Mac Diarmada (MacDermott),Seán Connolly, James

Pearse, Patrick Henry Clarke, Thomas James (‘Tom’) Plunkett, MacDonagh, Joseph Mary Thomas Ceannt, Éamonn

Signatories of the Proclamation of the Irish Republic - 1916: A Parliamentary Exhibition of State Art

Sínitheoirí Fhorógra Phoblacht na hÉireann - 1916: Taispeántas Oireachtais d’Ealaín Stáit Table of Contents | Clár an Ábhair

4 Clarke, Thomas James (‘Tom’) Ó Cléirigh, Tomás 5 Artist: Power, Albert G. Ealaíontóir: Power, Albert G. 2 The Proclamation of the Irish Republic Forógra Phoblacht na hÉireann

8 MacDonagh, Thomas Mac Donnchadha, Tomás 9 Artist: Kelly, Oisín Ealaíontóir: Kelly, Oisín 6 Mac Diarmada (MacDermott), Seán Mac Diarmada, Seán 7 Artists: Power, Albert G. / Ó Murchadha, Domhnall Ealaíontóirí: Power, Albert G. / Ó Murchadha, Domhnall 10 Pearse, Patrick Henry Mac Piarais, Pádraig Anraí 11 Artist: Sheppard, Oliver Ealaíontóir: Sheppard, Oliver 12 Ceannt, Éamonn Ceannt, Éamonn 13 Artist: Ó Murchadha, Domhnall Ealaíontóir: Ó Murchadha, Domhnall

8 MacDonagh, Thomas Mac Donnchadha, Tomás 14 9 Connolly, James Artist: Kelly, Oisín Ó Conghaile, Séamas Ealaíontóir: Kelly, Oisín 16 15 Plunkett, Joseph Mary Artist: Murphy, Seamus Pluincéad, Seosamh Ealaíontóir: Murphy, Seamus 17 Artist: Grant, Peter Ealaíontóir: Grant, Peter The Proclamation of the Irish Republic The full text of the original Proclamation as read at the GPO during the , 1916

Forógra Phoblacht na hÉireann Téacs iomlán an Fhorógra bunaidh mar a léadh é ag Ard-Oifig an Phoist le linn Éirí Amach na Cásca, 1916

2 3 PROCLAMATION IN QUARK darker 09/10/2008 12:03 Page 1

3 Clarke, Thomas James (‘Tom’) Thomas Clarke (1858-1916), revolutionary, was born on 11 March 1858 in Hurst Castle, Isle of Wight. He was educated at St Patrick’s National School, Dungannon, Co. Tyrone. Clarke joined the Irish Republican Brotherhood (IRB) and became first district secretary of the Dungannon IRB. He was co-opted on to the IRB Supreme Council and appointed Treasurer, later joining the Military Council in September 1915. He served in the General Post Office (GPO) during Easter week (24-29 April). Although he held no official position or military rank, he presided at Military Council meetings and played a major part in directing military operations. Clarke was the only leader who insisted on fighting on to the end, but was overruled. He was shot in the first round of executions at Kilmainham Jail on 3 May 1916 and buried at Arbour Hill Prison Cemetery.

Ó Cléirigh, Tomás Rugadh Tomás Ó Cléirigh (1858-1916), réabhlóidí, ar an 11 Márta 1858 i gCaisleán Hurst, Inis Iocht. Cuireadh oideachas air i Scoil Náisiúnta Naomh Pádraig, Dún Geanainn, Co. Thír Eoghain. Chuaigh an Cléireach isteach i mBráithreachas Phoblacht na hÉireann (IRB) agus bhí sé ina chéad rúnaí dúiche ar IRB Dhún Geanainn. Comhthoghadh ar Ard-Chomhairle an IRB é agus ceapadh ina Chisteoir é agus, ina dhiaidh sin, toghadh é ar an gComhairle Mhíleata i mí Mheán Fómhair 1915. Bhí sé ar dualgas in Ard-Oifig an Phoist i rith Sheachtain na Cásca (24-29 Aibreán). Cé nach raibh aon phost oifigiúil ná céim mhíleata aige, bhíodh sé i gceannas ar chruinnithe de chuid na Comhairle Míleata agus bhí baint mhór aige le hoibríochtaí míleata a stiúradh. Ba é Tomás Ó Cléirigh an t-aon cheannaire a dúirt gur cheart troid go dtí an deireadh, ach rialaíodh ina aghaidh. Caitheadh é sa chéad bhabhta de bhásuithe i bPríosún Chill Mhaighneann, an 3 Bealtaine 1916, agus cuireadh i Reilig Phríosún Chnoc an Arbhair é.

