Provided by the author(s) and NUI Galway in accordance with publisher policies. Please cite the published version when available.

Title Logainmneacha Chill Chainnigh Thiar agus Chluain Lonáin - Ainmneacha na mBailte Fearainn

Author(s) Finnegan, Aengus

Publication Date 2012-09-21

Item record http://hdl.handle.net/10379/3141

Downloaded 2021-09-26T06:08:08Z

Some rights reserved. For more information, please see the item record link above.

Logainmneacha Chill Chainnigh Thiar agus Chluain Lonáin – Ainmneacha na mBailte Fearainn

Aengus Finnegan

Ollscoil na hÉireann, Gaillimh Roinn na Gaeilge

Feitheoir an Tráchtais: An Dr Nollaig Ó Muraíle

Meitheamh 2012

ii

Clár Dearbhú Údarachta...... iv Buíochas...... v Achoimre...... viii Liosta na bhFigiúirí...... ix Liosta na dTáblaí...... ix Noda Ginearálta ...... x Liosta na bhFaisnéiseoirí ...... xi Noda agus Giorrúcháin (Foinsí)...... xv 1 Réamhrá ...... 1 1.1 Cur síos ar an Tionscadal:...... 1 1.2 Cuspóir an Taighde: ...... 2 1.3 Príomhcheisteanna Taighde: ...... 3 1.4 Scoláireacht agus Ábhar Foilsithe ar Logainmneacha na hIarmhí...... 3 1.5 An Contae ...... 7 1.6 Meath na Gaeilge i gContae na hIarmhí ...... 7 1.6.1 Meath na Gaeilge i mBarúntachtaí Chill Chainnigh Thiar agus Cluain Lonáin ...... 9 1.7 Canúintí Stairiúla - Gnéithe Canúna sna Logainmneacha ...... 12 1.8 Modheolaíocht ...... 21 1.9 Anailís ar Eilimintí Coitianta ...... 23 1.9.1 Baile ...... 24 1.9.2 Struchtúr agus Srathú aoise...... 26 1.10 Imlíne an Tráchtais...... 29 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar...... 31 Bun Abhann ...... 32 Cill Chainnigh Thiar ...... 53 Droim Raithne...... 103 Nuachabháil ...... 141 Barúntacht Chluain Lonáin ...... 175 Baile Locha Luatha ...... 177 Cill Chliathach ...... 229 Cill Chruimhthir Fhiachrach ...... 281 Cill Mhancháin...... 287 Leabharliosta...... 297 Innéacs (Bailte Fearainn) ...... 305

Dearbhú Údarachta

Dearbhaím gurb é mo chuid oibre féin an tráchtas dochtúireachta seo agus nach bhfuil céim faighte agam in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ná in aon ollscoil eile bunaithe ar aon chuid den saothar seo.

Aengus Finnegan 6 Meitheamh 2012.

______

iv

Buíochas Tá buíochas ar leith ag dul do mo stiúrthóir an Dr Nollaig Ó Muraíle a thug an t-eolas agus an tacaíocht dom le linn na bunchéime chun dul ar aghaidh leis an tionscnamh seo an chéad lá riamh, agus a chinntigh gur lean mé orm ó shin. Gabhaim buíochas leis chomh maith as na scéalta grinn ar fad, ar dhaoine beag agus mór le rá i saol na Gaeilge agus saol na logainmníochta a d’inis sé dom le linn ár gcuid cruinnithe ar an tráchtas, a chuir oideachas de shaghas éigin eile orm! Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis na daoine seo a leanas as an gcabhair agus as an tacaíocht a thug siad dom le linn an taighde: Mo chomhghleacaí, Liam Ó hAisibéil, a chuir ar bhóthar mo leasa mé go minic, go háirithe sa chéad bhliain; Hugh Rowland as a chuid saineolais ar chúrsaí gramadaí agus as iliomad gar eile a rinne sé dom; muintir eile Áras na Coiribe as a gcomhairle agus as éisteacht agus cur suas liom; Méadhbh Nic an Airchinnigh, Mona Jakob, Chinatsu Hakamada, Eibhlín Ní Fhallúin, agus Trish Ní Mhaoileoin. Gabhaim buíochas leis an Dr Graham Isaac, an Ollamh Gearóid Denvir & leis an Ollamh Mícheál Mac Craith a shuigh ar mo choiste taighde, agus leis an Dr John Walsh, an Dr Lillis Ó Laoire, an Ollamh Nollaig Mac Congáil & le Fiona de Paor ó Roinn na Gaeilge agus le Séamus Ó Coileáin ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Gabhaim buíochas le foireann seomra na sainbhailiúchán i Leabharlann Shéamais Uí Argadáin; Margaret Hughes agus Marie Boran ach go háirithe agus le Gearóid O’Brien ó Leabharlann Bhaile Átha Luain. Mo bhuíochas do na daoine seo a leanas a thug comhairle agus cabhair dom le linn an taighde; Dónall Mac Giolla Easpaig, an Dr Pádraig Ó Cearbhaill agus an Dr Conchubhar Ó Crualaoich (An Brainse Logainmneacha); an Dr Kevin Murray, an Dr Emma Nic Cárthaigh, an Dr Joseph Flahive (UCC); an Dr Pat McKay, an Dr Kay Muhr, an Dr Paul Tempan (Ollscoil na Banríona, Béal Feirste); An tOllamh Pádraig Ó Macháin agus an tOllamh Fergus Kelly (DIAS); an Dr Oliver Padel, an Dr Simon Taylor agus an tOllamh Hywel Wyn Owen (SNSBI); Art Ó Maolfabhail, Pádraig Ó Fágáin (nach maireann), an Dr Fiachra Mac Gabhann, Dr Jacob King, agus an Dr Rory Sherlock. Gabhaim buíochas le mo chuid faisnéiseoirí áitiúla ar fad as a bheith fial lena gcuid eolais, agus le Alicja agus le mo mhuintir as tacaíocht sheasta a thabhairt dom.

v

Maoiniú: Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an gCoimisiún Logainmneacha (maoinithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta) as ucht na sparántachta le haghaidh taighde ar logainmneacha a bronnadh orm i 2007 agus a thug deis dom an taighde seo a chur i gcrích.

vi

vii

Achoimre Is í aidhm an tráchtais seo foirmeacha Gaeilge údarásacha chomh maith le fianaise stairiúil chuí d’ainmneacha 276 baile fearainn sna barúntachtaí Cill Chainnigh Thiar agus Cluain Lonáin, Co. na hIarmhí a chur ar fáil. Líonfaidh an saothar seo bearna san eolas atá againn ar logainmneacha Chontae na hIarmhí ó foilsíodh The Placenames of Westmeath leis an Athair Paul Walsh i 1957, óir is tearc iad na tagairtí don dá bharúntacht thuasluaite sa leabhar sin. Socraíodh ainmneacha na mbailte fearainn in dhá chontae eile sa chomharsanacht, Co. Uíbh Fhailí agus Co. an Longfoirt, le blianta beaga anuas. D’fhonn foirmeacha Gaeilge údarásacha de na hainmneacha sa cheantar staidéir a dhéanamh amach baineadh na mílte foirmeacha stairiúla d’ainmneacha as na foinsí stairiúla ábharacha – is é sin na foinsí ar fad atá ábharach d’aon staidéar ar logainmneacha na hÉireann. Liostaítear na foirmeacha seo in ord croineolaíoch faoi gach aon ainm baile fearainn, chomh maith leis na tagairtí cuí. Déantar anailís teangeolaíochta ar struchtúir na logainmneacha agus ar chruth, ar chiall agus ar bhunús na n-eilimintí atá mar chomhábhar na n-ainmneacha ar fad. Téitear i muinín léarscáileanna, foinsí tánaisteacha agus faisnéiseoirí áitiúla chun comhthéacs na n- eilimintí seo a rianú sa tírdhreach, sa stair, sa teanga, agus i léann na logainmneacha mar atá sé ó aimsir Sheáin Uí Dhonnabháin i leith. Cuirfidh an tráchtas seo go mór leis an tuiscint atá ag scoláirí Gaeilge, staraithe, seandálaithe, tíreolaithe agus pobal an cheantair féin ar chultúr na Gaeilge i gcúil amháin de Chúige Laighean ar a ndéantar dearmad i leith chúrsaí Gaeilge de ghnáth. Tá fianaise i gcorp an tráchtais seo ar a bheo is bhí an Ghaeilge sa cheantar staidéir níos lú ná 200 bliain ó shin; ar an gcanúint Chonnachtach a labhraíodh ann; agus ar na hathruithe is na forbairtí móra a d’fhág a lorg ar thírdhreach cultúrtha na hÉireann: teacht na Críostaíochta agus lorg an mhanachais mheánaoisigh; an lonnaíocht mheánaoiseach – dún, ráth, lios; teacht na nAngla-Normannach lena gcuid caisleán, sloinnte, ainmneacha pearsanta agus aonad talaimh; an t-athrú creidimh, cogaí móra agus suirbhéireachtaí an 16ú/17ú haois; síothlú na Gaeilge san 18ú/19ú haois agus cinsealacht chríochnúil an Bhéarla – ach amháin sna logainmneacha ina maireann cuid bheag de shaíocht na teanga i gcónaí.

viii

Liosta na bhFigiúirí Fig. 1. Barúntachtaí agus paróistí Cho. na hIarmhí (bunaithe ar Sheehan 1978)...... xiii Fig. 2. Meastacháin ar íosmhéid líon na gcainteoirí 1771-81 (Fitzgerald 1984)...... 9 Fig. 3. Whinning (treoshuíomh thoir-theas)...... 51 Fig. 4. Creevenamanagh agus Gníomh na dTrí Seisreach...... 72

Liosta na dTáblaí Tábla 1. Meastachán ar íosmhéid (céatadán) líon na gcainteoirí Gaeilge (Fitzgerald 1984)...... 8 Tábla 2. Meastachán ar íosmhéid (céatadán) líon na gcainteoirí Gaeilge (Fitzgerald 1984)...... 10 Tábla 3. Minicíocht eilimintí...... 24 Tábla 4. Coitiantacht na heiliminte baile sa cheantar staidéir...... 24 Tábla 5. Coitiantacht na heiliminte baile i gCo. Uíbh Fhailí...... 25 Tábla 6. Coitiantacht na heiliminte baile i gCo. an Longfoirt...... 25 Tábla 7. Srathú struchtúr i logainmneacha an cheantar staidéir...... 29 Tábla 8. Acraíocht Mount Temple...... 212

ix

Noda Ginearálta aid. aidiacht aistr. aistriúchán bain. baininscneach BÁC Baile Átha Cliath c. circa Cf. confer Co. Contae DF Deireadh Fómhair DIAS Institiúid Ardléinn Bhaile Átha Cliath eag. eagarthóir(í) fir. firinscneach g. ginideach gin. ginearálta iml. imleabhar LS(S) lámhscríbhinn(í) L. Laidin lch leathanach lgh. leathanaigh log. logainm n. nóta MMIS Mediaeval and Modern Irish Series (DIAS). P. R. patent roll t. tabharthach v.l. varia lectio s.v. sub verbo

Liosta na bhFaisnéiseoirí Ernest (Ernie) Hatton, 75 (2010) Moydrum (Baile Locha Luatha). Gabha, rugadh agus tógadh in Moydrum. Patrick (Paddy) Moran, c. 65 Cloghbreen (Droim Raithne). Feirmeoir, rugadh agus tógadh in Cloghbreen. Jack ‘Thatcher’ Higgins, 94 Doonis (Nuachabháil). Tuíodóir a bhí ann, rugadh agus tógadh in Doonis. Johnny Carty c. 80 2010† Glebe (Bun Abhann). Feirmeoir, rugadh agus tógadh in Glebe. Thomas (Tommy) Walsh, 63 Toberclare (Cill Chainnigh Thiar). Feirmeoir, rugadh agus tógadh in Ballynakill Upper (Cill Chainnigh Thiar). Ann Walsh, c. 60 Toberclare (Cill Chainnigh Thiar). Altra, rugadh agus tógadh in Cartroncroy (Nuachabháil). Patrick (Pateen) Slevin, c. 80 Portlick (Bun Abhann). Iascaire agus feirmeoir, rugadh agus tógadh ar Inchturk (Nuachabháil). Brian Muldoon, 27 Carn Park (Baile Locha Luatha). Cuntasóir, rugadh agus tógadh in Carn Park. Tony Fox c. 71 (St. Mary’s, Breámhaine). Fear gnó, rugadh agus tógadh in Ballynacliffy (Cill Chainnigh Thiar). Joe Farrell c. 60 (Cill Chainnigh Thiar). Tábhairneoir agus feirmeoir. rugadh agus tógadh in Glassan. Jim Parker 74 1999† Glassan (Cill Chainnigh Thiar). Feirmeoir agus tógálaí, rugadh agus tógadh in Glassan. Mícheál Finneran c. 77 2010† Glassan (Bun Abhann). Feirmeoir, rugadh agus tógadh in Glassan. Keith Maher 28 Clonbrusk (St. Mary’s, Breámhaine). Garda, talamh ag daoine muinteartha leis in Rath Upper (Nuachabháil). James Hackett c. 74 Ballynakill (Cill Chliathach). Feirmeoir. Rugadh agus tógadh in Ballynakill. Declan Claffey c. 59. Glassan (Bun Abhann). Búistéir agus oibrí tógála, rugadh agus tógadh in Baltrasna (Cill Chliathach). Frank Walker c. 80. Rath (Cill Chainnigh Thiar). Feirmeoir, rugadh agus tógadh in Rath.

