaol na tuaithe coitianta i ndioscúrsa na hAthbheochana, mar a bhí in áiteanna eile go raibh an ghluaiseacht Rómánsach láidir iontu, agus is é an t- ábhar sin a bheidh idir chamáin sa chéad chaibidil eile, nuair a rianófar stair an choincheapa seo. Sa chaibidil seo, áfach, ní mór aghaidh a thabhairt ar an déscaradh a bhí ar siúl idir an Lár (uirbeach) agus an tImeall (tuaithe) agus sinn ag díriú ar an bhfrithábharachas agus ar an lárúchán, go háirithe.

Níl aon tuairisc ar imeachtaí Chraobh Pháras ó 1908 ar aghaidh, ní léir cad ina thaobh. Mar sin féin, tháinig corrscéal ó Pháras faoi imeachtaí Gaeilge a bhí ar bun sa chathair, cosúil le sraith léachta a bhí Monsieur Yann Goblet le tabhairt ag an École des Hautes Études Sociales, rue de la Sorbonne i mí Eanáir agus mí Feabhra

478 Tom Garvin, ‘Priests and Patriots: Irish Separatism and Fear of the Modern, 1890-1914’, in Irish Historical Studies, Iml. 25, Uimh. 97, Bealtaine, 1986, 67-81. Ar fáil ag: [Rochtain: 28/07/2011]. 479 Mathews, Revival, 2. 167

Caibidil a Ceathair

1910.480 Ba é Gluaiseacht na Gaeilge ábhar a chuid léachtaí agus bhí sé sásta a chárta a thabhairt d’Éireannaigh a bhí ag cur fúthu nó ar cuairt i bPáras.

I 1913, foilsíodh tuairisc ar An Claidheamh Soluis faoi theacht le chéile a bhí ag Ceiltigh i bPáras, muintir na Briotáine, na Breataine Bige, Éireannaigh agus Albanaigh, agus ‘[b]hí ár gcara Liam Mac Giolla Brighde láithreach, agus do labhair leo ar son na hÉireann i dteangain na hÉireann. Is maith linn na Ceiltigh do bheith ag druidim i gcomhgar a chéile’.481

Má bhí feidhm shóisialta ag baint le Craobh Pháras, bhíodar díograiseach mar gheall ar an teanga, chomh maith. I mí na Samhna 1906 thug tuairsceoir Chraobh Pháras amach go raibh ar Mhac Giolla Bhríde labhairt as Béarla, ach faoi mhí Nollag na bliana dar gcionn, ba as Gaeilge a labhair sé. Tá sé réasúnta fuirist Páras a shamhlú mar áit inar tháinig Ceiltigh éagsúla le chéile, a bhuí sin, b’fhéidir don Sorbonne, áit ar múineadh an Ghaeilge idir SheanGaeilge is NuaGhaeilge. Is léir ón gcuntas seo go raibh go leor Éireannach ag obair i bPáras ag an am, mná go háirithe, agus gur chuir cuid acu spéis i gcultúr na hÉireann. Bhí tábhacht faoi leith ag baint le leithéidí Liam Mhic Ghiolla Bhríde mar idirghabhálaí idir Éire agus Páras, agus mar dhuine a dhein cúram don nGaeilge ag ócáidí poiblí. Ní mór a aithint go raibh iarrachtaí dáiríre ar bun ag eagraíochtaí ar nós Chraobh Pháras agus an Franco-Irish Gaelic League roimhe sin an Ghaeilge labhartha a chothú agus a chur chun cinn i bPáras idir 1898 agus 1913. B’fhéidir gur i ngeall ar na himeachtaí Gaelacha seo go léir a samhlaíodh Páras mar ‘Lár Caoin’ seachas mar chumhacht aintiarnúil. Bhí Athbheochanóirí na Gaeilge báúil, geanúil, fiú, ar Pháras, cé go n-athraíonn an dioscúrsa tar éis 1913. Chomh déanach le 1921, braitheadh tacaíocht Pháras do chúis na hÉireann, mar a d’aithin Máire de Buitléir agus í ann (‘Ah en Irlande! On batte pour la liberté la bas’).482 [‘Á, in Éirinn! Táthar ag troid ar son na saoirse thall ansin’.] Mar sin féin, thug sí faoi deara nach bhféadfadh an Fhrainc cabhrú mórán le cás na hÉireann, toisc fiacha móra a bheith aici ar Shasana.483 Má bhí Páras báúil i leith na hÉireann, bhí sé éagumasach ag an am céanna. Níl aon tuairisc ar thoise seo

480 ‘Irish Lectures in Paris’, ACS, Iml. XI, Uimh. 45, 15 Eanáir 1910, 8. 481 ‘Ceiltigh i bPáiris’, ACS, Iml. XV, Uimh. 2, 15 Márta, 1913, 10. 482 Máire de Buitléir. ‘Among our French and Spanish Friends’, The Catholic Bulletin, Iml. XI, Uimh, 12, Nollaig 1921, 770-773. 483 Ibid. 168

Caibidil a Ceathair na polaitíochta, ná ar an aitheantas polaitiúil a bhí á lorg ag Éirinn in aon áit eile sa phlé ar Pháras. Ach má aithníodh nach bhféadfadh Páras cabhrú go praiticiúil le hÉirinn, b’fhéidir go míneodh sé cuid éigin den gcúis gur athraigh dearcadh na nAthbheochanóirí ar Pháras ó 1913 amach. Comhtharlú a bhí ann, b’fhéidir, gur i 1913 a bunaíodh Óglaigh na hÉireann. Bhí aidhmeanna roinnt Athbheochanóirí ag athrú, agus neamhspleáchas á éileamh acu don tír. Cinneadh an aidhm seo a thabhairt isteach go hoifigiúil ag Ardfheis an Chonartha i 1915, tráth ar éirigh Dubhghlas de hÍde as an uachtarántacht. Bhí an aeráid pholaitiúil san Eoraip ag athrú go mór, freisin, agus seans gur spreag sé sin athmhachnamh faoi Pháras i measc na nAthbheochanóirí.

Félibrige Provence agus an Frithábharachas: ‘a community of spirit with the Gaelic movement’

Tá cáineadh an lárúcháin tugtha chun solais cheana féin sa chaibidil seo, sna cuntais ar an gcoimhlint idir an tImeall agus an Lár maidir le cearta mionteangacha. Ní cháintí Páras de ghnáth ar leathanaigh na nuachtán Gaelach roimh 1913, cé gur moladh gné fhrithláraithe na ngluaiseachtaí teanga sa bhFrainc. Ba í an íomhá a chuireadh chun cinn de mhuintir Provence i ndioscúrsa na hAthbheochana ná íomhá de dhream nár chuir spéis i maoin shaolta, agus a bhí sona agus spioradálta dá bharr. Tá forbairt á déanamh, mar sin, ar an nasc idir frith-ábharachas agus spioradáltacht, a bhfuaireamar blaiseadh de sa chaibidil roimhe seo. I gcomhthéacs Provence, ní cháineann na hAthbheochanóirí údarás Pháras. Go deimhin, bhíodar bog go leor ar Pháras nuair a d’fhéadfaidís a bheith níos géire. Bhí scríbhneoirí an Claidheamh cáiréiseach aidhmeanna ghluaiseacht Provençal a shoiléiriú. Ba é an freagra a tugadh ar aon ghearán go raibh an ghluaiseacht seo frithFhrancach, dar le Liam Ó Briain, ná:

‘Is annsa liom mo bhaile féin ná do bhaile-se; is annsa liom mo cheanntar féin ná do cheanntar-sa; acht is mó liom tar mheodhon mo thír dhúthchais an Fhrainnc ná iad go léir’. D’aontuigh na Félibres uile leis sin agus tá na briathra sin mar suaithcheantas aca, mar adéarfá, ó shoin i leith.484

484 ACS, Iml. XI, Uimh. 43, 1 Eanáir 1910, 2. 169

Caibidil a Ceathair

Tá sé seo ag teacht le tuairim Herman Lebovics ina leabhar True France: The Wars over Cultural Identity, 1900-1945, áit a ndéanann sé suntas den ‘dá’ dhílseacht a bhí ag tuathánaigh na Fraince: ‘France is a nation of patriots – or renegades. And everyone has two pays: each has roots in his own petit pays and all share the destiny of eternal, potentially greater France’.485 Ní hionann pays agus tír, dar ndóigh, ach b’fhéidir go n-eascraíonn cuid den teannas a bhaineann le téarmaíocht as an míthuiscint seo.

D’áitigh Liam Ó Rinn gur ghluaiseacht liteartha a bhí sa Félibrige seachas aon réabhlóid um neamhspleáchas, agus nach raibh aon deacracht ag lucht na gluaiseachta leis an bhFrainc trí chéile.486 Dar leis go raibh ‘notes from this new Provence, this sunny south, that are happy music now and then to the spirits in the stress of sterner language movements’.487 Cruthaítear pictiúr d’aeráid ghrianmhar, de dhaoine sona, neamhbhuartha, i gcodarsnacht le gluaiseachtaí eile, nach luaitear aon tír faoi leith leo. Ní móide nó go bhfuil gné éigin den rómánsachas ag baint leis an íomhá seo, a bhfuil an ghrian agus ceol sona ann. Ní thugann Ó Rinn a ceart do ghluaiseacht Provence agus an díograis a bhain léi. Ba é Fréderic Mistral file mór Provençal. Agus é ag labhairt le scríbhneoir Meiriceánach, tuairiscíodh sa ‘Literary Digest’ go ndúirt sé gurbh í aidhm na gluaiseachta ná seasamh i gcoinne láraithe agus grá a léiriú don dúiche:

There is much more in it than a desire to revive a beautiful language that has fallen in to undeserved neglect. The soul of it is the firm purpose to array against centralisation, the love of locality, of home. If our movement were restricted to Provence, it might be regarded without injustice as the last gleam of a dying glory, as the last effort of nationality about to expire. But it is not so restricted. Languedoc, Dauphiny, Gascony, Brittany are with us. And our revival extends beyond the borders of France ... All this is not the work of chance, nor the result of the effort of a single group of men. It is the natural and inevitable result of the realisation by each of these widely-scattered peoples that in their national language resides their national soul’.488

485 Lebovics, True France, 10. 486 ACS, Iml. I, Uimh. 10, 11 Márta 1905, 5. 487 Ibid. 488 ACS, Iml. XV, Uimh. 9, 9 Bealtaine 1914, 7. 170

Caibidil a Ceathair

Is deacair gan suntas a dhéanamh don ‘nationality about to expire’. Ba chuid de náisiún na Fraince Provence, náisiún nach raibh i mbaol, dar ndóigh. Is cosúil gur shamhlaigh sé náisiún le Provence, ach ní fios an i ngeall ar dhrochaistriúchán a thagann sé seo aníos, nó an raibh neamhspleáchas éigin á lorg ag an ngluaiseacht. B’fhéidir gur ‘pobal’, seachas ‘náisiún’, atá i gceist aige. Luann Mistral Languedoc, Dauphiny, an Ghascóin agus an Bhriotáin sa sliocht thuas – réigiúin imeallaithe de chuid na Fraince. Dar leis, tá níos mó ná an Fhrainc i gceist sna gluaiseachtaí teanga seo: aithníonn sé go bhfuil a leithéid ag tarlú lasmuigh den bhFrainc – go bhfuil dreamanna áirithe ag bailiú nirt toisc go dtuigeann siad an tábhacht a bhaineann leis an teanga dhúchais. Tá aidmheanna na ngluaiseachtaí seo doiléir go leor, i bhfianaise a bhfuil ráite ag Mistral. Má táthar i gcoinne láraithe, an bhfuiltear ag iarraidh féinrialach de shaghas éigin, nó cearta teanga, nó cothromaíocht dá gcultúr? Ní léir, agus ní fhiosraítear an scéal sna foilseacháin Ghaeilge ach an oiread. Maidir leis an teanga ‘náisiúnta’, ní hionann Provençal agus an teanga náisiúnta, mar sin ní foláir nó go raibh coimhlint éigin i gceist leis sin, rud a chuirtear faoi chois i ndioscúrsa na hAthbheochana in Éirinn. An amhlaidh nár thuigeadar castacht an scéil toisc a gcuid eolais a bheith ag teacht trí phriosma na Fraincise nó trí aistriúchán Béarla? Nó an sampla eile é seo den mbua áirithe úd a bhí ag Conraitheoirí, .i. neamhaird a thabhairt ar rud ar bith nár oir dá bhfís ná dá dteachtaireacht. Bhí leithéidí Uí Rinn sásta a chur ina luí ar dhaoine nach raibh aon ghearán ag lucht ghluaiseacht Provençal leis an bhFrainc i gcoitinne, gur de nádúr ‘liteartha’ seachas ‘náisiúnaíoch’ í an ghluaiseacht.489

Is iomaí cuntas ar ghluaiseacht Provençal agus ar Mistral a fhaightear i bhfoilseacháin Ghaeilge na tréimhse. Is mór an misneach agus gríosú a thabharfadh focail Mistral don Athbheochan, agus léiríodar comhbhá i leith gluaiseacht Provence sa bhFrainc. D’aithin ‘Aonghus’ an méid sin in alt ar Mistral a foilsíodh ar An Claidheamh Soluis i 1902: ‘Nár chóir go mba cúis misnigh agus luthgháire dhúinn- ne atá ag obair ar son na Gaedhilge, daoine eile d'fheicsint ag dul chúm cinn le hobair díreach dá leithéid’.490

489 ACS, Iml. I, Uimh. 10, 11 Márta 1905, 5. 490 ACS, Iml. III, Uimh. 44, 11 Eanáir, 1902, 715-6. 171

Caibidil a Ceathair

Bhí meas mór ag Athbheochanóirí ar an bhfile tuathánach, Mistral, a bhí mar shiombail na gluaiseachta Provençal. D’oir an sampla seo dóibh, dar ndóigh, mar bhí Mistral ina laoch ar an múnla a bhí á lorg acu in Éirinn. Thar aon rud eile, áfach, is mian liom a áiteamh go raibh an fhís a bhí á cur chun cinn ag lucht athbheochana Provençal an-ghar don bhfís a bhí ag lucht athbheochan na Gaeilge, go háirithe maidir le frithábharachas shaol na tuaithe.

Admhaíodh go raibh droch-chaoi ar an bProvençal, níos measa, fiú, ná cás na Gaeilge: ‘Gan aon ghó bhí an Ghaedhilg fá dheasga na dála acht bhí teanga na Probheansaile .i. Cúige atá i ndeisceart na Frainnce i riocht ní ba mheasa’.491

Ach, dar le Liam Ó Briain, agus é ag scríobh i 1910, go raibh cás Provençal i riocht níos fearr ná an Ghaeilge toisc nár stad a muintir de bheith á labhairt:

níor chaill muinntear na Probhence a dteanga riamh. Ní raibh orthu mar bhí ar locht cosnamha na Gaedhilge an teanga féin do thabhairt ar ais do na daoinibh sul má gcromthaoi ar litrigheacht do chumadh.492

Ainneoin na ndifríochtaí thuas, bhí scríbhneoirí na hAthbheochana deimhnitheach faoi ról Mistral sa ghluaiseacht Provençal: ‘d'aithbheodhadh le haon fhear amháin í’.493

Rugadh Frederic Mistral san mbliadhain 1830, agus óna óige bhí gean agus báidh aige le teangain a mháthar ar shon go mbíodh na garsúin go léir ag an sgoil ag stealla mhagaidh faoi, na thaoibh. Nach mbíodh an cleas céadna ar siubhal inár measc féin go dtí tamall ó shoin [...] Bhronn sé a shaoghal 7 a shláinte ar altóir a theangan dúthchasaighe 7 do chur Dia an rath ar a shaothar mar ba chóir.494

B’fhurasta comparáid a tharraingt idir cás Provençal agus cás na Gaeilge i ngeall ar laghad a stádais i measc an phobail – i bhfocail eile, bhíodar imeallaithe. Is díol suntais é, freisin, meafar an altóra, mar ba choitianta tagairtí don gcreideamh i ndioscúrsa na hAthbheochana. Rinne Mistral íobairt chun an Provençal a chaomhnú

491 Ibid. 492 ACS, Iml. XI, Uimh. 43, 1 Eanáir, 1910, 2. 493 ACS, Iml. III, Uimh. 44, 11 Eanáir, 1902, 715-6. 494 Ibid. 172

Caibidil a Ceathair agus a chothú, agus bheannaigh Dia obair Mistral dá réir. Mórán sa tslí chéanna, samhlaíodh go bhféadfadh an Ghaeilge a bheith mar chosaint i gcoinne pheacaí an tsaoil nua-aimseartha mar is léir ó ráiteas an Dochtúir Urramach Shahan ón Ollscoil Chaitliceach i Meiriceá, a dúirt go raibh an Ghaeilge mar ‘a balm for this suffering society of ours; a salt for the corruption and crass materialism of our age; a refreshing breeze for the wearied and disgusted heart of the modern world’.495

Má bhí bá ag na Gaeil le cúrsaí an sprid, baineann Sasanaigh agus an Béarla le hábharachas is le saint. Tá an-chosúlacht idir smaointeoireacht an Phiarsaigh agus focail Mistral, mar a chuireann ‘Aongus’ faoinár mbráid iad:

Tá baoghal mór ag bagairt orainn. Ní hé ár dteanga amháin atá i mbaoghal acht anam an chinidh chomh maith. Tá scoth sain na hintleachta ag eirghe foirbhthe searbh ó chóimheasga le droich-shibhialtacht shaoghalta. Tá amhráin dreoidhte otaire ón mbarraic 7 ó halla an cheóil gá sgaipeadh ar fuid tíre na naomh. Táimse tar éis mo dhíchioll a dhéanamh chúm an nidh sin d'athrughadh 7 rud éigin ar a mbeidh boladh an fhraoich agus puth-anáil na tuaithe do chur ’na n-ionad súd.496

Is cosúil go bhfuil an teanga fite fuaite leis an gcine, agus ní hionann cine Provence agus cine na Fraince. Cuireann Mistral ‘boladh an fhraoich agus puth-anáil na tuaithe’ chun tosaigh mar a bheadh leigheas ar an ábharachas, fuascailt ón dúil i nithe saolta. Níl iarrachtaí Mistral i bhfad ón tionscnamh díghalldaithe a bhí ar bun ag Dubhghlas de hÍde agus ag lucht an Chonartha. Tagann ‘puth-anáil’ na tuaithe aníos in eagarfhocal An Claidheamh Soluis bliain i ndiaidh do ‘Aonghus’ a alt a scríobh.

‘An Gaedheal i nUachtar’ was the watchword of Oireachtas week. [...] The hero of the hour was the Irish speaker: the old man whose torrent of Irish was the swiftest, the old woman whose folk-tales were the raciest, the little child whose songs were the most redolent of the scents of the the country.497

Scrúdófar an léiriú glórmhar ar an tuath sa chéad chaibidil eile, ach i gcomhthéacs na dtéamaí atá idir chamáin anseo, tabhair faoi deara go bhfuil lárúchán á dhéanamh ar,

495 ‘Let Us Save the Language’, Fáinne an Lae, Iml. I, Uimh. 10, 11 Márta 1899. 496 ACS, Iml. III, Uimh. 44, 11 Eanáir 1902, 715-6. 497 ‘The Apothesis of the Despised’, ACS, Iml. V, Uimh. 11, 23 Bealtaine 1903, 4. 173

Caibidil a Ceathair nó, ar a laghad, ardú céime á thabhairt do dhream a bhí imeallaithe de ghnáth i sochaí na hÉireann: muintir na Gaeltachta. Is é an Gael a bhí ‘in uachtar’ le linn an Oireachtais, ba é a bhí sa spotsholas, cé gur iondúil é a bheith ar leataobh. Bhí dearbhú luachanna na cosmhuintire fíorthábhachtach don dá ghluaiseacht teanga, agus bheadh sé seo ag teacht leis an tuiscint atá ag scoláirí faoi fhéilte cultúrtha. Agus é ag cur síos ar an bhfeis, scríobh Éamonn Ó Gallchobhair: ‘Some ill-defined idea lay embodied in the Feis of the pure, noble, upright, hard-working and Irish- speaking peasant as the chosen custodian of this old and better way of life’.498 Is é an t-athchruthú, nó an athluacháil dhúchasach seo a leagann béim ar an idirdhealú idir rialtóir agus iad siúd atá rialaithe, de réir Said: ‘Nativism, alas, reinforces the distinction even while revaluating the weaker or subservient partner. And it has often led to compelling but demagogic assertions about a native past, narrative or actuality that stands free from worldly time itself’.499 Tá an ‘féachaint siar’ thar a bheith tábhachtach sa chonstruáil seo, go samhlaítear an ‘native past’ mar áit nach dtagann athrú air, nach n-imríonn am aon tionchar air. Luann Joep Leerssen gur thosnaigh La poésie des races celtiques le Renan agus On the Study of Celtic Literature le Arnold le turas siar inar fágadh an aimsir láithreach agus am saolta laistiar de dhuine, agus ina dtéitear siar go háit a mbíonn buaine mhiotasach ann.500 Mar sin a féachadh ar an nGaeltacht agus ar Provence toisc gur caomhnaíodh an ‘seansaol’ sna ceantracha seo, dar le muintir an Láir. Samhlaíonn an Lár gurb ionann an tImeall agus áit atá ‘backward, bypassed by history, lost in time’.501

I gcás ghluaiseacht na Gaeilge agus ghluaiseacht Provence, feictear próiseas inbhéartaithe maidir le ‘hardú’ nó le luacháil chultúr na cosmhuintire. Is é an béaloideas agus na seanscéalta an ciste a thabharfaidh ‘impireacht bhur dteanga’ ar ais, dar le Mistral, agus aontaíonn Aongus leis: ‘deirim go bhfuil sa dtír seo na hÉireann ór chomh luachmhar 7 do bhí i bProbhens 7 tá súil againn go ramharfar amach é’. 502 Tagann déscaradh aníos sa dioscúrsa, mar sin, idir an tImeall, a bhí glan agus saor ó smál, agus an Lár, a bhí truaillithe; nó, an tuath, áit a raibh ‘anam’

498 Éamonn Ó Gallchobhair, ‘The Cultural Value of Festival and Feis’, in Aloys Fleischmann (eag.), Music in Ireland: A Symposium (Cork: Cork University Press, 1952), 210-217. 499 Said, Culture and Imperialism, 275. 500 Leerssen, ‘Celticism’, 1-20. 501 Ibid. 502 ACS, Iml. III, Uimh. 44, 11 Eanáir 1902, 715. 174

Caibidil a Ceathair an chine, agus an chathair a bhí corbtha. Sa bhéaloideas, bhí Lár cultúrtha eile á sholáthar ag Provence, nach raibh ag teacht salach ar Lár Caoin Pháras. Cultúr liteartha, sofaisticiúil a bhí i Lár Caoin Pháras, fad is a bhí béim ar bhéaloideas agus ar thraidisiúin an phobail curtha ar fáil in Provence. Leagadh tábhacht faoi leith ar an gcainteoir dúchais, seachas ar aon údarás lárnach i dtuiscint an Félibrige:

Dans l’argumentaire félibréen, la référence au peuple, et particulièrement au peuple des campagnes, joue un grand rôle, et ce à deux niveaux. Il y a d’abord l’idée dynamique d’une peuple qui est à la fois le refuge de la langue et de l’identité « nationale » du peuple d’oc, et la base à partir de laquelle l’avant-garde, le Félibrige, entamera la reconquête. Le peuple est ainsi la référence ultime, le gardien des souvenirs de la race vers lequel tout Félibre doit se tourner pour mieux connaître sa langue et sa culture. Mais il n’est pas directement acteur: pour revitaliser le patrimoine dont il est détenteur, il faut une action extérieure, celle des poètes et intellectuels regroupés dans le Félibrige. Eux seuls pourront exploiter les richesses de la culture populaire, et surtout eux seuls peuvent protéger le peuple contre la tentation d’abandonner cette culture pour se conformer au modèle citadin.503 [Sa dioscúrsa a bhaineann leis an Félibrige, tá ról mór ag na daoine, go háirithe ag an gcosmhuintir, agus tá dhá leibhéal ag baint leis an ról seo. Ar dtús, tá an coincheap de mhuintir Dheisceart na Fraince mar thearmann na teanga, agus mar thearmann fhéiniúlacht ‘náisiúnta’ an dreama san, gurbh iad an bonn ónar theastaigh an Félibrige an athghabháil a thosú. Dá bhrí sin is ionann an chosmhuintir agus an bhunfoinse thagartha, cosantóirí na teanga agus an chultúir. Ach ní hí a dhéanann an ghníomhaíocht: chun a n- oidhreacht a athbheochtaint, tá gá le gníomh ón taobh amuigh, is é sin gníomh na bhfilí agus na n-intleachtóirí a bhí eagraithe sa Félibrige. Iad siúd amháin a d’fhéadfadh feidhm a bhaint as saibhreas chultúr na cosmhuintire, agus is iad amháin a d’fhéadfadh an chosmhuintir a chosaint i gcoinne an chathuithe an cultúr seo a thréigean agus a bheith de réir an mhúnla uirbigh.]

D’fhéadfaí, mar sin, comparáid a dhéanamh idir an Félibrige agus Conradh na Gaeilge, óir bhain an dá dhream, den gcuid is mó, leis an ‘extérieure’ agus ba iad na hintleachtóirí a bhí in ann muintir na tuaithe – iad siúd a raibh an teanga agus an cultúr ó dhúchas acu – a ghríosú. Ba é an ról a bhí acu ná an chosmhuintir a chosaint ón gcathú aithris a dhéanamh ar an Lár. Is dócha go raibh an dá dhream, in Éirinn agus sa bhFrainc, dall ar a seasamh atharaíoch seo.504 Má bhí cosaint agus gríosú ar

503 Philippe Martel, ‘Les écrivans paysans dans le Félibrige (1860-1914)’, Ethnologie française, Iml. 18, Uimh. 3, Régionalismes, Iúil-Meán Fómhair 1988, 233-242. Ar fáil ag [Rochtain: 18/09/2012]. 504 Mórán sa tslí chéanna, aithníonn Hutchinson go raibh dhá shaghas náisiúnaithe cultúrtha ann: ‘those (mainly historical scholars and artists) who formulate the cultural ideals of the movement, and 175

Caibidil a Ceathair siúl ag intleachtóirí agus ag ceannairí na gluaiseachta, bhí uasal le híseal ar bun acu chomh maith. Cé go rabhadar coinnithe amach as an bhfís idéalach, bhí sé de chumhacht agus d’fheidhm acu an ‘saibhreas’ a aithint i measc na cosmhuintire, agus daoine áirithe a mholadh thar a chéile, fiú. Is straitéis a bhí anseo, b’fhéidir, ionas go nglacfaí leo mar cheannairí na gluaiseachta.

Toisc an aidhm chéanna a bheith ag an dá ghluaiseacht, is beag an t-iontas gur mhol Ó Rinn saothar Mistral as a chur síos ar shaol na tuaithe: ‘Mistral has always been most successful when he has treated of the legend or the lowly life of Provence’.505 Is fíor gur leag Mistral féin béim an-mhór ar shaol na tuaithe agus ar shaibhreas an bhéaloidis. ‘He loves the country and the simple life of the peasant’, mar a scríobh Caitlín Ní Bhraonáin in alt dar teideal ‘The Homer of Provence’ nuair a foilsíodh cuimhní cinn Mistral i 1906.506 Luann sí tagairt ó Claretie: ‘Frederic Mistral has published his memoirs – the soul of Provence is unfolded to the world’.507 Tabhair faoi deara gur i dtéarmaí anama a deineadh trácht ar Provence, amhail is nach bhféadfaí anam an cheantair a nochtadh i bhFraincis. Ba mhinic a áitíodh le linn na hAthbheochana nach bhféadfaí anam an Ghaeil a léiriú trí Bhéarla, go raibh an Ghaeilge riachtanach chuige sin. Mar shampla, i bhfocail an Phiarsaigh, ‘The words and phrases of a language are always to some extent revelations of the mind of the race that has moulded the language’.508 Léirigh Mistral an tuairim in agallamh gur sa teanga náisúnta atá anam an náisiúin.509 Tá deacracht sa mhéid seo toisc nárbh ionann an Provençal agus an teanga ‘náisiúnta;’ bhain an Fhraincis le náisiún na Fraince. Arís anseo, tá sé doiléir an raibh Mistral ag éileamh ceart polaitiúil don réigiún, nó an raibh cearta teanga á lorg aige don bpobal. Is sampla eile é seo den neamhshocracht a bhain le téarmaí áirithe ar nós ‘náisiún’ i mbéal daoine éagsúla.

those (generally journalists and politicians) who transform these ideals into concrete political, economic and social programmes. Bur each converges on cultural nationalism in response to a crisis of identity and purpose that is rooted in the modern world’. John Hutchinson, The Dynamics of Cultural Nationalism: the Gaelic Revival and the Creation of the Irish Nation State (London Allen & Unwin, 1987), 3. 505 ACS, Iml. VI, Uimh, 54, 11 Márta 1905, 5. 506 ACS, Iml. VIII, Uimh. 42, 29 Nollaig 1906, 8. 507 Ibid. 508 Patrick Pearse, The Murder Machine (Dublin: Whelan, 1916), 20. 509 ACS, Uimh. 841, 9 Bealtaine 1914, 7. 176

Caibidil a Ceathair

Chuir Liam Ó Briain an tuairimíocht chéanna i leith ghluaiseacht Provence: ‘Ba mhaith a thuigeadar, dá rachadh a dteanga féin ar ceal, nach raibh cóir smaointe do nochtfadh comh [sic] beacht, comh hoireamhnach dóibh féin le fághail agus bhí ’san tsean-teangaidh do ráinic iad glún ar ghlúin ó thúismighthoiribh a gcinidh’.510

Ag óráid ag Carraig an Ime a foilsíodh ar An Claidheamh Soluis, dúradh i dtaobh na Gaeilge:

the extinction of such a language would be an irretrievable loss – a gap in the continuity of their national being; the cutting off of their intellectual life; the cutting off of their religious life, their sacred traditions and romances, and their matyrs’ struggles.511

Tá an téis seo mar chuid lárnach de fhealsúnacht na ngluaiseachtaí éagsúla, gluaiseacht na Gaeilge, Provençal agus na Briotáinise. Rianaíonn Ní Bhraonáin stair Athbheochan Provençal chomh fada siar le 1854 nuair a bhí an file óg Joseph Roumanille ar scoil. Nuair nár thuig a mháthair dán a chum sé as Fraincis, ghoill sé go mór air. ‘Deeply pained young Roumanille determined to write henceforward in a dialect which would be understood by his old mother and by the country folk round about’.512 Arís anseo, tá gradam á thabhairt do na tuathánaigh mar gur theastaigh ó Roumanille go dtuigfidís é, agus ba thábhachtaí leis é sin ná dul i bhfeidhm ar mhuintir Pháras, an Lár, sa teanga choitianta, an Fhraincis chaighdeánach.

D’eagraigh Roumanille cruinniú d’fhilí Dheisceart na Fraince, áit ar shocraíodar ‘Felibres’ a thabhairt orthu féin, cuma arbh de bhunadh Provence, Languedoc nó Gascon iad. Bhí file óg ina measc, Frederic Mistral, ‘now the Craoibhin [sic] of the Revival movement in the South’ i bhfocail Ní Bhraonáin.

Mistral is the great force of the language movement in the South. He insists that the Provencal is not a patois, but a distinct language of its own. Not only has he written poetry and plays but he has worked at the compilation of a dictionary, and in collecting from the old people around him a wealth of

510 Liam Ó Briain, ‘An ‘Félibrige’ san bProvence’, ACS, 24 Nollaig 1909, 8. 511‘The Value of the Irish Language and Irish Literature’, ACS, Iml. 1, Uimh. 4, 17 Meitheamh 1899, 216. 512 ACS, Iml. VIII, Uimh. 42, 29 Nollaig 1906, 8. 177

Caibidil a Ceathair

words which were in danger of being lost, but are now revived by the young students in the movement.513

Is léir na cosúlachtaí idir an cur chuige a bhí ag an dá ghluaiseacht. Cuireadh béim ar fhoclóireacht agus ar bhailiú focal ó sheandaoine, agus ar chumadh na nualitríochta, idir fhilíocht agus dhrámaí. Is díol suntais é gur luadh go raibh ar Mistral an Provençal a chosaint ó lucht cáinte a dúirt nach raibh inti ach patois mar chuir Robert Atkinson an rud céanna i leith na Gaeilge. Ní raibh sa NuaGhaeilge ach ‘a dismal swamp’, dar le Atkinson, i ngeall ar a heaspa rialtachta.514 Ní hamháin gur cháin sé an teanga, ach d’ionsaigh Atkinson ábhar na litríochta Gaelaí – á rá ag an gCoimisiúin Leas-Ríoga ar an Meánoideachas go raibh sí seafóideach nó mímhorálach: ‘I would say it would be difficult to find a book in ancient Irish in which there was not some passage so silly or so indecent as to give you a shock from which you would not recover during the rest of your life’.515

Is éasca comparáid a dhéanamh idir cúinsí na Gaeilge agus cúinsí na teanga Provençal mar a chuir Ní Dheisigh síos orthu anseo: ‘When Mistral was a child his native tongue was a mere patois. It was given no consideration, was spoken only by the poor and uneducated, and held no place in any scheme of education, culture, or literature’.516

Ní fios an ndeachaigh tuairimíocht Max Müller i bhfeidhm ar ghluaiseacht Provençal sa tslí chéanna is a dhein sé dlisteanú ar chanúint na ndaoine i gcás na Gaeilge.517 Ach, nuair a bhí an Félibrige i mbarr a réime, tuigeadh gur trí Provençal amháin a nochtfaí mothúcháin mhuintir Provence:

It used to be said that patois was incapable of expressing ideas, or thought, and was only useful for the farmyard and practical daily life. Now Provençal was exalted as being the only medium by which the ‘true emotions and

513 Ibid. 514 J.P. Mahaffy, Evidence to Vice Regal Inquiry, Gaelic League Pamphlet no. 12 (Dublin: Gaelic League, 1901). 515 Luaite in ‘Trinity’s Attack on the Irish Language’, ACS, Iml. IV, Uimh. 46, 24 Eanáir 1903, agus ag O’Leary, The Prose Literature of the Gaelic Revival, 223. 516 ACS, Uimh. 837, 11 Aibreán 1914, 6. 517 Ó Conchubhair, Fin de Siècle na Gaeilge, 204. 178

Caibidil a Ceathair

obscure sentiments’ of the Provençals could develop and express themselves.518

Áitíonn Liam Ó Briain gur teanga ó cheart í an Provençal atá ‘níos Laidionamhla i bhfad ná an Fhrainncis, ach mar sin féin tá sí ’na sain-teangaidh ó’n Iodáilis agus ó’n Spáinnis’.519 Soláthraíonn sé ginealach ársa údarásach don Provençal sa chur síos seo. Dar le Weber, ba patois í an Provençal toisc nach rabhthas ag scríobh sa teanga sin faoi na 1850idí, toisc í a bheith scoilte i gcanúintí, agus toisc nár úsáid an uasaicme a thuilleadh í, ach amháin chun déileáil leis an gcosmhuintir. 520 Bhí gluaiseachtaí teanga faoi bhrú a thaispeáint gur teangacha sainiúla a bhí ina dteanga féin agus luaigh Ó Rinn go raibh deacrachtaí ag baint le canúintí Provence faoi mar a bhí in Éirinn.521 Is canúint de chuid Occitan atá sa Provençal, cé go n-úsáidtear an téarma ‘Provençal’ go minic le cur síos a dhéanamh ar chanúintí uile Occitan.

Pearsa ar nós an Chraoibhín ab ea Mistral i súile na nAthbheochanóirí – duine a bhí go díograiseach ag iarraidh mionteanga a chaomhnú i dtír a raibh mórtheanga i réim. Rinne Ní Bhraonáin comparáid idir na ‘Cours d’Amours’ agus an tOireachtas agus léirigh sí an mhian go mbeadh Mistral mar chuairteoir ag an bhféile Ghaelach:

It is hoped that Mistral may one day be a guest at our Oireachtas. In other countries his presence at a literary gathering is sufficient to fill the assembly with wild enthusiasm, which the peasant poet with great dignity accepts as a tribute to his dark-eyed people in the Sunny South. 522

D’fhéadfadh Mistral lucht na Gaeilge a chumasú agus an ghluaiseacht a neartú. Ina cheantar féin, chreid sé gur ghá oideachas a chur ar an gcosmhuintir ina dteanga dhúchais: ‘[Mistral] believes in educating the people around him, giving them every opportunity for culture, provided that the education is given in their own language’.523 Tugann an ráiteas seo The Murder Machine le Pádraig Mac Piarais

518 Zeldin, France 1848-1945, 46. 519 Liam Ó Briain, ‘An ‘Félibrige’ san bProvence’, An Claidheamh Soluis, 24 Nollaig 1909, 8. 520 Weber, Peasants into Frenchmen, 80. 521 Luaigh Liam Ó Rinn ‘dialect trouble’ ina alt An Claidheamh Soluis, 11 Márta 1905, 5. 522 ACS, Iml. VIII, Uimh. 42, 29 Nollaig 1906, 8. 523 Ibid. 179

Caibidil a Ceathair chun cuimhne, i ngeall ar an mbéim a leagadh sa téacs ar theagasc tríd an teanga dhúchais: ‘Irish should be made the language of instruction in districts where it is the home language, and English the ‘second language’, taught as a school subject’.524 I ngeall ar chumhacht na mórtheanga sa tsochaí, brúitear an mhionteanga go dtí an tImeall. Ba ghá athluacháil a dhéanamh ar an mionteanga ionas go nglacfaí léi mar mhodh teagaisc.

Chuathas níos faide fós leis an gcomparáid nuair a scríobh ‘G. J. H. B’. go raibh an dá ghluaiseacht níos gaire dá chéile ná aon ghluaiseacht eile: ‘The Provencal language revival, with its Félibres and its fresh vein of literature, has, undoubtedly, more than all others in Europe, a community of spirit with the Gaelic movement’. 525 Molann an t-údar idéalachas na gluaiseachta i bProvence, an neamhshuim a léirítear in airgead agus an tslí ina sáraítear an t-ábharachas ann:

At [the Floral Games] poets strive against one another, not for money, nor even for prizes of books or medals, as is our custom in the North, but simply for a flower. […] It is idealistic in character. It sets beliefs above commercial materialism.526

Cé gur duaiseanna airgid agus leabhar a bronnadh ag féiltí Gaelacha ar nós an Oireachtais, braitear go bhfuil na luachanna céanna agus ‘a community of spirit’ i gceist sa dá ghluaiseacht toisc iad a bheith ar an Imeall, lasmuigh de chultúr an mhóréilimh. Má tá tionsclaíocht agus ábharachas i gceist leis an léiriú ar an Lár i ndioscúrsa na hAthbheochana, tá gluaiseacht na Gaeilge breá sásta í féin a lonnú ar an Imeall, i dteannta Provençal agus na Briotáinise. Ar an lámh eile, theastaigh ó Chonradh na Gaeilge go mbeadh an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach lárnach i saol na hÉireann, is é sin, go lárnófaí an tImeall.

Is mar bhagairt a samhlaíodh cultúr an Láir agus ba mhinic trácht ar an nGaeilge mar bhalla cosanta i gcoinne an ghalldaithe. Feictear an rud céanna luaite i leith an Provençal.

524 Pearse, The Murder Machine, 47. 525 ACS, Iml. XII, Uimh. 16, 25 Meitheamh 1910, 8. 526 Ibid. 180

Caibidil a Ceathair

[In Mistral’s work] we can picture graphically to ourselves the old world life lived in that sunny province of Southern France. It was this old world life, with its traditional customs, that Mistral strove to protect against the advancing flood of modern ideas and ways. The barrier that he raised was the language of Provence, and the weapons he placed in the hands of his fellow workers were the love and veneration of their nation past.527

Ní hionann an bhrí atá le ‘náisiún’ anseo agus atá i gcomhthéacs eile óir is ag tagairt do phobal Provence atá Mistral anseo, dar liom. Bhí an fheidhm chéanna ag an bProvençal is a shamhlaigh an Dochtúir Urramach Shahan leis an nGaeilge níos túisce, go mbeadh an Ghaeilge mar leigheas ar chaimiléireacht agus ar thruailliú na sochaí: ‘a balm for this suffering society of ours; […] a refreshing breeze for the wearied and disgusted heart of the modern world’. 528 Chabhródh an tírghrá le muintir Provence nósanna agus traidisiúin an cheantair a chaomhnú i gcoinne thaoide an láraithe.