4 5 Clarke, Thomas James (‘Tom’)

Artist: Power, Albert G. 1959 Bronze H: 50 X W: 40 Commission by State ART01164 On 19 May 1953, the Office of Public Works proposed to have two castings made from the original plaster model of Clarke by Albert Power. The model was on loan to the National Gallery of from the Minister for Education. In January, 1959, the foundry of W, Schurmann completed two bronze casts. The original plaster model of Clarke was presented to the National Gallery of Ireland in January, 1960. One bronze copy was sent to the Gallery on 5 April, 1963. The second cast was placed in the Dáil Chamber in Leinster House on the 2 August 1963.

Ealaíontóir: Power, Albert G. 1959 Cré-umha A: 50 X L: 40 Arna choimisiúnú ag an Stát ART01164 An 19 Bealtaine 1953, mhol Oifig na nOibreacha Poiblí go ndéanfaí dhá mhúnla ón mionsamhail bhunaidh phlástair den Chléireach le Albert Power. Bhí an mhionsamhail ar iasacht ag Dánlann Náisiúnta na hÉireann ón Aire Oideachais. Mí Eanáir 1959, chríochnaigh teilgcheárta W. Schurmann dhá mhúnla cré-umha. Tugadh an mhionsamhail bhunaidh phlástair de Thomás Ó Cléirigh do Dhánlann Náisiúnta an hÉireann i mí Eanáir 1960. Seoladh cóip chré-umha amháin chuig an Dánlann ar an 5 Aibreán 1963. An 2 Lúnasa 1963, cuireadh an dara múnla i Seomra na Dála i dTeach Laighean.

5 Mac Diarmada (MacDermott), Seán Seán Mac Diarmada (1883-1916), republican revolutionary, was born in January 1883 in Corranmore (Laghty Barr), Kiltyclogher, Co. Leitrim. He was educated at Corracloona National School and at a night school near Dowra, Co. Cavan. Sworn into the secret Irish Republican Brotherhood (IRB) in 1906, he later became an organiser for the Sinn Féin League. As a member of the Provisional Government into which the IRB Military Council transformed itself, Mac Diarmada signed the Proclamation of the Republic. Throughout the Rebellion he remained in the General Post Office (GPO), functioning as adjutant to Connolly and coordinating the operation of a field hospital in the building Mac Diarmada did not hold officers rank in the Volunteers. He read the surrender order to the garrison in their new Headquarters on Moore Street, Mac Diarmada and Connolly were the last two of the rebellion leaders to be executed by firing squad in the yard of Kilmainham Jail on 12 May.

Mac Diarmada, Seán Rugadh Seán Mac Diarmada (1883-1916), réabhlóidí poblachtach, i mí Eanáir 1883 sa Chorrán Mór (Barr na Leachtaí) in aice le Coillte Clochair, Co. Liatroma. Fuair sé a chuid oideachais i Scoil Náisiúnta Churrach Chluana agus i scoil oíche in aice leis an Damhshraith, Co. an Chabháin. Cuireadh faoi mhóid é san eagraíocht rúnda, Bráithreachas Phoblacht na hÉireann (IRB), sa bhliain 1906 agus, ina dhiaidh sin, bhí sé ina eagraí ar Chonradh Shinn Féin. Mar bhall den Rialtas Sealadach a bhunaigh Comhairle Mhíleata an IRB, shínigh Mac Diarmada Forógra na Poblachta. I rith an Éirí Amach, d’fhan sé in Ard- Oifig an Phoist, mar ar fheidhmigh sé mar aidiúnach leis an gConghaileach, agus chomhordaigh sé feidhmiú ospidéal machaire san fhoirgneamh. Ní raibh céim oifigigh ag Mac Diarmada sna hÓglaigh. Léigh sé an t-ordú géillte don gharastún ina gCeanncheathrú nua ar Shráid an Mhúraigh. Ba iad Mac Diarmada agus Ó Conghaile an bheirt dheireanach a cuireadh chun báis le scuad lámhaigh i gclós Phríosún Chill Mhaighneann ar an 12 Bealtaine.

6 7 Mac Diarmada (MacDermott), Seán

Artists: Power, Albert G. / Ó Murchadha, Domhnall Bronze H: 101 x W: 70 Commissioned by State, 1958 ART01162 On 19 June 1953, the Minister for Finance instructed the Office of PublicWorks to have two bronze casts made one for Leinster House and the other for the National Gallery of Ireland. The original plaster copy by Power was on loan to the National Museum from the Minister for Education. In 1958 Domhnall Ó Murchadha of the National College of Art, was commissioned to take a plaster copy from the original model to be used for the bronze casting. The original was returned to the Museum in 1959. Morris Singer Ltd. London executed two bronze castings. The busts were completed in January, 1960. One copy was presented to the National Gallery on 5 April, 1963; the other cast was placed in the Dáil Chamber on 2 June, 1963.

