Tuarascáil Bhliantúil 2006

- 1 -

Tuarascáil Bhord Leabharlann Náisiúnta na hÉireann don bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2006

Don Aire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta de bhun Alt 36 den Acht um Fhorais Chultúir Náisiúnta 1997

Foilsithe ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann Baile Átha Cliath:

ISSN 2009-020X (c) Bord Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Cóipeanna ar fáil ó Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 Teileafón: +353 1 603 02 00 Facs: +353 1 676 66 90 Ríomhphost: [email protected]

Dearadh: Priontáil:

- 2 - CLÁR Bunreacht...... 4 Feidhmeanna na Leabharlainne...... 4 FORLÉARGAS AN CHATHAOIRLIGH AGUS AN STIÚRTHÓRA...... 5 Ráiteas an Chathaoirligh...... 6 Athbhreithniú agus Achoimre an Stiúrthóra...... 7 TUARASCÁIL OIBRIÚCHÁIN ...... 9 Seirbhísí Léitheoirí agus Cuairteoirí...... 10 Seirbhísí agus Córais Léitheoirí...... 11 Córais ...... 11 Seirbhís Chomhairle Ghinealais ...... 12 Siopa agus Caifé na Leabharlainne...... 12 Taispeántais...... 12 Taispeántais na Cartlainne Náisiúnta Grianghrafadóireachta (NPA) ...... 14 Oideachas agus for-rochtain ...... 15 Foilseacháin ...... 17 Feidhmeanna Seachtracha...... 17 Forbairt na mBailiúchán...... 19 Leabhair Chlóite...... 19 Lámhscríbhinní ...... 21 Tréimhseacháin agus Nuachtáin ...... 22 Grianghraif...... 22 Priontaí agus Líníochtaí ...... 23 Foilseacháin Oifigiúla...... 24 Nithe Breacshaolacha...... 24 Próiseáil agus Catalógú ...... 26 Leabhair Chlóite...... 26 Lámhscríbhinní ...... 26 Tréimhseacháin...... 26 Grianghraif...... 27 Priontaí agus Líníochtaí ...... 27 Foilseacháin Oifigiúla...... 28 Ábhar Breacshaolach ...... 28 Buanchoimeád agus Caomhnú ...... 29 Oifig an Phríomh-Arailt...... 32 Bord Leabharlann Náisiúnta na hÉireann...... 34 Coistí Reachtúla 2006...... 34 Coiste Neamhreachtúil...... 35 Freastal ar chruinnithe Boird ...... 35 Iontaobhas Leabharlann Náisiúnta na hÉireann...... 40 Aguisín 1 ...... 41 Deontóirí agus Deonacháin ...... 41 Aguisín 2 ...... 47 Cumann Leabharlann Náisiúnta na hÉireann...... 47

- 3 -

Bunreacht

Bunaíodh Leabharlann Náisiúnta na hÉireann le hAcht Mhúsaem Ealaíne agus Eolaíochta Bhaile Átha Cliath 1877, a rinne foráil, le heisceachtaí áirithe, go ndéanfaí na bailiúcháin a bhí san am i seilbh Chumann Ríoga na hÉireann lenar áiríodh Leabharlann Joly agus Leabharlann an Chumainn a dhílsiú sa Roinn Eolaíochta agus Ealaíne chun leas an phobail agus an Chumainn D’fhoráil Comhaontú in 1881 go mbeadh an Leabharlann ag feidhmiú faoi mhaoirseacht Chomhairle dáréag iontaobhaí, ochtar díobh ceaptha ag Cumann Ríoga na hÉireann gus ceathrar ag an Rialtas; chuir an Comhaontú seo an dualgas ar na hIontaobhaithe chomh maith oifigigh na Leabharlainne a cheapadh.

Tháinig forálacha an Achta um Fhorais Chultúir Náisiúnta, 1997, a dhéanann foráil chun Bord nua a bhunú don Leabharlann, i bhfeidhm ar an 3 Bealtaine 2005. Cuireadh deireadh le Comhairle na nIontaobhaithe ar an dáta sin.

Feidhmeanna na Leabharlainne

Tá feidhmeanna Leabharlann Náisiúnta na hÉireann leagtha amach in alt 12 den Acht um Fhorais Chultúir Náisiúnta, 1997. Déantar an fhoráil seo a leanas in Alt 12(1):

“Is iad príomhfheidhmeanna Bhord na Leabharlainne ábhar leabharlainne na Leabharlainne a chaomhnú, a chothabháil agus a mhéadú chun leas an phobail agus taifead d’ábhar na leabharlainne (lena n-áirítear lámhscríbhinní a bhaineann leis an nGaeilge) a bhaineann le hÉirinn a bhunú agus a chothabháil agus cur le rochtain a sholáthar do bhaill den phobal ar ábhar a bhaineann le tíortha eile.”

Liostaíonn Alt 12 (2 a-t) roinnt de chumhachtaí an Bhoird lena n-áirítear cumhachtaí maidir le taighde ginealaigh, armais a dheonadh agus a dheimhniú, seirbhísí leabharlainne agus faisnéise srl a sholáthar.

- 4 -

FORLÉARGAS AN CHATHAOIRLIGH AGUS AN STIÚRTHÓRA

- 5 -

Ráiteas an Chathaoirligh

Tá áthas orm tuarascáil bhliantúil Bhord Leabharlann Náisiúnta na hÉireann don bhliain 2006 a chur i láthair.

Bliain thábhachtach a bhí sa bhliain atá faoi athbhreithniú – an chéad bhliain iomlán de shaol an Bhoird – ó thaobh leanúint leis an bpróiseas chun Leabharlann neamhspleách a fhorbairt. Cuireadh béim ar leith ar chreat oiriúnach pleanála a bhunú don Leabharlann, agus rinneadh an- chuid oibre i rith na bliana chun plean nua straitéiseach a dhréachtadh don eagraíocht. Bhí an plean straitéiseach, a leagfaidh cuspóirí agus tosaíochtaí an Bhoird do na blianta atá romhainn, i ngar do bheith curtha i gcríoch faoi dheireadh na bliana 2006.

Tháinig an Bord le chéile deich n-uaire in 2006. Tháinig trí choiste an Bhoird le chéile ar bhonn rialta i rith na bliana.

Níl aon amhras ach gurb é oscailt an taispeántais gradamúil Yeats: the life and Works of William Butler Yeats ar an 25 Bealtaine mórócáid na bliana. B’ócáid an-tábhachtach freisin í cuairt Bhanríonn Sonja na hIorua ar an Leabharlann ar an 20 Meán Fómhair chun taispeántas péintéireachta leis an ealaíontóir Ioruach Haakon Gullvaag a oscailt. Eagraíodh imeachtaí poiblí eile in áitreabh na Leabharlainne agus is cúis áthais don Bhord an méid spéise a cuireadh sa réimse imeachtaí agus gníomhaíochtaí a chuirtear ar fáil sa Leabharlann. Tugann an Bord faoi deara go háirithe an rath leanúnach atá ar an tsraith Library Late mar a gcuirtear údair cháiliúla Éireannacha agus idirnáisiúnta faoi agallamh os comhair lucht féachana.

Leanadh ar aghaidh le gnáthsheirbhísí leabharlainne i rith na bliana. Ba iad ceannach Bhailiúchán Grianghraif Colman Doyle agus bronnadh ábhar lámhscríbhinne Finnegans Wake i lámh James Joyce agus Nora Barnacle buaicphointí sealbhaithe leanúnacha na Leabharlainne.

Mar atá luaite i gcéad thuarascáil an Bhoird, aithníodh go bhfuil sé ríthábhachtach don fhoras an tsaoráid stórála atá molta le forbairt ar champas na Leabharlainne i Sráid Chill Dara a chur chun cinn. D’ullmhaigh Oifig na nOibreacha Poiblí moltaí leasaithe maidir leis an tsaoráid agus cuireadh iarratas úr faoi bhráid an údaráis phleanála i rith na bliana. Bronnadh cead pleanála i mí Dheireadh Fómhair 2006 ach cuireadh achomharc chuig an mBord Pleanála. Bhí cinneadh deiridh le teacht ón mBord Pleanála go luath sa bhliain 2007.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Aire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta, an tUasal John O’Donoghue TD agus le foireann a Roinne as ucht an spreagtha agus na tacaíochta a thug siad don Bhord i rith na bliana.

Mar fhocal scoir, ba mhaith liom buíochas an Bhoird agus mo bhuíochas féin a chur in iúl ar son an tiomantais agus na tacaíochta a fuarthas ón Stiúrthóir Aongus Ó hAonghusa, ó bhaill fhoireann bainisteoireachta na Leabharlainne agus ó gach ball d’fhoireann na Leabharlainne i rith na bliana.

J Gerard Danaher Cathaoirleach

- 6 - Athbhreithniú agus Achoimre an Stiúrthóra Déantar taifead i dTuarscáil Bhliantúil Bhord Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ar obair na heagraíochta i rith na bliana thar réimse gníomhaíochtaí atá ag síormhéadú. Rinneadh dul chun cinn ar leith chun struchtúr na heagraíochta a neartú trí thús a chur le próiseas straitéiseach pleanála agus trí cheapacháin thábhachtacha foirne.

Bhí bonn maith curtha faoi dheireadh na bliana le plean straitéiseach a dhréachtadh a leagfaidh amach fís fhadtéarmach don Leabharlann agus a aithneoidh na príomhdhúshláin straitéiseacha a bheidh ann don fhoras, maille le haidhmeanna agus cuspóirí an Bhoird chun tabhairt faoi na dúshláin seo.

Ba eochairthéama de chuid na bliana í seachadadh na seirbhísí, agus cuireadh Roinn Seirbhísí Léitheoirí dílsithe ar bun sa Leabharlann chun pleanáil a dhéanamh do gach gné d’fhorbairt seirbhísí agus chun seachadadh seirbhísí a chomhordú: cinnteoidh an beart seo go gcomhlíonfaidh an Leabharlann a dualgas chun na seirbhísí a bhreisiú go mór d’úsáideoirí na Leabharlainne – réimse a aithnítear mar thosaíocht ríthábhachtach sa Bhord.

Tá méadú ag teacht ar thábhacht na dtaispeántas agus na n-imeachtaí in obair na Leabharlainne. Rinneadh forbairt bhreise ar thaispeántais na Leabharlainne nuair a osclaíodh an taispeántas Yeats: the life and works of William Butler Yeats ar an 25 Bealtaine: baineadh úsáid as ábhar as a cuid bailiúchán le forlíonadh ó mhíreanna ar iasacht a cuireadh i suíomh taibhsiúil agus a neartaíodh le teicneolaíocht na faisnéise. Ghnóthaigh an taispeántas roinnt gradam i rith na bliana, lena n-áirítear an gradam Interpred Britain and Irealand ón Eagraíocht um Léirmhíniú Oidhreachta. I measc imeachtaí poiblí eile bhí an tsraith Library Late a mheall cuairteoirí go leor chun na Leabharlainne.

Ba ócáid chorraitheach go háirithe don Leabharlann í óstaíocht a dhéanamh ar ócáid labhairt filíochta ‘YEATS ALOUD’ a eagraíodh i gcomhar le Poetry Ireland. Ghlac os cionn 700 dalta as 105 meánscoil i 23 contae ar fud na hÉireann páirt i réamhbhabhtaí éagsúla den ócáid, agus tionóladh na craobhacha sa Leabharlann ar an 12 Bealtaine.

Rinneadh ceapacháin thábhachtacha foirne i rith na bliana chun struchtúr sinsireach bainistíochta na Leabharlainne a neartú. Tá tábhacht ar leith leis na ceapacháin seo, lena n-áirítear Ceann Airgeadais agus Ceann na nAcmhainní Daonna, i gcomhthéacs struchtúir chuí a chur ar bun chun tacú le Bord Leabharlainne neamhspleách.

Lean an Leabharlann ar aghaidh lena clár gníomhach sealbhaithe i rith na bliana 2006. Cuireadh go sonrach le saibhreas ár gcuid bailiúchán le sé shealbhú ar leith. Ba iad sin: • bailiúchán sé bhileog de lámhscríbhinní le James Joyce a bhí anaithnid go dtí seo, agus a bhí dar leis na saineolaithe “ríthábhachtach mar ghnéithe de chéadiarrachtaí Joyce ar shaothar nua a scríobh tar éis Ulysses.” • páipéir Cholm Tóibín, úrscéalaí, iriseoir, buaiteoir duais IMPAC 2006 don Litríocht agus duine de na scríbhneoirí Éireannacha is mó a bhfuil cáil idirnáisiúnta air. • páipéir liteartha leis an scíbhneoir cáiliúil comhaimseartha Bernard Mac Laverty. • cartlann Ionad Ealaíne an Tionscadail Barra an Teampaill i mBaile Átha Cliath. • bailiúchán grianghraif Colman Doyle, a bhfuil aithne air mar dhuine de na grianghrafadóirí ba thábhachtaí in Éirinn sa 20ú haois.

- 7 - • cartlann shuntasach do mhic léinn Éirí Amach 1916 atá comhdhéanta de 300 litir idir Thomás Ó Cléirigh an chéad fhear a shínigh Forógra na Poblachta agus mórphearsa in eagraíocht réabhlóideach na hÉireann) agus a bhean, agus ábhar gaolmhar.

Mar fhocal scoir, ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl d’fhoireann na Leabharlainne as bliain rathúil eile seirbhísí a thabhairt dúinn. Tá mé buíoch go háirithe do Chathaoirleach Bhord na Leabharlainne, an tUasal J Gerard Danaher AC agus do gach comhalta den Bhord as ucht a gcuid tacaíocha i rith na bliana.

Aongus Ó hAonghusa Stiúrthóir

- 8 -

TUARASCÁIL OIBRIÚCHÁIN

- 9 - Seirbhísí Léitheoirí agus Cuairteoirí

Bhí an Leabharlann ar oscailt don phobal ar feadh 294 i rith na bliana 2006, agus 49 Satharn san áireamh.

Uaireanta Oscailte

Osclaíodh dhá Sheomra Léitheoireachta na Leabharlainne ag a 10.00am gach lá, ón Luan go dtí an Satharn.

Bhí an Príomhsheomra Léitheoireachta ar oscailt go dtí 9.00pm Dé Luain, De Máirt agus Dé Céadaoin; go dtí 5.00pm Déardaoin agus Dé hAoine; agus go dtí 1.00pm Dé Sathairn. Bhí 50 uaireanta oscaile san iomlán gach seachtain.

Bhí an Chartlann Náisiúnta Grianghrafadóireachta ar oscailt ó 10.00am go 5.00pm, ón Luan go dtí An Aoine agus Dé Sathairn óna 10.00am go dtí a 2.00pm.

Bhí Taispeántais sa Leabharlann (James Joyce agus Ulysses ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann a rith go dtí an 10 Márta agus Yeats: the life and works of William Butler Yeats a d’oscail ar an 25 Bealtaine) ar oscailt don phobal ó 10.00am go 7.45pm ón Luan go dtí An Chéadaoin, ó 10.00am go 5.00pm Déardaoin go dtí An Aoine agus 10.00am go 5.00pm Déardaoin agus Dé hAoine agus 10.00am go 12.45pm Dé Sathairn.