San alt céanna ag S. Ní Dheisigh, tá tagairt d’aistriúchán Béarla ar dhán Mistral ‘To our People’. Tugann sí ‘an impassioned cry for the preservation of old Provence, its language, customs, traditions, and way of life’ ar an dán.529

Oh people of Provence How you let yourself be led Without shelter or defence, Abandoned by outrage. At the school they take from you The language of your fathers. They achieve your dishonour In changing your nature.530

Leanann an dán ar aghaidh ag cur síos ar stair a chine agus an tslí ina bhfuil sé ag tabhairt cúl lena oidhreacht. Cor i gcoinne an nádúir is ea teanga do shinsir a thréigean, de réir an dáin seo. Tá cosúlachtaí idir dán Mistral agus an dán ‘Mise Éire’ le Pádraig Mac Piarais, go háirithe i ngeall ar na mothúcháin atá á múscailt iontu. Tá muintir Provence fágtha uaigneach agus leochaileach, díreach cosúil leis

527 ACS, Uimh. 837, 11 Aibreán 1914, 6. 528 ‘Let Us Save the Language’, Fáinne an Lae, 11 Márta 1899, luaite in Philip O’Leary, Gaelic Prose in the Irish Free State, 1922-1939, (Dublin: University College Dublin Press, 2004), 21. 529 ACS, Uimh. 837, 11 Aibreán 1914, 6. 530ACS, 11 Aibreán 1914, 6. 181

Caibidil a Ceathair an gCailleach Bhéarra. Tá tón teagascach le sonrú i ndán Mistral agus i ndán an Phiarsaigh. Is gníomh neamhómóis, neamhurraime atá ar bun ag an gcosmhuintir sa dá dhán, cé go bhfuil an Piarsach níos géire sa cháineadh a dhéanann sé ar mhuintir na hÉireann.

Pointe comparáide eile idir Mistral agus an Piarsach ná a gcuid tuairimí faoi chúrsaí oideachais. Luann an Freeman’s Journal cuimhní cinn Mistral san alt ‘The Poet of the Provencal’ i 1909 inar léirigh sé a aidhm:

to bring back to life in Provence the racial feeling that I saw perishing under the false and unnatural education of all the schools; secondly, to use towards this resurrection the natural and historical language of the country against which the schools were making deadly war; thirdly, to give life and growth to the Provencal by the magic of poetry.531

Aistriúchán is ea an píosa thuas ar shliocht as Mes Origines, Mémoires et Récits, cuimhní cinn Mistral.532 Cé gur thagair Mistral do ‘race’ uaireanta, bhí baint mhór ag an téarma le ‘enraciné’ nó an smaoineamh go bhfuil dream fréamhaithe sa talamh i gceantar faoi leith. Tá dhá chiall leis an bhfocal ‘race’, dar ndóigh, ceann is ea cine, ach baineann sé le ‘racy’ freisin, nó graosta. Is díol spéise é an dara bhrí seo toisc gur samhlaíodh graostacht áirithe le Páras, .i. clubanna snagcheoil, ceol caibiré agus a leithéid. Tagraíonn an Piarsach do chúrsaí cine freisin:

A new education system in Ireland has to do more than restore a national culture. It has to restore manhood to a race that has been deprived of it. […] I remember once going into a schoolroom in Belgium and finding an old man talking quietly and beautifully about literature to a silent class of boys; I was told that he was one of the most distinguished of contemporary Flemish poets. Here was the sort of personality, the sort of influence one ought to see in a schoolroom. 533

I gcás an Phiarsaigh, tá cúrsaí cine fite fuaite le féinmhuinín agus bród. Leag Mistral agus an Piarsach béim nach beag ar chúrsaí oideachais mar b’fhacthas dóibh go

531 ‘The Poet of Provencal’, Freeman’s Journal, 2 Meitheamh 1909, 6. 532 Fréderic Mistral, Mes Origines, Mémoires et Récits, leabhar leictreonach ar fáil ag Project Gutenberg. Ar fáil ag: [Rochtain: 06/02/2013]. 533 Pearse, The Murder Machine 182

Caibidil a Ceathair ndéanfaí sprid agus féinmheas cine a athnuachan sna scoileanna. Bhí féiniúlacht mhuintir an Imill faoi ionsaí leanúnach ag córas oideachais an Láir, dar leo. Bhí ról nach beag ag an teanga dhúchais, óir ba í teanga ‘nádúrtha’ an chine í. Tá sé le braistint gurbh ionann ‘cine’ agus ‘pobal’ i gcás an Phiarsaigh. Is díol spéise é an tábhacht a leagadar beirt ar an bhfilíocht freisin.

Molann alt sa Freeman’s Journal an obair a rinne Mistral chun nósanna, ceol, cultacha agus suíomhanna ómóis (‘venerable sites’) a chaomhnú. Bhunaigh sé Músaem ag Arles in onóir shaol an cheantair ach ba ina chuid filíochta féin a caomhnaíodh an saibhreas is fearr den gcultúr: ‘all his work has been to tell the praises and the story of his ‘Comptesse de la Sirvente’, the Kaitlin ni Houlihan of his dream’.534

Toisc go mbíodh an Freeman’s Journal á léamh chomh forleathan sin ar fud na hÉireann, d’fhéadfaí a áiteamh go raibh Mistral i mbéal an phobail, nó, ar a laghad go raibh a ainm ar eolas ag daoine. Bealach amháin go bhféadfadh mic léinn agus muintir Bhaile Átha Cliath eolas a fháil ar Mistral ná tríd an Ollamh Rudmose- Brown a bhí ag obair i gColáiste na Tríonóide.535 Céimí de chuid Aberdeen ba ea ‘Ruddy’ agus ceapadh é ina Ollamh le Teangacha Rómánsacha i gColáiste na Tríonóide sa bhliain 1909, toisc nach raibh aon ollúnacht sa bhFraincis ann taca an ama sin. Ba é an Provençal an t-ábhar spéise is mó aige agus ba mhór an chúis bróid dó a bheith tofa ina Félibre de chuid Chumann Mistral. Is fíor nach samhlaítear nasc rómhór idir Athbheochan na Gaeilge agus Coláiste na Tríonóide, ach chuir sé a mhac go Scoil Éanna, faoi stiúir an Phiarsaigh.536

Ní mic léinn Choláiste na Tríonóide amháin a bhíodh ag éisteacht le Rudmose-Brown. Tá alt sa Freeman’s Journal i 1921 ‘Professor Rudmose-Brown Traces Provencal Poets’ Influence’. Bhí tuairisc san alt ar léacht phoiblí a thug an tOllamh i mBaile Átha Cliath. Labhair sé faoi anáil Provençal i saothar Dante, faoin bProvençal - ní mar iarsma de theanga, nó mar theanga mharbh ach mar theanga a bhí ina steillbheatha ar fud Dheisceart na Fraince agus Oir-Thuaisceart na Spáinne.

534 ‘The Poet of Provencal’, Freeman’s Journal, 2 Meitheamh 1909, 6. 535 Tá eolas le fáil ar T.B. Rudmose-Brown sa leabhar Skeff a scríobhadh ar bheatha Owen Sheehy- Skeffington. Andrée Sheehy Skeffington, Skeff: The Life of Owen Sheehy Skeffington, 1909-1970 (Dublin: The Lilliput Press, 1991), 37. 536 Sheehy Skeffington, Skeff. 183

Caibidil a Ceathair

Bhí an tOllamh deimhnitheach de nach aon patois a bhí sa Provençal ach gur theanga í a labhair na milliúin daoine. Féach freisin an bhéim ar sheandacht Provençal, rud a bhí coitianta agus Athbheochanóirí ag trácht ar an nGaeilge: ‘Though its classical tradition died with the XIIIth century, a continuous tradition kept the written language alive until Mistral and Aubanel and a host of other – including an Irishman, Bonaparte-Wyse – brought fruit to the barren tree’.537 Tá cuntas ar fáil i dtaobh Bonaparte-Wyse ar shuíomh idirlín na Leabharlainne Náisiúnta:

[William Charles Bonaparte-Wyse] was a captain in the Waterford Artillery and spent much of his working life in the army. He became High Sheriff of Waterford in 1855. As a young man he travelled in the south of Europe, and while at Avignon was much attracted by the work of the Félibres, who claim descent from the ancient troubadours of Provence. He joined the society and became an ardent student of the language. He wrote a series of lyrics and sonnets in French, English, and Provençal. He married, in 1864, Ellen Linzee, daughter of W.G. Prout of St. Mabyn, Cornwall, and they had four sons, one of whom was Andrew Nicholas Bonaparte-Wyse […] He died at Cannes on 3rd December, 1892.538

Ba chúis bróid do na hAthbheochanóirí an Gael seo a bheith nasctha le gluaiseacht Provençal. Bhí cuid éigin den gcath céanna á throid acu i bProvence agus a bhí ag Conradh na Gaeilge abhus. Eiseamláir fholláin a bhí i bProvence cé go raibh an Bhriotáin níos tarraingtí d’Athbheochanóirí na Gaeilge, mar a léireofar sa chéad chaibidil eile. Ba iad an frithábharachas agus an frithlárúchán ba mhó a tháinig aníos sa dá ghluaiseacht: Provençal ag lorg cearta áirithe ó Pháras, agus an Conradh ag lorg cearta agus tacaíocht don nGaeilge ó rialtas Shasana i Londain, agus, go deimhin, ó mhuintir na hÉireann féin. Scrúdófar an frithlárúchán a tháinig chun cinn i ngluaiseacht na Briotáine sa chéad chaibidil eile, ach is fiú a rá ag an bpointe seo go raibh tráchtairí na hAthbheochana dian ar Pháras mar údarás lárnach agus iad ag plé cás na Briotáine. Ach bhíodar sásta an tImeall agus an Lár a shuíomh pé áit a d’oir dá dteachtaireacht féin chomh fada agus a bhain le Páras agus le Provence. Maidir le gluaiseacht Provençal, is spéisiúil gurbh é an t-easaontas ba chúis leis an easpa dul chun cinn a baineadh amach: ‘the Felibres remained a small minority and failed to

537 ‘Professor Rudmose-Brown Traces Provencal Poets’ Influence’, Freeman’s Journal, 25 Samhain, 1921, 3. 538 Ar fáil ag: < http://www.nli.ie/pdfs/mss%20lists/bonaparte-wyse.pdf > [Rochtain: 21 Lúnasa 2012]. 184

Caibidil a Ceathair acquire mass influence, because they were torn by fundamental disagreements which paralysed them’.539 D’fhéadfaí a áiteamh gur pointe comparáide eile is ea é seo le Conradh na Gaeilge, óir ba iad an t-aighneas agus an choimhlint ba chúis le dul i léig an Chonartha i mblianta tosaigh an tSaorstáit.540

Alphonse Daudet: an tImeall agus an Lár

Áirítear Alphonse Daudet i measc cheannródaithe an ghearrscéil agus ba é saothar Daudet ba mhó a aistríodh go Gaeilge i dtréimhse na hAthbheochana.541 Seachas trí eisceacht, ba i ndiaidh 1919 a aistríodh scéalta Daudet.542 Is beag scéal ina measc siúd a bhí lonnaithe i bPáras, cé go bhfuil tagairtí (diúltacha) do Pháras i scéalta áirithe atá suite faoin tuath. Ní nach ionadh, mar faoin tráth seo, bhí fís na nAthbheochanóirí fréamhaithe i saol na tuaithe. Roghnaíodh luathshaothar Daudet, de ghnáth, scéalta a bhí lonnaithe i bProvence, ina ndéantar cur síos ar shaol simplí, réchúiseach agus ar phobal díograiseach, idéilithe, fiú. Scrúdófar anois an léiriú ar an Imeall tuaithe agus an Lár cathrach mar a fheictear é i ngearrscéalta Daudet a aistríodh go Gaeilge.

Tá go leor tráchta ar thionchar Daudet i ndioscúrsa na hÉireann. Ba é breithiúnas Mháirtín Uí Chadhain ná go raibh saothar Uí Chonaire an-chosúil le scríbhneoireacht Daudet: ‘Is cosúla Pádraig Ó Conaire le Daudet – Daudet Letters de mon Moulin – Daudet ar a fháilíocht, ar a dhaonnacht, ar a bhá, ar a neamhghangaid, ná aon údar eile Éireannach, Gaeilge ná Béarla’.543

Ní hé an Conaireach amháin a bhí faoi anáil Daudet; bhí rian Daudet le brath

539 Zeldin, France 1848-1945, 52. 540 Féach O’Leary, Gaelic Prose in the Irish Free State, 23-89. Dualgas an stáit a bhí sa Ghaeilge i nidiaidh 1922. Tugann John Coolahan suntas den ualach a leagadh ar na scoileanna: ‘In 1922 there was a further radical change with the introduction of a programme inspired by the ideology of cultural nationalism. What was attempted following independence was a cultural revolution with the schools acting as the agents of change’. John Coolahan, Irish Education: Its History and Structure (Dublin: Institute of Public Administration, 1981), 7. 541 Féach Risteárd de Hae, Clár Litridheacht na Nua-Ghaedhilge, 1850-1936, 3 Imleabhair (Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair, 1938). Tá caibidil iomlán ar Daudet i leabhar iomráiteach Sheáin Uí Fhaoláin, The Short Story (Cork: Mercier Press, 1948, 1972), 49-94. 542 Ba iad an trí eisceacht a aistríodh roimh 1919 ná ‘An Léigheann deireanach’, An Gaodhal, Lúnasa 1902; ‘Elicsir an Athar Góisir’, ACS, 14 Nollaig 1912; ‘An Ceacht Deireanach’, ACS, 5, 26 Iúil 1913. 543 Máirtín Ó Cadhain, ‘An Gearrscéal sa Ghaeilge’, in Seán Ó Mordha, (eag.), Scríobh 5 (Baile Átha Cliath: An Clóchomar, 1981), 100-105. 185

Caibidil a Ceathair i saothar an Phiarsaigh leis, mar a mhaítear i leabhar Mc Cormack:

Pearse graduated in Modern Languages (including French) in 1900. Ciaran Brady has observed in conversation that, behind Pearse’s Gaelic short fiction, Alphonse Daudet (1840-1897) presided, with Lettres à [sic] mon Moulin (1869) in his hand, published ten years before An Piarsach was born.544

Cé nach raibh saothar Daudet ar an gcúrsa Idirmheánach fad is a bhí an Piarsach ag staideár, ainmníodh Lettres de mon Moulin ar shiollabas an mheánghráid don mbliain 1914.545 Is ó 1919 amach a aistríodh formhór scéalta Daudet go Gaeilge.546

I bhfoirm litreach atá an scéal ‘Installation’ a scríobh Alphone Daudet, agus a d'aistrigh Risteárd Ó Foghludha go Gaeilge. Baineann sé leis an gcnuasach scéalta Lettres de mon Moulin, scéalta a chuireann síos ar shaol Daudet nuair a chuir sé faoi i muileann gaoithe in Provence.547 Is é 'Installation' an chéad scéal sa chnuasach seo ina gcuireann Daudet síos ar an sásamh a bhaineann sé as a bheith ina chónaí faoin tuath tar éis dó bogadh ann ó Pháras. Dar ndóigh, ciallaíonn an focal 'installation' bogadh nó socrú síos in áit nua. 'Tosach Oibre' a thug Fiachra Éilgeach air san aistriúchán.

Agus tar éis an méid sin a d’innsim duit, cionnas a mheasair go mbeadh éan- aithreachas ormsa toisc mé bheith scartha le nbhur bParas dhubh ghleoidh? Is mise atá go compordach annso im mhuileann! Sidé díreach an sórt látharach a bhí uaim, cúinnín brothalach cumhra atá suidhte míle léig i gcéin ó pháipéaraibh nódhachta, ó chóistíbh, ó cheo na cathrach!548

Tá an reacaire ag labhairt go díreach leis an léitheoir agus is diúltach an léiriú a dhéanann sé ar Pháras. Is ionann Páras agus an saol nua-aimseartha: nuachtáin agus cóistí. Is díol suntais é ‘ceo na cathrach’ toisc go laghdaítear cumas an duine chun féachana sa cheo, amhail is go gcuirtear dallamullóg air sa chathair. Tá sé in ann níos mó a fheiceáil agus a thuiscint faoin tuath. B'fhearr leis a ‘c[h]úinnín brothalach

544 Mc Cormack, Dublin 1916, 77. 545 Irish Independent, 3 Iúil 1913, 6. 546 Roimh 1919, aistríodh trí scéal le Daudet, de réir liosta de Hae. Idir 1919 agus 1923, foilsíodh 18 aistriúchán óna shaothar. 547 Is cosúil nár mhair Daudet sa mhuileann gaoithe in aon chor. Féach Murray Sachs, The Career of Alphonse Daudet: A Critical Study (Cambridge, Massachusetts: Harvard University Press, 1965). 548 Fiachra Éilgeach, ‘Tosach Oibre’, Misneach, 18 Nollaig 1920. 9. 186

Caibidil a Ceathair cumhra’, an focal 'cumhra' á shonrú arís, a luaitear chomh minic sin sa dioscúrsa ar an Imeall, chun cur síos ar an tuath.

Bhíos i láthair nuair a chas an tréad ó sna cnocaibh chum feirmeach annso thíos, agus bheirim mo mhóid duit gur taitneamhaighe liomsa mar radharc é ná a raibh agaibhse le seachtmhain d’oidhcheanta tosaigh dráma i bParas. Féach ciaca bfhearr leat féin.549

Is léir ón méid thuas gurbh fhearr leis an reacaire an radharc a bhí aige faoin tuath, ón Imeall, ná an radharc a bhí ag lucht na bpremières i bPáras sa Lár. Bhí tábhacht nach beag ag roinnt leis an tuath i ndioscúrsa na hAthbheochana agus i réigiúnachais na Fraince.

I bPort Láirge a foilsíodh Green and Gold: A Magazine of Fiction a bunaíodh i mí na Nollag 1920 agus d’fhoilsítí gearrscéalta as Gaeilge agus as Béarla ann. Níor aistríodh aon ghearrscéal ó theanga iasachta go Béarla ó bunaíodh an iris, ach foilsíodh aistriúcháin go Gaeilge. Ina measc, bhí aistriúchán Labhráis Bhreathnaigh ar ‘Le Sécret de Monsieur Cornille’ de chuid Daudet.550 Mar aon le haistriúchán an Bhreathnaigh, d’aistrigh Risteárd Ó Foghludha leagan eile den scéal céanna, ‘Rún an Mhuilteóra’.551 Is beag muileann gaoithe atá fágtha ó tugadh isteach na muilinn nua ghaluisce, seachas muileann gaoithe Monsieur Corneille. Tá Corneille go mór i gcoinne an fhoráis seo a tháinig ón diabhal, dar leis. Is fearr leis i bhfad an seanmhuileann a úsáideann gaoth Dé. Cé nach dtugann éinne cruithneacht chuige níos mó, leanann sciatháin an mhuilinn orthu ag casadh. Ní thuigeann muintir an bhaile cad é atá á mheilt aige. Ansin nochtar nach cruithneacht a bhí á meilt aige ach plástar. Tá an oiread san trua ag muintir an bhaile do Monsieur Corneille go socraíonn siad cabhrú leis an muileann a choimeád sa tsiúl. Déanann siad cinnte de go bhfuil soláthar cruithneachtan aige go dtí deireadh a shaoil. Toisc an meas a bhí ag Monsieur Corneille ar na sean-nósanna, agus i ngeall ar an gcion a bhí ag muintir an bhaile ar Monsieur Corneille, bhíodar sásta dínit an tseanfhir a chaomhnú.

549 Ibid. 550 Labhrás Breathnach, ‘Rún Maighistir Corneille’, Green and Gold, Márta-Bealtaine 1922, 64-67. 551 Risteárd Ó Foghludha, ‘Rún an Mhuilteora’, Fiche Gearrscéal ar na dtionntódh as an bhFraingcis (Baile Átha Cliath: Mhuinntir C. S. Ó Fallamhain, Teo. i gComhar le hOifig an tSoláthair, 1930), 126-133. 187

Caibidil a Ceathair

Mar a bhí i gceist le mórán de scéalta Daudet (go háirithe in Lettres de mon Moulin) tá iarracht éigin ar fhírinne a chruthú sa scéal. Tá Daudet anois ag cur faoi sa mhuileann céanna; oíche amháin buaileann cara leis isteach chuige agus insíonn sé an scéal seo dó. Scéal laistigh de scéal atá ann, mar sin, ina bhfuil Daudet ag féachaint siar ar an oíche a d’inis a chara an scéal dó.

Seanfhear faidhfe a bhuaileann chugam ar cuaird anois is arís, do b’é innis dam an oidhche fé dheire eachtra a ráinig fiche bliain éigin ó shoin go raibh baint aige leis an muileann so agamsa. Do luigh a scéal orm, agus táim a d’iarraidh é bhuanughadh ar an gcuma n-ar chuala féin é.552

Is éard atá á áiteamh anseo go raibh tóir ar an scéal seo as Gaeilge toisc an léiriú dearfach atá ann ar phobal an Imill, agus ar an meas a léirítear ar shean-nósanna na tuaithe. Téann cneastacht na cosmhuintire i bhfeidhm ar an léitheoir, agus is tréith é seo a raibh Athbheochanóirí na Gaeilge ag iarraidh a chur faoi bhráid phobal léitheoireachta na Gaeilge taca an ama seo d’fhonn iad a spreagadh, nó d’fhonn léirithe diúltacha ar mhuintir na tuaithe a bhréagnú. Bheadh an bhéim ar an ómós atá ag Monsieur Corneille don sean-nós meilte, agus an dílseacht a léiríonn muintir an bhaile dó ag teacht go mór leis an bhfís a bhí á cur chun cinn in Éirinn ag an am, cé gurbh í an scothaicme nua sa Lár a bhí á brú chun cinn, mar a mheabhraíonn Kiberd dúinn: ‘The notion of a timeless peasantry [...] was a fantasy purveyed by the new élites who had seized the positions of power in cities and towns’.553 Paradacsa mór na hAthbheochana atá anseo sa tslí go raibh Athbheochanóirí ag cur idéal áirithe chun tosaigh a d’fhág ar an trá fholamh iad toisc nár shroicheadar féin na caighdeáin Ghaelacha úd a leagadar síos.

Tearmann anama a bhí i bProvence, de réir smaointeoireacht an Félibrige, is áit shuaimhneach í, i bhfad ó ghleo an Láir. Ní raibh teorannacha an Imill seo seasmhach, áfach. Faoi mar atá luaite in áiteanna eile anseo, níor cuireadh cathair challánach Marseilles san áireamh sa leagan áirithe seo de Provence. Tearmann anama a bhí in oileán Chorsaice, cé nár bhain sé le Provence ó cheart, ach sa scéal ‘Le Phare des Sanguinaires’ a scríobh Daudet, cuimhníonn an reacaire ar thráth a raibh sé ag cur faoi ‘i dtigh soluis na Sanguinaires i mbéal cuain Ajaccio, thíos ar

552 FAL, 17 Márta 1922 agus Ó Foghludha, ‘Rún an Mhuilteora’, Fiche Gearrscéal, 126-133. 553 Kiberd, Inventing Ireland, 483. 188

Caibidil a Ceathair chósta Chorsaice. Cúinne beag aoibhinn d’aimsigheas ann chum marthanna is chum uaignis’.554 Is é Risteárd Ó Foghludha a d’aistrigh an scéal seo agus feictear idéalú áirithe ar mhuintir oileán Chorsaice. Tugtar le fios gur dhream léannta a bhí sna fir faire a bhí ag obair sa tigh solais mar bhídis ag léamh Plútarc os ard istoíche ionas nach dtitfeadh a gcodladh orthu. Saol uaigneach a chaitheadar sa tigh solais, go háirithe le linn an gheimhridh, ach moltar iad go hard: ‘ba dheas macánta nadúrtha an dream iad [...] agus is iad a bhí lán de chineáltas le n-a nduine aoidheachta’555 Is daoine fiala, fáiltiúla iad, mar sin, agus is ionann an tigh solais agus tearmann do Daudet, reacaire an scéil seo. D’oir teicníc an reacaire go mór do léitheoirí na Gaeilge, a raibh cur amach acu ar an mbéaloideas agus na trópanna reacaireachta sna scéalta úd.

Ba é breithiúnas gonta an Chadhnaigh i dtaobh na nAthbheochanóirí ná go raibh siad ‘an-tóiriúil ar Daudet’. 556 I dtréimhse na hAthbheochana, bhí idir dhúchasóirí agus fhorásóirí ag iarraidh litríocht na Gaeilge a ghríosú agus a bhisiú. Bhí saothar Daudet sásúil do dhúchasóirí agus do fhorásóirí araon toisc go raibh tréithe áirithe a bhain le scéalta béaloidis ina shaothar ach bhí sé i measc na scríbhneoirí ba cháiliúla sa bhFrainc lena ré. Bhí stíl scríbhneoireachta Daudet go mór faoi anáil na teanga labhartha, mar a mhíníonn Murray Sachs:

Daudet was able to adapt to written forms many of the verbal tricks by which a speaker established rapport with an audience. The frequent interpolations in his fiction of asides from author to reader have exactly that intention. […] Such writing can take on the loose syntax and personal idiosyncrasies of conversation. […] Daudet called such writing literature debout, ‘stand-up writing’, to suggest its kinship with spoken or declaimed material.557

Is iomaí scéal dá chuid atá i bhfoirm litreach, nó i bhfoirm dialainne, nó le go leor comhráite fite tríd; is seifteanna iad seo a chothaíonn dáimh leis an léitheoir, amhail is go mbeadh sé ag éisteacht leis an scéal. Bhí an ghné seo dá shaothar tarraingteach

554 FAL, 25 Lúnasa 1923 agus Risteárd Ó Foghludha, ‘Tigh Soluis na Sanguinaires’, Fiche Gearrscéal, 134-141. 555 Ibid. 556 Máirtín Ó Cadhain, ‘Conradh na Gaeilge agus an Litríocht’, in Seán Ó Tuama (eag.) The Gaelic League Idea (Cork: Mercier Press, 1972), 52-62. 557 Sachs, The Career of Alphonse Daudet, 176-177. 189

Caibidil a Ceathair d’Athbheochanóirí freisin toisc an tábhacht a leagadh ar chaint na ndaoine mar mheán liteartha, agus gur stíl í a bhí gairid do scéalaí an traidisiúin.

D’aistrigh Tórna sraith scéalta le Alphonse Daudet, scéalta eachtraíochta Tartarin de Tarcasson, a foilsíodh faoin teideal ‘Tartur Ó Thrascoin’ in An Claidheamh Soluis. Bhí tríocha cúig ‘eachtra’ ar fad ann agus foilsíodh iad ó mhí na Samhna 1915 go Lúnasa na bliana 1916.558 Is iad na carachtair chéanna a chuir Máire Ní Chinnéide faoi bhráid léitheoirí sa dhá alt a foilsíodh ar An Branar in 1919 agus 1920. Tugann Aindrias Ó Cathasaigh faoi deara gur mhó de chuntas a bhí ag Ní Chinnéide ná aistriúchán, agus nár dhein sí féin ná Tórna tagairt d’iarrachtaí an duine eile Daudet a chur faoi bhráid phobal na Gaeilge. 559 Is dócha go raibh scéalta eachtraíochta Tartarin tarraingteach mar fhoinse siamsaíochta: ‘Tartarin and a few of the short stories have the purest merriment for its own sake to be found in France in the nineteenth century’.560

Ní fheictear léiriú ar Pháras sna haistriúcháin go Gaeilge go dtí 1921, agus ansin féin, is léiriú diúltach a fhaightear ar an gcathair. Tá an méid seo suntasach ann féin toisc go dtugann sé le fios gurbh fhearr le hAthbheochanóirí scéalta a bhí lonnaithe faoin tuath a roghnú i gcomhair aistriúcháin. Cuir i gcás scéal Daudet a d'aistrigh Eibhlín Ní Airtnéide, ‘L’Enfant Espion’ nó ‘An Spídheadóir Óg’ in Banba i Nollaig na bliana sin. Insítear scéal Stenne, leanbh gan mháthair a dhéanann feall ar a thír nuair a thugann sé eolas d'arm na Gearmáine.

Stenne a bhí mar ainm air – Stenne óg. Leanbh de leanbhaíbh Phairise, leanbh drochshláinteach, bán ’na cheannaighthibh. B’fhéidir gur b’aois dó deich mbliadhna, b’fhéidir cúig bliadhna déag, ní fhéadfá aois a leithéid do mheas go deo.561

Tá sé le tuiscint ón sliocht thuas go raibh an chathair mífholláin agus mínádúrtha chun leanaí a thógáil inti. ‘Moucheron’ a thugann Daudet ar an mbuachaill sa

558 Torna, ‘Tartur Ó Thrascoin. An Chéad Bheart, Ag Trascoin Féin, ACS, 6, 13, 20, 27 Samhain, 4, 11, 18, 25 Nollaig 1915, 1, 8, 15, 22, 29 Eanáir, 5, 19, 26 Feabhra, 4, 11, 18, 25 Márta, 1, 8, 15, 22, 29 Aibreán, 3, 10, 17, 24 Meitheamh, 1, 15, 29 Iúil, 12, 19, 26 Lúnasa 1916. 559 Aindrias Ó Cathasaigh, Scríob Nua: An Branar, 1919-1925, (Baile Átha Cliath: Coiscéim, 2005), 34-35. 560 Sachs, The Career of Alphonse Daudet, 181. 561 Eibhlín Ní Airtnéide, 'An Spídheadóir Óg’, Banba, Nollaig 1921, 133-37. 190

Caibidil a Ceathair bhuntéacs, ach ‘cuileoigín’ a thugann Ní Airtnéide air, seachas ‘ainniseoir’. B'fhéidir gur i ngeall ar a thógáil sa chathair is ea a dhein sé feall ar a thír. Baineann dílseacht agus tírghrá leis an réigiún imeallach seachas an chathair lárnach, is cosúil. Míníonn Ó Conchubhair an tuairim a bhí coitianta ag an fin de siècle go raibh meath ag teacht ar fhearúlacht Shasana, de réir aos dána na tíre: ‘Pé áit a rachfaí i Londain nó i gcathair ar bith i Sasana, d’aimseofá gan mórán stró an meatachán arbh é an toradh ba shoiléire é nó í den mheathlú a bhí ag ithe agus ag creimeadh an chine’.562 De réir tuisceana na linne, níorbh é an t-aos óg amháin a bhí mífholláin agus á chreimeadh, ach bhí an tír féin ‘i mbaol a sláinte’.563 In Éirinn, tuigeadh do na hAthbheochanóirí gur áiteanna mífholáine a bhí i gcathracha tionsclaíocha, agus nach mbeadh rath ar Ghaeil ina leithéid d’áit. In ‘An Spídheadóir Óg’, is i dtéarmaí scanrúla a cuirtear síos ar cheantar tionsclaíoch Pháras. Agus Stenne ag déanamh a bhealaigh ón mbaile go dtí forimeall Pháras, áit a bhfuil saighdiúirí na Prúise, nochtar radharc gránna tionsclaíoch dó:

Do chonnaic Stenne óg radharc, tré n-a chéile, díreach mar a bheadh taidhbhreamh dá dhéanamh dó: ná déantúsáin agus beairricí déanta dhíobh, babhdhúnta folmha gléasta le giobalaibh fhliucha, na seimiléirí fada d’á gcur féin i n-iúil thríd an cheo agus á sáthadh féin san spéir go folamh, réabtha.564

Timpeallacht thruaillitheach is ea an chathair, an Lár, go háirithe nuair a chuirtear san áireamh gur deineadh léiriú ídéalach, ídéalaithe agus neamhúrchóideach ar an tuath sna haistriúcháin ón bhFraincis. Bheadh a leithéid seo de chur síos ag réiteach le teachtaireacht na nAthbheochanóirí i dtaobh na cathrach agus i dtaobh tionscail throm. Go deimhin, mheas go leor Athbheochanóirí go mba chóir saol na tuaithe amháin a léiriú i litríocht na Gaeilge toisc gur ón tuath a d’eascair saibhreas cultúrtha na hÉireann.565

An t-aon scéal eile de chuid Daudet a aistríodh go Gaeilge agus a bhí lonnaithe i bPáras ná ‘Léigear Bheirlin’. Arís, tá cúrsaí cogaíochta i gceist sa scéal seo, cé go ndíríonn an scéal ar ghariníon a theastaíonn a seanathair a chosaint ón bhfírinne. Tá na Prúisigh ag déanamh a mbealach ar Pháras, agus tá athair an chailín

562 Brian Ó Conchubhair, Fin de Siècle na Gaeilge, 52. 563 Ibid. 564 Eibhlín Ní Airtnéide, 'An Spídheadóir Óg’, Banba, Nollaig 1921, 133-37. 565 Féach O’Leary, Prose Litearture of the Gaelic Revival, 409- 415; agus O’Leary, Gaelic Prose in the Irish Free State, 90-164. 191

Caibidil a Ceathair

óig san airm. Ainneoin a himní, cuireann sí in iúl dá seanathair go bhfuil na Francaigh i dtreis, agus Beirlín faoi léigear acu, cé gur Páras a bhí faoi léigear i ndáiríre. Éiríonn léi sa mhéid seo le cabhair ó dhochtúir, reacaire an scéil. Faoi dheireadh, áfach, agus na Prúisigh ag máirseáil faoin Arc de Triomphe, buaileann taom an seanathair agus cailltear é.

Is scéal tírghrách é seo, agus ní léiriú diúltach ar Pháras féin, ach ar thábhacht na dílseachta. Toisc go bhfuil reacaire á insint blianta dar gcionn, tá blas na fírinne ar an scéal. Tá macalla den scéal seo le fáil sna iomaí aistriúchán ar ‘La Dernière Classe’, scéal eile de chuid Daudet, a bheidh faoi chaibidil ar ball.

Ainneoin an mheasa a bhí ag Athbheochanóirí na Gaeilge ar shaothar Daudet, aithníonn Ní Chinnéide nach raibh sé chomh maith le mórscríbhneoirí eile na Fraince: ‘cé ná raibh aige an líomhthacht chéadna scríbhneoireachta a bhí ag Balzac, nó ag Zola, nó atá ag Anatole France, d’fhág sé roinnt mhaith seod litridheachta ’na dhiaidh’. 566 Bhí Ní Chinnéide leathanaigeanta go maith ina cuid tuairimí faoin litríocht, ach bhí sí cáiréiseach a dóthain in áiteanna eile a shoiléiriú gurbh é oiriúnacht na litríochta don aigne Gaelach ba thábhachtaí di.

Ghlaoití ‘Dickens na Fraince’ ar Daudet, rud nár thaitin leis an bhFrancach in aon chor:

’Sé an leabhar so [Le Petit Chose] do thuill do Alphóns Daudet an ainm ‘Dickens na Frainnce’, ainm do chuir déistin air féin, mar ba bheag leis Sasana, a teanga agus lucht a láimhseála, agus do dhein sé comhrac aoinfhir le fear a chuir amuich air gur dhein sé aithris ar scríbhneoiríbh an Bhéarla. Chum na fírinne a rádh, is beag eolas i n-éanchor do bhí aige ar litridheacht an Bhéarla, acht mar sin féin, tá cosamhlacht idir é féin agus Dickens, go mór-mhór san leabhar so. [...] Is mar a chéile an tslighe atá aca chum pictiúir bhig do dhéanamh de fhuirinn a scéalta, agus a lochda do theastbáint dúinn chomh soiléir le n-a dtréithibh ionmholta, acht é go léir do dhéanamh chomh cneasta grádhmhar son ná bíonn fhios againn ciaca na deagh-thréithe nó na droch-thréithe is mó a thuilleann dóibh an báidh a bhí againn leo.567

Is é an comhbhá dá gcuid carachtar an chosúlacht is mó idir Dickens agus Daudet, dar léi, agus sonraíonn sí an ghné seo i mórán de shaothar Daudet, Tartarin, Jack,

566 Máire Ní Chinnéide, ‘Alphons Daudet agus cuid dá shaothar’, ACS, Uimh. 827, 31 Eanáir 1914, 3. 567 Ibid. 192

Caibidil a Ceathair

Les Rois en Exile, agus L’Immortel. Is beag plé ná anailís a dhéanann sí ar na scéalta, áfach. B’fhéidir nach chuige sin a scríobh sí na hailt sa chéad áit. Seans nach raibh uaithi ach aird a tharraingt ar leabhair Daudet, go spreagfaí daoine chun tabhairt faoi iad a léamh, nó iad a aistriú go Gaeilge, b’fhéidir.

Le linn a ghníomhréime, d’athraigh Daudet a chuid scríbhneoireachta go minic. Bhain réalachas scigléirithe lena charachtar in Tartarin; scríobh sé saothar a áirítear mar litríocht réalaíoch, agus saothair eile a bhí faoi thionchar an nádúrachais.568 Agus cháin Ní Chinnéide féin scríbhneoirí an nádúrachais i ngeall ar an gcur síos diúltach den gcine daonna ba ghnách leo a léiriú ina gcuid saothar.569 Mar sin, cé go bhfuarthas locht ar an nádúrachas (‘la littérature brutale’)570 le linn na hAthbheochana, ba é daonnacht agus bá Daudet a chinntigh nár samhlaíodh é leis an ngluaiseacht áirithe sin.

Ba é a shaothar luath (Lettres de mon Moulin, 1869, agus Tartarin de Tarcason¸ 1872) a aistríodh go príomha le linn Athbheochan na Gaeilge. Ach fiú nuair a chuaigh sé i dtreo an nádúrachais, ‘Daudet distinguished himself from the others of that school by the pity he displayed for his characters’.571 Shonraigh Ní Chinnéide an tréith áirithe sin i measc phríomhbhuanna Daudet. Ina cuntas ar bheatha Daudet, luaigh sí an tinneas a tháinig air. Buaileadh breoite le drochphianta é tráth a raibh sé ag obair ar Sappho, ‘an t-aon leabhar amháin dá chuid saothair gur gádh do lucht mholta Daudet a leithscéal do ghabháil mar gheall air, agus an leabhar dá leabhraibh is fearr go bhfuil eolas air annso, fóiríor!’ 572 Is caidreamh conspóideach, achrannach, paiseanta idir fear óg agus bean atá ag dul in aois atá in Sapho. Tá an fear óg ag iarraidh socrú síos ach tá cathú air leanúint lena shaol Bóihéamach. Cé go raibh Sapho i measc na saothar ba laige a scríobh Daudet, dar le Ní Chinnéide, is é an leabhar ba mhó a raibh aithne air in Éirinn, ba oth léi a admháil. Scéal graosta a bhí ann ina raibh caidreamh ag daoine neamhphósta, rud a chinntigh nach litríocht ‘oiriúnach’ í seo do léitheoirí na Gaeilge. Is cosúil gur scríobh Daudet roinnt mhaith leabhar idir 1881, nuair a tháinig galar air, agus an lá ar cailleadh é

568 André Lagard agus Laurent Michard, XIXe Siècle : Les Grands Auteurs Français du Programme (Paris: Bordas, 1969), 498. 569 ACS, Iml. XI, Uimh. 51, 26 Feabhra 1910, 4. 570 George O’Neill, ‘French Literature’, The New Ireland Review, Bealtaine 1898, 163-171. 571 Sachs, The Career of Alphonse Daudet, 1. 572 Máire Ní Chinnéide, ‘Alphons Daudet agus cuid dá shaothar’, ACS, Uimh. 827, 31 Eanáir 1914, 3. 193

Caibidil a Ceathair

‘agus má’s fíor é nach féidir iad do chur i gcomórtas leis na leabhraibh is fearr dár scríobh sé, mar sin féin, níl éin-cheann aca nach fiú go maith é do léigheamh’.573 Tabhair faoi deara nach dtéann sí thar fóir ag moladh na saothar déanach uaidh, agus go bhfuil míréir idir aestéitic agus teagasc morálta an tsaothair. Ba thábhachtaí i bhfad luathshaothar Daudet toisc gur chosúla stíl na reacaireachta leis an scéal béaloidis, agus i ngeall ar an idéalú a deineadh ar shaol an Imill agus ar mhuintir na tuaithe ann. Fiú i gcás Daudet, mar sin, ní raibh glactha le hiomlán a shaothair.

Cé gur tearc iad na scéalta atá suite i bPáras, mar sin féin, léiríonn siad an tslí go raibh dearcadh na nAthbheochanóirí i leith Pháras tar éis athrú. De réir mar a d’fhás caidreamh idir gluaiseachtaí teanga in Éirinn agus sa Bhriotáin, ní fhéadfadh Athbheochanóirí na Gaeilge neamhaird a thabhairt ar a laghad stádas a bhí ag an mBriotáinis. Cumhacht lárnach, aonchineálach Pháras a bhí ag diúltú cheart na teanga sa réigiún de réir thráchtaireacht na linne, mar a fheicfear ar ball. Cúis eile leis an athrú dearcaidh ab ea an t-uaisliú a bhí ar bun ar shaol na tuaithe, a bhí chomh tábhachtach sin i dtionscnamh na hAthbheochana. Má bhíodar chun saol na tuaithe a ghlóiriú, ba ghá an chathair a dhímholadh, rud a fheictear sna scéalta a roghnaíodh faoi Pháras. Dar ndóigh, toisc gur de bhunadh na cathrach mórán de cheannairí na hAthbheochana, bhíodar á bhfágaint féin lasmuigh den bhfís ídéalach a bhí cumtha acu.

