L, O, ff 6 I Eagarthóireacht Phádraig Mhic Phiarais ar an gClaidheamh Soluis le Regina Uí Chollatáin B.Ed. Mórthráchtas M.A. le cur faoi bhráid Roinn na Nua - Ghaeilge Coláiste Phádraig Má Nuad Iúil 1998 Ceann na Roinne: An tOllamh Ruairí Ó hUiginn Stiúrthóir: Aisling Ni Dhonnchadha Clár Achoimre vii Notai Buiochais x Noda xi Réamhrà xii CaibidiI a hAon: 1 Pádraig Mac Piarais agus an Claidheamh Soluis 1.1 Pádraig Mac Piarais - an duine 2 1.2 An Claidheamh Soluis 18 CaibidiI a Dó: 28 Eagarthóir 2.1 Tús a thréimhse eagarthóireachta 28 2.2 Na modhanna a d'úsáid an Piarsach chun a chuspóiri a ch u r i b h fe id h m 30 2.2.1 Iris go Nuachtàn 32 2.2.2 An bhéim ar Ghaelú an nuachtain chun athbheochan na tíre agus na teanga a chur chun cinn 48 Ü 2.2.3 An tEagarthóir é féin: Na buanna eagarthóireachta a tháinig chun cinn i rith a thréimhse eagarthóireachta 55 Caibidil a Tri: 60 Oideachas 3.1 An léargas a fhaightear ar fhealsùnacht oideachais an Phiarsaigh 60 Oideachas Gaelach Náisiúnta 60 A pholasai sa CS chun a fhealsùnacht a chur i bhfeidhm 67 3.2 An tuiscint a léiritear sa CS ar stàid oideachais na hÉireann ó 1903 - 1909: 70 Bunoideachas 70 Meàno ideachas 76 Ardoideachas 79 Caibidil a Ceathair: 90 Litriocht (agus na hEalaiona eile) 4.1 Fealsùnacht liteartha an Phiarsaigh 90 4.2 An dui chun cinn a rinne an Piarsach ó thaobh litriocht na hÉireann a chur os comhair léitheoiri an CS i rith a thréimhse eagarthóireachta 101 4.3 An léargas a fhaightear ar Ealaiona na hÉireann ó 1903 - 1909 sa CS 108 iii Caibidil a Cúig: 110 An Teanga 5.1 Teoiric ar fheidhm Theanga 110 5.2 Dátheangachas 111 5.3 An ceangal idir Teanga agus Náisiún 115 5.4 Cur i bhfeidhm na teoirice faoin gceangal idir Teanga agus Náisiún 117 Caibidil a Sé: 124 Conradh na Gaeilge 6.1 An tacaiocht, an spreagadh agus an chomhairle a thug an Piarsach do lucht léitheoireachta an CS chun fealsúnacht an Chonartha a chur i bhfeidhm 124 6.2 An obair a rinne an Piarsach mar eagarthóir an CS, a r so n an Oireachtais agus ar son na bhféilte a ceiliúradh i rith na b lia n a 131 6.3 An pháirt ghníomhach a ghlac Pádraig M ac Piarais, mar eagarthóir an CS i gcúrsaí polaitíochta, i gcúrsaí airgeadais agus i gconspóidí an Chonartha 136 Caibidil a Seacht: 145 r Tir na hEireann 7.1 Tuairimiocht an Phiarsaigh ar Éirinn 145 7.2 Cúrsaí Eacnamaíochta 149 iv 7.3 Cúrsaí Sóisialta 157 7.4 Cúrsaí Polaitíochta 170 7.5 Cúrsaí Creidimh 173 Caibidil a hOcht: 178 Conclúidí 8.1 An dóigh a ndeachaigh an Piarsach i ngleic le Gaelú na hÉireann agus an droichead a thóg sé idir muintir na Gaeltachta, agus gnáthmhuintir na hÉireann 181 8.2 An léargas a thug an Piarsach ar shaol na hÉireann agus a fheiliúnaí is atá an tuairimíocht a bhí aige ar chúrsaí na hÉireann don lá atá inniu ann 182 8.3 An léargas a fhaightear ar mheon an Phiarsaigh féin mar dhuine agus mar eagarthóir nuair a bhí sé i mbun eagarthóireachta 193 Tagairtí 197 Aguisíní: Aguisín a hAon 236 AguisínaDó 261 Aguisín a Tri 268 Aguisín a Ceathair 312 Aguisín a Cúig 317 V Aguisín a Sé 323 Aguisín a Seacht 338 Leabharliosta 344 vi Achoimre Sa tráchtas seo, pléadh