Baineadh úsáid as seirbhísí agus saoráidí mar seo a leanas:

• Seomra Léitheoireachta Léarscáileanna Shínigh 27,409 duine an leabhar tinrimh in 2006, 735 níos lú ná in 2005. Tháinig a bhformhór (22,784) idir 10.00 am agus 5.00 in ar laethanta na seachtaine. Shínigh 2,398 duine an leabhar tinrimh tar éis 5.00 in ar an Luan, an Mháirt, an Chéadaoin, agus bhí 2,227 i láthair ar mhaidin Shathairn. Léiríonn an patrún seo meath leanúnach sa líon a thagann chuig an Leabharlann sa tráthnóna agus méadú beag orthu siúd a bhíonn i láthair ar an Satharn. Mar a luadh blianta roimhe seo, cuireann forbairt leanúnach chatalóg ar líne na Leabharlainne agus digitiú na n-acmhainní grafacha ar chumas thaighdeoirí áirithe líon na gcuairteanna ar na Seomraí Léitheoirechta a laghdú. • Seomra Léitheoireachta na Lámhscríbhinní Rinneadh taifead ar 3,538 duine a bhí i láthair in 2006, 142 sa bhreis ar 2005. • Seirbhís Ghinealais Bhain 9,543 úsáid as an tseirbhís seo i rith na bliana, laghdú 190 ar fhigiúr 2005. • Músaem Araltais Shínigh 433 duine leabhar na gcuairteoirí in 2006. Tharla an laghdú sa líon mar go raibh an Músaem dúnta le hathmhaisiú ar feadh tréimhse ama agus á úsáid chun cuspóra eile ina dhiaidh sin. • Taispeántais/Cuairteoirí Is cúis áthais dúinn a thaifead gur tháinig 39,336 cuairteoirí chuig taispeántais Joyce agus Yeats; ní raibh aon taispeántas ann idir 11 Márta agus 25 Bealtaine a fhad agus a bhí taispeántas Joyce á bhaint as a chéile agus taispeántas Yeats á chur isteach, agus is figiúirí cuairteoirí ar feadh deich mí atá san fhigiúir sin dá bharr sin.

- 10 - Cartlann Náisiúnta Grianghrafadóireachta Bhí an dánlann ar oscailt don phobal ar feadh 292 lá, lena n-áirítear 46 Satharn, agus bhí an seomra léitheoireachta ar oscailt ar feadh 246 lá. Lean líon na gcuairteoirí ag méadú go réidh agus tá 29,364 cuairteoir ar taifead don bhliain.

Seirbhísí agus Córais Léitheoirí Tá sé de riachtanas ar gach comhlacht poiblí in Éirinn seirbhís chustaiméirí d’ardchaighdeán a sholáthar. Le cinntiú go bhfreastalaíonn an Leabharlann ar riachtanais a cuid úsáideoirí, cuireadh Roinn Seirbhísí Custaiméirí ar bun. Déantar bainistiú uirthi ag leibhéal an Choimeádaí; i measc na bhfreagrachtaí tá seachadadh seirbhísí a phleanáil agus gach ábhar oibriúcháin a bhainistiú. Tá post sinsireach nuachruthaithe i bhfoireann na Roinne chomh maith, Bainisteoir Oibriúcháin na Leabharlainne; tá an duine seo freagrach as seachadadh laethúil agus tacaíocht do réimse seirbhísí poiblí.

Rinneadh Suirbhé Léitheoirí i gcomhar le foghrúpa Seirbhísí Custaiméirí Choiste Chomhpháirtíochta na Leabharlainne. Cé go bhfuil leibhéal sástachta na gcustaiméirí ard, rinneadh moltaí maidir le gnéithe de chatalóga agus shaoráidí teicniúla na Leabharlainne sna seomraí léitheoireachta a fheabhsú.

Tionóladh fóram oscailte de na léitheoirí ar an 13 Iúil agus bhí 20 léitheoir i láthair. Nochtadh go leor tuairimí agus rinneadh moltaí agus tá sé ar intinn againn an ócáid seo a eagrú ar bhonn bliantúil. Bhain cuid de na tuairimí le heasnaimh sna seirbhísí micreascannáin agus athghrafacha. Chun tabhairt faoi na saincheisteanna seo pleanáladh seomra nua micreascannáin mar chuid de na hoibreacha inmheánacha foirgníochta a bhí le tosú in 2007, agus pleanáladh réimse saoráidí cóipeála féinfhreastail chomh maith.

Tugadh cárta tuairimí isteach mar mheán chun seirbhísí a fheabhsú; beidh tuairimí na léitheoirí ina gcabhair chomh maith chun cairt nua chustaiméirí a dhréachtadh maille le plean gníomhaíochta do chustaiméirí, mar a éilítear faoi na comhaontuithe comhpháirtíochta sóisialta.

De bharr tograí eile Rialtais tá an Roinn ag obair ar bhearta a fhorbairt maidir le daoine le míchumais – lena n-áirítear rochtain fheabhsaithe a phleanáil do bhealaí isteach na bhfoirgneamh – agus scéim Gaeilge.

Lean an Leabharlann ar aghaidh lena seirbhís ghinearálta tagartha a bhain le gnéithe de bhailiúcháin agus de sheirbhís na Leabharlainne. I rith na bliana 2006, d’fhreagair Leabharlannaithe ar Dualgas 4,000 fiosrú teileafóin agus os cionn 2,000 fiosrú ríomhphoist. Bhí fiosruithe faoi bhailiúcháin leabhar i gcló, lámhscríbhinní, nuachtáin agus ginealas chun tosaigh go mór.

Córais Tá freagracht glactha freisin ag Roinn na Seirbhísí Léitheoirí as feidhm ríthábhachtach chomhordú na dtionscadal digiteach sa Leabharlann. Aithnítear an gá atá le dul chun cinn sa réimse seo agus tá roinnt tograí beartaithe. Eagraíodh fóram i mí Iúil idir an fhoireann shinsir agus comhairleoir chun dul chun cinn a dhéanamh ar thograí digiteacha, lena n-áirítear digitiú na mórbhailiúchán.

- 11 - Le súil le héifeachtúlacht a mhéadú, d’údaraigh an Bord cruthú post nua Bhainisteoir Teicneolaíocht Faisnéise (TF). Tugann cruthú an phoist seo aitheantas do tábhacht a bhaineann le tacú le córais chasta TF na Leabharlainne agus iad a fhorbairt ina áitribh éagsúla.

Rinneadh comhpháirtí den Leabharlann i Leabharlann Digiteach na hEorpa, tionscadal a dhéanfaidh comhtháthú ar chatalóga leabhareolaíocha agus ar bhailiúcháin dhigiteacha leabharlanna Eorpacha. Cuirfidh an tionscadal an comhoibriú idir an Leabharlann Eorpach agus tograí cultúrtha neamhleabharlainne eile chun cinn chun leabharlann chuimsitheach dhigiteach Eorpach a chruthú.

Eisíodh éileamh tairisceana i mí an Mheithimh chun suíomh idirlín na Leabharlainne a athdhearadh agus a leathnú. Ba é cuspóir na tairisceana seo gearrliosta a dhréachtadh de chuideachtaí oiriúnacha ar cuireadh cáipéis thairisceana mhionsonraithe chucu. Bronnadh tairiscint i mí na Samhna.

Chun cur leis an aidhm rochtain ar fhoinsí ábhartha ar líne a leathnú, cheannaigh an Leabharlann Páipéir Parlaiminte an House of Commons ar líne; cuireann sé seo bunachar sonraí ar líne ar fáil de théacs iomlán fhormhór pháipéirí parlaiminte na Breataine ón 19ú agus ón 20ú haois. Eochairacmhainní is ea iad seo don léann Éireannach agus ceadóidh an leagan ar líne aistarraing roghnach, ar chúiseanna caomhnaithe, de na bunimleabhair atá i seilbh na Leabharlainne.

Seirbhís Chomhairle Ghinealais Lean an tSeirbhis Chomhairle Ghinealais ag tairiscint seirbhís dhílsithe chomhairleach do thaighdeoirí stair teaghlaigh, ceann de na grúpaí léitheoirí is mó sa Leabharlann. Ba chuairteoirí as Stáit Aontaithe Mheiriceá timpeall aon trian de lucht úsáide na seirbhíse sa bhliain 2006 Cuairteoirí as an Ríocht Aontaithe an dara dream ba mhó, agus is dócha gurb í an tsraith theilifíse ar an BBC, Who do you think you are? a spreag iad. Ba as Éirinn don tríú dream ba mhó a d’úsáid an tseirbhís; cuairteoirí as an Astráil, Ceanada, Meiriceá Theas agus an Eoraip a bhí sa chuid eile.

Ar feadh tréimhse de bhlianta, chuir comhaltaí APGI (Eagraíocht Ghineolaithe Gairmiúla Éireann) seirbhís ghinealaigh ar fáil sa Leabharlann i gcomhar le foireann na Leabharlainne. Ar mhaithe le bheith géilliúil do na riachtanais náisiúnta soláthair, d’eisigh an Leabharlann cáipéis Iarratas Tairisceana chun seirbhís chomhairleach ghinealaigh a sholáthar. Bhí toradh an phróisis thairisceana á bhreithniú ag deireadh na bliana.

Siopa agus Caifé na Leabharlainne Rinneadh leathnú ar shiopa na Leabharlainne i rith na bliana chun spás a dhéanamh do bhreis stoic; díolann an siopa foilseacháin agus leabhair na Leabharlainne maraon le míreanna eile a bhaineann le bailiúcháin na Leabharlainne. Is ar shaincheadúnas ón ngnólacht Brambles Ltd a ritear caifé na Leabharlainne, ar a dtugtar ‘Joly Tearooms’, mar a bhí ó osclaíodh ar dtús é.

Taispeántais

- 12 - James Joyce agus Ulysses Dúnadh an taispeántas James Joyce and Ulysses i mí an Mhárta 2006. D’fhreastail 59,500 cuairteoir ar an taispeántas ó osclaíodh é i mí an Mheithimh 2004 go dtí gur dúnadh é ar an 10 Márta. Bhí líon na gcuairteoirí sa naoi lá dheireanacha den taispeántas níos airde ná mar ba ghnách, agus is dócha go raibh sé seo amhlaidh mar gheall ar an nuacht faoi shealbhú pháipéir Joyce ag an Leabharlann in 2006, páipéir a bhí ar taispeáint sa taispeántas ar an 1 Márta.

WB Yeats: agus Saothar WB Yeats D’fhógair an Leabharlann go poiblí go raibh sé beartaithe taispeántas mór nua a eagrú faoin bhfile William Butler Yeats ar an 11 Eanáir 2006 ag ócáid ar ar fhreastail mac William Butler Yeats, an Seanadóir Micheál Yeats lena bhean Gráinne, agus a n-iníon Síle. Thug ócáid mhí Eanáir suntas don iasacht stórchiste de mhíreanna éagsúla a thug teaghlach Yeats don taispeántas. I measc na míreanna sin a raibh brí shiombalach acu don fhile bhí a chlaíomh samurai, a lapis lazuli, agus a shalmchruit, mar aon le míreanna pearsanta ar nós dlaí dá chuid gruaige, a fháinne agus a spéaclaí, maille le líníochtaí, léaráidí agus litreacha.

Osclaíodh an taispeántas ar an 25 Márta 2006 agus leanfaidh sé ar aghaidh go tús na bliana 2009. Ba é an tAire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta, an tUasal John O’Donoghue TD a sheoil é, agus bhí teaghlach Yeats ina n-aíonna onóracha, an Seanadóir Mícheál Yeats agus a bhean Gráinne, agus a n-iníonacha Caitríona, Siobhán agus Síle ina measc. Chaith foireann na Leabharlainne níos mó ná bliain ag ullmhú an taispeántais le cabhair ó scoláirí agus ó dhíograiseoirí Yeats agus bhí an-mholadh ag an bpobal agus ag na meáin dó. I mí na Samhna, ghnóthaigh an taispeántas ‘The Interpret Britain and Ireland Award’ ón Association of Heritage Interpretation (AHI). Dar leis na breithiúna ‘Is taispeántas eisceachtúil amach is amach é agus ba chóir do chuairteoir ar bith go Baile Átha Cliath a bhfuil spéis acu i stair agus i gcultúr na hÉireann cuairt a thabhairt air’. D’fhreastail níos mó ná 30,000 duine ar an taispeántas ó Mheitheamh go Nollaig 2006.

Tá an Leabharlann thar a bheith buíoch do theaghlach Yeats as ucht ábhar a thabhairt ar iasacht don taispeántas agus as an gcabhair dhíograiseach a thugadar don tionscadal. Tá buíochas ag dul freisin do Anna Mac Bride White, gariníon le Maud Gonne MacBride, a bhí an-fhlaithiúil agus a thug saothar iontach ealaíne le Maud Gonne ar iasacht don taispeántas. I measc na scoláirí Yeats agus na ndaoine eile a bhí fial le comhairle agus le spreagadh bhí Terence Browne, Richard Cave, Roy Foster, RA Gilbert, Warwick Gould, Selina Guinness, Margaret Mills Harper, Declan Kiberd, Neil Mann, JCC Mays, Anne Saddlemyer, Deirdre Toomey agus mórán daoine eile. Ba iad Martello Media a dhear an taispeántas, agus tugadh moladh dá gcuid oibre siúd freisin. Bhí saothair suiteála, ‘Turning the Page’, ann le Leabharlann na Breataine/Armadillo agus ceithre shuiteáil scannáin le Yellow Asylum. Fuair an taispeántas urraíocht ó Anglo Irish Bank agus ón , agus ba mhaith linn ár mbuíochas a chur in iúl dóibh sin chomh maith.

Pearsanachtaí agus Peirspicíocht: taispeántas ar líne 1916 Tugadh suntas d’Éirí Amach 1916 i mí Aibreáin sa Leabharlann trí thaispeántas ar líne d’ábhar ó bhailiúcháin leitheadacha na Leabharlainne a bhaineann leis an tréimhse. Tá an taispeántas ar líne, atá ar fáil ar shuíomh idirlín na Leabharlainne ag www.nli.ie/1916, comhdhéanta de 400 íomhá agus beagnach 38,000 focal téacs. Bhí an taispeántas ‘beo’ ó Luan Cásca an 17 Aibreán. Bhí na híomhánna roghnaithe agus an téacs scríofa ag an Dr Noel Kissane, iar-Oifigeach Oideachais agus Coimeádaí na Lámhscríbhinní sa Leabharlann, agus ba é Dara Creative a dhear

- 13 - an taispeántas. Glactar leis go bhfuil an taispeántas ar líne luachmhar go háirithe do scoileanna a mhúineann stair ag leibhéal an bhunoideachais agus an mheánoideachais. Ghnóthaigh sé an chéad áit sa roinn Meáin Nua/Suíomh Idirlín de Ghradam Éifeachtúlacht Deartha na hÉireann agus ainmníodh é do Ghradam an Golden Spider sa roinn An Suíomh Idirlín Oideachais is Fearr.

Taispeántais ar Iasacht Rinne an Leabharlann óstaíocht ar thaispeántas grianghraif a thóg an fóta-iriseoir gradamúil Meiriceánach Marvin Koner. 1963 an teideal a bhí air, agus bhí sé ar siúl ag an am céanna leis an léacht faoi Léann Bhaile Átha Cliath ‘The Docklands and Development’. Fuarthas an taispeántas seo i bhformáid taistil ar iasacht ón Irish American Heritage Museum, Albany, Nua Eabhrach agus taispeánadh é i bpríomh-halla na Leabharlainne ó lár mhí Feabhra go lár Márta.

Bhí an taispeántas Portraits of Ibsen by Haakon Gullvaag ar siúl sa Leabharlann ón 19 Meán Fómhair go dtí an 20 Deireadh Fómhair. Thug an taispeántas, ina raibh 46 péintéireacht ola de Henrik Ibsen le Haakon Gullvaag, duine de mhórphéintéirí portráide na hIorua, suntas do chomóradh céad bliain bhás an fhile agus an drámadóra ón Iorua. Bhí roinnt míreanna ó bhailiúcháin na Leabharlainne a bhain le léiriúcháin luatha Ibsen in Éirinn ar taispeáint chomh maith, agus thug siad léargas ar a thionchar ar scríbhneoirí Éireannacha, James Joyce go háirithe. Ba í Banríon Sonja na hIorua a d’oscail an taispeántas ar an 19 Meán Fómhair le linn dá fear céile an Rí Haakon IV cuairt Stáit a thabhairt ar Éirinn.

Taispeántais na Cartlainne Náisiúnta Grianghrafadóireachta (NPA) Sheoil an Chartlann Náisiúnta Grianghrafadóireachta (NPA) a sceideal taispeántais do 2006 le Centenary Shadows, cuid de Chomóradh Chéad Bliain Samuel Beckett a d’eagraigh an Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta. Bhí 40 grianghraf sa taispeántas, agus a lán portráidí de Beckett a thóg an grianghrafadóir Éireannach John Minihan ina measc.

I mí an Mheithimh, rinne an NPA óstaíocht ar thaispeántas Grianghrafadóireachta Céimithe Scoile DIT.