Maurice Barrès, an Alsáis Lorráin agus an régionalisme

Breathnófar anois ar an tráchtaireacht faoin an Alsáis Lorráin agus ar an scríbhneoir is mó a bhain leis an réigiún sin taca an ama sin, Maurice Barrès. Tá sé feicthe againn sa chaibidil seo go raibh na díospóireachtaí a bhain leis an Imeall agus an Lár an-chasta, agus go raibh eagarthóireacht agus cinsireacht á ndéanamh ag Athbheochanóirí d’fhonn íomhá shásúil de na coincheapa seo a sholáthar. Is gá an Alsáis Lorráin a phlé léi féin, áfach, mar baineann cúinsí faoi leith leis an réigiún seo. Ceantar ab ea an Alsáis Lorráin a raibh coimhlint agus conspóid ag baint leis ó bhuaigh an Phrúis ar an bhFrainc sa chogadh i 1871. 574 Ag deireadh an Chéad

573 Ibid. 574 Philip Ouston, France in the Twentieth Century (London: Macmillan, 1972), 155-157. 194

Caibidil a Ceathair

Chogaidh Dhomhanda agus le Conradh Versailles, bronnadh na tailte seo ar an bhFrainc in athuair. Braitheadh an ‘éagóir’ seo go smior sa bhFrainc idir an dá linn. I dtuairim na bhFrancach, bhí cos ar bolg á dhéanamh ar theanga na Fraincise, agus bhí féiniúlacht na cosmhuintire as riocht leis an stát a bhí ag rialú an cheantair. Bheifí ag súil go raibh dóthain ábhar comparáide idir an Alsáis Lorráin agus Éire toisc gurbh iad na cúrsaí céanna a bhí ag déanamh tinnis do dhaoine sa dá áit. Is díol suntais é, mar sin, nach bhfuil níos mó tráchta ar réigiún na hAlsáise agus na Lorráine i ndioscúrsa na hAthbheochana in Éirinn, cé gur minic a aistríodh scéal le Daudet a bhaineann leis an gceantar. Breathnófar ar na leaganacha éagsúla de ‘La Dernière Classe’ ar ball. Tá tagairtí do thrioblóidí an réigiúin tearc go leor, cé go luaitear an scríbhneoir Maurice Barrès ar uairibh. Ní fios an i ngeall ar easpa eolais ar chúrsaí ann, nó toisc an t-achrann polaitiúil idir an Fhrainc agus an Ghearmáin ba chúis leis seo. Pé ar bith é, má luadh an ceantar sna foilseacháin Ghaeilge, bhí baint aige le cúrsaí litríochta go hiondúil.

I measc na gcéad thuairiscí ar chás na Alsáise agus na Lorráine, tá cuntas a scríobh Maighreád Ní Choinmhidhe Dobbs i 1909 ar an leabhar Colette Baudoche le Maurice Barrès. Baineann an leabhar ‘le tír agus le daoinibh a mbíonn san cás ceadna linn féin agus sgríobhadh é le smaoineadh cosamhail le spiorad a chuir Connradh na Gaedhilge ar bun’.575 Tógann sí sliocht i bhFraincis as an réamhrá a scríobh Barrès ina ndéanann sé cur síos ar aidhmeanna an leabhair:

J’ai voulu décrire les sentiments des récentes générations d’Alsasce et de Lorraine à l’égard des vainqueurs. J’admire en elles ce qui me parait le signe d’une humanité supérieure: la volonté de na pas subir, la volonté de n’accepter que ce qui s’accorde avec leur sentiment intérieur.576

[Theastaigh uaim cur síos ar mhothúcháin na nglúnta is déanaí san Alsáis Lorráin i leith na gcloíteoirí. Tá meas agam ar an daonnachas ardchéimiúil (i muintir na hAlsáise Lorráin): an misneach gan géilleadh, an misneach diúltú do gach nach bhfuil ag teacht lena mbraistint inmhéanach.]

Dar le Ní Choinmhidhe Dobbs, mhéadaigh ar bhród náisiúnaíoch Alsasce Lorraine ó tháinig na Gearmánaigh isteach sa réigiún 38 bliain roimhe sin. Choinníodar orthu

575 Maighréad Ní Choinmhidhe Dobbs, ‘‘Colette Baudoche’ par Maurice Barrès’, ACS, Iml. XI, Uimh. 31, 2 Deireadh Fómhair 1909, 5. 576 Ibid. 195

Caibidil a Ceathair ag labhairt na Fraincise agus leanadar orthu ag cleachtadh nósanna Francacha. ‘Foghluimeann siad an Gearmánach san sgoil, téidheann siad san arm agus, ar dteacht a bhaile dhóibh, labhrann siad a gcanamhain Fhrainncise arís’.577 Sheasadar in aghaidh iarrachtaí na Gearmáine iad a ‘Ghearmáiniú’.

Sa scéal seo, faigheann múinteoir óg (de bhunadh na Gearmáine) post i gcathair Metz, in Oir-Thuaisceart na Fraince. Is i dtigh na baintrí Baudoche a aimsíonn sé lóistín. Cuireann an múintoir spéis sa bhFraincis agus úsáideann sé an teanga seo leis an mbaintreach agus lena hiníon, Colette. Tugann sé faoi deara go bhfuil ‘an [t-]oideachas Gearmánach ag milleadh intleachta na nAlsasach n-óg’, agus socraíonn sé an Fhraincis a theagasc ina ionad. Titeann sé i ngrá le hiníon na baintrí, ach, cé gur maith léi é, níl sí sásta é a phósadh toisc gur Gearmánach é.

Is léir gurb í an fheidhm theagascach is mó a thaithin le Dobbs óir is leis an sliocht seo a leanas a chríochnaíonn sí an t-alt:

Tchímid i leabhar Maurice Barrès goidé mar rinne cailín óg bocht a dícheall i dtroid cosamhail agus aontuighmíd leis a bheannacht chun Colette san chaibidil deireanach: ‘Téigh ar ais, a Cholette, le do shean-mháthair ... Bí calma agus measardha, carthannach agus dílis ... lean leis an obair ... agus coimheád i nonóir [sic] a choidhche glan-teanga do náisiúin féin’.578

I gcás na hAlsáise, is cinnte nár bhain an teanga dhúchais leis an náisiún a bhí os a cionn toisc í a bheith i seilbh na Gearmáine. Bhain an dílseacht seo don bhFraincis leis an dílseacht do náisiún na Fraince, mar sin tá sé éagsúil ó chás Provence atá feicthe againn, agus éagúil ó chás na Briotáine, a bheidh idir chamáin sa chéad chaibidil eile. Is cóngaraí canúint na hAlsáise don nGearmáin ná don bhFraincis, ach ní aithneofaí sin ó scríbhneoireacht Barrès. Ní raibh sé ag trácht ar chanúint na hAlsáise, is dócha, ach ar an bhFraincis.

‘Tá a fhios ag an domhain uilig go bhfuil an prós Frainncise ar na rudaibh is fearr i litridheacht na hEorpa’, a deir Dobbs san alt ar Barrès agus tugann Jean Malye achoimre ar phrós comhaimseartha na Fraince in alt ar Maurice Barrès in The Irish

577 Ibid. 578 Ibid. 196

Caibidil a Ceathair

Review i 1913.579 Comhfhreagraí ba ea Jean Malye le foilseacháin na hÉireann, An Claidheamh Soluis ina measc. Chuir sé spéis i ngluaiseacht na Gaeilge agus scríobh sé leabhar dar teideal L’Irlande Contemporaine et la Question Irlandaise i 1908 (a bhfuil léirmheas air ag Máighréad Ní Choinmhidhe Dobbs in An Claidheamh Soluis.)580 Is i bhFraincis a scríobh sé an t-alt san Irish Review, inar léirigh sé an tuairim nach mairfeadh an nádúrachas i bhfad toisc gur leagadh an iomarca béime ar ábharachas: ‘Cette école ne put vivre longtemps, le matérialisme est trop grossier pour s’implanter définitivement dans la délicate âme de France’.581 [Ní mhairfidh (an nádúrachas) i bhfad; tá an t-ábharachas róghránna chun lonnú in anam séimh na Fraince.] Luann sé ceithre iris nua a labhrann amach i gcoinne an nádúrachais, ina measc, La Revue des Nations (iris an Ligue Celtique Française), a chosnaíonn ‘la plus noble et le plus pur esprit de la tradition de la race française’ [‘an rud is uaisle, is glaine intinne de thraidisiún an chine Fhrancaigh’]. 582 Molann Malye an saothar La Colline Inspirée go háirithe san alt, leabhar a gcuireann W.J. Mc Cormack síos air mar ‘a romano-celtoid novel in which the landscape of German-occupied Lorraine is central’.583

‘La Colline Inspirée’ est un chef-d’œuvre et peut-être est-ce le meilleur ouvrage de Maurice Barrès. [...] Dans d’autres romans, M. Barrès se fit le défenseur, l’interprète de l’âme Lorraine. Ces régions de France, les vieilles provinces, comme les individus, vivent leur vie propre et ont une âme qui leur est propre. On les a méconnues les âmes de nos vieilles provinces, on a failli même, dans une conception impie, les mettre à mort, mais enfin, on a reconnu que sans elles l’âme de la France ne saurait vivre.584

[Saothar ealaíne is ea ‘La Colline Inspirée’ agus b’fhéidir gurb é is fearr i measc saothar Maurice Barrès. [...] In úrscéalta eile, is cosantóir é Barrès, a chuireann anam Lorráine in iúl. Tá a saol féin ag réigiúin seo na Fraince, na seanréigiúin, cosúil le daoine aonaracha, tá a n-anam féin acu. Bhíomar aineolach ar anamnacha ár seanréigiún, ba bheag nár daoradh chun báis iad, ach ar deireadh thiar, aithníodh nach bhféadfadh anam na Fraince maireachtaint gan iad.]

579 Jean Malye, ‘Maurice Barrès: La Colline Inspirée’, The Irish Review, Iúil 1913, 248-253. 580 Maighréad Ní Choinmhidhe Dobbs, ‘L’Irlande Contemporaine et la Question Irlandaise’, ACS, Iml. X, Uimh. 3, 28 Márta 1908, 7. 581 Jean Malye, ‘Maurice Barrès: La Colline Inspirée’, The Irish Review, Iúil 1913, 248-253. 582 Ibid. 583 Mc Cormack, Dublin 1916, 88. 584 Jean Malye, ‘Maurice Barrès: La Colline Inspirée’, The Irish Review, Iúil 1913, 248-253. 197

Caibidil a Ceathair

In áit brú a chur ar réigiúin na Fraince a bheith i gcomhréir leis an gcumhacht lárnach (Páras), ba chóir a aithint gur sna réigiúin atá ‘anam’ na Fraince, de réir Malye. Tá an méid seo ag teacht le gluaiseacht liteartha sa bhFrainc ag an am, le régionalisme nó an réigiúnachas. Is éard a bhí i gceist leis an téarma ‘Réveil des Provinces’ [Múscailt na Réigiún] a tháinig chun cinn tar éis 1895 ná scríbhneoirí ag teacht le chéile i ngrúpaí sna réigiúin agus ag foilsiú saothar i bhfoirm paimfléide nó irise i bhfábhar ‘díláraithe liteartha’.585 I ngeall ar bhreithiúnas Pháras ar a gcuid saothar (‘trop rustique’ nó ‘ró-ainmhín’), d’iompaíodar a raibh acu ina bhuntáiste, á rá gur ina n-áit siúd a bhí ‘anam na réigiún’ (‘l’âme de la Province’).586 De bharr go raibh na hAthbheochanóirí féin ar a ndícheall ag iarraidh cultúr na hÉireann a dhílárú ó thionchar Shasana, gach seans gur dheineadar suntas do na gluaiseachtaí réigiúnda, agus gur athraigh a ndearcadh ar ‘anam na Fraince’ ó Pháras go dtí na réigiúin.

Is díol spéise é an cur síos a dhéanann Anne-Marie Thiesse ar lucht ghluaiseacht na réigiún i ngeall ar na cosúlachtaí idir iad agus ballraíocht luath Chonradh na Gaeilge:

Les écrivains régionalistes sont rarement issus des milieux populaires et sont nés plus souvent dans la bourgeoisie petite ou moyenne. Quand ils sont d’origine modeste, ils se sont généralement élevés par leurs études (c’est le cas pour les enseignants). Ils peuvent observer la culture populaire avec la sympathie qu’autorise le mélange de distance et de proximité.587

[Is annamh an rud é gur de bhunadh na cosmhuintire iad na scríbhneoirí réigiúnacha, don gcuid is mó is ón meánaicme iad. Nuair is de bhunadh measartha iad, is iondúil gurb é an t-oideachas a thugann gradam dóibh (is é seo an cás do na múinteoirí). Is féidir leo breathnú ar chultúr na cosmhuintire le bá a cheadaíonn an meascán d’achar agus de chóngaracht.]

Tá an méid thuas fior i gcás phearsana móra Athbheochan na Gaeilge: Dubhghlas de hÍde, Pádraic Mac Piarais, Pádraic Ó Conaire, agus Máire Ní Chinnéide, óir ba í a dhein eagarthóireacht ar Peig. Go deimhin, tugann Thiesse faoi deara gur minic an scríbhneoir réigiúnda ag feidhmiú mar bhailitheoir béaloidis, nó mar eitneagrafaí a

585 Anne-Marie Thiesse, ‘Le mouvement littéraire régionaliste (1900-1945)’, Ethnologie française , nouvelle serie, Iml. 18, Uimh. 3, Régionalismes Iúil-Meán Fómhair 1988, 220-232. Ar fáil ag: [Rochtain: 19/09/2012]. 586 Ibid. 587 Ibid. 198

Caibidil a Ceathair bhailíonn seanfhocail, seanscéalta agus amhráin an cheantair, nó a bhreacann nóta de na feistis agus na nósanna; mórán na dualgaisí céanna a ghlac Athbheochanóirí orthu féin agus iad sna ceantracha Gaeltachta.588

D’fhéadfaí dul níos faide leis an gcomparáid seo idir gníomhaíochtaí Chonradh na Gaeilge agus gluaiseacht an régionalisme sa bhFrainc, ach is deacair teacht ar ábhair a bhaineann le régionalisme na Fraince in Éirinn. Luann McCormack tuairim na critice Emmanuel Berl a leag béim ar an mbearna idir sochaí Lorraine mar a bhí agus an léiriú ar an tsochaí chéanna i saothar Barrès: ‘Who would realise ... that he is describing a metallurgical countryside? He has seen the mirabelliers and neglected the blast-furnaces’. 589 D’éirigh le Barrès, mar sin, neamhshuim a dhéanamh de ghné thionsclaíoch an réigiúin, faoi mar a d’éirigh le Mistral cathair Marseilles a sheachaint ina chuid scríbhneoireachta ar Provence. Tarraingíonn McCormack comparáid idir tráchtaireacht Berl agus Forógra na hÉireann, toisc nár dhein an Forógra aon tagairt do thionsclaíocht Bhéal Feirste ná do cheardchumainn.590 Sampla is ea é seo den gcomparáid atá á tosnú ag scoláirí idir an Fhrainc agus Éirinn sa tréimhse seo, tionscnamh ar mian leis an tráchtas seo cur leis.

Breathnófar anois ar ‘La Dernière Classe’, scéal ina leagtar béim ar dhíobháil údarás na Gearmáine san Alsáis-Lorráin. Aistríodh ceithre huaire ar a laghad é le linn thréimhse an tionscnaimh seo.591 I leagan na Mumhan den scéal a foilsíodh ar Misneach, rinne an t-aistritheoir, ‘Fiachra Éilgeach’, tagairt d’aistriúchán Shéamuis Uí Shearcaigh a foilsíodh ar An Síoladóir:

Molaim an tionntódh deas ar an aiste sin, atá ag Séamus Ó Searcaigh insa chéad uimhir do ‘An Síoladóir’, ach cheapas nár mhisde an scéal do chur in oireamhaint do Ghaedhilgóiríbh na Mumhan – ní hionann scéal mar seo agus an Bíobla. Ní dóigh liom go bhfuil an leagan ceadna agam féin is ag Séamus

588 ‘L’écrivain régionaliste, en fait, se double souvent d’un folkloriste ou d’un ethnographe qui collecte les proverbes, les contes, les chansons de sa région ou qui notes les coutumes et les pratiques’. Thiesse, ‘Le mouvement littéraire régionaliste’, 227. 589 Féach J.S. McClelland (eag.), The French Right from de Maistre to Maurras (London: Cape, 1970), 143-4 luaite in Mc Cormack, Dublin 1916, 88. 590 Mc Cormack, Dublin 1916, 88. 591 D’aistrigh an Bhantiarna Gregory an buntéacs go Béarla, agus d’fhoilsigh Tomás Ó Concheanainn go Gaeilge é, ‘An Léigheann Deireannach’, An Gaodhal, Lúnasa 1902; Seán Ó Gruagáin, ‘An Ceacht Deireanach’, ACS, 5, 26 Iúil 1913; Séamas Ó Searcaigh, ‘An Ceacht Deireannach’, An Síolodóir, Meitheamh 1920; Fiachra Éilgeach, ‘An Ceacht Deiridh: Viva la France’, Misneach, 5 Feabhra 1921. 199

Caibidil a Ceathair

in éin-líne tríd síos: ní headh, acht is fánach an focal céadna againn araon in éan-abairt ó thúis go deire.592 – F.É.

Ní hionann ‘La Dernière Classe’ agus an Bíobla dar le Risteárd Ó Foghludha, (Fiachra Éilgeach), toisc gur téacs diaga ab ea an Bíobla, is dócha, agus cheadaigh sin saoirse ag an aistritheoir dá réir. Ach ní foláir nó gur braitheadh gur téacs tábhachtach é 'La Dernière Classe' toisc gurbh fhiú é a chur ar fáil do Ghaeilgeoirí uile na tíre.

Is é ceantar na hAlsáise suíomh an ghearrscéil ‘La Dernière Classe’ a scríobh Alphonse Daudet, tráth ar ghlac na Gearmánaigh seilbh ar an Alsáis-Lorráin. Ba léir claonadh Daudet féin sa scéal seo, mar Fhrancach, óir is scéal maoithneach é seo ina mhúineann máistir scoile an ceacht deireanach as Fraincis dá rang. Bhí máistir scoile nua le teacht an lá dar gcionn chun an Ghearmáinis a theagasc.

‘Sidé, a chlann ó, an ceacht deiridh agamsa dá mhúineadh annso choidhche. Tá an aithne tar éis teacht anoir ó Bhérlín gan éin-teanga do mhúineadh i scoileannaibh Alsáis is Loraein feasta ach an Ghearmánais amháin... Tá an máighistir nuadh chugaibh amáireach. Sidé an ceacht deiridh agaibh sa bhFraingcis: éistighidh go cruinn liom, le nbhur dtoil’.593

I nglór buachalla óig a scríobhadh an scéal seo, agus is suntasach an úsáid a bhain Daudet as an gcéad phearsa óir is fusa i bhfad ionannú agus comhbhá a chruthú leis an gcéad phearsa ná leis an reacaire uilefhiosach. Tá áiféala ar an reacaire nár chaith sé níos mó dua le scríobh na Fraincise a fhoghlaim i gceart, agus bhí sé seo ar cheann de na cúiseanna go raibh an scéal seo chomh tarraingteach d'Athbheochanóirí na Gaeilge. Déanann an reacaire a dhícheall éisteacht go cúramach leis an gceacht deireanach. Éiríonn an reacaire pas beag maoithneach sa scéal nuair a cloiseann sé colúir, deir sé leis féin, ‘An mbeidh oraibhse, chomh maith, canadh i nGearmánais feasta?’594

Moltar dílseacht an mháistir scoile, go háirithe nuair a scríobhann sé teachtaireacht láidir pholaitiúil in airde ar an gclár dubh: ‘FRANCE, ALSACE;

592 ‘Fiachra Éilgeach’, Misneach, 5 Feabhra 1921, 3. 593 'Fiachra Éilgeach’, 'An Ceacht Deiridh’, Misneach, 5 Feabhra 1921, 3. 594 Ibid. 200

Caibidil a Ceathair

FRANCE, ALSACE’. Gníomh tírghrách is ea é seo, a raghadh go mór i bhfeidhm ar lucht léitheoireachta na hAthbheochana, a bheadh báúil le cás na hAlsáise.

Ar an iomlán, ní fhéadfaí a rá go raibh mórán tráchta ar an Alsáis Lorráin, go háirithe nuair a breathnaítear ar an iliomad alt a scríobhadh faoi Provence, agus na haistriúcháin ar scéalta Daudet. Ba chás ar leith é an Alsáis Lorráin toisc í a bheith i seilbh na Gearmáine. Ní raibh an polasaí teanga a chuir na Gearmánaigh i bhfeidhm sa cheantar chomh dian is a bhí polasaí teanga na bhFrancach roimhe sin.595 Go deimhin, bhí muintir na hAlsáise Lorráine báúil go leor i leith na nGearmánach,596 rud nach léiríodh in aon slí i saothar Barrès. Pé ar bith é, níor chuir Athbheochanóirí na Gaeilge an oiread suime san Alsáis Lorráin is a chuireadar i bPáras, ná i bProvence, ná sa Bhriotáin, mar a fheicfimid sa chéad chaibidil eile.

Críoch

Sa chaibidil seo, deineadh an caidreamh a bhí ag Athbheochanóirí leis an Imeall agus an Lár a fhiosrú. Ba ghá stair na dtéarmaí seo a rianadh mar aon leis an scagadh a dhein scoláirí orthu i gcomhthéacs na hÉireann agus go hidirnáisiúnta. Chonacthas iliomad tagairtí do mhionchultúr, do mhiontheangacha agus do náisiúin bheaga i bhfoilseacháin na hAthbheochana, agus gurbh ionann na nithe seo agus an tImeall i gcomhthéacs na hEorpa trí shúile na gConraitheoirí. Thagair an Lár, mar sin, d’Impireachtaí agus do mhórchumhachtaí na hEorpa agus tugadh faoi deara gur léiriú diúltach den gcuid is mó a dhein tráchtairí na tréimhse ar chúrsaí Eorpacha agus gur leis an Imeall a thaobhaigh siad go hiondúil.

Éiríonn an scéal níos casta agus sinn ag breathnú ar chás na Fraince, áfach. Ba dhóigh le duine go ndéanfaí cur síos diúltach ar lárchumhacht Pháras, toisc gné láidir fhrithlárnach a bheith ag baint le dioscúrsa na hAthbheochana. Ach i ngeall ar an gcur amach a bhí ag Conraitheoirí áirithe ar an gcathair is na himeachtaí Gaeilge a bhí ar siúl ann, agus toisc an meas a bhí acu ar chultúr na Fraince, samhlaíodh Páras mar ‘Lár Caoin’ go pointe áirithe. B’amhlaidh a bhí sa phlé ar an Félibrige in

595 Liliane M. Vassberg, Alsatian Acts of Identity: Language Use and Language Attitudes in Alsace (Bristol: Longdunn, 1993), 17-18. 596 Ibid. 201

Caibidil a Ceathair

Provence, toisc nár samhlaíodh aon ghné pholaitiúil leis an ngluaiseacht úd. Bhí siad ag iarraidh láthair cultúrtha eile a chruthú, ach ní rabhadar ag iarraidh baint ó lárnacht Pháras. Bhí na tráchtairí Gaeilge in ann tacú le gluaiseacht Provence, den gcuid is mó, gan ligint do pholasaithe teanga Pháras cuir isteach ar dhea-íomhá na cathrach sin. Thaitin frithábharachas na gluaiseachta leo, toisc gurbh ionann fad ón Lár agus níos lú spéise i maoin shaolta ina dtuairim siúd. Deineadh neamhshuim de na lochtanna a fuarthas ar an ngluaiseacht mar b’fhearr leis na hAthbheochanóirí leagan idéalaithe di a chur chun cinn. Chonacthas freisin sa chaibidil seo go raibh an-chuid de na luachanna céanna ag lucht na hAthbheochana agus ag gluaisteacht teanga Provence – an frith-ábharachas, an frithlárú, tábhacht an oideachais sa teanga dhúchais, an bhéim ar an bpobal agus ar nósanna an phobail thraidisiúnta a chaomhnú. Bhí an paradacsa céanna i gceist sa dá ghluaiseacht: intleachtóirí ón taobh amuigh ag moladh na cosmhuintire, agus ag iarraidh an pobal dúchasach a chumasú agus a chosaint ó chathú an Láir. Arís, tugann sé seo an teannas a bhain le tionscnamh an nAthbheochanóirí chun solais ó thaobh cúrsaí aicme de. D’fhéadfaí féachaint ar bheartas an Chonartha mar uasal á dhéanamh le híseal, go háirithe nuair a smaoinítear ar an mbearna oideachais agus maoine a bhí idir ceannairí an Chonartha agus cosmhuintir na Gaeltachta. Maidir le stádas cultúrtha Provence i gcomhthéacs na Fraince, tá sé úsáideach ráiteas Leerssen i dtaobh an Cheilteachais a thabhairt chun chuimhne: ‘Celiticism could become a form of exotic, romantic regionalism: different from, but not opposed to, mainstream English culture: a dash of local colour at the national periphery’.597 Ar bhealach, b’in a sholáthair Provence do chultúr lárnach na Fraince. Níor leor san don mBriotáin, áfach, mar a fheicfear sa chéad chaibidil eile. Theastaigh cearta agus aitheantas faoi leith ó ghluaiseacht na Briotáine.

Roghnaíodh scéalta de chuid Alphonse Daudet ina raibh léiriú ar an Imeall agus ar an Lár a bhí ag teacht le tuiscint na nAthbheochanóirí ar na coincheapa úd. Chonacthas léiriú ar aoibhneas na tuaithe sna haistriúcháin ina raibh tagairtí do mhífholláine Pháras. Ba bheag scéal a aistríodh a bhí lonnaithe i bPáras, ach sna scéalta sin, níor cuireadh síos ar an gcathair mar áit shuaimhneach ná shuáilceach. In alt léirmheasa Ní Chinnéide, mhol sí leabhair áirithe de chuid Daudet a sheachaint,

597 Joep Leerssen, ‘Celticism’, in Terence Brown, (eag.), Celticism (Amsterdam: Rodopi, 1996), 1-20. 202

Caibidil a Ceathair

Sapho, mar shampla, agus dhírigh sí ar na scéalta is luaithe óna pheann. Fiú i gcás Daudet, mar sin, an t-údar is mó a aistríodh ón bhFraincis go Gaeilge san Athbheochan, b’éigean saothair áirithe leis a dhímholadh. Is léargas maith é cás Daudet a thugann le fios go raibh brú mór ar Athbheochanóirí litríocht na Fraince a mhúnlú de réir a gcuid riachantas. Is comhartha é an ionramháil seo den míshuaimhneas intleachta a bhí orthu agus iad ag brú gnéithe den bhFrainc faoi chois nár réitigh lena bhfís.

Scríobhadh fíorbheagán ar an Alsáis Lorráin i bhfoilseacháin na Gaeilge, cé go bhfuil cúpla alt ag moladh shaothar Maurice Barrès. Dúradh i dtaobh Barrès gur nocht sé anam na Fraince, agus bheadh sé seo ag teacht le dioscúrsa an régionalisme ag an am, gur i réigiúin na Fraince (faoin tuath) a bhí an fhíor-Fhrainc. Is díol spéise í an cheist seo i dtaobh ‘anam na Fraince’ (murab ionann is an Lár) mar d’fhéadfaí a áiteamh go raibh tuairim na gConraitheoirí ina leith ag athrú. De réir a chéile, agus nuacht faoi na gluaiseachtaí réigiúnda á scaipeadh in Éirinn, samhlaíodh anam na Fraince níos mó leis an tuath. Nuair a theastaigh ó Chonraitheoirí saothar a aistriú ón bhFraincis, roghnaíodar scéalta a bhí suite i réigiúin na Fraince, an Alsáis-Lorráin agus Provence. Roghnaíodh scéalta ina raibh léiriú diúltach ar an gcathair freisin. Cloítear le léamh simplí, déscartha ar an Imeall agus ar an Lár. Fórsa díobhálach a bhí sa Lár, ag truailliú nádúr maith daonna an phobail. Cuireann an Lár an mionchultúr faoi chois, faoi mar a chonaiceamar in ‘An Ceacht Deireanach’. Bhí faoiseamh ón saol nua-aimseartha le fáil faoin tuath, mar aon le saol a bhí níos cóngaraí don nádúr. Bhí na luachanna seo, a léiríodh i scéalta áirithe sa bhFraincis, ag teacht le fís Athbheochanóirí na Gaeilge agus is i ngeall air seo a aistríodh go Gaeilge iad. Toisc lagtrá a bheith sa chaidreamh polaitiúil idir Éire agus an Fhrainc, mar a léiríonn aan de Wiel, áitítear anseo go raibh béim níos lú á cur ar Pháras (an Lár polaitiúil) agus an caidreamh cultúrtha leis an Imeall á fhorbairt agus á chothú.598 Feicfear sa chéad chaibidil eile ar an idéalú a deineadh ar shaol na tuaithe i ndioscúrsa na hAthbheochana, agus ar na múnlaí a sholáthair Provence agus an Bhriotáin, go háirithe, chuige sin. Tabharfar faoi deara go raibh an tráchtaireacht ar ghluaiseacht na Briotáine níos géire ar Pháras mar chumhacht lárnach, aonchineálach, agus gurbh é an toradh a bhí air seo ná iompú ó Pháras i dtreo na Briotáine.

598 Féach Jérôme aan de Wiel, The Irish Factor 1899-1919, (Dublin: Irish Academic Press, 2008). 203

Caibidil a Cúig

CAIBIDIL A CÚIG

Idéalú ar shaol na tuaithe:

Tarraingt na Briotáine

Réamhrá

Tá mórán scríofa ar an nglóiriú ar shaol na tuaithe, ar idéalú na Gaeltachta in Éirinn ach níor cuireadh fianaise ó régionalisme na Fraince san áireamh go dtí anois.599 Sa chaibidil seo, déanfar an t-idéalú ar shaol na tuaithe i ndioscúrsa na hAthbheochana a iniúchadh, agus scrúdófar an macalla a aimsíodh den nglóiriú sin i litríocht agus i ndíospóireachtaí na Fraince. Bhí eiseamláir ar fáil i litríocht réigiúnach na Fraince de shaothar a mhol díograis agus luachanna morálta phobal na tuaithe. Léiríodh meas sa litríocht sin ar chaomhnú an bhéaloidis agus na nósanna traidisiúnta. Thacaigh saothar leithéidí Bazin agus Daudet le múnla liteartha áirithe in Athbheochan na Gaeilge, óir b’ionann an litríocht a bhí á cumadh acusan agus an fhís a bhí ag Athbheochanóirí do litríocht a bhí ‘oiriúnach’, ‘folláin’ don bpobal Gaelach. Dar ndóigh, níor réitigh fís na hAthbheochana go hiomlán le gluaiseachtaí réigiúnacha na Fraince agus b’éigean gnéithe áirithe a cheilt nó a chur in oiriúint do chás na hÉireann.

Feictear an Bhriotáin ag teacht chun cinn go mór i ndioscúrsa na hAthbheochana tar éis 1913. Leag comhfhreagraithe as Éirinn agus ón mBriotain béim ar na cosúlachtaí idir an dá ghluaiseacht agus ar na comhluachanna a roinneadar araon. Bhí an dá ghluaiseacht ina n-eiseamláir dá chéile, ag gríosú a chéile agus ag cur comhairle ar a chéile. Léiríodh go leor comhbhá dá gcomhCheiligh, agus moladh an tioscnamh frithláraithe ar an dá thaobh.

Ar go leor bealaí, sholáthair an Bhriotáin eiseamláir thar a bheith oiriúnach d’Athbheochanóirí na Gaeilge agus bhí a lán cosúlachtaí eatarthu sna cathanna éagsúla i réimsí an oideachais agus an chreidimh. Cé go raibh trácht ar an mBriotáin

599 Féach Alf Mac Lochlainn, ‘Gael and Peasantry’, in Daniel Casey et al. (eag.), Views of the Irish Peasantry, 1800-1916, (Hamden, Connecticut: Archon, 1977), 17-36; Breandán Ó Conaire, Myles na Gaeilge, (Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Tta, 1986); Caitríona Ó Torna, Cruthú na Gaeltachta 1893-1922, (Baile Átha Cliath: Cois Life, 2005). 204

Caibidil a Cúig

ó thús ré na hAthbheochana, is i ndiaidh 1913 go háirithe a bhraitear iompú ó Pháras i dtreo na Briotáine. Níor féachadh chomh geanúil sin ar Pháras as sin amach i ngeall ar pholasaithe an rialtais i leith na Briotáinise. Bhí aithne phearsanta agus teagmháil dhíreach ag Athbheochanóirí áirithe le gluaiseacht na Briotáine, rud eile a chothaigh bá agus comhghuaillíocht eatarthu. Chonacthas cé chomh geanúil is a bhí ceannairí na hAthbheochana ar Pháras sa chaibidil roimhe seo. Teist atá san iompú seo tar éis 1913 ar ionraiceas na nAthbheochanóirí toisc nach rabhadar in ann ról tíoránta Pháras a shéanadh. Bhí an ghné pholaitiúil sa Chonradh ag dul i dtreis taca an ama seo, agus bhí an aeráid san Eoraip míshocair, freisin. Bhí dreamanna ag taobhú lena chéile, ag tabhairt aghaidhe ar chéile comhraic comónta in Éirinn, ó thuaidh is ó dheas, agus ar fud na hEorpa. Is sna cúinsí seo atá athrú dearcaidh le tabhairt faoi deara i measc na nAthbheochanóirí agus iad ag féachaint agus ag tacú níos mó leis an mBriotáin ná le Páras.

Tabharfar cuntas ar a bhfuil scríofa ag scoláirí faoin idéalú seo sa chomhthéacs Éireannach (nó Gaelach) sula dtabharfar aghaidh ar na díospóireachtaí comhchosúla i scríbhneoireacht na Fraince. ‘Tearmann anama’ atá sa Ghaeltacht, mar a fheictear i scéalta an Phiarsaigh, agus déantar cur síos den tsaghas céanna ar an tuath i saothar an réigiúnachais sa bhFrainc. Breathnófar ar Bazin arís, an uair seo ag díriú ar an léiriú idéalach a dhéanann sé ar mhuintir agus ar shaol na tuaithe, agus an tslí ina raibh a shaothar á léamh mar bhuille in aghaidh ‘thruailliú’ shaothar Zola. Is ar bhonn eiseamláireach a chuir Máire de Buitléir an Bhriotáin faoi bhráid léitheoirí ina cuntas ar The Catholic Bulletin. Leagadh béim ar dhílseacht, ar dhíograis agus ar spioradáltacht mhuintir na Briotáine, faoi mar a deineadh i gcás mhuintir na Gaeltachta, d’fhonn a n-íomhá dhiúltach i súile an Láir a ‘chur ina cheart’. Bhí Briotáinis ag Tadhg Ó Donnchadha (Tórna), agus sna cuntais a foilsíodh ó nuachtáin Bhriotánacha, cuireadh fearg na gluaiseachta in iúl do léitheoirí na Gaeilge. Braitheadh níos cóngaraí don mBriotáin freisin, go tíreolaíoch, agus ar bhonn creidimh. Bhí cur amach níos fearr ar an mBriotáin ná ar Provence in Éirinn toisc cuairteoirí a bheith sall is anall idir an dá áit. Is é toradh na teagmhála seo leis an mBriotáin ná an t-iompú ó Pháras i dtreo na Briotáine atá le sonrú i ndioscúrsa na hAthbheochana ó 1913 ar aghaidh.

205

Caibidil a Cúig

Tráchtaireacht na Scoláirí ar Chruthú Idéalaithe na Gaeltachta

Tá tráchtairí an lae inniu an-cháiréiseach ag sonrú nach raibh Athbheochanóirí na Gaeilge ag dul ar gcúl ón saol comhaimseartha agus iad ag samhlú saol idéalach, ach go rabhadar ag bronnadh gradaim ar chultúr na cosmhuintire. Tuigeadh dóibh, mar a tuigeadh do lucht an régionalisme sa bhFrainc, go raibh gá lena leithéid chun an pobal a spreagadh ionas go mbeadh meas acu ar a gcultúr dúchais. Mar a deir John Hutchinson: ‘The return to the folk, in short, is not a flight from the world but rather a means to catapult the nation from present backwardness and divisions to the most advanced stage of social development’.600

Aithníonn scoláirí an lae inniu, Kevin Whelan agus P.J. Mathews ina measc, gur fórsa nua-aoisithe a bhí sa Chonradh le linn na hAthbheochana ‘yet, crucially, its programme for development was, for the most part, informed by a desire to follow an alternative path to modernization – on Irish terms’.601 Bhí gá, mar sin, le pobal na Gaeltachta a ghríosú agus a spreagadh, chun athluacháil a dhéanamh ar thraidisiúin an phobail sin, agus ansin breathnú ar bhealaí éagsúla chun cabhrú leis an bpobal, mar shampla, chun fostaíocht a chothú bunaithe ar choinníollacha na háite. Bhí gluaiseachtaí éagsúla féinchabhracha – Conradh na Gaeilge, Amharclann na Mainistreach agus Cumann Eagraíochtaí Talmhaíochta na hÉireann, mar a shonraíonn Mathews – ag iarraidh modhanna áitiúla a spreagadh d’fhonn caighdeán na beatha a ardú. Má chuirtear téis Mathews i bhfeidhm ar litríocht na hAthbheochana, feictear go raibh scríbhneoirí na hAthbheochana ar a ndícheall a léiriú go bhféadfaí saol féinchothaitheach a chaitheamh agus gnásanna traidisiúnta, luachanna morálta san áireamh, a chaomhnú. Bhí an seo gach aon phioc chomh réabhlóideach agus forásach ag an am is a bhí gnáththuiscintí ar shochaí ‘nua-aoiseach’.

Áitíonn W.J. Mc Cormack gur féidir le saothar Eugen Weber, Peasants into Frenchmen, cúiseanna 1916 a shoiléiriú agus molann sé athbhreithniú ar Chumann Lúthchleas Gael i gcomhthéacs staidéar Weber.

600 John Hutchinson, The Dynamics of Cultural Nationalism: the Gaelic Revival and the Creation of the Irish Nation State (London: Allen & Unwin, 1987), 33. 601 P. J. Mathews, Revival: The Abbey Theatre, Sinn Féin, The Gaelic League and the Co-operative Movement (Cork: Cork University Press/Field Day, 2003), 28. 206

Caibidil a Cúig

Land and health, the soil and vibrant living – these were the cardinal points of reference for ruralist conservatism in France and Ireland (and elsewhere), hostile to modernity, urban life and cultural diversity, but claiming to know (or even be) the nation’s soul.602

Is deacair glacadh leis an ‘hostile to modernity’ i bhfianaise na hargóna a chuireann Mathews chun cinn, ach féachadh ar thraidisiúnachas an Chonartha sa tslí sin ar feadh i bhfad. Chonaiceamar cheana gur leagadh béim faoi leith ar chúrsaí anama nó ar chúrsaí spioradálta sa dioscúrsa ar an tuath in aimsir na hAthbheochana. Déanann Caitríona Ó Torna achoimre ar an tábhacht a bhain le Rousseau agus le bon sauvage i gcomhthéacs ghlóiriú na gceantracha Gaeltachta: ‘Ba mhór ag Rousseau an noble savage, is é sin, idéal an tuathánaigh a raibh simplíocht, diagacht, nádúrthacht agus uaisleacht ann ó dhúchas’.603 Cé gur féidir stair an smaoinimh seo a rianú siar go dtí ré na Rómhánach, ba iad na Rómánsaithe ‘a d’fhorbair an coincheap mar fhreagra ar ábharachas shochaí na tionsclaíochta’.604 Is beag an t-iontas, mar sin, go bhfacthas an choimhlint sin idir an tImeall agus an Lár, agus an chontrárthacht idir ábharachas na sochaí uirbí agus frithábharchas an phobail thraidisiúnta. Go deimhin, fad is a bhí an Ceilteach á mhúnlú, bhí cultas an Nádúir agus na huasdiamhaire ag teacht chun cinn, mar aon leis an bon sauvage, mar a mhíníonn Joep Leerssen:

The construction of the Celt takes place, then, roughly from 1650 to 1850. That means that it coincides with developments such as the invention of the Sublime, the cult of Nature and the idea of the Noble Savage. All these aspects have been written to the profile of what it meant to be Celtic. The construction of the Celt in itself documents the revolt against rationalism and against the Enlightenment, and the attributes stereotypically ascribed to ‘the Celt’ have a profile to match.605

Meabhraíonn Ó Torna dúinn gurbh iad lucht léinn agus intleachtóirí a chruthaigh agus a chothaigh an chonstráid seo den bon sauvage agus gur freagra díreach ar an ábharachas a bhí i gceist lena chruthú.606

602 W.J. Mc Cormack, Dublin 1916: The French Connection (Dublin: Gill & Macmillan, 2012), 35. 603 Caitríona Ó Torna, Cruthú na Gaeltachta 1893-1922 (Baile Átha Cliath: Cois Life, 2005), 22. 604 Ibid., 22. 605 Joep Leerssen, ‘Celticism’, in Terence Brown, (eag.), Celticism (Amsterdam: Rodopi, 1996), 1-20. 606 Ó Torna, Cruthú na Gaeltachta, 22. 207

Caibidil a Cúig

Is minic a fheictear an t-idirdhealú, nó an déscaradh, idir saol na tuaithe agus saol na cathrach i ndioscúrsa na hAthbheochana. ‘Nárbh aoibhinn do dhuine a bheith ag ropadh leis faoi'n sliabh lá breágh gréine samhraidh, tar éis tréimhse aimsire a chaitheadh dh'á phlúchadh i Lonndain ghránda Shasana’.607 Codarsnacht shimplí é seo a léiríonn dearcadh diúltach i leith chathair Londan, dar le tráchtaire Inis Fáil, (iris a bhí bunaithe i Londain), i gcomórtas le haoibhneas an tsaoil amuigh faoin aer.

