Appendix a Flooding and Flood Risk

Appendix a Flooding and Flood Risk

Abhantrach 11 River Basin Plean um Bainistiú Priacal Tuile Flood Risk Management Plan Abhainn an Bheara Owenavorragh 2018 Plean um Bainistiú Priacal Tuile Flood Risk Management Plan Amhantrach (11) Abhainn an Bheara River Basin (11) Owenavorragh Limistéir um Measúnú Breise a chuimsítear sa phlean seo: Areas for Further Assessment included in this Plan: An Abhainn Dubh Blackwater Baile na Cúirte Courtown Guaire Gorey Ullmhaithe ag Oifig na nOibreacha Poiblí 2018 Prepared by the Office of Public Works 2018 De réir In accordance with Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Measúnú agus Bainistiú Priacal Tuile) 2010 agus 2015 European Communities (Assessment and Management of Flood Risks) Regulations 2010 and 2015 Séanadh Dlíthiúil Tugadh na Pleananna um Bainistiú Priacal Tuile chun cinn mar bhonn eolais le céimeanna indéanta agus molta chun priacal tuile in Éirinn a fhreagairt agus le gníomhaíochtaí eile pleanála a bhaineann leis an rialtas. Ní ceart iad a úsáid ná brath orthu chun críche ar bith eile ná um próiseas cinnteoireachta ar bith eile. Legal Disclaimer The Flood Risk Management Plans have been developed for the purpose of informing feasible and proposed measures to address flood risk in Ireland and other government related planning activities. They should not be used or relied upon for any other purpose or decision-making process. Acknowledgements The Office of Public Works (OPW) gratefully acknowledges the assistance, input and provision of data by a large number of organisations towards the implementation of the National CFRAM Programme and the preparation of this Flood Risk Management Plan, including: − RPS Consulting Engineers − WFD Local Authorities Water and Communities Office LAWCO − Southern Regional Assembly − Carlow County Council − Cork County Council − Kildare County Council − Kilkenny County Council − Laois County Council − Limerick City & County Council − Offaly County Council − Tipperary County Council − Waterford City & County Council − Wexford County Council − Wicklow County Council − The Environmental Protection Agency − Met Éireann − All members of the National CFRAM Steering and Stakeholder Groups Maps in the FRMP include Ordnance Survey of Ireland (OSI) data reproduced under licence. Copyright Copyright - Office of Public Works. All rights reserved. No part of this report may be copied or reproduced by any means without prior written permission from the Office of Public Works. ACHOIMRE FHEIDHMEACH RÉAMHRÁ Is é seo an Plean um Bainistiú Priacal Tuile (an ‘Plean’) d’Abhantrach Abhainn an Bheara. Tá cur síos ar an Abhantrach i Rannán 2 den Phlean. Is cuspóir don Phlean straitéis, ar a n-áirítear sraith céimeanna molta, um bainistiú costéifeachtach inbhuanaithe fadtéarnmach an phriacail tuile ins an Abhantrach a leagan amach, ar a n-áirítear limistéir inar cinneadh go bhfuil an priacal tuile dóchúil suntasach. Tá an Plean seo, don tréimhse 2018-2021, ar cheann de 29 bPlean atá dá bhfoilsiú; leagann gach ceann acu amach an réimse indéanta de chéimeanna um bainistiú priacal tuile atá molta dá nAbhantracha ar leith. Céim shuntasach chun tosaigh is ea ullmhú na bPleananna seo maidir le feidhmiú pholasaí an Rialtais um bainistiú priacal tuile, mar atá leagtha amach i dTuarascáil an Ghrúpa um Athbhreithniú ar Pholasaí Tuile (OPW, 2004 1), agus freagraíonn sé oibleagáidí na hÉireann faoi Threoir ‘Tuilte’ an AE 2007 (EU, 2007 2). Cuimsíonn an Plean céimeanna indéanta a tugadh chun cinn trí réimse clár agus tionscnamh polasaí ar a n-áirítear: − Céimeanna neamhstruchtúrtha um chosc agus ullmhacht priacal tuile atá infheidhme ar bhonn náisiúnta, dírithe