Bord na Gaeilge Coláiste na hOllscoile Corcaigh TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2003 - 2004 CLÁR 1. Tuarascáil Bhliantúil - Leagan Gaeilge 1.1 Réamhrá 1.2 Mioneolas 2. Annual Report - English Version 2.1 Preamble 2.2 Statistics 3. Riar Gnóthaí 3.1 Ballraíocht an Bhoird 3.2 Ballraíocht Choiste Gnó an Bhoird 3.3 Foireann Ionad na Gaeilge Labhartha 3.4 Doiciméad Polasaí 3.5 Léaráid Foirne 4. Aguisíní / Appendices 4.1 Cúrsaí sa Ghaeilge Labhartha : figiúirí 2003 - 2004 4.2 Cúrsaí sa Ghaeilge Labhartha : 2003 –2004 figures 4.3 Táblaí / Charts : 1. Líon na bhfoghlaimeoirí 1. Uaireanta an chloig teagaisc TuarBhl/0203/MionEolas 19 Bord na Gaeilge Coláiste na hOllscoile Corcaigh 3.1 BAILL AN BHOIRD (a) BAILL EX-OFFICIO : An tUachtarán, An tOllamh Gearóid Wrixon An Cláraitheoir, An tOllamh M. A. Moran An tOllamh le Nua-Ghaeilge, S. Ó Coileáin An tUas. D. Ó hAodha, (Cathaoirleach arna ainmniú ag an Uachtarán) (b) BAILL TOFA AG AN gCOISTE RIALAITHE : An Dr G. Neville An tOllamh Á. Hyland An tUas. N. Ó Donnabháin (c) BAILL AINMNITHE AG AN gCOMHAIRLE ACADÚIL AGUS TOFA AG AN gCOISTE RIALAITHE : An tOllamh N. S. Ó Murchadha An tOllamh M. Ó Fathaigh An tOllamh G. Ó Crualaoich (d) BAILL A COMHTHOGHADH : An Dr D. Ó Muirthile Marian Nic Cárthaigh An tOllamh B. Ó Conchúir An tUas. M.F. Ó Murchú AN RÚNAÍ : An tUas. P. Ruiséal • Mhair tréimhse oifige an Bhoird go dtí an 28 Feabhra, 2004. TuarBhl/0203/MionEolas 20 3.2 COISTE GNÓ AN BHOIRD (a) BAILL AINMNITHE AG AN MBORD : Marian Nic Cárthaigh (Cathaoirleach) Dónall Ó Muirthile (Leas-Chathaoirleach) Yvonne Ní Laochdha Caoimhín Ó Muirí Pól Ruiséal (Rúnaí) (b) BAILL A COMHTHOGHADH Claire Ní Mhuirthile Seán Ó Laoi (c) URLABHRAITHE MIC LÉINN Gearóid Breathnach Naomi Ní Mhuirgheasa Muireann Ní Chíobháin Tomás Óg Ó Céilleachair Frank Milling Nioclás Ó Floinn 3.3 Foireann IONAD NA GAEILGE LABHARTHA CENTRE FOR SPOKEN IRISH STAFF Áine Ní Ghadhra, Cúntóir Feidhmitheach Sinsearach Gobnait Ní Loingsigh, Cúntóir Feidhmitheach Claire Ní Mhuirthile, Teagascóir/Riarthóir Marian Ní Shúilliobháin, Teagascóir/Riarthóir Seán Ó Laoi, Teagascóir/Riarthóir Ciarán Dawson, Comheagraí Ríomhaireachta Rós Ní Dhubhda, Cúntóir Ríomhaireachta Nóirín Uí Mhuircheartaigh, Coimeádaí Dhún Chíomháin Janice Uí Chonchubhair, Feitheoir an tSeomra Caidrimh Pól Ruiséal, Stiúrthóir TuarBhl/0203/MionEolas 21 3.4 Doiciméad Polasaí Gaeilge UCC/UCC Irish Language Policy Document: Cur chun cinn na Gaeilge i Saol an Choláiste, An Coiste Rialaithe, 1996 The advancement of Irish in College, The Governing Body, 1996 NÓTA: Tá an doiciméad seo ar fáil in Oifig na Gaeilge Labhartha, Áras Uí Rathaille, COC TuarBhl/0203/MionEolas 22 TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2003 – 2004 RÉAMHRÁ Eochair is ea an Ghaeilge agus í á labhairt i réimsí cultúrtha, polaitiúla na tíre le trí mhíle bliain, chun cultúr, stair agus tíreolaíocht na hÉireann a thuiscint ar bhonn cuimsitheach. Tá Éire mar bhall iomlán den Aontas Eorpach, ag glacadh páirte i saol an tsráidbhaile dhomhanda agus in ionannú idirnáisiúnta atá ag dul i neart sna blianta tosaigh den 21ú hAois. Níor ghá áfach gurbh é a thiocfadh mar thoradh ar ionannú idirnáisiúnta na sochaí, ionannú teanga agus cultúir. Is léir go bhfuil níos mó gá ná riamh leis an méid is mó is féidir de ghréasán saibhir na dteangacha agus na gcultúr atá fós ar marthain