John Quigley c. 50 Ballynacliffy (Cill Chainnigh Thiar). Feirmeoir agus tiománaí bus. Rugadh ar Inchmore (Bun Abhann). James Casey c. 40 Aghanashanamore (Baile Locha Luatha). Oibrí foraoiseachta. Rugadh agus tógadh in Aghanashanamore.

xii

Fig. 1. Barúntachtaí agus paróistí Cho. na hIarmhí (bunaithe ar Sheehan 1978).

1. Ardnurcher or 22. Kilbride 42. 23. (Cill 43. Newtown 2. Ballyloughloe (Baile Chliathach) 44. Locha Luatha) 24. Kilcumny (Nuachabháil) 3. 25. (Cill 45. Pass of Kilbride 4. Ballymorin Chruimhthir 46. Piercetown 5. Bunown (Bun Fhiachrach) 47. Abhann) 26. (Cill 48. 6. Carrick Chainnigh Thiar) 49. 7. Castlelost 27. Killagh 50. Rathaspick 8. Castletownkindalen 28. 51. Rathconnell 9. Churchtown 29. 52. 10. 30. 53. Rathgarve 11. 31. 54. 12. 32. Kilmacnevan 55. St. Feighin’s 13. 33. Kilmanaghan (Cill 56. St. Mary’s 14. (Droim Mhancháin) 57. St. Mary’s () Raithne) 34. Kilpatrick 58. 15. Durrow 35. 59. Street 16. 36. 60. 17. Enniscoffey 37. Lickbla 61. Templeoran 18. 38. 62. Templepatrick 19. Foyran 39. Mayne 63. 20. 40. Moylisker 21. 41.

xiii

Noda agus Giorrúcháin

Noda agus Giorrúcháin (Foinsí) AClon. The Annals of Being Annals of from the Earliest Period to A.D. 1408, eag. D. Murphy (1896). BÁC. Aistrithe go Béarla ag Conell Mageoghagan i 1627. AConn. Annála Connacht. The Annals of Connacht (A.D. 1244-1544), eag. A. M. Freeman (1944). BÁC. AD ‘Aided Diarmada meic Cherbaill’, in Silva Gadelica (I-XXXI), 2 iml., eag. S. H. O’Grady (1892). Londain: Williams and Norgate, atheagrán ag Oifig an tSoláthair c. 1935. AI The Annals of Inisfallen, eag. S. Mac Airt (1951). BÁC. AL Ainmleabha(i)r na Suirbhéireachta Ordanáis de réir paróistí dlí – LSS sa Chartlann Náisiúnta & leagan clóscríofa an Athar Ó Flannagáin. ALC Annála Loch Cé. Is é eagrán leictreonach CELT (Corpus of Electronic Texts, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh) a úsáidtear sa saothar seo ( 1 & 2). Ar fáil ag: http://www.ucc.ie/celt/published/G100010A/index.html. Is ar eagráin Hennessy (1871) agus Mhic Niocaill (1959) a bhunaítear eagrán CELT. AL: BM Beaufort’s Map (foirm bhéarlaithe de log. luaite san AL).1 AL: BS Boundary Survey (foirm bhéarlaithe de log. luaite san AL). AL: CM County Map (foirm bhéarlaithe de log. luaite san AL). AL: GJP Grand Jury Pamphlets (foirm bhéarlaithe de log. luaite san AL). AL: HCER House of Commons Education Report 1826 (foirm bhéarlaithe de log. luaite san AL) . AL: HCPR House of Commons Population Report 1821 (foirm bhéarlaithe de log. luaite san AL). AL: HCSVR House of Commons Survey and Valuation Report 1824 (foirm bhéarlaithe de log. luaite san AL). AL: Inhabs. ‘Inhabitants’ in AL – fianaise a bailíodh ó mhuintir na háite. AL: JOD John O’Donovan – leagan Gaeilge nó leagan béarlaithe de log. nó nóta scríofa i ndúch san AL ag Seán Ó Donnabháin.

1 Léarscáil de Cho. na Mí, na hIarmhí agus cuid de Cho. Uíbh Fhailí (1816). Féach: http://www.oldirishmaps.com/proddetail.php?prod=meathbeaufort

xv Noda agus Giorrúcháin

AL: pl. Foirm Ghaeilge áitiúil de log. atá luaite san AL – scríofa le peann luaidhe de ghnáth. AL: d. Foirm Ghaeilge de log. atá luaite san AL – scríofa le dúch. AL: TCB Tithe Composition [Applotment] Book (foirm bhéarlaithe de log. luaite san AL). c. 1830. Anecd. Anecdota from Irish Manuscripts, 5 iml., eag. O. J. Bergin, R. I. Best, K. Meyer, J. G. O’Keeffe (1907-13). Halle & BÁC. AnnU De Annatis Hiberniae: A Calendar of the First-fruits’ Fees Levied on Papal Appointments to Benefices in Ireland, AD 1400-1535, I (Ulster), eag. M. A. Costello agus A. Coleman (Dún Dealgan, 1909; athchló Maigh Nuad, 1912). AOI ‘The Annals of Ireland, from the Year 1443 to 1468’, J. O’Donovan (1846), Miscellany of the Irish Archaeological Society 1, 198-302. ARÉ Annála Ríoghachta Éireann. Annals of the Kingdom of Ireland by the Four Masters I-VII, eag. J. O’Donovan (an dara heagrán 1856). BÁC. ASE ‘Abstracts of grants of lands … the Acts of Settlment and Explanation, A.D. 1666-1684’, app. to Fifteenth Annual Report from Commissioners of Public Records of Ireland (1825). ASH Acta Sanctorum Veteris et Majoris Scotiae seu Hiberniae ... Sanctorum Insulae, I, eag. J. Colgan (1645), Louvain. Athchló; BÁC, 1947. ATig. ‘The ’, eag. W. Stokes, in Revue Celtique 16 (1895), 374-419, 17 (1896) 6-33, 119-263, 337-420, 18 (1897), 9-59, 150-97, 267-303. Athchló 2 iml., Felinfach: Llanerch Publishers, 1993. Úsáidtear uimhriú leathanach athchló 1993 chun tagairtí a dhéanamh don fhoinse seo. AU Annála Uladh. Is é eagrán leictreonach CELT (Coláiste na hOllscoile, Corcaigh) a úsáidtear sa saothar seo. Is ar eagráin Hennessy & Mac Carthy (1887 – 1901, athchló 1998, BÁC) agus Mhic Niocaill & Mhic Airt (1983) a bhunaítear eagrán CELT. BDL The Dean of Lismore’s Book: A Selection of Ancient Gaelic Poetry, eag. T. M’Lauchlan (1862). Dún Éideann; Edmonston & Douglas.

xvi Noda agus Giorrúcháin

BEA Britannicarum Ecclesiarum Antiquitates, quibus inserta est pestiferae adversus Dei gratiam a Pelagio Britanno in Ecclesiam inductae Haereseos Historia, J. Ussher (1639). BÁC. (= Primordia). BF ‘Betha Farannáin’, C. Plummer (1910). Anecdota from Irish Manuscripts 3, 1-7. BFen. The Book of Fenagh, eag. W. M. Hennessy agus D. H. Kelly (1875). BÁC: Alexander Thom. BLÉ Bunachar Logainmneacha na hÉireann. An Brainse Logainmneacha (brainse den Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta) i gcomhar le FIONTAR (Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath). Ar fail ag: www.logainm.ie. Tugtar uimhir bunachair (+ uimhir chárta) sna tagairtí don fhoinse seo. BNÉ Bethada Naem nÉrenn. Lives of Irish Saints. Vol. I: Introduction, Texts, Glossary, eag. C. Plummer (1922). Oxford: Clarendon Press. BNS Bailiúchán na Scoileanna. Ábhar a bailiodh mar chuid de Scéim Bhéaloideas na Scol (1937-38) ag Coimisiún Béaloideasa Éireann. LSS le fáil i gCnuasach Bhéaloideas Éireann, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. BP A Book of Postings and Sale of the Forfeited and Other Estates and Interests in Ireland. (Heard September 1700 to June 23rd 1703. LSS le fáil i leabharlann Boole in UCC. BSD Books of Survey & Distribution, Co. Westmeath (Micreascannán de LS atá sa Chartlann Náisiúnta atá ar fáil i Leabharlann Shéamais Uí Argadáin, OÉG). Cal. of State Papers Calendar of the State Papers Relating to Ireland of the Reigns of Henry VIII, Edward VI, Mary, and Elizabeth, 1599, April – 1600, February, eag. E.G. Atkinson (1899). Public Record Office. CA [Cath Airtig] ‘The Battle of Airtech’, R. I. Best (1916), Ériu 8, 170- 190. Census A Census of Ireland, circa 1659, with Supplementary Material from the Poll Ordinances (1660-1661), eag. S. Pender (1939). BÁC. CESO An chéad eagrán den tSuirbhéireacht Ordanáis (sraith léarscáileanna). Foilsithe in 1837 do Cho. na hIarmhí.

xvii Noda agus Giorrúcháin

CFS Cáipéisí Fánacha Seansaireachta: ‘Some Documents on Irish Law and Custom in the Sixteenth Century’, Nicholls, K.W. (1970), Analecta Hibernica, 26, 105-129. CGG Cogadh Gaedhel ré Gallaibh; The war of the Gaedhil with the Gaill, eag. J. H. Todd (1867). Londain. CGn. Clárlann na nGníomhas, BÁC (Tagraítear don iml., don lch., agus don ghníomhas san ord sin – trascríbhinní meabhrachán atá ann. CIH Corpus Iuris Hibernici, 6 iml., eag. D. A. Binchy (1978). BÁC: DIAS. CIRCLE A Calendar of Irish Chancery Letters c. 1244 – 1509. BÁC: Coláiste na Tríonóide (bunachar leictreonach ar-líne). Ar fáil ag http://chancery.tcd.ie/. Léite 01 Bealtaine 2012. CPL [Papal Letters] Calendar of Entries in the Papal Registers Relating to Great Britain and Ireland. 20 iml., eagarthóirí éagsúla (1893-). Londain: Her Majesty’s Stationary Office & BÁC: Coimisiún Lámhscríbhinní Éireann, CPR Irish Patent Rolls of James I: Facsimile of the Irish Record Commission’s Calendar Prepared Prior to 1830 (1966). BÁC. Crown Lands Crown Surveys of Lands 1540-1, with the Kildare Rental begun in 1518, eag. G. Mac Niocaill (1992). BÁC.2 CS Chronicon Scotorum. Is é eagrán leictreonach CELT, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh) a úsáidtear sa saothar seo. Ar fáil ag: http://www.ucc.ie/celt/published/T100016/index.html. Is ar eagráin Hennessy (1866) agus Mhic Niocaill (LS neamhfhoilsithe) a bhunaítear eagrán CELT. Daonáireamh Leagan leictreonach de Dhaonáireamh 1901. An Chartlann Náisiúnta, BÁC. Ar fáil ag: http://www.census.nationalarchives.ie. Dinn. Foclóir Gaedhilge agus Béarla: Irish-English Dictionary, eag. P. S. Dinneen (1927). BÁC: Cumann na Scríbheann nGaedhilge. DBF ‘Die Bekehrung der Fianna’, L. C. Stern (1905) Zeitschrift für celtische Philologie V. 179-83. Sliocht as Agallamh na Senórach ó Laud. 610 9b (Féach Stokes F. Oeng. 189 n. 1.)

