CLÁR NA FÉILE FESTIVAL PROGRAMME THE INTERNATIONAL PAN CELTIC FESTIVAL 2018 LETTERKENNY CO. DONEGAL www.panceltic.ie FÉILE INDIRNÁISIÚNTA PHAN CHEILTEACH 3rd - 8th AIBREÁN APRIL 2018 EOLAS/INFORMATION OIFIG NA FÉILE/FESTIVAL OFFICE Tá Oifig na Féile lonnaithe in Amharclann an Ghrianáin The Festival Office is located in An Grianán Theatre LAETHANTA/DAYS: Dé Máirt 3/4/2018 – go dtí Until Dé Sathairn 7/4/2018 Tuesday 03/04/2017 – Saturday 07/04/2018 UAIREANTA OSCAILTE/OPENING HOURS: 10:00am – 17:00pm R-PHOST/E-MAIL: [email protected] IDIRLÍON/WEBPAGE www.panceltic.ie FACEBOOK www.facebook.com/Pan Celtic International Festival THE INTERNATIONAL PAN CELTIC FESTIVAL 2018 LETTERKENNY CO. DONEGAL CONTENTS / CLÁR Fáilte Ón gCathaoirleach Idirnáisiúnta 1 Welcome form the International Chairperson Fáilte Ó Chathaoirleach Choiste 2 Phan-Cheilteach Leitir Ceanainn 2018 Welcome form the Letterkenny Festival Committee Chairperson Fáilte Ó Mhéara Leitir Ceanainn 3 Mayor Of Letterkenny Welcome Fáilte ó Mhéara na Condae 4 Welcome from the Cathaoirleach of Donegal Tuesday Dé Máirt 3 Aibreán 5 Wednesday Dé Céadaoin 4 Aibreán 5 Thursday Déardaoin 5 Aibreán 6 Friday Dé Haoine 6 Aibreán 8 Saturday Dé Sathairn 7 Aibreán 10 Sunday Dé Domhnaigh 8 Aibreán 11 Full Iternerary 12 Map / Léarscáil 14 Taispeántais / Exhibitions 15 Committees Contacts 16 Flash Photography is not allowed during competitions. The use of Video/Camcorders is prohibited during competitions unless specifically authorised. Audience participation and clapping is prohibited during performances at competitions. Need to check this still applies and if so include in programme THE INTERNATIONAL PAN CELTIC FESTIVAL 2018 Fáilte ón gCathoirleach Idirnáisiúnta Máirín Nic Dhonnchadha | Cathaoirleach, Comhairle Idirnáisiúnta Pan Cheilteach Is mór an onóir dom, thar ceann na Comhairle Idirnáisiúnta Pan-Cheilteach, fáilte mhór Cheilteach a chur roimh gach duine chuig an 47ú Féile Idirnáisiúnta Pan-Cheilteach. Tá ríméad orainn a bheith ar ais i Leitir Ceanainn arís, óstbhaile a bhí flaithiúil, fáiltiúil agus gnaíúil linn sna blianta atá caite. Táimid ag súil go mór le bualadh le seanchairde anseo agus, thar aon ní eile, le glún nua a mhealladh a leanfaidh ag cur chun cinn muintearas, cairdeas agus comhthuiscint i measc na náisiún Ceilteach trínár n-ealaíona, ár dteangacha, ár bhfóram dioscúrsa agus ár spórt. Is é ár mór-mhian gréasáin nua a bhunú chun go gcabhróimid lena chéile staid ár dteangacha, ár gcultúr agus ár n-ealaíon a neartú ar mhaithe leis na Ceiltigh uile a thiocfaidh inár ndiaidh. Gabhaimid buíochas le Comhairle Contae Dhún na nGall agus le feidhmeannas na Comhairle as a dtiomantas don fhéile agus d’aidhmeanna Pan-Cheilteach, go háirithe leo siúd a ghlac cúram ar leith d’imeachtaí na féile, Charles Sweeney, Ciaran Ó Máirtín, Padráig Ó Dochartaigh, Christina O’Domhnaill, Máire Ní Fhearraigh, Róise Ní Laifeartaigh, agus Seán Ó Daimhín. Gabhaim buíochas speisialta le Gearóid Ó Maonaigh as Clár na Féile a riaradh – is mór againn a shaineolas, a spiorad agus a ildánacht. Táimid faoi chomaoin ag pobal Leitir Ceanainn as a gcuid doirse agus a gcuid croíthe a oscailt Seachtain na Cásca 2018 le fáilte a chur roimh Cheiltigh as Alba, Breizh, Cymru, Éirinn, Mannin & Kernow. Is mór againn tacaíocht na n-urraithe ar fad a chuireann ar ár gcumas an fhéile a