Cuireadh Poole’s Photographic Stores: photographing Waterford ar taispeáint ó mhí Iúil go Deireadh Fómhair 2006 agus bhí an-éileamh air.

Ba é Images of Tourism, a tionóladh i gcomhar le Fáilte Éireann, an taispeántas deireanach a bhí ag an NPA i rith na bliana.

Taispeántais taistil Leanadh ar aghaidh le beartas na Leabharlainne taispeántais ghrianghraif a chur go hionaid eile in Éirinn ar mhaithe le feasacht an phobail a mhúscailt agus rochtain ar a cuid bailiúchán a fheabhsú. Cuireadh A Century of News Photographs ar taispeáint i Leabharlanna Dheisceart Chathair Átha Cliath i rith an tsamhraidh in 2006 agus bhí Trainspotting ar taispeáint i Muilte na Sceirí i mí an Mheithimh. Cuireadh an taispeántas Regeneration ar siúl i Leabharlanna Chontae Mhaigh Eo i rith an tsamhraidh. Chuaigh taispeántais taistil an NPA thar lear den chéad uair i mbliana: bhí taispeántas Dubliners sa Bhulgáir ar ócáid oscailt Ambasáid na hÉireann i Sofia san earrach, agus bhí an taispeántas san Aithin san fhómhar. Eagraíodh an dá thaispeántas i gcomhar le hambasáidí na hÉireann.

- 14 -

Oideachas agus for-rochtain Is dócha gurbh í an bhliain 2006 an bhliain ba ghnóthaí agus ba chorraithí fós ó thaobh oideachais agus for-rochtana sa Leabharlann. Tá comhghairdeachas tuillte ag gach ball foirne a chabhraigh linn bliain chomh rathúil a dhéanamh di.

Mheall an tsraith agallamh poiblí, Library Late, a thosaigh sa bhliain 2005, lucht éisteachta mór arís in 2006. Grúpa ilghnéitheach éagsúil a cuireadh faoi agallamh, ina measc Patrick McCabe, Frank McGuinness, Andrew O’Hagan, Colum McCann, Ann Enright, Eavan Boland, Joseph O’Connor, John Connolly, John Boyne, Claire Kilroy agus Bernard McLaverty. I measc na n- agallóirí bhí Fintan O’Toole, Kay Sheehy, Myles Dungan and Hugh Linehan. Ba mhaith leis an Leabharlann buíochas a chur in iúl ar son a gcuid iarrachtaí agus buíochas a ghabháil chomh maith leis na hagallóirí agus leis na scríbhneoirí a bhí chomh fial lena gcuid ama. Tá an Leabharlann buíoch chomh maith don Merrion Hotel, Baile Átha Cliath, Sheridans Cheesemongers, agus do Haus, Baile Átha Cliath, a rinne urraíocht ar Library Late.

Craoladh clár RTÉ, Tonight with Vincent Browne, ó Sheomra Seimineár na Leabharlainne ar an 12 Eanáir. Rinne an clár ceiliúradh ar an Leabharlann agus d’fhéach sé ar ghnéithe éagsúla den chion atá déanta aici do shaol agus do chultúr na hÉireann. Ar an bpainéal bhí an t-Iar- Thaoiseach, an Dr Garret FitzGerald, na staraithe an Dr Margaret MacCurtain agus an tOllamh Kevin Whelan; na scríbhneoirí Colm Tóibín agus Anthony Cronin; Stiúrthóir na Leabharlainne Aongus Ó hAonghusa; Coimeádaí na Lámhscríbhinní Gerard Lyne, agus an Dr Éilis Ní Dhuibhne as foireann Oideachais agus For-rochtana na Leabharlainne.

Bhí sraith léachtaí phoiblí Léann Bhaile Átha Cliath, togra oideachais i gcomhar leis an gcúrsa i Léann Bhaile Átha Cliath in OÉ Mhaigh Nuad agus Ionad Léann Éireannach Boston College, ar siúl sa Leabharlann ó Fheabhra go Márta.

Ar an 9 Feabhra d’fhógair an Leabharlann ‘YEATS ALOUD’ comórtas nua filíochta do dhaltaí iarbhunscoile a eagraíodh i gcomhar le taispeántas Yeats (féach thuas). Bhí an comórtas eagraithe ag an Leabharlann i gcomhar le Poetry Ireland. Ócáid reacaireachta filíochta a bhí ann ina raibh ar na hiomaitheoirí dhá dhán le WB Yeats a rá de ghlan mheabhair, ceann amháin a bhí éigeantach (‘The Song of Wandering Aengus’) agus ceann dá rogha féin. Ba iad Marie Heaney, scríbhneoir agus iarmhúinteoir; Niall MacMonagle, múinteoir, critic agus comhalta de Bhord na Leabharlainne, agus Joe Woods, file agus Stiúrthóir Poetry Ireland, moltóirí an chomórtais. Bhí an comórtas oscailte do dhalta ar bith a bhí ag freastal ar scoil dara leibhéil in Éirinn agus mheall sé timpeall 700 iontráil ó gach cearn den tír. Eagraíodh réamhbhabhtaí réigiúnacha i seacht n-ionad, agus an Leabharlann san áireamh, le leathchraobhacha agus craobh a tionóladh sa Leabharlann ar an 12 Bealtaine. Ba iad seo a leanas buaiteoirí an chomórtais: Carin Hunt, Coláiste Wesley, Baile an tSaoir i roinn na sóisear (an chéad agus an dara bliain), Fiachra Fallon Verbruggen, Coláiste De La Salle, Cill Mhantáin, sa roinn idirmheánach (tríú agus ceathrú bliain), agus Katherine Wade, Coláiste Ursula, Sligeach i roinn na Sinsear (an cúigiú agus an séú bliain). Ba í Katherine Wade an Buaiteoir Ginearálta. Fuair buaiteoir gach roinne seic €300 an duine, cóip shínithe den leabhar is déanaí le Marie Heaney agus seilf leabhar filíochta do leabharlann a scoile, agus ghnóthaigh an Buaiteoir Ginearálta €200 breise, corn a bhí deartha go speisialta ag an ngabha geal Séamus Gill agus leabhar sínithe filíochta le Séamus Heaney. Chomh maith leis sin cuireadh léamh Katherine Wade ar ‘The Song of Wandering Aengus’ isteach sa suiteáil ‘Verse and Vision’ i dtaispeántas Yeats.

- 15 - Eagraíodh léacht le Peter Costello, beathaisnéisí Flann O’Brien, dar teideal Ringsend Cowboys: the Dublin background of Flann O’Brien’s At-Swim-Two-Birds’ sa Leabharlann ar an 7 Meitheamh mar chion na Leabharlainne do chlár imeachtaí Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, One City, One Book, a dhírigh sa bhliain 2006 ar cheann de leabhar Flann O’Brien, At- Swim-Two-Birds.

Ar an 13 Meitheamh, 141ú cuimhneachán bhreith William Butler Yeats, thug an tOllamh Roy Foster, beathaisnéisí údaraithe William Butler Yeats léacht speisialta do bhreithlá Yeats dar teideal ‘Dreading and hoping all’: death in Yeats’s life and work’. Ba é an Dr Adrian Frazier a thug an freagra foirmiúil. Bhí seomra seimineár na Leabharlainne lán go doras don ócáid.

Ag tosú ar an Satharn an 17 Iúil, eagraíodh ‘Seacht Satharn Samhraidh Scéalaíochta’ agus Ceardlanna Cruthaitheacha do leanaí a bhí 5+ bliana d’aois agus 8+ bliana faoi seach. Tionóladh na ceardlanna seo i gcomhar le taispeántas Yeats agus bhí siad bunaithe go garbh ar théamaí sa taispeántas. Rinneadh freastal maith orthu agus chuir siad deis ar leith ar fáil chun an Leabharlann a chur in aithne do lucht éisteachta óg.

I mí Lúnasa d’fhógair an Leabharlann comhoibriú nua leis an Ionad Oideachais Aosach i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath: cúrsa ar shaol agus ar shaothar William Butler Yeats a reachtáladh i gcomhar le Taispeántas Yeats mar chuid de Chlár Oideachais Aosach UCD 2006- 2007. Bhí áit sa chúrsa do 40 duine agus bhí lánfhreastal air sa chéad téarma. Bhí seisiúin an chúrsa ar siúl ar mhaidin Dé Máirt i bhfómhar agus i ngeimhreadh na bliana 2006.

Ghlac an Leabharlann páirt ghníomhach sa tSeachtain Oidhreachta, a tosaíodh ar an 26 Lúnasa 2006, le sraith thuras sa Leabharlann ag am lóin. Bhí turais threoraithe speisialta ann ar thaispeántas Yeats a rinne ceiliúradh ar oidhreacht nádúrtha na hÉireann mar a léirítear í i saothar WB Yeats agus díríodh ar théamaí ar nós ‘hollow lands and hilly lands’ i Sligeach, ‘flapping herons’ agus ‘lake waters lapping with low sounds by the shore’.

I mí Mheán Fómhair thug Banríon Sonja na hIorua cuairt ar an Leabharlann chun taispeántas portráidí de Ibsen le Haakon Gullvaag a oscailt agus chun cuairt a thabhairt ar thaispeántas Yeats. Rinneadh comóradh céad bliain ar Ibsen le sraith léamhanna lóin ag na Dublin Lyric Players a eagraíodh i Seomra Seimineár na Leabharlainne i mí Mheán Fómhair agus Deireadh Fómhair; d’fhéach na léamhanna seo ar théamaí i scríbhneoireacht Ibsen.

Leanadh ar aghaidh leis an téama Ioruach i dhá ócáid eile, Léacht Cuimhneacháin RI Best 2006 ar an 20 Meán Fómhair le Vigdis Moe Skarstein, Leabharlannaí Náisiúnta na hIorua, a thug cuntas sárspéisiúil don lucht éisteachta faoi na cláir dhigitithe, bailiúcháin agus tógála i Leabharlann Náisiúnta na hIorua, agus agallamh poiblí le Myles Dungan leis an úrscéalaí clúiteach Ioruach Lars Saabye Christensen; bhí an ócáid seo i bhformáid Library Late.

Bhí an Leabharlann ar cheann de na príomhfhorais chultúrtha a ghlac páirt sa chéad Oíche Chultúir riamh i mBaile Átha Cliath ar an 22 Meán Fómhair. Is é Iontaobhaí Cultúrtha Bharra an Teampaill, i gcomhar le Comhairle na bhfórsa Cultúrtha Náisiúnta a dhéanann chomhordú ar an ócáid seo. Tá sé á reachtáil le blianta i mórchathracha eile ar fud na hEorpa, lena n-áirítear an Róimh, Páras agus Copenhagen, mar a mbailíonn na mílte daoine chuig ionaid chultúrtha na gcathracha ar an Oíche Chultúrtha.

- 16 - Bhí tinreamh maith ag sraith léiriúcháin de dhrámaí Yeats - At the Hawk’s Well, On Baile’s Strand, The Only Jealousy of Emer agus The Death of Cuchulain – leis na Dublin Lyric Theatres sa Seomra Seimineáir sa tseachtain dheireanach de Mheán Fómhair agus i mí na Samhna.

I mí na Samhna agus na Nollag, d’áisigh an Leabharlann sraith léachtaí, a eagraíodh i gcomhar le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, chun comóradh céad bliain a dhéanamh ar bhreith Mháirtín Uí Chadhain.

Foilseacháin Foilsíodh ceithre heagrán de NLI News i rith na bliana. Tá NLI News bunaithe mar fhoinse thábhachtach faisnéise faoi ghníomhaíochtaí, seirbhísí agus sealbhuithe na Leabharlainne.

Foilsíodh WB Yeats: Work and days nuair a osclaíodh taispeántas Yeats. Cuireann sé rogha de lámhscríbhinní, leabhair, comhfhreagras, ailt, grianghraif, péintéireachtaí agus airgeadáin a dearadh chun turas ‘anam oilithrigh’ Yeats, fear agus scríbhneoir, i láthair, ó tháinig sé in inmhe mar fhile sna 1880í go dtí a bhás i 1939. Ba iad na baill foirne seo a leanas údair an leabhair: James Quin, Éilis Ní Dhuibhne agus Ciara McDonnell. (Ghnóthaigh an leabhar Gradam don Léiriú is Fearr i nGradaim Thionscal na Leabhar CLÉ don bhliain 2006).

Tá 42 bunsaothar, gach ceann díobh bunaithe ar dhán le WB Yeats in A letterpress celebration of WB Yeats, a léirigh mic léinn tríú bliana sa Chumarsáid Fhíseach sa Choláiste Náisiúnta Ealaíne agus Deartha. Cuireadh na priontaí ar fáil le díol in eagrán teoranta d’fhillteáin tionscadail i siopa na Leabharlainne agus bhí siad ar taispeáint sa Leabharlann chomh maith.

I gcomhar le taispeántas Yeats léirigh Yellow Asylum Films DVD le ceithre scannán a coimisiúnaíodh go speisialta don taispeántas: Players and painted stage – Yeats and the theatre; Affairs of the heart – Yeats and the women in his life; The other world – Yeats and the esoteric; agus The mask – Yeats, the public man. Ba í an Leabharlann a d’eisigh é agus tá sé ar fáil ó shiopa na Leabharlainne.

Foilsíodh forlíonadh speisialta 24 leathanach faoi WB Yeats leis an Irish Independent ar an 23 Samhain i gcomhthráth le taispeántas Yeats sa Leabharlann. Bhí Eavan Boland, Bruce Arnold, Diarmuid Ferriter, Niall MacMonagle agus Gerard Dineen ina measc siúd a chuir ábhar ar fáil don fhoilseachán, chomh maith leis na baill foirne an Dr Éilis Ní Dhuibhne, Eoghan Ó Carragáin, Sarah O’Connor agus Sarah Shiel.

D’fhoilsigh Gerard Long, Coimeádaí Cúnta i roinn Leabhair Chlóite na Leabharlainne, dhá aiste faoi ábhair a bhain leis an leabharlann i rith na bliana. Aiste bheathaisnéise faoin gcúntóir leabharlainne James Crawford Neil, a maraíodh trí thaisme in Éirí Amach 1916 a bhí i gceann acu, A writer of great promise (Bethesda, Maryland,Wild Apple Press), agus aiste dar teideal ‘The National Library of Ireland’ in The Cambridge history of libraries in Britain and Ireland, v. 3, 1850-2000, in eagar ag Alistair Black agus Peter Hoare (Cambridge, Cambridge University Press) ba theideal don cheann eile.

Feidhmeanna Seachtracha Baineadh úsáid as halla tosaigh fhoirgneamh Shráid Chill Dara i rith na bliana ar son 12 seoladh leabhar chomh maith le himeachtaí éagsúla eile, lena n-áirítear taispeántas faisin, seoladh Sheachtain Scríbhneoirí Lios Tuathail agus an Feachtas Feasacht Cartlainne 2006.

- 17 -

Tógadh an seomra seimineár ar iasacht ar 29 n-ócáid ag eagraíochtaí éagsúla lena n-áirítear Gréasán Eorpach i gcoinne Ciníochas – Éire, Comhairle Náisiúnta Ban na hÉireann, an Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta, an tÚdarás um Ardoideachas, tasc Think Tank for Action on Social Change, Coláiste Siciatrach na hÉireann, Custom Ireland, Conradh na Gaeilge, an tÚdarás Comhionnanais, agus an Tionscadal BeLong to Youth, Aontas, Grúpaí Cúnta na mBan, Foras na Gaeilge, An Chomhairle Leabharlainne, Cumann Músaem na hÉireann, Cumann Cúnamh Forbartha na hÉireann, Foras Trádála Idirnáisiúnta na hÉireann, Cumann Leabharlanna na hÉireann, Cumann Idirnáisiúnta na mBailitheoirí Léarscáileanna, agus Gníomhaireacht Faisnéise na hEorpa.