2 Tá cáipéis eile istigh leis an eagrán seo a bhaineann le tailte roinnt mainistreacha Sasanacha in Éirinn, a cuireadh le chéile sna blianta 1536-7 (Crown Lands vii).

xviii Noda agus Giorrúcháin

DESO An Dara Eagrán den tSuirbhéireacht Ordanáis (sraith léarscáileanna). (1897 – 1913). DIL Dictionary of the . Based Mainly on Old and Middle Irish Materials, eag. gin. E. G. Quin (2007). BÁC: Acadamh Ríoga na hÉireann. DP ‘Dillon Papers: Survey of Documents in Private Keeping, Second Series’, J. F. Ainsworth agus E. MacLysaght (1958), Analecta Hibernica 20, lgh. 1, 3-361, 363-393. DS [Down Survey] Hibernia Regnum (Léarscáileanna barúntachta, Sir William Petty 1655-59. Is sa Bibliothèque Nationale atá na bunléarscáileanna, baineadh úsáid as eagrán macasamhlach na Suirbhéireachta Ordanáis (1908). Southampton. EAI ‘Ecclesiastical Appointments in Ireland, Aug. 1643 – Dec. 1649’, B. Jennings (1959), Collectanea Hibernica 2, 18-65. ETax. Ecclesiastical Taxation of Ireland: Calendar of Documents Relating to Ireland preserved in her Majesty’s Public Record Office, London 1302-1307, eag. H.S. Sweetman & G.F. Handcock (1886), Londain. FDG Fled Dúin na nGéd, eag. R. Lehmann (1964). BÁC: DIAS, MMIS 21 FFÉ Foras Feasa ar Éirinn le Seathrún Céitinn I-III, eag. D. Comyn & P. S. Dinneen. Londain: Cumann na Scríbheann nGaedhilge 4 (1902), 8 (1908), 9 (1908). FGB Foclóir Gaeilge-Béarla, eag. N. Ó Dónaill (1977). BÁC: An Gúm FGorm. Félire hÚi Gormáin: The Martyrology of Gorman, eag. W. Stokes (1895). Londain; Henry Bradshaw Society 9. FGSB Focalóir Gaoidhilge-Sax-Bhéarla, eag. J. O’Brien (1768). Párthas. Fiants The Irish Fiants of the Tudor Sovereigns (1543-1603), 4 iml. (athchló, 1994), BÁC: De Búrca. Reports of the Deputy Keeper of the Public Records of Ireland (1879-90). BÁC: Her Majesty’s Stationary Office. FOeng. Féilire Oengusso Céli Dé: The Martyrology of Oengus the Culdee, eag. W. Stokes (1905). Londain: Henry Bradshaw Society 29. FSAG Foclóir Stairiúil Áitainmneacha na Gaeilge, 4 iml. (2003 – 2011) eag. P. Ó Riain, D. Ó Murchadha agus K. Murray. Londain: Cumann na Scríbheann nGaedhilge.

xix Noda agus Giorrúcháin

HD Hibernia dominicana; Sive Historia provinciae Hiberniae Ordinis Praedicatorum…, Thomas de Burgo (1762). Cologne. ICL The Irish Cartularies of Llanthony Prima & Secunda, eag. Eric St. John Brooks (1953). BÁC: Coimisiún Lámhscríbhinní Éireann. IDPP Irish Dialects Past and Present, T. F. O’Rahilly (1932). BÁC: Brown & Nolan. Inq. Inquisitionum in officio rotulorum cancellariae Hiberniae asservatarum repertorium I (Lagenia), eag. J. Hardiman (1826). BÁC. Itinerary An Itinerary: Containing his Ten Yeeres Travell Through the Twelve Dominions of Germany, Bohmerland, Sweitzerland, Netherland, Denmarke, Poland, Italy, Turky, France, England, Scotland & Ireland. E. Moryson (1617). Londain. 3 iml. Athchló; Glaschú (1907). Larkin Léarscáil de Cho. na hIarmhí (le haghaidh an Grand Jury), W. Larkin (1808). LC Lebor na Cert: The Book of Rights, eag. M. Dillon (1962). Londain: Cumann na Scríbheann nGaedhilge 46. L. B&L Léarscáileanna Brownrigg & Longfield; ‘Maps of lands in the baronies of , Delvin and , Co. Westmeath. By John Brownrigg and John Longfield.’ (1786-1819). Sraith léarscáileanna sa Leabharlann Náisiúnta, BÁC; 21 F. 47 (30-38). LÉ [Léarscáil Éireann] Éire (1938), Stát-Oifig na Léarscáilidheachta. Is i nGaeilge ámhain atá na logainmneacha ar an léarscáil seo. Fiachra Éilgeach [Risteárd Ó Foghludha] agus an tAthair Pól Breathnach a chóirigh na logainmneacha don léarscáil. Le fáil sa Leabharlann Náisiúnta, BÁC. LEL Léarscáileanna Eastáit Longworth; ‘A Book of maps containing the estates of George Longworth in Westmeath ... Surveyed and drawn by P. Blake 1821 ... With a map by J. Shadwell dated 1734 ...’. Sraith léarscáileanna sa Leabharlann Náisiúnta, BÁC; 14 A. 25. L.Gen. Leabhar Mór na nGenealach / The Great Book of Irish Genealogies, compiled (1645-66) by Dubhaltach Mac Fhirbhisigh I-V, eag. N. Ó Muraíle (2003). De Búrca; BÁC. LisL Lives of the Saints from the Book of Lismore, eag. W. Stokes (1890). Oxford: Clarendon Press.

xx Noda agus Giorrúcháin

LL An Leabhar Laighneach: The Book of I-VI, eag. R.I. Best, O. Bergin, M. A. O’Brien, A. O’Sullivan (1954-83). BÁC: DIAS LP [Lodge’s Peerage] The peerage of Ireland or, a genealogical history of the present nobility of that Kingdom. ... J. Lodge (1754). Londain: William Johnston. LSO (IM) [Litreacha na Suirbhéireachta Ordanáis, Co. na hIarmhí] Ordnance Survey Letters Longford and Westmeath, eag. M. Herity (2011). BÁC: Fourmasters Press. LSO (RC) [Litreacha na Suirbhéireachta Ordanáis, Co. Ros Comáin] Ordnance Survey Letters Roscommon. eag. M. Herity (2010). BÁC: Fourmasters Press. LSS Ferguson LSS sa Chartlann Náisiúnta, BÁC. MartD The Martyrology of Donegal: A Calendar of the Saints of Ireland, eag. J.H. Todd & W. Reeves (1864). BÁC: The Irish Archaeological and Celtic Society. MIA Miscellaneous Irish Annals (A.D. 1114-1437), eag. S. Ó hInnse (1947). BÁC: DIAS. Misc. H. 2. 7. ‘Miscellany from H. 2. 7. (T.C.D.)’, M. Dobbs (1938), Zeitschrift für celtische Philologie, 21, 307-317. MLA ‘Map of the Lands of Anaugh in the Co. of Westmeath and the of Kilkenny, the estate of Walter Jones, held by Mr. Redmond Dillon. Surveyed by J. Nettervill in Nov. 1752. Copied by J. Barker, 1767’. LS sa Leabharlann Náisiúnta, BÁC; 21 F. 80 (1). MM The Manuscript Materials of Ancient Irish History, E. O’Curry (1861). BÁC: William A. Hinch, Patrick Traynor. Moll Léarscáil Hermann Moll (1714). Londain. NIAH National Inventory of Architectural Heritage: Buildings of Ireland. An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, BÁC. Ar fáil ag: http://www.buildingsofireland.ie/. NLI 21F 80 Léarscáil eastáit sa Leabharlann Náisiúnta (NLI 21F 80 (27), BÁC. NMS National Monuments Service: Archaeological Survey Database. An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, BÁC. Ar fáil ag www.archaeology.ie. O’Grady Cat.

xxi Noda agus Giorrúcháin

MSS Catalogue of Irish MSS in British Library, I, eag. S. H. O’Grady (1926). Londain. Onom. Onomasticon Goedelicum locorum et tribuum Hiberniae et Scotiae An index, with identifications, to the Gaelic names of places and tribes, eag. E. Hogan (1910). BÁC: Hodge Figgis. Is é leagan leictreonach LOCUS (Coláiste na hOllscoile, Corcaigh) a úsáidtear sa saothar seo. Ar fáil ag: http://publish.ucc.ie/doi/locus. OUCC ‘Orthanach Ua Coillama Cecinit’, K. Meyer (1916), Zeitschrift für celtische Philologie 11, 107-113. PÉ [Príomhshruth Éireann] ‘The Poetically Described by Michael Brennan’, É. Ó Tuathail (1951) Éigse 6 (3), 193–240. Cf. Príomhshruth Éireann, aistr. Art Ó Maolfabhail (1994). Luimneach: Bardas Luimnigh. Piers A Chorographical Description of the County of West-Meath. Written A.D. 1682. By Sir Henry Piers of Tristernaght, Baronet. Foilsithe in Collectanea de Rebus Hibernicis. Number 1, eag. C. Vallancey (1786). BÁC. Athchló Meath Archaeological and Historical Association (1981). PNI Placenames NI: The Northern Ireland Place-Names Project. Ollscoil na Banríona, Béal Feirste. Ar fáil ag: www.placenamesni.org POB ‘Plan of Ballymurray the Property of William Trench Esq.’ Peter Blake (1832). LSS (4 cárta, fillteach) sa Chartlann Náisiúnta, BÁC. Léarscáil agus liosta tionóntaí. Pont. Hib. Pontificia Hibernica: Medieval Papal Chancery Documents Concerning Ireland, 640-1261, eag. M. Sheehy, 2 iml. (1962 & 1965). BÁC: M.H. Gill & Son. Proc. ‘Upon the Unmanufactured Animal Remains Belonging to the Academy’, W. R. Wilde (1862), Proceedings of the Royal Irish Academy 7, 181-212. RClon. ‘Dubaltach mac Firbhisigh’s Translation of ‘The Registry of Clonmacnoise’’, eag. J. O’Donovan, The Journal of the Kilkenny and South-East of Ireland Archæological Society 1 (sraith nua, 1856-7) 444-60.

xxii Noda agus Giorrúcháin

RDind. ‘The Prose Tales in the Rennes Dindsenchas’, W. Stokes (1894), Revue Celtique 1, 272-337. SEH [Suirbhé Eastáit Handcock] ‘A Survey of the Estate of Gustavus Handcock Temple Esq.r in the Counties of West-Meath and Kings- Couty [sic]’. James O’Donnell (1786). LSS (29 lch.) sa Leabharlann Náisiúnta, BÁC; 14 A, 29. Sraith léarscáileanna eastáit atá ann. Silva G. Silva Gadelica (I.-XXXI.) : A Collection of Tales in Irish with Extracts Illustrating Persons and Places, S. Hayes O’Grady (1892). Londain: Williams and Norgate. SMMD Scéla Mucce Meic Dathó, eag. R. Thurneysen (1935). BÁC: DIAS, MMIS 6. TAB Tithe Applotment Books – LSS sa Leabharlann Náisiúnta, BÁC. TBDC Togail Bruidne Da Choga, eag. G. Toner (2007). Londain: Cumann na Scríbheann nGaedhilge 61. TF ‘Topographical Fragments from the Franciscan Library’, C. Mooney (1946), Celtica 1, 64-86. TLP The Tripartite Life of St. Patrick with Other Documents Relating to that Saint, 2 iml., eag. W. Stokes (1887). Londain: Rolls Ser. 89. Top. Poems Topographical Poems, by Seaán Mór Ó Dubhagáin and Giolla-na- naomh Ó hUidhrín, J. Carney (1943). BÁC: DIAS. Townshend Léarscáil Townshend (1811). The Second Report of the Commissioners Appointed to Enquire into the Nature and Extent of the Several Bogs in Ireland ... Plátaí X – XIII. Londain: House of Commons Parliamentary Papers [ar-líne]. Ar fáil ag: http://gateway.proquest.com/openurl?url_ver=Z39.88-2004&. TT Triadis Thaumaturgae seu Divorum Patricii, Columbae et Brigidae, Trium Veteris et Maioris Scotiae seu Hiberniae, Sanctorum Insulae, Communium Patronorum Acta, eag. J. Colgan (1647). Louvain. Athchló BÁC (1997). VSHH Vitae Sanctorum Hiberniae e Codice olim Salamanticensi, eag. W.W. Heist (1965). Brussels: Subs. Hag. 28. VSHP Vitae Sanctorum Hiberniae, 2 iml., eag. C. Plummer (1910). Oxford. WPB Westmeath Poll Book, 1761. LS sa Leabharlann Náisiúnta, BÁC. Baineadh leas as leagan clóscríofa den LS seo (níl fáil ar an mbunLS).