Shamhlaigh W.B. Yeats íonghlaine áirithe le ceantracha Gaeltachta, agus é den tuairim go raibh na háiteanna seo saor ó smál an tráchtálachais: ‘In Ireland, where the Gaelic tongue is still spoken, and to some extent where it is not, the people live according to a tradition of life that existed before commercialism, and the vulgarity founded upon it’.608

Má bhí Yeats ciontach as an déscaradh simplí thuasluaite, bhí a leithéid de thuairimíocht coitianta ag an am. Meabhraíonn Garvin dúinn go raibh an rud céanna á áiteamh ag an Ath. Peadar Ó Laoghaire: ‘[he] offered a simple-minded, evil-city- versus-virtuous-village opposition, which identified England and English modes with the former and Ireland and Irish-language traditions with the latter’.609

Dar le Ó Torna, is éard a bhí ar bun ag an Athair Peadar ná iarracht chomhfhiosach freagra a thabhairt ‘ar an mbolscaireacht dhiúltach, mar a thuig sé í, a bhíodh á foilsiú le fada roimhe sa litríocht Angla-Éireannach faoi shaol na tuaithe in Éirinn’.610

Má bhí ‘simplíocht, diagacht, nádúrthacht agus uaisleacht’611 i gceist le hidéal an tuathánaigh, samhlaíodh an Ghaeltacht mar thearmann anama, a bheadh mar leigheas ar olc na cathrach. Ach bhí feidhm leis an bpictiúr idéalaithe seo, a gcuireann Mathews síos air go grinn: ‘[The Gaelic League] did foster the belief that Irish problems could only be solved by Irish people with a belief in themselves and

607 ‘Amuigh Faoi’n Sliabh’, Inis Fáil, Uimh. 7, Bealtaine 1905, 5-6. 608 W.B.Yeats, ‘Postscript’, in Lady Gregory, (eag.), Ideals in Ireland (London: Unicorn, 1901). 609 Tom Garvin, ‘Priests and Patriots: Irish Separatism and Fear of the Modern, 1890-1914’, in Irish Historical Studies, Iml. 25, Uimh. 97, Bealtaine, 1986, 67-81. Ar fáil ag: [Rochtain: 28/07/2011]. 610 Ó Torna, Cruthú na Gaeltachta, 111. 611 Ibid., 22. 208

Caibidil a Cúig their culture rather than by paternalistic British governments’.612 Dar ndóigh, bhí gá leis an bhféinghríosú seo sa tionscnamh iarchoilíneach mar a chonaiceamar i gcaibidil a ceathair. Déanfar iniúchadh anois ar an gconstruáil a bhí ar bun sa tréimhse seo, chomh fada is a bhaineann leis an nGaeltacht, le scéalta an Phiarsaigh agus le Provence na Fraince. Áiteofar go raibh i bhfad níos mó i gceist ná codarsnacht shimplí idir an chathair agus an tuath, ach go rabhthas ag iarraidh todhchaí na hÉireann a lonnú i saol traidiúnta, féinchothaitheach na tuaithe, bunaithe ar luachanna an phobail Ghaelaigh. Dar ndóigh, tagann míshuaimhneas áirithe chun cinn sa pharadacsa gurbh é lucht na cathrach a bhí ag cur an idéil thuaithe seo chun cinn.

Déanann Breandán Ó Conaire achoimre chruinn ar na haidhmeanna a shamhlaigh Athbheochanóirí áirithe a bheith le nualitríocht na Gaeilge, agus tá sé úsáideach breathnú ar a bhfuil ráite aige ina iomláine anseo:

Dar le mórán de lucht ceannais na hAthbheochana ba é ba chóir a bheith á sholáthair sa nua-scríbhneoireacht eiseamláirí feabhais le haghaidh an aosa óig, agus ábhar feiliúnach léitheoireachta, a mbeadh idir thaitneamh agus theagasc tírghrách agus morálta ann, do ghnáthphobal na Gaeilge. Bheadh na heiseamláirí agus an t-ábhar seo bunaithe ar an ‘traidisiún’ agus ar an ‘aigne/dúchas Gaelach’. Theastaigh ó chuid díobh aird na léitheoirí a tharraingt ar ‘dhea-thréithe na sean-Ghael’. Bheadh luacha de chuid chultúr na n-aicmí measúla, lenar bhain na cinnirí, de dhíth chomh maith, luacha go mba ghiorra do mores an tsochaí Victeoiriach ná d’oidhreacht dhúchasach chosmhuintir na hÉireann iad. Dá gcuirfimis dhá choincheap eile leo seo – suáilceas mhuintir na tuaithe, agus íomhá den pháiste mar chréatúr íon beannaithe – bheadh bunús shaintréithe fhormhór laochra na nualitríochta agus barrshamhla na n-údar ríofa againn.613

Deimhníonn sé seo gur samhlaíodh feidhm theagaisc le litríocht na Gaeilge i ré na hAthbheochana. Chuige sin, díríodh ar an traidisiún Gaelach agus cruthaíodh íomhá den sean-Ghael, íomhá a bhí go mór faoi anáil luachanna Victeoiriacha na gConraitheoirí. Tacaíonn an fhianaise a sholáthrófar sa chaibidil seo le téis Uí Chonaire faoin mbéim a leagadh ar idéalú shaol na tuaithe agus ar idéalú mhuintir na Gaeltachta. Féachfar ar ball go raibh feidhm thírghrách ag litríocht na Briotáine freisin, agus gur deineadh iarracht cultúr na Briotáine a choimeád saor ón mbaol

612 Mathews, Revival, 25. 613 Ó Conaire, Myles na Gaeilge, 22. 209

Caibidil a Cúig morálta a samhlaíodh le cultúr na Fraince. Ní haon ionadh, mar sin, go raibh an Bhriotáin chomh tarraingteach mar eiseamláir d’Athbheochanóirí na Gaeilge.

Tearmann Anama – Cosmhuintir idéalaithe

Sa sliocht seo a leanas, ón Claidheamh Soluis sa bhliain 1907, insíonn ‘Fear an Oileáin’ dúinn conas mar a bhraith sé ar dhul chun na Gaeltachta dó:

Behind me I was leaving Anglicisation with all its hideousness and soulless materialism, its big smoking chimnies [sic] and prison-like factories (called commercial property) where thousands of Irishmen and Irishwomen in their struggle for a sordid existence forget they have a soul. Before me lay the Gaedhealtacht where the spiritual passionate Gael with his simple beautiful customs, speaking his own language and singing his own sweet songs, lived as God intended he should.614

Léiriú é seo ar an déscaradh coitianta a fhaightear i ndioscúrsa na hAthbheochana, is é sin, gur samhlaíodh an galldú agus an Béarla le tionsclaíocht, le hábharachas agus le saint. Géibheann a bhí sa chathair, de réir na smaointeoireachta seo, fad is a bhí fuascailt anama ar fáil sa Ghaeltacht. Faoi mar a deir Máirín Nic Eoin: ‘Féachadh ar an íonghlaineacht ar feadh i bhfad, ní hamháin mar idéal teangeolaíoch, ach mar bhunphrionsabal aeistéitice chomh maith’.615 Baineann an íonghlaineacht le cúrsaí teanga agus le cúrsaí morálta, mar sin, agus d’fhreastail an Ghaeltacht ar an dá riachtanachas seo. Bhí saol níos ‘nádúrtha’ sa Ghaeltacht, agus bhí dlúthbhaint ag an nGaeilge le cúrsaí spioradálta sa bhfís Rómánsach; mar a mhíníonn Ó Torna, ba é an chonstráid a thóg lucht an Rómánsachais ná: ‘an pobal a mhair i ndomhan eile arbh éalú é ón tionsclaíocht, ón tsibhialtacht agus ón dul chun cinn. Chuirtí béim ar shoineantacht na ndaoine, ar a dtuiscint ar an dúlra agus ar an gcráifeacht a chleacht siad’.616

Ní hamháin gur deineadh cosmhuintir na tuaithe a uaisliú trí bhéim a leagan ar a ‘ndea-thréithe’, ach deineadh idéalú ar áilleacht an tírdhreacha chomh maith.

614 ‘Fear an Oileáin’, ‘In the Gaeltacht’, An Claidheamh Soluis, 15 Meitheamh 1907. 615 Máirín Nic Eoin, Trén bhFearann Breac: An Díláithriú Cultúir agus Nualitríocht na Gaeilge (Baile Átha Cliath: Cois Life, 2005), 47. 616 Ó Torna, Cruthú na Gaeltachta, 130. 210

Caibidil a Cúig

Agus í ag trácht ar útóipeachas Úna Ní Fhaircheallaigh, scríobh Ríona Nic Congáil: ‘Ba mhinic a rinne sí cur síos ar Inis Meáin mar oileán a raibh boigiúlacht agus suaimhneas ag baint leis agus thagair sí don mhíntír mar áit fhuar, chrua’.617 Féach an sliocht thíos a scríobh Úna Ní Fhaircheallaigh ag cur síos ar chuairt a thug sí go hInis Oírr:

Is maith is cuimhin liom an lá breá a bhuaileamar isteach i gcurrach ag triall ar Inis Oírr [ ...] Bhí an fharraige an-chiúin ar fad, agus na dathanna ag síorathrú ar an uisce – ó dhubh go gorm agus ó ghorm go glas agus arís gan mhoill go dúghorm. Ní raibh deifir ar bith orainn [...] Is cuimhin liom fós conas mar a chuamar i dtír ar an ngaineamh te, an ghrian ag scairteadh orainn agus ar na daoine a bhí ina seasamh ar an trá.618

Pictiúr idéalach, nó idéalaithe, atá anseo ar a cuairt go hInis Oírr, agus tá a leithéid chéanna le feiscint sa chur síos ar an tréimhse a chaith Ní Fhaircheallaigh ar Inis Meáin ina bhfuil cuntas ar Lá an Phátrúin agus Lá na Feise:

an chéad fheis a bhí san oileán le cian d’aimsir [...] Is beagnach cinnte é gur sheas Naomh Éanna agus Naomh Rónán ar charraigeacha Inis Meáin i measc na ndaoine agus gur mholadar Dia ina bhfochair agus gur mhúineadar dóibh dlí an Dé Bhí.619

Tá nasc á shamhlú aici idir naoimh na sean-Ghael agus pobal comhaimseartha an oileáin, amhail is gur traidisiún íonghlan, neamhbhriste atá sa Chríostaíocht ar Inis Meáin. Sa tslí chéanna, leagadh béim ar naoimh na Briotáine sa trácht a dhein na hAthbheochanóirí ar an réigiún sin, mar a fheicfear níos faide anonn sa chaibidil.

Ina leabhar, Myles na Gaeilge, déanann Ó Conaire cur síos ar chonstruáil rómánsúil na Gaeltachta, agus ar an mbaint a bhí ag an Victeoiriachas lena construáil. Luann sé léacht a thug Úna Ní Fhaircheallaigh ag an gComhdháil Cheilteach i 1920, inar dhein sí cur síos ar na Coláistí Samhraidh a bhunaigh Conradh na Gaeilge mar: ‘little Gaelic-speaking worlds, full of the beauty and refinement of our native

617 Ríona Nic Congáil, Úna Ní Fhaircheallaigh agus an Fhís Útóipeach Ghaelach (Gaillimh: Arlen House, 2012), 89. 618 Ríona Nic Congáil, (eag.) Úna Ní Fhaircheallaigh, Smaointe ar Árainn (Gaillimh: Arlen House, 2010), 44. 619 Ibid., 53-54. 211

Caibidil a Cúig civilisation, simple and wonderful as that of the Greeks and full of the joy of life’.620 Baineann an ‘míneadas’ nó an refinement leis an Victeoiriachas, dar ndóigh, rud a fhágann gur rud Gallda é a bhaineann le stát na Breataine agus a samhlaítear mar rud cathrach. Tá míréir áirithe i gceist anseo agus Ní Fhaircheallaigh ag samhlú tréith Ghallda, chathrach, fiú, le muintir na Gaeltachta. Léiriú is ea é seo ar an mbua áirithe úd a bhí ag Conraitheoirí, is é sin, múnlaí faoi leith a tharraingt chucu agus iad a chur in oiriúint do pé fís a theastaigh uathu a chruthú. Is fíor, freisin, go raibh go leor de cheannairí na hAthbheochana faoi anáil nósanna measúla an Victeoiriachais – dá n-ainneoin féin – toisc gur tógadh go leor acu in áitreabh meánaicmeach i mBaile Átha Cliath. Baineann ráiteas Ní Fhaircheallaigh le athshamhlú na Gaeltachta i dtéarmaí idéalaithe, ag leagan béime ar ársaíocht agus uaisleacht an chine, agus á cur i gcomparáid leis na Gréagaigh. Is sampla an-mhaith é seo d’athshealbhú an chultúir Chlasaicigh, rud a dtugann Deane suntas dó i gcás an Phiarsaigh agus Matthew Arnold:

Pearse’s idea of the old Gaelic or Celtic civilization and Arnold’s matching idea of the civilization of Ancient Greece or of the ‘Celtic spirit’ can easily be dismissed as flimsy and even grotesque in their main element. The point is, though, that they were both instrumental ideas, fictions which had the creation of a regenerated society as their aim.621

Cé go léiríonn Deane dímheas ar an gcoincheap, aithníonn sé go raibh sé fiúntach chun an tsochaí a athnuachan. Cuid lárnach de thionscnamh Chonradh na Gaeilge ab ea gríosú agus misniú na cosmhuintire sa Ghaeltacht, agus b’amhlaidh a bhí sa Félibrige mar a chonaiceamar cheana.

Bhain nóisean an íonghlanta go tréan le luachanna an Victeoiriachais, freisin. Ba mhinic a luaití geanmnaíocht na mban Gaeltachta, cuir i gcás, nó na tréithe a luaigh Charles Gavan Duffy le muintir na hÉireann: ‘purity, piety and simplicity’.622 Chomh fada agus a bhain le cúrsaí teanga, d’fhéadfaí a rá gur bhain tréith an

620 Transactions of the Celtic Congress, 1920, 117 luaite in Ó Conaire, Myles na Gaeilge, 18. 621 Seamus Deane, ‘Pearse, Writing and Chivalry’, Celtic Revivals: Essays in Modem Irish Literature (London: Faber and Faber, 1985), 63-74. 622 Charles Gavan Duffy, The Revival of Irish Literature. Ar fáil ag: [Rochtain: 30/10/2012]. 212

Caibidil a Cúig

íonghlanta le Gaeilge na Gaeltachta agus gurbh shin a mheall idir scoláirí agus Chonraitheoirí go dtí na ceantracha iargúlta Gaeltachta.623

Tagraíonn Ó Conaire, freisin, do chuntas a foilsíodh ar Craobh Ruadh i 1913:

It was a cailín from beyond the head of the Glen that had spoken; and, as I turned, she bowed with the grace and dignity of a queen – no, with the grace born of innate Irish politeness. […] Her face was a perfect picture of health and beauty, and honesty, and purity, and goodness. She was a type of those ruddy-cheeked, deep-eyed girls whom foreign rule in Ireland sends yearly into exile.624

Cé gur aithníodh fadhb na himirce san abairt dheireanach, cuireadh an milleán ar an gcumhacht Ghallda in Éirinn. Tacaíonn an méid seo le tuairim Mathews a luadh níos túisce, go raibh an Conradh ag maíomh gurbh iad na hÉireannaigh amháin a leigheasfadh fadhbanna na hÉireann, ní rialtas na Breataine. Is suntasach gur luadh grástúlacht agus dínit ‘ríoga’ an chailín mar go dtugann sé le fios go raibh an tráchtaire seo faoi anáil a linne féin, .i. deireadh na ré Victeoirí. Is é seo an múnla céanna a phléann Alf Mac Lochlainn ina aiste ‘Gael and Peasantry’, múnla a áitíonn ‘that Ireland was a saintly, happy, pastoral, and aristocratic society until the English invaded in the twelfth century’.625 Cuireann sé ar ár súilibh dúinn an ‘pervasive confusion between the Gaelic civilization, remote though much publicized, and the nineteenth-century peasant culture, recent but ignored’.626 Míníonn Mac Lochlainn gur chruthaigh intleachtóirí a d’fhan lasmuigh de Chaisleán Bhaile Átha Cliath constráid eile dóibh féin, agus don meánaicme i gcoitinne, is é sin gur raibh ceangal idir an Ghaeilge agus uaisleacht ríoga Gaelach ón am a bhí thart: ‘If one writes his name in the Irish language on his milk-cart or over his shop, he is manifesting a nobility above and beyond anything that the jumped-up descendants of the Cromwellians or these Castle Catholics can boast of’.627

Is deacair gan suntas a dhéanamh den gcontrárthacht a bhaineann le ceannairí an Chonartha, gur de bhunadh na cathrach go príomha iad - ag bronnadh gradaim ar

623 Nic Congáil, (eag.), Smaointe ar Árainn, 17. 624 Craobh Ruadh, Bealtaine 1913, 12-13 luaite in Ó Conaire, Myles na Gaeilge, 19. 625 Alf Mac Lochlainn, ‘Gael and Peasantry’, in Views of the Irish Peasantry, 1800-1916, 17-36. 626 Ibid. 627 Ibid. 213

Caibidil a Cúig mhuintir na Gaeltachta, gur de bhunadh na tuaithe iad. Éiríonn leis na Conraitheoirí ceist seo an aicmeachais a sheachaint don gcuid is mó, faoi mar a sheachnaíonn Mistral í in Provence. Ag eascairt as an bhfaillí seo, faightear tráchtaireacht mhíshuaimhneach ó leithéidí D. P. Moran, an fear bolscaireachta ba mhó a samhlófaí cinnteacht leis: ‘The ignorant peasants are the most interesting portion of the population’628 I New Ireland Review agus ansin in The Philosophy of Irish Ireland a foilsíodh na focail seo, mar sin bhí sé ag scríobh do Chaitlicigh a raibh oideachas orthu. ‘Moran’s desire to carve out a living for himself in Ireland apparently coincided with the Jesuits’ desire to influence Irish life while advancing the material interests of their ex-pupils’.629 Tugann sé seo le fios gur aicme faoi leith, a bhí ag cur fúthu sa chathair, a bhí sa lucht léitheoireachta. Is ait an moladh é toisc an focal ‘aineolach’ a bheith chomh diúltach. Ach is dócha gurbh é a bhí i gceist aige ná gur mhinic easpa oideachais a bheith ar mhuintir na Gaeltachta taca an ama seo, go háirithe toisc go múintí gach ábhar trí Bhéarla go dtí an bhliain 1904.630 Is i gcúrsaí aicme, oideachais agus an chathraithe is mó a fheictear deighilt idir ceannairí an Chonartha agus muintir na Gaeltachta, cé gur annamh a admhaíonn Conraitheoir an méid sin.

Fiú is gur tógadh Mícheál Ó Coileáin in Iarthar Chorcaí, nochtann sé rómánsachas áirithe i leith mhuintir na Gaeltachta. Féach mar a chuireann sé síos ar phobal Acla:

impoverished as the people are … the outward aspect is a pageant. One may see processions of young women riding down on Island ponies to collect sand from the seashore or gathering turf, dressed in their shawls and in their brightly coloured skirts made of material spun, woven and dyed by themselves … Their cottages are also little changed. They remain simple and picturesque. It is only in such places that one gets a glimpse of what Ireland may become again.631

628 D. P. Moran, The Philosophy of Irish Ireland (Dublin: James Duffy and Co., 1905), 4. 629 Patrick Maume, (eag.), D. P, Moran, The Philosophy of Irish Ireland (Dublin: University College Dublin Press, 2006), ix. 630 Séamas Ó Buallacha, (eag.), A Significant Irish Educationalist: The Educational Writings of P. H. Pearse (Cork: The Mercier Press, 1980), xxiii. 631 Michael Collins, The Path to Freedom (Cork: The Mercier Press, 1968), 98-99, 127. 214

Caibidil a Cúig

Tá aimsir chaite idéalach ar fáil anois, san aimsir láithreach sa Ghaeltacht. Tá dóchas na líne deireanaí thuas ag teacht leis an léamh a dhéanann Hutchinson ar fheidhm an chur síos idéalaigh, is é sin, gur léiriú a bhí ann do phobal na hÉireann ar a raibh le baint amach acu.632 Tagann sé, freisin, leis an teoiric a d’aithin Leerssen i measc mhuintir an hEorpa gur shamhlaíodar an tImeall mar áit a bhí buan, neamhathraitheach, mar áit a chaomhnaigh nósanna ársa.633 Is díol suntais é an t- idéalú a dhéanann an Coileánach ar obair chrua fhisiciúil an Oileáin, bailiú gainimh agus móna. B’fhéidir gur i ngeall ar an tréimhse a chaith sé i Londain go n-éiríonn leis neamhaird a thabhairt ar shaol crua mhuintir na tuaithe. Molann sé na mná óga as a gcuid éadaí a bheith déanta acu ag baile, rud a bhaineann leis an ‘modernising practicality’ a bhí i gceist ag Garvin.634 Bhí an féinchothú á chur chun cinn ag Art Ó Gríofa, a bhí ina bhall de Chonradh na Gaeilge, (cé nach raibh sé i gcónaí ag teacht leo), agus bhí polasaí an fhéinchothaithe lárnach ag Sinn Féin nuair a bunaíodh an ghluaiseacht. Ba mhinic fógraí agus ailt sna nuachtáin le linn na hAthbheochana ag moladh do dhaoine earraí Éireannacha a cheannach. I sraith alt dar teideal ‘Déantúisí Gaedhlacha’ a scríobh Tórna in Irisleabhar na Gaedhilge i 1908, tugann sé cuntas ar lasáin, ar ghaibhneacht gheal, ar ghallúnach, ar rothair, ar olann agus ar dhealbhúchán.635 Tugann sé seo leid dúinn i dtaobh a ghníomhaí is a bhí lucht an Chonartha ag craobhscaoileadh theachtaireacht an fhéinchothaithe.

Ag tacú le coincheap an fhéinchothaithe, bhí an ‘balla cosanta’. Déanann Philip O’Leary, Ó Torna agus Nic Congáil araon suntas den mballa cosanta seo i ndioscúrsa na hAthbheochana.636 Feidhm chosanta a bhí leis an mballa seo, toisc gur chuir sé leis an tuiscint ‘gurbh áit luachmhar í an Ghaeltacht ar ghá í a chaomhnú agus a chosaint ar gach olc’.637 Dúirt Pádraic Ó Conaire: ‘I’d build a wall around

632 Hutchinson, The Dynamics of Cultural Nationalism, 33. 633 Joep Leerssen, ‘The Western Mirage: On the Celtic Chronotope in the European Imagination’, in Timothy Collins, (eag.), Decoding the Landscape (Galway: Centre for Landscape Studies, University College Galway, 2003), 1-11. 634 ‘[…] their visions were strange mixtures of modernising practicality, romantic anti-modernism and a vision of a society in which the classical political virtues would be realised’. Tom Garvin, ‘Priests and Patriots: Irish Separatism and Fear of the Modern, 1890-1914’, in Irish Historical Studies, Iml. 25, Uimh. 97, Bealtaine, 1986, 67-81. Ar fáil ag: [Rochtain: 28/07/2011]. 635 Irisleabhar na Gaedhilge¸ Eanair -Iúil 1908. 636 Féach Philip O’Leary, The Prose Literature of the Gaelic Revival, 19; Ó Torna, Cruthú na Gaeltachta, 122; Derry Journal, 29/07/1914, 2, luaite ag Nic Congáil, Úna Ní Fhaircheallaigh, 222. 637 Ó Torna, Cruthú na Gaeltachta, 122. 215

Caibidil a Cúig

Ireland! A wall thirty cubits high, the same as Tibet […] a wall of brass around it. I wouldn’t let in an idea. Not an idea, mind you – from the outside world’.638 Luann Nic Congáil tuaraisc a foilsíodh faoi Úna Ní Fhaircheallaigh: ‘Gaelic Leaguers would wish to put, as it were, a ring fence around Cloghaneely to prevent the ancient language from ever getting out of the place’.639 D’fhonn an teanga dhúchais agus d’fhonn an smaointeoireacht dhúchais a chaomhnú a moladh an balla cosanta d’Éirinn agus don nGaeltacht. D’fhéach dúchasóirí na hAthbheochana ar thionchar iasachta, go háirithe ar chultúr Shasana, mar fhórsa truaillitheach. Ba ghá tobar íonghlan na Gaeilge agus an Ghaelachais a choimeád glan agus saor ó smál eachtrannach. Ba ghá, freisin, an féinmheas a chothú i bpobal na Gaeltachta chun a thaispeáint dóibh go raibh dúchas luachmhar acu. Tá paradacsa eile, anseo, dár ndóigh, sa mhéid is nach raibh léamh na Gaeilge ag mórán cainteoirí dúchais taca an ama seo. Mar sin féin, chonaiceamar i gcaibidil a ceathair go raibh idéalú áirithe ar siúl sa trácht ar an gcainteoir dúchais:

‘An Gaedheal i nUachtar’ was the watchword of Oireachtas week. [...] The hero of the hour was the Irish speaker: the old man whose torrent of Irish was the swiftest, the old woman whose folk-tales were the raciest, the little child whose songs were the most redolent of the scents of the country.640

Thar aon duine eile i measc scríbhneoirí na hAthbheochana, b’fhéidir, ba é Mac Piarais an scríbhneoir ba mhó a dhein idéalú ar mhuintir na Gaeltachta, ar na mná agus ar na páistí go háirithe.

Útóipe an Phiarsaigh: An Ghaeltacht

Féachfar anois ar an tráchtaireacht atá déanta ag scoláirí ar ghearrscéalta an Phiarsaigh agus ar an idéalú a dhéanann sé ar shaol na Gaeltachta, toisc go n-áirítear é i measc na scríbhneoirí is forásaí i ré na hAthbheochana. De réir O’Leary, is i

638 Negley Farson, The Way of the Transgressor (Londan: Gollancz, 1947), 358, luaite in Eibhlín Ní Chionnaith, Pádraic Ó Conaire – Scéal a Bheatha (Indreabhán: Cló Iar-Chonnachta, 1995), 437. 639 Derry Journal, 29 Iúil 1914, 2, luaite ag Nic Congáil, Úna Ní Fhaircheallaigh, 222. 640 ‘The Apothesis of the Despised’, ACS, 23 Bealtaine 1903, 4. 216

Caibidil a Cúig scéalta an Phiarsaigh atá ‘the components of Pearse’s utopia’ le sonrú, agus ba sna scéalta a léirigh sé:

[a] highly idealized, ‘uncritical’ picture of […] life as lived in the Conamara Gaeltacht. In the fiction Pearse is offering us his interpretation of life in the Gaeltacht, not as it was, but as it should, and to some extent, could be, and making use of this literally artificial model to point up the shortcomings of actual contemporary life in Gaelic and especially Anglicized Ireland. Pearse’s belief in the power of such an ideal to illuminate present failings and to inspire change was lifelong and unwavering.641

Tá sé le tuiscint uaidh seo go raibh cinsireacht chomhfhiosach ar siúl ag an bPiarsach ina chuid scríbhneoireachta, agus go raibh sé ag múnlú na híomhá de réir crutha réamhcheaptha. Tá O’Leary den tuairim go ndearna an Piarsach faillí ar na fir óir b’ionann scríobh ar fhir agus dul i ngleic le réalachas sóisialta an tsaoil chomhaimseartha:

his exclusion of men from his Gaelic utopia provides further confirmation that his stories are not the work of a man out of touch with reality, but rather with those of a writer deliberately seeking to preserve his personal vision and method from being overwhelmed by the sheer presence of that reality’.642

Is beag scríbhneoir a thug aghaidh ar chruatan an tsaoil mar a caitheadh sna ceantracha Gaeltachta é, lasmuigh, b’fhéidir, de Phádraic Ó Conaire. Tacaíonn an léamh a dhéanann Caitríona Ó Torna ar scéalta an Phiarsaigh leis an méid thuas, is é sin gur d’aon ghnó a chruthaigh an Piarsach pictiúr idéalach den nGaeltacht le go mbeadh sé mar sprioc ag sochaí na hÉireann:

Aidhm Útóipeach – cruthú aislinge agus sprioca – a bhí ag an bPiarsach lena chuid gearrscéalta, aidhm nár éirigh leis a bhaint amach. Cé nach raibh i gceist ag an údar rómánsú, idéalú ná steiréitíopú a dhéanamh ar phobal na gceantracha Gaeltachta, de bhrí nár thuig lucht a léite a raibh ar bun ag an údar, ba gheall le cuntais áibhéalacha lucht idéalaithe na tuaithe saothar liteartha an Phiarsaigh.643

641 O’Leary, The Prose Literature of the Gaelic Revival, 123. 642 Ibid., 124. 643 Ó Torna, Cruthú na Gaeltachta, 150. 217

Caibidil a Cúig

Murar thuig ‘lucht a léite’ (.i. léitheoirí na hAthbheochana) tionscnamh an Phiarsaigh, thuig léirmheastóir comhaimseartha amháin ar a laghad an aidhm utóipeach a bhain leis na scéalta. I léirmheas ar Íosagán agus Sgéalta Eile a foilsíodh ar An Claidheamh Soluis, scríobh E. Ua M.:644

But the children the author treats of are not the artificial little products of our modern town life. They are the unspoiled children of the West, of his own Iar-Chonnacht. Even in Iar-Chonnacht the children of Mr. Pearse's tales would not be either typical or commonplace, but neither would they be impossible or unreal.645

Ní leanaí ó cheart, ach ‘táirgí beaga saorga’ iad páistí na mbailte móra, de réir an léirmheastóra seo. Aithníonn sé gur chumadóireacht a bhí ar bun ag an bPiarsach, nár chuir sé roimhe cur síos réalaíoch a dhéanamh ach cruinneshamhail dá chuid féin, ‘his own Iar-Chonnacht’. Ceadaíonn sé, áfach, go bhféadfaí an tsamhail idéalach a bhaint amach lá éigin amach anseo.

Bhí Pádraig Mac Piarais féin neamhbhalbh mar gheall ar an deighilt, mar b’fhacthas dó, idir sibhialtacht na nGael agus sibhialtacht Shasana. Seo cur síos ar léacht a thug an Piarsach uaidh ag an Catholic Commercial Club sa bhliain 1901:

Budh é rud ar a dtrácht sé, .i. Cogadh Idir Dhá Shibhialtachtaibh. Ceann aca is é sibhialtacht bhaineas leis an spiorad, an intinn, an intleacht, an deighbheus agus an chráibhtheacht, sin é sibhialtacht na nGaedheal; agus ceann eile sibhialtacht an cholainn, bríghe an tsaoghail, neirt agus cumais an airgid, agus seasgaireachta na beatha; sin é sibhialtas na Sacsanach.646

Níl aon dabht i dtaobh thréithe na nGael de réir an Phiarsaigh, tá an spiorad, an intleacht, an dea-bhéas agus cráifeacht go tréan iontu. Cuireann sibhialtacht Shasana an iomarca spéise sa cholainn, i maoin an tsaoil, in airgead, i saol atá ‘compordach’.

Bheinn ag teacht le tuairimí na scoláirí thuasluaite a chreid go raibh útóipe na Gaeltachta cruthaithe d’aon ghnó ag an bPiarsach d’fhonn aidhm nó sprioc a chur os

644 Tá tuairim ag O’Leary gur Henry Morris atá ann, féach The Prose Literature of the Gaelic Revival, 87. 645 E. Ua M., ‘Children of the West’, ACS, Iml. X, Uimh. 11, 23 Bealtaine 1908, 7. 646 ‘Le h-Aghaidh na Gaedhilgeóiridhe’, Weekly Freeman, National Press and Irish Agriculturist, 2 Márta 1901 luaite in O’Leary, The Prose Literature of the Gaelic Revival, 26. 218

Caibidil a Cúig comhair na nGael – sa Ghaeltacht agus lasmuigh den nGaeltacht. Tagaim leo mar go léiríonn an Piarsach gur chreid se go raibh slánú ar fáil sa Ghaeltacht don gcine Gaelach, sa chiall Chríostaí den bhfocal. Slánaítear Sean-Mhaitias in ‘Íosagán’ nuair a thaibhsítear an leanbh Íosa dó. Feictear slánú trí fhulaingt in ‘Bríd na nAmhrán’ nuair a ghnóthaigh Bríd Ní Mhainnín ‘luach saothair níos fearr ná an chéad duais’ ag deireadh an scéil. Agus feiceann Nóra Chóil Labhráis taispeánadh de Mhac Mhuire nuair a fhágann sí an baile in ‘Na Bóithre’. B’fhéidir gur i ngeall ar an ómós a léirigh muintir na Gaeltachta (mar a shamhlaítear iad i scéalta an Phiarsaigh) do na nósanna traidisiúnta a d’fhág oscailte iad don slánú Críostaí.

Tráchtann Mc Cormack ar an tslí go ndéanann an Piarsach neamhshuim den ‘temporal relationship between means and ends whether in the past or future’.

Pearse’s understanding of the relationship between rural Ireland and the metropolis involved a similar exercise in projected history. The traditional habits, beliefs, and practices of the Gael – no one else lived in the countryside, we are to accept – will redeem Ireland from the modernising and urbanising influences of Britain (little reference to New York, Chicago, or Paris) through closeness to owner-occupied Nature, the fertile soil, the elements, etc.647

Bheadh slánú ar fáil, de réir smaointeoireacht an Phiarsaigh, sna nósanna agus gnásanna traidisiúnta a chleacht an Gael. Ba é seo an lón cogaidh i gcoinne thionchar nua-aoisithe agus uirbithe na Breataine, díreach mar a chreid Mistral i gcás Provence na Fraince, mar a fheicfear ar ball. Breathnófar anois ar scéal Provence, agus ar an bpictiúr idéalach a cruthaíodh den réigiún i bhfoilseacháin na hÉireann.

Pictiúr Idéalach Provence: ‘boladh an fhraoich agus puth-anáil na tuaithe’

Chomh fada siar le 1895, bhí ailt á bhfoilsiú i bhfoilseacháin na hAthbheochana ar scríbhneoirí Provence. Ba é W. P. Coyne a scríobh an t-alt dar teideal, ‘Batisto Bonnet: A Provence Peasant’. Cheana féin, is léir ón teideal gur samhlaíodh nasc idir tuathánach agus duine de bhunadh Provence. Cuireann Coyne saothar Batisto

647 Mc Cormack, Dublin 1916,76. 219

Caibidil a Cúig

Bonnet i láthair léitheoirí an New Ireland Review, ‘work [...] which has just been presented to the literary world of Paris with what skill and grace you can imagine, by Alphonse Daudet’. 648 Ba é Daudet a scríobh réamhrá do leabhar Bonnet, Vie d’Enfant, agus moltar Daudet as an éacht a rinne sé: ‘[he] has rendered Bonnet’s beautifully expressive Provençal into his own inimitable French’. Gan dabht, ba mhór an meas ag bhí ag lucht liteartha in Éirinn, agus lasmuigh d’Éirinn, ar shaothar Daudet agus aistríodh líon mór gearrscéalta leis go Béarla agus go Gaeilge.

Luaitear an ‘tonic quality’ a bhaineann leis an leabhar, ‘as if one were making a spiritual retreat, which I experience in reading Vie d’Enfant’.649 Saghas dísirt, nó faoiseamh anama, a chuirtear ar fáil i leabhar Bonnet, áit ar féidir tarraingt siar ó bhrú an tsaoil, agus go mbraithfear athnuaite agus lán nirt i ndiaidh é a léamh.

D’fhoghlaim Bonnet scríobh nuair a bhí sé i bhfad óna ghrá geal aimsir chogaidh. Chuaigh véarsaí Mistral i bhfeidhm go mór air: ‘The words of my native village, this language which we peasants spoke to one another, but of which we were ashamed before the world – here I found it printed in a splendid book’.650

Faigheann Coyne locht ar shaothar Zola, La Terre, go háirithe an ‘degradation and moral deformity which, Zola would have us believe, forms to-day the basal element in [France’s] population’. Cuireann Coyne La Terre (‘that hideous phantasmagoria’) i gcomparáid le saothar Bonnet gona ‘sunny, wholesome pages’. Tá saothar Bonnet mar a bheadh frithnimh ar ghalar Zola agus tá dlisteanacht ag baint lena chuntas toisc gur de bhunadh na háite é:

The police-court realism of the author of La Terre stands challenged by a true son of soil from the South – a pacan (paysan) du midi – who sees the life of his kith and kin in its true light and intimacy, and has, with an inimitable and apparently artless skill, passed on its charm to the reader in the delightful pages of his reminiscences of childhood.651

Is spéisiúil go luaitear Zola san alt seo mar bhí meáin na hÉireann diúltach ina leith i gcoitinne, faoi mar a chonacthas i gcaibidil a ceathair. Pléadh cheana an

648 W. P. Coyne, ‘Batisto Bonnet: A Provence Peasant’, The New Ireland Review, Márta 1895, 6-12. 649 Ibid. 650 Ibid. 651 Ibid. 220

Caibidil a Cúig chodarsnacht a dhein Máire de Buitléir idir Zola agus Bazin, mar a d’áitigh sí gurbh é Bazin ‘the literary antithesis of Zola’. 652 Is ‘wayward child’ agus ‘brutal realist’ é Zola in alt Coyne:

The jocund music of the Midi has even thrown her lyrical charm over so wayward a child of hers as M. Zola. The memory of his childhood in Provence has compelled that brutal realist to carve, with his literary scalpel, in golden letters across the pages of the Contes à Ninon, the words which the shepherds read in Poussin’s Pastoral – ‘Et ego in Arcadia!’653

Tá tagairt anseo do dhá phictiúr a dhein an t-ealaíontóir Poussin a bhfuil ‘Et in Arcadia ego!’ scríofa orthu. Is íomhá thréadach is mó atá i gceist leis an dá shaothar a dhein Poussin ina bhfeictear aoirí ón ré ársa clasaiceach.654 Áit utóipeach a bhí in Arcadia. Mhair Poussin féin sa seachtú haois déag. Ba í an bhrí a baineadh as seo san ochtú agus sa naoú haois déag ná sult agus suáilceas a bhaint as saol na tuaithe.

Dhein Coyne cur síos ar chúlra bocht Bonnet i mbaile beag darbh ainm Bellegarde:

A poor place this Bellegarde, and the Bonnets were even less prosperous than their neighbours. Seven mouths to feed in this Southern household, and the father a day-labourer at forty sous a day! Yet, what an atmosphere of happiness, of peace, of mutual love!655

Tá an bhéim ar shonas an teaghlaigh (ainneoin a bhochtanais) an-chosúil le ráiteas Mhíchíl Uí Choileáin i dtaobh mhuintir Acla: ‘impoverished as the people are … the outward aspect is a pageant’. 656 Tá sleachta fada tógtha ón úrscéal nach bhfuil aistrithe go Béarla, toisc gur bhraith Coyne a chuid Béarla a bheith easnamhach chuige. Léiríonn na sleachta seo i bhFraincis cé chomh coitianta a braitheadh léamh na Fraincise a bheith i measc léitheoirí an New Ireland Review:

To quote Daudet’s words : ‘Toujours dans le même mas, devant le même immense plant de blés, d’oliviers, de vignes, horizonné des mêmes

652 Mary Butler, ‘René Bazin and His Works’, The New Ireland Review, Eanáir 1909, 257-262. 653 W. P. Coyne, ‘Batisto Bonnet: A Provence Peasant’, The New Ireland Review, Márta 1895, 6-12. 654 Mhair Poussin féin sa seachtú haois déag. Áit utóipeach a bhí in Arcadia. Ba í an bhrí a baineadh as seo san ochtú agus sa naoú haois déag ná sult agus suáilceas a bhaint as saol na tuaithe. 655 W. P. Coyne, ‘Batisto Bonnet: A Provence Peasant’, The New Ireland Review, Márta 1895, 6-12. 656 Collins, The Path to Freedom, 98-99, 127. 221

Caibidil a Cúig

montagnettes en dentelle que le Mistral et le vent grec éloignent ou rapprochent, ’ Batisto Bonnet ambitioned no purer life.657

[‘I gcónaí sa teach feirme céanna, os comhair leadhb mhór cruithneachtan, ológ, fíonghort, cnoic mar a bheadh boirdréis lása a mbíonn an ghaoth á séidheadh uait nó chugat’.]