- 18 - Forbairt na mBailiúchán Is é aidhm na Leabharlainne ábhair a bhailiú, a chaomhnú agus a chur ar fáil faoi Éirinn nó a bhaineann le hÉirinn, atá foilsithe in Éirinn nó thar lear, maille le bailiúchán tacaíochta tagartha. I rith na bliana 2006, fuair an Leabharlann bailiúcháin shuntasacha liteartha chomh maith le hábhair stairiúla, go háirithe ábhar a bhain le 1916, agus bailiúchán tábhachtach grianghraif.

I measc sealbhuithe na Leabharlainne tá bailiúchán sé bhileog lámhscríbhinní le James Joyce a bhí anaithnid roimhe seo, an tríú shealbhú de lámhscríbhinní le Joyce ón mbliain 2000. I measc buaicphointí liteartha eile bhí sealbhú bailiúchán Clodd d’ábhar clóite a bhaineann le Samuel Beckett, páipéir na n-údar comhaimseartha Colm Tóibín agus Bernard Mac Laverty, agus cartlanna Ionad Ealaíon an Project.

Rinneadh comóradh 90 bliain ar Éirí Amach 1916 sa bhliain 2006, agus dá thoradh sin tháinig a lán ábhair faoin tréimhse ar an margadh. Ba é buaicphointe sealbhuithe 1916 na Leabharlainne bailiúchán suntasach comhfhreagrais le Tomás Ó Cléirigh, an chéad duine a shínigh an Forógra agus pearsa ríthábhachtach san eagraíocht réabhlóideach Éireannach.

Cuireadh le bailiúcháin stairiúla na Leabharlainne nuair a ghlac an Chartlann Náisiúnta Ghrianghrafadóireachta seilbh ar bhailiúchán 25,000 grianghraf le Colman Doyle, a aithnítear go forleathan mar dhuine de na grianghrafadóirí is tábhachtaí in Éirinn sa 20ú haois agus ar dócha gurb é an chéad ghrianghrafadóir faisnéise in Éirinn é.

Tá liostaí, de réir bailiúchán Leabharlainne, de thabhartais shuntasacha i rith na bliana 2006 maille le liosta iomlán deontóirí, ar fáil in Aguisín 1.

Leabhair Chlóite Bronntanais Ba mhaith leis an mBord a bhuíochas a chur in iúl don Uasal Stephen Griffin a thug bronntanas eile leabhar a bhaineann leis na Gaeil i Meiriceá, agus a chabhraigh linn chomh maith leabhair a cheannach a bhaineann le hamharclannaíochtMheiriceánach, Cheanada agus na hEorpa le maoiniú ó thiomnacht fhlaithiúil ón Ollamh Michael O’Neill.

Leabhair Ársa Trí mhargadh na leabhar ársa, agus trí cheantanna poiblí agus eile, déanann an Leabharlann iarracht cóipeanna a fháil de leabhair nach bhfuil sna bailiúcháin cheana féin, ó chlónna luatha Éireannacha agus saothair le húdair Éireannacha a foilsíodh thar lear go foilseacháin éalaitheacha agus ghearrshaolacha níos óige. Fuarthas 1,568 mír i rith na bliana 2006, lena n-áirítear 800 mír i mBailiúchán Samuel Beckett le Alan Clodd, agus níos mó ná 200 le scríbhinn phearsanta Beckett orthu.

I measc foilseacháin spéisiúla a ceannaíodh i rith na bliana tá The Western Wonder: or, O Brazeel, an Inchanted Island discovered; with a Relation of Two Ship-wracks in a dreadful Sea- storm in that discovery le Richard Head, leis an inphrionta ‘London, for N.C., 1674’; Charles Leslie’s A New History of Jamaica in thirteen Letters from a Gentleman to his Friend... (Baile Átha Cliath: clóbhuailte ag agus ar son Oli. Nelson, 1741); M Hare’s The Bastile, or, Manly Sensibility. A Novel… (Corcaigh, clóbhuailte ag James Haly, 1797); The Housekeeper's complete assistant; or, modern system of economical cookery, on a familiar plan: particularly adapted to

- 19 - the finances of what is termed the middle class of society. By an experienced housewife (Baile Átha Cliath, clóbhuailte ag J Charles, 1814), réamhtheachtaí fíorannamh do Mrs Beeton; agus dhá shaothar le Bernard Bird dar teideal A Brief History of Ireland agus The Perambulations of Barney the Irishman, Written by himself, clóbhuailte ag an údar i Sheffield i 1853 agus 1854 faoi seach.

Taisce reachtúil Faoi Alt 56 den Acht Cóipchirt, 1963, tá an Leabharlann i dteideal cóip a fháil, gan mhuirear, de gach leabhar a chéadfhoilsítear sa Stát. De bhíthin na forála seo, fuarthas 1,955 leabhar in 2006. Ba mhaith leis an Leabharlann buíochas a ghabháil leis na foilsitheoirí Éireannacha a chomhlíonann a ndualgas taisce reachtúil go pras, ach ní mór an líon mór leabhar nach bhfaightear go dtí go mbíonn teagmháil chomhfhreagrais agus theileafóin déanta a lua, rud a chuireann stró ar acmhainní na foirne.

Chomh maith leis an ábhar seo, tá an dara cóip de gach leabhar a foilsíodh in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann bailithe ag an Leabharlann. Cuirtear na leabhair seo i mBailiúchán Cúltaca agus coinnítear iad ar leith ón ábhar eile.

Tá forálacha nua taisce dlíthiúla san Acht Cóipchirt agus Ceart Gaolmhar, 2000; ní raibh tús curtha leis na hailt ábhartha (198 agus 199) ag deireadh na bliana áfach.

Gréasán Fógra Leabhareolaíoch Tá liostaí de na hábhair atá faighte ag an Leabharlann faoin reachtaíocht taisce reachtúil á dtiomsú go leanúnach. Tá na liostaí ar fáil ar an suíomh idirlín www.nli.ie (i bhformáid PDF). Bíonn faisnéis faoi fhoilseacháin nua á malartú ag an Leabharlann le leabharlanna eile. Ba mhaith linn ár mbuíochas a chur in iúl ar son chomhoibriú na n-ollscoileanna agus na leabharlanna poiblí éagsúla a chuir an fhaisnéis seo ar fáil don fhoras.

Leabhair Nua Tá sé mar aidhm ag an Leabharlann cóip a fháil de gach teideal nua a fhoilsítear i dTuaisceart Éireann agus leabhair a bhaineann le hÉirinn a fhoilsítear lasmuigh d’Éirinn. Ceannaíodh 1,872 teideal dá leithéid sa bhliain 2006.

Acmhainn Fhoilseacháin Thuaisceart Éireann (NIPR)

Is é aidhm Acmhainn Fhoilseacháin Thuaisceart Éireann (NIPR), atá bunaithe i mBéal Feirste, foilseacháin a foilsíodh i dTuaisceart Éireann ó mhí Eanáir 2000 a bhailiú agus a chatalógú. Tá baint ag an Leabharlann leis an NIPR ó bunaíodh é agus tá ionadaíocht aici i mBord an NIPR. Is chun leas na Leabharlainne aidhm NIPR taisce gach foilseachán i dTuaisceart Éireann a chinntiú, agus cabhraíonn sé léi a cuspóir maidir le cóipeanna de gach ábhar a fhoilsítear ar oileán na hÉireann a bhailiú agus a chaomhnú a bhaint amach. Dáileann bainisteoir an NIPR liosta sealbhuithe go rialta; is mór an chabhair é seo don Leabharlann chun orduithe a aithint agus a chur isteach d’ábhar nua as Tuaisceart Éireann. Chomh maith leis sin, tugann an NIPR foilseacháin don Leabharlann, agus i roinnt cásanna ordaíonn sé foilseacháin thar ceann na Leabharlainne. Fuair an Leabharlann roinnt céadta mír tríd an NIPR sa bhliain 2006.

- 20 -

Lámhscríbhinní Bronntanais Fuarthas 31 bronntanas de lámhscríbhinní i rith na bliana. Ba ó Bhanc Aontas Éireann ctp a fuarthas an príomhbhronntanas liteartha faoi fhorálacha Scéim na gCreidmheas Cánach (Alt 1003 faoin Acht Comhdhlúite Cánach, 1997), bailiúchán sé bhileog lámhscríbhinní anaithnid le James Joyce ón mbliain 1923, an bhliain tar éis do Ulysses a bheith foilsithe. Fuair an Leabharlann cartlanna Ionad Ealaíne an Tionscadail, Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath, foras a thuill cáil ar son an tsaothair nuálaigh dhúshlánaigh amharclainne, ceoil agus dearcealaíon a bhí ann. I measc bronntanas suntasacha eile bhí páipéir ó Ghluaiseacht Frith-Chinedheighilte na hÉireann, agus an eagraíocht a tháinig i gcomharbacht uirthi, Cumann na hAfraice Theas in Éirinn; litir ó Sir Hugh Lane go Richard Caulfield Orpen maidir le Dánlann Ealaíon Cathrach Bhaile Átha Cliath a bhí molta in 1906; litreacha agus páipéir ó phríosúnaigh i bPríosún Knutsfield agus i gCampa Imtheorannaithe Frongoch, 1916; páipéir Sheáin Uí Lúing, an scríbhneoir Gaeilge; agus páipéir eastáit chlann D’Arcy as Páirc de hÍde, Cill Liúcainne, Contae na hIarmhí, 1669-1949.

Ceannacháin Rinneadh 92 ceannachán i rith na bliana. Mar gurb í 2006 comóradh 90 bliain Éirí Amach 1916, cuireadh béim ar ábhar a bhain leis an tréimhse réabhlóideach a fháil. Ba é comhfhreagras Thomáis Uí Chléirigh, le 300 litir idir an Cléireach (céad shínitheoir an Fhorógra agus pearsa tábhachtach san eagraíocht réabhlóideach Éireannach) agus a bhean, maille le comhfhreagras eile lena n-áirítear litreacha a scríobh Ó Cléirigh agus é i bpríosún. I measc míreanna eile a fuarthas bhí litreacha le Éamon de Valera, Piaras Béaslaí agus Liam Ó Maoilíosa agus bunordú sínithe ag Éamon de Valera chuig Eoin Mac Néill, Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann, ag cur slógadh Bhriogáid Bhaile Átha Cliath ar ceal an oíche roimh an Éirí Amach, 1916. I measc sealbhuithe stairiúla níos ginearálta bhí comhfhreagras Pembroke Wicks, rúnaí príobháideach Edward Carson; litreacha le Dónall Ó Conaill; cuntas fhinné súl ar Chath na Bóinne, c. 1690; agus cóip ón 18ú haois de chuntas Sir Richard Boyle, Iarla Chorcaigh agus Ard-Chisteoir na hÉireann ón mbliain 1632.

Fuarthas roinnt bheag bailiúchán de pháipéir agus de léarscáileanna eastáit, lena n-áirítear páipéir chlann Greene as Cill Céidhe, Contae Chill Dara; páipéir an Tiarna Robert Tottenham Loftus, Easpag Chlochair; léarscáil de bhaile Maryborough (Port Laoise), Contae Laoise, 1856; páipéir a bhain le trí heastát agus le Cúirt na nEastát Talún, 1859, 1868 agus 1871.

Ba iad na príomhcheannacháin liteartha: páipéir Cholm Tóibín, duine de na scríbhneoirí Éireannacha is mó a bhfuil clú idirnáisiúnta orthu agus páipéir liteartha an scríbhneora ghradamaigh chomhaimseartha Bernard Mac Laverty. I measc sealbhuithe eile liteartha bhí litreacha Richard Brinsley Sheridan, Lady Sidney Morgan, George Moore, George Bernard Shaw, George Russell, Standish O’Grady agus WB Yeats; bailiúchán beag scríbhinní luatha Austin Clarke, c. 1917-1930; litreacha ó Cyril Cusack go Leslie Gilmour-Wood, 1962-1992; bailiúchán páipéir de chuid Udolphus ‘Dossie’Wright, bainisteoir ardáin Amharclann na Mainistreach, lena n-áirítear 23 litir ó Lady Gregory; páipéir a bhaineann le heagráin dánta le Patrick Kavanagh le John Montague, 1962-1965; Cartlann Eileen O’Casey lena n-áirítear litreacha agus leabhair nótaí, c. 1960í-1970í; ábhar a bhaineann le stair na hAmharclainne in Éirinn, 1970-2004; páipéir Benedict Kiely, 1964-1999, agus codanna de chúig shaothar neamhfhoilsithe le Christy Brown.

- 21 -

Tréimhseacháin agus Nuachtáin Fuarthas 9,726 eagrán aonair reatha tréimhseachán san iomlán.

Fuarthas bronntanas tréimhseachán agus nuachtáin ar bhain tábhacht pholaitiúil leo ó Andrew Steven trí dhea-oifigí Leabharlann an Linen Hall, Béal Feirste. Tá os cionn 1,400 eagrán aonair sa bhailiúchán de thréimhseacháin nó nuachtáin le 167 teideal, ón tréimhse tríocha bliain 1970- 2000.

Fuarthas 280 teideal nuachtán, le 18,900 cóip aonair singil, tríd an taisce reachtúil i rith na bliana. I measc nuachtáin nua réigiúnacha bhí Leitrim Post agus on Monday, an tríú nuachtán seachtainiúil déag as Dún na nGall. D’éirigh Daily Ireland as foilsiú i mí Mheán Fómhair. D’athraigh a theideal go Irish Mail on Sunday ar an 24 Meán Fómhair.

Bhain ceannachán nuachtán le dhá phríomhearnáil, an chéad cheann ina raibh nuachtáin nár foilsíodh in Éirinn, lena n-áirítear formáidí chóip crua d’eagráin reatha Éireannacha de nuachtáin Sasanacha agus de nuachtáin a foilsíodh i dTuaisceart Éireann. Thosaigh an Leabharlann ag sealbhú an Irish Echo: Australia’s Irish newspaper atá á fhoilsiú san Astráil gach coicís ó 1988. Nuachtáin ar mhicreascannán an dara earnáil ceannacháin atá ann. Áirítear anseo sealbhú mhicreascannáin de nuachtáin reatha, chomh maith le sraitheanna siarghabhálacha. I measc sealbhuithe suntasacha na bliana seo bhí iareagráin den Times Literary Supplement, 1993-2006 agus den don tréimhse 1994-2000.

Grianghraif Ceannacháin Ba é bailiúchán grianghraif Colman Doyle an bailiúchán ba thábhachtaí a fuarthas i rith na bliana. Tá aithne leitheadach ar Colman Doyle mar dhuine de na grianghrafadóirí ba thábhachtaí in Éirinn sa 20ú haois. Tá formhór an bhailiúcháin 25,000 mír comhdhéanta de chlaonchlónna, agus an chuid eile (timpeall 2,000 mír) ina bpriontaí grianghrafadóireachta. Is dóchúil gurb é Doyle an chéad ghrianghrafadóir faisnéise in Éirinn, agus bhí cáil ar a phortráidí íocónacha de cheannairí polaitiúla, laochra spóirt agus figiúirí liteartha, chomh maith lena ghrianghraif d’oileánaigh agus de ghnáthmhuintir Chiarraí agus mhuintir na hÉireann uile. I measc sealbhuithe spéisiúla eile tá tríocha sleamhnán daite ó Michael Diggin, grianghrafadóirí as Ciarraí. Tá íomhánna as Ciarraí, Gaillimh, an Blascaod agus Árainn, agus as áiteanna eile ar fud na tíre sa bhailiúchán seo. Tá íomhánna spéisiúla ann chomh maith de thuíodóirí agus gabhanna ag obair.

Ceannaíodh roinnt albam i rith na bliana. Tá íomhánna a thóg Guy Studios sna 1890í sa ‘Guy Cork Album’. Is bailiúchán taibhsiúil íomhánna ó Poole Studios é an ‘Waterford Album’; thiomsaigh cairde le Jane Day an t-albam mar bhronntanas di sular imigh sí ar imirce as Port Láirge sa bhliain 1899. Bhí an t-albam ar taispeáint i dtaispeántas Poole’s Photographic Stores. Is albam é an ‘Transport Presentation Album’ atá ceangailte agus maisithe go hálainn le 19 grianghraf de bhainisteoirí loingis, iarnróid agus iompair ó Chomhdhálacha Tráchta Éireannacha agus Sasanacha agus Dheisceart na hÉireann i 1902. Tá an ‘Italian Military Album’ spéisiúil mar tá taifead ann d’óglaigh i gCogaí Saoirse na hIodáile c. 1860, agus tá portráid ann freisin den

- 22 - Tiarna Otho Fitzgerald agus grianghraif le Sir Robert Shaw, beirt a bhí ina mbunaitheoirí ar Chumann Grianghrafadóireachta na hÉireann.