xxiii

Caibidil 1: Réamhrá

1 Réamhrá

1.1 Cur síos ar an Tionscadal: I mí Dheireadh Fómhair 2007 bhronn an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ‘An Sparánacht le hAghaidh Taighde ar Logainmneacha’ orm. Ba é cuspóir na sparánachta sin tacaíocht a thabhairt do mhic léinn iarchéime a bhí ag iarraidh taighde a dhéanamh ar logainmneacha na tíre seo, ainmneacha na mbailte fearainn ach go háirithe. Cuireadh béim ar chodanna den tír nach raibh aon obair chríochnúil déanta orthu cheana féin. Cuspóir eile a bhí taobh thiar de sholáthar na sparánachtaí seo ná taighde agus traenáil i modheolaíocht na logainmníochta a spreagadh in ollscoileanna na hÉireann. Socraíodh idir mé féin, mo stiúrthóir acadúil, An Dr. Nollaig Ó Muraíle, agus An Brainse Logainmneacha, go ndéanfainn taighde ar ainmneacha na mbailte fearainn i gcúig bharúntacht de chuid Chontae na hIarmhí: Dealbhna, Fobhar, Fir Bhile, Cill Chainnigh Thiar agus Cluain Lonáin, mar chuid de thráchtas M.Litt. Roghnaíodh an chúig bharúntacht seo ar an gcúis nár clúdaíodh iad i saothar ceannródaíoch an Athar Paul Walsh; The Placenames of Westmeath (1957) (a foilsíodh sé bhliana déag tar éis bhás an údair). Socraíodh chomh maith go mbeadh an taighde seo teoranta do liosta d’ocht bhfoinse tábhachtacha. Tá dhá bharúntacht déag i gContae na hIarmhí san iomlán,3 agus 1349 baile fearainn iontu sin. Sa chúig bharúntacht a bhí á scrúdú agam - Fobhar, Fir Bhile agus Dealbhna in oirthear an chontae agus Cluain Lonáin agus Cill Chainnigh Thiar in iarthar an chontae - tá 580 baile fearainn. Scrúdaíodh na foinsí seo a leanas le linn an taighde orthu: 1. Fiants of the Tudor Sovereigns [Fiants] 2. Ionchoisní Laighean [Inq.] 3. Calendar of Patent Rolls of James I [CPR] 4. Down Survey [DS] 5. Book of Survey and Distribution [BSD] 6. Census of 1659 [Census} 7. Acts of Settlement and Explanation [ASE]

3 Áirítear cuid bheag (seacht mbaile fearainn) de bharúntacht Bhaile Átha Luain Theas (Co. Ros Comáin) san Iarmhí ó 1898 i leith, nuair a leathnaíodh teorainn an chontae trasna na Sionainne thart ar cheantar uirbeach Bhaile Átha Luain.

1 Caibidil 1: Réamhrá

8. Larkin’s Grand Jury Map [Larkin] Baineadh c. 5000 leagan stairiúil d’ainmneacha bailte fearainn as na foinsí seo chomh maith leis na céadta leaganacha stairiúla de logainmneacha eile. Bailíodh ábhar tánaisteach agus eolas ar fhoinsí príomha eile. Forbraíodh cur chuige, modheolaíocht agus cuid mhaith de na scileanna sainiúla a bhaineann le taighde logainmníochta le linn na hoibre seo. I mí an Mhárta 2009 mhol mo choiste taighde, An Dr Nollaig Ó Muraíle, An Dr Graham Isaac agus an tOllamh Gearóid Denvir, gur chóir dom uasghrádú a dhéanamh go céim dhochtúireachta, agus an t-ábhar a bhí scagtha agam go dtí sin a úsáid chun tráchtas dochtúireachta a ullmhú. Socraíodh go ndíreofaí isteach ar dhá bharúntacht chomhtheagmhálacha in iarthar an chontae: Cluain Lonáin agus Cill Chainnigh Thiar, le haghaidh an tráchtais PhD. 276 ainm baile fearainn a scrúdaítear sa tráchtas seo mar sin; baineadh leaganacha stairiúla díobh as na foinsí Béarla agus na foinsí Gaeilge cuí. Ní raibh aon teorainn le líon na bhfoinsí a lorgaíodh; dá bhrí sin chuaigh mé sa tóir ar gach aon fhoinse a shíl mé a bheith ábharach don taighde. Mar a bhíonn i dtionscnamh ar bith den sórt seo, bhí cuid de na foinsí seo torthúil agus bhí cuid eile nach raibh. Déantar tráchtaireacht, comparáid, anailís, tátal agus sintéis ar an bhfaisnéis seo ar fad agus liostaítear na foinsí príomha faoi Noda agus Giorrúcháin (Foinsí) (thuas).

1.2 Cuspóir an Taighde: Is é cuspóir an taighde seo foirmeacha údarásacha Gaeilge d’ainmneacha 276 baile fearainn in dhá bharúntacht i gContae na hIarmhí a chur ar fáil. Bainfear leas as na modheolaíochtaí aitheanta a bhaineann le léann na logainmníochta in Éirinn chun é seo a dhéanamh. Táthar ag súil go gcuirfidh an tráchtas seo le léann na logainmneacha in Éirinn agus i gContae na hIarmhí ach go háirithe, agus go leigheasfaidh sé cuid den neamhard a rinneadh ar logainmneacha an chontae sin ó foilsíodh The Placenames of Westmeath breis agus leathchéad bliain ó shin. Táthar ag súil chomh maith go gcaithfidh an staidéar seo beagán solais ar chultúr na Gaeilge mar a bhí sé san Iarmhí nuair a bhí an Ghaeilge beo, san 18ú agus sa 19ú haois. Níl fagtha den traidisiún sin ach blúiríní beaga sa chaint thraidisiúnta, sa bhéaloideas agus go mór mhór sna logainmneacha, a bhfuil dáileadh seasta agus taifead mór stairiúil ag dul siar i bhfad ag baint leo go minic, agus tábhacht faoi leith acu mar sin. Tá stór fianaise i logainmneacha gach ceantair in Éirinn atá ábharach

2 Caibidil 1: Réamhrá d’aon staidéar a chíorann impleachtaí na n-athruithe móra cultúrtha a tháinig ar an tír le 1500 bliain anuas. Is iomaí rud a cailleadh leis an athrú teanga sa 18ú agus sa 19ú haois, agus d’imigh an Ghaeilge as an Iarmhí gan aon chuntas substaintiúil a bheith againn ar an gcanúint (na canúintí?) a labhraítí sa chontae. Tá roinnt ábhair sna foirmeacha stairiúla agus sa tráchtaireacht a ghabhann le gach aon logainm a phléitear sa tráchtas d’fhonn cúpla pointe eolais ar an gcanúint a labhraíodh i mbarúntacht Chill Chainnigh Thiar agus i mbarúntacht Chluain Lonáin a chur chun cinn (féach 1.7 thíos). Ba mhaith liom a lua anseo go bhfuil mé ag súil go mbainfidh An Brainse Logainmneacha úsáid as an taighde amach anseo chun Ordú Logainmneacha a ullmhú do Chontae na hIarmhí, is é sin liosta le stádas dlíthiúil de na foirmeacha údarásacha Gaeilge de logainmneacha an Chontae a réiteach. Tá súil agam go mbainfear úsáid as mo chuid taighde chun cur leis an eolas ar logainmneacha na hÉireann atá ar fáil don phobal ar an suíomh idirlín www.logainm.ie chomh maith.

1.3 Príomhcheisteanna Taighde: Céard iad na foirmeacha stairiúla Gaeilge a bhí ag ainmneacha na mbailte fearainn atá á scrúdú sa tráchtas? Cén fhorbairt a tháinig ar na foirmeacha seo tríd na céadta bliain d’athscríobh agus trí phróiseas an bhéarlaithe ón 16ú haois ar aghaidh? An féidir tionchar na canúna áitiúla a shonrú sna foirmeacha sin? Céard iad na fachtóirí eile a d’imir tionchar ar fhoirm na n-ainmneacha seo tríd is tríd? Bunaithe ar iniúchadh cuimsitheach eimpíreach ar na ceisteanna seo ar fad, céard í an fhoirm údarásach chaighdeánaithe Gaeilge atá le moladh i gcás gach aon bhaile fearainn díobh?

1.4 Scoláireacht agus Ábhar Foilsithe ar Logainmneacha na hIarmhí Is é The Placenames of Westmeath (1915 & 1957) an saothar is mó tábhacht agus is mó le rá a foilsíodh ar logainmneacha Chontae na hIarmhí go dtí seo. Is dócha gur aidhm amháin a bhí ag Paul Walsh nuair a chuir sé chéad eagrán an leabhair sin amach i 1915 ná na litreacha a scríobh Seán Ó Donnabháin agus a chuid comhghleacaithe le linn a gcuid oibre leis an tSuirbhéireacht Ordanáis san Iarmhí sna 1830í a chur ar fáil don phobal. Is ionann litreacha na Suirbhéireachta Ordanáis mar a chuir Walsh eagar orthu agus beagnach trian de dhara eagrán an leabhair. Ar an drochuair ní gan locht atá an ‘eagarthóireacht’ seo a rinne sé ar na litreacha. Tá an

3 Caibidil 1: Réamhrá chuma ar an scéal gur shocraigh sé, d’fhonn reacaireacht leanúnach a dhéanamh astu is dócha, codanna de litreacha áirithe a nascadh le codanna de litreacha eile; rud a d’fhág cuma aiste fhada aontaithe ar an ábhar, rud nach raibh ionadaíoch ar na bunlitreacha. D’éirigh le Nollaig Ó Muraíle ar a laghad dhá shliocht nach bhfuil ar fáil sna bunlitreacha, a fháil in eagrán Walsh (Ó Muraíle teagmháil phearsanta 2008). Agus leagan críochnúil de litreacha an chontae againn anois (Herity 2011) is é an príomhluach a bhaineann leis an gcuid seo den leabhar anois ná nótaí mionsonraithe Walsh ar ábhar na litreacha. Cé gur The Placenames of Westmeath is teideal do leabhar Walsh, níor phléigh sé ach ainmneacha bailte fearainn seacht mbarúntacht go sonrach sa leabhar: Breámhaine, Corca Raoi, Fir Thulach, Maigh Asail agus Machaire Ó dTiarnáin, Maigh Chaisil, Uí Mhac gCuais, agus Ráth Conarta. Is ionann seo agus lár an chontae (na ceantair ar fad thart ar an Muileann gCearr) agus Breámhaine (barúntacht bheag nach bhfuil ach paróiste amháin inti, agus Baile Átha Luain féin). Tá an chuma ar an scéal gur ar na ceantair is mó daonra a dhírigh sé, chomh maith le bheith báúil lena cheantar dúchais féin beagán ó dheas den Mhuileann gCearr, i lár an chontae.

San eagrán den leabhar a chuir Colm Ó Lochlainn amach i 1957 tá nótaí garbha ar cheithre bharúntacht eile, a baineadh as scríbhinní Walsh i ndiaidh a bháis, curtha leis an leabhar mar aguisín. Níl ach thart ar dheich leathanach san ábhar seo ar fad áfach. Istigh leis an eagrán seo, mar réamhrá, tá léacht a thug Walsh i 1938 dar teideal Ancient Westmeath. Tá cur síos fíor-úsáideach aige anseo ar bhunú an chontae féin agus ar theacht na nAngla-Normannach go dtí an contae. Tugann sé achoimre ar shliocht as an Counties of Meath and Wesmeath Act 1542 ar fiú cuid de a lua anseo:

In consideration thereof it is thought meet that the said shire should be divided made into two shires, and one of them shall be made and called the countie of Methe, and the other shall be called the county of Westmethe: and there shall be two sherriffes, and other officers convenient, within the said shires… a) “By the same authoritie it is ordeyned and enacted That Daltons Countrey be from henceforth made and named the baronie or hundred of Rathconyrte [Ráth Conarta]; b) “And Delmars Countrey, named Moywrackry, made and named the baronie or hundred of Rossaughe [paróiste Russagh i mbarúntacht Uí Mhac gCuais]; c) “And Tyrells Countrey, named Fertullaghe, made and named the baronie or hundred of Fertullaghe; d) “And Dillons Countrey, named Maghirquirke, made and named the baronie or hundred of Kilkenny west; which baronie or hundred of

4 Caibidil 1: Réamhrá

Kilkenny west shall have and contayne in the same the paroches of Kilkenny, Dromvrane, Bonowne, Oughevalle,4 Artenecrane,5 Alone and Iwryne [= Baile Átha Luain agus Breámhaine Uí Bhraoin .i. barúntacht Bhreámhaine anois]; e) “And a certaine peece of a certain countrey named Moylagaghe to be of and as parcel of the other half baronie or hundred of Fower; which Moylagaghe lyeth on the north-west part of the same halfe baronie or hundred of Fower; which halfe barony shall have and contain in the same the paroches of our Lady Church, Saint Feighins in the towne of Fower, Kilpatricke, Mayne, Beallaghila, Lyckbla, Feyeran and Hylton.” (Beallaghila is the present parish of Faughalstown.) It was further enacted by the same authority that the baronies or hundreds of Delvin, Moyashell, Maghirityrernan, Corkrie, Ferbille, Moyguoise, together with those now made by the authority of this Act… shall be taken, accepted, and had in the County of Westmeath… You will notice that the Act of 1542 did not profess to include in the county the barony of . I have already alluded to the circumstances under which Mageoghegan’s Country of Kineleagh was taken into Westmeath.6 Brawney had long been a separate barony, but the terms of the Act which I have summarised for you place it in the barony of Kilkenny West. The barony of Clonlonan was not incorporated into the county until towards the year 1600, when the O Melaghlin and Magawley chieftains finally submitted to English law and land tenure (Walsh 1957: xiii-xiv).