Braitear nach raibh aon rud eile ag teastáil uaidh (.i. maoin an tsaoil) ach radharcanna aoibhne a cheantair dhúchais. Tá dlúthcheangal idir íomha Provence agus íomhá na Gaeltachta faoi mar a cuireadh chun cinn i dtréimhse na hAthbheochana iad. ‘Spiritual retreat’ a chuireann Bonnet ar fáil ina shaothar agus turas spioradálta chun na Gaeltachta a luadh níos túisce a dhéanann ‘Fear an Oileáin’ cur síos air, ‘where the spiritual passionate Gael with his simple beautiful customs, speaking his own language and singing his own sweet songs, lived as God intended he should’. 658

Tá go leor den idéalú agus den rómánsachas, fiú, le feiscint sa chur síos a dhéanann tráchtairí na hÉireann ar an ngluaiseacht i bProvence. Trúbadóirí nua- aimseartha a thugann Coyne ar fhilí na gluaiseachta, nó na ‘Félibres:’ ‘Mistral himself is, a Provençal peasant – so was Reboul, so are Roumanille and Anselme Mathieu – all cradled by peasant hands and hushed to sleep with peasant lullabys [sic]’.659 Is léir go raibh an teagmháil seo leis an gcosmhuintir, idir theagmháil fhisiciúil (‘peasant hands’) agus theagmháil chultúrtha (‘peasant lullabys’) mar chuid lárnach de thógáil na bhfilí seo. Tá sé suntasach gur i dtéarmaí baineanna a dhéantar cur síos ar sheachadadh na teanga toisc an bhéim a leagadh i gcomhthéacs na Gaeilge ar an teanga a bheith ag duine ‘ón gcliabhán’. Déantar neamhshuim de chúlra compordach Mistral, go raibh sé d’acmhainn ag a mhuintir é a chur go scoil chónaitheach agus go dtí an ollscoil i Nîmes. Ach, ba mar ‘thuathánach’ a dhein Mistral cur síos air féin i dtíolacadh a mhórshaothair, Mirèio¸ cé go ndeir Weber gur deacair glacadh leis seo.660 Intleachtóir a raibh oideachas air – agus ní tuathánach – a bhí i Mistral, cé gur oir sé do ghluaiseacht na Gaeilge agus do ghluaiseacht

657 W. P. Coyne, ‘Batisto Bonnet: A Provence Peasant’, The New Ireland Review, Márta 1895, 6-12. 658 ‘Fear an Oileán’, ‘In the Gaeltacht’, ACS, 15 Meitheamh 1907. 659 W. P. Coyne, ‘Batisto Bonnet: A Provence Peasant’, The New Ireland Review, Márta 1895, 6-12. 660 Eugen Weber, Peasants into Frenchmen, The Modernization of Rural France, 1870-1914 (London: Chatto and Windus, 1977), 80. 222

Caibidil a Cúig

Provençal go bhféachfaí air mar thuathánach. De réir Zeldin, ba mhac é Mistral le ménager, ‘a small landowner halfway between a peasant and a bourgeois, and he inherited just enough to enable him to live modestly’.661 Ba thábhachtach an rud é an teagmháil le cosmhuintir na tuaithe ionas go mbeadh teacht aige ar stór béaloidis a cheantair dhúchais, mar a bhí ag de hÍde. Féachadh ar an tuath go minic mar áit a raibh stór íonghlan ó thaobh teanga agus béaloidis de. Féach an bhéim a leag ‘Aongus’ ar shaibhreas an traidisiúin bhéil agus é ag tabhairt cuntais ar bheatha Mistral ar An Claidheamh Soluis i 1902:

tabhair aire dom chainnt más mian libh Impireacht bhur dteanga do thabhairt tar n-ais, gléas sibh féin agus tarraing ar an chisde seo. Goide an chisde í seo? Beól-oideas 7 sean-sgéalta na ndaoine féin, 7 deirim go bhfuil sa dtír seo na hÉireann ór chomh luachmhar agus do bhí i bProbhens.662

Mar sin, tá an tábhacht a bhain le cúlra agus le cultúr an tuathánaigh thar a bheith lárnach i ndioscúrsa an ‘Félibrige’ agus i ndioscúrsa na hAthbheochana. Tá luacháil ar siúl ag an dá ghluaiseacht (nó ag ceannairí meánaicmeacha an dá ghluaiseacht, mar a sonraíodh i gcaibidil a ceathair) ar thraidisiúin na cosmhuintire d’fhonn iad a spreagadh chun meas a bheith acu ar a gcuid nósanna ionas go gcaomhnóidís iad. Ach, ní hí an chosmhuintir in Éirinn a bhí ag léamh na nithe seo toisc nach raibh léamh na Gaeilge ag a bhformhór. B’fhéidir go bhfuil iarracht á déanamh ag na hAthbheochanóirí a chur ina luí ar a leithéidí féin – lucht na cathrach – go raibh fiúntas sa chultúr dúchais.

Mar a deir Anne-Marie Thiesse sa staidéar a dhein sí ar ‘le mouvement littéraire régionaliste, 1900-1945’, thosnaigh go leor de na scríbhneoirí réigiúnacha amach ag déanamh aithris ar an siombalachas nó ar stíl Pharnasse.663 Ach, nuair a d’iompaigh na scríbhneoirí ar an régiúnachas, bhí an saol faoin tuath lárnach ina saothar:

661 Theodore Zeldin, France 1848-1945: Intellect and Pride (Oxford: Oxford University Press, 1980), 50. 662 ACS, 11 Eanáir 1902, 715. 663 De réir Lagarde agus Michard, grúpa filí, seachas scoil, a bhí sna ‘Parnassiens’ a thriail foirfeacht foirme a bhaint amach sa bhfilíocht. Cuireadh ina Leith go raibh a gcuid filíocht gan mothúchán, cé gur rabhdar féin den tuairim gu filíocht shuaimhneach, thomhaiste a chuir machnamh doimhin fealsúnach i iúl. Féach André Lagarde agus Laurent Michard, XIX Siècle, (Paris: Bordas, 1969), 418. 223

Caibidil a Cúig

La conversion au régionalisme, qui s’accompagne souvent d’un passage à la prose, se marque par une forte localisation, la présence de descriptions réalistes, l’évocation de scènes « typiques » de la vie rurale ou régionale ainsi que par les emprunts au parler local.664

[Tá rian logánta le feiscint go mór ar an tiontú ar réigiúnachas, a chiallaíonn go minic iompú ar an bprós, mar aon le cur síos réalaíoch, radharcanna ‘tipiciúla’ den saol faoin tuath nó sa réigiún agus iasachtaí ón gcanúint áitiúil.]

Is léir ón méid thuas go raibh gné láidir thuaithe sa litríocht a d’eascair as an ngluaiseacht réigiúnda sa bhFrainc, agus gur mhinic a tógadh focal ar iasacht ó theanga dhúchais an cheantair. Tagann an rud céanna i gceist i gcás chanúnachas na Gaeilge agus tá feicthe againn cheana go n-aistreofaí scéal amháin ón bhFraincis go níos mó ná canúint amháin sa Ghaeilge.665 Uaireanta, choimeádadh an t-aistritheoir Gaeilge focal canúnach sa bhFraincis, faoi mar a dhein Tadhg Ó Donnachadha nuair a d’aistrigh sé scéal Guy de Maupassant, ‘Piairín’ nó ‘Pierrot’ sa bhunleagan.666 Níor athraigh Ó Donnachadha suíomh an scéil, Caux sa ‘Normaind’, cé gur chuir sé cruth Gaelach ar ainm na mná - Madam le Féabhar seachas Madame Lefevre. D’úsáid Tórna an focal ‘quin’ tríd an scéil, focal coitianta sa Normainn ar ghadhar beag ach míníonn sé an focal sa scéal: ‘Agus san Normaind ní chien a thugar ar mhadra ach quin’. Trí shuíomh an scéil agus trí úsáid a bhaint as an bhfocal quin, éiríonn le Tórna blas áirithe den réigiúin a chaomhnú ina aistriúchán.

Maidir leis na húrscéalta régionalistes, bhí forás mór faoin seánra seo sa chéad leath den bhfichiú haois. Cé go bhfuil éagsúlacht mhór sna húrscéalta seo, aithníonn Thiesse tréithe áirithe a bhaineann leo; plota simplí, cuir i gcás, agus teorainn leis an méid carachtar agus:

[l]’évocation des travaux et des jours, le passage des saisons donnent le rythme du récit. L’élément perturbateur, générateur du drame, est dans bien des cas la tentation engendrée par le monde de la grande ville […] La description des événements familiaux et locaux traditionnels occupe une

664 Anne-Marie Thiesse, ‘Le mouvement littéraire régionaliste (1900-1945)’, Ethnologie Française, nouvelle serie, Iml. 18, Uimh. 3, Régionalismes, Iúil-Meán Fómhair 1988, 220-232. Ar fáil ag: [Rochtain: 19/09/2012]. 665 ‘La Dernière Classe’, le Daudet, agus ‘La Boîte aux Lettres’ le Bazin, cuirim i gcás. 666 Tórna, ‘Piairín’, Cork Weekly Examiner, 8, 15, 22, 29 Bealtaine 1920. 224

Caibidil a Cúig

grande places dans ces romans : traveaux des champs, repas de fin de moisson, abattage du cochon, noces, charivaris, etc.667

[Tugann an cur síos ar an saothar agus na laethanta, imeacht na séasúr, tugann siad rithim don insint. Is iondúil gurbh é an ghné shuaiteach den scéal, an rud a ghineann an teannas, ná an cathú a ghabhann le saol na cathrach [...] Tá áit lárnach ag imeachtaí coitianta agus ag nósanna tradisiúnta sna húrscéalta seo: obair na ngort, béile ag deireadh an fhómhair, marú muice, bainis, clampar, srl.]

Is téamaí iad seo, dar ndóigh, a thagann aníos arís is arís eile i scríbhneoireacht na hAthbheochana. Agus é ag cur síos ar ‘thréithibh na bhfíor-Éireannach’ luaigh an Duinníneach go mbíonn idir fhir is mhná is an t-aos óg ‘ag obair leis an rámhainn, ag briseadh na gcloch, [...] ag dul fá dhéin na mbailte móra’.668 Dar le Ó Torna go raibh iarracht ar siúl aige cur i gcoinne íomhá na nGael mar dhream leisciúil in ionad aghaidh a thabhairt ar shuarachas shaol na cosmhuintire go háirithe nuair a deir sé, ‘Ní daoine díomhaoine na hÉireannaigh, mar adeir ár ndearg-namhaid’.669 Bhí a leithéid i gceist i mórán de scríbhneoireacht na gConraitheoirí ón tréimhse seo, a bhraith, b’fhéidir, go raibh orthu íomhá éagsúil a chur chun cinn den nGael. Masla suntasach is ea an focal ‘leisciúil’, a mbainfeadh an chumhacht choilíneach úsáid fhairsing as chun cur síos a dhéanamh ar na dúchasaigh d’fhonn breis measa a chothú don gcóras coilíneach.670 Is minic a bhí cur síos ar nósanna na Gaeltachta agus ar obair fhisiciúil na tuaithe i litríocht na hAthbheochana, agus d’fhéadfaí a áiteamh gur leanadh leis an saghas seo scríbhneoireachta agus muintir an Bhlascaoid i mbun pinn, faoi stiúir Athbheochanóirí na Gaeilge. Treisíonn sé sin leis an nóisean go bhféadfadh an litríocht réigiúnach rogha eile a chur ar fáil in áit na litríochta ‘dainséaraí’, nó go mbeadh sí mar leigheas ar litríocht mhífholláin, fiú. Tá paradacsa áirithe i gceist le héileamh na nAthbheochanóirí, iad ag iarraidh go mbeadh muintir na Gaeltachta díograiseach i mbun oibre, ach nach mbeidís treallúsach ná santach.

Chonacthas sa chaibidil dheireanach go raibh béim á leagan ar fhrithábharachas mhuintir Provence, agus taispeánadh an meas a bhí ag

667 Thiesse, ‘Le mouvement littéraire régionaliste’, 224 668 Pádraig Ua Duinnín, Saoghal i nÉirinn, (Baile Átha Cliath: M.H. Gill agus a Mhac, 1903), 21, luaite in Ó Torna, Cruthú na Gaeltachta, 113. 669 Pádraig Ua Duinnín, Saoghal i nÉirinn, 21, luaite in Ó Torna, Cruthú na Gaeltachta, 113. 670 Féach Syed Hussein Alatas, The Myth of the Lazy Native (New York: Franks Cass and Co., 1977). 225

Caibidil a Cúig

Athbheochanóirí na Gaeilge ar na duaiseanna a bronnadh ag an Félibrige: bláth in ionad boinn ná airgid ná leabhair. Tá idéalú áirithe ar mhuintir Provence le haithint anseo, amhail is go rabhadar saor ó smál na sainte. Aithníonn Philippe Martel go raibh coimhlint ann i ndioscúrsa an Félibrige maidir leis an gcur síos ar an tuathánach:

Le discours félibréen distingue en fait un peuple rêvé, la paysannerie archétypique arc-boutée sur la conservation de ses traditions, et un peuple réel, coupable, lui, de céder aux séductions du monde moderne en abandonnant sa langue, voire en fuyant la terre pour le piège de la ville.671

[Déanann an dioscúrsa Félibrige idirdhealú idir an pobal samhailteach, tuathánaigh aircitíopúla atá go daingean ag iarraidh a chuid traidisiúin a chaomhnú, agus pobal réadúil, atá ciontach as a bheith meallta ag an saol nua-aimseartha trí a dteanga a thréigean, agus an talamh a thréigean, fiú, i gcomhair ghaiste na cathrach.]

Bhí an teannas céanna i gceist i ndioscúrsa na hAthbheochana, go háirithe sna hailt a scríobh Conraitheoirí ag tabhairt íde béil do mhuintir na Gaeltachta a bhí ag iarraidh Béarla a labhairt, dul ar imirce, nó a bhí ag iarraidh dul chun cinn sa saol.672 Tá sé pléite cheana gur bheag an áit a tugadh i bhfoilseacháin na hAthbheochana do bhochtanas na gceantracha Gaeltachta. Deineadh an ghné sin a bhrú faoi thalamh, agus íomhá idéalach aoibhinn de shaol na tuaithe curtha ina hionad. Bhí sé de chumas acu an ghné seo a cheilt toisc gur bhain ceannairí an Chonartha le huasaicme uirbeach.

Sa tslí chéanna, bhí nithe áirithe á gcur faoi chois ag na hAthbheochanóirí sa trácht a dheineadar ar Mistral, nó b’fhéidir go rabhadar dall orthu. Ó buadh ar an bhFrainc in 1870, cuireadh imeagla ar Mistral a chuid tacaíochta do fhéinriail Provence a tharraingt siar. Ina dhiaidh sin, de réir Zeldin:

[he] became a poet of tradition, and the old provincial life, even going so far as to favour Catholicism (though never practising). With time, the delirious enthusiasm people felt for him waned. He was accused of singing only about

671 Martel, ‘Les écrivans paysans dans le Félibrige, 234. 672 Féach, mar shampla, ‘Emigration Industry’, ACS, Iml. XI, Uimh. 6, 17 Aibreán 1909, 9; agus ‘Gnó agus Teanga na hÉireann’, ACS, Iml. III, Uimh. 44, 11 Eanáir 1902, 722. 226

Caibidil a Cúig

Provence in the sunshine, about its rural beauties, about his own feelings, ignoring the problems of industrialisation and never speaking of Marseille.673

Nach iad na lochtanna céanna a chuirtear i leith dhúchasóirí na hAthbheochana, an Duinníneach, an tAthair Peadar, agus de hÍde? Má bhí na spriocanna céanna ag gluaiseacht na Gaeilge agus ag an ngluaiseacht Provençal - agus creidim go raibh - is díol spéise é gur shroich an dá ghluaiseacht an bac céanna: conas an chosmhuintir a ghríosú agus a mholadh gan iad a idéalú, agus conas an saol uirbeach a chur san áireamh ina bhfís? Ní foláir nó gur bhraith ceannairí an Chonartha, a raibh ardoideachas bainte amach acu, imní áirithe i dtaobh an idéalaithe seo os íseal, ach gur leanadar leis an idéalú ionas go mbeadh bunchloch na féiniúlacha Gaelaí leagtha go daingean. 674 Bhí gá le cinnteacht (agus, dá bhrí sin, cinsireacht) ionas nach gceisteofaí an fhéiniúlacht chéanna.

René Bazin agus Tuathánaigh na Fraince

Féachadh ar René Bazin i gcaibidil a trí agus ar an tslí inar chuir sé Caitliceachas na Fraince chun cinn ina shaothar. Anois, táthar chun breathnú ar an léiriú a dhéanann sé ar mhuintir na tuaithe sa bhFrainc. Agus Máire Ní Chinnéide ag moladh chreideamh mhuintir na tuaithe, d’fhógair sí gur Bhriotánach é Bazin, nuair nárbh ea. 675 Is suntasach an ní é seo mar tugann sé le fios gur samhlaíodh tuath na Fraince, agus dílseacht don gCaitliceachas, leis an mBriotáin. Ba de bhunadh Angers é Bazin, agus léiríonn an meas mór a bhí ag Athbheochanóirí na Gaeilge air an tslí ina rabhadar ag tabhairt níos mó suntais do réigiúin na Fraince, in áit Pháras.

Thug Bazin cuairt ar Éirinn sa bhliain 1908 agus thug léacht dar teideal ‘Peasants of France’, ‘a subject which M. Bazin has used in many of his novels’.676 Mar achoimre ar shaothar Bazin, bheadh sé úsáideach féachaint ar alt a scríobh Mary Ryan ar a bhás. Nuair a ceapadh í ina hollamh ar Theangacha Rómánsacha in

673 Zeldin, France 1848-1945, 52. 674 Tá cuntas maith ar aicme cheannairí na hAthbheochana in Timothy G. McMahon, Grand Opportunity: The Gaelic Revival and Irish Society, 1893-1910 (Syracuse, N.Y.: Syracuse University Press, 2008). 675 ACS, Iml. XI, Uimh. 51, 26 Feabhra 1910, 4. 676 Freeman’s Journal, 6 Samhain 1908, 7. 227

Caibidil a Cúig

Ollscoil Chorcaí i 1910, ba í an chéad bhean a ceapadh ina hollamh in aon ollscoil in Éirinn ná sa Bhreatain í. Ní foláir, mar sin, nó go raibh meas ag an acadamh ar shaothar Bazin má bhí leithéidí Ryan ag scríobh ar a bhás. Mhol sí bua Bazin chun cur síos a dhéanamh ar thírdhreach na tuaithe: ‘A born prose-writer, an artist in words, a landscape-painter with an understanding of the land and sensitive to its beauty; […] He gave charming pictures of provincial life in his first novels’.677

Ní luaitear an focal ‘réalaíoch’ sa chur síos thuas óir ba bheag meas a bhí ar an réalachas liteartha in Éirinn sa tréimhse seo.678 Roghnaigh Ryan raon foclóra níos teibí, amhail is go raibh sé le tuiscint gur íomhá idéalaithe den tuath a bhí á cumadh ag Bazin. I measc na dtéamaí is tábhachtaí i saothair áirithe leis tá:

[t]he dignity, the beauty, the importance of life on the land lived in accordance with traditional principles; and the tragedies that result when landed proprietors, farmers, land-workers, forget these things and abandon the country; […] when the innocent country man or woman is uprooted and plunged into the vortex of town life.679

Tá an téama seo ag teacht go mór leis an gcur síos a dhein Thiesse ar an litríocht réigiúnach: cosmhuintir shoineanta na tuaithe meallta ag an gcathair mhór, iad ag tréigean na talún agus slí bheatha a sinsear. Tuigtear nach mbeidh aon rath orthu siúd a chaitheann uathu nósanna agus traidisiúin a gceantair. Is rabhadh nó foláireamh a bhí anseo, b’fhéidir, ach is teachtaireacht é a bheadh ag teacht go láidir le soiscéal an Chonartha, dar ndóigh. Tá deighilt mhór le tuiscint sa chur síos thuas idir muintir na tuaithe agus muintir na cathrach, agus idir aicmí éagsúla. Féach gur ‘innocent country man or woman’ a sonraíodh, amhail is nach mbeadh an fear nó an bhean tuaithe in ann déileáil le saol na cathrach. Agus, go deimhin, is é sin a fheictear i mórán de shaothar na hAthbheochana, cuir i gcás, i ‘Nóra Mharcais Bhig’ le Pádraic Ó Conaire.680

677 Mary Ryan, ‘René Bazin: 1853-1932’, Studies: An Irish Quarterly Review, Iml. 21, Uimh. 84, Nollaig 1932, 627-634. 678 Chonaiceamar i gcaibidil a trí gur caitheadh anuas ar an litríocht réalaíoch. Breathnófar ar dhíospóireacht a bhain leis an réalachas i saothar Uí Chonaire níos faide anonn sa chaibidil seo. 679 Mary Ryan, ‘René Bazin: 1853-1932’, Studies, Nollaig 1932, 627-634. 680 Féach Pádraic Ó Conaire, ‘Nóra Mharcais Bhig’, Scothscéalta, (Baile Átha Cliath: Sáirséal agus Dill, 1956). 228

Caibidil a Cúig

I saothar eile le Bazin, De toute son âme agus Le Roi des Archers, nochtar cruatan an tsaoil sa bhaile mór, sna monarchana.681 Déanann sí tagairt d’fhocail Emile Baumann, scríbhneoir Caitliceach agus náisiúnaíoch: ‘By his country-folk as he paints them, he resurrects or saves a French countryside formed on fine models’.682 Arís, is féidir nasc a dhéanamh idir seo agus tionscnamh an Chonartha, mar a chuirtear síos air sa léamh a dhein Ó Torna agus Nic Congáil ar an tréimhse. Is í an tábhacht a bhain le scríbhneoireacht utóipeach na hAthbheochana ná gur dhlúthchuid í de phróiseas samhlaithe na hÉireann a raibh ar siúl ag lucht intleachtúil na tréimhse. Go deimhin, meabhraíonn ráiteas Baumann an éagothromaíocht chumhachta idir an chosmhuintir agus an té atá á dtaifead. Mar an céanna, agus J.M. Synge ag iarraidh grianghraf a thógaint d’oileánach:

We nearly quarrelled because he wanted me to take his photograph in his Sunday clothes from Galway, instead of his native homespuns that become him far better, though he does not like them as they seem to connect him with the primitive life of the island.683

Dar le Synge, oireann na héadaí dúchasacha don oileánach ‘níos fearr’ ná éadaí an tsiopa, toisc go dtacaíonn siad leis an íomhá agus leis na luachanna a shamhlaigh sé a bheith ar an oileán. B’fhearr leis an oileánach gan é féin a chur i láthair mar bhundúchasach, ach mar dhuine slachtmhar, a cheannaigh a chuid éadaí sa bhaile mór. Tá an mhíréir idir féiníomhá an oileánaigh, agus íomhá réamhcheaptha Synge ríléir anseo.

In agallamh le Bazin san Irish Independent, déantar nasc idir bunú Chonradh na Gaeilge agus adhradh na dtuathánach:

In Ireland, where, since the formation of the Gaelic League, respect and love for our peasantry has become almost a cult, the arrival of Monsieur René Bazin is of particular interest. The great novelist […] [is] the most perfect delineator and soul painter of peasant life in the present century.684

681 Mary Ryan, ‘René Bazin: 1853-1932’, Studies, Nollaig 1932, 627-634. 682 Ibid. 683 J. M. Synge, The Aran Islands (Dublin: Maunsel & Company, 1907), 85. 684 Irish Independent, 10 Nollaig 1908, 5. 229

Caibidil a Cúig

Tabhair faoi deara an tagairt don anam, ‘soul painter’, amhail is go raibh sé de chumas ag Bazin anam na Fraince a fheiscint sna tuathánaigh. Chonacthas sa chaibidil roimhe seo go raibh íomhá na nAthbheochanóirí d’anam na Fraince á bogadh ó Pháras go dtí na réigiúin thuaithe. Labhair Bazin ar feadh tamaill fhada ar ‘a new school of writers in France who are making themselves felt in the idealistic literature of the day’.685 Is díol suntais é gur aithníodh an ghné idéalaithe sa litríocht, in áit cur síos réalaíoch ar an saol mar a bhí sé á chaitheamh faoin tuath. Ba admháil (os íseal) a bhí anseo go raibh nithe áirithe á gcur faoi cheilt. Tá sé le tuiscint uaidh seo go raibh an litríocht réigiúnach ag freagairt leithéidí Zola, agus an dearcadh a bhí ag na scríbhneoirí réalaíocha. Nuair a iarradh air labhairt ar bhánú na tuaithe, d’fhreagair sé go raibh obair bliana sa chathair, siúd is nach raibh ach obair leathbhliana faoin tuath ar bheagán airgid. Luaigh sé oideachas, freisin, mar chúis go raibh lucht na tuaithe ag bogadh go dtí na cathracha:

Tillers of the soil are not catered for in matters of education like other workers. I consider the working of the land the most noble profession in a country, but modern education does not teach that, neither does it give to the peasant the instruction which will help him to take a pleasure in his work.686

Is iad simplíocht agus cur le chéile na dtuathánach a thaitníonn le Bazin, ach músclaítear míchompord sa léitheoir nua-aimseartha nuair a léirítear an dearcadh atharthaíoch go mba chóir a mhúineadh don tuathánach conas ‘taitneamh’ a bhaint as a chuid oibre. Tá uasal á dhéanamh le híseal anseo, go háirithe nuair a chuimhnítear nár chaith Bazin a shaol ag obair sna goirt, ach go raibh post ollscoile aige.

Moladh Bazin as a dhíograis: ‘His keen sense of duty would alone make him the backbone of the nation, de réir thuairisceoir an Independent’.687 Mar sin féin, aithníodh san alt céanna go bhfuarthas locht ar Bazin sa bhFrainc:

He has been accused by a certain class of realists in France of ‘cooking provincial dishes of angels, and serving them up with the white sauce of virtue’ because he has chosen a different path to his contemporaries – looking for the best instead of the worst in human nature. Life, as he sees it, is not

685 Ibid. 686 Ibid. 687 Ibid. 230

Caibidil a Cúig

sordid, but beautiful, while his lucid cheerful philosophy has made him the healthiest of French modern writers.688

Tá sé le brath go bhfuil an tuairisceoir seo ag tacú le Bazin, in áit ‘a certain class of realists’. Moltar Bazin as dea-thréithe an nádúir dhaonna a bhreacadh agus táthar den tuairim gurbh é is ‘folláine’ i measc scríbhneoirí nua-aimseartha na Fraince.

I léacht a thug Seán Mac Giollarnáth ar Phádraic Ó Conaire i gColáiste Chonnacht, fuair eagarthóir an Claidheamh locht ar an gConaireach, agus Bazin i gcodarsnacht leis: ‘[Mac Giollarnáth] contrasted his method of story-writing with that of René Bazin, and questioned the truth to Irish life of the unredeemed sadness of the endings of most of O Conaire’s stories’.689

Admhaítear i scéalta Uí Chonaire go raibh duairceas agus brón sa saol, fiú sa Ghaeltacht, ach is léir gurbh fhearr le Mac Giollarnáth go mbeadh dearcadh níos dearfaí ina chuid scéalta. Sampla eile atá anseo den teannas idir luachanna aeistéitice na litríochta agus luachanna morálta nó, sa chás seo, eiseamláir dhearfach a chur os comhair an léitheora. Bhí cur agus cúiteamh tar éis na léachta a chuimsíonn na seasaimh éagsúla a glacadh sna díospóireachtaí. Mhol Seaghan Ó Ceallaigh fírinne scríbhneoireacht Uí Chonaire. Mheas Tomás Mac Domhnaill go mba chóir féachaint thar sáile chun ceird an úrscéil a fhoghlaim, ach go bhfanfadh smaointe an údair Gaelach, ealaíonta agus uasal. ‘Many of our Anglo-Irish writers went to France for their head-line. They came back and gave us such impossible monstrosities as ‘The Playboy of the Western World’’, a d’fhreagair duine eile.690 I measc na dtuairimí eile a cuireadh in iúl, mheas Domhnall Ó Baoighill go mba chóir stíl na seanscéalta a leanúint, cé go ndúirt Caitlín Nic Gabhann gurbh é Ó Conaire ab fhearr i measc scéalaithe na Gaeilge toisc gurbh é ba nádúrtha. Bhí súil ag an Dr Mac Enrí go scríobhfadh Ó Conaire scéalta nach raibh chomh brónach céanna as sin amach. Is léir ón gcuntas seo nach raibh na Conraitheoirí ar aon intinn i dtaobh na

688 Ibid. 689 ‘The Stories of Padraic O Conaire’, The Freeman’s Journal, 31 Lúnasa 1910, 5. 690 Ibid. 231

Caibidil a Cúig litríochta agus go raibh daoine ann a bhí sásta ‘fírinne’ na réadúlachta i scéalta Uí Chonaire a chloisint.691

Má bhí scéalta Bazin ‘folláin’, bhíodar ‘oiriúnach’ do lucht léite na Gaeilge chomh maith céanna, agus ba é seo an tslat tomhais a bhí in úsáid ag Máire Ní Chinnéide ina cuid scríbhinní critice. Ba thábhachtach di freisin go mbeadh taithí ag léitheoirí ar shuíomh an scéil. Molann Ní Chinnéide an tuiscint a bhí ag Bazin ar shaol na tuaithe: ‘’Sé saoghal na tuaithe a thuigeann René Bazin thar mar a thuigeann éin-scríbhneoir Frainncise eile é, agus tá sé de chéill aige cloí leis an rud a thuigeann sé’.692

De réir Ní Chinnéide, baineann scéalta luatha Bazin le saol na mbailte tuaithe nó le saol na ndaoine uaisle faoin tuath. Bheadh sé seo ag teacht leis na gnéithe bourgeois atá le sonrú i scéalta agus i ndrámaí Ní Chinnéide féin. Ach, ag tosnú le La Terre Que Meurt, is ea a thosnaigh Bazin ag trácht ar shaol na dtuathánach féin, rud ‘nár deineadh ach go hannamh roimhe sin, agus nár deineadh riamh chomh tuisgeanach’. 693 Scéal is ea La Terre Qui Meurt ina bhfuil feirmeoir i mbaol a dhíshealbhaithe agus mac leis ina chláiríneach. Tá a bhean ar shlí na fírinne agus nuair a imíonn mac eile agus iníon leo go dtí an chathair ‘tá croidhe an athar briste nach mór nuair a imthighid siad – ní thuigeann sé conus is féidir le tuata cúl do thabhairt leis an dtuaith’. Ach tá a fheirm aige go fóill, La Fromentière, agus tá an mac is óige, André, tar éis filleadh abhaile i ndiaidh a thréimhse saighdiúireachta. Ach ní fada go n-imíonn André freisin:

Fógraí is páipéir a chonnaic sé agus é ’na shaighdiúir a chuir in iúil dó cad é mar shaoghal a bhíonn ag feirmeóiribh ins na tíorthaibh nua, áit ná fuil an ithir caithte, traochta fé mar atá sí ina na sean-thíorthaibh. Níl fágtha sa tsean-fheirm ansan ach Mathurin, an mairtíneach, agus an cailín is óige, Marie Rose. Tá grádh aici seo do bhuachaill óg a bhí ag obair dá hathair féin i La Fomentière, ach tá sé díbirthe ag an bhfeirmeoir anois. Tá an scéal ceadna aca sa tuaith sa bhFrainnc atá againn féin anso. [...] Tréith eile atá le fáil ’nár measc in Éirinn iseadh an t-éad so idir cheanntair atá comhgarach dá chéile.694

691 Ibid. 692 Máire Ní Chinnéide, ‘René Bazin agus Saoghal na Tuaithe’, Branar, Iml. 1, Uimh. 5, Feabhra 1920, 186-190. 693 Ibid. 694 Ibid. 232

Caibidil a Cúig

Mar is léir ón méid thuas, achoimre seachas anailís a bhí ar bun ag Ní Chinnéide san alt seo. Ach caithfear suntas a thabhairt don gcomparáid a tharraingíonn sí idir saol na tuaithe sa bhFrainc agus in Éirinn. Aithníonn sí na nithe diúltacha i saol na tuaithe, ainneoin go raibh a cuid comhscríbhneoirí ar a ndícheall ag iarraidh na tréithe diúltacha a chur faoi cheilt. Is cosúil go bhfuil sí ag moladh go n-aistreofaí an scéal go Gaeilge:

Maidir leis an scéal féin, is beag atharrú dob’ éigean a dhéanamh ann chun crot Gaedhlach do chur air. Tá an fhadhb chéadna againn le réidhteach ’san dá thír – nó b’fhéidir ins na seana-thíorthaibh go léir – conas na daoine óga do choimeád ag saothrú an tailimh fé mar a dhein a sinnsir rómpa, an fhaid is tá an chathair ag glaodhach ar chuid aca, agus na tíortha nua ag mealladh chúcha na ndaoine ná luigheann uaigneas na tuaithe ortha.695

Tá an píosa thuas ag teacht leis an mbolscaireacht a bhí ar siúl ag Conradh na Gaeilge ag an am, agus iad ag iarraidh cur ina luí ar dhaoine gan dul ar imirce.696 Tá Ní Chinnéide den tuairim nach gcuirfeadh léitheoirí Gaelacha spéis sna scéalta a scríobh Bazin i ndiaidh La Terre Qui Meurt:

I bhfurmhór na scéalta a scríobh sé i ndiaidh La Terre Qui Meurt do lean René Bazin don ádhbhar chéadna a bhí aige sa leabhar son, ach ní dóigh liom go gcuirfidh Gaedhil an tsuim chéadna ionnta. Ceisteanna eile a bhaineann leis an dtalamh atá ’á bplé aige, ach níl an chosúlacht chéadna idir iad agus na rudaí atá ag luighe orainn anso in Éirinn.697

Arís, tá an tuiscint á cur chun cinn aici gur gá go mbeadh cur amach ag léitheoirí ar ábhar an scéil chun go dtaitneodh an scéal leo. Is éard atá i gceist leis na ‘ceisteanna eile’ ná an Cumannachas a phléitear in Le Blé qui Lève. D’fhéadfaí é seo a léamh mar chinsireacht os íseal ar ábhar neamhoiriúnach, ar ábhar nach mbeadh ag teacht le fís na gConraitheoirí.

Tá roinnt mhaith cur síos ’sa leabhar so [Le Blé qui Lève], leis, ar Chumannachas is ar cheart na bhfear oibre chomh fada is bhaineann sé le lucht na tuaithe, agus go mór-mhór le lucht leagtha na gcrann, agus chímíd an Sabotage, is é sin díobháil do dhéanamh d’earráibh an mháistir, dá

695 Ibid. 696 Féach mar shampla ‘Caillteanas de bharr na hImirce’, ACS, 8 Lúnasa 1903, 1; agus an drama ‘An Deoraidh’, le Lorcán Ua Tuathail a céadléiríodh sa bhliain 1904. 697 Ní Chinnéide, ‘René Bazin agus Saoghal na Tuaithe’, Branar, Feabhra 1920, 186-190. 233

Caibidil a Cúig

mhonarchain, abair, nó dá inneallachaibh oibre. Tugtar pictiúir dúinn, leis, de dhroch-staid an chreidimh sa tuaith féin sa bhFrainc a chuirfidh brón ar éinne ar chuimhnigheann ar an áit a bhí ag an dtír sin i Stair na hEaglaise fad ó, agus tá cúntas taithneamhach ar an nós ’na ndeintear feirmeoireacht i measc na bPicards ar an dtaobh thuaidh den bhFrainc, ’sa dúthaigh is mó ’na bhfuil rian an Chogaidh Mhóir le feiscint’.698

Mar Chaitliceach dílis, is léir go raibh fadhb ag Ní Chinnéide leis an gCumannachas agus is i ngeall air seo nach molann sí Le Blé qui Lève. Lochtaíonn sí an léiriú ar dhrochstaid an Chaitliceachais faoin tuath sa bhFrainc. Cé nach raibh aon cheangal ag an iris Branar (áit ar foilsíodh an t-alt seo i 1920) le hord rialta, mar a bhí ag New Ireland Review, cuir i gcás, níl aon dabht ach gur mhúnlaigh creideamh pearsanta Ní Chinnéide an léirmheas seo. Ach deich mbliana roimhe sin, mhol sí saothar Anatole France, rud a tharraing cáineadh ó shagairt áirithe. D’fhéadfaí a áiteamh gur úsáid Ní Chinnéide a cuid léirmheastóireachta ina dhiaidh sin chun aird a tharraingt ar shaothar a mheas sí a bheith ‘oiriúnach’ do phobal léitheoireachta na Gaeilge. B’fhéidir nach ionann a tuairim phearsanta agus an méid a scríobh sí sa léirmheastóireacht, ach gur cheap sí í féin mar mhaor ar chúrsaí litríochta. Más amhlaidh a bhí, tá teanntás áirithe ag baint leis an seasamh seo, go raibh sí in ann a rá cad a d’oir do léitheoirí na Gaeilge níos fearr ná mar a bheidís féin in ann a dhéanamh amach.

Go bhfios dom, níor aistríodh an leabhar áirithe seo, Le Blé qui Lève, go Gaeilge ná go Béarla in Éirinn, ach bhíothas sásta La Terre Qui Meurt a aistriú go Béarla mar is léir ón bhfógra seo a leanas a foilsíodh in The Meath Chronicle: ‘We shall shortly commence publishing a translation (by P.J. Sheridan) of this interesting Book, written by one of the Ablest Writers of France. A Tale of the Land, or of Life on the Land, it cannot fail to interest’.699 Is dócha gur roghnaíodh La Terre Qui Meurt a aistriú thar Le Blé Qui Lève toisc go raibh baint ag an scéal sin le taithí mhuintir na hÉireann, b’fhéidir, nó toisc an scéal a bheith níos ‘folláine’. Murab ionann is Le Blé Qui Lève, níl aon trácht ar an gCumannachas ann.

698 Ibid. 699 Meath Chronicle, 28 Samhain 1908, 1. 234

Caibidil a Cúig

Fiú i gcás Bazin, mar sin, bhí tráchtairí na hAthbheochana cáiréiseach agus iad ag roghnú saothar a mheasadar a bheith folláin do phobal léitheoireachta na hÉireann. Léiríonn sé an eagarthóireacht leanúnach a bhí ar bun ag na hAthbheochanóirí agus iad ag iarraidh ábhar cultúrtha oiriúnach a sholáthair, agus an drogall a bhí orthu rud ar bith a chur san áireamh a bheadh bagarthach, nó treascrach. Deineadh amhlaidh i gcás Daudet; díríodh ar a shaothar ba mhó a d’fhreastail ar riachtanais na nAthbheochanóirí, agus fuarthas locht ar leabhair leis nach raibh oiriúnach ina dtuairim siúd.

An Bhriotáin trí shúile Mháire de Buitléir

Tá an cuntas a scríobh Máire de Buitléir sa Catholic Bulletin i measc na gcuntas is faide dá bhfuil againn ar an mBriotáin ó aimsir na hAthbheochana. Feictear cúrsaí creidimh, cúrsaí teanga, agus meas ar nósanna traidisiúnta ag teacht chun cinn go mór iontu. Ba réimsí iad seo, dar ndóigh, ar chuir gluaiseacht na Gaeilge spéis faoi leith iontu. Má bhí de Buitléir sásta bolscaireacht a dhéanamh ar son na hÉireann agus í thar lear, is cosúil nach raibh aon drogall uirthi bolscaireacht a dhéanamh thar cheann na Briotáine, óir is leagan idéalaithe, nó eiseamláireach den mBriotáin a chuir sí faoi bhráid a cuid léitheoirí in Éirinn. Is ríléir óna cuid alt go raibh an Bhriotáin thar a bheith tarraingteach mar mhionsamhail d’Éirinn i measc Athbheochanóirí na Gaeilge. Chabhraigh sí le heolas faoin mBriotáin a scaipeadh in Éirinn, agus, sa tslí seo, chothaigh sí spéis sa Bhriotáin, rud atá le sonrú i ndioscúrsa na hAthbheochana ó 1913 ar aghaidh.

Ba i ndiaidh bhás a fir a thosnaigh de Buitléir ag gníomhú ar son an Chonartha in athuair. Bheartaigh sí bliain a chaitheamh ar an mór-roinn i dteannta a máthar. Roimh an turas chuir sí in iúl d’Art Ó Gríofa go mbeadh sí sásta an chúis a chur chun cinn agus í san Eoraip.700 D’fhág Máire agus a máthair Éire i mí Mheán Fómhair 1920. Faoin tráth seo, bhí deirfiúir Mháire, Belinda, i gclochar Saint Michel de Kergonan i bPlouharnel sa Bhriotáin agus bhíodar chun cuairt a thabhairt uirthi sula dtabharfaidís aghaidh ar an Róimh. Chaitheadar sé seachtaine sa Bhriotáin. As san, chuadar go Páras ach bhíodar sa Róimh faoin gcéad sheachtain de

700 Máiréad Ní Chinnéide, Máire de Buitléir: Bean Athbheochana (Baile Átha Cliath: Comhar Teoranta, 1993), 137. 235

Caibidil a Cúig mhí na Samhna.701 Bhuail fiabhras Máire ar an 23 Samhain agus d’éag sí ceithre lá ina diaidh sin, ar an 27 Samhain 1920. Is léir ó shaothar iriseoireachta an Bhuitléaraigh go raibh cur amach aici ar thréimhseacháin Chaitliceacha a linne sa Bhéarla agus sa bhFraincis.702 Tá fianaise ann freisin gur bhean an-deabhóideach ab ea í. Ba i ndiaidh a báis a foilsíodh na hailt a scríobh sí ar a haistear deireanach. Idir Nollaig na bliana 1920 agus Samhain na bliana 1921 foilsíodh sé alt léi ar an mBriotáin, isteach is amach le 28 leathanach.703

Is iomaí comparáid a dhéanann de Buitléir idir na Briotánaigh agus na hÉireannaigh, rud a thacaíonn leis an téis gur mhionsamhail d’Éirinn a bhí sa Bhriotáin, de réir na nAthbheochanóirí. Tá na fir sa Bhriotáin ‘tall, broad- shouldered and good-looking as Aran Islanders’.704 Molann sí béasa na mBriotánach, cuma cén aicme shóisialta lena mbaineann siad, agus deir sí nár bhraith sí a leithéid de mhuintearas ach amháin sa Ghaeltacht nó i gcomhluadar Gaeilgeoirí. Cúrsaí creidimh is bunús leis seo, dar léi: ‘There is something in the race and also something in the religion of Gael and Breton which produces this delightful social atmosphere’. 705 Is ceangal spioradálta, nó nasc muinteartha atá idir Gaeil agus Briotánaigh.

Cuireann tírdhreach Morbihan ceantar na Boirne agus Cois Fharraige i gcuimhne di. Sna hailt eile, leagann sí béim ar an ngaol muinteartha idir Éire, ‘Among our Breton Kinsfolk’ is teideal don tsraith alt seo.