Ealaíontóirí: Power, Albert G. / Ó Murchadha, Domhnall Cré-umha A: 101 X L: 70 Arna choimisiúnú ag an Stát, 1958 ART01162 An 19 Meitheamh 1953, thug an tAire Airgeadais treoir d’Oifig na nOibreacha Poiblí dhá mhúnla cré-umha a ordú, ceann do Theach Laighean agus an ceann eile do Dhánlann Náisiúnta na hÉireann. Bhí an mhionsamhail bhunaidh phlástair de chuid Power ar iasacht ag an Ard-Mhúsaem ón Aire Oideachais. Sa bhliain 1958, tugadh coimisiún do Dhomhnall Ó Murchadha ón gColáiste Náisiúnta Ealaíne, Baile Átha Cliath chun cóip phlástair a thógáil ón mionsamhail bhunaidh lena húsáid chun múnla cré-umha a dhéanamh. Tugadh an mhionsamhail bhunaidh ar ais don Ard-Mhúsaem i 1959. Rinne Morris Singer Ltd., Londain dhá mhúnla cré-umha. Mí Eanáir 1960, críochnaíodh na dealbha brád. Tugadh dealbh amháin don Dánlann Náisiúnta, an 5 Aibreán 1963, agus cuireadh an dealbh eile i Seomra na Dála ar an 2 Meitheamh 1963.

7 MacDonagh, Thomas Thomas MacDonagh (1878–1916), teacher, writer, and republican revolutionary, was born on 1 February 1878 in Cloughjordan, Co. Tipperary. MacDonagh studied under the Holy Ghost Fathers at Rockwell College, Cashel, Co. Tipperary (1892–6). He read English, French, and Irish at UCD, graduating BA in 1910 and a first-class honours MA in 1911. He joined the Irish Volunteers in December 1913 and was elected a company captain in their armed governing provisional committee. He was sworn into the secret Irish Republican Brotherhood (IRB) in March 1915; he was appointed Commandant of the 2nd Bn, Dublin Brigade and Brigade Commandant. As a member of the Provisional Government, MacDonagh signed the Declaration of the Republic. He commanded a force of 150 volunteers that occupied Jacob’s biscuit factory, Bishop St. He was shot by firing squad in Kilmainham Jail on 3 May 1916, with Pearse and Thomas Clarke, the first three of the insurrection leaders to face execution.

Mac Donnchadha, Tomás Rugadh Tomás Mac Donnchadha (1878-1916), múinteoir, scríbhneoir agus réabhlóidí poblachtach, AR AN 1 Feabhra 1878 i gCloch Shiurdáin, Co. Thiobraid Árann. Rinne Mac Donnchadha staidéar le hAithreacha an Spioraid Naoimh i gColáiste Charn Tobair, Caiseal, Co. Thiobraid Árann (1892-6). Rinne sé staidéar ar an mBéarla, ar an bhFraincis agus ar an nGaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus bhain sé BA amach i 1910 agus MA le céadonóracha i 1911. Chuaigh sé isteach in Óglaigh na hÉireann i mí na Nollag 1913 agus toghadh ina chaptaen complachta é sa choiste sealadach rialaithe armtha a bhí acu. Cuireadh faoi mhóid é san eagraíocht rúnda, Bráithreachas Phoblacht na hÉireann (IRB), i mí an Mhárta 1915; ceapadh é ina Cheannfort ar an Dara Cathlán, Briogáid Bhaile Átha Cliath agus ina Cheannfort Briogáide. Mar chomhalta den Rialtas Sealadach, shínigh Mac Donnchadha Forógra na Poblachta. Bhí sé i gceannas ar fhórsa 150 óglach a ghabh seilbh ar mhonarcha brioscaí Jacob’s ar Shráid an Easpaig. An 3 Bealtaine 1916, chaith scuad lámhaigh é i bPríosún Chill Mhaighneann, in éineacht le Pádraig Mac Piarais agus Tomás Ó Cléirigh, an chéad triúr de cheannairí an éirí amach a cuireadh chun báis.