Deonacháin Bhronn clann Dick Kinsella a Bhailiúchán ar an Leabharlann. Bhí an tUasal Kinsella ag obair mar ghrianghrafadóir le Ceardchumann Iompair agus Ilsaothair na hÉireann idir 1940 agus 1960; tugann a bhailiúchán taifead den scoth de ghníomhaíochtaí ceardchumainn agus den saol tionsclaíoch in Éirinn i lár an 19ú haois.

Dhá albam is ea na ‘Ireland Albums’ a thugann taifead iontach d’Éirinn i mblianta deiridh an 19ú haois. Bhronn an tUas PB Maher iad agus tá grianghraif an-spéisiúla ann de chontaetha Bhaile Áth Cliath agus na Gaillimhe, agus grianghraif as Árainn ina measc.

Priontaí agus Líníochtaí Bronntanais Fuaireamar bronntanais áirithe le linn na bliana 2006, ina measc prionta bloc adhmaid dar teideal Waiting at the station – Gas from a Burner leis an ealaíontóir Ollonach Jan de Bie. Is prionta é de James Joyce ag obair i seomra feithimh an stáisiún traenach ag Flushing ar chósta na hÍsiltíre, meastar gur thosaigh sé ag scríobh a ionsaí aorúil Gas from a Burner san áit sin agus é ar a bhealach go Trieste as Baile Átha Cliath.

Thug Haakon Gullvaag, duine de na healaíontóirí comhaimseartha is cáiliúla san Iorua, prionta d’eagrán teoranta cheann dá phortráidí de Ibsen, tar éis taispeántais a tionóladh do chomóradh chéad bliain Ibsen i mí Mheán Fómhair.

Thug Martyn Turner, an cartúnaí is mó cáil in Éirinn, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, bronntanas fial flaithiúil 900 bunchartún agus 300 cartún ón tsraith PUC don Leabharlann. Tá An tUasal Turner ag bronnadh cartún laethúil don Irish Times ó na 1970idí luatha. Is bronntanas iad na cartúin ó na 1980idí agus na 1990idí agus clúdaíonn siad imeachtaí suntasacha polaitiúla agus sóisialta le linn na tréimhse seo chomh maith le cúrsaí polaitíochta idirnáisiúnta.

Ceannacháin Lean an Leabharlann ar aghaidh ag leathnú a bailiúcháin priontaí agus líníochtaí a bhaineann le hÉirinn. I measc na gceannachán ba shuntasaí i rith na bliana bhí Figures in an Irish Cabin le FW Topham, An Album of drawings of Irish, English and continental scenes including Paris and views of Killiney and Wicklow le George Hodson (1806-1888) agus roinnt priontaí le Elizabeth Rivers.

Cuireadh dhá bhailiúchán cartún leis na bailiúcháin, cartlann de na bunchartúin le ‘Shemus’, an t- ealaíontóir Ernerst Forbes, don Freeman’s Journal a bhí sa chéad cheann. Pléann na cartúin le ceisteanna críochdheighilte, ‘the Irish Question’ na Dubhchrónaigh, stailceanna agus dífhostaíocht. Tá scigphictiúir ann de Lloyd George, Edward Carson, Erskine Childers, Eamon De Valera, Winston Churchill, An Ginearál Richard Mulcahy, An Captaen William Redmond agus daoine eile. Fuarthas an dara bailiúchán, 1,000 bunchartún polaitiúil, ó Martyn Turner, an cartúnaí clúiteach a fhoilsíonn a shaothar san Irish Times. Bhronn an tUasal Turner an chuid is mó de na cartúin seo, níos mó ná 900. Féach an nóta faoi Bronntanais thuas.

- 23 - Foilseacháin Oifigiúla Lean an Leabharlann ar aghaidh in 2006 ag sealbhú bailiúcháin chuimsitheacha d’fhoilseacháin ó Rialtas na hÉireann agus ó rialtas Thuaisceart Éireann, chomh maith le foilseacháin roghnaithe ó rialtas na Breataine.

Fuair an Leabharlann deonachán chomh maith d’fhoilseacháin oifigiúla a bhaineann le Tuaisceart Éireann agus ó Acmhainn Fhoilseacháin Thuaisceart Éireann (NIPR). Nuair a bheidh siad catalógaithe, cuirfidh na míreanna seo go mór leis an mbailiúchán.

De bhreis air sin, cuireadh timpeall 2,140 mír i dtaisce ag na heagraíochtaí idirnáisiúnta seo a leanas i rith na bliana: Comhairle na hEorpa An tAontas Eorpach Eagraíocht Bia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe An Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach An Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta An Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair An Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta An Eagraíocht um Shlándáil agus Chomhoibriú san Eoraip Na Náisiúin Aontaithe Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúrtha na Náisiún Aontaithe (UNESCO) Eagraíocht Sláinte an Domhain Eagraíocht Trádála an Domhain

San iomlán, cuireadh níos mó ná 3,400 mír leis na bailiúcháin Éireannacha agus Briotanacha i bhFoilseacháin Oifigiúla i rith na bliana. Níl ábhar a d’fhoilsigh comhlachtaí leathstáit san áireamh, ná foilseacháin ranna rialtais, nach mbíonn eisithe ag oifig na bhFoilseachán.

Nithe Breacshaolacha Bronntanais Fuair an Roinn deonacháin éagsúla in 2006, lena n-áirítear bailiúchán cláir bhailé Éireannacha; tacar cártaí Nollag a dhear Elinor Wiltshire; leabhar ceadanna Rialtas na Breataine chun cuairt a thabhairt ar Thrá Lí dátaithe Iúil 1918; clár comórtha ar son bhronnadh Shaoirse Bhaile Átha Cliath ar Ronnie Delaney agus Bob Geldof (tá an clár sínithe ag Bob Geldof chomh maith); agus clár Exiles le James Joyce do léiriú Amharclann Náisiúnta na RA de.

Ceannacháin I measc ceannacháin shuntasacha na bliana bhí postaeirí a bhí deartha ag na healaíontóirí Éireannacha Margaret Clarke agus Seán Keating don Empire Marketing Board, 1929-1930; postaer ag fógairt ‘ticéidí fillte ar tháille singil’ ag an Great Northern Railway chuid Taispeántas Déiríochta an RDS i 1885; postaer de chuid Rialtas Sealadach na hÉireann ag cáineadh De Valera agus na ‘irregulars’; agus postaer neamhghnách ó 1929 do chruinniú poiblí a bhí eagraithe ag Coiste Chairde Frank Ryan.

I measc nithe gearrthéarmacha eile a ceannaíodh bhí líon mór cláir amharclainne ó bhailiúchán an Dr John Cowell, aisteoir in Amharclann an Gheata; cló an-luath as Ceatharlach ‘Regulations for the several prisons in the Kingdom’; agus mála grósaera ó c. 1880, priontáilte do Edward Duggan Grósaer Teaghlais as Baile Bricín, Co. Phort Láirge, ag fógairt Rialtas Dúchais.

- 24 -

- 25 - Próiseáil agus Catalógú

Leabhair Chlóite

I rith 2006 rinneadh catalógú ar fhormhór na leabhar a fuair an Leabharlann trí thaisce reachtúil, chomh maith le rogha leabhar a foilsíodh in áiteanna eile agus a ceannaíodh. Rinneadh catalógú ar 2,467 leabhar san iomlán, agus ba bhuntaifid catalóige 483 díobh sin. Tá an figiúr níos ísle ná mar a bhí blianta eile mar gheall ar laghdú ar líon na foirne i roinn catalógaithe na Leabharlainne. Gintear buntaifead catalóige murar féidir taifead a fháil i mbunachar sonraí an OCLC (Online Computer Library Center/Ionad Leabharlainne Ríomhaire Ar Líne), seirbhís idirnáisiúnta leabharlainne atá bunaithe i SAM. Is minic nach mbíonn ábhar atá gann nó nach bhfuil aithne leitheadach air bailithe ag an Leabharlann nó foilseacháin dhéanacha Éireannacha áirithe i mbunachar sonraí an OCLC.

Rinneadh dul chun cinn áirithe ar riaráiste ábhar a shortáil, a sheiceáil agus a chatalógú, ábhar atá carnaithe leis na deicheanna de bhlianta; ach rinneadh dul chun cinn ar ráta níos moille ná an bhliain roimhe seo mar gheall ar ghanntanas foirne.

Lámhscríbhinní Cuireadh liostaí do na bailiúcháin seo a leanas i gcrích in 2006: - Páipéir Laighean (Liosta Bailiúcháin 116) comhdhéanta de pháipéir eastáit agus dlí agus de chomhfhreagras pearsanta chlann Mhic Gearailt, iarlaí agus níos déanaí diúicí Laighean, 1559-1997. - Páipéir John Redmond (Liosta Bailiúcháin 118) atá comhdhéanta de chomhfhreagras agus pháipéir pholaitiúla John Redmond (1856-1918). - Páipéir Bonaparte-Wyse (Liosta Bailiúcháin 119), páipéir Sir Thomas Wyse (1791-1865) agus a bheirt mhac Napoleon Alfred (1822-1895) agus William Charles (1862-1892) Bonaparte-Wyse, agus a gharmhac Andrew Nicholas Bonaparte-Wyse (1870-1940). - Páipéir Smyth as Barbarvilla (Liosta bailiúcháin 120), páipéir eastáit agus teaghlaigh chlann Smyth as Barbavilla, Contae na hIarmhí, 1521-c. 1930.

Chomh maith leis sin, ullmhaíodh timpeall 150 taifead catalóige MARC do mhíreanna aonair agus do bhailiúcháin bheaga.

Bhí obair leanúnach ar siúl ar na bailiúcháin seo a leanas ag deireadh na bliana: Lismore, Oireachtas na Gaeilge, Hugh Leonard agus Monteagle.

Tréimhseacháin Rinneadh catalógú ar 105 tréimhseachán i rith na bliana. Rinneadh leasú ar mhórán taifead tréimhseacháin eile mar gheall ar thosca éagsúla ar nós athrú teidil, cónascadh foilseachán, fáltas eagráin níos luaithe trí thabhartas nó trí theagmháil le foilsitheoir, agus tosú nó críochnú foilseacháin.

- 26 - Ionad ISSN na hÉireann Tá Ionad ISSN na hÉireann freagrach as ISSN (Sraithuimhreacha Caighdeánacha Idirnáisiúnta) a shannadh do gach sraithfhoilseachán a fhoilsítear i bPoblacht na hÉireann, bainistiú a dhéanamh ar iarratais ar ISSN, agus sonraí a tharchur chuig an mbunachar sonraí idirnáisiúnta ISSN.

Ó lár 2005 tá sonraí á n-iontráil agus á n-eagrú go díreach ag Ionad na hÉireann sa bhunachar sonraí idirnáisiúnta ISSN, ag baint úsáide as bogearraí cliaint. Léiríonn anailís ar roinn na hÉireann den bhunachar sonraí go raibh Éire freagrach as 4,962 taifead ar an 31 Nollaig 2006, nuair a chuirtear uimhreacha neamhshannaithe san áireamh. Mar gheall ar athruithe sa chóras, níl sé indéanta comparáid a dhéanamh idir iomlán na bliana seo agus blianta roimhe seo.

Sannadh 134 ISSN nua in 2006 (166 i 2005) agus rinneadh iontráil nó leasú ar 207 taifead.

Taifeadadh 1,562 teagmháil (ar fón, facs, ríomhphost nó go pearsanta) le foilsitheoirí, lena n- áirítear fiosruithe maidir le ISBN agus barrachóid go ginearálta. Tugann na teagmhálacha seo deis go minic dúinn a gcuid dualgas maidir le Taisce Reachtúil, lena n-áirítear leabhair a chur i dtaisce, a mheabhrú d’fhoilsitheoirí.

Ghlac Stiúrthóír Ionad ISSN na hÉireann páirt sa 3ú Cruinniú Fíorúil de Ghrúpa na nÚsáideoirí Cliaint ar an 25 Meán Fómhair, an 31ú Cruinniú de Stiúrthóirí Ionad ISSN ar an 26 go 28 Meán Fómhair agus i seimineár faoi Bhailiúcháin Dhigiteacha, ar an 29 Meán Fómhair, a tionóladh i Leabharlann Náisiúnta na Sualainne, Stócólm.

Grianghraif Leanadh le catalógú na ngrianghraf as Bailiúchán Independent Newspapers (Ireland) ar an gcatalóg ar líne agus íomhánna digiteacha ceangailte leo. Cuireadh catalógú an bhailiúcháin seo i gcrích suas go 1930 i rith na bliana, agus rinneadh digitiú agus catalógú freisin ar íomhánna a bhain le taispeántas samhraidh an Chartlann Náisiúnta Ghrianghrafadóireachta Poole’s Photographic Stores.

Aistríodh an liostáil lámhscríofa don tréimhse 1916-1940 de Bhailiúchán Independent Newspapers (Ireland) go bunachar sonraí, agus cuireadh tús leis an obair chun liostáil bhunachar sonraí a dhéanamh de Shraith Bhéal Feirste as Bailiúchán Independent Newspapers (Ireland).

Aistríodh Bailiúchán Morgan agus Bailiúchán Steropair go formáid bhunachar sonraí chomh maith.

Priontaí agus Líníochtaí Cuireadh tús le tionscadal chun albaim thopagrafacha ar leibhéal bailiúcháin a chatalógú i mí an Mhárta 2006. Rinneadh catalógú ar nócha albam idir sin agus mí na Nollag 2006.

Cuireadh catalógú Bhailiúchán Brian Lalor (81 prionta, 22 líníocht) i gcrích ag leibhéal míre i rith na bliana chomh maith.

- 27 - Foilseacháin Oifigiúla Lean an obair ar aghaidh le clár iardhearcach catalógaithe d’Fhoilsiúcháin Oifigiúla Thuaisceart Éireann agus na hÉireann. Cuirfidh an clár seo feabhas mór ar chumas na n-úsáideoirí chun míreanna a aimsiú sa chatalóg ar líne.

Ábhar Breacshaolach Rinneadh catalógú go leibhéal míre ar bhailiúchán an Empire Marketing Board, ar Chartlann Phreasa Naomh Sepulchre agus ar Phiontálacha Taylor 1798. Cuireadh catalólgú bhailiúchán LO Folders i gcrích i rith na bliana, agus lean an obair ar aghaidh le catalógú fhorógra neamhliostaithe stairiúla agus le sealbhuithe nua.

Cuireadh tús le hatheagrú agus athrangú bhailiúchán na bhForógraí Stairiúla. Tá ábhar á athrangú in earnála éagsúla ábhar agus lánuimhreacha glao á gcur ar fáil.

- 28 - Buanchoimeád agus Caomhnú

Lean an Leabharlann ar aghaidh i rith na bliana lena ranníocaíocht airgeadais, agus lena rannpháirtíocht, in obair an National Preservation Office (NPO) sa Ríocht Aontaithe. Tá an Leabharlann ar cheann de na comhlachtaí Éireannacha a dhéanann ranníocaíocht don NPO, lena n-áirítear Cartlann Náisiúnta na hÉireann, Leabharlann Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus Cuibhreannas na Leabharlann Náisiúnta agus Ollscoile (CONUL).

Caitheadh an chuid is mó den chéad sé mhí de 2006 le hobair a bhain le mórthaispeántais Joyce agus Yeats na Leabharlainne. B’éigean taispeántas Joyce a bhaint de chéile go cúramach, agus ábhar a bhí ar iasacht a ullmhú le tabhairt ar ais dá n-úinéirí. Ullmhaíodh an-chuid ábhair, a fuarthas ó na bailiúcháin chlóite agus lámhscríbhinní araon, chomh maith le hábhar ar iasacht ó chlann Yeats agus ó Anna MacBride White, le taispeáint i dtaispeántas Yeats a osclaíodh i mí Bhealtaine. Chomh maith leis sin, d’ullmhaigh an fhoireann chaomhnaithe ábhar do thaispeántas Henrik Ibsen i halla tosaigh na Príomh-Leabharlainne.