Sa sliocht thuas tá cur síos ar na dúichí agus ar na críocha éagsúla a bhí in úsáid roimh agus i ndiaidh teacht i bhfeidhm an Counties of Meath and Wesmeath Act 1542, agus as ar eascair, cuid mhór, an dá bharúntacht déag atá sa chontae anois. D’fhoilsigh Walsh an t-uafás nótaí agus alt gearra ar logainmneacha Chontae na hIarmhí i rith a shaoil. Bhailigh Nollaig Ó Muraíle an t-ábhar seo ar fad le chéile mar chuid den saothar Irish Leaders and Learning Through the Ages (Ó Muraíle [= Walsh] 2003). I measc na n-alt is mó tábhacht don tráchtas seo tá: ‘Some placenames of ancient Meath’ (Ó Muraíle 2003: 238-262); ‘Meath in the Book of Rights’ (Ó Muraíle 2003: 72-85); ‘The topography of Betha Colmáin’ (Ó Muraíle 2003: 263- 273), agus ‘Cnoc Aiste, Co. Westmeath’ (Ó Muraíle 2003: 279-283). Chuir Liam Cox Placenames of Westmeath: The Baronies of Clonlonan and Kilkenny West amach i 1994. Phléigh sé ainmneacha bailte fearainn Chill Chainnigh Thiar agus Chluain Lonáin, chomh maith le roinnt ainmneacha eile ó na barúntachtaí sin. B’ionann scóip a leabhair, mórán, agus scóip an tráchtais seo. Saothar thar a

4 = Nuachabháil 5 = Ardnacrany North & Ardnacrany South i bparóiste Nuachabhála. 6 Walsh (1957: xi).

5 Caibidil 1: Réamhrá bheith easnamhach, éagothrom agus lochtach atá i leabhar Cox áfach, cé nach bhfuil sé go hiomlán gan fiúntas. Is dócha gurb é an leas is mó a bhaineann leis ná an t-eolas áitiúil a bhí ag Cox ar an gceantar thart ar a bhaile dúchais, An Móta, chomh maith leis an tuiscint a bhí aige ar stair na gclann ba mhó cáil i mbarúntacht Chluain Lonáin: muintir Mhig Amhalaí i mBaile Locha Luatha agus muintir Mhaoileachlainn i gCill Chliathach, agus an saineolas a bhí aige ar na húinéirí talaimh nua a tháinig isteach ina n-áit ó lár an 17ú haois ar aghaidh. I measc na n-údar eile a scríobh ar, nó a luaigh, logainmneacha na hIarmhí i bhfoilseacháin éagsúla thall is abhus áirítear T. S. Ó Máille (Muckanagh, Shurock, Mackanrany srl.) agus Art Ó Maolfabhail (Tonlegee, An Grianán/Mount Temple) ach go háirithe. Luann P. W. Joyce neart logainmneacha sa chontae, agus sa cheantar staidéir, agus is fiú súil a chaitheamh ar Irish Names of Places (iml. I 1869; iml. II 1875) i gcónaí, cé go bhfuil sé go mór as dáta anois.7 Foinse luachmhar is ea na nótaí a rinne foireann an Bhrainse Logainmneacha ar logainmneacha éagsúla sa chontae, idir ainmneacha bailte poist agus ainmneacha bailte fearainn, tríd na blianta agus atá ar fáil anois ar logainm.ie. Dhá shaothar atá riachtanach d’aon staidéar ar logainmneacha na hÉireann is ea Onomasticon Goedelicum (1910) agus Foclóir Stairiúil Áitainmneacha na Gaeilge (A, B, C-Ceall Fhursa agus Ceall Ghabhann- Cláiríne) faoi seach. Cé gur minic a bhréagnaítear an t-ionannú a rinne Hogan ar shuíomh logainmneacha san Onomasticon, agus gur crá croí córas na nod sa leabhar sin, rachadh sé dian ar an taighdeoir logainmneacha leas a bhaint as na mór-fhoinsí Gaeilge gan é. Is mór an chabhair an leagan cuardaigh de atá curtha ar fáil ar líne ag LOCUS. Ní hionann agus an Onomasticon, áis thar a bheith iontaofa, so-úsáideach agus cuimsitheach atá in Foclóir Stairiúil Áitainmneacha na Gaeilge (FSAG), ach ar an drochuair níl ach na himleabhair a chlúdaíonn na logainmneacha a thosaíonn le A, B agus cuid den litir C ar fáil go fóill. É sin ráite, luaitear thart ar 20 ainm baile fearainn in FSAG a ionannaítear taobh istigh de cheantar staidéir an tráchtais seo, chomh maith leis an uafás ainmneacha stairiúla agus ainmneacha ar mhionghnéithe srl.

7 Rinneadh athchló ar Irish Names of Places in 1995 (De Búrca) agus cuireadh réamhrá nua leis. Sa réamhrá sin, luaitear an tuairim a chur Diarmuid Ó Murchadha (nach maireann) chun cinn i 1985, gur fiú os cionn nócha faoin gcéad de na mínithe atá ag Joyce i gcónaí.

6 Caibidil 1: Réamhrá

1.5 An Contae An t-aonú contae is fiche is mó in Éirinn, nó an t-aonú ceann déag is lú, ag brath ar d’amharc-phointe, is ea Co. na hIarmhí. Tá an contae suite i dtuaisceart Chúige Laighean, mórán i lár na tíre, idir abhantrach na Sionainne ar an taobh thiar, agus abhantrach na Daoile/na Bóinne ar an taobh thoir. Ísealchríoch réchnocach atá sa tírdhreach den chuid is mó; is é Mullaghmeen (258m) in oirthuaisceart an chontae an pointe is airde, agus luíonn an chuid is mó den talamh idir 100 agus 150m. Tá portaigh agus lochanna móra ar fud an chontae.

1.6 Meath na Gaeilge i gContae na hIarmhí Is dócha gur thosaigh meath ag teacht ar úsáid na Gaeilge i gContae na hIarmhí ón dara leath den 17ú haois ar aghaidh. Is mar seo a chuir Henry Piers síos in 1682 ar theacht isteach an Bhéarla sa chontae:

All the youth of this age learn to speak English in their petty schools, the only good they learn there, nor is there any more appearance of the Irish cap, and mantle, or trowses, at least in these countries; and altho’ the language yet remains, it is nevertheless so adulterated, by the multidude of English words adopted to it, that it remains no where now in its purity… (Piers 108). Ní réitíonn cuntas Piers go maith leis an bhfianaise eile atá againn ar staid na teanga ag an am sin – caithfidh go raibh an Ghaeilge fós go mór i dtreis le linn aimsir Piers mar bhí sí fós láidir go leor i gcodanna den chontae céad bliain i ndiaidh sin, ag deireadh an 18ú haois. Duine de bhunadh na nua-ghall ab ea Piers8 – ní bheifí ag súil le meon dearfach i leith na Gaeilge ó dhuine den chúlra sin. É sin ráite, caithfidh go raibh eolas éigin ag Piers ar an teanga, agus tá dealramh air sin sna mínithe ar logainmneacha a thugann sé tríd a leabhar agus ón litriú béarlaithe atá aige ar ainmneacha, ar shloinnte, agus ar théarmaí Gaeilge, atá dílis go leor don bhunfhuaimniú.

Bhí Pádraig Ó Fágáin den tuairim gur áit mhór Béarla An Muileann gCearr faoi thús an 18ú haois déag:

Tá an chosúlacht air go raibh ainm amuigh ar an Muileann gCearr mar bhaile mór inar labhraíodh an Béarla go forleathan. Is suimiúil a thabhairt faoi deara san extravaganza úd “Pairlement Chlainne Tomáis”, a

8 Tháinig muintir Piers isteach sa tír sna 1560í agus fuair siad seilbh ar thailte Mhainistir Thriostarnaí (i mbarúntacht Uí Mhac gCuais) go gairid i ndiaidh sin (Moran 2000). Luann Moran chomh maith gur cuireadh Henry Piers (c. 1620†), seanathair Sir Henry, amach ar altramas le dream den sloinne Farrell san Iarmhí; rud a chuirfeadh leis an gcás go raibh eolas éigin ag Sir Henry Piers ar an nGaeilge.

7 Caibidil 1: Réamhrá

scríobhadh sa chéad leath den 17ú céad, gur fear ón Mhuileann gCearr (Dónall an Deannaigh, mac muilneora) a toghadh chun a bheith ina thoscaire ón “bPairlement” go dtí an Pápa toisc go raibh “teanga maith Béarla aige” (Ó Fágáin 1985: 141-142).

Bheadh sé intuigthe, agus láithreacht mhór ag arm agus údarás na Breataine sna bailte móra, go leathnódh úsáid an Bhéarla amach astu go dtí na ceantair a bhí buailte leo; ach is léir go bhfuil patrún eile le sonrú maidir le meath na Gaeilge i dtuaisceart Chúige Laighean san 18ú haois; is é sin go raibh an Béarla ag scaipeadh aneas tríd an gcúige, faoin tuath agus sna bailte: 1771-81 1801-11 1831-41 An Longfort 22 8 1 An Iarmhí 17 7 2 Uíbh Fhailí 4 2 1 Tábla 1. Meastachán ar íosmhéid (céatadán) líon na gcainteoirí Gaeilge (Fitzgerald 1984). Is léir ó na figiúirí a léirítear i dTábla 1. go raibh úsáid na Gaeilge ag dul i léig de réir mar a chuathas ó dheas sa chúige, agus an Béarla ag treisiú leis de réir mar a chuathas sa treo céanna. Íosmhéideanna atá sna figiúirí thuas, bunaithe ar anailís ar na figiúirí do chumas sa Ghaeilge a tugadh sna daonáirimh ó 1851 ar aghaidh, i gcohóirt aoise dheichbhliantúla - is é sin an cumas Gaeilge a bhí ag daoine a rugadh mar shampla idir 1771-81 agus a bhí fós beo faoi aimsir an chéad daonáirimh inar áiríodh ceist faoi chumas sa Ghaeilge, in 1851:

From what we know of the social conditions of different sections of the population, there is certainly no reason to believe that within any given area, such as a barony, the social conditions of the English-speaking population would have been less favourable than those of the Irish- speaking population. If anything the opposite is likely to have been the case, and a consequent higher mortality rate amongst Irish-speakers would have tended to reduce rather than increase the numbers of Irish- speakers relative to English-speakers especially in the higher age-groups. This lends weight to the suggestion that estimates for Irish-speaking in early youth derived by the methodology of this paper may be understated rather than overstated (Fitzgerald 1984: 123).

Is cinnte gur gannmheasanna atá sna figiúirí do chumas sa Ghaeilge i ndaonáirimh 1851, 1861 agus 1871. Tháinig ardú suntasach ar líon na gcainteoirí Gaeilge a áiríodh in 1881; forás nach réiteodh leis an gclaonadh ginearálta ó thaobh cumais sa Ghaeilge sa tír tríd an 19ú haois. Bhain an t-ardú seo, de réir dealraimh, le colún faoi leith a

8 Caibidil 1: Réamhrá bheith curtha isteach don cheist ar chumas sa Ghaeilge - seachas í a bheith ceangailte leis an gceist ar chumas oideachais, mar fhonóta, mar a bhí go dtí sin (Ó Fágáin 1985: 143-144). Rud eile a laghdódh na figiúirí i gceantair ina raibh úsáid na Gaeilge lag go leor sa tréimhse i ndiaidh an Ghorta Mhóir, ná go bhféadfadh duine a tógadh le Gaeilge a chumas sa teanga a chailleadh in imeacht a s(h)aoil féin; is é sin nuair nár bhain cumas sa Ghaeilge ach le haoisghrúpaí faoi leith - na haoisghrúpaí ba shine - gur éirigh na daoine sin as úsáid ghníomhach na teanga ar bhonn praiticiúil, agus gur chaill siad a gcumas sa teanga dá bharr sin.9 Tríd is tríd, más amhlaidh a tógadh le Gaeilge ar a laghad 17% de na daoine a rugadh idir 1771-81 agus a mhair go 1851 i gContae na hIarmhí (agus na fachtóirí a pléadh thuas san áireamh, caithfidh go bhfuil an figiúr sin ró-íseal; ach ní thig linn a bheith cinnte cé mhéad níos airde ná sin a bhí sé), is mór an seans go raibh Gaeilge ag formhór an phobail (na haoisghrúpaí ar fad) ag dul isteach sa 19ú haois, agus gur tháinig titim ghasta ar chumas sa teanga idir 1800 agus aimsir an Ghorta Mhóir, de réir mar a tháinig na glúnta nár tógadh le Gaeilge chun cinn.