8 9 MacDonagh, Thomas

Artist: Kelly, Oisín | 1958 Bronze H: 72 x W: 54 Commissioned by the State, 1958 ART01163 On 19 June, 1953, the Government instructed the Minister for Finance to arrange with the Office of Public Works to have two bronze castings of Thomas MacDonagh made for Leinster House and the National Gallery of Ireland. A proposal to have a bust commissioned was discussed between the Office of Public Works, the Arts Council and the National Gallery. The sculptor, Laurence Campbell was asked to submit a design. However, he was unable to accept the commission. No sculptor was approached until 1956 when it was discovered that Oisín Kelly RHA (1915 - 1981) had executed a head of Thomas MacDonagh, which had been commissioned by MacDonagh’s friends and associates for University College Dublin. In 1958, permission was granted by UCD to the Government to reproduce two busts of MacDonagh. Difficulty arose as to the height of the bust as it was smaller to the works already in Leinster House. In order to keep uniformity in size, Kelly was asked to add a torso piece. By November, 1959, Kelly had completed the two busts. One copy was presented to the National Gallery on the 5 April, 1963 and the other placed in the Dáil Chamber on the 2 August, 1963.

Ealaíontóir: Kelly, Oisín | 1958 Cré-umha A: 72 X L: 54 Arna choimisiúnú ag an Stát, 1958 ART01163 An 19 Meitheamh 1953, thug an Rialtas treoir don Aire Airgeadais socrú a dhéanamh le hOifig na nOibreacha Poiblí dhá mhúnla cré-umha de Thomás Mac Donnchadha a ordú, ceann do Theach Laighean agus an ceann eile do Dhánlann Náisiúnta na hÉireann. Rinne Oifig na nOibreacha Poiblí, an Chomhairle Ealaíon agus an Dánlann Náisiúnta plé maidir le dealbha brád a choimisiúnú. Iarradh ar an ndealbhóir Laurence Campbell dearadh a chur isteach ach ní raibh sé in ann glacadh leis an gcoimisiún. Ní dhearnadh aon teagmháil le dealbhóir eile go dtí 1956 nuair a fuarthas an t-eolas go ndearna Oisín Kelly (1915-1981) ceann Thomáis Mhic Dhonnchadha, a choimisiúnaigh cairde agus comhghleacaithe Mhic Dhonnchadha don Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCD). Sa bhliain 1958, thug UCD cead don Rialtas dhá dhealbh bhrád de Mhac Donnchadha a athdhéanamh. Bhí deacracht ann maidir le hairde na deilbhe mar go raibh sí níos lú ná na saothair a bhí i dTeach Laighean cheana féin. D’fhonn an méid a choinneáil mar a chéile, iarradh ar Kelly píosa brollaigh a chur leis. Faoi mhí na Samhna 1959, bhí dhá bhrollach curtha i gcrích ag Kelly. Tugadh dealbh amháin don Dánlann Náisiúnta, an 5 Aibreán 1963, agus cuireadh an dealbh eile i Seomra na Dála ar an 2 Lúnasa 1963. 9 Pearse, Patrick Henry Patrick Henry Pearse (1879–1916), writer, educationalist, and revolutionary, was born 10 November at 27 Great Brunswick Street (now Pearse St.) Dublin. Pearse was educated at Mrs Murphy’s private school; CBS, Westland Row; attained a BA in Irish, English and French at UCD; completed law courses at King’s Inns and TCD; and was called to the bar in 1901. He became Director of organisation of the Irish Volunteers, established in November 1913. In December 1913 he was admitted to the Irish Republican Brotherhood (IRB). In October 1914 he was appointed Press Secretary of the Irish Volunteers. His appointment as Director of military organisation in the Military Committee of the IRB confirmed that he was a pivotal figure. He delivered an inspirational address over the Fenian grave of O’Donovan Rossa in August 1915. Pearse read out the Proclamation of the Republic, mainly his own composition, after the rebels seized the General Post Office. He was chosen as the President of the Republic. Pearse surrendered on 29 April. Sentenced to death on 2 May, he was executed at 3.30 a.m. in the first executions on 3 May.

Mac Piarais, Pádraig Anraí Rugadh Pádraig Anraí Mac Piarais (1879-1916), scríbhneoir, oideachasóir agus réabhlóidí, AR AN 10 SAMHAIN IN uimhir 27 Sráid Brunswick Mhór (Sráid an Phiarsaigh anois), Baile Átha Cliath. Cuireadh oideachas ar an bPiarsach i scoil phríobháideach Bhean Uí Mhurchú; Scoil na mBráithre Críostaí, Rae an Iarthair; bhain sé BA amach sa Ghaeilge, sa Bhéarla agus sa Fhraincis ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath; chríochnaigh sé cúrsaí dlí in Óstaí an Rí agus i gColáiste na Tríonóide; agus glaodh chun an bharra é sa bhliain 1901. Ceapadh ina stiúrthóir eagraíochta é in Óglaigh na hÉireann, a bunaíodh i mí na Samhna 1913. Mí na Nollag 1913, cuireadh faoi mhóid é i mBráithreachas Phoblacht na hÉireann (IRB). Mí Dheireadh Fómhair 1914, ceapadh ina Phreasrúnaí d’Óglaigh na hÉireann é. Dheimhnigh a cheapachán mar Stiúrthóir ar an Eagrú Míleata ar Choiste Míleata an IRB go raibh sé lárnach san eagrúchán le haghaidh an éirí amach. Thug sé óráid spreagúil ag uaigh an Fhínín Ó Donnabháin Rosa i mí Lúnasa 1915. Léigh an Piarsach Forógra na Poblachta, a chum sé féin den chuid is mó, tar éis do na hóglaigh Ard-Oifig an Phoist a ghabháil. Roghnaíodh é mar Uachtarán ar an bPoblacht. An 29 Aibreán, ghéill Mac Piarais agus daoradh chun báis é ar an 2 Bealtaine. An 3 Bealtaine, ar 3.30 ar maidin, bhí sé ar dhuine den chéad triúr a cuireadh chun báis. 10 11 Pearse, Patrick Henry