Sa chuid dheireanach den bhliain bhí ról tábhachtach ag an bhfoireann chaomhnaithe in eagrú Suirbhé Measúnú Caomhnaithe ar shealúis na Leabharlainne, ag baint úsáide as modh samplaithe a bhí forbartha ag an NPO. San ullmhúchán eo táirgeadh léarscáileanna mionsonraithe de gach ceantar stórála bailiúcháin agus rinneadh cainníochtú ar gach bá seilfre i méideana aonaid a aontaíodh leis an NPO tar éis cuairteanna suímh. Faoi dheireadh na bliana, bhí an-dul chun cinn déanta ar an obair ullmhúcháin agus bhí tús curtha le samplú ar bhailiúcháin na Leabharlainne.

Leabhair Chlóite Leanadh ar aghaidh leis an obair athchóiríochta ar chuid de na bailiúcháin, a oiread is a cheadaigh an t-am i bhfianaise an éilimh a rinne na bailiúcháin éagsúla. Bhí an fhoireann chaomhnaithe rannpháirteach go leanúnach i dtionscadal micreascannáin an Gale Group ESTC (Catalóg Gearrtheideal de leabhair Bhéarla a foilsíodh 1485-1800). Déantar gach teideal a scrúdú roimh scannánú le cinntiú gur féidir míreanna atá an-leochailleach a aithint agus mionchóireáil chaomhnaithe a dhéanamh orthu. Chuir an fhoireann chaomhnaithe comhairle, oiliúint agus moltaí ar fáil maidir le haire agus le láimhseáil le linn na scannánaíochta; nuair a bhí an scannánaíocht thart rinne siad maoirseacht ar bhoscú chéimiúil na míreanna scannánaithe.

Lámhscríbhinní agus ábhair na hOifige Ginealais Leanadh ar aghaidh le hobair athchóiríochta ar mhíreanna sa bhailiúchán. Cuireadh béim ar leith ar imleabhair as miosúr a athchóiríocht i mboscaí céime: rinneadh athchóiríocht ar 103 mír mar sin go garbh i rith na bliana.

Chomh maith leis an moll mór oibre a bhain le hullmhú agus le cothabháil bhailiúchán Yeats don taispeántas, rinneadh obair freisin ar réada agus feistí a ullmhú d’ábhair lámhscríbhinne a taispeánadh mar chuid de thaispeántas Beckett le John Minihan sa Chartlann Náisíúnta Ghrianghrafadóireachta.

Rinneadh caomhnú, ceangal agus cóiríocht ar imleabhar lámhscríofa le dialann phríosúnaigh de chuid na bhFiníní, i ngabhdán a tógadh go speisialta sular cuireadh le cúiréir é go Músaem Phríosún Fremantle in Iarthar na hAstráile mar ar suiteadh i dtaispeántas é.

- 29 - D’fheidhmigh Mathew Cains, Caomhnóir mar chúiréir, agus i mí Mheán Fómhair d’aithris sé léacht poiblí a d’ullmhaigh Gerard Lyne, Coimeádaí na Lámhscríbhinne, dar teideal ‘The Catalpa Escape – from Fremantle to Freedom’.

Tréimhseacháin agus Nuachtáin Neamhchosúil le monagraif, bíonn timthriall fada saoil ag formhór na nuachtán agus na dtréimhseachán, rud a chruthaíonn tiomantas ardchostais d’fhoras ar bith a thugann faoina gcoinneáil ar feadh tréimhse ama. Is é beartas na Leabharlainne cóipeanna ionaid de nuachtáin a fháil ar mhicreascannán nuair is féidir ar mhaithe le rochtain a sholáthar do léitheoirí; is féidir na bunchóipeanna a stóráil ansin mar eagráin scaoilte i mboscaí saor ó aigéad. Cuirtear tréimhseacháin chuig ceanglóirí tráchtála le ceangal iomlán nó druile a dhéanamh orthu, nó más cuí, stóráiltear iad mar eagráin scaoilte i mboscaí saor ó aigéad.

Rinneadh caiteachas le linn 2006 le gníomhaireacht sheachtrach chun 660 imleabhar nuachtáin agus 105 imleabhar tréimhseacháin a cheangal, chomh maith le druilcheangal a dhéanamh ar 721 imleabhar de thréimhseacháin agus 28 deiseachán a dhéanamh. Cuireadh ceangal intí ar 101 mír chomh maith. Fuarthas boscaí saor ó aigéad chun eagráin scaoilte de thréimhseacháin agus de nuachtáin reatha a stóráil.

NEWSPLAN Tugann Coistí Feidhmiúcháin NEWSPLAN in Éirinn agus sa RA agus Painéal NEWSPLAN na hÉireann tacaíocht don obair thábhachtach micreascannánaíocht chaomhnaithe a dhéanann an Leabharlann. Tháinig coistí na hÉireann le chéile gach re uair i mBéal Feirste agus i mBaile Átha Cliath agus d’fhreastail ionadaithe ón Leabharlann ar na cruinnithe seo go rialta.

Rinne an tAonad Micreascannán táirgeadh ar 271 spól nuachtán ar mhicreascannáin in 2006. Rinneadh scannánú ar 19 dteideal éagsúla, líon a bhí teoranta go maith i gcomparáid le blianta eile. Ba thoradh é seo ar athstruchtúrú in obair an Aonad Micreascannánaíochta; agus an líon mór eagrán den Evening Echo as Corcaigh a bhí á scannánú. Rinneadh liosta a dhréachtú den 45 teideal ‘tosaíocht 1’ a bhfuil comhaid i gcóipeanna crua ag an Leabharlann díobh. Is orthu seo a dhéanfar an chuid is mó den scannánú in 2007.

Chomh maith leis an scannánú, fuair an Leabharlann micreascannáin chomh maith in áit nuachtáin i gcóip chrua ar baineadh tromúsáid astu nó a raibh damáiste déanta dóibh, agus micreascannáin de nuachtáin Éireannacha nach raibh i dtaisce sa Leabharlann.

Díoladh nuachtáin ar mhicreascannáin le leabharlanna contae, le leabharlanna Ollscoile agus le daoine príobháideacha.

Grianghraif Cuireadh an chuid is mó d’athchóiríocht bhailiúchán na bhforógraí mórfhormáide stairiúla i gcríoch. I measc ábhair eile a sortáladh agus a athchóiríodh i rith na bliana bhí: gach fógra dráma, Cartlann an St Sepulchre’s Press, bailiúchán Priontaí Taylor 1798 agus mórán Ábhar Breacshaolach nua-aimseartha. Leanadh ar aghaidh leis an obair ar bhailiúchán Ábhar Breacshaolach amharclainne Holloway agus cuireadh tús leis an obair ar athchóiríocht na gclár ó amharclanna beaga Éireannacha.

- 30 -

Leanadh ar aghaidh le boscú céime agus le tascanna eile caomhnaithe ar albaim luatha ghrianghrafadóireachta a bhí faighte le gairid.

Priontaí agus Líníochtaí Lean Ceanglann caomhnaithe Delmas ar aghaidh ag obair do Roinn na bPriontaí agus na Líníochtaí i rith na bliana. Rinneadh caomhnú iomlán ar gach saothar i mBailiúchán Stapleton mar ullmhúchán do mhórthaispeántas agus d’fhoilsiú líníochtaí in 2007. Rinneadh cóireáil freisin ar 135 bunchartún le Gordon Brewster (1889-1946).

Tionscadal Léarscáileanna na Suirbhéireachta Ordanáis Cuireadh tús i mí an Mheithimh le caomhnú léarscáileanna Suirbhéireacht Ordanáis na Leabharlainne; tá dícheangal, glanadh, deisiúchán agus athchóiríocht le déanamh ar na léarscáileanna maille le sonraí na léarscáileanna a iontráil i mbunachar sonraí Léarscáileanna na Suirbhéireachta Ordanáis. Ba é clár digitithe na Suirbhéireachta Ordanáis a dheimhnigh tosaíochtaí an tionscadail, mar go bhfuil léarscáileanna ón Leabharlann á n-úsáid mar chúiteamh ar bhearnaí i sealús na Suirbhéireachta Ordanáis féin. D’ullmhaigh an tSuirbhéireacht Ordanáis 3,959 léarscáil le digitiú sa dara chuid de 2006.

Foilseacháin Oifigiúla Leantar ar aghaidh leis an obair chaomhnaithe ar an ábhar is leochaillí agus is mó úsáide. Mar gheall ar ghanntanas spáis, tá bailiúcháin áirithe nach n-úsáidtear ró-mhinic lonnaithe amach ón suíomh ar ghlaoch 48 uaire. I bhfianaise na srianta spáis, tiomsaíodh athbhreithniú ar bheartas na mbailiúchán le súil le hionadaithe ar líne a úsáid nuair is féidir. Mar shampla, cuireann roinnt de na heagraíochtaí idirnáisiúnta foirmeacha leictreonacha de mhórán dá gcuid foilseachán ar fáil.

Ábhar Breacshaolach Cuireadh an chuid is mó d’athchóiríocht bhailiúchán na bhforógraí mórfhormáide stairiúla i gcríoch. Lean an obair ar aghaidh ar bhailiúchán Ábhar Breacshaolach amharclainne Holloway. Rinneadh gach fógra dráma a shortáil agus cuireadh tús le hathchóiríocht na gclár ó amharclanna beaga Éireannacha. I measc ábhair eile a sortáladh agus a athchóiríodh i rith na bliana bhí: gach fógra dráma, Cartlann an St Sepulchre’s Press, bailiúchán Priontaí Taylor 1798 agus mórán Ábhar Breacshaolach nua-aimseartha.

Ceanglann Chaomhnaithe Leanadh ar aghaidh le feidhmiú an chórais cheangail comhréidh i bhFoirgneamh na Seirbhísí Teicniúla ar feadh na bliana; rinneadh próiseáil ar 1,094 mír. Chomh maith le ceangal, rinneadh obair ar 689 bosca céime a thógáil agus ar mhuinchillí Mylar don ábhar a bhí coinnithe sna boscaí, i bhfoirm bileoga nó paimphléidí den chuid is mó.

- 31 - Oifig an Phríomh-Arailt Is é Príomh-Aralt na hÉireann a dhéanann feidhmeanna reachtúla an Bhoird maidir le haraltas, eadhon taighde a dhéanamh mar gheall ar armas, iad a bhronnadh agus a dheimhniú agus na taifid a eascraíonn as na feidhmeanna sin a choimeád, a chaomhnú agus a chur i riocht a gceadaithe. Bronnann an Oifig armas ar dhaoine aonair chomh maith le comhlachtaí corparáide agus údaráis chathardha.

Cuireadh 17 Paiteann Arm i gcrích le linn 2006, lena n-áirítear paitinn a bhronn airm ar Dheoisí Aontaithe Chorcaí, Chluain agus Rosa, Eagraíocht Ghineolaithe Gairmiúla na hÉireann agus beirt iar-Ard-Mhéara ar Bhaile Átha Cliath. Rinneadh píosa beaga eile sa bhreis orthu sin, ar nós meirgí don Royal Naval Association (Corcaigh agus an Contae) An Roinn Seoltóireachta agus Cumann Seoltóireachta Chuan na Gaillimhe. Bhíothas ag obair ar 27 gcomhad oscailte faoi dheireadh na bliana.

Leanadh ar aghaidh le péinteáil iontrálacha chuig tionscadal an “Black Register” mar a thugtar air, le athphéinteáil á déanamh ar na céadta cóta armais a iontráladh i gClár na nArm in Oifig an Phríomh-Arailt idir 1936 agus 1980, agus a ndearnadh taifead orthu le cóipeanna fótastat dubh agus geal ar dtús, i rith na bliana. Rinneadh grianghraif de os cionn 130 iontráil ionas gur féidir digitiú a dhéanamh orthu níos moille agus go mbeidh rochtain orthu i suíomh idirlín na Leabharlainne.

Cuireadh an Rolla Armais a tosaíodh le linn an 25ú Comhdháil Idirnáisiúnta de na hEolaíochtaí Ginealaigh agus Araltais i mBaile Átha Cliath in 2002 don taispeántas ag an 27ú Comhdháil i St Andrew’s na hAlban. Bhí sé beartaithe go mbeadh an Rolla Armais ina thaifead orthu siúd a d’fhreastail ar Chomhdháil Bhaile Átha Cliath. Tá sé péinteáilte ar veilleam agus níos mó ná méadar ar fhad, le 131 cóta armais agus ciumhaiseanna maisithe. Is saothar uathúil armais nua- aimseartha é agus bhí an-ghlacadh ag na teachtaí leis ag Comhdháil St Andrew’s. Foilsíodh imeachtaí an 25ú Comhdháil i CD-Rom agus cuireadh é chuig na teachtaí uile, agus chuig daoine eile a d’iarr cóip.

I rith na bliana, phléigh foireann Oifig an Phríomh-Arailt le timpeall 1,200 fiosrú agus iarratas a fuarthas i litreacha, i ríomhphost agus ar an teileafón. Bhuail baill foirne le níos mó ná 200 duine a ghlaoigh isteach go pearsanta chun na hOifige.

Tugadh cuireadh don Phríomh-Aralt léacht Lá Naomh Aindriú a thabhairt do Chumann Araltair na hAlban ar an 4 Nollaig. Ba é ábhar an léachta ‘Sources for Scottish Heraldry in Ireland from 1315 to 1850’.

Chuaigh an Príomh-Aralt go Ceanada freisin ar chuireadh ón Royal Heraldry Society of Canada. D’fhreastail sé ar chomhdháil de chuid an Chumainn agus thug sé léacht faoi obair Oifig an Phríomh-Arailt. Thug sé cuairt freisin ar Údarás Araltais Cheanada agus bhuail sé le haraltaigh agus le péintéirí ansin.

Bhí ionadaí ag an Oifig ag an 27ú Comhdháil Idirnáisiúnta de na hEolaíochtaí Ginealaigh agus Araltais, a tionóladh i St. Andrew’s, Albain i mí Lúnasa.

- 32 -

AN BORD AGUS COISTÍ AN BHOIRD

- 33 -

Bord Leabharlann Náisiúnta na hÉireann Ba í 2006 an chéad bhliain iomlán den Bhord. Cuireadh béim ar leith i rith na bliana ar phleanáil straitéiseach don Leabharlann, ar nósanna imeachtaí cuí corparáideacha a chur i gcrích agus ar fhoireann shinsireach a earcú.

Bhí ról tábhachtach i gcónaí ag na trí chinn de choistí an Bhoird (idir reachtúil agus neamhreachtúil) ag tabhairt cúnaimh agus comhairle don Bhord faoi ábhair a bhain lena réimsí freagrachta.

Is é príomhról an Bhoird cúrsaí straitéise, beartais, airgeadais agus nósanna imeachta a chinntiú, anailís agus athbhreithniú a dhéanamh ar bheartaíochtaí éagsúla na Leabharlainne agus moltaí ó na Coiste a mheas.

Feidhmíonn an Bord de réir phrionsabail na gcleachtas is fearr de réir treoirlínte na Roinne Airgeadais mar atá leagtha amach sna Cóid Chleachtais do Rialachas Chomhlachtaí Stáit atá corpraithe i gCód Cleachtais an Bhoird agus sa cháipéis um Rialachas Corparáideach a glacadh i mí Dheireadh Fómhair 2006, maidir lena chuid beartaíochtaí féin agus úsáid na gCoistí. De réir na nAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí 1995 agus 2001, críochnaíonn comhaltaí Boird ráiteas leasa don Stiúrthóir agus don Choimisiún um Eitic in Oifigí Poiblí.

De réir an ‘Chód Cleachtais do Rialachas Comhlachtaí Stáit’ tá an Leabharlann géilliúil go hiomlán do bheartas an Rialtais maidir le pá na bpríomhfheidhmeanach agus na bhfostaí comhlachtaí stáit agus le treoirlínte an rialtais um tháillí a íoc le comhaltaí Boird. Tá pá an Phríomhfheidhmeannaigh/Stiúrthóir na Leabharlainne ag cloí leis an scála tuarastail do Phríomhoifigeach ar Scála Ard.