Yes, truly we recognise you kinsmen of the old Celtic stock. I have never felt so at home anywhere outside of Ireland as in Brittany. Sharing the same faith, having for mother tongue a similar language, sprung form the same race with looks and manners not unlike, Gaels naturally feel, when among the Bretons that they are in the midst not only of friends but of kinsmen.706

701 Ibid., 139. 702 Ibid., 139 703 Máire de Builtéir, ‘A Breton Fete’, The Catholic Bulletin, Nollaig 1920, 769-775; ‘Among Our Breton Kinsfolk I’, The Catholic Bulletin, Meitheamh 1921, 351-354; ‘Among Our Breton Kinsfolk II’, The Catholic Bulletin, Iml. XI, Uimh. 7, Iúil 1921, 416-419; ‘Among Our Breton Kinsfolk III’, The Catholic Bulletin, Iml. XI, Uimh. 8, Lúnasa 1921, 471-474; ‘Among Our Breton Kinsfolk IV’, The Catholic Bulletin, Iml. XI, Uimh. 10, Deireadh Fómhair 1921, 636-639; ‘Among Our Breton Kinsfolk V’, The Catholic Bulletin, Iml. XI, Uimh. 11, Samhain 1921, 695-699. 704 de Buitléir, ‘Among Our Breton Kinsfolk I’, The Catholic Bulletin, Meitheamh 1921, 351. 705 de Builtéir, ‘A Breton Fete’, The Catholic Bulletin, Nollaig 1920, 772. 706 de Builtéir, ‘Among Our Breton Kinsfolk I’, The Catholic Bulletin, Meitheamh 1921, 351-354. 236

Caibidil a Cúig

Tabhair faoi deara gurbh é an creideamh is túisce a shamhlaíonn sí mar nasc idir Éire agus an Bhriotáin. Tá sí faoi anáil Ernest Renan ina cuid smaointeoireachta i dtaobh na gCeilteach, agus, go deimhin, is le ráiteas Renan a thosaíonn de Buitléir alt amháin sa tsraith: ‘Nous autres Celtes, nous ne ferons pas de Parthénon. Le marbre nous manque, mais nous savons prendre à poignée le cœur et l’âme’.707 [Sinne, na Ceiltigh, ní dhéanfaimid aon Parthénon. Níl marmar againn, ach tá a fhios againn conas an croí agus an t-anam a léamh.] San alt seo, leanann sí uirthi ag craobhscaoileadh theachtaireacht Renan i dtaobh an chine Cheiltigh:

The things of the spirit appeal to the Celt. The invisible world is to him more real than the material objects which he sees with his bodily eyes. His friends call him spiritual, his enemies superstitious. There is something of the truth in both opinions.708

Faoi mar atá léirithe ag mórán scoláirí ó Shéamus Deane agus Luke Gibbons i leith, bhí tionchar mór ag teoiricí Renan agus Matthew Arnold ar smaointeoireacht na hAthbheochana.709 Ba iad na teoiricí seo i dtaobh na gCeilteach a chuir bonn faoi chuid de na tuiscintí a d’fhás aníos timpeall ar chúrsaí teanga in aimsir na hAthbheochana. Ní ar an bpointe seo amháin atá de Buitléir ag aontú le dioscúrsa na Athbheochana, aontaíonn sí leo faoi chumhacht na teanga dúchasaí freisin: ‘It is only through the medium of their own language that one can get at the inmost thoughts of the Bretons. In French they only express the surface of their minds’.710 Tá an méid céanna ráite cheana i dtaobh na Gaeilge agus an Provençal, .i. nach bhfuil an ‘mhórtheanga’ in oiriúint d’aigne na mionteanga dúchasaí. Tá tábhacht nach beag ag baint leis an ráiteas seo ón mBuitléarach mar go léirítear a cuid tacaíochta don mBriotáinis, siúd is nach bhfuil ach an Fhraincis aici féin. Is aitheantas é ar thábhacht na Briotáinise, agus, b’fhéidir, ar a heaspa cumais dul i ngleic leis an mBriotáin ón uair nach bhfuil an teanga aici: ‘There remain always

707 de Builtéir, ‘Among Our Breton Kinsfolk IV’, The Catholic Bulletin, Deireadh Fómhair 1921, 636- 639. 708 Ibid. 709 Féach Seamus Deane, Celtic Revivals: Essays in Modern Irish Literature 1880-1980 (London: Faber and Faber, 1985); Luke Gibbons, ‘Constucting the Canon: Versions of National Identity’, in Seamus Deane, (eag.), The Field Day Anthology of Irish Writing Iml. II (Derry: Field Day, 1991), 950-955. 710 de Builtéir, ‘Among Our Breton Kinsfolk IV’, The Catholic Bulletin, Deireadh Fómhair 1921, 636. 237

Caibidil a Cúig unplumbed depths for those who cannot converse with them in their mother tongue’.711

Déanann de Buitléir iarracht tagairtí do scríbhneoirí na Briotáine a shníomh trína cuid alt, agus is i bhFraincis atá na sleachta sin. Tá an méid seo suntasach mar tugann sé le fios gur trí phriosma na Fraincise a chuir na hÉireannaigh aithne ar an mBriotáin den gcuid is mó, agus go raibh tuiscint sceabhach acu ar an réigiún i ngeall air sin. Mar sin, nuair a luann an Buitléarach línte fileata ar nós: ‘La plantureuse campagne trempe sa robe dans la mer’ le scríbhneoir Briotánach, tá dul amú uirthi.712 Is é Sully Prudhomme a chum na línte sin agus de bhunadh Pháras ab ea é.713 Sampla eile den radharc sceabhach seo ar an mBriotáin ná líne a thógann sí ó scríbhneoireacht François Coppée agus é ag cur síos ar aeráid fhliuch na Briotáine mar ‘pays mouillé, touchant comme un visage en larmes’. Arís, bhí blas láidir na rómánsaíochta ar an íomhá seo, ‘tír fhliuch, corraitheach mar a bheadh aghaidh ag sileadh deor’. Arís, rugadh Coppée i bPáras agus b’ann a chaith sé a shaol. Tá an glóiriú céanna ar siúl ag leithéidí Prudhomme agus Coppée agus a bhí ar bun ag Athbheochanóirí, go pointe áirithe. Bheadh an cur síos maoithneach seo tarraingteach do chathróirí áirithe in Éirinn, toisc gur shamhlaíodar an Ghaeltacht mórán sna téarmaí céanna.

Téann dúthracht agus eitic oibre na mBriotánach i bhfeidhm go mór ar de Buitléir. Dream is ea na Briotánaigh ‘who work hard all year round. The Bretons are a laborious race and think nothing of working in the fields from 5a.m. till 8.30p.m., with two intervals for dinner and supper’.714 In alt eile, deir sí:

The Bretons are a very laborious people […] If they were not of a very robust physique and exuberant vitality they would be too tired to do anything but rest on holidays. But they are splendidly strong and are blessed with good spirits.715

711 Ibid. 712 de Builtéir, ‘Among Our Breton Kinsfolk I’, The Catholic Bulletin, Meitheamh 1921, 351-354. 713 Aistríodh dán de chuid Prudhomme go Gaeilge. Féach IML. H. Wright ‘Si Vous Saviez’ (A free translation from the French of M. Sully Prudhomme) in New Ireland Review, Deireadh Fómhair 1897, 111; agus alt léirmheastóireacht George Newcomen ‘The Poetry of Sully Prudhomme (An Appreciation)’ New Ireland Review, Lúnasa 1895, 370 -376. 714 de Builtéir, ‘A Breton Fete’, The Catholic Bulletin, Nollaig 1920, 769-775 715 de Buitléir, ‘Among our Breton Kinsfolk III’, The Catholic Bulletin, Lúnasa 1921, 471-474. 238

Caibidil a Cúig

Tá meon faoi leith á éileamh anseo aici, is é sin go mbeadh muintir na tuaithe ag obair go dian dícheallach, ach nach mbeidís treallúsach is go gcaomhnóidís a ndea- mhéin ag an am céanna. Is mar eiseamláir a shamhlaíonn de Buitléir an Bhriotáin, b’fhéidir, nó chun cur i gcoinne íomhá na nÉireannach mar dhream leisciúil. Nuair a mholann sí mná na dúiche i ngeall ar a ndílseacht don bhfaisean dúchasach agus toisc nach ndéanann siad aithris ar nósanna faisin Pháras, is dócha go bhfuil sí ag tabhairt teachtaireachta dá léitheoirí in Éirinn, freisin.716 In áiteanna eile, molann sí go mba chóir d’Éireannaigh nós Briotánach faoi leith a chleachtadh:

At harvest time they sing lustily, threshing the corn, bringing it to the barns, and during all harvesting operations. Used it not be the custom for the Irish to sing also when engaged in similar work, and would it not lighten labour if these “songs of occupation” were revived among our people?717

Tá sé le brath go bhfuil uasal le híseal á dhéanamh anseo ag de Buitléir, go bhfuil sí os cionn na cosmhuintire atá á teagasc aici go teanntásach, toisc gur léir nach mbaineann sí leis an aicme úd a bheadh ag obair sna goirt. Sceitheann sí uirthi féin anois is arís nuair a thuigtear go bhfuil sí lasmuigh den dream atá á mholadh aici, nó go samhlaíonn sí a bheith á mhúineadh.

Chonacthas i gcaibidil a ceathair gur mhúscail Scaradh Stát na Fraince ón Eaglais brón agus alltacht sna hAthbheochanóirí agus gur mhinic a luaití an ‘caidreamh speisialta’ a bhí ag an bhFrainc leis an Róimh ag dul i bhfad siar. Chonacthas, freisin, gur féachadh ar an mBriotáin mar réigiún a d’fhan ‘dílis’ don gcreideamh Caitliceach agus moladh an ghné seo go mór sa tráchtaireacht a bhaineann leis an mBriotáin agus, go speisialta, leis na Briotánaigh féin. Mar sin, is i dtéarmaí spioradálta a fhéachtar ar na Briotánaigh i ndioscúrsa na hAthbheochana, toisc nár chailleadar an nasc a bhí acu leis an Eaglais, ainneoin a raibh ar siúl sa bhFrainc. Míníonn Nic Congáil an nasc a shamhlaigh Úna Ní Fhaircheallaigh a bheith i measc na gCeilteach: ‘saibhreas spioradálta coiteann agus frithábharachas na gciníocha sin, tréithe a bhaineann leis an gCríostaíocht thar aon ní eile’.718 Is iad an ‘saibhreas spioradálta’ agus an ‘frithábharachas’ a samhlaíodh leis an Imeall (nó leis

716 de Builtéir, ‘Among Our Breton Kinsfolk II’, The Catholic Bulletin, Iúil 1921, 416-419. 717 de Builtéir, ‘Among Our Breton Kinsfolk III’, The Catholic Bulletin, Lúnasa 1921, 472.. 718 Nic Congáil, Úna Ní Fhaircheallaigh, 368. 239

Caibidil a Cúig an Tuath), faoi mar a léiríodh i gcaibidil a ceathair, rud a fhágann gurbh ionann an Lár nó an Chathair agus easpa spioradáltachta is ábharachas.

Faoi mar a nasc Ní Fhaircheallaigh Oileán Árann leis na naoimh a bhí bainteach leis an áit, deineadh nasc idir teanga na Briotáine agus naoimh na Briotáine. Nuair a tháinig easpag a bhí i bhfábhar na teanga ar cuairt go Quimper, fearadh fáilte mhór roimhe:

A crowd of 5,000 people gave [Monsignor Duparc] an enthusiastic ovation at the railway-station when he made his official entry to Quimper, and Monsignor Duparc, in thanking them, said: ‘Bretons à âmes fortes et douces, soyez fideles à la langue des aïeux, cette langue que parlèrent vos saints: à cette intention j'ai mis dans mes armes cette devise bretonne: ‘Meulet ra verzo Jesuz-Krist’. Restez Bretons bretonnants’’.719

[A Bhriotánacha na n-anamacha láidir agus bog, bígí dílis do theanga na sinsear, don teanga seo a labhair bhur naoimh: chuige seo a chuirim an mana Briotánach seo lem’ armlón: ‘Glóire d’Íosa Críost’. Fanaigí in bhur Briotánaigh ag labhairt na Briotáinise.]

Teanga na sinsear agus teanga na naomh is ea an Bhriotáinis. Déanann Zeldin suntas don adhradh ar leith a thugtar do naoimh áitiúla sa Bhriotáin:

The worship of saints (after whom most Breton villages are named), though given an external Catholic respectability, continued in forms which were barely Christian. Most of the saints were local ones, unknown to Rome […] Each saint had a particular and definite purpose. Religion was powerful here because it was useful and practiced from self-interest. Each saint could grand specific favours and each required different rewards.720

Moladh leabhrán ar bheatha bheirt naomh i mBriotáinis ar leathanaigh An Claidheamh Soluis agus cuireadh comhairle ar an Irish Catholic Truth Society (a bhí díreach bunaithe) a leithéid a dhéanamh ar naoimh na hÉireann – as Gaeilge, dar ndóigh.721 Solaoid a bhí sa naomhsheanchas Briotánach do scríbhneoirí na Gaeilge, rud a chothaigh an nasc idir an Bhriotáin agus an Caitliceachas.

719 ‘A Breton Bishop’, ACS, Iml. X, Uimh. 7, 25 Aibreán, 1908, 10. 720 Zeldin, France 1848-1945, 55. 721 ‘Notes’, ACS, Iml. II, Uimh. 23, 18 Lúnasa 1900, 358. 240

Caibidil a Cúig

Déanann de Buitléir cur síos ar an nós a bhí ag na Briotánaigh iarraidh ar an Naomh Cornely na hainmhithe a bheannú ar lá fhéile an Naoimh sin. Agus í ag trácht ar Lá Fhéile Cornely, scríobh sí:

To be present at a Breton Fete is to step straight back into the Middle Ages, to find oneself in a world of faith and fervour, and also of colour, beauty, joy of living. The Breton, in holding fast to the traditions, religious and secular, of his fathers, has found the secret of content, while round him surges a restless, sceptical, discontented world, ever seeking what it never finds. 722

Samhlaítear folláine anama leis an tuath anseo. Domhan míshona atá sa saol lasmuigh de útóipe na Briotáine, .i. saol nua-aimseartha na cathrach. Ar nós mhuintir Provence, tá na Briotánaigh sásta leis an saol ina bhfuil saibhreas nósanna agus tradisiún, fiú mura bhfuil maoin shaolta acu. Tá sé seo ag teacht le tuairim Leerssen a luadh cheana, gur samhlaíodh an tImeall mar áit nár chuaigh am i bhfeidhm uirthi.723 Cosúil leis an dioscúrsa ar na ceantracha Gaeltachta, feictear béim á leagan anseo ar an ársaíocht a bhain leis an saol sa Bhriotáin, saol nár athraigh mórán ó na Meánaoiseanna. Tá féiniúlacht bharántúil ársa ag baint leis an gceantar. Mar sin féin, tá sé le brath ón tuairisc seo gur duine ón taobh amuigh, nó ón Lár, atá ag scríobh ar na dúchasaigh, nó orthu siúd ar an Imeall.

Ní dhéanann de Buitléir aon trácht ar an aighneas idir an Fhraincis agus an Bhriotáinis san Eaglais. Deir de Buitléir gur léadh fógraí ón altóir sa dá theanga agus gur léadh tréadlitir ó Easpag Vannes amach i bhFraincis amháin ach go ndearna an sagart áitiúil achoimriú ina dhiaidh sin uirthi i mBriotáinis. Ní luann de Buitléir go raibh na sagairt faoi chois an teachtaireacht sin a thabhairt as Briotáinis, de réir rialtas na Fraince. Toisc í a bheith ina turasóir ann, b’fhéidir nár thuig sí a chasta is a bhí cúrsaí. Molann sí a dílseacht na mBriotánach don gcreideamh Caitliceach. In ainneoin sin, aithníonn de Buitléir nach naoimh iad na Briotánaigh go léir ach gurb é a gcreideamh a ardaíonn iad: ‘They may have their faults but they have Faith and their Faith raises them to a supernatural level’.724

722 de Buitléir, ‘A Breton Fête’, The Catholic Bulletin, Nollaig 1920, 769-775. 723 Leerssen, ‘The Western Mirage’, in Timothy Collins, (eag.), Decoding the Landscape, 1-11. 724 de Builtéir, ‘Among Our Breton Kinsfolk III’, The Catholic Bulletin, Lúnasa 1921, 471-474. 241

Caibidil a Cúig

Mar Chaitliceach ceartchreidmheach, agus cosúil le cuid mhaith Conraitheoirí, bhí de Buitléir go mór i gcoinne an óil. Tá an méid seo le rá aici mar gheall ar na Briotánaigh agus an t-ól: ‘We did not see one drunken man in the huge crowd and began to think the accounts we had heard of the intemperate habits of the Bretons must have been exaggerated.725 B’fhéidir nach bhfaca, nó b’fhéidir go raibh sí ag iarraidh steiréitíopa na mBriotánach a leasú. Braitear anseo arís go bhfuil eiseamláir á soláthar ag de Buitléir do mhuintir na hÉireann.

Má bhí feidhm ghríosaithe nó theagaisc ag scríbhneoireacht de Buitléir faoin mBriotáin, ní foláir a aithint gur chruthaigh sí pictiúr rómánsaithe, idéalaithe de mhuintir na Briotáine agus de thírdhreach an réigiúin. Thrácht sí ar sheasamh na mBriotánach i gcoinne lárúcháin, i gcúrsaí faisin, ina gcuid nósanna, agus, go háirithe i gcúrsaí teanga. Toisc nach raibh an Bhriotáinis aici, bhí sí dall ar réimsí áirithe den saol ann, mar ba léir ón gcur síos a dhein sí ar an Aifreann. Trí phriosma na Fraincise amháin a bhí teacht aici ar an mBriotáin, agus toisc gur bhean mheánaicmeach í de bhunadh na cathrach, a bhí ina débutante i gCaisleán Átha Cliath, tá míshuaimhneas áirithe le brath ina cuntas. Bhí sí ag brath ar an bhFraincis chun cultúr na cosmhuintire seo a thuiscint. Dála go leor Athbheochanóirí a bhí ag féachaint ar chúrsaí na Fraince trí lionsa na Fraincise, ní fios ar thuig sí go raibh íomhá ‘thruaillithe’ den mBriotáin á feiscint aici. Déanann sí uasal le híseal agus í ag scríobh faoi na Briotánaigh toisc í a bheith chomh tógtha lena ndílseacht don gcreideamh Caitliceach. Cuireann sí íomhá idéalaithe den mBriotáin chun tosaigh, d’fhonn eiseamláir a sholáthar do mhuintir na hÉireann, faoi mar a dhein an Piarsach ina chuid gearrscéalta. Sa chás seo, ní léir an raibh eagarthóireacht nó cumadóireacht ar bun ag de Buitléir, ach is cosúil go raibh sí dall ar mhórcheisteanna na Briotáine. Mar sin féin, ó thaobh cúrsaí teanga de, aithníonn sí an tábhacht a bhain leis an mBriotáinis chun an aigne dhúchais a chur in iúl.

725 de Builtéir, ‘A Breton Fete’, The Catholic Bulletin, Nollaig 1920, 769-775. 242

Caibidil a Cúig

Gluaiseacht na Briotáine: ‘un mouvement littéraire et décentralisateur’

Ar bhealach, is ait go raibh de Buitléir chomh dall sin ar mhórcheisteanna na Briotáine toisc gur pléadh cúrsaí an réigiúin i bhfoilseacháin na Gaeilge chomh fada siar le 1898. Ó thús ré Fáinne an Lae, cuireadh spéis i gcath na Briotáine i gcoinne lárúcháin. Ba mhór an tsuim a chuir Bernard Doyle, bunaitheoir an nuachtáin, i gcúrsaí Ceilteacha.726 Comhfhreagraí tábhachtach le Fáinne an Lae ba ea François Jaffrennou. Tugann sé cuntas ar staid na teanga sa Bhriotáin, ag lochtú rialtas na Fraince (an Lár) i ngeall ar an gcos ar bolg a bhí á imirt aige ar theanga agus ar chreideamh na Briotáine:

Like yourselves in Ireland we have here great difficulties and opposition in the struggle for our land and language. Breton is still spoken by nearly two millions of men […] The French Government, ruled by Freemasons and Jews, continues its tyrannical policy against the Catholic religion, especially in Brittany where it is more firmly rooted than elsewhere. The best means to accomplish this end is to destroy the language with which the Faith has been entwined for centuries. 727

Tá an creideamh Caitliceach ar an Imeall sa bhFrainc toisc é a bheith faoi bhagairt ag an rialtas. Nasctar an creideamh le staid leochaileach na teanga agus samhlaítear teanga agus creideamh a bheith fite fuaite lena chéile. Léiríonn Jaffrennou a mhíshástacht faoi mháistrí scoile atá á seoladh go dtí an Bhriotáin, iad róthógtha le lárú agus aontas teanga faoi bhrat Phoblacht na Fraince, beag beann ar chine ná ar chanúint.

Thug Jaffrenou cuntas ar an ‘Kevredigez Breiz’, eagraíocht cosúil leis an gConradh. Bhí trí mhórchúram ar an eagraíocht; talmhaíocht agus trádáil an réigiúin, seandálaíocht agus stair Cheilteach, agus teanga na Briotáinise. 728 Bunaíodh an Union Régionaliste Bretonne nó Kevredigez Broadus Breiz sa bhliain 1898. 729 Molann an tuairisceoir an eagraíocht seo agus aithnítear bagairt an Fraincise ‘[which] threatens to displace [Breton] and to reduce the proud Bretons to the position of a

726 O’Leary, The Prose Literature of the Gaelic Revival, 378. 727 ‘Our Breton Brethern’, FAL, Iml. I, Uimh. 14, 9 Aibreán 1898, 5. 728 Ibid. 729 ‘The Language Movement in Brittany’, FAL, Iml. II, Uimh. 16, 22 Deireadh Fómhair 1898, 128. 243

Caibidil a Cúig conquered and gallicised race’.730 Bheadh bá ag lucht léitheoireachta an nuachtáin le muintir na Briotáine toisc iad féin a bheith ag troid i gcoinne ghalldú a dtíre féin.

Lasmuigh de chur chun cinn chultúr na Briotáine, ba í feidhm an Kevredigez ná chun ‘protest against the excessive centralisation which is enriching Paris at the expense of the provinces of France’. 731 Arís, bheadh sé seo tarraingteach d’Athbheochanóirí na hÉireann a bhraith imeallaithe in Impireacht na Breataine agus a bhí ag lorg níos mó cumhachta in Éirinn.

Tharraing Jaffrennou ceist na scolaíochta aníos arís i litir a scríobh sé chuig Fáinne an Lae: ‘Let us hope we shall at last obtain from the French Government that boon which Wales has obtained from England, the teaching of our tongue in the schools, and the privileges that belong to our nationality’.732 Is léir go raibh sé den tuairim gur náisiún a bhí sa Bhriotáin, neamhspleách ar náisiún na Fraince, cé nach fios an raibh Athbheochanóirí na Gaeilge ag teacht leis an tuairim úd. Mar sin féin, dhein na hAthbheochanóirí a ndícheall na cosúlachtaí idir an dá ghluaiseacht a thabhairt chun solais. D’aithin Liam P. Ó Riain gur ag troid i gcoinne láraithe a bhí na Briotánaigh agus iad ag iarraidh a dteanga dhúchais a chaomhnú sa bhFrainc. Léirigh sé na cosúlachtaí a bhí idir modhanna an Chonartha agus modhanna na Briotáine:

The Bretons have fought a long fight for their Celtic speech. Many of their methods are similar to those of the Gaelic League. They have their festivals, their bilingual newspapers, their historical teaching, their industrial propaganda, their new books in Breton, their free schools for the teaching of the language. The fight strenuously against centralisation.733

Sa chuntas seo a foilsíodh ar Fáinne an Lae, leagadh béim ar ghné liteartha agus fhrithlárnaithe na gluaiseachta sa Bhriotáin. Tógadh an sliocht seo a leanas ó L’Écho de Paris, nuachtán a foilsíodh i bPáras:

Le mouvement littéraire et décentralisateur Breton s'affirme en ce moment, de particulière façon, par la création d'une Association Bretonne, issue du

730 Ibid. 731 Ibid. 732 ‘The Breton Theatre’, FAL, Iml. II, Uimh. 2, Iúil 16, 1898, 14. 733 Liam P. O’Riain, Lessons from Modern Language Movements (Baile Átha Cliath: Connradh na Gaedhilge, 1926), 39. 244

Caibidil a Cúig

dernier congrès de Saint-Brieuc. Cette société s'est affiliée aux groupements d'Irlande, d'Ecosse et du Pays de Galles. […] Auparavant, l'association prendra part aux différentes manifestations bardique de l'année: congrès du Feis Ceoil d'Irlande, à Belfast, du 2 au 7 Mai; séance du Royal National Eisteddfod, du 19 au 22 juillet, dans le Pays de Galles, et, enfin, le Mod, le festival Celtique des Highlanders écossais, qui se tiendra à Oban. Toutes ces associations prendront part aux congrès de Vannes et de Ploërmel.734

[Tá gluaiseacht liteartha agus fhrithlárnaithe na Briotáine á cur í féin in iúl faoi láthair, go háirithe tar éis bhunú an Association Bretonne, a d’eascair as an gcomhdháil dheireanach ag Saint-Brieuc. Tá an cumann seo comhcheangailte le heagraíochtaí in Éirinn, in Albain, agus sa Bhreatain Bheag. […] Cheana féin, beidh an cumann ag glacadh páirte in imeachtaí bairdne éagsúla i gcaitheamh na bliana: comhdháil na Feise Ceoil in Éirinn, i mBéal Feirste, ón 2-7 Bealtaine; taispeántas an Eisteddfod Ríoga Náisiúnta, ón 19-22 Iúil sa Bhreatain Bheag, agus, ar deireadh, an Mod, féile Cheilteach na nGarbhchríoch Albanach, a bheidh ar siúl in Oban. Glacfaidh na heagraíochtaí seo go léir páirt i gcomhdháil Vannes agus Ploërmel.]

Ní léir an raibh feidhm pholaitiúil leis an bhfrithlárú seo, nó an rabhthas ag iarraidh cothromaíocht chultúrtha a bhaint amach do na réigiúin, ionas nach mbeadh an saol cultúrtha chomh Páras-lárnach. Samhlaíodh nasc láidir a bheith ag an Association Bretonne le grúpaí teanga sna tíortha Ceilteacha eile agus bhíodar ag iarraidh na nascanna san a chothú agus a neartú trí fhreastal ar ócáidí sna tíortha eile.

Casadh na Taoide: Éire ina ‘Bretagne Ultra-Bretonne’

Spreag obair Chonradh na Gaeilge an ghluaiseacht sa Bhriotáin toisc gur samhlaíodh go raibh cosúlacht idir an obair a bhí idir chamáin acu araon. Féach an sliocht as Fraincis ó Le Pays Breton a foilsíodh faoin gceannlíne, ‘Irlande: La Langue à l’Université’. 735 Tuairisc atá ann ar chruinniú sa Rotunda i mBaile Átha Cliath inar pléadh stádas na Gaeilge san ollscoil náisiúnta. Moladh an dreas cainte a dhein Dubhghlas de hÍde, ‘le président de la Ligue Gaelique’ agus glacadh leis an rún go mbeadh an Ghaeilge éigeantach chun máithreánú in Ollscoil na hÉireann. Léirigh an nuachtán Briotáinise frustrachas áirithe i leith chás na Briotáinise:

734 FAL, Iml. 1, Uimh. 3, 22 Eanáir 1898, 5. 735 ‘Le Pays Breton’, ACS, Iml. X, Uimh. 44, 9 Eanáir 1908, 12. 245

Caibidil a Cúig

Ces vérités que tout le monde admet aujourd’hui en Irlande et dont la mise en pratique a commencé le relèvement de ce pays, quand les verrons-nous triompher en Bretagne? Quand verrons-nous la fin de l’odieux système de débretonisation et de déracinement par l’école qui est la règle chez nous, tant chez les catholiques que chez leurs adversaires? Puisse les leçons de l’Irlande nous profiter avant qu’il ne soit trop tard!736

[Na fíricí a aithnítear in Éirinn inniu agus a chuir tús le haiséirí na tíre, cén uair a aithneofar sa Bhriotáin iad? Cathain a fheicfimid deireadh leis an gcóras gránna díbhriotánach agus stoiteachas na scoile atá i bhfeidhm anseo, chomh mór i gcás na gCaitliceach agus i gcás ár naimhide? Go mbainfimis leas as ceachtanna na hÉireann sula mbeidh sé ródhéanach!]

Arís, is i réimse an chreidimh agus an oideachais a bhraitear an stoiteachas agus cealú na féiniúlachta. Níl aon dabht ná gur foilsíodh cuntas ar an gcruinniú céanna cheana i mBéarla díreach i ndiaidh an chruinnithe, ach, mar sin féin, bhí An Claidheamh sásta an cuntas i bhFraincis a fhoilsiú. Níl aon tráchtaireacht ag gabháil leis an alt seo ó aon scríbhneoir de chuid an Claidheamh, ná aon aistriúchán ar a bhfuil ann. Is dócha gurbh í an fheidhm a bhain lena fhoilsiú ná uchtach a thabhairt d’Athbheochanóirí na Gaeilge toisc iad a bheith ina n-eiseamláir ag muintir na Briotáine. Is ionann ‘débretonisation’ agus díghaelú – nó galldú – na hÉireann. Is díol suntais é an ‘déracinement par l’école’ [córas stoite na scoile] mar tá an smaoineamh seo ag teacht go láidir le smaointeoireacht an Phiarsaigh ar an gcóras oideachais cóilíneach in Éirinn. Theastaigh ón dá ghluaiseacht go mbeadh an cultúr áitiúil agus an teanga dhúchais á múineadh sna scoileanna toisc gur braitheadh nár oir córas na mórchumhachta don gcosmhuintir.

Aithníonn Graham Robb go raibh blas éigin den gcoilíneachas ar pholasaí oideachais an Tríú Poblacht, agus gur fhéach gluaiseachtaí neamhspleáchais an fhichiú haois ar aineolas na bPárasach mar chuid den gcóras eagraithe cos ar bolg.737 Cuireann sé ar ár súilibh dúinn, freisin, gur de dheasca chóras oideachais na Poblachta a d’eascair gluaiseacht neamhspleáchais réigiúnach toisc ‘most people who had a sense of themselves as Breton had first learned to think of themselves as French’.738 Sa tslí chéanna, mheas Seán Ó Tuama go raibh ‘baint nach beag ag an

736 Ibid. 737 Graham Robb, The Discovery of France (London: Picador, 2007), 326. 738 Ibid. 246

Caibidil a Cúig gcóras oideachais Gallda le Conradh na Gaeilge a theacht ar an bhfód agus a dhul chun cinn’. 739 Dar le Said gurb iondúil go raibh ceannairí na gluaiseachta náisiúnaíoch ‘partly formed and to some degree produced by the colonial power’.740 Tá sé seo fíor go pointe áirithe i gcás na hÉireann, a raibh córas scolaíochta na Breataine bunaithe ann ó 1831, cé go raibh ról mór ag an gcléir Chaitliceach i reáchtáil na scoileanna.741

Faoi mar a d’fhág Éireannaigh an baile chun aghaidh a thabhairt ar Londain, d’imigh mórán Briotánach go Páras ar thóir oibre. Tá macalla éigin de dheoraíocht an Éireannaigh i Sasana le fáil sa chuntas thíos ar chaidreamh na mBriotánach le Páras:

Though the Bretons had a very high birth-rate, they appeared to be a vanishing race, because they emigrated in such enormous numbers, providing Paris with its prostitutes and the army with its private soldiers: no army lost as many men in 1914-1918 as Brittany did. […] The Breton revival of this period has been likened to Zionism in its early years. Both movements were an answer to maltreatment in various degrees, for Brittany resented its poverty and its neglect by the government. Both were the creation of determined and able individuals’.742

Is spéisiúil a bhfuil le rá ag Robb faoin scigléiriú ar mhuintir na Briotáine i bPáras. I 1905 a cruthaíodh an carachtar Bécassine, searbhónta Briotánach a d’oibrigh i bPáras agus ar mhinic i sáinn í i ngeall ar a heaspa tuisceana ar an bhFraincis. Ní raibh cluasa ar bith ar a haghaidh, ná béal go minic. Ba bheag baint a bhí ag a cuid Fraincise briste leis an mBriotáinis, ach ba Bhriotánach cruthanta í ‘because she was stupid and because her relatives were sly and greedy’.743 Léiriú is ea é seo ar an dearcadh a bhí ar an Imeall ón Lár, agus is ar an dearcadh nó an ‘radharc’ seo a bhí Said ag tagairt dó ina leabhar Orientalism, cé gur comhthéacs tíreolaíochta eile a bhí

739 Seán Ó Tuama, Aguisíní (Baile Átha Cliath: Coiscéim/Ionad an Léinn Éireannaigh, 2008), 25. 740 Edward W. Said, Culture and Imperialism (London: Vintage, 1994), 269. 741 John Coolahan, Irish Education: Its History and Structure (Dublin: Institute of Public Administration, 1981), 4-7. 742 Zeldin, France 1848-1945, 57-58. 743 Robb, The Discovery of France, 326. 247

Caibidil a Cúig i gceist aige. 744 Bhí leagan Gaelach nó réamhtheachtaí Béacassine le fáil sna nuachtáin Bhreatnacha ag dul i bhfad siar.745

Moladh diongbháilteacht agus spiorad na nGael i bhfoilseacháin na Briotáine agus fógraíodh go mba chóir sampla na nGael a leanúint, mar is léir ón alt seo alt a foilsíodh ar Le Pays Breton: ‘On voit donc que ceux qui en Irlande luttent pour une cause semblable à la nôtre, ne se laissent pas rebuter par les difficultés et reprennent inlassablement la lutte avec ardeur et foi. Puissions-nous suivre leur exemple!’746 [‘Feictear iad siúd atá ag troid in Éirinn ar son cúise cosúil lenár gcúis fein, dream nach gcailleann misneach ag tabhairt aghaidhe ar dhúshláin agus a théann i gcomhraic arís le dúthracht agus le creideamh. Leanaimis a sampla!’] Is í cúis na teanga atá i gceist anseo, ní foláir, ach ghabh nóta suimiúil leis an alt ó iriseoir An Claidheamh Soluis: ‘How interesting to know that our work can serve as a means of encouraging the Bretons in their fight against the bigoted centralisation that emanates from Paris, a fight in which we should wish them every success’.747

Tá sé le brath anseo go bhfuil an taoide ag casadh i gcoinne Pháras i measc na nAthbheochanóirí. Tabhair faoi deara gurbh é an tráchtaire Éireannach a thug ‘bigoted centralisation’ ar údarás Pháras. Faoi mar a chonaiceamar cheana, bhí sé d’aidhm ag an ngluaiseacht Provençal ‘to array against centralisation’, ach b’annamh a cáineadh Páras, faoi mar a deineadh anseo thuas. Gan dabht, bhí Athbheochanóirí na Gaeilge ag troid i gcoinne lárúcháin Londain freisin agus ní haon iontas go mbeidís ag guí ratha ar iarrachtaí na mBriotánach lárúchán Pháras a chloí. Sa dioscúrsa mórthimpeall ar an mBriotáin tar éis 1913, is minic a chruthaítear pictiúr níos géire de phríomhchathair na Fraince mar chumhacht lárnach neamhghéilliúil. I bhformhór na gcásanna is mar thráchtaireacht ar chuntais ó nuachtáin na Fraince a fheictear seo. Mar sin, de ghnáth, nuair a cháin Athbheochanóir Páras, bhí an tráchtaireacht sin gríosaithe ag cuntas feargach ón mBriotáin.

Is iomaí comparáid idir cás na Gaeilge agus cás na Briotáinise i bhfoilseacháin in Éirinn agus sa bhFrainc, ach bhain Pádraig Ó Séadha feidhm eile

744 Edward W. Said, Orientalism (New York: Pantheon Books, 1978). 745 Féach Michael de Nie, The Eternal Paddy: Irish Identity and the British Press, 1798-1882 (Madison: The University of Wisconsin Press, 2004). 746 ‘A Breton Appreciation of Our Work’, ACS, Iml. XIV, Uimh. 29, 21 Meán Fómhair 1912, 8. 747 Ibid. 248

Caibidil a Cúig as sampla na Briotáine, is é sin, a chur ar shúilibh na nAthbheochanóirí go raibh an t- ádh dearg leo go raibh an Ghaeilge ceadaithe mar ábhar sna scoileanna in Éirinn. Scríobh sé litir chuig eagarthóir An Claidheamh i 1910 agus ba é an seoladh a thug sé ná Deisceart na Breataine Bige (‘South Wales’). Déanann sé tagairt ina litir do shliocht as an Westminster Gazette ar an 25 Nollaig:

The belief that a modern nation can have only one mother tongue has been held by successive French governments as persistently as by any German official in Schleswig or Prussian Poland; and so Breton is excluded from the State schools, and its use was officially deprecated even in catechising children before the Church in France was separated from the State.

Ar údarás na Fraince – lonnaithe i bPáras, sa Lár – a chuir Ó Séadha an milleán, á rá go raibh a gcuid polasaithe chomh holc le haon fheidhmeannach Gearmánach. Bhí tábhacht mhór leis na hoird rialta sa Bhriotáin maidir le seachadadh na teanga sular díbríodh iad. Is díol spéise é go raibh oird rialta áirithe in Éirinn agus sa Bhriotáin báúil i leith na mionteanga imeallaithe.

The religious orders used to teach it in their schools; now that they are gone, French is the sole medium of instruction, but to many of the children in the Côtes-du-Norn, Finistère and Morbihan it is virtually a foreign language, and in many rural districts they tend to forget it when they leave school. […] It has at length occurred to some of the Republican deputies representing Breton constituencies that the Republic may suffer, and during the discussion on the Budget it had been suggested that the Breton language and literature should be made an optional subject in the secondary schools. But the Minister of Education rejected the suggestion on the ground that it would tend to separation. So the Celtic movement is left to be turned to their own profit by the Monarchists and the Church’. […] I commend this paragraph to those Gaelic Leaguers who are continually decrying the British Government which not merely permits but pays for the teaching of Irish in primary as well as in Secondary schools in Ireland. 748

Iarracht a bhí sa litir seo, sínithe ag fear le hainm Gaelach, a thaispeáint do na Conraitheoirí nach rabhadar i gcruachás faoi riail na Breataine i gcomparáid le tíortha eile. Díríonn sé ar chás na Briotáine, ag áiteamh go bhfuil an t-ádh leis na Gaeil go gceadaítear an Ghaeilge a mhúineadh i scoileanna na hÉireann. Is é an

748 ‘The Clergy to the Rescue of the Breton Language’, ACS, Iml. XI, Uimh. 43, 1 Eanáir 1910, 8. 249

Caibidil a Cúig freagra borb a thug an t-eagarthóir, Seán Mac Giollarnáth, ar an gceist seo ná: ‘The money which the British Government pays for the teaching of Irish, and, indeed, for all educational purposes, in Ireland, comes from the pockets of Irish taxpayers. - F. An Ch’.749 Níor ligeadh d’údar na litreach dul i bhfeidhm go rómhór ar léitheoirí an nuachtáin, is léir.

Tarraingíonn an tráchtaire seo a leanas aird ar fhimíneacht rialtas na Fraince (agus, dá bhrí sin, an Láir), agus é ag plé chás Alsace Lorraine:

Nách breágh an chaint atá ar siubhal ag draoithe na Fraince anois i dtaobh Alsace Loraine [sic]! Deirid go gcaithid siad greim fháil ar an ndúthaigh sin, pé olc maith le muinitir na dúithche féin é; ná leigfid siad do mhuintir Alsace Loraine an sceul a shocrú in aon chor. […] Má tá cion ag draoithe na Fraince ar ‘dreamanaibh náisiúnta’ tugaidís cead don ‘dream náisiúnta’ úd, na Briotáinigh, an Bhriotáinis do mhúine i scoileana na Briotáine.750

‘Draoithe’ a thugann sé ar cheannairí na Fraince, ag tagairt go híorónta dá n-easpa críonnachta. Bhíodar ag agairt thábhacht na ndreamanna éagsúla a mhair i bPoblacht na Fraince, ach ag diúltú ceart teanga do na Briotánaigh ag an am céanna.

Bhí Athbheochanóirí i bhfad níos eolasaí agus níos tuisceanaí faoi chúrsaí Briotánacha, agus faoi chúrsaí Ceilteacha trí chéile, ná mar a bhí faoi ghluaiseachtaí teangan eile na hEorpa mar a aithníonn O’Leary.751 Bhí baint an-mhór aige seo le hiriseoireacht Thórna, a thosnaigh ag scríobh don Claidheamh Soluis i 1912.

With this renewed pragmatism and their heightened awareness of their own achievements, the Gaels now preferred to look toward those Celic realms where things were actually happening, focusing of Wales, Scotland, and to a considerably lesser extent, Brittany, while on the whole ignoring the somewhat haphazard linguistic developments on Man and in Cornwall.752

Is fíor go bhfuil go leor cuntas ar imeachtaí in Albain agus sa Bhreatain Bheag i bhfoilseacháin na hAthbheocha taca an ama seo, ach is éard atá á áiteamh anseo ná gur tharla iompú ó Pháras go dtí an Bhriotáin sa tráchtaireacht ar an bhFrainc.