Artist: Sheppard, Oliver 1936 Bronze H: 70 x W: 65 Commissioned by State, 1935 ART05106 In February 1935, the Government commissioned Oliver Sheppard RHA (1865 - 1941) to execute a bust of Padraic Pearse for Leinster House. Sheppard, a friend of Pearse and a constant visitor to St. Enda’s was the obvious choice. In 1937 the bronze bust, which is heroic in style with a laurel garland, was completed and placed in the Dáil Chamber in Leinster House. After Sheppard’s death in 1941, his daughter Kathleen Sheppard handed over the plaster model of Pearse and other works to the National Museum. The plaster model was handed back to the Office of Public Works in 1979 for the opening of St. Enda’s school as a museum.

Ealaíontóir: Sheppard, Oliver 1936 Cré-umha A: 70 X L: 65 Arna choimisiúnú ag an Stát, 1935 ART05106 Mí Feabhra 1935, thug an Rialtas coimisiún d’Oliver Sheppard RHA (1865-1941) chun dealbh bhrád de Phádraig Mac Piarais a dhéanamh do Theach Laighean. Ba chara leis an bPiarsach Sheppard agus ba mhinic a thugadh sé cuairt ar Scoil Éanna. Ba é an rogha ab fhearr é, mar sin, chun an dealbh a dhéanamh. Sa bhliain 1937, críochnaíodh an dealbh bhrád chré-umha, a bhfuil stíl laochta ag baint léi agus bláthfhleasc labhrais uirthi, agus leagadh i Seomra na Dála i dTeach Laighean í. Tar éis bhás Sheppard i 1941, thug a iníon Kathleen Sheppard múnla plástair an Phiarsaigh agus saothair eile don Ard-Mhúsaem. Tugadh an múnla plástair ar ais d’Oifig na nOibreacha Poiblí sa bhliain 1979 le haghaidh oscailt Scoil Éanna mar mhúsaem.

11 Ceannt, Éamonn Éamonn Ceannt (1881–1916), revolutionary and Irish-Irelander, was born Edward Thomas Kent on 21 September 1881 in Ballymoe, Glenamaddy, Co. Galway. Ceannt attended the De La Salle National School in Ardee, Co. Louth, CBS in Sunday’s Gate, Drogheda, and O’Connell’s CBS, North Richmond St., Dublin. He joined Sinn Féin in 1907, and was elected to its National Council. He was recruited into the Irish Republican Brotherhood (IRB) in 1911. Ceannt assisted with the production of the IRB newspaper, Irish Freedom. He was a founder member of the Irish Volunteers in November 1913. As captain of ‘A’ company, 4th Dublin Battalion of the Volunteers, he participated in the landing of rifles at Howth and at Kilcoole, Co. Wicklow in 1914. In 1915 he became a member of the IRB Supreme Council, and was appointed to the Military Council that planned the Easter rising. During Easter week his battalion held the South Dublin Union and its outposts. The Union saw some of the insurrection’s bloodiest fighting. He was court-martialled at Richmond Barracks (3–4 May) and was executed on 8 May 1916 by firing squad in Kilmainham Jail.