sa domhan, a chosaint agus a chaomhnú. Is cuid den iarracht dhomhanda í chun saibhreas na héagsúlachta cultúir atá faoi bhagairt ar fud an domhain mhóir, a choimeád, an choimhlint chun an Ghaeilge a athbheochan agus a chaomhnú. Baineann gach sainghrúpa cultúrtha, cuirimis i gcás na Catalóinigh, na Briotáinigh nó na hÉireannaigh, le sraitheanna ar leith den éagsúlacht shaibhir chultúir sin. Is ann do suas le tríocha míle cainteoir dúchais Gaeilge agus labhrann céad míle eile duine an teanga go héifeachtach mar theanga laethúil chumarsáide. Tá a stáisiún raidió féin aici, a stáisiún teilifíse, a nuachtáin lae agus seachtaine, a cuid irisí agus úsáidtear í cuid mhór ar an idirlíon. Bronnann airteagal 8 de Bhunreacht na hÉireann (1937) stádas ar leith ar an nGaeilge mar “chéad teanga oifigiúil”. Ritheadh Acht na dTeangacha Oifigiúla san Oireachtas ar an 14 Iúil 2003. Leagann an tAcht dualgas staitiúideach ar ranna stáit agus ar choistí poiblí, méid agus cineál na seirbhísí poiblí a chuirtear ar fáil sa Ghaeilge, a neartú agus a fheabhsú thar tréimhse a d’aontófaí. Bheartaigh Rialtas na hÉireann i mí Iúil 2004 achainí fhoirmiúil a chur faoi bhráid an Aontais Eorpaigh maidir le stádas oifigiúil a thabhairt don Ghaeilge a bheadh ar aon dul le stádas na dteangacha stáit eile san Aontas. Cruthaíonn imeachtaí dlí agus polaitiúla dá leithéid seo aeráid dhearfach agus cuireann caoi ar fheabhas ar fáil d’ollscoileanna agus d’institiúidí poiblí eile, fás, forbairt agus athnuachan na teanga a chur chun cinn. Neartaíonn forálacha an achta teanga polasaí réamhghníomhach Gaeilge COC faoi mar a leagtar amach é sa cháipéis fhoirmiúil de chuid Bhord na Gaeilge agus An Choiste Rialaithe “Cur chun cinn na Gaeilge i saol an Choláiste” (1996). De thoradh an mhéadaithe ar éileamh ar chúrsaí teanga ginearálta agus sainchuspóra agus de bharr an riachtanais nua a bheidh le seirbhísí aistriúcháin gairmiúla a chur ar fáil san ollscoil, meastar go mbeidh gá lena thuilleadh ball foirne a cheapadh i réimse na Gaeilge sa mheántéarma. Tá téarmaí tagartha Bhord na Gaeilge leagtha síos i staitiúidí XCV agus CXL de chuid Staitiúidí Choláiste na hOllscoile Corcaigh. Ghlac Coiste Rialaithe COC leis an gcáipéis pholasaí “Cur chun cinn na Gaeilge i saol an Choláiste” ar 23 Aibreán 1996. Bunaíodh spriocráiteas Ionad na Gaeilge Labhartha ar an ndoiciméad céanna polasaí. Is féidir é a choimriú mar seo leanas : . an Ghaeilge a chur chun cinn go cruthaitheach in COC agus in Éirinn faoi réir ag forálacha Acht na nOllscol (1997), Comhaontú Bhéal Feirste (1998), Acht na dTeangacha Oifigiúla (2003). TuarBhl/0203/MionEolas 23 . cláir teanga sa Ghaeilge labhartha agus sa Ghaeilge fheidhmeach a thairiscint ag an uile leibhéal líofachta in COC agus sa Ghaeltacht. cur ar chumas daoine bheith páirteach i dtimpeallacht thacúil, dhátheangach a chuimsíonn scéimeanna agus gréasáin Ghaeilge agus gníomhaíochtaí cultúrtha. go dtiocfaidh na seirbhísí teanga faoi anáil taighde agus na gcleachtas is fearr i réimse an tsealbhaithe teanga. Buaiceanna na bliana – achoimre fheidhmitheach • Mhéadaigh líon na mac léinn a d’fhreastail cúrsaí teanga go dtí 1445. Méadú de 5.7% ar líon na bliana roimhe sin, is ea an líon san. Mhéadaigh faoi 21% líon na mac léinn san a bhí páirteach i scéimeanna agus i ngníomhaíochtaí teanga. • Bhí líon iomlán de 3018 i dteagmháil leanúnach