749 Ibid. 750 ‘An Fhrainnc’, FAL, Uimh. 1029, 26 Eanáir, 1918, 3. 751 O’Leary, The Prose Literature of the Gaelic Revival, 385-386. 752 Ibid. 250

Caibidil a Cúig

Sna díospóireachtaí a bhaineann le cúrsaí oideachais agus creidimh is mó a thagann an Bhriotáin ansíos. Tá práinn le brath sna díospóireachtaí seo ar chás na Briotáine agus sna cearta á bhí á n-éileamh acu, agus tagann géire níos mó chun cinn, braitear, sa cháineadh ar Pháras. Is léiriú níos dílse atá sna cuntais seo ar an mBriotáin toisc gur aistríodh cuid de na hailt ón bhFraincis, nó ón mBriotáinis. Bhí teacht ag Athbheochanóirí na Gaeilge ar nuachtáin na Briotáine; bhíodar ag taisteal chun na Briotáine, agus bhíodar níos cóngaraí don ngluaiseacht, dá bharr. Bhí cosúlachtaí idir an dá ghluaiseacht chomh mór sin gur scríobh Anatole le Braz:

L’Irlande où je vous mènerai sera surtout l’Irlande restée fidèle a sa physionomie gaélique […] Ce que j’allais y chercher, c’était le sanctuaire originel de l’âme de ma race, une vision, en quelque sorte, magnifiée de ma Breatagne natale, car l’Irlande, c’est j’ose dire, une Bretagne ultra-bretonne, une Bretagne élevée a son plus haute coefficient celtique.753

[Is í Éire a dtabharfaimid cuairt uirthi anseo Éire a d’fhan dílis dá cuntanós Gaelach […] Is é an rud atá á lorg agam ann ná an tearmann bunúsach anama a bhaineann le mo chine, saghas aislinge, méadaithe ag mo Bhriotáin dhúchais, mar is éard atá in Éirinn, más ceadmhach dom a rá, ná Briotáin fhíor-Bhriotánach, Briotáin a bhfuil na gnéithe Ceilteacha is airde ar fáil inti.]

Ardmholadh atá anseo ó le Braz, bailitheoir béaloidis agus aistritheoir a raibh meas mór air i Meiriceá agus ar fud na hEorpa. Sholáthair Éire múnla ‘fíor-Cheilteach’ don mBriotáin, is cosúil, agus tá sé suntasach gur in alt a scríobh Tórna a fuarthas an sliocht ó le Braz. Idirghabhálaí thar a bheith tábhachtach ab ea Tórna a chabhraigh go mór leis an gcaidreamh idir Éire agus an Bhriotáin a fhorbairt. Dhein sé mórán chun aird a tharraingt ar chás na Briotáine ar leathanaigh An Claidheamh Soluis tar éis 1913, agus bhí an t-iompú seo ó Pháras i dtreo na Briotáine i measc na nAthbheochanóirí mar thoradh ar a chuid saothair.

Teagmháil Thórna leis an mBriotáin: An Bhriotáin Iathghlas?

Thar aon duine eile, ba é Tórna, nó Tadhg Ó Donnchadha, a chuir an Bhriotáin agus na tíortha Ceilteacha eile chun cinn le linn na hAthbheochana, go háirithe ar

753 luaite in Tórna, ‘Duine Iasachta i nÉirinn’, ACS, 11 Aibreán 1914, 3. 251

Caibidil a Cúig leathanaigh An Claidheamh Soluis. Duine ilteangach a bhí ann a d’aistrigh mórán ó theangacha éagsúla, an Bhriotáinis agus an Fhraincis ina measc. Bhí bá ar leith ag Tórna leis an mBriotáin agus ba é ba mhó a thrácht ar nuachtáin agus ar shaol na Briotáine. Cé gur eol dúinn go raibh Tórna i gcoinne aistriúchán thart ar an mbliain 1900,754 de réir mar a d’imigh na blianta, d’aithin sé an gá a bhí le haistriúcháin go Gaeilge ó theangacha iasachta, ach d’aithin sé an baol a bhain le saothar ón gcoigcríoch, freisin:

Is maith an rud, ámh, féachaint timcheall orainn anois agus arís, agus eólus d’fhagháil ar an saothrú atá dhá dhéanamh i dteangthaibh eile. Má’s mian linn athfhás do theacht ar an nGaedhilg ní mór dúinn í bheathú idir dhá linn ar steall den iasacht. Smaointe nua, agus ealadhna nua, agus ‘giúirléidí’ nua litridheachta, is iad atá i n-easnamh orainn. Solaoidí dá sórd a teangthaibh iasachta iseadh a ghríosóidh ár scríbhneoirí féin chun aithris ortha. Acht má’s maith é an t-iasacht, ní mór bheith cúramach n-a thaobh agus é scagadh glan sara mbaintear feidhm as.755

Tugann sé le fios sa líne dheireanach go mba ghá gnéithe áirithe treascracha a fhágaint gan aistriú, rud a chiallaíonn go raibh an t-aistritheoir ag feidhmiú mar chinsire ag an am céanna. Ba é Tórna ba mhó a d’aistrigh saothar ó theangacha Ceilteacha (toisc go raibh sé i measc an bheagáin a chuir an dua air féin na teangacha úd a fhoghlaim). Bhí aistriúcháin ar na teangacha seo sásúil toisc nach mbeidís ag bagairt ar nó ag truailliú an chultúir Ghaelaigh, nó mar a deir O’Leary, ‘[it] offered inspiration simultaneously foreign and familiar and so could draw with a significantly reduced danger of ‘alien corruption’’.756

Chuir Tórna saothar an fhile Bhriotánaigh, Taldir, faoi bhráid léitheoirí An Claidheamh Soluis. San alt seo déanann sé suntas den ‘chion atá ag Taldir ar a thalamh dhúthchais’. 757 I measc na ndánta de chuid Taldir a d’aistrigh sé, tá ‘Mo Dhia is mo Bhean is mo Thír’. Tagrófar anseo thíos don dá véarsa deireanacha sa dán, a bhfuil onóir do Dhia, grá dá bhean, agus meas ar an talamh le sonrú iontu:

754 Thug Tórna agus an Piarsach ‘an t-eiteachas grod’ do thairiscint George Moore ar ghearrscéal nuachumtha trí mhíle focal a sholáthair do ACS sa bhliain 1900, ar an dtuiscint go n-aistreodh de hÍde go Gaeilge é. Ba é cúis a tugadh ‘translated matter fails to give satisfaction’. Nic Pháidín, Fáinne an Lae agus an Athbheochan, 1898-1900 (B.Á.C.: Cois Life,1998), 157. 755 Tórna, ‘Dafydd ap Gqilym – VI’, ACS, 22 Bealtaine 1915. 756 O’Leary, The Prose Literature of the Gaelic Revival, 391. 757 Tórna, ‘Taldir’, ACS, Iml. XIV, Uimh. 42, 28 Nollaig 1912, 2. 252

Caibidil a Cúig

Ní ganghaid ná claon do bhéarfaidh barra ar a chroidhe; Nimh mharbhthach féin is tréith gan acmhuin nirt í; Ní fala ná fraoch do réabfaidh a anam ná a chlí, Más aithnid dó an té seo is tréine gean dó gan teimheal.

Do thalamh bheag féin do ghléasadh is fearra mar shlighe, Neart ceana ar do chéile is séan ó Fhlaitheas do ghuidhe; Má chaithir do shaoghal go séimh fé bhrataigh an trír, I n-acharann chlé ní baoghal go leagfar tú síos. 758

Má chaitheann tú do shaol agus meas agat ar Dhia, ar do bhean agus ar do thír (nó ar an talamh), beidh tú sona sásta go deo.

Mhol Tórna traidisiún dhrámaíocht na Briotáine in alt eile, múnla a bheadh chun leasa na Gaeilge, dar leis:

Sa Bhriotáin bhí nós riamh i measc na ndaoine, rúnchluithchí do léiriughadh insana bailtibh beaga tuaithe. Muinntir an bhaile féin do dheineadh na cluithchí seo do léiriughadh, agus na focail a scríobhadh go minic, leis. Cluithchí crábhaidh, .i. aistí ar bheatha naomh, is mó a bhíodh aca. Ba mhaith an mhaise ar lucht chothuighthe na Briotáinise é, do scríobhadar cluithchí fóghanta agus chuireadar d’á léiriughadh iad ar fud na tíre. Do mhúineadar do na daoinibh cionnus an léiriúghchán a dhéanamh i gceart. Do scríobhadar cluithchí ar éachtaibh stair na Briotáine; do cheapadar cluithchí suilt, agus cluithchí le ceol. Ba ghearr gur tháinig atharrughadh mór ar na seanchluithchí. Nuair chonnaic na daoine a fheabhas a bhí na cluithchí nua thángadar ina sluaightibh ag éisteacht leo; [...] Acht ní fuláir don scríbhneoir teacht ar dtúis agus na cluithchí a cheapadh dúinn, annsoin féadfam buidheanta léiriúghcháin a chur ar bun.759

B’fhéidir gur i ngeall ar iriseoireacht Thórna faoin mBriotáin nár chleacht sé an oiread céanna rómánsaíochta ina leith agus a chleacht, abair, Máire de Buitléir. Bhí aithne mhaith ag Tórna ar dhaoine a bhí gníomhach i ngluaiseacht na Briotáine, daoine a bhí ag foilsiú nuachtán, agus daoine a raibh orthu troid sa Chogadh Mór. B’fhéidir gur i ngeall ar an tuiscint seo nár shamhlaigh sé an Bhriotáin mar áit rómánsúil. Thar aon duine eile, thuig sé cás na mBriotánach, thuig sé a raibh á éileamh acu, agus thuig sé nach raibh an saol ann leath chomh rómánsúil is a cheap scríbhneoirí Pháras, ná, go pointe áirithe, mar a cheap scríbhneoirí na Gaeilge. Ní hamháin go raibh sé ag scríobh ar chúrsaí na Briotáine i nuachtáin na hÉireann, ach

758 Ibid. 759 ACS, Iml. XIV, Uimh. 32, 12 Deireadh Fómhair 1912, 6. 253

Caibidil a Cúig bhí sé ina chomhfhreagraí Éireannach ar an nuachtán Ar Bobl sa Bhriotáin, a bhí in eagar ag a chara mór, Taldir.760

Choimeád gluaiseacht na Briotáinise súil ghéar ar chúrsaí na hÉireann. Tráth a raibh teannas agus coimhlint ann i dtaobh threo pholaitiúil an Chonartha, scríobhadh an píosa seo a leanas in Le Pays Breton, a athfhoilsíodh i Lúnasa 1913 ar An Claidheamh Soluis:

C'est avec regret que depuis un certain temps nous suivons les dissensions qui se manifestent au sein de la Ligue Gaelique. Tout en reconnaissant que ces incidents sont une preuve de la vitalité du mouvement de la renaissance gaëlique, nous ne pouvons qu'exhorter nos amis d'Irlande à rester unis devant l'ennemi commun. - Le Pays Breton761

[Tá aiféala orainn agus sinn ag breathnú ar an aighneas atá ag teacht aníos i gcroílár Chonradh na Gaeilge. Cé go n-aithnimid ag an am céanna gur fianaise é seo de bheocht ghluaiseacht Athbheochan na Gaeilge, fós, ní féidir linn ach impí ar ár gcairde in Éirinn fanacht aontaithe os comhair an namhad chomónta.]

Is é an namhaid comónta ná an chumhacht lárnach – cumhacht na Breataine, i gcás na hÉireann. Bhí gaol á chothú idir an Bhriotáin agus Éire taca an ama seo ach níor i ngeall ar ‘a mistaken and a lackadaisical Celtomaniac sentiment’ a mhínigh Mocaër é, ach toisc gur ‘kith and kin’ iad an dá thír. Léiríonn sé seo go raibh siar is aniar idir an dá ghluaiseacht, mar sin, agus nach raibh aon dream amháin ag caint sa bhfolús.

We have a room in the French house, and we are loyal citizens of the Republic, but we claim to be French in the Breton way, and to arrange our things as we see it fit in our own room. And we also want to open the window sometimes and look at YOUR house, fellow Celts of Ireland, the House that you are now putting in order.762

Is deacair a rá cén seasamh atá Mocaër i leith theacht chun cinn na polaitíochta sa Chonradh i bhfianaise an tsleachta thuas. An amhlaidh go luann sé ‘dílseacht’ na mBriotánach don bPoblacht chun aird a tharraingt ar easpa dílseachta na nÉireannach do Choróin Shasana? Ní fios, ach is cinnte go raibh sé buartha faoi

760 ACS, Iml. XV, Uimh. 13, 31 Bealtaine 1913, 10. 761 ‘Advice from Brittany’, ACS, Iml. XV, Uimh. 23, 16 Lúnasa, 1913, 8. 762 Pierre Mocaer, ‘A Message from Brittany’, ACS, Uimh 845, 6 Meitheamh 1914, 6. 254

Caibidil a Cúig easpa aontachta i ngluaiseacht na Gaeilge i 1914. Ní foláir nó bhí tuiscint ag an dá dhream ar éagsúlacht na gcúrsaí polaitíochta sa dá áit agus gur chothaigh sé sin míshuaimhneas áirithe iontu.

Má bhí ‘dissensions’ nó cúrsaí polaitíochta ina gcnámh spairne ag na Gaeil, thuigeadar go maith nach raibh neamhspleáchas á lorg ag a gcomrádaithe sa Bhriotáin.

Tuigimíd gurb é rud atá ó mhuintir na Briotáine ná a dteanga féin agus a ngnóthaí céirde féin agus a saoghal féin do shaothrú agus, bíodh ná fuil aon fhonn orra scarmhaint leis an bhFrainc, nár mhaith leo in aon chor gan a bheith ina ndúthaigh féin acht áit thalúin i gcóir lucht taistil (tourists). Tuigimíd, leis, gur beag an cothram a thugann riaghaltas na Fraince don Bhriotáinis.763

Is léir ón méid seo go bhfuil an tráchtaire seo ag tacú go tréan le muintir na Briotáine. Is i Márta na bliana 1919 a scríobhadh an cuntas seo, i ndiaidh do bhaill na Chéad Dála Forógra na Saoirse a fhógairt. Bhí méid áirithe féinrialach ag teastáil ó mhuintir na Briotáine agus bhíodar ag éileamh cearta dá dteanga dhúchais. Ba i réimse na scolaíochta ba mhó a bhí an troid ar son na Briotáinise, agus is iomaí alt a scríobhadh sna nuachtáin Ghaeilge ag tacú leis an mionteanga i gcoinne mhórchumhacht na Fraince. Luaitear freisin ceist na talún, agus an imní a bhí ar Bhriotánaigh nach mbeadh ina gceantar ach tithe saoire. Toisc an fhéiniúlacht ‘bharántúil’ réigiúnach a bheith chomh tábhachtach sin do chonstruáil na tuaithe, dhéanfadh tithe saoire mórán díobhála d’anam na tuaithe.

Nuair a bhris an Cogadh Mór amach ar an mór-roinn, mhéadaigh an meas a bhí ag Tórna ar dhúthracht a gcairde sa Bhriotáin. ‘Ar shon go bhfuil an cogadh ar siubhal sa bhFraingc, agus urmhór d'fhearaibh óga na tíre sin imthighthe ‘chun tosaigh’ do chosaint a dtíre féin, níor stadadh den troid ar son teanga na Briotáine’. 764 Bhí leithéidí Mocaër ag leanúint orthu ag foilsiú, ainneoin dheacrachtaí an chogaidh. Sna nótaí ón mBriotáin a dhéanann suas an t-eagarfhocal, tá an aithne phearsanta a bhí ag Tórna ar ghníomhaithe na gluaiseachta sa Bhriotáin thar a bheith sonraíoch. Nuair a luann sé an foilseachán Díhunamb, deir sé gurbh é:

763 ‘‘Buhez Breiz’ agus ‘An Deo-Gréine’’, FAL, Uimh. 1090, 15 Márta 1919, 4. 764 Tórna, ‘Scéala ón mBriotáin’, ACS, Uimh. 868, 14 Samhain, 1914, 3. 255

Caibidil a Cúig

Louis Herrieu, file, an fear eagair atá air, nó a bhíodh air go dtí go ndeaghaidh sé sa chogadh. Is maith liom a fheiscint go bhfuil sé n-a bheathaidh fós ar shon go n-abarthar linn go bhfuil sé féin agus a chompánaigh ag troid go dian. Isé Louis Herrieu Craoibhín Aoibhinn Vannes, agus tá súil againn go gcasfaidh sé slán ón gcogadh.765

Luann sé freisin gur cailleadh deartháir François Vallée, fear eagair Kroez ar Vretoned, sa chogadh. Tugann sé seo le fios a chóngaraí agus a bhraith Tórna cúrsaí na Briotáine. Is spéisiúil, freisin, an tagairt don gCraoibhín, mar chonaiceamar cheana gur luadh gurbh é Mistral ‘Craoibhín of the Revival movement in the South’.766 Is ardmholadh a bhí sa mhéid sin, agus treisíonn an chomparáid an nasc idir gluaiseachtaí teanga na Fraince agus gluaiseacht na Gaeilge.

I measc na n-alt a scríobh Torna ar an mBriotáin, bhí léirmheas ar an leabhar La Genèse d'un Mouvement a scríobh Taldir. 767 Ar dhílseacht na Briotáine don Eaglais Chaitliceach agus ar thírghrá na Briotáine a leagann Tórna béim sa léirmheas seo. Thug Jaffrennou óráid spreagúil uaidh tar éis dráma ag an Congrès den Union Nationaliste Bretonne ag Aurey, i gceantar Morbihan ina ndúirt sé:

An fada legfaid na Briotánaigh d'uachtaránaibh an stáit drochmheas a chaitheamh le n-a gcreideamh is le n-a dteangain ar an gcuma soin? [...] Tá orainn, mar sin, an troid do dhéanamh gach éinne de réir a ghustail féin, chun go stadfaidh Páiris fé dheóidh d'óinseacha dhéanamh den Bhriotáin, an dúthaigh is dílse de dhúithchíbh na Fraingce.768

Is léir nach í dílseacht don bhFrainc atá i gceist anseo ag Jaffrennou ach dílseacht don gcreideamh. Dar le Tórna go raibh a lán ceachtanna do na Gaeil sa leabhar seo, ach gurbh é ‘an grádh dá thír dhúthchais’ ba thábhachachtaí.769 Nasctar an tírghrá, an creideamh agus an frithlárú anseo ina aon ráiteas trodach amháin.

Cnuasach aistí a bhí in La Genèse d'un Mouvement a raibh a bhformhór i bhFraincis, roinnt sa Bhriotáinis agus cúpla ceann sa Bhreatnais. Molann Tórna

765 Ibid. 766 ACS, Iml. VIII, Uimh. 42, 29 Nollaig 1906, 8. 767 Tórna, ‘An Bhriotáin agus a Teanga’, ACS, Iml. XIV, Uimh. 31, 5 Deireadh Fómhair 1912, 6. 768 Tagairt don leabhar La Genèse d’un Mouvement le Jaffrennou aistrithe ag Tórna ina léirmheas ‘An Bhriotáin agus a Teanga’,ACS, Iml. XIV, Uimh. 31, 5 Deireadh Fómhair 1912, 6. 769 Tórna’,An Bhriotáin agus a Teanga’, ACS, Iml. XIV, Uimh. 31, 5 Deireadh Fómhair 1912, 6. 256

Caibidil a Cúig

‘caint shimplidhe nádúrtha fhileata’ Taldir a raibh ‘rian aigne an fhile’ uirthi. Tá trácht sa leabhar ar chúrsaí polaitíochta: ‘Ní dhearna an t-ughdar dearmhad de dhéantúsaibh na tíre, agus is féidir le duine a thomhus go maith cadé an crot atá ar phoilitidheacht na Briotáine, d'éis an leabhair do léigheamh’. 770 Cáintear dlíthe Combes a d’ordaigh nach bhféadfaí an Teagasc Críostaí a mhúineadh in aon teanga eile ach an Fhraincis agus gurbh éigean seanmóirí a thabhairt as Fraincis feasta.

Ceithre bliana i ndiaidh an ailt seo, scríobh Tórna ar an ábhar seo arís agus é ag trácht ar an leabhar La Question Bretonne: Regionalisme et Nationalisme a scríobh Pierre Mocaër – ‘ár nduine muinnteardha’ mar a thug sé air. 771 Tá an choimhlint áirithe idir Páras agus an Bhriotáin le feiscint anseo, sa trácht ar iascaireacht agus ar fheirmeoireacht na Briotáine: ‘Agus maidir le tráchtáil na Briotáine ní leigtear di puinn a dhéanamh. Nach i bPáiris atá ceann bóithre iarainn na Briotáine!’772 Bhí dul chun cinn eacnamaíocht na Briotáine plúchta ag smacht Pháras. Luaitear an difríocht ghlan idir an Bhriotáin agus an chuid eile den bhFrainc ó thaobh ‘moralus’ de: ‘An meath agus an uireasbha chreidimh a rug greim ar an bhFraingc do ghabhadar thar an mBriotáin gan díoghbháil di. Bhí grásta Dé aca, agus a dteanga dhúthchais agus do chonuigheadar san an pobal ar amus nimhneach drochspride’.773 Arís anseo, feidhmíonn an teanga dhúchais mar sciath i gcoinne bhagairt an ainchreidimh a samhlaíodh le Páras.

Straitéis eile a bhí ag na Briotánaigh chun an bonn a bhaint de Pháras ná an scigmhagadh. Féach, mar shampla, an scéilín seo a leanas a tógadh as La Question Bretonne: Regionalisme et Nationalisme agus a athfhoilsíodh in alt a scríobh Tórna ar An Claidheamh Soluis. Faoi mar atá léirithe in áiteanna eile sa tráchtas seo, samhlaíodh an scríbhneoir Emile Zola leis an ainchreideamh, le dí-eaglaiseachas Pháras agus leis an saol nua-aimseartha. Déantar scigléiriú ar a chuid iarrachtaí leabhar a scríobh faoi mheon na mBriotánach:

Je ne sais si vous avez entendu parler de l’aventure de Zola qui, désireux d’écrire un livre sur nous, débarqua un beau jour dans notre pays pour étudier notre mentalité; toujours est-il qu’il comprit vite qu’il n’y comprendrait

770 Ibid. 771 Tórna, ‘Scéala ón mBriotáin’, ACS, 14 Deireadh Fómhair 1916. 772 ‘Scéala ón mBriotáin’, ACS, 14 Deireadh Fómhair 1916. 773 Ibid. 257

Caibidil a Cúig

jamais rien; dès qu’il avait cru saisir un trait essentiel de notre caractère et sa signification, des observations ultérieures venaient aussitôt renverser ses hypothèses. Mystifié, vaguement inquiet devant ce caractère ondoyant et insaisissable, à métamorphoses brusques, Zola, pour une fois, fut sage; il brûla ses notes, partit et ne revint plus.774

[Ní fheadar ar chuala sibh caint ar eachtra Zola a tháinig i dtír anseo lá breá amháin chun leabhar a scríobh faoinár meon; cé gur thug sé faoi deara go tapaidh nach dtuigfeadh sé riamh aon rud; nuair a chreid sé go raibh tréith bhunúsach dár gcarachtar agus an bhrí a bhí le baint as, bhréagnódh breathnadóireacht eile a théis láithreach. Bhí mearbhall air, agus bhí sé míchompordach i láthair na ndaoine athraitheacha agus claochlaitheacha seo go raibh sé, don gcéad uair, ciallmhar. Dhóigh sé a chuid nótaí, d’fhág sé is níor fhill choíche.]

Ba é Mocaër údar an tsleachta seo, agus níor sholáthair Tórna aon aistriúchán, é dearfa, is dócha, go dtuigfeadh léitheoirí An Chlaidheamh an Fhraincis. Baineann Tórna feidhm as an sliocht seo d’fhonn comparáid a dhéanamh idir caidreamh na Briotáine leis an bhFrainc, agus caidreamh na hÉireann le Sasana. Déanann sé ionnanú idir Éire agus an Bhriotáin, nuair a fhógraíonn go mbeadh seantaithí ag na Gaeil ar ‘obair den tsórd san’, agus é ag tabhairt le fios go raibh easpa tuisceana Zola i leith na Briotáine cosúil le heaspa tuisceana Shasana ar mheon na hÉireann.

Déanann Mocaër cur síos in alt eile ar an trí dheacracht ba mhó a bhí ag an mBriotáinis. 775 Luaigh sé an t-oideachas éigeantach agus an cosc a bhí ar an mBriotáinis laistigh den gcóras sin. Tá macalla de staid na nGaeltachtaí in Éirinn sa mhéid is gur Bhriotáinis amháin a bhí ag páistí i gceantracha áirithe agus maíodh go raibh sé éagórach a bheith ag cur oideachais orthu i dteanga nár thuigeadar. Fuair sé locht ar an tseirbhís mhíleata, freisin, gur féachadh ar an mBriotáinis mar theanga eachtrannach, ceannairceach, fiú. Ba í an tríú deacracht ná litríocht na Fraince.

The [...] difficulty is the deluge of French ‘literature’. We also have, alas, the enticing penny dreadful and the engrossing shilling shocker. I am thankful to say that our people do not understand them, contrary to what they think, but that literary trash of the very lowest description is undoubtedly an unmixed evil, and not only from the standpoint of the language.776

774 Ibid. 775 Pierre Mocaer, ‘A Message from Brittany’, ACS, Uimh 845, 6 Meitheamh 1914, 6. 776 Ibid. 258

Caibidil a Cúig

Is dócha go raibh Mocaër ag fáil lochta ar mhóráltacht litríocht na Fraince. Is suimiúil an breithiúnas a dhéanann sé ar mhuintir na Briotáine, .i. nach mbeadh tuiscint acu ar litríocht mhímhorálta, ghraosta na Fraince. Is léir uaidh seo go samhlaíonn Mocaër é féin mar intleachtóir nó mar cheannaire gluaisteachta atá lasmuigh (nó os cionn) na cosmhuintire, faoi mar atá le feiscint i gcás Provence, agus i gcás an Chonartha, leis. Feictear macalla den drochmheas a bhí ag de hÍde ar an gcultúr coitianta anseo. Ní fios ar aistríodh an t-alt seo ón bhFraincis; b'fhéidir gur míniú a bheadh ansin ar an téarmaíocht 'shilling shocker' agus 'penny dreadful' atá chomh cosúil le friotal an Chraoibhín.

Ach ní fhéadfadh Athbheochanóirí na Gaeilge litríocht na Fraince a dhamnú sa tslí chéanna, go háirithe Tórna, a d’aistrigh cuid mhaith ón bhFraincis. Litríocht shoineanta ón bhFrainc ba mhó a roghaigh sé, saothair a bhain le saol na tuaithe, go minic. Cé go raibh sé sásta dul i ngleic le cúrsaí reatha conspóideacha ina chuid iriseoireachta, nuair a d’aistrigh sé saothar ón bhFraincis, dhírigh sé ar scéalta do pháistí, ar nós Seulette nó scéalta a bheadh oiriúnach don teaghlach go léir, ar nós Tartarin agus Piairín. 777 Sheachain sé ceisteanna conspóideacha sna scéalta a roghnaigh sé, agus dhírigh sé ar shaothair a bhí ‘simultaneously foreign and familiar’. 778 Ainneoin a chuid aistriúchán ón bhFraincis, níor chuir Tórna aon fhiacail ann agus é ag cur síos ar chaidreamh an Láir leis an Imeall. Agus é ag cur síos ar alt a scríobh ‘ár gcomhbhráthair Cheilteach’ Y.M. Goblet, d’fhógair sé: ‘An drochmheas atá ar an nGaeadheal i Londain ise an drochmheas ceadna atá ar an mBriotáineach i bPáiris [sic]’779 Is seasamh láidir, bunaithe ar an bhfrithlárachas, atá sa ráiteas seo.

777 ‘Aonaránach’, Sinn Féin, 15, 22, 29 Bealtaine, 5, 12, 19, 25 Meitheamh, 3, 10, Iúil 1909. Tartur Ó Thrascoin. An Chéad Bheart, Ag Trascoin Féin. ACS, 6, 13, 20, 27 Samhain, 4, 11, 18, 25 Nollaig 1915, 1, 8, 15, 22, 29 Eanáir, 5, 19, 26 Feabhra, 4, 11, 18, 25 Márta, 1, 8, 15, 22, 29 Aibreán, 3, 10, 17, 24 Meitheamh, 1, 15, 29 Iúil, 12, 19, 26 Lúnasa 1916. Tórna, ‘Piairín’, Cork Weekly Examiner, 8, 15, 22, 29 Bealtaine 1920. 778O’Leary, The Prose Literature of the Gaelic Revival, 391. 779 Tórna, ‘La France Celtique’, ACS, Iml. XIV, Uimh. 38, 23 Samhain 1912, 1-2. 259

Caibidil a Cúig

Críoch

Sa chaibidil seo, deineadh iniúchadh ar idéalú áirithe ar shaol na tuaithe a bhí coitianta i ndioscúrsa na hAthbheochana. Chonacthas go raibh an próiseas seo tábhachtach i gcruthú chonstráid na Gaeltachta go bhfuil mórán scoláirí, Ó Conaire, Ó Torna, agus Nic Congail, tar éis gné utóipeach an léirithe seo a fhiosrú. Bhí an glóiriú céanna le feiscint sa tráchtaireacht ar Félibrige Provence. Tugadh faoi deara gur féachadh ar shaothar scríbhneoirí Provence mar leigheas, mar fhrithnimh, nó mar chuntraphointe ar scríbhneoireacht leithéidí Zola, agus ar an saol nua-aimseartha. Sa tslí chéanna, féachadh ar an nGaeltacht agus ar Provence mar thearmann anama ó shaol na cathrach. Bhí mórán luachanna i bpáirt ag Athbheochan na Gaeilge agus ag gluaiseacht an Félibrige, go háirithe maidir le caomhnú thraidisiún agus bailiú an bhéaloidis. Ach d’éirigh le tráchtairí na hAthbheochana neamhaird a thabhairt ar an gcáineadh a deineadh ar Frédéric Mistral toisc nár oir sé dá dteachtaireacht. Bhíodar ag iarraidh bealach eile a chur chun cinn sa litríocht, saol nach raibh ag brath ar thionsclaíocht ach ar an bpobal, ar dhúthracht na cosmhuintire. Ba léir, san éachtaint a tugadh ar le régionalisme, go raibh an gort céanna á threabhadh ag an Félibrige agus ag Conradh na Gaeilge.

Deineadh suntas den léiriú idéilithe a dhein René Bazin ar thuathánaigh na Fraince ina shaothar liteartha, agus den aidhm a bhí aige saol na tuaithe a chaomhnú ina chuid scéalta. Ní raibh sé seo i bhfad ó thionscnamh na nAthbheochanóirí, a bhí ag impí ar mhuintir na Gaeltachta fanacht sa bhaile chun an pobal a chothú. Ach bhí tráchtairí agus aistritheoirí na hAthbheochana cáiréiseach go leor saothar ‘oiriúnach’ dá chuid a roghnú, agus sheachnaíodar rud ar bith a bheadh ag teacht salach ar luachanna shochaí na hÉireann, an Cumannachas, mar shampla. Sa tslí seo, bhí eagarthóireacht agus cur faoi cheilt ar bun acu ina bplé ar shaothar Bazin, agus tráchtairí na hAthbheochana ina gcinsirí féin-tófa.

Is dócha gurbh é an léargas dearfach, macánta, diongbháilte de mhuintir na tuaithe a bhí tarraingteach do na hAthbheochanóirí óir b’ionann é agus an íomhá a bhíodar féin ag iarraidh a chruthú den nGaeltacht. Faoi mar a dúirt Alf Mac Lochlainn: ‘Of course [the Revivalists] rejected the notion of British racial superiority, but instead of proposing the genuine alternative – that there is no racial

260

Caibidil a Cúig superiority – they posited an Irish racial superiority’. 780 Chuige seo ba ghá cosmhuintir na Gaeltachta a ghlóiriú óir b’iad ba ‘Ghaelaí’. Ach, ar nós ghluaiseacht Provence agus scríbhneoirí réigiúnacha eile na Fraince, ba dheacair an chosmhuintir a ghlóiriú, gan dul thar fóir agus idéalú glan a dhéanamh orthu. Cé go raibh eagarthóireacht agus cur in oiriúint i ceist sa mhúnlú, bhíodar ag iarraidh slí maireachtála eile a chur os faoi bhráid na sochaí, saol nach raibh ag brath ar thionsclaíocht agus ar shaibhreas maoine, ach ina raibh an féinchothú agus luachanna morálta chun tosaigh.

I ngeall ar na cosúlachtaí idir cás na Briotáinise agus cás na Gaeilge, go háirithe i réimse an oideachais, bheifí ag súil go nglacfadh Athbheochanóirí na Gaeilge go fonnmhar leis an mBriotáin mar mhúnla. Bhí Éireannaigh báúil i leith na mBriotánach toisc gur fhanadar dílis dá gcreideamh agus samhlaíodh ‘spioradáltacht’ áirithe leo, rud a bhí bunaithe cuid mhaith ar smaointeoireacht Renan agus Arnold. Bhí an chosmhuintir thuaithe mar chosantóirí nó oidhrí an dúchais an-tábhachtach sa dá ghluaiseacht, cé gur intleachtóirí ón taobh amuigh, nó ó aicme eile a bhí ina gceannairí orthu. Bhí drogall áirithe ar na hAthbheochanóirí francbhácha scaradh le Lár Caoin Pháras, áfach, toisc, b’fhéidir gur shantaíodar an íomha shofaisticiúil a ghabh leis an gcathair sin. Ach, thart ar an mbliain 1913, tá athrú le sonrú sa dearcadh a bhí ag na hAthbheochanóirí ar an bhFrainc, agus iad ag iompú ó Pháras i dtreo na Briotáine. Bhí go leor alt á bhfoilsiú faoin mBriotáin, agus go leor teagmhála idir Éire agus an Bhriotáin. Chuir léitheoirí na hÉireann aithne ar chúrsaí na Briotáine i ngeall air seo. Ba mar eiseamláir d’Éirinn a chuir Máire de Buitléir síos ar an mBriotáin, agus d’aithin sí an tábhacht a bhain leis an teanga dhúchais sa réigiún. Idirghabhálaí tábhachtach eile sa phróiseas seo ab ea Tórna. Comhartha ionraicis is ea an t-iompú seo mar go gciallaíonn sé go raibh na hAthbheochanóirí dílis dá bhfís féin. Ní fhéadfaidís ról tíoránta Pháras a shéanadh chomh fada agus a bhain le cearta teanga sa Bhriotáin. Caithfear a chur san áireamh freisin go raibh an aeráid in Éirinn ag athrú thart ar an mbliain chéanna, agus dreamanna á n-armáil féin ó thuaidh is ó dheas, is an Cogadh Mór á bhagairt san Eoraip. Agus na línte comhraic seo á dtarraingt, ní haon ionadh go mbeadh

780 Alf Mac Lochlainn, ‘Gael and Peasantry’, in Views of the Irish Peasantry, 17-36. 261

Caibidil a Cúig

Athbheochanóirí na Gaeilge ag taobhú leis an mBriotáin, ar bhonn teanga, cine, creidimh agus frithlárachais.

262

Iarfhocal

IARFHOCAL

Is dóigh liom […] ná fuil caoi is fearr chum troda i gcoinnibh na ró- chomhachta so an Bhéarla ná eolas do bheith againn, ar theangain eile agus go mór-mhór ar litridheacht eile. Ní dóigh liom go bhfuil litridheacht is oireamhnaighe dúinn chuige sin ná an Fhrainncis, mar ní hamháin gurab i bhFraincis atá cuid des na sgríbhneóiríbh is gasta ag sgríobhadh indiu, acht is í an Fhrainncis, leis, an teanga is fearr a tuigtear i nÉirinn anois acht amháin an Béarla.781

Nuair a fhéachaimid timpeall orainn ag scrúdú obair na gciníocha a shaoraigh a dteanga dhúchais ón mbás le déanaí, tugaimid faoi deara gur beag dream a bhfuil an oiread ceachtanna acu dúinne agus atá ag muintir na Briotáine.782

Léiríonn an dá shliocht thuas, ó Mháire Ní Chinnéide agus ó Thórna faoi seach, an dá ghné is tábhachtaí a bhaineann leis an tráchtas seo. Bhí forasóirí na hAthbheochana ag díriú ar litríocht na Fraince chun múnlaí liteartha a aimsiú do nualitríocht na Gaeilge. Bhí Páras mealltach dóibh mar lárionad litríocht na hEorpa agus mar fhoinse ardlitríochta a chothódh nualitríocht in Éirinn.783 Bhí eiseamláirí ar fáil sa bhFrainc freisin de ghluaiseachtaí teanga, go háirithe an Provençal agus an Bhriotáinis. I gcás ghluaiseacht na Briotáinise, bhí tacaíocht na nAthbheochanóirí di ag teacht salach ar an ngean a bhí acu do ‘Lár Caoin’ Pháras. Ba ‘chine’ iad na Briotánaigh a bhí an-chóngarach do na Gaeil, ó thaobh teanga agus creidimh de, agus sholáthair an réigiún eiseamláir fholláin do ghluaiseacht na Gaeilge. Má bhí Ní Chinnéide ag moladh litríocht na Fraince toisc a feabhais agus toisc gur tuigeadh an Fhraincis in Éirinn, níorbh amhlaidh a bhí don mBriotáinis. Lasmuigh de Thórna, ní raibh an Bhriotáinis ag Athbheochanóirí na Gaeilge, mar sin ní fhéadfaidís dul i muinín na Briotáinise agus iad ag lorg múnlaí liteartha. Is ar bhonn idéolaíoch, i ndáiríre, a tharraingíodar an Bhriotáin chucu féin mar sholaoid, agus lean litríocht na Fraince de bheith ina foinse aistriúcháin don nGaeilge, fiú agus íomhá Pháras mar ‘Lar Caoin’ smálaithe.

781 ACS, Iml. XII, Uimh. 5, 9 Aibreán 1910, 4. 782 Tórna, ‘Taldir’, ACS/FAL, 14 Nollaig 1912, luaite in Regina Uí Chollatáin, Iriseoirí Pinn na Gaeilge (B.Á.C.: Cois Life, 2008), 224. 783 Pascale Casanova, The World Republic of Letters, aist. ag M. B. Debevoise (Cambridge, Mass.: Harvard University Press, 2004.) 263

Iarfhocal

Chuireas romham sa tráchtas seo tionchar na Fraince ar Athbheochan na Gaeilge a fhiosrú. Deineadh an teagmháil a bhí ag ceannairí na hAthbheochana leis an bhFrainc a iniúchadh trí bhreathnú ar na turasanna a thugadar chun na Fraince. Tugadh cuntas ar na nuachtáin a raibh ailt as Fraincis agus léirmheasanna ar leabhar as Fraincis iontu. Ba é an tátal a bhaineas as seo ná gur glacadh leis go raibh léamh na Fraincise coitianta i measc aicme faoi leith, agus go raibh cur amach ag mórán Athbheochanóirí ar an bhFraincis agus ar chultúr na Fraince.

Scrúdaíodh tionchar agus ról na Fraincise i gcóras oideachais na hÉireann agus chonacthas go raibh scoileanna áirithe go mór faoi anáil na n-ord Francach a bhunaigh iad. Bhí atmaisféar Francach le sonrú sna scoileanna seo, agus ghlac cuid acu páirt mhór i ngluaiseacht na Gaeilge, trí ranganna teanga agus céilithe a eagrú. Ba léir ón líon daltaí a dhein an Fhraincis mar ábhar sna scrúduithe Idirmheánacha go raibh an Fhraincis thar a bheith coitianta i scoileanna na tíre, i scoileanna Caitliceacha agus Protastúnacha agus i measc buachaillí agus cailíní. Go deimhin, ba í an teanga Eorpach ba mhó a deineadh staidéar uirthi i mblianta na hAthbheochana. Taispeánadh freisin an nasc a cruthaíodh idir an Fhraincis agus cultúr measúil na hEorpa, idir eolas ar an bhFraincis agus íomhá iltíreach. Áitíodh go raibh baint aige sin leis na hoird rialta ón bhFrainc a bhunaigh scoileanna cónaitheacha le táillí, a d’fhreastail ar riachtanais na meánaicme.

Chonacthas i mórán cásanna gur cuireadh aithne ar leagan Caitliceach den bhFrainc, ach mar sin féin, gur dhaoine léannta iad na hAthbheochanóirí a thuig go raibh an Fhrainc ag athrú agus go raibh muintir na Fraince ag tabhairt cúl leis an Eaglais. D’ainneoin sin, mhaíodar gur rud sealadach a bhí i Scaradh na hEaglaise leis an Stát, agus léiríodar dóchas go bhféadfaí an Caitliceachas a athnuachan sa bhFrainc amach anseo. Cé is moite de thráchtaire nó beirt a d’admhaigh gur tharla an t-athrú seo de bharr thoil na ndaoine, is gnáthach gur samhlaíodh rialtas na Fraince a bheith as alt le toil na bhFrancach. Ba ghá ionramháil a dhéanamh ar íomhá na Fraince, mar sin, agus díríodh ar thráchtaireacht dhearfach ón bhFrainc maidir le cúrsaí creidimh, agus tarraingíodh aird ar fhiúntas scríbhneoirí Caitliceacha na Fraince, amhail is gur thuar dóchais a bhí ina saothar siúd.