1.6.1 Meath na Gaeilge i mBarúntachtaí Chill Chainnigh Thiar agus Cluain Lonáin

Fig. 2. Meastacháin ar íosmhéid líon na gcainteoirí 1771-81 (Fitzgerald 1984).

9 ‘Paddy Brogan, who lives very near Lynn old Church [trí chiliméadar ó dheas ón Muileann gCearr], and who says, Irish was the first language he spoke, and that he forgot it through the constant habit of speaking English.’ LSO (IM) II, 42.

9 Caibidil 1: Réamhrá

Feicimid mórán an patrún céanna maidir le cumas sa Ghaeilge san 18ú/19ú haois agus a taispeánadh faoin gcontae go ginearálta sa mhír thuas: go raibh an Béarla ag éirí níos treise de réir mar a chuathas ó dheas agus níos faide i gcéin ó na ceantair ina raibh an teanga in úsáid go forleathan (i gcás na mbarúntachtaí seo, Co. Ros Comáin agus oirthear Chonnacht a bhí i gceist). Toisc barúntacht Bhreámhaine a bheith comhtheagmhálach le Cill Chainnigh Thiar agus Cluain Lonáin, agus timpeallaithe ar gach taobh leo, seachas an taobh thiar (feach fig. 2), socraíodh é a chur san áireamh sa tábla (tábla 2.) thíos. Is díol suntais an chodarsnacht idir na figiúirí do Bhreámhaine agus na figúirí do Chluain Lonáin. Mar Tábla 1, liostaítear na ceantair (barúntachtaí) ag dul ón tuaisceart go dtí an deisceart: 1771-81 1801-11 1831-41 Cill Chainnigh 10 3 0 Thiar Breámhaine 32 15 6 Cluain Lonáin 0 0 0

Tábla 2. Meastachán ar íosmhéid (céatadán) líon na gcainteoirí Gaeilge (Fitzgerald 1984).

Tá Art Ó Maolfabhail den tuairim (1974: 69) gur stopadh de a bheith ag cumadh logainmneacha (mionainmneacha) i nGaeilge sa dara leath den 18ú haois i mórán gach ceantar sa tír cé is moite de na ceantair inar mhair an Ghaeilge go láidir go dtí lár an 19ú haois. Réitíonn an tuairim seo go maith leis an bhfianaise ar úsáid agus ar chumas sa Ghaeilge do chontaetha ar nós na hIarmhí a pléadh thuas – titim thubaisteach ó thús an 19ú haois go dtí aimsir an Ghorta Mhóir. Is dócha gur chaill an teanga feidhmeanna ar nós ainmniú áiteanna go luath sa phróiseas sin, de réir mar a chúlaigh sí mar theanga phobail, am éigin san 18ú haois. Tá roinnt samplaí de logainmneacha déanacha Gaeilge agus de leaganacha malarta Gaeilge ar ainmneacha Béarla ón 18ú haois sa cheantar staidéir. Féach léitheidí Cappaghauneen > Ceapach Aithnín; Belville > lug na neantaigh; Oldtown or Pudding Street > sraid na bputóg; Deerpark > Pairc Chloiche, Forty Acres > dá fhichiot acar a luaitear san AL i bpeann luaidhe (pl.). 10 Is minic a chuir an Donnabhánach ‘local Irish name’ ar na hainmneacha seo san AL; is dócha gur bhailigh sé iad ó sheandaoine a rugadh agus a

10 Is iad foirmeacha a breacadh ó chainteoirí Gaeilge áitiúla a scríobhadh in pl. in ainmleabhair (AL) na Suirbhéireachta Ordanáis (SO) de ghnáth.

10 Caibidil 1: Réamhrá tógadh nuair a bhí an oiread tábhachta agus tionchair ag an nGaeilge i measc an phobail gur ceapadh leaganacha Gaeilge ar ainmneacha de bhunús an Bhéarla ar nós Deerpark > Pairc Chloiche (Is mór an seans gur tógadh an Deerpark seo thart ar 1745, nuair a tógadh an teach mór lenar bhain sé (English 1973). Is cosúil go raibh ainmneacha Gaeilge déanacha den sórt seo ar eolas ag na cainteoirí Gaeilge a bhí fós i mbarúntachtaí Chill Chainnigh Thiar agus Cluain Lonáin faoi aimsir an Donnabhánaigh (c. 1837/8); is ag seandaoine amháin a bhí an teanga san Iarmhí de ghnáth faoin am sin, i bhfianaise an Donnabhánaigh (LSO (IM) 137); is dócha go léiríonn sin go raibh an Ghaeilge bisiúil go leor le linn óige na glúine sin, is é sin sa dara leath den 18ú haois. Is fiú a lua anseo nár mhair na hainmneacha Gaeilge a luaigh mé thuas; d’imigh siad as cuimhne le himeacht na teanga, ach amháin leithéid Cappaghauneen > Ceapach Aithnín a mhair, is mór an seans, toisc go ndearnadh ainm ar aonad riaracháin buan as mar chuid den tSuirbhéireacht Ordanáis. Léiríonn sin an tábhacht a bhain leis an suirbhé sin, mar is annamh a mhaireann logainmneacha níos mó ná cúpla glúin nuair nach mbíonn stádas oifigiúil de shaghas éigin acu. In ainneoin an chuntais a thugann an Donnabhánach ar an teanga a bheith ar an dé deiridh sa chontae sna 1830í (LSO (IM) 137), léiríonn scagadh ar dhaonáireamh 1901 go raibh 60-80 cainteoir dúchais scaipthe ar fud an chontae;11 daoine iad seo a rugadh agus a tógadh san Iarmhí, le Gaeilge, agus a bhí fós beo i 1901. Is cosúil gur mhair an teanga i measc grúpaí nó aicmí faoi leith, i ndiaidh di imeacht as mar theanga phobail. Ach is dócha, fiú agus dornán Gaeilgeoirí ann mar Oisíní i ndiaidh na Féinne faoi thús an 20ú haois, gur bhain feidhmeanna ar nós ainmniú áiteanna agus gnéithe leis an teanga a bhí ag formhór an phobail, leis an teanga a glacadh go forleathan – an Béarla. Feictear an próiseas seo (géilleadh na mionteanga don mhórtheanga i gcás feidhmeanna agus réimsí a bhaineann leis an bpobal i gcoiteann) i nGaeltachtaí an lae inniu leis an tairseach idir catagóir A agus B (Ó Giollagáin & Mac Donnacha 2007). 12 Cé nach ionann ina iomlán na cúinsí

11 Ach dáileadh níos dlúithe acu in oirthear an chontae gar do shean-Ghaeltacht na Mí, agus in iarthar an chontae thart ar Bhaile Átha Luain, atá díreach buailte le deisceart Ros Comáin, ceantar inar mhair corrchainteoir Gaeilge do dtí na 1950í. 12 Is ionann 67% den phobal [an tairseach do cheantar Gaeltachta i gcatagóir A] a bheith ina gcainteoirí laethúla Gaeilge agus tairseach chinniúnach theangeolaíoch. Léirítear san anailís a rinneadh sa phríomhthuarascáil (féach Caibidlí 3 agus 6) go dtagann laghdú tobann ar úsáid na Gaeilge mar theanga theaghlaigh agus phobail nuair a thiteann líon na gcainteoirí laethúla i gceantar faoi bhun na tairsí seo (Ó Giollagáin & Mac Donnacha 2007: 17).

11 Caibidil 1: Réamhrá sochtheangeolaíochta atá ag obair ar Ghaeltachtaí an lae inniu agus na cinn a d’imir tionchar ar iarghaeltachtaí ar nós na hIarmhí san 18ú/19ú haois, is cinnte go bhfuil comhchosúlachtaí idir an dá chás. Is cosúil, i bhfianaise na n-ainmneacha a luadh thuas (Cappaghauneen > Ceapach Aithnín srl. – féach lch. 10-11), gur éiríodh as logainmneacha úra Gaeilge a chumadh i lár an 18ú haois, nó sa dara leath di, ar a dhéanaí, sa cheantar staidéir. Níl aon tagairt d’aon cheann de na hainmneacha seo níos luaithe ná an bhliain 1808 – agus is san AL amháin a luaitear a bhformhór. Más ea gur féidir comparáid slán a dhéanamh idir córas catagóire Uí Ghiollagáin (Ó Giollagáin & Mac Donnacha 2007) ar Ghaeltachtaí an lae inniu (A = 67% den phobal ina gcainteoirí gníomhacha; B = 44-66%; C = < 44%) agus Co. na hIarmhí san 18ú/19ú haois, caithfidh gur am éigin sa dara leath den 18ú haois a shleamhnaigh an Ghaeilge faoi bhun na tairsí13 a leagtar síos do Ghaeltacht ina bhfuil an Ghaeilge mar theanga an phobail (catagóir A > 67% ina gcainteoirí gníomhacha) sa cheantar staidéir – is beag feidhm don phobal a bheadh ag logainm úr i nGaeilge ón bpointe seo amach.

1.7 Canúintí Stairiúla - Gnéithe Canúna sna Logainmneacha Faoin am gur cuireadh suim arís i gcúrsaí Gaeilge (aimsir na hathbheochana) sa tír i gcoitinne, is beag den teanga a bhí fágtha i gcuid mhór de Chúige Laighean. Agus an chuid bheag sin, is i bhfolach i mbailte fearainn iargúlta anseo is ansiúd a bhí sí go minic, ag glúin a raibh dearmad déanta ag an saol mór orthu - taobh amuigh b’fhéidir de chuid bheag de Cho. Lú. Ní haon ionadh mar sin gur ar chósta thuaidh, thiar, theas na hÉireann is mó a dhírigh scoláirí stair na Gaeilge a gcuid airde le céad bliain anuas, os ansin a bhí, agus atá go pointe áirithe, flúirseach na fianaise ar an teanga. Fágann sin bearna mhór san eolas atá againn ar dháileadh stairiúil chanúintí na Gaeilge sa tír. Níl aon leigheas ar seo ach mionstaidéar a dhéanamh ar rianta scáinte na teanga i leithéidí liostaí focal, cuntas béaloidis; fianaise ó lámhscríbhinní déanacha (más ann dóibh), an chaint loganta nádúrtha, agus ar ndóigh, sna logainmneacha – idir ainmneacha bailte fearainn agus mhionainmneacha. Obair thuirsiúil. An buntáiste is mó a bhaineann le fianaise ó logainmneacha don chanúineolaí is ea an dáileadh

13 Catagóir A > 67% ina gcainteoirí gníomhacha agus ‘seasmhacht áirithe le sonrú ar an bpatrún úsáide Gaeilge sna rannóga aoise ar fad, cé is moite d’iompar teanga na n-óg’ (Ó Giollagáin & Mac Donnacha 2007: 17).

12 Caibidil 1: Réamhrá uilíoch atá acu; amhail is gur féidir comparáid slán a dhéanamh idir gnéithe den teanga a thagann chun solais i logainmneacha ceantair amháin le forbairtí i gceantair eile go héasca. Tá deacrachtaí móra ag baint le gnéithe canúna a aithint i dtéacsanna ó na meánaoiseanna, agus ar an ábhar sin is beag an t-eolas atá againn ar an mbunús stairiúil atá ag canúintí na Gaeilge. Is minic foirmeacha calctha den teanga a bheith caomhnaithe i logainmneacha agus dáileadh ar leith a bheith ag eilimintí áirithe. Tá fiúntas nach beag ag an bhfianaise seo don tuiscint atá againn ar chúrsaí canúna sa Mheán-Ghaeilge agus sa tSean-Ghaeilge mar sin (Murray 2005). Is ar éigean atá aon staidéar críochnúil déanta ar an gcanúint (nó ar na canúintí?) a labhraíodh i gCo. na hIarmhí go dtí seo. Ní chuige sin an tráchtas seo ach oiread, ach nochtaítear roinnt fhianaise i leith na canúna mar sin féin, agus is fiú cuid den fhianaise sin a phlé anseo.

Is iad Donn Piatt agus Séamas Ó Saothraí an t-aon bheirt a scríobh go sonrach ar an gceist seo. Bhí Piatt pósta le bean as Ráth Fhearna in oirthear an chontae, agus is uaithi siúd a fuair sé an liosta focal a d’fhoilsigh sé in An tUltach i 1935. Bhí an méid seo le rá aige faoin gcanúint:

BÉIM GHOTHA[:] Béim Chúige Uladh i gcomhnaidhe ach amháin ‘sa bhfocal “muchóirighe” bhfuil an bhéim ar an dara siolla. FUAIMEANNA- Bíonn “án” agus “óg” fada go maith. “Gabhar” – fuaim Chonnachta [sic] ’s na Mumhan a bhí ag máthair mo mhná; i gCill Dealga, Conndae na Midhe, a tógadh í, ach chuala mo bhean “gór” .i. an tuaim [fhuaim?] Ultach ó shean-bhean as “Cluain Ámh” (?) 14 ar theorainn Chonndae Chill Dara. (Piatt 1935: 7).