Comhaltaí an Bhoird 2006 J Gerard Danaher SC (Cathaoirleach) Patrick F Clyne Bob Collins Ida Delamer Breda Kelly Máire Mac Conghail Susan McGrath Niall MacMonagle Brendan O Donoghue James O’Shea Margaret Toomey (go dtí Nollaig 2006) Noreen Whelan

Coistí Reachtúla 2006 An Coiste Gnóthaí Ginealais agus Araltais Cuireann an Coiste seo comhairle ar an mBord faoi nithe a eascraíonn as cumachtaí reachtúla agus feidhmeanna an Bhoird i gcúrsaí ginealais agus araltais.

Patrick F Clyne (Cathaoirleach) Ciara Breathnach Shane English

- 34 - Paul Gorry Máire Mac Conghail Brendan O Donoghue

Aongus Ó hAonghusa – ex-officio Fergus Gillespie – ex-officio

Coiste Comhairleach na Léitheoirí Cuireann an Coiste seo comhairle ar an mBord maidir le hábhair a bhaineann le seirbhís leabharlainne agus faisnéise a sholáthar do bhaill den phobal, lena n-áirítear litríocht faoi bhailiúcháin na Leabharlainne a dháileadh.

Noreen Whelan (Cathaoirleach) Marie Coleman J Anthony Gaughan Angie Kinnane Seamus Leahy Marie Reddan

Coiste Neamhreachtúil Mar chuid den athbhreithniú leanúnach córasach ar chúrsaí rialála agus rialachais sa Leabharlann, is é ról an Choiste Iniúchóireachta maoirseacht a dhéanamh ar fheidhm na hIniúchóireachta Inmheánaí agus comhairle a chur ar an mBord maidir leis an bhfeidhm sin agus lena fhorbairt.

Breda Kelly (Cathaoirleach) Bob Collins John O Callaghan Freastal ar chruinnithe Boird Bhí deich gcruinniú ar Bhord na Leabharlainne Náisiúnta i rith na bliana. Tá an Bord comhdhéanta de 12 chomhalta agus an tUasal J Gerard Danaher SC ina Chathaoirleach. Tá beirt ionadaithe de chuid Chumann Ríoga Bhaile Átha Cliath, Ida Delamar agus Patrick Clyne ar an mBord, arna gceapadh ag an Aire faoi alt 19(9) d’acht 1997, agus ionadaí foirne amháin, Margaret Toomey, arna ceapadh faoi alt 19(8) den Acht. Tháinig deireadh le téarma oifige iníon Toomey i mí na Nollag nuair a chuaigh sí ar scor ón Leabharlann. Ba mar seo a leanas a bhí an freastal ar dheich gcruinniú an Bhoird:

J Gerard Danaher (Cathaoirleach) 10 Patrick Clyne 7 Bob Collins 8 Ida Delamer 9 Breda Kelly 10 Susan McGrath 6 Máire Mac Conghail 9 Niall MacMonagle 8 Brendan O Donoghue 9 James O’Shea 0 Margaret Toomey 10 Noreen Whelan 9

- 35 -

FORBAIRT EAGRÚCHÁIN

- 36 -

Corparáidiú Cuireadh béim leanúnach ar phróiseas an trasdula go stádas Boird agus ar aitheantas corparáideach ar leith a fhorbairt sa Leabharlann sa tréimhse atá á athbhreithniú de réir fhorálacha an Achta um Fhorais Chultúir Náisiúnta 1997.

Líonadh dhá phost thábhachtacha i seirbhísí riaracháin inmheánacha na Leabharlainne – Ceann Airgeadais agus Ceann Acmhainní Daonna. Rinneadh na ceapacháin seo, a bhfuil éifeacht leo ó Eanáir agus ó Fheabhra 2006 faoi seach, tar éis comórtas oscailte earcaíochta. Cuireadh acmhainní foirne eile a aontaíodh mar chuid den chorparáidiú ar bun chomh maith, ina measc Ardoifigeach Feidhmiúcháin ag tuairisciú chuig an gCeann Airgeadais agus Oifigeach Feidhmiúcháin eile ag tuairisciú chuig Ceann na nAcmhainní Daonna.

Tar éis feidhmeanna neamhspleácha Airgeadais agus AD/HR a bhunú, a oibríonn faoi na Cinn Airgeadais agus Acmhainní Daonna, ghlac an Leabharlann níos mó freagrachta as forbairt na réimsí seo a bhainistiú, agus bhí mórfhorbairtí ann in 2006, lena n-áirítear:

Airgeadas:

• Le héifeacht ón 1 Eanáir 2006, ghlac an Leabharlann freagracht as a feidhm phárolla féin trí shaoráid roinnt seirbhísí a fheidhmíonn an Roinn Dlí agus Cirt, Comhionnanais agus Athchóirithe Dlí i gCill Áirne.

• Rinneadh ullmhúchán agus iniúchadh ar na chéad chuntais reachtúla do Leabharlann don tréimhse 3 Bealtaine 2005, agus comhlíonadh na sprice reachtúla lena gcur faoi bhráid an Ard-Stiúrthóir Cuntas agus Ciste/Aire. Bhí an fhaisnéis riachtanach faoi dhliteanas pinsin san áireamh sna cuntais chomh maith de réir an Chaighdeáin Chuntasaíochta nua FRS17. Bhí an fhaisnéis dheiridh sin tiomsaithe ag na comhairleoirí airgeadais, Aon, a roghnaíodh tar éis próiseas tairisceana le cinntiú go mbeadh an Leabharlann géilliúil don chaighdeán nua Cuntasaíochta.

• Tar éis moladh a fháil ó Choiste Iniúchóireachta an Bhoird, d’iarr an Leabharlann tairiscintí d’fheidhm iniúchóireachta inmheánaí ó fhoinsí allamuigh sa chuid dheireanach den bhliain 2006.

Acmhainní Daonna:

• Tháinig córas pearsanra ríomhbhunaithe, ar a dtugtar an Córas Bainistiú Acmhainní Daonna (HRMS) i bhfeidhm sa Leabharlann i mí an Mhárta 2006.

• Rinneadh athsheoladh ar an gCóras Bainistíochta agus Forbairt Feidhmíochta (CBFF) i mí an Mhárta 2006, agus cuireadh seisiúin athoiliúna ar fáil don fhoireann ar fad.

• Cuireadh beartais um chosaint leanaí agus beartais (leasaithe) um bhulaíocht agus chiapadh i bhfeidhm.

- 37 - • Tugadh conradh don Fhoras Riaracháin go déanach in 2006 chun Anailis Riachtanais Oiliúna a dhéanamh ar an Leabharlann le súil le plean oiliúna trí bliana a ullmhú mar thaca do sheachadadh cuspóirí gnó na Leabharlainne.

• Tugadh faoi roinnt feachtas ardú céime agus earcaíochta in 2006 lena n-áirítear próiseas earcaíochta do phost nua mar Bhainisteoir Teicneolaíocht Faisnéise (TF) (líonta go luath sa bhliain 2007).

Pleanáil Straitéiseach I rith na bliana 2006, thosaigh an Leabharlann ar Phlean Straitéiseach trí bliana 2007-2009 a ullmhú, agus d’aontaigh an Bord croí-aidhmeanna agus cuspóirí an phlean i mí na Samhna 2006. Bhí próiseas an-leitheadach comhairliúcháin istigh san eagraíocht agus lasmuigh di chun an dréachtphlean a ullmhú. Fuarthas tacaíocht áisithe ó chomhairleoir, a ceapadh tar éis próiseas tairisceana. Fuarthas freagra sláintiúil ón bpobal tar éis fógra nuachtáin, agus ó eagraíochtaí leasmhara agus socraíodh cruinnithe déthaobhacha leis na príomhpháirtithe leasmhara chomh maith.

Foirgnimh Ó bunaíodh é tá béim á cur ag an mBord ar an ngá atá le bonneagar fisiciúil na Leabharlainne a fheabhsú. Aithníonn an Bord gur tionscadal ríthábhachtach é saoráid stórála a fhorbairt ar shuíomh Shráid Chill Dara. D’ullmhaigh Oifig na nOibreacha Poiblí moltaí leasaithe maidir leis an tsaoráid agus cuireadh iarratas úr faoi bhráid an údaráis phleanála i rith na bliana. Bronnadh cead pleanála i mí Dheireadh Fómhair 2006 ach cuireadh achomharc chuig an mBord Pleanála. Bhí cinneadh deiridh le teacht ón mBord Pleanála go luath sa bhliain 2007.

Cuireadh tionscadal beag oibreacha i gcrích i bpríomhfhoirgneamh na Leabharlainne sa dara leath de 2006; d’fheabhsaigh sé seo na réimsí seirbhíse don phobal, le spás breise do shiopa na Leabharlainne agus cóiríocht níos fearr don fhoireann.

Comhpháirtíocht Tháinig Coiste Comhpháirtíochta na Leabharlainne le chéile seacht n-uaire i rith na bliana 2006 agus pléadh réimse leathan ábhar lena n-áirítear tuarascála ar dhul chun cinn an chláir nuachóirithe mar a éilítear faoi chomhaontú na gComhpháirtíochta Sóisialta “Buanú an Fhoráis”; Plean Gníomhaíochta nua a ullmhú don Leabharlann faoin gcomhaontú Comhpháirtíochta Sóisialta “I dTreo 2016”; ceisteanna seirbhís chustaiméara, agus dréachtscéim Gaeilge.

Comhchomhairle Eadráine Tionóladh cruinniú tosaigh na Comhchomhairle Eadráine – fóram caidreamh tionscail na Leabharlainne – ar an 21 Meitheamh 2006 agus bhí dhá chruinniú eile ag an gComhairle in 2006.

Sláinte agus Sábháilteacht; Leanann an Leabharlann ag déanamh bearta lena gcosnaítear sláinte agus sábháilteacht na foirne agus na gcuairteoirí de réir mar a éilítear faoi Acht um Shláinte, Sábháilteacht agus Leas ag an Obair, 2005. Bhí trí chruinniú ag Coiste Sláinte agus Sábháilteachta na Leabharlainne sa bhliain 2006.

I measc tograí sláinte agus sábháilteachta bhí siad seo a leanas:

o Oiliúint gharchabhrach don fhoireann o Cúrsa Oiliúna i Láimhseáil

- 38 - o Druileanna dóiteáin; o Traenáil aisréadóra; o Vacsaín fliú fóirdheonaithe don fhoireann; o Seirbhís scagadh sláinte fóirdheonaithe don fhoireann; o Measúnú priacal VDU do gach ball foirne;

Ag cruinniú na Samhna 2006, d’aontaigh an Bord go mbeadh mír shláinte agus sábháilteachta ar chlár oibre an Bhoird gach ráithe. Is mír sheasta é sláinte agus sábháilteacht ag gach cruinniú de Choiste Comhpháirtíochta na Leabharlainne agus na Comhchomhairle Eadráine comh maith.

Saoráil Faisnéise Tá an Leabharlann géilliúil do na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise 1997 agus 2003.

Fuair an Leabharlann aon iarratas déag faoi na hAchtanna i rith na bliana 2006, deonadh deich gcinn go hiomlán nó i bpáirt agus tarraingíodh ceann acu siar. .

Scor D’éirigh na baill foirne seo a leanas as as an Leabharlann in 2006:

• Dónall Ó Luanaigh • Peter Kenny • Margaret Toomey • Stephen McCormack

Guíonn an Leabharlann gach rath orthu agus iad ar scor.

Líon na Foirne Seo mar a leanas miondealú ar na poist foirne sa Leabharlann in 2006, lena n-áirítear na poist bhreise riaracháin a faomhadh chun cabhrú le bunú na Leabharlainne mar chomhlacht neamhspleách.

Grád Líon na bPost

Stiúrthóir 1 Coimeádaí 6 Coimeádaí Cúnta Grád 1 9 Príomhoifigeach Cúnta/Comhionnan 4 Coimeádaí Cúnta Grád 2 14 Comhalta Taighde 1 Caomhnóir 2 Péintéir Araltach 1 HEO/comhionnan 4 Oifigeach Teicniúil Sinsir 1 Grianghrafadóir 1 Oifigeach Feidhmiúcháin 3 Cúntóir Sinsir Leabharlainne/Oifigeach 4 Teicniúil Oifigeach Caomhnúcháin 1 Oifigeach Foirne 1

- 39 - Oifigeach Cléireachais 12 Glantóir 3 Freastalaí Seirbhísí 2 Guthánaí 1 Cúntóir Leabharlainne Grád 1 5 Cúntóir Leabharlainne Grád 2 4 Cúntóir Leabharlainne Grád 3 17 Freastalaithe Eolaíochta agus Ealaíne 8 Tréimhsí Léinn 3 Foireann Siopa (páirt-aimseartha) 5 Glantóirí (páirt-aimseartha) 2 Bainisteoir Taispeántais (sealadach) 1 Treoraí Turais (sealadach) 2 IOMLÁN 119

Iontaobhas Leabharlann Náisiúnta na hÉireann Tugann Iontaobhas Leabharlann Náisiúnta na hÉireann deis do dhaoine cúnamh taca a thabhairt don Leabharlann le deonachán nó tiomnacht. Is comhlacht formheasta é an tIontaobhas de réir na céille atá leis sin faoi alt 848 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997. Is féidir deonacháin cháinéifeachtúla a dhéanamh ag daoine aonair agus ag comhlachtaí corparáideacha. Lóisteáladh deonacháin de luach €795.65 chun sochar an Iontaobhais in 2006.

- 40 - Aguisín 1 Deontóirí agus Deonacháin

Leabhair, paimphléidí srl Stephen Griffin: Baliúchán mór leabhar faoi na Gaeil i SAM.

Lámhscríbhinní Gan ainm: Cóip d’uacht William Hopkins as Cluain na nGall, Contae Cheatharlach, Éire, 1809. Grúpa AIB: Dréachta réamh-‘work in progress’ Finnegans Wake, 1923 le James Joyce, 6 bhileog An tUasal Peter Bomford: Páipéir chlann Bomford. Bailiúchán cáipéisí faoi chlann Bomford as Oakley Park, Ceannanas Mór, Contae na Mí, lena n-áirítear uachta, gníomhais, agus léasanna a bhaineann le clanna Bomford, Coates, agus Maxwell agus tailte sa Mhí, i mBaile Átha Cliath agus i Luimneach. 1692-1910.

An tUasal Aleksandar Bocvarov: Clóscríbhinn script scannáin le Aleksandar Bocvarov dar teideal “When a man is red”. Admháil go Karol Makowski. Suite i mBaile Átha Cliath. 2006. An Maor Michael D’Arcy: Bailiúchán páipéar a bhaineann le Clann D’Arcy as Páirc de hÍde, Cill Liúcainne, Contae na hIarmhí. Comhfhreagras, gníomhais, páipéir eastáit, leabhair chuntais. 1669-1946. Clann Delap: Litir ó Sir Hugh Lane go Richard Caulfield Orpen (25 Lúnasa, 1906) maidir le Dánlann Cathrach Ealaíon do Bhaile Átha Cliath. An tUasal Anthony Ffrench: Gearrtháin nuachtáin agus comhfhreagras faoi Ghluaiseacht Frithchinedheighilte na hÉireann agus na feachtais i gcoinne fógraíochta in Éirinn do phoist san Afraic Theas. Michael Gwinnell: Tráchtas PhD le Mary Frances Gwinnell dar teideal ‘Some aspects of the historical geography of County Wexford 1770-1870. An tUasal John F Headen: Timahoe: Suppressed branch of the Irish National League. Miontuairiscí chruinniú míosúil 7 Iúil 1889. Maille le portráidí den Chairdinéal Cullen, Robert Emmet agus William Smith O’Brien. Ms Yvonne Jerrold: Páipéir Robert Brennan. Bunchlóscríbhinní/lámhscríbhinní dá scríbhinní, bronnta ag a ghariníon. An tUasal Robert J Kavanagh: ‘The Errors of Religion’, lámhscríbhinní neamhfhoilsithe le Morgan Peter Kavanagh (c.1800-1874, údar úrscéalta agus saothair fhocleolaíochta). An tUasal John Kearney: Dráma le AN Coughlan dar teideal ‘The return room – a play in 4 episodes.’ Clóscríbhinn le hanótálacha líonmhara lámhscríbhinne, scríofa i 1965. Catherine agus John Lalor: Cóip de mhórleabhar cuntas feirme “Lalor Family of Clonegowan, County Laois: Farm Account Book” ca 1850-1903. An tUasal James Larkin: Bailiúchán ailt nuachtáin agus comhfhreagras (cóipeanna iad uile) maidir le James Larkin, ceannaire ceardchumainn agus comhbhunaitheoir Pháirtí an Lucht Oibre. Bailithe agus bronnta ag a gharmhac nach maireann níos mó. An tUasal Jim Larragy: Cartlann Eite Chlé Antoisceach na hÉireann, 1960í-1970í. Foilseacháin agus paimphléidí leithéidí an Irish Workers Group (IWG), Irish Militant, An Solas agus Worker’s Republic.