264

Iarfhocal

Ní raibh drogall ar Athbheochanóirí na Gaeilge leas a bhaint as údar Francach fiú mura raibh gach gné dá shaothar ag teacht lena bhfís. Is sampla maith é Pierre-Jean de Béranger den tsaghas eagarthóireachta a bhí ar bun acu. Thaitin poblachtánachas Béranger go mór leis na hAthbheochanóirí, chomh maith leis an sochar a bhain sé as caint na ndaoine ina chuid filíochta agus an chosmhuintir á gríosú aige. Ach ní fhéadfaidís frithchléireachas Béranger a mholadh mar sin thug Liam Ua Domhnaill neamhaird air, agus dhein Cathaoir Ó Braonáin iarracht a chuid frithchléireachais a chur i gcomhthéacs stairiúil, chun é a cheadú. Ní fhéadfaí an straitéis chéanna a chur i bhfeidhm ar scríbhneoirí comhaimseartha, áfach.

D’eascair teannas idir luachanna aestéitice an tsaothair agus luachanna morálta an údair sa díospóireacht ar Anatole France. Bhí an chléir buartha faoin gcineál eiseamláire a bhí á soláthar ag litríocht na Fraince, go háirithe i gcás France. Bhí an bheirt bhan a ghlac páirt sa chonspóid den tuairim go mba chóir múnla liteartha a roghnú i ngeall ar a fhiúntas, seachas aon ní eile. Is deis a bhí sa díospóireacht seo an cultúr Gaelach a oscailt amach do smaointeoireacht shaolta na hEorpa, agus a bhriseadh amach ó chuing na hEaglaise Caitlicí. Níor tapaíodh an deis, áfach, agus is féidir an chonspóid a léamh mar thuar ar a raibh le teacht agus cultúr na hÉireann go mór faoi anáil na cléire i diaidh bhunú an tSaorstáit.

Sa díospóireacht ar Anatole France, chuir an tAthair Seán Ó Gormáin René Bazin chun tosaigh mar eiseamláir fholláin, oiriúnach, Chaitliceach. Tarraingíodh codarsnacht idir é agus Émile Zola, agus é á áiteamh go raibh saothar Bazin ina ‘fhrithnimh’ ar shaothar dainséarach Zola. I bhfoilseacháin Bhéarla agus Ghaeilge na tréimhse, féachadh ar Zola mar údar gurbh fhearr a sheachaint i ngeall ar a thuairimí frithchléireacha. Ach ní raibh saothar Bazin go hiomlán gan smál, agus mhol léirmheastóirí na hAthbheochana díriú ar leabhair áirithe leis, agus cinn eile a sheachaint, leabhar a bhain le Cumannachas, mar shampla.

B’amhlaidh a bhí i gcás Alphonse Daudet, freisin. Ainneoin gurbh é an t- údar Francach is mó a aistríodh go Gaeilge le linn na hAthbheochana, b’éigean do Mháire Ní Chinnéide a bheith roghnaitheach nuair a thug sí cuntas ar iomlán a shaothair; bhí sí cáiréiseach a scéalta luatha a mholadh, agus lochtanna a fháil ar a shaothar ba dhéanaí. Mar sin, fiú i measc na n-údar a mhol na hAthbheochanóirí 265

Iarfhocal

mar eiseamláirí, bhí coinníollacha á gceangal acu le saothair áirithe dá gcuid. Lig an radharc sceabhach a bhí ag Athbheochanóirí ar údair agus ar chúrsaí creidimh sa bhFrainc litríocht na Fraince a cheadú mar fhoinse liteartha.

Tá sé suntasach, i gcomhthéacs na heagarthóireachta agus an chur faoi cheilt a dhein na hAthbheochanóirí, agus an stró a chuireadar orthu féin chun é sin a dhéanamh, go raibh dul amú orthu maidir le húdair áirithe. Tuairiscíodh gur Iúdach ab ea Zola, nuair nárbh ea, agus measadh gur de bhunadh na Briotáine é Bazin, toisc gur scríobh sé faoi shaol na tuaithe. Sa chás deireanach seo, is comhartha é den ionannú atá le sonrú idir íomhá de thuath na Fraince agus an Bhriotáin sa tréimhse seo.

Tugadh cuntas ar an gcaidreamh a bhí ag Athbheochanóirí leis an Imeall agus leis an Lár i gcomhthéacs na hEorpa agus i gcomhthéacs na Fraince. Cé go mba nós leo taobhú le tíortha nó dreamanna imeallacha na hEorpa, ní raibh eolas an-domhain acu ina dtaobh na gcásanna seo, ná ní raibh léamh na mbunteangacha acu, faoi mar atá tugtha faoi deara ag O’Leary.784 Taispeánadh ag tús an tráchtais go raibh aithne mhaith acu ar an bhFraincis, agus ba mhinic nuachtáin na Fraince a bheith acu mar fhoinse imeachtaí san Eoraip. Bhí caidreamh casta ag na hAthbheochanóirí le Páras mar, cé go raibh gean ag go leor acu d’ardchathair na Fraince, ba dheacair dóibh neamhaird a thabhairt ar pholasaí teanga agus ar thionchar aonchineálach Pháras. Foilsíodh tuairiscí ar imeachtaí Gaeilge i bPáras ar An Claidheamh Soluis, rud a chur go mór le híomhá na cathrach mar Lár Caoin. Bhí cuntais á bhfoilsiú freisin ar ghluaiseacht Provençal agus ar na hiarrachtaí a bhí ar bun sa réigiún litríocht i bProvençal a chur chun cinn agus cultúr an réigiúin a chaomhnú. Níor léiríodh aon aighneas idir gluaiseacht Provençal agus cumhacht lárnach Pháras, áfach, agus tháinig Páras slán mar Lár Caoin sa dioscúrsa áirithe sin. Chonacthas, freisin, go raibh drogall ar Athbheochanóirí a lán tráchta a dhéanamh ar an bpolaitíocht a bhain leis an Alsáis Lorráin, cé gur luadh cúrsaí litríochta sa réigiún sin ar uairibh. Is cás faoi leith a bhí san Aláis Lorráin toisc í a bheith faoi smacht na nGearmáine.

784 O’Leary, The Prose Literature of the Gaelic Revival, 81. 266

Iarfhocal

I ndiaidh 1913, áfach, tá athrú le sonrú sa tráchtaireacht ar an bhFrainc i bhfoilseacháin na hAthbheochana. Díríodh i bhfad níos mó ar ghluaiseacht na Briotáine, agus luadh lárúchán díobhálach Pháras. Tá go leor fiansaise den dlúthchumann a braitheadh i leith na Briotáine san iliomad alt a scríobh Máire de Buitléir agus Tórna. Ba dhuine ríthábhachtach é Tórna san athrú dearcaidh seo toisc go raibh an Bhriotáinis aige agus go raibh sé i dteagmháil go minic le lucht ghluaiseacht na Briotáine.

Tá tábhacht nach beag ag an iompó seo ó Pháras atá le sonrú tar éis 1913. Is comhartha ionracais é a léiríonn go raibh na hAthbheochanóirí faoi bhrú íomhá na Fraince a chur in oiriúint dá n-íomhá féin. Dá mba mhionsamhail d’Éirinn a bhí á lorg ag Athbheochanóirí na Gaeilge sa bhFrainc, d’aimsíodar múnla a d’oir dóibh sa Bhriotáin. Ní fhágann sin nár shantaíodar gnéithe áirithe de Pháras i ndiaidh 1913, ach ní fhéadfaidís é a rá chomh soiléir céanna. Tugann sé spléachadh dúinn den saothar mór a bhí orthu, idir eagarthóireacht, chinsireacht agus bhrú faoi chois, agus iad ag iarraidh nualitríocht fholláin, ar ardchaighdeán a sholáthair as Gaeilge.

267

Leabharliosta

LEABHARLIOSTA

Foinsí Príomha

Foilseacháin

An Barr Buadh An Claidheamh Soluis An t-Európach An Gaodhal An Lóchrann Banba Branar Cork Weekly Examiner Craobh Ruadh Fáinne an Lae Freeman’s Journal Glór na Ly Green and Gold Guth na nGaedheal Inis Fáil Irisleabhar na Gaedhilge Irish Ecclesiastical Record Irish Educational Review Irish Independent Irish Peasant Meath Chronicle Misneach New Ireland New Ireland Review Sinn Féin The Catholic Bulletin The Irishman The Irish Review The Irish Rosary The Leader

Foinsí Príomha Eile

Letter of the Right Hon. E.G. Stanley, Chief Secretary to His Excellency the Lord Lieutenant, addressed to His Grance the Duke of Leinster, October 1831, 1, luaite in First Report of the Commissioners of National Education in Ireland, 1834, 1.

268

Leabharliosta

‘Special Report Made to the Commissioners of National Education on Convent Schools in Connection with the Board, H. C.’ 1864 (405) XLVI.

‘National Education (Ireland) (Classics and French). Copy of Proposal or Plan Submitted by the Commissioners of National Education in Ireland to the Government for the Introduction of Classics and French into the National Schools, and of Correspondence Relating Thereto’. 1867.

Appendix to the Forty-Fourth Report of the Commissioners of National Education in Ireland, (for the Year 1877)1878. [Rochtain: 22/03/2010]

Intermediate Education (Ireland). [H.L.] a Bill [as Amended in Committee] Intituled an Act to Promote Intermediate Education in Ireland. (275)1878: III.543.

1880 [C.2600] Report of the Intermediate Education Board for Ireland for the year 1879. 13-15.

Commissioners of National Education in Ireland. ‘Report of the Superintendents of the Central and Model Schools and the Marlborough-Street Training College for the Year 1886.’ 1886.

1890 [C.6082] General report, for the year 1889, by W. Scott Coward, Esq., one of Her Majesty's chief inspectors, on the schools in the north-western division of England, comprising the counties of Cumberland, Westmoreland, and Lancashire, and the Isle of Man. Ar fáil ag: [Rochtain: 21/01/2013].

1896 [C.8081] Report for the year 1895 on the training colleges. Ar fáil ag: [Rochtain: 22/01/2013].

1896 [C.8081] Report for the year 1895 on the training colleges. Ar fáil ag: [Rochtain: 22/01/2013].

National University of Ireland, University College Galway, Calendar for 1911/12

Agallamh

Torlach O’Connor, garmhac Mháire Ní Chinnéide, in Eanáir 2012 i gCo. Áth Cliath.

269

Leabharliosta

Foinsí Táinisteacha

Acmhainní Idirlín

Beathaisnéisí Gaeilge: www.ainm.ie Desmond Keenan, Post-Famine Ireland: Social Structure (2006) Ar fáil ag http://www.deskeenan.com/post-famine.htm Dictionary of Irish Biography: http://dib.cambridge.org/ House of Commons Parliamentary Papers. Ar fáil ar-líne ag http://parlipapers.chadwyck.co.uk/home.do Jstor www.jstor.org Leabharlann Náisiúnta na hÉireann: www.nli.ie Project Gutenberg www.gutenberg.org

Ailt

Benevenuta, Sister M., ‘St. Mary's University College,’ University Review, Iml. 3, Uimh. 4, Earrach (1964), 33-47.

Breathnach, Eileen. ‘Women and Higher Education in Ireland (1879-1914).’ The Crane Bag Iml. 4, Uimh. 1 (1980), 47-54.

Deblowitz, M., ‘The French Press and the Dreyfus Case,’ The North American Review, Iml. 169, Uimh. 525, (Deireadh Fómhair 1899), 577-592. Ar fáil ag: http://www.jstor.org/stable/25104893. Rochtain : 03/03/2012.

Ford, Caroline, ‘Religion and the Politics of Cultural Change in Provincial France: The Resistance of 1902 in Lower Brittany,’ The Journal of Modern History, Iml. 62, Uimh. 1 (Mar., 1990), 1-33. Foilsithe ag: The University of Chicago Press Article Stable URL: http://www.jstor.org/stable/1898749. Rochtain: 01/02/2013.

Garvin, Tom, ‘Priests and Patriots: Irish Separatism and Fear of the Modern, 1890- 1914,’ in Irish Historical Studies, Vol. 25, No. 97 (May, 1986), 67-81. Ar fáil ag: http://www.jstor.org/stable/30008590 Rochtain: 28/07/2011.

Gavan Duffy, Charles, ‘The Revival of Irish Literature,’ in The Revival of Irish Literature ar fáil ag: http://www.gutenberg.org/ebooks/32746 Rochtain: 30/10/2012.

Guerlac, Othon,‘The Separation of Church and State in France,’Political Science Quarterly, Iml. 23, Uimh. 2, Meitheamh, 1908, 259-296. Foilsithe ag: The Academy of Political Science. Article Stable URL: http://www.jstor.org/stable/2141325. Rochtain: 06/04/2011.

270

Leabharliosta

Macken, Mary, ‘In Memoriam: Mary T. Hayden,’ Studies, Iml. 31, Uimh. 123 (Meán Fómhair, 1942), 369-371.

Martel, Philippe, ‘Les écrivans paysans dans le Félibrige (1860-1914), Ethnologie Française, Iml. 18, Uimh. 3, Régionalismes (Iúil-Meán Fómhair 1988), 233-242. Ar fáil ag http://www.jstor.org/stable/40989054 Rochtain: 18/09/2012.

McMahon, Timothy G.,‘‘All creed and all classes’? Just who made up the Gaelic League?’ in Éire-Ireland 37/3-4 (Fall/Winter 2002), 118–168.

Morris, Catherine, ‘Becoming Irish?: Alice Milligan and the Revival’, in Irish University Review, Iml. 33, Uimh. 1 (Earrach-Samhradh 2003), 79-98.

Ní Ríordáin, Brenda, ‘Cébh í ‘Dul Amú’? Máire Ní Shíthe, 1868-1955, Drámadóir, Aistritheoir, Conraitheoir,’ Comhar, Iml. 52, Uimh. 8 (Lúnasa 1993), 40-44.

Nic Dhiarmada, Bríona, ‘Aspects of Utopia, Anti-utopia, and Nostalgia in Irish- Language Texts,’ Utopian Studies, Iml. 18, Uimh. 3, Irish Utopian (2007), 365-378. Ar fáil ag: http://www.jstor.org/stable/20719882 Rochtain: 28 Eanáir 2013.

O'Connor, Anne V., ‘‘Influences Affecting Girls' Secondary Education in Ireland, 1860-1910’,’ Archivium Hibernicum, Iml. 41 (1986), 83-98.

Ó Cuilleanáin, Cormac, ‘Tórna,’ Comhar, Iml. 9, Uimh. 1 (Eanáir, 1950), 10-11.

O’Dea, Daithalinn M., ‘Modernist Nationalism in Dana: An Irish Magazine of Independent Thought (1904), Éire-Ireland, 46: 3 & 4 (Fall/Winter 2010), 95-123.

O’Dowd, Liam, ‘Town and Country in Irish Ideology,’ The Canadian Journal of Irish Studies, Iml. 13, Uimh. 2, Special Interdisciplinary Number (Dec. 1987), 43-53. Ar fáil ag: http://www.jstor.org/stable/25512708 Rochtain: 20/06/2012.

O’Flynn, Gráinne, ‘Some Aspects of the Education of Irish Women through the Years,’ Capuchin Annual 1977, 164-179.

O'Leary, Philip, ‘‘Unwise and Unlovable’: Translation in the Early Years of the Gaelic Revival,’Proceedings of the Harvard Celtic Colloquium 5 (1985), 147-71.

O'Leary, Philip, ‘‘Children of the Same Mother’: Gaelic Relations with the Other Celtic Revival Movements 1882-1916,’ Proceedings of the Harvard Celtic Colloquium 6 (1986), 101-30.

Rummel, Leo L., ‘The Anticlerical Program as a Disruptive Factor in the Solidarity of the Late French Repulics,’ The Catholic Historical Review, Iml. 34, Uimh. 1 (Aibreán, 1948), 1-19.

Ryan, Mary, ‘René Bazin: 1853-1932,’ Studies: An Irish Quarterly Review, Iml. 21, Uimh. 84 (Nollaig 1932), 627-634.

271

Leabharliosta

Strachen, John, Romance, Religion and the Republic: Bruno’s Le Tour de France par deux Enfants, foilsithe in Oxford Journals, ar fáil ag : http://fh.oxfordjournals.org/content/18/1/96.full.pdf Rochtain: 6/11/2010.

Thiesse, Anne-Marie, ‘Le mouvement littéraire régionaliste (1900-1945),’ Ethnologie Française , nouvelle serie, Iml. 18, Uimh. 3, Régionalismes (juillet- septembre 1988), 220-232. Ar fáil ag: http://www.jstor.org/stable/40989053 Rochtain: 19/09/2012.

Uí Chollatáin, Regina, ‘Literature Reviews in An Claidheamh Soluis: A Journalistic Insight to Irish Literary Reviews in the Revival Period 1899-1932,’ Proceedings of the Harvard Celtic Colloquium 23 (2003), 284-98. Ar fáil ag: http://www.jstor.org/stable/25660740 Rochtain: 23/05/2011.

Leabhair Chlóite

aan de Wiel, Jérôme, The Catholic Church in Ireland, 1914-1918: War and Politics (Dublin: Irish Academic Press, 2003).

---, The Irish Factor 1899-1919: Ireland's Strategic and Diplomatic Importance for Foreign Powers (Dublin: Irish Academic Press, 2008).

Anderson, Benedict, Imagined Communities: Reflections on the Origin and Spread of Nationalism (London: Verso, 1983, 1991).

Augusteijin, Joost, Patrick Pearse: The Making of a Revolutionary (Basingstoke: Palgrave McMillan, 2010).

Barnard, H.C. (eag.). Fénelon on Education (Cambridge: Cambridge University Press, 1966).

Barry, Gearóid, The Disarmament of Hatred: Marc Sangnier, French Catholicism and the Legacy of the First World War, 1914-45 (Basingstoke: Palgrave Macmillan, 2012

Bazin, René, La Douce France (Paris: Gigord, 1911).

Bernard, Marc, Zola par lui-même (Paris: Éditions du Seuil, 1962).

Blake, Donal, ‘The Christian Brothers and Education in Nineteenth Century Ireland’ (Tráchtas M. Ed. neamhfhoilsithe, University College Cork, 1977).

272

Leabharliosta

Bornecque, J. H., Histoire d’une amitié:correspondance inédite entre Alphonse Daudet et Frederic Mistral, 1860-1897 (Paris: Éditions Julliard, 1979).

Bourke, Angela (eag.), The Field Day Anthology of Irish Writing Vol. V: Irish Women’s Writing and Traditions (Cork: Cork University Press, 2002).

Brown, Terence, Ireland: A Social and Cultural History, 1922-79 (London: Fontana Press, 1981).

Casanova, Pascale, The World Republic of Letters aist. M.B. DeBevoise (Cambridge, Mass.: Harvard University Press, 2004).

Cazamian, L., A History of French Literature (London: Oxford University Press, 1955).

Clear, Caitríona, Nuns in Nineteenth-Century Ireland (Dublin: Gill and MacMillan, 1987).

Collins, Michael, The Path to Freedom (Cork: The Mercier Press, 1968).

Colum, Mary, Life and the Dream (Dublin: The Dolmen Press 1966).

Conroy, Jane (eag.), Franco-Irish Connections: Essays, Memoirs and Poems in Honour of Pierre Joannon (Dublin: Four Courts Press, 2009).

Coolahan, John, Irish Education: Its History and Structure (Dublin: Institute of Public Administration, 2004).

Coolahan, John and Patrick F. O'Donovan, A History of Ireland's School Inspectorate, 1831-2008 (Dublin: Four Courts Press, 2009).

Couprie, Alain, Zola (Paris: A. Colin, 1992).

Crémieux, Benjamin, Xxe Siècle (Paris: Librairie Gallimard, 1924).

Cruise O'Brien, Conor (eag.), The Shaping of Modern Ireland (London: Routledge, 1970).

Daly, Dominic, The Young Douglas Hyde: The Dawn of the Irish Revolution and Renaissance: 1874-1893 (New Jersey: Rowman and Littlefield, 1974).

Darmody, Marie, ‘Saothair Fhraincise an Ghúim 1927-1939’ (Tráchtas M. A. neamhfhoilsithe, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, 2008). de Béranger, Pierre-Jean, Chansons De Béranger (Anciennes Et Postumes) (Paris: Perrotin, 1886).

273

Leabharliosta

de Bhaldraithe, Tomás (eag.), Pádraic Ó Conaire: Clocha Ar a Charn (Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Tta, 1982). de Hae, Risteárd agus Brighid Ní Dhonnchadha, Clár Litridheacht na Nua- Ghaedhilge, 1850-1936 (3 Imleabhair, Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair, 1938- 40). de hÍde, Dubhghlas, ‘On the Neccessity of De-Anglicising Ireland’, in Vivan Mericer agus David H. Greene (eag.), 1,000 Years of Irish Prose: The Literary Revival (New York: Grosset and Dublap, 1961), 78-89. de Nie, Michael, The Eternal Paddy: Irish Identity and the British Press, 1798-1882 (Madison: The University of Wisconsin Press, 2004).

Deane, Seamus, Celtic Revivals: Essays in Modern Irish Literature (London: Faber and Faber, 1985).

---, A Short History of Irish Literature (London: Hutchinson, 1986).

Denvir, Gearóid (eag.), Padraic Ó Conaire, Léachtaí Cuimhneacháin (Indreabhán, Gaillimh: Cló Chonamara i gcomhar le Raidió na Gaeltachta, 1983).

Dudley Edwards, Ruth, Patrick Pearse: The Triumph of Failure (London: Gollancz, 1977).

Dunleavy, Janet Egleson and Gareth W. Dunleavy, Douglas Hyde: A Maker of Modern Ireland (California: University of California Press, 1991).

Farragher, Seán, Pere Leman: Educator and Missionary, Founder of Blackrock College (Dublin: Paraclete Press, 1988).

Farragher, Sean P. agus Annraoi Wyer (eag.), Blackrock College 1860-1995 (Dublin Paraclete Press 1995).

Farrington, Frederic Ernest, French Secondary Schools: An Account of the Origin, Development and Present Organisation of Secondary Education in France (Cambridge, U.S.A: The University Press, 1910).

Fitzpatrick, Georgina, St. Andrew’s College 1894 - 1994 (Blackrock: St Andrew’s College, 1994).

Forbes, Jill agus/and Michael Kelly (eag.), French Cultural Studies: An Introduction (Oxford: Oxford University Press, 1995).

Foster, R. F., Modern Ireland, 1600-1972 (London: Penguin Books, 1988).

Frazier, Adrian, George Moore, 1852-1933 (London: Yale University Press, 2000).

274

Leabharliosta

Garvin, Tom, 1922: The Birth of Irish Democracy (Dublin: Gill and Macmillan, 1996).

---, Nationalist Revolutionaries in Ireland, 1858-1928 (Dublin: Gill and McMillan, 1987).

Gautier, J., Séparation De L'Église Et De L'État (Paris: Sous Bibliotécaire à la Faculté de Droit de Paris, 1906).

Garrigan Mattar, Sinéad, Primitivism, Science, and the Irish Revival (Oxford: Clarendon Press, 2004.

Gibbons, Luke, ‘‘Constucting the Canon: Versions of National Identity’, in Seamus Deane, (eag.), The Field Day Anthology of Irish Writing Iml. II (Derry: Field Day, 1991), 950-955.

Goldring, Maurice, Pleasant the Scholar's Life: Irish Intellectuals and the Construction of the Nation State (London: Serif, 1993).

Gonne, Maud, A Servant of the Queen (Buckinghamshire: Colin Smythe, 1938).

Harris, Ruth, The Man on Devil's Island: Alfred Dreyfus and the Affair That Divided France (London: Penguin, 2011).

Hawley, John C. (eag.), Encyclopedia of Postcolonial Studies (Westport: Greenwood, 2001).

Higgins, Roisín agus Regina Uí Chollatáin (eag.), The Life and after-Life of P.H. Pearse/Pádraic Mac Piarais: Saol Agus Oidhreacht (Dublin: Irish Academic Press, 2009).

Hochman, Stanley (eag.), McGraw-Hill Encyclopedia of World Drama. Vol. I (New York: McGraw-Hill, 1984).

Hussein Alatas, Syed, The Myth of the Lazy Native (New York: Franks Cass and Co., 1977).

Hutchinson, John, The Dynamics of Cultural Nationalism: The Gaelic Revival and the Creation of the Irish Nation State (London: Allen and Unwin in association with the London School of Economics and Political Science, 1987).

Hyland, Áine agusKenneth Milner (eag.), Irish Educational Documents, Vol. I (Dublin: Church of Ireland College of Education, 1987).

Kealy, Máire M., Dominican Education in Ireland 1820 -1930 (Dublin: Irish Academic Press, 2007).

275

Leabharliosta

Kelleher, Margaret agus Phillip O'Leary (eag.), The Cambridge History of Irish Litearture, Vol. II, 1890-2000 (Cambridge: Cambridge University Press, 2006).

Kennedy, David, "Education and the People." in R.B. McDowell (eag.), Social Life in Ireland 1800-45. (Cork: The Mercier Press, 1957), 53-66.

Kiberd, Declan, Idir Dhá Chultúr (Baile Átha Cliath: Coiscéim, 1993).

---, Inventing Ireland: The Literature of the Modern Nation (London: Vintage, 1996).

Lagard, André agus Laurent Michard (eag.), Xixe Siècle : Les Grands Auteurs Français Du Programme (Paris: Bordas, 1969).

Lebovics, Herman, True France: The Wars over Cultural Identity, 1900-1945 (Ithaca: Cornell University Press, 1992).

Lee, J.J., The Modernisation of Irish Society 1848-1914 (Dublin: Gill and MacMillan, 1973).

---, Ireland 1912-1985: Politics and Society (Cambridge: Cambridge University Press, 1989).

Leerssen, Joep, ‘Celticism’, in Terrence Brown (eag.) Celticism (Amsterdam: Rodopi, 1996), 1-20.

---, Hidden Ireland, Public Sphere (Galway: Arlen House/Ionad an Léinn Éireannaigh, 2002).

---, ‘The Western Mirage: On the Celtic Chronotope in the European Imagination’, in Timothy Collins (eag.), Decoding the Landscape, tríú eagrán (Galway: Centre for Landscape Studies, UCG, 2003), 1-11.

Lennon, Joseph, Irish Orientalism: A Literary and Intellectual History (Syracuse: Syracuse University Press, 2008).

Mac Aonghusa, Criostoir, Ó Ros Muc Go Rostov (Baile Átha Cliath: An Clóchomhar, 1972).

Mac Aonghusa, Proinsias, Ar Son na Gaeilge: Conradh na Gaeilge 1883-1993: Stair Sheanchais (B.Á.C: Conradh na Gaeilge, 1993).

Mac Bride White, Anna (eag.), The Gonne-Yeats Letters: 1893-1938 (New York: Syracuse University Press, 1994).

Mac Domhaill, Tomás; Seán Mac Énrí (eag.), Mícheál Breathnach: Scríbhinní, 1913 (Indreabhán: Cló Iar-Chonnachta, 2009).

276

Leabharliosta

Mac Fhearghusa, Pádraig, Conradh na Gaeilge i gCiarraí: a History of the Gaelic League in Kerry (Trá Lí: Coiste Dúiche Chiarraí de Chonradh na Gaeilge, 1995).

Mac Lochlainn, Alf, ‘Gael and Peasantry’, in Daniel Casey et al., (eag.) Views of the Irish Peasantry 1800-1916 (Hamden, Connecticut: Archon, 1977), 17-36.

Mac Uistín, Liam, An Ród Seo Romhainn (Baile Átha Cliath: Comhar Teoranta, 2006).

MacDonagh, Thomas, Literature in Ireland: Studies Irish and Anglo-Irish (Dublin: Talbot Press, 1916).

Mathews, P. J., Revival: The Abbey Theatre, Sinn Féin, the Gaelic League and the Co-Operative Movement (Cork: Cork University Press in association with Field Day, 2003).

Maume, Patrick (eag.), D. P. Moran, the Philosophy of Irish Ireland (Dublin: University College Dublin Press, 2006).

Mc Cormack, W.J., Dublin 1916: The French Connection (Dublin: Gill and Macmillan, 2012).

McDonagh, Thomas, Litearture in Ireland (Dublin: Talbot Press, 1919).

McGuire, James; James Quinn (eag.), Dictionary of Irish Biography (United Kingdom: Cambridge University Press, 2009).

McIntire, J. F., ‘Religious Liberty in France, Part 2,’ in Richard Helmstadter (eag.), Freedom and Religion in the Nineteenth Century (Stanford: Stanford University Press, 1997), 273-301.

Memmi, Albert, The Colonizer and the Colonized (London: Earthscan Publications, 1957/1990).

Mistral, Fréderic, Mes Origines, Mémoires Et Récits, foilsithe ar dtús 1920. Ar fáil ag: Rochain: 06/02/2013.

Moore, George, Hail and Farewell (Bucks.: Smythe, 1976).

Moran, D. P., The Philosophy of Irish Ireland (Dublin: James Duffy and Co., 1905).

Murphy, Brian, Pearse and the Lost Republican Ideal (Dublin: James Duffy, 1991).

Taylor FitzSimon, E. A. and James H. Murphy (eag). The Irish Revival Reappraised (Dublin: Four Courts, 2003).

Murphy, James H., Nos Autem: Castleknock College and Its Contribution (Dublin: Gill and MacMillan, 1966). 277

Leabharliosta

Ní Chinnéide, Máire, An Dúthchas (Baile Átha Cliath: Connradh na Gaedhilge, 1908).

---, Sidheoga Na mBláth (Baile Átha Cliath: Connradh na Gaedhilge, 1909).

---, Scéal an Tighe (Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair, 1952).

Ní Chinnéide, Máiréad, Máire De Buitléir: Bean Athbheochana (Baile Átha Cliath: Comhar Teoranta, 1993).

Ní Chionnaith, Eibhlín (eag.), Iriseoireacht Uí Chonaire (Béal an Daingin: Cló Iar- Chonnacht, 1996).

Ní Chnáimhín, Áine, Pádraic Ó Conaire (Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair, 1947).

Ní Dhonnachadha, Aisling, An Gearrscéal Sa Ghaeilge, 1898 - 1940 (Baile Átha Cliath: An Clóchomhar, 1981).

Nic Congáil, Ríona, Úna Ní Fhaircheallaigh Agus an Fhís Útóipeach Ghaleach (Gaillimh: Arlen House, 2010).

---, (eag.), Úna Ní Fhaircheallaigh, Smaointe Ar Árann (Gaillimh: Arlen House, 2010).

Nic Eoin, Máirín, Trén Bhfearann Breac: An Díláithriú Cultúir Agus Nualitríocht Na Gaeilge (Baile Átha Cliath: Cois Life, 2005).

Nic Pháidín, Caoifhionn, Fáinne an Lae Agus an Athbheochan, 1898-1900 (Baile Átha Cliath: Cois Life, 1998).

Ó Braonáin, An tAth. Cathaoir, Béarla Sacsan Agus an Creideamh I nÉirinn (Baile Átha Cliath: M. H. Mac Guill agus a Mhac, 1913).

Ó Briain, Liam, Cuimhní Cinn (Baile Átha Cliath: Sáirséal agus Dill, 1951).

Ó Buachalla, Séamas (eag.), Na Scríbhinní Liteartha le Pádraig Mac Piarais (Baile Átha Cliath: Cló Mercier, 1979).

Ó Buachalla, Séamas, (eag.), A Significant Irish Educationalist: The Educational Writings of P. H. Pearse (Dublin and Cork: Mercier Press, 1980).

Ó Cadhain, Máirtín, ‘Conradh na Gaeilge agus an Litríocht’, in Seán Ó Tuama (eag.), The Gaelic League Idea (Cork: Mercier Press, 1972,) 52-62.

---, ‘An Gearrscéal Sa Ghaeilge’, in Seán Ó Mordha (eag.), Scríobh 5 (Baile Átha Cliath: An Clóchomhar, 1981), 100-05.

278

Leabharliosta

Ó Cearnaigh, Seán, An Stad: Croílár Na hAthbheochana (Baile Átha Cliath: Comhar Teoranta, 1993).

Ó Cearúil, Colm, Aspail Ar Son Na Gaeilge: Timirí Chonradh na Gaeilge, 1899- 1923 (Baile Átha Cliath: Conradh na Gaeilge, 1995).

Ó Conaire, Breandán, Myles Na Gaeilge: Lámhleabhar Ar Shaothar Gaeilge Bhrian Ó Nualláin (Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Tta, 1986).

Ó Conaire, Pádraic, Beagnach Fíor (Baile Átha Cliath: Sáirséal agus Dill, 1927, 1954).

---, Scothscéalta (Baile Átha Cliath: Sáirséal agus Dill, 1956).

Ó Conchubhair, Brian, Fin De Siècle Na Gaeilge: Darwin, an Athbheochan agus Smaointeoireacht Na hEorpa (Indreabhán: An Clóchomhar/Cló Iar-Chonnachta, 2009).

Ó Conluain, Proinsias, An Duinníneach: an tAthair Pádraig Ó Duinnín, a shaol, a shaothar agus an ré inar mhair sé (Baile Átha Cliath: Sáirséal agus Dill, 1958).

Ó Cuív, Brian, A View of the Irish Language (Dublin: The Stationary Office, 1969).

Ó Droighneán, Muiris, Taighde i gComhair Stair Litridheacta Na Nua-Gaedhilge ó 1882 Anuas (Baile Átha Cliath: Oifig Diolta Foillseacain Rialtais, 1936).

Ó Faoláin, Seán, The Short Story (Cork: Mercier Press, 1948).

---, Vive Moi (New York: Little Brown and Co., 1964).

Ó Foghludha, Risteárd, Fiche Gearrscéal Ar Na dTionntódh as an bhFraingcis (B.Á.C.: Muinntir C. S. Ó Fallamhain, Teo. i gComhar le hOifig an tSoláthair, 1930).

Ó Gallchobhair, Éamonn, ‘The Cultural Value of Festival and Feis’ in Aloys Fleischmann (eag.) Music in Ireland: A Symposium (Cork: Cork University Press, 1952), 210-17.

Ó Glaisne, Risteárd, Ceannródaithe: Tuairisc Iriseora (Baile Átha Cliath: Foilseacháin Náisiúnta Tta, 1974).

Ó hÁinle, Cathal, Promhadh Pinn (Maynooth: An Sagart ,1978).

Ó hAnnracháin, Peadar, Fé Bhrat an Chonnartha (Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair, 1944).

Ó hÓgartaigh, Margaret, Quiet Revolutionaries: Irish Women in Education, Medicine and Sport, 1861-1964 (Dublin: The Irish History Press, 2011).

279

Leabharliosta

Ó Laoghaire, Peadar, Mo Scéal Féin (Baile Átha Cliath: Cló Thalbóid, 1999).

Ó Riain, Liam, Lessons from Modern Language Movements: What the Revival of Native Speech Has Done for Creative Nationality and Home Rule (Baile Átha Cliath: Connradh na Gaedhilge, 1902, 1926).

Ó Ríordáin, Traolach, Conradh Na Gaeilge i gCorcaigh 1894 -1910 (Baile Átha Cliath: Cois Life, 2000).

Ó Siadhail, Pádraig, An Béaslaíoch: Beatha Agus Saothar Phiarais Béaslaí (1881- 1965) (Baile Átha Cliath: Coiscéim, 2007).

---, Stair Dhrámaíocht na Gaeilge, 1900 -1970 (Indreabhán: Cló Iar-Chonnachta, 1993).

Ó Súilleabháin, Donncha, Athbheochan na Gaeilge: Cnuasach Aisti (Baile Átha Cliath: Conradh na Gaeilge, 1998).

---, Scéal an Oireachtais, 1897-1924 (Baile Átha Cliath: An Clóchomhar, 1984).

Ó Torna, Caitríona, Cruthú Na Gaeltachta 1893 -1922 (Baile Átha Cliath: Cois Life, 2005).

Ó Tuama, Seán, (eag.), The Gaelic League Idea (Cork: Mercier Press, 1972).

---, Aguisíní (Baile Átha Cliath: Coiscéim/Ionad an Léinn Éireannaigh, 2008).

Cullen, Mary, (eag.), Girls Don’t Do Honours: Irish Women in Education in the 19th and 20th Centuries (Dublin: Women’s Education Bureau, 1987).

O’Connor, Anne V., agus Susan M. Parkes, (eag.), Gladly Learn and Gladly Teach: A Historyof Alexandra College and School, Dublin, 1866 – 1966 (Dublin: Blackwater Press, 1984).

O’Herlihy, Donal, To the Cause of Liberality: A History of the O’Connell Schools and the Christian Brothers, North Richmond Street (Dublin: The Allen Library Project, 1995).

O'Brien, Frank, Filíocht Ghaeilge na Linne Seo (Baile Átha Cliath: An Clóchomhar, 1968).

O'Leary, Philip, The Prose Literature of the Gaelic Revival, 1881-1921: Ideology and Innovation (Pennsylvania: The Pennsylvania State University Press, 1994).

---, Gaelic Prose in the Irish Free State, 1922-1939 (Dublin: University College Dublin Press, 2004).

280

Leabharliosta

O'Neill, Rosaleen, "Modern Languages" in Tadhg Foley (eag.), From Queen's College to National University: Essays on the Academic History of QCG/UCG/NUI, Galway (Dublin: Four Courts Press, 1999), 360-83.

Ouston, Philip, France in the Twentieth Century (London: Macmillan, 1972).

Pauline, Sister Mary, God Wills It! Centenary Story of the Sisters of St. Louis (Dublin: Browne and Nolan Limited, 1959).

Pearse, Padraic, The Murder Machine (Dublin: Whelan, 1916).

---. Political Writings and Speeches (Dublin: Talbot Press, 1952).

Pender, Séamus, (eag.), Essays and Studies presented to Professor Tadhg Ua Donnchadha (Torna) on the occasion of his seventieth birthday (Cork: Cork University Press, 1947).

Porter, Raymond J., P. H. Pearse (New York: Twayne, 1973).

Price, Alan, (eag.), J. M. Synge, Prose (London: Oxford University Press, 1966).

Pyle, Hilary, Cesca's Diary (Dublin: The Woodfield Press, 2005).

Raftery, Deirdre agus Susan M. Parkes (eag.), Female Education in Ireland 1700- 1900: Minerva or Madonna (Dublin: Irish Academic Press, 2007).

Riggs, Padraigín, Pádraic Ó Conaire: Deoraí (Baile Átha Cliath: An Clóchomar Tta, 1994).

Robb, Graham, The Discovery of France (London: Picador, 2007).

---, Parisians: An Adventure History of Paris (London: Norton, 2010).

Sachs, Murray, The Career of Alphonse Daudet: A Critical Study (Cambridge, Massachusetts: Harvard University Press, 1965).

Said, Edward W., Culture and Imperialism (London: Vintage, 1994).

Scéilíní Anall, Oireachtas 1920, In eagar ag Risteárd Ó Foghludha (Baile Átha Cliath: Connradh na Gaedhilge, g.d.)

Sheehy Skeffington, Andrée, Skeff: The Life of Owen Sheehy Skeffington, 1909-1970 (Dublin: The Lilliput Press, 1991).

Sisson, Elaine, Pearse’s Patriots: St Enda’s and the Cult of Boyhood (Cork: Cork University Press, 2004).

Souvestre, Émile, Au Coin du Feu (Paris: Michel Lévy, 1888).

281

Leabharliosta

Steele, Karen, Women, Press, and Politics During the Irish Revival (New York: Syracuse University Press, 2007).

Symons, Arthur, The Symbolist Movement in Literature (New York: E.P. Dutton, 1919).

Synge, J. M., The Aran Islands (Dublin: Maunsel and Company, 1907).

Theuriet, André, Rustic Life in France, aist. Helen B. Doyle (New York: Thomas Y. Crowell, 1896).

Tierney, Michael, Eoin Mac Neill, Scholar and Man of Action, 1867-1945 (Oxford: Clarendon Press, 1980).

Turner, Victor Witter (eag), Celebration: Studies in Festivity and Ritual (Washington, D.C.: Smithsonian Institution, 1982).

Uí Chollatáin, Regina, An Claidheamh Soluis Agus Fáinne an Lae, 1899-1922 (Baile Átha Cliath: Cois Life, 2004).

Uí Chollatáin, Regina, Iriseoirí Pinn Na Gaeilge, an Cholúnaíocht Liteartha: Critic Iriseoireachta (Baile Átha Cliath: Cois Life, 2008).

Vassberg, Liliane M., Alsatian Acts of Identity: Language Use and Language Attitudes in Alsace (Bristol: Longdunn, 1993).

Weber, Eugen Joseph, Peasants into Frenchmen: The Modernization of Rural France, 1870-1914 (Stanford, California: Stanford University Press, 1977).

Weill, Georges, Histoire De La Idée Laïque En France Au Xix Siècle (Paris: Librairie Alcan, 1929).

Welch, Robert (eag.), The Oxford Companion to Irish Literature (Oxford: Clarendon Press, 1996).

Yeats, W.B, ‘Postscript’ in Lady Gregory (eag.), Ideals in Ireland (London: Unicorn, 1901).

Zeldin, Theodore, France 1848-1945: Intellect and Pride (Oxford: Oxford University Press, 1980).

---, Conflicts in French Society: Anticlericalism, Education and Morals in the Nineteenth Century (London: George Allen and Unwin, 1970).

282