Thacaigh Séamus Ó Saothraí, arbh as Cloonagh/Cluanach, gar do Bhéal Átha na nGabhar dó, leis an nóisean seo gur le Gaeilge Uladh a luigh Gaeilge na hIarmhí: ‘Dhealródh sé gur foghraíocht Chúige Uladh a bhí sa taobh sin tíre. Is cosúil gur mhar a chéile mórán Gaeilge na Mí, na hIarmhí, Lú agus Dheisceart Ard Macha’ (Ó Saothraí 1969: 18). Tá fianaise ar an tionchar Ultach i logainm óna cheantar féin ar ndóigh: Baile na nGabhar/Ballynagore. Luann sé trí abairt Gaeilge a bhailigh sé ó bhean ina bhaile fearainn féin:

‘Á, ‘Mhuir ’s trú!’, ‘Maith a brath, a ghrá!’ agus ‘Chugat a’ taibhse dubh!’ … An bhean a fuair mé uaithi iad, tá foghraíocht Ultach go soiléir

14 Tá baile fearainn /Cluain Ámha san Iarmhí ach is idtuaisceart an Chontae atá sé, ar bhruach Loch Dairbhreach (BLÉ 51930). Níl aon teorainn le Co. Chill Dara ag an Iarmhí. Tá seans gur Cloncrave, baile fearainn gar do Chionn Átha Gad i mbarúntacht Fhir Bhile a bhí i gceist.

13 Caibidil 1: Réamhrá

aici ar an tríú ceann: ‘Chugad a’ teibhsi duth!’ a deir sí. Óna seanathair, a fuair bás thart ar an mbliain 1915, a fuair sise an abairt. D’inis seisean di gur Gaeilge a labhraíodh sé leis na hUltaigh in Albain, nuair a bhí sé ag obair sa tír sin i dtús a shaoil … Ní miste a rá gur c-séimhithe Chúige Uladh atá san Iarmhí chomh maith – ag Cineál Éanna agus Cineál Fhiachach, go háirithe. (Ó Saothraí 1969: 19).

Dá méid den cheart is a bhí ag Ó Saothraí faoina cheantar féin is fánach an fhianaise a thugann sé (taobh amuigh d’ábhar Piatt, a bhain leis an taobh céanna den chontae, den chuid is mó) i leith codanna eile den chontae, agus is ar éigean a bhí níos mó ná cuid bheag den scéal aige nuair a mhaígh sé gur le canúint oirdheisceart Uladh a luigh an teanga san Iarmhí. Díreach chun an pointe seo a léiriú is fiú breathnú ar an ainm baile fearainn Culleenagower/Coillín na nGabhar i bparóiste Chill Mhancháin, barúntacht Cluain Lonáin; ‘Made gore in Ulster but it [is] pronounced gour here’

(AL). Fuaimnítear é mar »kul'in'´«gaur go háitiúil anois. Is i gcanuintí na

Mumhan agus Chonnacht a fhaightear leithéid gabhar ráite mar gaur de ghnáth. Tá fianaise eile ar an bhfuaimniú seo san ainm Bunown/Bun Abhann, i bparóiste Bhun Abhann, barúntacht Chill Chainnigh Thiar; ‘owen is here and all through the Kings Co. pronounced oun the ou like the ou in the English word ounce’ (AL). Is é

»bun«aun an fuaimniú áitiúil comhaimseartha. Ós rud é gur luaigh an Donnabhánach an fuaimniú céanna ar –abh a bheith ar fáil ‘all through the Kings Co.’ (AL) is ceart plé a dhéanamh ag an bpointe seo ar obair pháirce Nicholas Williams (1998) i leith iar-chanúintí Co. Uíbh Fhailí; agus an pictiúr ginearálta den teanga i dtuaisceart Laighean atá tarraingte aige bunaithe ar an bhfianaise sin agus ar fhoinsí eile (Williams 1994). Is le Gaeilge oirthear Chonnacht a luigh Gaeilge Uíbh Fhailí (taobh amuigh de dhá bharúntacht in Éile i ndeisceart an chontae – dúiche a bhí mar chuid de Chúige Mumhan go stairiúil), ach tá fianaise ar ghnéithe de Ghaeilge oirthear Uladh tríd an gcanúint chomh maith (Williams 1998):

Offaly Irish resembles east Galway in its retention of the historic short vowel before long sonants: cam, poll, dall etc. In the treatment of the final unstressed syllables in -(e)amh, -(a)igh), -(e)adh, etc. the Irish of Offaly agrees largely with east Galway … Among other features reminiscent of Connaught one can mention nasalisation after san ‘in the’, toidheacht as verbal noun of tigim ‘come’, the futures in -e(ó)- and the word crúóg. Perhaps the most striking characteristic of the Irish of Offaly is the large number of apparently Oriel and Ulster features to be found it. Among

14 Caibidil 1: Réamhrá

such one can cite –ach > -a, lowering of long ó to á … (Williams 1998: 571).

Creideann Williams gur aon mhórchanúint amháin a labhraíodh ar fud Chúige Chonnacht agus Cúige Laighean tráth; ach fo-chanúintí a bhí éagsúil go leor óna chéile a bheith scaipthe tríd an limistéar fairsing sin. Gaeilge Gháileoneach a chuireann sé ar an mórchanúint seo; ach is fearr, i mo thuairim, an téarma seo a sheachaint.15 Is leor a rá go raibh cuid mhór i gcoitinne idir na canúintí a labhraíodh i gCúige Chonnacht agus na canúintí a labhraíodh i gCúige Laighean (cé is moite de Lú, an Mhí agus Osraí). Taobh istigh de chanúint Laighean déanann Williams idirdhealú idir Contaetha Chill Dara, BÁC, Chill Mhantáin agus Cheatharlach ina bhfuil roinnt tréithe de Ghaeilge na Mumhan le sonrú, agus deisceart Co. an Longfoirt, an Iarmhí agus an chuid is mó d’Uíbh Fhailí, ceantair inar labhraíodh canúint a bhí an-chosúil le Gaeilge oirthear Chonnacht (Williams 1994 & 1998). Tá roinnt fhianaise i measc foirmeacha an 276 ainm baile fearainn a scrúdaíodh sa tráchtas seo a thacaíonn le Williams. Is fiú fianaise ó mhionainmneacha a bailíodh le linn obair pháirce don tráchtas a chur san áireamh anseo chomh maith. Tá fianaise ar an athrú gn- > gr- san ainm Creevenamanagh/Gníomh na Manach, baile fearainn atá i bparóiste Chill Chainnigh Thiar. Féach na foirmeacha ?Gryeve na managh O’Rahilly 1551; Creenamanach TAB 1823; Crievenamonagh AL: BS 1837; crí na manach AL: pl. 1837, ach go háirithe. Tá neart fianaise ar an athru cn- > cr- i mionainmneacha: Crocan Ruad, Crockan sa bhaile fearainn Muckinagh ar bhruach Loch Rí (BNS Ballynacliffy NS 144), ach luann an fhoinse chéanna Cnoc Faire chomh maith (BNS Ballynacliffy NS 147). Bhailigh mé féin »kruk > cnoc (J. Hackett) in Ballynakill, baile fearainn atá díreach buailte le teorainn Uíbh Fhailí i bparóiste Chill Chliathach, agus »kruk«An > cnocán (A. Walsh) in Doonis, baile fearainn atá gar don teorainn le Co. an Longfoirt i bparóiste Nuachabhála.

15 Ainmnithe as na Gáileoin (ainm eile de na Laighin), grúpa réamhstairiúil a chuir fúthú sna ceantair ar a dtugtar Cúige Chonnacht agus Cúige Laighean anois. Admhaíonn Williams an méid seo: ‘Is ceart a léiriú anseo, áfach, nach ionann an t-ainm sin a thabhairt ar an gcanúint agus a rá gurb iad na Gáileoin/Laighin ab údar léi’ (Williams 1994: 471).

15 Caibidil 1: Réamhrá

Tá an forás -ch > -f le fáil san fhocal cluiche > klif'´ ar fud Chonnacht (Ó hUiginn 1994: 557).16 Tá an forás céanna le sonrú i bhfoirm ghinideach an fhocail cloch in Ballynacliffy/Baile na Cloiche i bparóiste Chill Chainnigh Thiar. Féach an fhoirm Ballinecloffy Piers 1682 ach go háirithe. Cf. Aghnacliff/Achadh na Cloiche i gCo. an Longfoirt. Tá seans ann, ar ndóigh, gur tríd an mBéarla a tháinig an forás seo chun cinn (Ó Cearbhaill teagmháil phearsanta 2011) i gcomhchosúlacht focal ar nós rough, trough.17 Báitear -bh-/-mh- i lár focal i nGaeilge na Mumhan de ghnáth (Baile an tSléibhe > bal'´ an tle˘). Tá fianaise ar an bhforás seo in oirthear Chúige Laighean chomh maith; ‘Baile an tSléibhe in county Dublin for example appears in English as Ballinclea’ (Williams 1998: 561). Is mar v a fuaimnítear –mh- idir dhá ghuta in Cluain Íomhair/Clonever i mbarúntacht Gharraí an Chaisleáin in Uíbh Fhailí; ‘Cluain Eibhír [sic]: ‘bh’ pronounced.’ (Piatt 1933: 28). Luaitear na foirmeacha seo den logainm *Cloch Eibhir18 (a bhí áit éigin in, nó gar do, Walderstown i bparóiste Dhroim Raithne); cartron’ cloghvirr (Inq. Jac. 1 (5) 1611); Cloghevir (ASE 184 1669); Cloghevir (BSD 11b 1670c).

Is mar w a deirtear bh/mh leathan ag tús focal den chuid is mó i nGaeilge

Chonnacht, ach tá v le cloisteáil ar Oileáin Árann agus i gContae an Chláir roimh ghuta ‘/var´/, /va˘s/’ (Ó hUiginn 1994: 553). Is mar w atá -bh-/-mh- i roinnt logainmneacha ó bharúntacht Gharraí an Chaisleáin in Uíbh Fhailí; ‘Cruca Wakea < Cnoc an Bhacaigh, Poll an Mhada and Gortawilla < Gort an Bhaile all with mh as w’ (Williams 1998 561). Ach is mar v a fhaightear bh/mh in Cúil Bhoc > Coolvuck agus Achadh an Mhóinín > Aghanvoneen i bparóiste Bhaile Locha Luatha; Achadh an Mhóinín > Aghavoneen i bparóiste Chill Chliathach agus Cloch Bhruíne > Cloghvireny (Inq. Jac. I, 5 1611) (= Cloghbreen) i bparóiste Dhroim Raithne. Báitear

16 Luann Ó hUiginn go bhfuil seans gur ‘forás é seo ar an ngrúpa -thch- (i.e. SG cluithche). Tá a leithéid chéanna d’fhorás le sonrú san fhocal lúchair (< lúthghair) /Lu:fa:r'/’ (Ó hUiginn 1994: 557). Is mar Baile na Cloithi MIA 1401 a litrítear an fhoirm is luaithe de Ballynacliffy/Baile na Cloiche. 17 Ach is mar trAx a deirtear trough, go traidisúnta sa taobh seo tíre (ag cainteoirí coimeádacha amháin anois) (F. Finnegan, teaghmháil phearsanta 2010). Féach trough > trAx agus tough > tux a dúradh (a deirtear?) i gceantar Emper i mbarúntacht Uí Mhac gCuais, Co. na hIarmhí (Nally [= Mhac an Fhailigh] 1971: 38). 18 Féidearthacht eile is ea *Cloch Íomhair (Íomhar = ainm pearsanta0

16 Caibidil 1: Réamhrá an -mh- lárnach in Ballynalone/Baile na Leamhán i bparóiste an Nuachabhála.19 Cf. Baile an Leamhain/Ballylevin in oirthear Chontae Uíbh Fhailí (BLÉ 41964)

Is mar gr'i˘w a deirtear gníomh i gCois Fharraige (De Bhaldraithe 1975: 46). Tá an chuma ar chuid de na foirmeacha stairiúla de Creevenamanagh/Gníomh na Manach i bparóiste Chill Chainnigh Thiar: Gnywenemanagh alias Gnywternemanagh (Fiants Eliz. 1355 1569); Gnewnamanagh (DS 1655); Gnewnamanagh (BSD 14b

1670c); Gnownamanagh (ASE 230 1673), gur mar w a fuaimníodh -mh deiridh san fhocal gníomh. Féach chomh maith Leighgneynlogh al’ Leighgnewnewlogh (Inq. Car. I (3) 1625) > Leathghníomh an Locha? (logainm a luaitear leis an gceantar céanna sa 17ú haois), agus Gniwkill (DS 1655), a bhí i mBaile Locha Luatha. Tá sampla amháin aimsithe agam de –mh deiridh i ndiaidh ghuta gearr neamhaiceanta in ainm mioncheantair in Rath Upper i bparóiste Nuachabhála;

»SAnt«l´ (K. Maher 2008) > Seantalamh; agus Seantallo Inq. Car. I, 85 1633); seasann an o anseo don ghuta neodrach (Mac Giolla Easpaig 2011, teagmháil phearsanta). Bunaithe ar fhianaise ó lámhscríbhinn measann Williams (1994: 472) gur mar –a a dúradh –amh san Iarmhí; ach is ceart a nótáil go mbaineann an lámhscríbhinn a luann sé mar fhoinse le Dealbhna, ar an taobh eile ar fad den chontae ón gceantar staidéir.

