Paidir Do Bhéal Feirste

Paidir Do Bhéal Feirste

PAIDIR DO BHÉAL FEIRSTE # PAIDIR DO BHÉAL FEIRSTE 1 An chéad chló 2015 © Máirtín Ó Muilleoir Tá Coiscéim buíoch d’Fhoras na Gaeilge as tacaíocht airgeadais a chur ar fáil. Tá Coiscéim buíoch den Chomhairle Ealaíon as tacaíocht airgeadais a chur ar fáil. Gach ceart ar cosaint. Ní ceadmhach aon chuid den fhoilseachán seo a atáirgeadh,a chur i gcomhad athfhála, ná a tharchur ar aon mhodh ná slí, bíodh sin leictreonach, meicniúil, bunaithe ar fhótachóipeáil, ar thaifeadadh nó eile, gan cead a fháil roimh ré ón fhoilsitheoir: Coiscéim, Tigh Bhríde, 91 Bóthar Bhinn Éadair, Páirc na bhFianna, Binn Éadair, Baile Átha Cliath 13. Pictiúr clúdaigh: An tArdmhéara Máirtín Ó Muilleoir le Robert Ballagh. Portráid oifigiúil a chomisiúnaigh Comhairle Bhéal Feirste agus atá anois ar crochadh i Halla na Cathrach. Grianghraf le Ciarán Rooney. Atáirgthe anseo le caoinchead Robert Ballagh. Grianghraif: Dónal McCann; Grúpa Meán Bhéal Feirste Dearadh: Grúpa Meán Bhéal Feirste Clódóirí: Johnswood Press Le fáil ó na siopaí seo: An Siopa Leabhar, An Ceathrú Póilí, An Café Liteartha, Orduithe ó dhíoltóirí leabhar: 6 Sráid Fhearchair, 216 Bóthar na bhFál Daingean Uí Chúise, ÁIS, Baile Átha Cliath 2 Béal Feirste BT12 6AH Contae Chiarraí 31 Sráid na bhFíníní, BÁC 2 Guthán: +353 (0)1 4783814 Guthán: +44 (0)28 9032 2811 Guthán: +353 (0)66 9152204 Guthán: +353 (0)1 6626259 Faics: +353 (0)1 4785428 [email protected] Faics: +353 (0)66 9152205 Faics: +353 (0)1 6612378 [email protected] [email protected] [email protected] 2 Paidir do Bhéal Feirste MÁIRTÍN Ó MUILLEOIR COISCÉIM 3 Sos lóin: An t-ardmhéara ag coisíocht in San Francisco le linn misean trádála teicneolaíochta as Béal Feirste. Grianghraf: Dónal McCann 1 Paidir do Bhéal Feirste 9 2 Seo mar a chuir siad fear ar an ghealach 19 3 By Royal Appointment 25 4 Na Biáide 39 5 Ag scaipeadh an tsoiscéil — gan focail 48 6 Tír sé mhilliún, náisiún 70 milliún 61 7 Coiscéim chun tosaigh 77 8 I dtreo an tsolais 96 9 Pro tanto quid retribuamus 109 10 Laetha mar seo 123 11 Tá an t-am gairid 132 12 Ní stopfar sinn 143 13 Fuinneamh dearfach 154 14 Míorúilt mhargaíochta 169 15 Lá sa chúirt 192 # PAIDIR DO BHÉAL FEIRSTE LEABHAIR EILE LE MÁIRTÍN Ó MUILLEOIR: Comhadh Comhairleora Holy Cow, Sin Ceann Mór Krauts Ceap Cuddles Stró an Ghnó Belfast's Dome of Delight Tá Máirtín Ó Muilleoir ina CTR do Dheisceart Bhéal Feirste i dTionól an Tuaiscirt, ina fhoilsitheoir agus ina fhear gnó. Chaith sé seal ar Chomhairle Bhéal Feirste mar ionadaí ag Sinn Féin ó 1987-1997 agus phill ar an chomhairle in 2011. Bhí sé ina ardmhéara ar Bhéal Feirste idir Meitheamh 2013 agus Meitheamh 2014. Tá cónaí air i mBéal Feirste lena bhean Helen agus tá ceathrar clainne acu, Caoimhe, Tiarnán, Colm agus Fiontán. Do mo shéiplínigh An tUrr Margaret Ferguson (an pobal Modhach) An tUrr Bill Shaw (an pobal Preispitéireach) Rabbi David Singer (an pobal Giúdach) Sheikh Mohammed El Rashidi (an pobal Moslamach) Susan Agathi (an pobal Baha'i) An tAth Des Wilson (an pobal Caitliceach) Ashok Sharma (an pobal Hiondúch) Ryushin Paul Haller (an pobal Búdach) An tUrr John Mann, Déan Bhéal Feirste (pobal Eaglais na hÉireann) An tUrr Harold Agnew (an pobal Modhach) PAIDIR DO BHÉAL FEIRSTE # 1 Paidir do Bhéal Feirste Maidin ghréine Lúnasa agus tá Céad-Saoránach Bhéal Feirste i seid úrthógtha a bhfuil coirnéal di lán spád is málaí caonach móna atá le spré ar na ceapacha glasraí thart