ar thionchair thuilte a laghdú, a tugadh agus atá á dtabhairt chun cinn chun polasaí Rialtais um bainistiú priacal tuile a fheidhmiú (OPW, 2004). Scrúdaigh an Clár MBPTA an priacal tuile, agus céimeanna féideartha um an priacal a fhreagairt, in 300 pobal ar fud na tíre atá ar phriacal dóchúil suntasach tuile. Léiríodh na pobail seo ins an Réamh-Mheasúnú um Priacal Tuile (RPT); measúnú náisiúnta scagtha a bhí anseo. I dTábla ES-1 thíos tugtar liosta na bpobal atá léirithe tríd an phróiseas RPT mar phobail atá faoi phriacal dóchúil suntasach tuile in Abhantrach Abhainn an Bheara chomh maith leis na foinsí tuile a cinneadh a bheith suntasach maidir le gach pobal. Tugadh chun cinn agus foilsíodh sraith mapaí tuile le haghaidh gach pobal díobh, ag léiriú na limisteir atá ar phriacal tuile. Tógann an Plean ar an chlár náisiúnta oibreacha cosanta tuile a críochnaíodh roimhe seo, orthu san atá faoi dhearadh agus faoi thógáil um an dtaca seo nó atá leagtha amach trí thionscadail nó pleananna eile, agus ar chothabháil leanúnach ar scéimeanna dhraenála agus faoiseamh tuile. Rinneadh Measúnú Straitéiseach Comhshaoil, agus Measúnú Cuí faoin Treoir um Ghnáthóga mar ba chuí, mar chuid den ullmhú, agus tá siad folisithe i dteannta leis an Phlean. 1 Tuarascáil an Ghrúpa um Athbhreithniú ar Pholasaí Tuile, OPW, 2004 ( www.floodinfo.ie ) 2 Treoir faoi mheasúnú agus bainistiú priacal tuile, 2007/60/EC i FRMP – River Basin (11) Owenavorragh Táble ES-1 Pobail atá ar Phriacal Dóchúil Suntasach Tuile taobh istigh d’Abhantrach an Abhainn an Bheara CONTAE AINM an PHOBAIL FOINSÍ PRIACAL TUILE Loch Garman An Abhainn Dubh Abhann Loch Garman Baile na Cúirte Abhann & Cósta Loch Garman Guaire Abhann CUSPÓIRÍ AN PHLEAN Is é cuspóir foriomlán an Phlean ná tionchair tuilte a bhainistiú agus a laghdú, agus aird ar shochair agus éifeachtaí eile, ar fud réimse leathan earnála, ar a n-áirítear sláinte daoine, an comhshaol, an oidhreacht chultúrtha agus gníomhaíocht eacnamaíoch, trí scéimeanna inmharthana cosanta tuile agus céimeanna eile, bunaithe ar thuiscint chruinn ar phriacal tuile mar atá léirithe in ullmhú mapaí tuile. Maidir le gach ceann ar leith de na hearnála seo tugadh chun cinn sraith cuspóirí a bhí comhsheasmhach ar bhonn náisiúnta. Tugtar liosta de na cuspóirí ar leith seo agus an tábhacht a bhaineann le gach ceann díobh i Rannán 1.4 den Phlean. RAON AN PHLEAN Leagtar amach raon an Phlean thíos: − Raon Spásúil : Leagann an Plean amach céimeanna, scéimeanna cosanta tuile go hiondúil, chun priacal tuile a bhainistiú agus a laghdú ins na pobail sin a léiriodh tríd an RPT a bheith faoi phriacal dóchúil suntasach tuile. Leagtar amach freisin réimse polasaí agus céimeanna neamhstruchtúrtha, atá in áit nó faoi fhorbairt, a thacaíonn le laghdú agus bainistiú priacal tuile ar fud na hAbhantraí. − Foinsí Priacal Tuile : Freagraíonn na céimeanna cosanta tuile atá leagtha amach sa Phlean priacal tuile ó na foinsí tuile mar a léiríodh i dTábla ES-1 i bpobal amháin nó níos mó, mar cinneadh tríd an RPT go raibh na foinsí seo dóchúil suntasach ins na pobail seo. Féadfaidh an réimse polasaí agus céimeanna neamhstruchtúrtha tacú le laghdú agus le bainistiú priacal tuile ó fhoinsí uile priacal tuile. COMHAIRLIÚCHÁN AGUS PLÉ LE POBAL AGUS LE PÁIRTITHE LEASMHARA Rinneadh comhairliúchán poiblí ar scála leathan le linn do na mapaí tuile agus na Pleananna a bheith dá n-ullmhú. Cuireadh suíomhanna gréasáin don Chlár MBPTA agus do na Tionscadail ar fáil chun eolas faoin phróiseas iomlán agus faoi na tionscadail bhainteacha a sholáthar agus chun torthaí na dtionscadal a fhoilsiú (tá an t-eolas a bhí ar fáil ar na suíomhanna gréasáin sin ar fáil anois ag www.floodinfo.ie ). Thionól an