Conference Papers Cover FNL.qxp_Layout 1 17/06/2016 16:54 Page 1 An Tumoideachas: Bua nó Dua? Tumoideachas: An An Tumoideachas: Bua nó Dua? An Tumoideachas: Curtha in eagar ag T.J. Ó Ceallaigh agus Muiris Ó Laoire Bua nó Dua? Tá 19 n-alt phiarmheasúnaithe sa leabhar seo atá curtha in eagar ag T.J. Ó Ceallaigh agus Muiris Ó Laoire. Tá na hailt bunaithe ar chuir i láthair a rinneadh ag an gCéad Chomhdháil Taighde Uile-Oileánda ar an Tumoideachas a bhí ar siúl i gColáiste Mhuire gan Smál, Ollscoil Luimnigh, 15-16 Bealtaine 2015. Léirítear sna páipéir seo scoth an taighde agus an chleachtais a bhaineann le gnéithe éagsúla den tumoideachas teanga. Cuireann na húdair taighde nua i láthair agus déanann siad a machnamh ar na féidearthachtaí atá ann leis an oideolaíocht agus na beartais i réimse an tumoideachais a neartú. Cuntas cuimsitheach é atá sothuigthe mar sin féin, agus tabharfar suntas do na hailt i measc múinteoirí, taighdeoirí, oideoirí múinteoirí, lucht deartha curaclaim agus lucht déanta beartas atá ag obair i gcomhthéacsanna oideachais teangacha agus ag plé leo sin. Deis atá sa leabhar chun idirphlé tuisceanach thar chomhthéacsanna éagsúla agus malartuithe eolais a chur ar bun. Teistiméireachtaí ón gCéad Chomhdháil Taighde Uile-Oileánda ar an Tumoideachas Opportunities such as these to gather and share new research, perspectives, and ideas are critical for the field and for the continued success and growth of Irish-medium education in Ireland and language immersion education across the globe. The energy and excitement of this international immersion community is palpable. Diane J. Tedick, (Aoi-chainteoir na comhdhála) Ollamh in Oideachas an Dara Teanga in Ollscoil Minnesota, Na Stáit Aontaithe I heartily congratulate the many individuals and institutions whose collaborative efforts have worked to shape an outstanding program for Ireland's First All-Ireland Research Conference on Immersion Education. This exchange of research knowledge and teaching practice will play a crucial role in supporting high-quality program implementation and strengthening the Irish immersion language and community. Tara W. Fortune (Aoi-chainteoir na comhdhála) Lárionad an Ard-Taighde ar Shealbhú Teanga, Ollscoil Minnesota, Na Stáit Aontaithe Páipéir roghnaithe ón gCéad Chomhdháil Taighde Uile-Oileánda Eagarthóirí: ar an Tumoideachas T.J. Ó Ceallaigh agus Muiris Ó Laoire 15-16 Bealtaine 2015 Coláiste Mhuire gan Smál, Ollscoil Luimnigh, Éire Eagarthóirí: T.J. Ó Ceallaigh agus Muiris Ó Laoire Conference Papers Cover FNL.qxp_Layout 1 17/06/2016 16:54 Page 2 An Tumoideachas: Bua nó Dua? Conference Book PAPERS FNL.qxp_Layout 1 17/06/2016 10:46 Page 5 An chéad eagrán 2016 © Coláiste Mhuire gan Smál, An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, Institiúid Teicneolaíochta, Trá Lí, Gaelscoileanna Teoranta, Foras na Gaeilge agus Comhairle na Gaelscolaíochta ISBN: 978-0-9572986-8-2 Gach ceart ar cosaint. Ní ceadmhach aon chuid den fhoilseachán seo a atáirgeadh, a chur i gcomhad athfhála, ná a tharchur ar aon mhodh, bíodh sin leictreonach, meicniúil, bunaithe ar fhótachóipeáil, ar thaifeadadh nó eile, gan cead a fháil roimh ré ón bhfoilsitheoir. Eagarthóirí an tionscadail: T.J. Ó Ceallaigh agus Muiris Ó Laoire Dearadh agus leagan amach: AViD Graphic Design Ltd Coláiste Mhuire gan Smál, An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, Institiúid Teicneolaíochta, Trá Lí, Gaelscoileanna Teoranta, Foras na