Ceannt, Éamonn Rugadh Éamonn Ceannt (1881-1916), réabhlóidí agus Éireannach Gaelach, mar Edward Thomas Kent ar an 21 Meán Fómhair 1881 i mBéal Átha Mó, Gleann na Madadh, Co. na Gaillimhe. D’fhreastail Edward ar Scoil Náisiúnta De La Salle i mBaile Átha Fhirdhia, Co. Lú, ar Scoil na mBráithre Críostaí i nGeata Rí an Domhnaigh, Droichead Átha agus ar Scoil na mBráithre Críostaí, Sráid Risteamhan Thuaidh, Baile Átha Cliath. Chuaigh sé le Sinn Féin i 1907, agus toghadh é chuig an gComhairle Náisiúnta. Earcaíodh i mBráithreachas Phoblacht na hÉireann (IRB) é sa bhliain 1911. Chuidigh Ceannt le táirgeadh nuachtán an IRB, Irish Freedom. Bhí sé ina bhall bunaidh d’Óglaigh na hÉireann nuair a bunaíodh iad i mí na Samhna 1913. Mar chaptaen ar chomplacht ‘A’, an Ceathrú Cathlán de na hÓglaigh i mBaile Átha Cliath, ghlac sé páirt i dtabhairt isteach raidhfilí ag Binn Éadair agus ag Cill Chomhghaill, Cill Mhantáin sa bhliain 1914. I 1915, ceapadh mar bhall d’Ard-Chomhairle an IRB é, agus ceapadh ar an gComhairle Mhíleata, a bheartaigh Éirí Amach na Cásca, é. I rith Sheachtain na Cásca, ghabh an cathlán Aontas Bhaile Átha Cliath Theas agus a urphoist. Is san Aontas a bhí cuid den troid b’fhuiltí le linn an Éirí Amach. Tugadh os comhair armchúirte i nDún Risteamhan é (an 3-4 Bealtaine) agus cuireadh chun báis é ar an 8 Bealtaine 1916 le scuad lámhaigh i bPríosún Chill 12 Mhaighneann. 13 Ceannt, Éamonn

Artist: O Murchadha, Domhnall 1961 Bronze H: 65 x W: 34 Commissioned by the State, 1961 ART01167 On 19 June, 1953 the Government instructed the Department of Finance to arrange with the Office of Public Works to have two bronze castings of Éamonn Ceannt made for Leinster House and the National Gallery of Ireland. In 1958 after consultation with the Department of Finance and the National Gallery of Ireland, a selection of sculptors were asked to submit designs. The sculptor John D Bourke was commissioned on 14 June, 1958. On 7 May, 1960 Bourke informed the Office of Public Works that he was unable to complete the work. In October, 1961, two bronze busts of Eamonn Ceannt were completed. The bust was exhibited at the 1961 Oireachtas Art Exhibition. One of the busts was presented to the National Gallery on 5 April, 1963; the other was placed in the Dáil Chamber in July, 1963.

Ealaíontóir: Ó Murchadha, Domhnall 1961 Cré-umha A: 65 X L: 34 Arna choimisiúnú ag an Stát, 1961 ART01167 An 19 Meitheamh 1953, thug an Rialtas treoir don Roinn Airgeadais socrú a dhéanamh le hOifig na nOibreacha Poiblí chun dhá mhúnla cré-umha d’Éamonn Ceannt a dhéanamh, ceann le haghaidh Theach Laighean agus an ceann eile le haghaidh Dhánlann Náisiúnta na hÉireann. Sa bhliain 1958, tar éis dul i gcomhairle leis an Roinn Airgeadais agus le Dánlann Náisiúnta na hÉireann, iarradh ar roinnt dealbhóirí dearaí a chur isteach. An 14 Meitheamh 1958, tugadh coimisiún do John D Bourke. An 7 Bealtaine 1960, dúirt Bourke le hOifig na nOibreacha Poiblí nach raibh sé in ann an saothar a chríochnú. Mí Dheireadh Fómhair 1961, críochnaíodh dhá dhealbh bhrád chré-umha d’Éamonn Ceannt. Taispeánadh an dealbh bhrád ag Taispeántas Ealaíne an Oireachtais sa bhliain 1961. An 5 Aibreán 1963, tugadh dealbh amháin don Dánlann Náisiúnta agus cuireadh an dealbh eile i Seomra na Dála i mí Iúil 1963. 13 Connolly, James (1868–1916), socialist and revolutionary leader, was born in Cowgate, Edinburgh, on 5 June 1868. He attended St Patrick’s Catholic Primary School in Cowgate until 1878. After joining the Independent Labour Party (ILP), Connolly became a trade union organiser in Belfast. In 1913, he was summoned to Dublin to assist Larkin during the lockout and general strike. In 1914, Connolly took over as Acting General Secretary of the defeated Transport Union. At the same time he took over the editorship of the Irish Worker newspaper, as well as being Commander of the Irish Citizen Army. In late 1915 he was approached by the Irish Republican Brotherhood (IRB) and they agreed on a joint uprising. Liberty Hall became the headquarters of the Irish Citizen Army as he prepared it for revolt. He led about two hundred Citizen Army comrades into the Easter rising. As Commandant General of the Republic’s forces in Dublin he fought in the General Post Office, until surrendering on 29 April. He was the last one to be executed by firing squad in Kilmainham Jail on 12 May 1916.