an léargas a fhaightear ar mheon Phádraig M hic Phiarais agus é ina eagarthóir ar an gClaidheamh Soluis. I réamhrá an tráchtais, gheofar forbairt ar chuspóirí, ar mhodh oibre, ar ábhar an tráchtais, ar phointí eolais ar leith agus ar phríomhábhar na hachoimre seo. Chun treo na hoibre agus leagan amach na gCaibidlí a shoiléiriú, cuireadh réamhrá le gach caibidil. I gCaibidil a hAon pléadh (i) saol an Phiarsaigh agus tionchar a shaoil ar a thréimhse eagarthóireachta (ii) bunú an CS agus tábhacht an nuachtáin in Éirinn ag an am Pléadh forbairt eagarthóireachta an CS agus forbairt an eagarthóra féin - Pádraig Mac Piarais i gCaibidil a Dó. Gheofar léargas ar fhealsúnacht oideachais an Phiarsaigh mar a léiritear í sa CS i gCaibidil a Trí. Gheofar léargas ar an seasamh a ghlac Pádraig Mac Piarais mar eagarthóir ar pháipéar oifígiúil an Chonartha, ar bhunoideachas, ar mheán oideachas agus ar ardoideachas na hÉireann sa chaibidil seo. Rinne an Piarsach an - obair ar son chur chun cinn litríocht na hÉireann agus é i mbun eagarthóireachta ag tús an chéid. Pléadh an dul chun cinn seo agus dearcadh an Phiarsaigh ar litríocht agus na healaíona mar a léiritear é sa CS i gCaibidil a Ceathair. Ba é tuairim Phádraig Mhic Phiarais go raibh dlúthcheangal idir Teanga agus náisiúntacht agus rinne sé sár - iarracht teoiric an Dátheangachais a fhorbairt. Tá tuiscint na dteoiricí seo pléite i gCaibidil a Cúig. I gCaibidil a Sé pléadh an pháirt ghníomhach a ghlac an Piarsach i ngníomhaíochtaí Chonradh na Gaeilge. Léiríodh fosta gurbh i ceann de phríomhaidhmeanna an Phiarsaigh mar eagarthóir an pháipéar oifigiúil an Chonartha ná fealsúnacht an Chonartha a chur os comhair léitheoirí an pháipéir. Phléigh an Piarsach an - chuid gnéithe de shaol na Éireann i rith a thréimhse eagarthóireachta. Gheofar léargas ar mheon an Phiarsaigh ar chúrsaí eacnamaíochta, chúrsaí sóisialta, chúrsaí polaitíochta agus chúrsaí creidimh na hÉireann i gCaibidil a Seacht. Tar -éis dom mo chuid taighde a chur díom ba léir gur eagarthóir den chéad scoth ab ea Pádraig Mac Piarais agus gur thréimhse thábhachtach, fhorbartha i saol an Phiarsaigh féin ab ea a thréimhse eagarthóireachta. Déanfar pié ar an tuiscint a fhaightear ar an dea - obair a rinne Pádraig Mac Piarais maidir le Gaelú na hÉireann agus ar an léargas a fhaightear ar shaol na tíre agus ar an bPiarsach féin de thoradh an tsaothair seo, i gConclúidí an tráchtais i gCaibidil a hocht. Is buntaighde i an obair seo agus bhí sé riachtanach tuilleadh eolais a chur le corp na hoibre, sé sin, caibidlí an Tráchtais, chun eolas cruinn, cothrom a fháil ar ábhar an taighde. De dheasca sin, tá fiúntas agus tábhacht ar leith ag baint le hAguisíní an Tráchtais agus is fiú aird a dhíriú orthu chun tréimhse eagarthóireachta an Phiarsaigh i gcomhthéacs ábhar an nuachtáin a thuiscint i gceart. ix Notai Buiochais Ba mhaith liom fiorbhuiochas a ghabhàil (i) le Roinn na Nua-Gaeilge, Colàiste Phàdraig, M a Nuad as an tacaiocht a tugadh dom le linn mo chuid taighde (ii) le foireann na leabharlainne i gColàiste Phàdraig, M a Nuad as an cabhair a tugadh dom i rith na hoibre seo (ii) leis na daoine a chuidigh liom àbhar a bhailiu agus eagar a chur ar an tràchtas seo: An tAthair Cathal Ó Fearraigh, Clàr Ni Fheabhaill ( a chuidigh liom leis an gclóscribhneoireacht), Seàn M ac Mathuna, Ard - Runai, Conradh na Gaeilge, B.A.C. agus Iarsmalann an Phiarsaigh, B.