Logainmneacha na mbailte fearainn i bparóistí Bhéal Leice, Theampall Cearna agus Dhroim Caorthainn i mbarúntacht Loirg Contae Fhear Manach: bunfhoirmeacha agus bríonna Tony Lenihan Tráchtas do chéim M.Litt. Roinn na Nua-Ghaeilge Ollscoil Mhá Nuad Ollscoil na hÉireann Má Nuad Ceann na Roinne: An tOllamh Ruairí Ó hUiginn Stiúrthóir: An tOllamh Ruairí Ó hUiginn Meán Fómhair 2016 Clár an Ábhair Focal Admhála .............................................................................................................................. 1 Achoimre ...................................................................................................................................... 2 Noda Ginearálta ............................................................................................................................ 4 Noda (Foinsí) ................................................................................................................................ 5 Plé ar na Foinsí.............................................................................................................................. 9 Caibidil 1 Cur síos ar an gceantar .............................................................................................. 12 Na Paróistí Dlí......................................................................................................................... 12 Léarscáil 1. Béal Leice, Teampall Carna agus Droim Caorthainn. ................................... 12 Geografaíocht na hÁite ........................................................................................................... 16 Stair na hÁite .......................................................................................................................... 22 An Ghaeilge i bhFear Manach ................................................................................................ 25 Na Bailte Fearainn san ord ina bpléitear iad ........................................................................... 27 Léarscáil 2. Bailte fearainn i mBéal Leice.......................................................................... 27 Léarscáil 3. Bailte fearainn i dTeampall Carna agus ar an taobh thiar de Dhroim Caorthainn .......................................................................................................................... 28 Léarscáil 4. Bailte fearainn ar an taobh thoir de Dhroim Caorthainn ............................... 29 Caibidil 2 Bailte Fearainn i bParóiste Bhéal Leice .................................................................... 31 Caibidil 3 Bailte Fearainn i bParóiste Theampall Carna ............................................................ 73 Caibidil 4 Bailte Fearainn i bParóiste Dhroim Caorthainn ........................................................ 96 Conclúid .................................................................................................................................... 244 Leabharliosta ............................................................................................................................. 254 Innéacs Logainmneacha: Ceannfhoirmeacha Béarla agus Gaeilge........................................... 264 Dealbh aitheanta i seanreilig Chealtrach i mbaile fearainn Dhraighneán, i mbarúntacht Theampall Carna, Co. Fhear Manach. Liagchiorcal réamhstairiúil (timpeall 1,500 R.C.) i mbaile fearainn Dhroim Scine i bparóiste Dhroim Caorthainn, Co. Fhear Manach. Focal Admhála Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl do na daoine i gContae Fhear Manach a chabhraigh liom ar fud iarthar na barúntachta Loirg, go háirithe na faisnéiseoirí a thug fuaimniú áitiúil na logainmneacha dom; do na leabharlannaithe agus freastalaithe a thug cabhair dom sna leabharlanna agus institiúidí léinn éagsúla ina ndearna mé mo chuid taighde, go mórmhór i Leabharlann Eoin Pol II, OÉ, Má Nuad; i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, Baile Átha Cliath; i Leabharlann Bhun Dobhráin; i Leabharlann Chorcaí; i Leabharlann Inis Ceithleann; i gCartlann Náisiúnta agus PRONI Béal Feirste (Public Records Northern Ireland) agus do na daoine a thug comhairle nó cúnamh dom ar dhóigh nó ar dhóigh eile, go háirithe an tOllamh Ruairí Ó hUiginn, an tOllamh Mícheál Ó Mainnín, Kay Muhr, agus an Dr. Tadhg Ó Dúshláine OÉ Má Nuad agus Josephine Finn OÉ Má Nuad a thug comhairle mo leasa dom roimh thosú ar an tráchtas seo. Tá buíochas ar leith tuillte ag mo stiúrthóir, an tOllamh Ruairí Ó hUiginn a stiúir an tráchtas seo go cúramach agus go foighneach agus óna bhfuair mé tacaíocht leanúnach den scoth. Tá mé faoi chomaoin mhór aige. Gabhaim buíochas freisin le mo bhean fhadaraíonach Eileen as a tacaíocht, a tuiscint agus a foighne liom. Ba mhaith liom an tráchtas seo a thiomnú do dhilchuimhne mo thuismitheoirí Catherine agus Denis Lenihan. 