Vol. 758 Wednesday, No. 2 7 March 2012 DÍOSPÓIREACHTAÍ PARLAIMINTE PARLIAMENTARY DEBATES DÁIL ÉIREANN TUAIRISC OIFIGIÚIL—Neamhcheartaithe (OFFICIAL REPORT—Unrevised) Dé Céadaoin, 7 Márta 2012. Visit of Swedish Delegation …………………………… 303 Ceisteanna ó na Ceannairí Taoiseach ………………………………… 303 Order of Business ……………………………… 311 Lá na Gaeilge: Statements …………………………… 320 European Council Meeting: Statements ……………………… 329 Business of Dáil ……………………………… 333 European Council Meeting: Statements (resumed)……………………334 Ceisteanna — Questions Minister for Communications, Energy and Natural Resources Priority Questions …………………………… 349 Other Questions …………………………… 358 Topical Issue Matters ……………………………… 367 Topical Issue Debate JobBridge Scheme……………………………… 367 Human Rights Issues …………………………… 369 Care of the Elderly …………………………… 373 State Airports ……………………………… 375 Euro Area Loan Facility (Amendment) Bill 2012: Second Stage (resumed)……………………………378 Committee and Remaining Stages ……………………… 408 Private Members’ Business Turbary Rights: Motion (resumed) ……………………… 410 Questions: Written Answers …………………………… 433 DÁIL ÉIREANN ———— Dé Céadaoin, 7 Márta 2012. Wednesday, 7 March 2012. ———— Chuaigh an Ceann Comhairle i gceannas ar 10.30 a.m. ———— Paidir. Prayer. ———— Visit of Swedish Delegation An Ceann Comhairle: Before proceeding with business I wish on my own behalf and on behalf of the Members of Dáil Éireann to offer a céad míle fáilte, a most sincere welcome, to a parliamentary delegation from the Swedish Parliament, led by Ms Susanne Eberstein, First Deputy Speaker of the Riksdag. I sincerely hope that you will find your visit enjoyable, success- ful and to our mutual benefit. Ceisteanna ó na Ceannairí Deputy Micheál Martin: I gclár an Rialtais a foilsíodh bliain ó shin, thug an Rialtas gealltanais éagsúla agus ceann acu siúd ná go dtabharfadh sé tacaíocht láidir chun creidmheas a chur ar fáil do chomhlachtaí beaga agus meánmhéide. Anois, bliain ina dhiaidh sin, is oth liom a rá go bhfuil an gealltanas áirithe seo briste ag an Rialtas. Téann sin leis an liosta fada de ghealltanais eile atá briste ag an Rialtas. Tá Banc Ceannais na hEorpa tar éis níos mó na €1 trilliún a chur isteach i gcóras airgeadais an Aontais Eorpaigh. Tá níos mó na 800 banc timpeall na hEorpa tar éis leas a bhaint as an scéim seo. Faraor, go dtí seo, níl comhlachtaí anseo ag fáil leasa ón infheistíocht seo. D’ardaigh mé seo leis an Tánaiste agus leis an Taoiseach an tseachtain seo caite agus is féidir a rá go bhfuil fíor-easpa práinne ag an Taoiseach agus ag an Rialtas faoin ábhar fíor-thábhachtach seo. Tá sé ráite arís agus arís eile ag eagraíochtaí ar nós ISME agus an SFA nach bhfuil creidmheas cuí le fáil ó na bainc. Toisc an easpa creidmheasa seo, tá comhlachtaí ag gearradh siar ar líon na ndaoine atá ag obair leo nó, i gcásanna áirithe, ag dúnadh síos go hiomlán. Tá comhlachtaí beaga ag rá liom gach lá gurb é an easpa creidmheasa an dúshlán is mó atá acu. An dtuigeann an Taoiseach go bhfuil poist á gcailliúint mar gheall ar an easpa creidmheasa seo? Tá sé riachtanach go ndéanfadh an Rialtas rud éigin chun an fhadhb seo a réiteach