OPW breis agus 200 Lá Comhairliúcháin Phoiblí maidir leis na mapaí tuile ins na pobail bhainteacha; bhí deis ag daoine tuilte staitiúla agus cruinneas na mapaí a phlé leis na hinnealtóirí ón OPW agus a gcuid comhairleoirí. Tharla comhairliúchán reachtúil phoiblí faoi na mapaí tuile go déanach sa bhliain 2015. In ullmhú na mapaí críochnaithe tugadh aird ar na tráchtais, tuairimí agus agóidí ó na Laethanta Comhairliúcháin Phoiblí agus ón chomhairliúchán foirmiúil chun eolas áitiúil ar thuilte agus tuairimí an phobail a chuimsiú ins na mapaí. ii FRMP – River Basin (11) Owenavorragh Tionóladh dhá bhabhta de Laethanta breise Comhairliúcháin Phoiblí ins na pobail maidir leis na roghanna dóchúla agus ansin maidir leis na Dréacht-Phleananna um bainistiú an phriacail tuile. Tionóladh comhairliúchán reachtúil phoiblí eile maidir leis na Dréacht-Phleananna. Breathnaíodh an réimse leathan tuairimí agus aighneachtaí a tháning trí na comhairliúcháin seo agus tugadh san áireamh iad de réir mar ba chuí nuair a bhí na Pleananna dá gcríochnú. Tiomsaíodh Grúpaí Náisiúnta agus Réigiúnacha Páirtithe Leasmhara chun deis a thabhairt do pháirtithe leasmhara páirt a ghlacadh in ullmhú na mapaí tuile agus na bPleananna. Bhí cruinnithe comhordaithe leis na húdaráis atá freagrach as an Creat-Treoir Uisce a fheidhmiú agus, maidir le habhantracha a roinntear i bpáirt le Tuaisceart Éireann, leis na húdaráis chuí ansin. Tá cur síos ar na gníomhaíochtaí maidir le comhairliúchán leis an bpobal agus le páirtithe leasmhara i Rannán 4 den Phlean. MEASÚNÚ TEICNIÚIL In ullmhú an Phlean bhí anailís agus measúnú forleathan teicniúil chun an priacal tuile a léiríodh tríd an PBT a chinneadh agus ansin chun céimeanna roghnaithe inmharthana um fhreagairt an phriacail a léiriú. Ar an measúnú teicniúil seo bhí: − Suirbhé ón Aer: Suirbhé ón aer ar thopagrafaíocht na dtuilemhánna, chun anailís a dhéanamh ar chonas a scaipeann uiscí tuile trasna na dtuilemhánna. − Suirbhé Topagrafaíoch: Suirbhé de thalamh ar leagan amach na n-aibhneacha agus na sruthán a ritheann trí na limistéir agus ansin anuas chun na farraige, ar a n-áirítear suirbhéanna ar chruth ghrinill abhann, na bruacha agus na struchtúir atá in aice leis na cainéil nó os a gcionn nó iontu. − Anailís Hidreolaíoch: Anailís chun sruthanna tuile isteach agus trí na haibhneacha agus na sruthán a chinneadh, chomh maith leis na géirleibhéil farraige is cúis le tuilte. Bhí tuairiscí ar leibhéil agus srutha stairiúla abhann mar bhonn eolais leis seo, maraon le meastachán ar thionchair dhóchúla athrú aeráide ar shrutha tuile agus géirleibhéil farraige. − Samhaltú Hiodrálach: Tugadh chun cinn samhaltuithe ríomhaire de na haibhneacha, srutháin agus tuilemhánna chun leibhéil tuile um shrutha tugtha tuile a mheas agus a fhiosrú conas a rithfeadh agus a leathnódh tuilte ar fud na dtuilemhánna, ag tabhairt aird ar chosanta tuile atá ann cheana.

View Full Text

Details

  • File Type
    pdf
  • Upload Time
    -
  • Content Languages
    English
  • Upload User
    Anonymous/Not logged-in
  • File Pages
    150 Page
  • File Size
    -

Download

Channel Download Status
Express Download Enable

Copyright

We respect the copyrights and intellectual property rights of all users. All uploaded documents are either original works of the uploader or authorized works of the rightful owners.

  • Not to be reproduced or distributed without explicit permission.
  • Not used for commercial purposes outside of approved use cases.
  • Not used to infringe on the rights of the original creators.
  • If you believe any content infringes your copyright, please contact us immediately.

Support

For help with questions, suggestions, or problems, please contact us