Gaeilge agus Comhairle na Gaelscolaíochta a mhaoinigh an tionscadal GPS Colour a chlóbhuail in Éirinn Tá an leabhar seo ar fáil go digiteach ar: www.tumoideachas2015.ie agus www.cogg.ie Chun an foilseachán seo a lua: Ó Ceallaigh, T.J. & Ó Laoire, M. (eag.). (2016) An Tumoideachas: Bua nó Dua? An Chéad Chomhdháil Taighde Uile-oileánda ar an Tumoideachas: Imeachtaí Comhdhála. Baile Átha Cliath: An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta. Conference Book PAPERS FNL.qxp_Layout 1 17/06/2016 10:46 Page i i Conference Book PAPERS FNL.qxp_Layout 1 17/06/2016 10:46 Page ii BUÍOCHAS Ní fhéadfaí an leabhrán seo a fhoilsiú gan an tacaíocht fhial a thug an iliomad daoine dúinn. Is mian le heagarthóirí an tionscadail buíochas ó chroí a ghabháil le comhpháirtithe na comhdhála as an gcabhair airgeadais, as an treoir agus as an tacaíocht a thug siad dúinn. Táimid go mór faoi chomaoin ag na daoine seo a leanas ach go háirithe: An tOllamh Michael A. Hayes, Uachtarán, Coláiste Mhuire gan Smál (CMgS), an tOllamh Teresa O’Doherty, Déan an Oideachais, CMgS, agus an tUas. Seán de Brún, Ceann Roinne, an Roinn Teanga, Litearthachta agus Matoideachais, CMgS; An tUas. Dónal Ó hAiniféin, Cathaoirleach, agus comhaltaí boird na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta; Aisling Sharkey, Ceann Roinne, Roinn na nEolaíochtaí Sóisialta, Institiúid Teicneolaíochta Thrá Lí; An tUas. Cathnia Ó Muircheartaigh, Cathaoirleach, agus comhaltaí boird Gaelscoileanna Teo.; An tUas. Liam Ó Maolmhichíl, Cathaoirleach, agus comhaltaí boird Fhoras na Gaeilge; An tUas. Caoimhín Ó Peatáin Cathaoirleach, agus comhaltaí boird Chomhairle na Gaelscolaíochta. Tá na heagarthóirí fíorbhuíoch as an gcabhair a thug go leor daoine dúinn agus as an obair a rinne siad chun go mbeadh rath ar an leabhrán seo. Go háirithe, ba mhaith linn buíochas a ghabháil le Muireann Ní Mhóráin, Chris McDowell agus Avid Design. Gabhaimid mórbhuíochas ó chroí leis na húdair ar fad a roinn a gcuid taighde linn go fial. Prof. Michael A. Hayes ii Conference Book PAPERS FNL.qxp_Layout 1 17/06/2016 10:46 Page iii CLÁR NA nÁBHAR Buíochas ii Brollach: An Tumoideachas in Éirinn: Bua nó Dua? v T.J. Ó Ceallaigh agus Muiris Ó Laoire Ag plé le rigor mortis teangeolaíochta: Dearcthaí agus cleachtais mhúinteoirí an tumoideachais 2 T.J. Ó Ceallaigh Cur chuige ionduchtach-follasach agus múineadh na gramadaí 14 Aisling Ní Dhiorbháin An straitéis litearthachta in iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge: Cad is ciall le litearthacht san earnáil 22 seo agus cad iad na dúshláin? Brendan Mac Mahon, Seán Ó Grádaigh & Sinéad Ní Ghuidhir Foghlaimeoirí éifeachtacha na Gaeilge: Táid ann ach táid gann! Ról na foghlama comhtháite agus teangacha 30 (FCÁT) i gcothú na dea-foghlama i gcás na Gaeilge Karen Ní Chlochasaigh Scileanna teanga a fheabhsú i bpáistí ar ardchaighdeán Gaeilge: Scagadh ar na dea-chleachtais atá i bhfeidhm 41 i ngaelscoileanna Elaine Ní Longaigh Towards a global humanistic and holistic concept for teaching and learning L2 in immersion contexts 54 I dtreo coincheap iomlánaíoch maidir le teagasc agus foghlaim T2 i gcomhthéacsanna tumoideachais 61 María-Teresa del-Olmo-Ibáñez agus Antonio Díez Mediavilla Tionchar an chur chuige scéalaíochta ar shealbhú agus ar fhorbairt Ghaeilge labhartha na naíonán i suíomh 68 gaelscoile Lisa Ní Chearnaigh Language use = Language as communication + Language as carrier of culture 83 Úsáid teanga = Teanga mar mhodh