Ó Conghaile, Séamas Rugadh Séamas Ó Conghaile (1868-1916), sóisialach agus ceannaire réabhlóideach, in Cowgate, Dún Éideann ar an 5 Meitheamh 1868. D’fhreastail sé ar Bhunscoil Chaitliceach Naomh Pádraig in Cowgate go dtí 1878. Tar éis dul isteach i bPáirtí an Lucht Oibre Neamhspleách, bhí an Conghaileach ina eagraí ceardchumainn i mBéal Feirste. Sa bhliain 1913, gaireadh é le cuidiú le Séamas Ó Lorcáin i rith an fhrithdhúnta agus na hollstailce. Sa bhliain 1914, tháinig Ó Conghaile i gcomharbacht mar Rúnaí Cúnta Feidhmeach ar an gCeardchumann Iompair, ceardchumann ar buadh orthu san ollstailc. An tráth céanna, ceapadh é ina eagarthóir ar nuachtán an Irish Worker. Ina theannta sin, bhí sé ina Cheannfort ar Arm Cathartha na hÉireann. I ndeireadh 1915, tháinig Bráithreachas Phoblacht na hÉireann (IRB) chuige agus d’aontaigh siad ar éirí amach le chéile. Bhí Halla na Saoirse ina cheanncheathrú d’Arm Cathartha na hÉireann agus an Conghaileach á réiteach le haghaidh an éirí amach. Bhí sé i gceannas ar dhá chéad duine in Arm Cathartha a ghlac páirt in Éirí Amach na Cásca. Mar Ard-Cheannfort ar fhórsaí na Poblachta i mBaile Átha Cliath, throid sé in Ard-Oifig an Phoist, go dtí an géilleadh ar an 29 Aibreán. Ba é an duine deireanach é a cuireadh chun báis, le scuad lámhaigh, i bPríosún Chill Mhaighneann ar an 12 Bealtaine 1916.

14 15 Connolly, James

Artist: Murphy, Seamus 1960 Bronze H: 73 x W: 62 Commissioned by the State, 1959 ART01169 On 19 June, 1953, the Government instructed the Office of PublicWorks to have two portrait busts made of James Connolly for Leinster House and the National Gallery of Ireland, to commemorate the 1916 patriots. On the 20 October, 1959, the Office of Public Works commissioned the sculptor Seamus Murphy (1907 - 1975). On the 20 February, 1960 the clay model was completed by Murphy. James Connolly’s daughter Mrs Nora Connolly O’Brien suggested further alterations when she inspected the model. By 15 March, 1960, Mrs. Connolly O’Brien approved the model. On the 30 November, 1960 two bronze casts were completed and sent to Dublin. The plaster model was presented to the Irish Transport and General Workers Union, Connolly Hall, Cork. One copy of the bust was presented to the National Gallery on 5 April 1963 and the other placed in the Dáil Chamber in July, 1963.

Ealaíontóir: Murphy, Seamus 1960 Cré-umha A: 73 X L: 62 Arna choimisiúnú ag an Stát, 1959 ART01169 An 19 Meitheamh 1953, thug an Rialtas treoir d’Oifig na nOibreacha Poiblí dhá dhealbh bhrád phortráide de Shéamas Ó Conghaile a ordú le haghaidh Theach Laighean agus Dhánlann Náisiúnta na hÉireann chun comóradh a dhéanamh ar thírghráthóirí 1916. An 20 Deireadh Fómhair 1959, thug Oifig na nOibreacha Poiblí coimisiún don dealbhóir Seamus Murphy (1907-1975). An 20 Feabhra 1960, chríochnaigh Murphy an mhionsamhail chré. Mhol iníon Shéamais Uí Chonghaile, Nóra Connolly O’Brien, go ndéanfaí tuilleadh athruithe ar an dealbh nuair a scrúdaigh sí í. Faoin 15 Márta 1960, d’fhaomh Nóra Ní Chonghaile, Bean Uí Bhriain, an tsamhail. An 30 Samhain 1960, críochnaíodh dhá mhúnla cré-umha agus cuireadh go Baile Átha Cliath iad. Tugadh an mhionsamhail phlástair do Cheardchumann Oibrithe Iompair agus Ilsaothair na hÉireann, Halla Uí Chonghaile, Corcaigh. An 5 Aibreán 1963, tugadh cóip amháin den dealbh don Dánlann Náisiúnta agus cuireadh an dealbh eile i Seomra na Dála i mí Iúil 1963. 15 Plunkett, Joseph Mary Joseph Mary Plunkett (1887–1916), poet, journalist, and revolutionary, was born 21 November 1887 at 26 Upper Fitzwilliam Street, Dublin. Following Catholic University School, Leeson St., he briefly attended a Marist school in Paris before Belvedere College, and also had private home tutors. He studied Philosophy for two years at the Jesuits’ Stonyhurst College, Lancashire. Plunkett joined the Irish Volunteers in 1913 and was elected to the Provisional Committee. In December 1914 he was appointed as Director of Military Operations with the rank of Commandant. He utilised the Irish Review to propagandise for the Irish Volunteers. Inducted into the Irish Republican Brotherhood (IRB), Plunkett became the chief strategist in the planning for the Rising. As a member of the Military Council he signed the Proclamation of the Republic and served on the Provisional Government. During the Rising, he served with the headquarters garrison in the GPO. On the evening of 3 May, hours before his execution, Plunkett married Grace Gifford in the chapel of Kilmainham Jail. Plunkett was executed by firing squad on 4 May 1916.