À.C. (a chuir tuairisci agus àbhar breise ar fàil dom). (iii) le Bord Bainisteoireachta, Scoil Bhride, Portlaoise as an sintius airgid a tugadh dom chun cuidiu le costaisi an tràchtais. Gabhaim buiochas ar leith leis an Ollamh Ruairi Ó hUiginn, Ollamh le Nua - Gaeilge, Colàiste Phàdraig, M à Nuad as an spreagadh a thug sé dom agus mé ag tosù ar an saothar seo. Gabhaim fior bhuiochas ó chroi le Aisling Ni Dhonnchadha, Roinn na Nua - Ghaeilge, Colàiste Phàdraig, M à Nuad a threoraigh mé agus a chuidigh liom i ngach gné den tràchtas seo. Ba mhór an misneach agus an inspioràid a thug Aisling dom i rith na hoib re. A bhuiochas do thacaiocht, fhoighne agus spreagadh mo chlainne, Declan, Donnchadh agus Màire, a d'éirigh liom an taighde agus an saothar seo a chriochnu. Noda An Claidheamli Soluis CS Fainne an Lae FL xi RÉAMHRA Rinne Pádraig M ac Piarais eagarthóireacht ar an g Claidheamh Soluis (CS) ó 1903-1909. Sa tráchtas seo, pléifear na haidhmeanna a chuir an Piarsach os a chomhair, an modh eagarthóireachta a d’úsáid sé chun na h-aidhmeanna sin a chur i bhfeidhm agus an dearcadh a léirigh sé ar an - chuid gnéithe de shaol na hÉireann ag tús an chéid. Is é cuspóir an tráchtais ná: (i) an léargas a fhaightear ar mheon an Phiarsaigh a phlé (ii) an obair a rinne sé ar son Ghaelú na hÉireann, mar eagarthóir ar pháipéar oifígiúil an Chonartha, a léiriú (iii) na modhanna ar bhain sé úsáid astu chun droichead a thógáil idir muintir na Gaeltachta, muintir na gcathracha agus gnáthmhuintir na hÉireann, a chíoradh (iv) a fheiliúnaí is ata tuairimíocht an Phiarsaigh ar chúrsaí na hÉireann don lá atá inniu ann, a scrúdú. Modh Oibrc: Chun tuiscint shásúil a fháil ar na hábhair uilig a pléadh sa CS, caithfear trí rud a chur san áireamh: (a) saol an Phiarsaigh féin agus an tionchar a bhí ag a thaithí féin ar a thréimhse eagarthóireachta (b) bunú agus forbairt an nuachtáin-an CS (c) cúlra staire na linne a raibh an Piarsach ina eagarthóir ar an CS. Caibidlí an Tráchtais: De thoradh mo chuid taighde, ba léir gurbh é príomhchúram an Phiarsaigh agus é i mbun eagarthóireachta ná athbheochan na Gaeilge chun Gaelú na hÉireann agus forbairt na hÉireann a chur chun cinn. Bhí an - bhaint idir an teanga agus an - chuid gnéithe de shaol na hÉireann i rith a thréimhse eagarthóireachta agus ba mhór a thionchar, mar eagarthóir ar an CS, ar chúrsaí teanga agus ar ghnáthshaol na linne. Shocraigh mé ar phríomhábhair an nuachtáin a roinnt suas sna caibidlí mar (i) ba iad na gnéithe ba thábhachtaí agus ba éifeachtaí i bhforbairt an CS mar nuachtán oifigiúil an Chonartha agus (ii) bhí baint ar leith ag an bPiarsach leis na hábhair chéanna.
Details
-
File Typepdf
-
Upload Time-
-
Content LanguagesEnglish
-
Upload UserAnonymous/Not logged-in
-
File Pages365 Page
-
File Size-