orainn sa chuid íochtarach seo de Pháirc Woodvale, Bóthar na Seanchille, Béal Feirste. Tá táblaí picnice tarraingthe le chéile agus lán do dhá shúil de rollóga ispín, ceapairí agus cístí orthu. Tá an 58ú hardmhéara ar Bhéal Feirste na Long ag ithe fillteog sicín is ag ól cupán caife ina aonar; píosa uaidh, tá stiúrthóir páirceanna Chomhairle Bhéal Feirste i ndáil chomhairle le hoifigeach de chuid an PSNI. Tá suaimhneas bréagach taobh istigh — an teannas ag siúl ina chuideachta ach é faoi cheilt. Taobh amuigh, tá scéal eile ar fad ann: drong de mhná agus d’fhir as an phobal dhílseach agus iad cruinn le hionsaí a dhéanamh ar an ardmhéara de chuid Shinn Féin ach iad a bheith abálta theacht air. Tá meirgí réamhullmhaithe acu — ‘Martin Millar Terrorist’, ‘Go Home Martin Millar’ — agus bratach mhór a fhógraíonn ‘ceart’ na bhfear buí siúl thart le mórcheantar Caitliceach Ard Eoin ar an Dóú Lá Déag. Tá idir 50 is 100 duine sa daoscarshlua agus iad ag iarraidh spléachadh a fháil ar an mhéara seo a tháinig ina measc lena dhualgais a chomhlíonadh i ndiaidh dó páirc den déanamh chéanna a oscailt, uair an chloig roimhe sin, ar Bhóthar na bhFál, dúiche náisiúnach atá míle ar shiúl ar an taobh eile de bhalla síochána sa chathair scoilte seo. 9 MÁIRTÍN Ó MUILLEOIR Is mise an t-ardmhéara sin agus tá mé ag fanacht as an bhealach sa tseid agus ag meabhrú ar cad é mar a leaindeáil mé mé féin sa phraiseach seo. D’fhéadfainn dul siar 400 bliain go díreach, chuig bunú Bhéal Feirste sa Phlandáil, nó fiú go dtí 1690 nó 1969, blianta corracha coimhlinte, ach is leor inniu dul siar go dtí an cinneadh, an tseachtain roimhe, páirt a ghlacadh in oscailt oifig- iúil pháirceanna Woodvale agus Dunville i ndiaidh go ndearnadh forbairtí suntasacha iontu. Ní go réidh a shiúlann an t-ardmhéara isteach i gceantair láidre dhílseacha atá ag brúchtadh le fearg de dheasca bhaint anuas bhratach na Ríochta Aontaithe ó Halla na Cathrach, Nollaig 2012. Go háirithe ceantar ar nós na Seanchille a bhfuil an UVF agus a shoiscéal frith-phróiseas síochána i réim ann. Ach bhí geallúint tugtha agam nuair a ceapadh mé ar 2 Meitheamh 2013 go mbeinn i mo mhéara don uile dhuine agus ní féidir a bheith i do mhéara, fiú ar chathair ghonta, gan taisteal ar fud na cathrach céanna sin. Ach tugann gach polaiteoir geallúintí den chineál sin agus ag an phointe seo, ba thrua liom nár chuir me le m’fhocal ag tais- peántas rósanna de chuid an Rotary Club áit éigin eile seachas anseo i bPáirc Woodvale os comhair lucht na mbratach. Mar sin féin agus iad ag beartú an imeachta seo, chinn foireann chomhairleach an ardmhéara go mbeadh sé lán-sábháilte. Bhí roinnt cúiseanna leis sin: bhí aontaithe idir an dá mhórpháirtí i Halla na Cathrach, an DUP agus Sinn Féin, gur le chéile a d’osclódh siad forbairtí nua den chineál sin agus bheadh aire de chuid an DUP, Nelson McCausland, i gcuideachta na cuideachta chomh maith leis an Bhardasach Gavin Robinson ón DUP a bhí i bhfeighil choiste infheistíochta na comhairle. Is fíor, áfach, nuair a ba léir nach ngéillfeadh an t-ardmhéara do na hiarrachtaí agus do na bagairtí a rinneadh le tabhairt air ligean don DUP an pháirc a oscailt, gur seoladh litir chuig stiúrthóir na bpáirceanna, cúpla lá roimh an oscailt, ag maíomh gur ‘achasán’ do phobal na Seanchille a bheadh ann dá bhfreastalódh an méara ar an ócáid, ach níor chuir oifigigh chomhairle ná póilíní mórán sonrú ann. Thairis sin, ag cruinnithe faisnéise le stiúrthóir