reáchtáil agus na Coistí Náisiún- ta a thugann córacha, ceoltóirí, damhsóirí agus lucht tacaíochta chuig an bhféile gach aon bhliain. It is my great honour, on behalf of the International Pan Celtic Council, to extend a hearty Celtic welcome to all participants and visitors to the 47th International Pan Celtic Festival. We are delighted to be back in Leitir Ceanainn again, having enjoyed the warmth of this host-town’s welcome and hospitality in the past. We look forward to renewing old friendships and, most importantly, to embracing a new generation who will continue to celebrate our shared Celtic heritage. Our greatest aspiration is to encourage networks of cooperation across our six nations to support the work of each nation in strengthening our languages, our culture and our traditional arts. We are indebted to Donegal County Council for supporting the ideals of Pan Celtic and for devoting valuable time and resources to the festival. It is a mark of the values and principles of the Councillors and Management of this County Council that they endeavour to enrich the community they serve through the promotion of culture, arts and heritage. I am grateful to Charles Sweeney, Ciaran Martin, Paddy Doherty, Christina O’Donnell, Máire Ní Fhearraigh, Róise Ní Laifeartaigh and Seán Ó Daimhín in particular who have surmounted many trials with grace and good humour and continue to give of their time and energy, above and beyond the call of duty. I wish to acknowledge the mammoth achievement of the Events Co-Ordinator, Gearóid Ó Maonaigh, who only joined the team very recently and express our appreciation of his guidance and expertise. We are beholden to the people of Leitir Ceanainn who have opened their doors and hearts once again this Easter Week of 2018 to Celts from Alba, Breizh, Cymru, Éire, Mannin, Kernow and beyond. Our thanks to all the sponsors who support the festival, the volunteers who give so generously of their time and energy & the National Committees who prepare their competitors and their delegations. 1 THE INTERNATIONAL PAN CELTIC FESTIVAL 2018 Fáilte ó Chathaoirleach Choiste Phan-Cheilteach Leitir Ceanainn 2018 Caitlín Uí Chochlainn Fearaim fíorchaoin fáilte roimh an Fhéile Idirnáisúnta Phan-Cheilteach 2018 agus d’ár gcomh-Cheiltigh ar ais go Leitir Ceanainn. Tá sé deich mbliana ó bhí an mhórchuid agaibh anseo aroimhe agus tcífidh sibh forbairt mhór ar an bhaile, ach is féidir liom a rá go bhfuil an pobal chomh cairdiúil agus chomh fáiltiúil agus a bhí siad i gcónaí! Déanfar ceiliúradh lena linn ar oidhreacht, cultúr, agus teanga Cheilteach na hÉireann, na Breataine Beaga, na hAlban, na Briotáine, Corn na Breataine agus Oileán Mhanann. Gabhaim buíochas leis an choiste áitiúil atá gníomhach, díograiseach agus i ndairíribh faoi bhur gcuairt chuig an Fhéile Phan-Cheilteach. Tá ‘rogha agus togha’ de chlár cuimsitheach curtha le chéile daoibh idir chomórtais, céilithe, paráid, buscáil, turais, taispeántais, camógaiocht agus siamsaíocht go leor. Tá súil againn go mbainfidh sibh sult as na himeachtaí uilig atá fóirsteanach do gach aois. Is mian liom buíochas a ghabháil leis na hurraitheoirí, go háirithe Comhairle Contae Dhún na nGall, Comhlachas Tráchtala Leitir Ceanainn, Club Naomh Adhmhnan, Cumman Camogaíochta Dhún nGall agus Ceantar Ard Eaglaise Leitir Ceanainn . Buíochas leis na