gan aon mhoill eile. Le déanaí, dúirt Gobharnóir Bhanc Ceannais na hÉireann, Patrick Honohan, go bhfuil coinníollacha creidmheasa in Éirinn níos déine anois ná in aon áit eile sa eurozone ó thaobh costas agus fála de. Fós, áfach, níl an Rialtas ag déanamh aon rud chun an fhadhb a réiteach. Tá a fhios ag gach duine go bhfuair na bainc airgead ón Stát chun creidmheas a chur ar fáil ach níor tharla sin. Nach bhfuil sé in am don Taoiseach agus don Rialtas ord a thabhairt do na bainc bheith níos solúbtha agus creidmheas a chur ar fáil chun comhlachtaí beaga ar fud na tíre a shábháil? 303 Ceisteanna ó 7 March 2012. na Ceannairí The Taoiseach: Ní briste atá gealltanais i dtaobh na deacrachta seo. Tá a fhios ag an Teachta go maith go bhfuil an tAire Post, Fiontar agus Nuálaíochta ag déileáil le Bille chun creidmheas a thabhairt do chomhlachtaí beaga, ní amháin ó thaobh gealltanas dlíthiúil páirteach a thabhairt dóibh ach go mbeadh mion-chomhlacht Stáit curtha ar bun sa dóigh is go mbeadh creidmheas ar fáil do chomhlachtaí an-bheaga atá ag tosú.Tá a fhios ag an Teachta freisin go bhfuil coiste Rialtais bunaithe ar a dtugtar an EMC agus bhí na bainc istigh os comhair an choiste sin i rith na coicíse seo caite. Tá sé leagtha síos ag an Rialtas go mbeidh €3.5 billiúin de chreidmheas nua curtha ar fáil do chomhlachtaíóna bainc. Tá a fhios ag an Teachta, ní amháin ina dháilcheantar féin ach ar fud na tíre, go bhfuil brú ar chomhlachtaí beaga mar gheall ar an nósabhí ag na bainc go mbeadh foirgneamh, talamh nó airgead eile mar collateral chun airgead a fháil sa chéad áit agus ní mar sin atá cúrsaí faoi láthair. Tá a fhios ag an Teachta freisin go bhfuil oifig ann chun iniúchadh a dhéanamh ar na cinntí faoi chreidmheas agus i 50% de na cásanna a thugtar os comhair na hoifige sin, tá an cinneadh aisiompaithe agus tugtar ord an creidmheas a chur ar fáil. Níldóthain comhlachtaí ag dul isteach chuig an oifig sin agus deireann na bainc nach bhuil a dóthain iarratas ag teacht isteach ag lorg creidmheasa sa chéad áit. Bhí mé féin ag caint le bainisteoir bainc an lá cheana a thug airgead sách mór do comhlacht beag. Dúirt mé leis gur cóir go mbeadh na bainc ag caint ar na stáisiúin raidióáitiúla ag tabhairt eolais do comhlachtaí agus ag dul amach chucu ag rá leo go bhfuil airgead acu ón Rialtas agus gur cóir do na comhlachtaí déileáil leo de bharr sin. Is fíor a rááfach, go bhfuil cuid de na comhlachtaí nach bhfuil in ann leagaint amach céard go díreach atá i gceist acu maidir le plean caiteachais don am amach rompu. I gcuid de na cásanna seo, bheadh sé i bhfad níos fearr dá mbeadh plean soiléir agus dáiríre ag na comhlachtaí beaga sula dtéann siad isteach chuig na bainc ar dtús. De réir an eolais atá againn ó na bainc, bíonnn suas le 60% de na comhlachtaí beaga a théann isteach ag iarraidh airgid agus creidmheasa gan plean caiteachais don todhchaí leagtha amach acu. Níl an geallúint briste mar sin. Mar a dúirt mé leis an Teachta Ó Máirtín, tabharfaidh an tAire, an Teachta Bruton, an Bille isteach taobh istigh de chúig nó sé seachtain. Deputy Micheál Martin: Tá an freagra a thug an Taoiseach inniu