- 41 - An tUasal Jim Larragy: Cartlan IWG: 222 mír lena n-áirítear cóipeanna de nuachtlitreacha inmheánacha, Apprentices United, bileogs, forógraí, litreacha, gearrtháin phreasa, paimphléidí agus cláir. An Dr Rolf Loeber: Ceithre leabhar nóta lámhscríofa le Francis Carroll. Leabhar nótaí lámhscríofa le DJ O’Donoghue. Innéacs ainmneacha bréige le Francis Carroll. Innéacs chéad línte dánta Gaeilge le Francis Carroll. Leabhar nótaí innéacs le Francis Carroll, lena n- áirítear sceits pheann luaí dar teideal “Winter”. Ca 1959. Leabhar nótaí lámhscríofa faoi fhocail le Francis Carroll. Leabhar nótaí lámhscríofa le D.J. O’Donoghue. An tUasal Andrew Logue: Reformatory and Industrial Schools Systems Report, 1970; Cóip d’fhoirm iarratais CARE don Seimineár ‘Secure Accommodation and Disordered Youngsters’ Feabhra 25, 1978; cóip de litir chuig an gCathaoirleach, CARE, ón Roinn Oideachais, Márta14, 1978; paimphléad dar teideal ‘Urgent: who wants a children’s prison in Ireland?’ tiomsaithe agus dáilthe ag CARE, Campaign for the Care of Deprived Children, Feabhra 1978; deich ngearrthán nuachtán ó , The Irish Independent, agus The Sunday Independent, 1978-1979. An tUasal Rafique Mottiar: Páipéir Ghluaiseacht Frithchinedheighilte na hÉireann agus na heagraíochta a tháinig i gcomharbacht uirthi, Cumann na hAfraice Theas in Éirinn. Clann Bartholomew agus Helena Murphy: Cuimhniúchán do Mharcas Salisbury agus Príomh- Rúnaí na hÉireann bainteach le reachtaíocht mholta a rachadh i bhfeidhm ar rialtas áitiúil na hÉíreann. Mary O’Connell: Lámhscríbhinn agus nótaí clóscríofa faoi stair Ghlas Naíon agus a cheantair. An tUasal Brendan O Donoghue Léacht le Brendan O Donoghue ag seoladh leabhair Print Culture and Intellectual Life in Ireland, 1660-1941: essays in honour of Michael Adams (6 Iúil 2006). Eithne O’Leary: Páipéir Blake Knox. Taifid eastáit, léarscáileanna agus comhfhreagras a bhaineann le sealúchais in Iarthar na hÉireann, i Londain agus i mBaile Átha Cliath. An Ró-Oirmh Tomás B Ó Luanaigh, SP: Tráchtas MA 2004 le Tomás B Ó Luanaigh dar teideal: A chomharsain, ná leighidh an chainnt breá fén gcré: imscrúdú ar ‘saíocht’ paróiste Chiarraí i mBéara. Gearóid Ó Lúing agus Róisín Ní Lúing: Páipéir Sheáin Uí Lúing. Rugadh i mBaile an Fhirtéirigh, Contae Chiarraí i 1917, bhí sé ag obair i Rannóg Aistriúcháin Dháil Éireann idir 1943 agus 1982. I measc a shaothar tá beathaisnéisí Gaeilge Art Uí Ghríofa, John Devoy, Ó Donnabháin Rossa agus beathaisnéisí Béarla de Thomas Ashe agus Kuno Meyer. Tá leabhair nótaí lámhscríofa, comhfhreagras, cáipéisí, clóscríbhinní, profaí leabhar, dréachta agus gearrtháin nuachtáin sa bhailiúchán. Aighleann O’Shaughnessy: Litir ó William (Gwilym) George, deartháir D Lloyd George, chuig Máirtín Ó Flathartaigh, rúnaí, An Chomhairle Oideachais, Baile Átha Cliath, maidir le caomhnú na Breatnaise agus ag fiosrú conas a úsáideann comhlachtaí poiblí an Ghaeilge in Éirinn, 1950. Aighleann O’Shaughnessy: Cóip de chuid a dó de ‘A Spirit of the Nation’, bailiúchán bailéad a foilsíodh ar dtús sa nuachtán ‘The Nation’. Bailéid agus anótáil le Thomas Davis. An tUasal Dermot O’Shea: Admhálacha ilghnéitheacha tís chlann Stanley as Seangánach, Cábán tSile, ó na 1930í. Susanne Pegley: Trí leabhar bailiúcháin rátaí na mbocht (ceangal éadaigh), ceann do gach ceann de na toghcheantair Chluain Conaire, Cluain Saileach agus Sagart in aontas Chill Droichid, Contae Chill Dara, 1855. An tUasal Declan Ryan: Bailiúchán John Ryan: Cártaí imeartha san áireamh: cuimhneachán de charcrú John Ryan i bPríosún Mhoinseo agus de stailceanna ocrais na bPríosúnach Poblachtach i nDeireadh Fómhair agus i mí na Samhna 1923. Tá gach cárta sínithe. Cóip de ‘Operations of War’ le Hamley, inscríofa ag Seán T Ó Ceallaigh go Frank Aiken. Litreacha

- 42 - sínithe ó Nellie Murphy agus P O’Loughlin chuig Debbie Garvey, Cathair Saibhbhín, Contae Chiarraí. Cárta Lá le Pádraig (1924) ó ‘thacadóir i dTuaisceart Locht Garman’ chuig John Ryan, Campa Harepark, An Curach. Sceits dúigh/dobhardhath den saol i gCampa Imtheorainne an Churaigh, dar teideal ‘Queueing up for unrationed goods’. Cárta Phríosún Mhoinseo do John Ryan. Maura Scannell: Cóip d’alt nuachtáin faoi Percy French ón Formsby Times (11 Aibreán, 2002) dar teideal ‘Famed writer to be remembered’ le Kevin Matthews. An tUasal Brendan Toomey: Litreacha agus páipéir John Toomey agus Joseph Toomey maidir lena gcuid ama i bPríosún Knutsford agus i gCampa Imtheorainnithe Frongoch, 1916, maille le leabhar sínithe príosúin do Frongoch. Litir ó Kevin O’Higgins ag ceapadh an Uasail Toomey mar Ghobharnóir ar Phríosún Phort Laoise, 1922. Tagairtí ón nGinearál Costello agus ón nGinearál MacMahon 1923-1928.

Tréimhseacháin agus Nuachtáin

Na hAthracha Muireacha, Dún Dealgan: Bailiúchán de 20 nuachtán ilghnéitheach as Baile Átha Cliath 1820-1841.

An tUasal Andrew Steven: Bailiúchán de thréimhseacháin agus de nuachtáin thábhachtacha pholaitiúla.

Grianghraif

Clann Kinsella: Bailiúchán Dick Kinsella de ghrianghraif gníomhaíochtaí ceardchumainn 1940-61.

PB Maher: Albaim na hÉireann

Priontaí agus Líníochtaí

Jan de Bie: Prionta bloc adhmaid dar teideal Waiting at the station – Gas from a Burner

Haakon Gullvaag: Prionta d’eagrán teoranta de phortráid de Ibsen.

Martyn Turner: 900 cartún polaitiúil don Irish Times.

Ábhar Breacshaolach

Rory Campbell: Bailiúchán de chláir bhailé Éireannacha

Maura Scannell: Cártaí Nollag deartha ag Elinor Wiltshire.

Richard Fisher: Leabhar ceadúnais ó Rialtas na Breataine chun cuairt a thabhairt ar Thrá Lí, dar dáta Iúil 1918.

Patrick Hawe: Clár comórtha do bhronnadh Saoirse Chathair Bhaile Átha Cliath ar Ronnie Delaney agus Bob Geldof (tá an clár sínithe ag Bob Geldof).

Roy Clements: Clár do léiriú an UK National Theater de Exiles le James Joyce i 2006.

- 43 -

Ábhair eile

Sa bhreis ar na míreanna liostaithe atá luaite thuas, thug na deontóirí seo a leanas go fial do bhailiúcháin na Leabharlainne in 2006:

Gilbert James Adams Teampall Americana Buddhist Ollscoil Aristotle Thessaloniki

Ciorcal Scríbhneoirí Dhroichead na Banna Jennifer Barrer An tAthair M Barrett Leabharlann Lámhscríbhinni agus Leabhair Uathúla Beinecke, Ollscoil Yale Ionad Oidhreachta Ghaeil Birmingham Preas Blackstaff Diarmuid Breathnach Giuseppe Brescia The British Record Society Patrick Byrne

Jimmie E. Cain Francisco Carneiro de Cunha Kevin Anthony Cheevers Christopher Reeve Foundation The Church of Scientology Inc., An Astráil The City of God, California, USA Roy Clements Club of Odd Volumes Mr James E. Crockett Leabharlann na Cipire An Dr Bruce Davison Jan de Bie An Roinn Gnóthaí Eachtracha Brigida Desebrock Iontaobhas Divine Park, An Ind Eamon Doyle

Foilsiúcháin Elkhound Christine Ellis Ambasáid Phoblacht na Tuirce Coimisiún Comhionannais do Thuaisceart Éireann

- 44 - Faireachlann Eorpach um Chórais Sláinte agus Pholaitíochta

Patrick Farrell An tOllamh Fabio Flego The Forest of An Dr Wilhelm Fuger

Gen-Find Research Associates Inc Catherine Godwin Gritpoul Inc Robert Grumbacher Thomas Gunther

Bryan agus Jenny Hacker Harmonia Press An Dr HGA Hughes Patrick Hawe Hitotsubashi University

Preas Idirnáisiúnta Domhanda OCSCO Caidrimh Idirnáisiúnta Astan Quds Razavi An Fondúracht Ioslamach, Leicestershire Island Publications, Aontroma

Foilsiúcháin JAH Robert Leland Johnson John agus Marion Johnston

Catherine Kavanagh An Dr Margaret Kelleher

John Lalor Thomas P Langdon Lietuvos Karo Akademija Leabharlann Linen Hall Loffredo Editore Lord Longford (Thomas Pakenham) Acadamh Tráchtála Lviv, An Úcráin

Kevin McCarthy Sean McGlinn Gerry McGowan Barbara McLaughlin An Dr Philip Maddock Comhairle Contae Mhaigh Eo Frode Mellemvik Aireacht an Chultúir, An Téalainn An Dr John Moulden Cumann Pobail Mullaghbane An tOll Ciaran Murray

- 45 - Museo Nacional de Columbia

An Dr Taysir Nashif Walter W Nelson

Pádraig Ó Baoill Eoghan Ó hAnnracháin Niall O Carroll Kevin O’Connor Brendan O Donoghue Gearóid O Lúing Hugh Oram

Pictet & Cie The Pretty Swan Press Mr Stuart Rosenblatt Acadamh Ríoga na hÉireann Ambasáid Ríoga na hIorua Clochar St Mary Convent, Middlesex Preas St Padraic James Scannell James O Schuyler Richard R Simmons Slavic Research Centre Societa Dalmata di Storia Patria, Ollscoil na Veinéise An tOll Yoshihide Suzuki

Aireacht an Chultúir, na Teilifíse agus craoladh Raidió Turkmenistan Fundúireacht Stairiúil Ulaidh Universidad de la Laguna, An Spáinn Universita Degli Studi Roma Tre, An Róimh

CA Veelenturf

James Wilder GPR Wilson An Dr Rafal Witkowski J Howard Woolmer

Foilsitheoirí Y&H, Iosrael Ms Marina P Zografou

- 46 - Aguisín 2 Cumann Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Is eagraíocht dheonach é Cumann na Leabharlainne Náisiúnta a fhéachann le hacmhainní agus riachtanais na Leabharlainne a chur os comhair an phobail agus le tacú go ginearálta leis an Leabharlann. Eagraíonn an Cumann sraith chainteanna gach bliain maille le turas bliantúil go tithe stairiúla agus ionaid eile.

€25 costas ballraíochta an Chumainn ar feadh bliana (costas laghdaithe €10 do mhic léinn agus €15 do dhaoine 65 bliain d’aois agus os a chionn). Is féidir ballraíocht chorparáideach a fháil, ar chuireadh amháin, ar €1,000 sa bhliain.

Tugadh na léachtaí seo a leanas don Chumann i rith na bliana.

Deirdre McMahon An Oral History of Irish Catholic Missionaries in India Freagróir: An Dr Margaret MacCurtain

Hilary Pyle Sadhbh Trinseach: What the National Library notebooks reveal Freagróir: Dónall O Luanaigh

Shivaun O’Casey Film: Sean O’Casey: under a coloured cap Freagróir: An tOllamh Christopher Murray

Ciaran agus Margaret Ó hOgartaigh Teaching accounting in eighteenth century Ireland? Freagróir: An tOllamh Louis Cullen

Brian Lynch From wireless to web: Easter week and Irish broadcasting Freagróir: An tOllamh Michael Laffan

L Perry Curtis And the walls come tumbalin’ down: the battering ram and Irish evictions Freagróir: An Dr. Ken Whelan

Anne Dolan Killing and Bloody Sunday – November 1920 Freagróir: An Dr Pauric Travers

Tar éis an CCB i mí an Mheithimh bhí léamh ann ó Clare Keegan. D’fhreagair an tOllamh Declan Kiberd thar ceann an Chumainn.

Eagraíodh Turas Bliantúil an Chumainn ar an 1 Iúil. Thug na baill cuairt ar chaisleán agus ar gháirdiní Tullynally, ar Chluain Mhic Nóis agus ar Mhainistir Fhobhair.

- 47 - Cuireadh tús le tráthnóna Nollag an Chumainn le fáiltiú féiltiúil agus leanadh ar aghaidh ansin le turais threoraithe ar thaispeántas na Leabharlainne a ghnóthaigh gradam: Yeats: the life and works of William Butler Yeats.

In 2005 d’aontaigh an Cumann Féilscríbhinn a fhoilsiú in ómós do Dhónall Ó Luanaigh, Coimeádaí na mBailiúchán sa Leabharlann Náisiúnta a bhí ag dul ar scor i mí an Mheithimh 2006 tar éis 43 bliana seirbhíse. Bhí an tUasal Ó Luanaigh ag obair i ranna éagsúla sa Leabharlann i rith an ama sin. Bhí sé ina bhall bunaidh den Chumann agus ina Rúnaigh Oinigh ar feadh ocht mbliana. Tugtar aitheantas san Fhéilscríbhinn don chion a rinne sé ar son na Leabharlainne agus an Chumainn. Deis a bhí ann chomh maith chun saothar go leor daoine a thug léachtaí don Chumann le blianta beaga anuas a bhailiú le chéile. Tá an Fhéilscríbhinn curtha faoi bhráid na bhfoilsitheoirí, Preas na gCeithre Cúirteanna, agus foilseofar í i bhfómhar na bliana 2007. Is é Felix M Larkin a rinne eagarthóireacht ar an imleabhar seo.

Ba iad seo a leanas oifigidh an Chumainn do 2005-2006:

Cathaoirleach: An tAth J Anthony Gaughan Leas-Chathaoirleach: An Dr Muriel McCarthy Rúnaí: Sandra McDermott Cisteoir: Felix M Larkin

- 48 -