meáin chumarsáide agus le Coiste Pan-Cheilteach na hÉireann as ucht á gcuidiú ar fad. A Céad Míle Fáilte to the International Pan Celtic Festival 2018 and to our fellow-Celts back to Letterkenny. You will notice that the town has developed greatly since you were with us ten years ago and I can assure you that the community here are excited and as welcoming and friendly as ever! We will celebrate and share our Celtic heritage, cultures, traditions and especially our lovely languages together with Ireland, Wales, Scotland, Brittany, Cornwall and the Isle of Man. I wish to acknowledge the busy and dedicated local Pan Celtic committee who work earnestly to make your visit to the Pan Celtic Festival in Letterkenny a great one. They have compiled a comprehensive programme of events comprising of competitions, céilís, parade, busking, tours, exhibitions, camogie and loads of entertainment for all ages. I wish to acknowledge the Pan Celtic festival sponsors especially Donegal County Council, Letterkenny Chamber of Commerce, St. Eunan’s GAA, Donegal Camogie Board and Letterkenny Cathedral Quarter. Thanks also to the media and to the Irish Pan Celtic Committee for all their support. “Bígí Linn le fáilte” 2 THE INTERNATIONAL PAN CELTIC FESTIVAL 2018 Fáilte ó Mhéara Leitir Ceanainn Mayor of Letterkenny Welcome Cllr Jimmy Kavanagh Mar Mhéara ar bhaile Leitir Ceanainn, is mian liom fearadh na fáilte a chur romhaibh uilig chuig Féile Phan-Cheilteach 2018. Tá lúcháir mhór orm gur anseo a bheidh an Fhéile i mbliana, agus fosta ar an bhliain seo chugainn in 2019. Bhí an Fhéile Phan-Cheilteach anseo cheana féin in 2007, agus tá mé cinnte, daoibhse a bhí anseo roimhe, go bhfuil athruithe móra le feiceáil ar an bhaile agus ar an cheantar máguaird. Ach tá rud amháin nár athraigh, is é sin an fháilte a chuireann an pobal romhaibhse ar fad. Tá súil agam go mbainfidh sibh uilig an-sult as an Fhéile Phan-Cheilteach, go gcasfaidh sibh le bhur gcairde ó na tíortha Ceilteacha eile, agus go gcruthóidh sibh cairdis úra. As Mayor of Letterkenny, I welcome you all to the Pan Celtic Festival 2018. It gives me great pleasure and joy that the Festival will return here to Letterkenny again in 2019. The Festival was last in Letterkenny in 2007, and I am certain that those of you who visited us then will find many changes in our town. However, there is one thing that has not changed, that is the welcome to you from the community of Letterkenny. I hope that you enjoy the Pan Celtic Festival, that you meet with your friends from the Celtic countries, and that you make new friends here. 3 THE INTERNATIONAL PAN CELTIC FESTIVAL 2018 Fáilte ó Mhéara na Condae Welcome from the Cathaoirleach of Donegal Cllr Gerry McMonagle Is mór an onóir agus an phribhléid domsa, Méara na Condae, fáiltiú rómhaibh ar fad chuig an Fhéile Phan-Cheilteach 2018. Tá an obair déanta ag Líonra Leitir Ceanainn, ag comhoibriú le heagrais chultúrtha eile i Leitir Ceanainn agus i nDún na nGall leis an Fhéile seo a chur ar siúl. Tréaslaím fosta le foireann na Comhairle Condae atá ag obair go dícheallach le cúpla bliain leis an Fhéile Phan-Cheilteach a mhealladh go Leitir Ceanainn i mbliana agus ar an bhliain seo chugainn fosta.
Details
-
File Typepdf
-
Upload Time-
-
Content LanguagesEnglish
-
Upload UserAnonymous/Not logged-in
-
File Pages24 Page
-
File Size-