1 Achoimre Ábhar agus Aidhm an Tráchtais Is é ábhar an tráchtais seo, logainmneacha na mbailte fearainn i mBéal Leice, i dTeampall Cearna agus i nDroim Caorthainn, trí pharóiste dlí as seacht gcinn ar fad i mbarúntacht Loirg. Is é 196 líon na mbailte fearainn sna paróistí dlí. Is í aidhm an tráchtais, anailís a dhéanamh ar logainmneacha na mbailte fearainn thuasluaite seo d’fhonn teacht ar a mbunfhoirmeacha agus a mbríonna.Tugtar faoin aidhm seo trí na bealaí seo a leanas: Aird a thabhairt ar shaothair na gceannródaithe cosúil le Seán Ó Donnabháin, Patrick Weston Joyce, Edmund Hogan, Deirdre agus Laurence Flanagan, agus araile. Foinsí tánaisteacha a bhaineann le litríocht logainmneacha a scrúdú chun eolas agus léargas a fháil. Staidéar a dhéanamh ar mhodhanna agus ar thaighde na dtionscadal seo a leanas: • Bunachar Logainmneacha na hÉireann, www.logainm.ie, arna fhorbairt ag Fiontar (DCU) i bpáirt leis an mBrainse Logainmneacha (An Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta) • Northern Ireland Place-Names Project, Béal Feirste lena sraith leabhar Place- Names of Northern Ireland, agus lena suíomh idirlín www.placenamesni.org. Cuardach forleathan a dhéanamh sna bunfhoinsí a bhaineann le logainmneacha sa Chartlann Náisiúnta, in Public Records Office Northern Ireland (PRONI), sa Leabharlann Náisiúnta, i Leabharlann Ollscoil Mhá Nuad agus i stórtha eolais eile chun leaganacha stairiúla na logainmneacha a aimsiú. Leaganacha stairiúla na logainmneacha a shocrú i gcomhthéacs na fianaise bailithe ó Ainmleabhair na Suirbhéireachta Ordanáis. Cuairteanna a thabhairt ar na bailte fearainn chun fuaimniú áitiúil na logainmneacha a chloisteáil. Na foinsí go léir a úsáid le chéile chun anailís a dhéanamh chun bunfhoirm agus brí gach logainm atá idir lámha a aimsiú, más féidir. 2 Leagan Amach an Tráchtais Is éard atá sa saothar seo, an réamhabhar seo a leanas: clár an ábhair, focal admhála, achoimre, an liosta nod ginearálta, plé ar na foinsí; Caibidil 1 le cur síos ar an gceantar, liosta na bparóistí dlí lena mbailte fearainn; Caibidil 2 le plé ar bhailte fearainn Bhéal Leice; Caibidil 3 le plé ar bhailte fearainn Theampall Cearna; Caibidil 4 le plé ar bhailte fearainn Droim Caorthainn. Ag deireadh an tráchtais, tugtar conclúid, leabharliosta agus innéacs na logainmneacha faoina gceannfhoirmeacha Béarla agus Gaeilge. 3 Noda Ginearálta al. alias. bain. baininscneach bar. Barúntacht B.S Boundary Survey sketch maps, c.1824-30 c. nó cc. contae eag. eagarthoir(í) FGB Foclóir Gaeilge-Béarla Ó Dónaill, N. 1977 BÁC fir. firinscneach gin. ginideach iml. Imleabhar iol. uimhir iolra James Patent Roll Griffith, M.C. (eag.).1966 lch./lgh. leathanach/-aigh logthuiseal Sin é an ‘tuiseal áitreabhach’ (FGB s.v.) nó ‘locative case’ .i. tuiseal na logainmneacha a bhí sa tSean-Ghaeilge. Bhí an fhoirm chéanna ag an tuiseal seo agus an tuiseal tabharthach m.sh. mar shampla OD:AL logainm a scríobh Seán Ó Donnabhán sna hAinmleabhair p. nó par. paróiste SO an tSuirbhéireacht Ordanáis tls. bailte fearainn tuis.gin. tuiseal ginideach u. uimhir uatha Treoir Eagarthóireachta: – Baintear feidhm as lúibíní cearnacha [ ] chun aon tráchtaireacht nó nótaí breise de mo chuid féin a chur in iúl. Úsáidtear iad seo go hiondúil i gcás athfhriotail. – Tugtar roinnt logainmneacha faoina gcruth Béarla mar níl na leaganacha Gaeilge deimhnithe ar logainm.ie go fóill, m.sh. Ballaghgee, Ballymagaghran agus araile. – Cló trom. Cuirtear logainmneacha na mbailte fearainn atá i gceist i gcló trom. 4 Noda (Foinsí) Baintear úsáid as na foinsí príomha seo le giorrúchán mar seo a leanas: Úsáidtear ‘James Patent Roll’ ag tagairt do: Griffith, M.C. (eag.). 1966. Úsáidtear ‘Ordnance Survey Memoirs of Ireland’ ag tagairt do: Day, Angelique agus McWilliams, Patrick. (eag.). 1992. Ordnance Survey Memoirs of Ireland - Parishes of Fermanagh II, 1834-5. Iml. 14. Béal Feirste: Ollscoil na Banríona. Úsáidtear ‘Hill, G’ ag tagairt do: Hill, George. 1877. An Historical Account of the Plantation in Ulster at the Commencement of the Seventeenth Century. Béal Feirste: M'Caw, Stevenson & Orr. Úsáidtear ‘Lewis’ ag tagairt do: Lewis, Samuel.1837. A topographical dictionary of Ireland, comprising the several counties, cities, boroughs, corporate, market and post towns, parishes and villages with statistical descriptions. 2 Iml. London: S. Lewis. Úsáidtear ‘Census 1659’ ag tagairt do: Pender, Séamus (eag.). 1939. A census of Ireland, circa 1659, with supplementary material from the poll money ordinances (1660-1661). Baile Átha Cliath: Coimisiúm láimhscríbhinní na hÉireann. Úsáidtear ‘Shaw Mason 1814’ ag tagairt do: Mason, William Shaw.1814. A statistical account, or parochial survey of Ireland, drawn up from the communications of the clergy,
Details
-
File Typepdf
-
Upload Time-
-
Content LanguagesEnglish
-
Upload UserAnonymous/Not logged-in
-
File Pages273 Page
-
File Size-