leis an nGaeilge de thoradh na gclár múinte agus na scéimeanna teanga a cuireadh ar siúl i gcaitheamh na bliana. Is ionann an líon seo agus méadú de 12% ar líon na bliana 02/03. • Is í an uimhir mheánach i gcás líon na mac léinn a d’fhreastail cúrsaí an Ionaid sa tréimhse cheithre bliana 2000 – 2004 ná 1191. Bhí breis agus míle mac léinn i gceist den chéad uair riamh sa bhliain 2000 – 2001 agus is ag méadú atá an figiúr seo ó shin i leith. • Socraíodh tríocha rang lae agus naoi rang oíche dhéag. Cuireadh ar bun naoi rang speisialta eile san ollscoil, sa Ghaeltacht agus sa Ghearmáin. Is é líon iomlán na ranganna a mhúin foireann an Ionaid caoga hocht. Ceapadh fiche múinteoir páirtaimseartha agus naonúr aoiléachtóirí chun cur le dualgais teagaisc sheisear múinteoirí de chuid na foirne láir. • D’eagraigh an tIonad cúrsaí agus seimineáir a bhí dírithe ar dhaltaí de chuid na gClár Líonadh na Bearna agus Rochtana COC. Cuireadh COC in aithne trí mheán na Gaeilge do bhreis agus dhá chéad dalta de chuid an chéad agus an dara leibhéal oideachais. • Dearadh cúrsaí nua in úsáid chruinn na teanga agus san iriseoireacht raidió. Seoladh cúrsa nua dioplóma i bhfoghlaim/múineadh ríomhchuidithe na Gaeilge. Léiríodh suim mhór ann toisc gurb é an chéad chúrsa teanga san ollscoil é atá á chur ar siúl beag beann ar pháipéar. • Cuireadh i bhfearas i nDún Chíomháin, Corca Dhuibhne saotharlann nua ríomhaireachta le cabhair airgid ón ollscoil agus ó Roinn Stáit na nGnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Teicneolaíocht MAC den scoth amach ón deil atá i gceist, agus beidh slí sa tsaotharlann in aon turas le haghaidh ochtair déag mac léinn. • Cuireadh athbhreithniú ar siúl ar obair uile an Ionaid i rith na bliana. Ina thuairisc dheiridh dhein an Comhghrúpa Athbhreithnithe comhghairdeas le foireann an Ionaid mar gheall ar an rath a bhí ar pholasaí Gaeilge COC. Cuireadh síos ar an TuarBhl/0203/MionEolas 24 bhfoireann mar fhoireann an-ghairmiúil agus ard-sciliúil. Fuarthas amach go n- ullmhaítear agus go múintear na cláir teanga ar fad go gairmiúil agus go n-éiríonn leo a gcuspóirí a bhaint amach go héifeachtach. Moladh go hard sa tuairisc na scéimeanna agus na gníomhaíochtaí teanga a eagraítear in Ionad na Gaeilge Labhartha. • Is duais bhliantúil ar fiú €700 í Gradam na Gaeilge agus bronntar í ar an mac léinn is mó a chuireann an Ghaeilge chun cinn i gcaitheamh na bliana. Bronnadh duais 2004 ar Ghearóid Breathnach, Gaeltacht na Rinne ar 6 Bealtaine sa Seomra Caidrimh. Deineann Banc na hÉireann urraíocht ar an duais speisialta seo. Méadú leanúnach ar líon na mac léinn Bhí líon na mac léinn a d’fhreastail ar chúrsaí Ionad na Gaeilge Labhartha an-ard arís eile i mbliana. Ba é an líon a bhí i dtreis 1447 mac léinn. Mhéadaigh líon na ndaoine sin a ghlac páirt i scéimeanna teanga agus i ngníomhaíochtaí cultúrtha go dtí 1445. Chaith 126 mac léinn breise cúrsaí deireadh seachtaine i nDún Chíomháin i gcaitheamh na bliana. Is cosúil gur fhreastail an méid céanna mac léinn ar chúrsaí agus a ghlac páirt sna scéimeanna. Ba é an díorma iomlán mar sin a bhí ag teacht faoi anáil na Gaeilge Labhartha 3018 figiúr a léiríonn méadú de 12% ar an ndíorma de 2691 a bhí i gceist don bhliain roimhe sin.
Details
-
File Typepdf
-
Upload Time-
-
Content LanguagesEnglish
-
Upload UserAnonymous/Not logged-in
-
File Pages53 Page
-
File Size-