cumarsáide + Teanga mar iompróir an chultúir 90 Áine Furlong An bhearna idir an teanga agus an t-ábhar a dhúnadh sa tumoideachas: Cur chuige bunaithe 97 ar staidéar ceachta T.J. Ó Ceallaigh, Aisling Leavy agus Mairéad Hourigan iii Conference Book PAPERS FNL.qxp_Layout 1 17/06/2016 10:46 Page iv An fhoghlaim chomhtháite ábhar agus teangacha: Scéal dhá scoil 106 Sinéad Ní Ghuidhir Cad é mar a chothaítear sealbhú agus úsáid éifeachtach theanga na bhfoinsí stairiúla i measc 115 dhaltaí EC3 i meánscoil lán-Ghaeilge? Fearghal Mac Bhloscaidh Tumoideachas agus FCÁT (Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha) i gcomhthéacs 124 mhúineadh na Gaeilge i gcóras oideachais na hÉireann Muiris Ó Laoire An Gaeloideachas: aistear fáis agus forbartha 132 Seán Ó Cathalláin, Gabrielle Nig Uidhir agus Pádraig Ó Duibhir Tionchar na scoileanna lán-Ghaeilge ar chruthú nuachainteoirí gníomhacha Gaeilge 142 Pádraig Ó Duibhir, Laoise Ní Thuairisg, Gabrielle Nig Uidhir agus Seán Ó Cathalláin Ag aistriú ón naíonra chun na gaelscoile: beartas oideachais teanga 153 Máire Mhic Mhathúna agus Fiona Nic Fhionnlaoich Gaelscoileanna and dyslexia: A review of literature 163 Gaelscoileanna agus an disléicse: Léirbhreithniú ar an litríocht ar an ábhar 172 Máire-Áine Ní Chinnéide Cleachtas múinteoirí i gcomhair measúnú ranga i suíomhanna bonnchéime na gaelscolaíochta 181 Eibhlín Mhic Aoidh An t-eolas gairmiúil agus na scileanna teanga a theastaíonn ó mhúinteoirí gaelscoile le cur chuige 191 fónaice sa Ghaeilge a fheidhmiú Seán Mac Corraidh Tionlacan isteach sa ghairm i suíomh gaelscolaíochta: An comhrá iar-cheachta idir an meantóir 202 agus an múinteoir nua Cathal de Paor Aguisín: Achoimre ar na heipeasóidí sa chruinniú 209 Próifílí na nÚdar 210 An Chéad Chomhdháil Taighde Uile-Oileánda ar an Tumoideachas: Imeachtaí Comhdhála 215 iv Conference Book PAPERS FNL.qxp_Layout 1 17/06/2016 10:46 Page v BROLLACH: AN TUMOIDEACHAS IN ÉIRINN: BUA NÓ DUA? T.J. Ó Ceallaigh agus Muiris Ó Laoire Eagarthóirí 1. RÉAMHRÁ Tá léargas san imleabhar seo ar threochtaí reatha taighde ar an tumoideachas i gcomhthéacs uile-oileánda na hÉireann. Ní beag atá saothraithe ar fud na cruinne i ngort taighde an tumoideachais cheana féin. Tá aird tarraingthe ag an taighde idirnáisiúnta seo le daichead bliain anuas ar fhiúntas sochtheangeolaíoch agus oideachasúil agus ar thairbhe dhaonna an tumoideachais. Ní nach ionadh go bhfuil an taighde idirnáisiúnta seo á ríomh go minic abhus mar chrann taca le bonn eolaíoch a chur faoin réasúnaíocht agus faoi na cleachtais atá mar dhlúth agus inneach an tumoideachais. Ní mór, mar sin féin, ceist a ardú faoi ábharthacht an taighde idirnáisiúnta seo a ríomhtar go minic i gcás chomhthéacsanna agus chúinsí náisiúnta agus logánta an oideachais sa tír seo. Ní féidir talamh slán a dhéanamh de, mar sin, go bhféadfaí beothátail a bhaint as an taighde idirnáisiúnta chun é a chur in oiriúint scun scan do chomhthéacs na Gaeilge. Ní mór gach toisc thábhachtach idirdhealaitheach a chur san áireamh, m.sh. cultúr, stádas sochtheangeolaíoch na teanga (teangacha domhanda ar nós na Fraincise ab ábhar staidéir don tumoideachas – nach ionann iad agus mionteangacha eile), acmhainní, meon agus ról na bhforas stáit, sula bhféadfaí an taighde idirnáisiúnta a úsáid mar mhúnla a oireann don oideachas sa tír.
Details
-
File Typepdf
-
Upload Time-
-
Content LanguagesEnglish
-
Upload UserAnonymous/Not logged-in
-
File Pages232 Page
-
File Size-