dochreidte. Deireann sé nach bhfuil dóthain comhlachtaí ag dul chuig an CRO. An fáth nach bhfuil siad ag dul chuig an CRO agus an fáth nach bhfuil siad ag gearáin leis na bainc ná go bhfuil eagla orthu. Tá eagla orthu mar tá na bainc ag cur brú orthu. Deireann na bainc leo gan dul go dtí Teachtaí Dála, gan dul go dtí an CRO agus gan gearánadhéanamh, nó beidh toradh ar sin. Sin atá ag tarlú. Deputy Jerry Buttimer: Céard a rinne sibhse? Deputy Micheál Martin: Tá pleananna soiléire ag na mílte comhlachtaí ar fud na tíre seo. An bun rud ná nach bhfuil aon rud ag tarlú.Cé go ndeireann an Taoiseach go bhfuil €3 billiún curtha isteach, níl an t-airgead sin ag dul go dtí na comhlachtaí beaga agus meánmhéid ar fud na tíre agus tá a fhios sin ag gach Teachta Dála sa Teach. Deputy Jerry Buttimer: Céard a rinne sibhse? Deputy Micheál Martin: Léiríonn freagra an Taoisigh go bhfuil an Rialtas i bhfad ró- neamhghníomhach mar Rialtas, fiú leisciúil ar an ábhar seo. The Taoiseach: Ní mise atá leisciúil. Deputy Micheál Martin: Mar atá ráite ag an Gobharnóir Honohan, tá seans gurb é an easpa creidmheasa bainc an rud is mó a bheidh mar chúis le moill a chur ar an athshlánú eacnamaí- ochta. Sin a deireann sé. Cuirim an cheist ar an Taoiseach arís. Nach bhfuil sé in am anois 304 Ceisteanna ó 7 March 2012. na Ceannairí reachtaíocht a thabhairt isteach agus ordú a thabhairt do na bainc a bheith níos solúbtha agus airgead a thabhairt do na comhlachtaí beaga agus meánmhéid ar fud na tíre? Sin an áit ina bhfuil na postanna agus ina cruthófar postanna sa todhchaí. The Taoiseach: Níl dabht ar bith ann ach gur cóir go mbeadh solúbthacht ann ó thaobh na mbanc de. Céard atá ann fé láthair? Tá ordú tugtha ón Rialtas do na bainc €3.5 billiúnd’airgead nua a chur ar fáil ó thaobh creidmheasa de do comhlachtaí beaga ar fud na tíre i mbliana. Deputy Micheál Martin: Níl sin ag tarlú. The Taoiseach: Bhí na trí bainc istigh roimh choiste Oireachtais coicís ó shin agus an scéal a bhí acu ná go bhfuil sé i gceist acu seo a dhéanamh agus go bhfuil plean leagtha amach chuige sin. Dúirt siad leis an gcoiste go mbeadh siad in ann an cinneadh seo a chomhlíonadh maidir leis an €3.5 billiún a chur ar fáil. Mar ionadaí poiblí, casaim go minic le comhlachtaí beaga. Bhí 300 acu anseo i mBaile Átha Cliath nuair a tháinig Leas-UachtaránnaSíne anseo agus bhí sé i gceist ag gach uile ceann acu infheistíocht a dhéanamh agus cabhair a fháil ó Enterprise Ireland ionas go mbeadh siad in ann déileáil le comhlachtaí sa tSín agus cúrsaí easportála óntírseoaláidriú agus jabanna nua a chruthú. Ba mhaith liom a rá go mbeidh gach rud i gceart ó thaobh creidmheasa a chur ar fáil do comhlachtaí—— Deputy Micheál Martin: Nílsé i gceart. The Taoiseach: ——ach ní mar sin atá sé.Bíodh an Teachta cinnte faoi seo, tá sé i gceist ag an Rialtas na bainc a thabhairt isteach arís chun athbhreithniú adhéanamh ar an bplean a nochtaíodh don choiste an lá cheana agus faoin airgead agus an creidmheas nua a thabhairt do comhlachtaí beaga.
Details
-
File Typepdf
-
Upload Time-
-
Content LanguagesEnglish
-
Upload UserAnonymous/Not logged-in
-
File Pages251 Page
-
File Size-