na bpáirceanna, tugadh le fios go raibh an PSNI cinnte de nach mbeadh trioblóid 10 PAIDIR DO BHÉAL FEIRSTE I gcuideachta an Aire Nelson McCausland i bPáirc Dunville ar 6 Lúnasa 2013 ag an oscailt oifigiúil den pháirc athdheisithe. Uair an chloig níos moille, ionsaíodh an t-ardmhéara i bpáirc athdheisithe Woodvale. Ní raibh an tAire le feiceáil nuair a bhí an t-ardmhéara á ionsaí ag Woodvale. Grianghraf: Grúpa Meán Bhéal Feirste ann. Is fíor gur athraigh an dearcadh sin beagán agus an grúpa traspháirtí ag oscailt Pháirc Dunville an mhaidin sin — dúradh gur síleadh anois go mbeadh agóid shíochánta ann ag mná na Seanchille — ach bhí giúmar maith ar achan duine. Ag Páirc Dunville, cuireadh fáilte Uí Cheallaigh roimh na hAontachtaithe, agus chaith siad tamall fada ag labhairt leis na meáin agus le pobal na háite faoi na háiseanna nua sa pháirc. Níor lig an pobal a dhath orthu ach thuig siad go raibh sé tábhachtach go gcaithfí go forbhfáilteach le polaiteoirí as traidisiún eile. Mar sin nuair a bhog an carbhán i dtreo na Seanchille roimh a haon, bhíothas dóchasach go fóill go mbeadh oscailt Pháirc Woodvale gan trioblóid. Leoga, agus muid ag tiomáint isteach sa pháirc álainn thart le triúr péas agus iad ag caitheamh a léinte bána samhraidh faoina muinchillí gairide, dúirt mé le Sue Corbett, an t-oifigeach preasa a bhí sa limo oifigiúil liom, “tá mothú maith agam fá seo”. Ar fud na páirce, bhí daoine ina luí sínte nó ag imirt 11 MÁIRTÍN Ó MUILLEOIR Cuireadh fáilte mhór roimh peile nó ag súgradh le leanaí. Scamall dubh ná scamall dubh ní pholaiteoirí as an iomad páirtí nuair a osclaíodh Páirc Dunville ar 6 Lúnasa raibh le feiceáil. 2013. I measc na n-aontachtaithe, bhí Ar mhaithe le bheith slán, bogadh an searmanas oifigiúil Gavin Robinson (an dara duine ón oscailte go dtí seid in aice leis na cuibhrinn, foirgneamh beag a chlé), a rinne iarracht cuidiú leis an ardmhéara nuair a ionsaíodh é i raibh sconsa thart air. Agus muid ag druidim leis an tseid, chonaic bPáirc Woodvale, agus an tAire mé baicle de mhná ag bailiú agus bratach ar iompar acu. Stopadh Nelson McCausland (fear féasógach). Grianghraf: Grúpa Meán Bhéal Feirste an carr nuair a shroich sé na mná ach go fóill féin, bhí atmaisféar samhraidh ann — bhí ar an ardmhéara a bheith ann agus bhí ar an mhuintir sin agóid a dhéanamh; gach taobh mar a oileadh é. D’fhan muid go socair sa charr, fiú agus líon na n-agóideoirí ag méadú, iad ag béicíl is ag batráil an chairr ó am go chéile, go dtí gur chinn an PSNI nárbh fhéidir an carr a thiomáint isteach agus gurbh fhearr don ardmhéara siúl ón ghluaisteán go dtí láthair an tsearmanais.

View Full Text

Details

  • File Type
    pdf
  • Upload Time
    -
  • Content Languages
    English
  • Upload User
    Anonymous/Not logged-in
  • File Pages
    196 Page
  • File Size
    -

Download

Channel Download Status
Express Download Enable

Copyright

We respect the copyrights and intellectual property rights of all users. All uploaded documents are either original works of the uploader or authorized works of the rightful owners.

  • Not to be reproduced or distributed without explicit permission.
  • Not used for commercial purposes outside of approved use cases.
  • Not used to infringe on the rights of the original creators.
  • If you believe any content infringes your copyright, please contact us immediately.

Support

For help with questions, suggestions, or problems, please contact us