Pluincéad, Seosamh Rugadh Seosamh Pluincéad (1887-1916), file, iriseoir agus réabhlóidí ar an 21 Samhain 1887 in uimhir 26 Sráid Mhic Liam Uachtarach, Baile Átha Cliath. Tar éis dó freastal ar Scoil na hOllscoile Caitlicí, Sráid Líosain, d’fhreastail sé ar feadh tréimhse ghearr ar scoil de chuid na Muireach i bPáras agus ansin ar Choláiste Belvedere. Bhí teagascóirí baile príobháideacha aige freisin. Rinne sé staidéar ar an bhFealsúnacht ar feadh dhá bhliain i gColáiste Stonyhurst na nÍosánach, Lancashire, Sasana. Chuaigh an Pluincéadach isteach in Óglaigh na hÉireann sa bhliain 1913 agus toghadh é ar an gCoiste Sealadach. Mí na Nollag 1914, ceapadh é ina Stiúrthóir ar Oibríochtaí Míleata agus céim Cheannfoirt aige. D’úsáid sé an Irish Review chun bolscaireacht a dhéanamh d’Óglaigh na hÉireann. Tugadh isteach i mBráithreachas Phoblacht na hÉireann (IRB) é agus bhí sé ina príomhstraitéisí le linn an tÉirí Amach a phleanáil. Mar bhall den Chomhairle Mhíleata, shínigh sé Forógra na Poblachta agus bhí sé sa Rialtas Sealadach. I rith an Éirí Amach, bhí sé leis an ngarastún ceanncheathrún in Ard-Oifig an Phoist. Tráthnóna an 3 Bealtaine, cúpla uair an chloig sular cuireadh chun báis é, phós Seosamh Pluincéad Grace Gifford sa séipéal i bPríosún Chill Mhaighneann. Chuir 16 scuad lámhaigh an Pluincéadach chun báis ar an 4 Bealtaine 1916. 17

Plunkett, Joseph Mary

Artist: Grant, Peter 1958 Bronze H: 54 x W: 54 ART01166 On the 6 May, 1958 the Office of Public Works commissioned the sculptor Peter Grant to execute the bust of . In September 1959 the clay model was approved by the Government. In November, 1959, Morris Singer Ltd. completed two bronze castings. One bronze cast was presented to the National Gallery of Ireland on the 5 April, 1963; the other bronze cast was placed in the Dáil Chamber in July, 1963. In 1966, Grant received permission from the Office of Public Works to take a third casting for Belvedere College, Dublin.

Ealaíontóir: Grant, Peter 1958 Cré-umha A: 54 X L: 54 ART01166 An 6 Bealtaine 1958, thug Oifig na nOibreacha Poiblí coimisiún don dealbhóir Peter Grant chun dealbh bhrád de Sheosamh Pluincéad a dhéanamh. Mí Mheán Fómhair 1959, d’fhaomh an Rialtas an mhionsamhail chré. Mí na Samhna 1959, rinne Morris Singer Ltd. dhá mhúnla cré-umha. An 5 Aibreán 1963, tugadh múnla cré-umha amháin don Dánlann Náisiúnta agus cuireadh an múnla cré-umha eile i Seomra na Dála i mí Iúil 1963. Sa bhliain 1966, fuair Grant cead ó Oifig na nOibreacha Poiblí an tríú múnla a dhéanamh le haghaidh Choláiste Belvedere, Baile Átha Cliath.

17 All images courtesy of the Gach íomhá le caoinchead Office of Public Works Oifig na nOibreacha Poiblí

Houses of the Oireachtas Tithe an Oireachtais Kildare Street Sráid Chill Dara Dublin 2 Baile Átha Cliath 2

Phone: 01 618 3000 Guthán: 01 618 3000 Email: [email protected] Ríomhphost: [email protected]