Deirtear lonnradh mar lundr´ i gCois Fharraige (De Bhaldraithe 1975: 38-

39) agus cloistear an focal cónra mar co˘ndr´ i gConamara uaireanta (Ó Muraíle 2011, teagmháil phearsanta). Tá seans go bhfuil fianaise ar an bhforás céanna san ainm baile fearainn Ardnaponra/Ard na Pónra i bparóiste Chill Mhancháin. Féach na foirmeacha Arnapond (DS 1655); Ardaghpond (CGn. 6-445-2549 1711);

Ardnapondra (TAB 1827) agus »ardn´«pondr´ (J. Hackett 2011). Féach chomh maith an mionainm »pu˘ln´«pondr´ (D. Claffey 2011) (gar do, nó in, Gurteen i bparóiste Chill Chliathach – thart ar thrí chiliméadar soir ó dheas ó Ardnaponra. Tá an fhéidearthacht ann, áfach, go mbaineann an forás seo le próiseas an bhéarlaithe (Ó Cearbhaill 2011, teagmháil phearsanta).

19 Tá an baile fearainn seo roinnte idir Droim Raithne agus Nuachabháil, ach pléitear é faoi Nuachabháil.

17 Caibidil 1: Réamhrá

Tá fianaise i roinnt mhaith logainmneacha sa cheantar staidéir, i bparóiste

Bhaile Locha Luatha ach go háirithe, gur mar mu´r nó mu˘r a fuaimníodh an aid. mór. Tá an forás seo le fáil in Iarthar Duibhneach, agus i gcanúintí eile na Mumhan

(Dinn. 765). Féach Magheramore < An Machaire Mór; »mAh´r´«mu´r (B. Muldoon 2011 & J. Casey 2009), agus an t-ainm Gaeilge áitiúil a bhí ar an móta as ar ainmníodh Mount Temple; Mota muar bal locha luatha (AL: pl. 1837). Faightear an forás céanna in g. an fhocail seanmóir in Aghanashanamore < Achadh na

Seanmóra; »Ah´n´«San´«mu´r (J. Casey 2011); Aghneshanmoor (SEH 9, 1786). Cf. Moyvore/Maigh Mhórdha i mbarúntacht Ráth Conarta (sráidbhaile atá thart ar shé chilimeadar déag soir ó thuaidh ó Mount Temple) a deirtear mar «mai»vu´r ag cainteoirí coimeádacha in Glassan, i bparóiste Chill Chainnigh Thiar (‘‘The local traditional pronunciation is m´»vu˘r or m'i & »wu˘r or even m'i & v'ju˘r with some’ Éamonn Mhac an Fhailigh[,] litir: Márta 1962.’ (BLÉ 1413829, cárta 7). Tugtar fuaimniú áitiúil eile ar an gcárta céanna, neamhspleách ón dtagairt thuas, a réitíonn go maith leis an gceann a fuarthas in Glassan; m´i»vu´r. Tá fianaise i gcás roinnt ainmneacha bailte fearainn agus mionainmneacha gur mar fan a fuamníodh an aid. fionn sa cheantar staidéir. Féach Aghafin < Achadh Fionn i bparóiste Nuachabhála; acha feann (AL: pl. 1837). Tá an méid seo le rá ag an Donnabhánach faoi oileán beag ar Loch Rí (paróiste Bhun Abhann) darb ainm Illanfan > Oiléan Fionn: ‘In this neighbourhood, and in the King’s County FIONN, fair or white is prond. fan.’ (AL). Is é »lan»fan (P. Slevin 2007) an fuaimniú

áitiúil comhaimseartha. Is mar klon'fanl´ a deirtear Cluain Fionnlocha/Clonfinlough (BLÉ 41213 – taifid téacs 1988) i mbarúntacht Gharraí an Chaisleáin in Uíbh Fhailí. ‘fionn, is pronounced ‘fan’’ (Ó Háinle 2011: 262) thart ar Ballynahown i bparóiste Chill Chliathach, atá díreach buailte le ceantar Chluain

Fhionn Locha. Cf. Achadh Fionn/Aghafin > ahi»fan (BLÉ 41248 – taifid téacs 1985) sa cheantar céanna. Tá fianaise ar an bhforás -cht > -rt, forás a fhaightear i nGaeilge Ghaoth Dobhair, agus i gcorráit eile (Carrownamannarth < Ceathrú na mBeannacht leagan áitiúil de Ceathrú na Mallacht/Carrownamallaght in oirthear Mhaigh Eo - BLÉ 36342)

18 Caibidil 1: Réamhrá i gcúpla sloinne sa cheantar staidéir; Ó Connachtáin > Connaughton > 20 »kon´r«t´n (áit.) agus Connorton (Daonáireamh 1901); Ó Neachtain >

21 Naughton/Naughten >»nor«t´n agus Norton (Daonáireamh 1901). Cloistear an forás seo san ainm Connaught ag roinnt chainteoirí coimeádacha > «kon»´rt (J. Parker) sa cheantar staidéir. Faightear an forás -ch > -r/-rt i ndornán sloinnte eile:

McLoughlin > m´»glork«l´n; Coughlan > »kork«l´n agus »kort«l'´n. Faightear na foráis seo sa sloinne Mac Cochláin > Coughlan ar fud iarthar Uíbh Fhailí.

Is é an saintréith is suntasaí a bhain leis an gcineál Gaeilge a labhraíodh i gConnachta-Laighin ná láthair na béime:

... although like the Irish of Munster it shifted the accent from the root syllable to an originally unstressed long vowel, the accent did not remain on the long syllable, but was thrown back again onto the previously accented syllable. The first shift of accent had weakened the newly unstressed vowel and it remained weakened when the accent again fell upon it. Thus »scadán was first stressed on the first syllable. Because the second syllable was long the accent shifted giving »sca»dán with the stress on second syllable but with a weakening of the first now unaccented syllable to the neutral vowel schwa : sc´»dán. Later the accent moved back to the first syllable, and the schwa became an unclear but fully stressed vowel: »scudán. (Williams 1998: 556).

Ag trácht do Donn Piatt ar roinnt iarsmaí Gaeilge a bhailigh sé thart ar Dhroichead na Sionainne agus Chluain Mhic Nóis (barúntacht Gharraí an Chaisleáin) i gCo. Uíbh Fhailí, scríobh sé nár ghá dó láthair na béimé a mharcáil toisc an bhéim a bheith ‘as in Northern Irish’ (Piatt 1933: 28). Is dócha gur Gaeilge leath thuaidh na tíre a bhí i gceist aige, agus an bhéim ar an siolla tosaigh i gcónaí (Williams 1998: 557). Tugann Williams faoi deara go litrítear an focal patachán mar putachán ar liosta Piatt; áitíonn sé gur fianaise é an guta laghdaithe u gur aistríodh an bhéim ón gcéad siolla go dtí an siolla deiridh, agus ar ais ar an siolla tosaigh arís sa chanúint a labhraíodh sa chuid sin de Cho. Uíbh Fhailí chomh maith. Tá fianaise fhorleathan ar

20 Bhí céad duine den sloinne Connaughton san Iarmhí i 1901 (as 637 sa tír ina hiomlán). Bhí daichead eile a litrigh an sloinne mar Connorton, agus bhain tríocha naoi acu sin le barúntacht Chill Chainnigh Thiar, agus an duine eile le barúntacht Chluain Lonáin (Daonáireamh 1901). 21 Faightear teaghlaigh leis an litriú Naughten agus Norton ar an sloinne acu, taobh le chéile in aon bhaile fearainn (Ardnagragh (Digby) i bparóiste Dhroim Raithne) (Daonáireamh 1901).

19 Caibidil 1: Réamhrá an bhforás seo ar fud Chúige Chonnacht; go háirithe i bhfocail ilsiollacha a bhfuil guta fada sa dara siolla acu (Ó hUiginn 1994: 545). Tá dornán samplaí de seo i measc mionainmneacha sa cheantar staidéir, agus in ainm baile fearainn amháin; tugtar da »kuS«lA˘n (< the caisleán) ar bhóithrín in Bryanmore Upper (i bparóiste Dhroim Raithne – tá fothrach caisleáin taobh leis an mbóithrín); tugtar

»kul'«i˘n' > coillín ar mhioncheantar in Killeenmore i bparóiste Bhun Abhann. Is léir go ndearnadh athanailís ar an ainm Bleanphuttoge (i bparóiste Chill Chainnigh

Thiar) mar seo a leanas; Bléin Phatóige > Bléin Phutóige; íslíodh a go u san eilimint patóg ‘small vessel’ agus is cosúil gur síleadh gur putóg ‘gut, intestine; pudding’ a bhí ann. Féach Plein Pattogi (CGG 108 1110c); Bleanpotogg (CPR Jas. I 2a 1604) agus blaidheain phutoig (AL: pl. 1837).

Níor fhill an bhéim ar an siolla tosaigh i gcás roinnt fhocal i nGaeilge Chonnacht; focail iad seo inar coimríodh an siolla tosaigh nuair a aistríodh an bhéim ar an siolla deiridh: arán > »rA˘n; coláiste > »klASt'´ (Ó hUiginn 1994: 545);

Is cosúil go gcleachtaí an nós seo chomh fada ó thuaidh le Co. Shligigh (O’Rahilly, 1932, 99)[ = IDPP], agus tá fianaise le fáil, más beagán féin é, gur láidre in oirthear ná in iarthar an chúige é. Thug Ó Máille (1927, 109) faoi deara gur ghnách le cainteoirí as oirthear na Gaillimhe, Ros Comáin, agus Liatroim, an bhéim a chur ar an dara siolla i bhfocail ar nós an t- oileán, iarann, tearmann ... (Ó hUiginn 1994: 546).

Tá Ó Sé (1989: 157) go láidir den tuairim gur i gCo. Ros Comáin is mó a bhí an iarbhéim seo follasach i nGaeilge Chonnacht, agus áitíonn sé chomh maith gur nós í a bhain le habhantrach na Sionainne - ó oirthuaisceart Chonnacht ó dheas go Co. Thiobhraid Árann agus isteach go cuid de Chontae an Longfoirt. Léiríonn Williams (1998) go bhfuil fianaise ar an iarbhéim le fáil in iarthar Uíbh Fhailí. I gcás cúig ainm mionoileáin ar Loch Rí a bhailigh mé ó sheanfhear (P. Slevin), a rugadh agus a tógadh ar Inchturk ar Loch Rí (paróiste Nuachabhála), báitear an chéad siolla san eilimint oileán; Illanfan > »l'an»fan; Red Island >

»l'an»ru˘; Illandavagh > »l'an´»va˘; Oileán an Steallaidh? >

20 Caibidil 1: Réamhrá

22 l'an´hiStil'´; ?Lannausta > »l'an´»g'u˘S. Fianaise láidir is ea an forás oileán > ‘lán sna hainmneacha seo go raibh tréithe i gcoiteann idir an chanúint a labhraítí díreach sa taobh seo tíre ar chladach Loch Rí na hIarmhí, agus ceantar i bhfad níos fairsinge ina n-áirítear iarthar Cho. Uíbh Fhailí, deisceart Cho. an Longfoirt, Co. Ros Comáin, oirthear Cho. Mhaigh Eo, agus codanna de Cho. Shligigh agus Cho. Liatroma – ach ar ndóigh theastódh taighde cuimsitheach agus obair pháirce chun cur síos a dhéanamh ar ilchastachtaí na ngnéithe canúna a cheanglaíonn na ceantair seo le chéile. cf. Finnegan (2012a) (le teacht).

1.8 Modheolaíocht Is é an gnáthmhodh oibre nó cur chuige a chuirtear i bhfeidhm ar aon staidéar logainmníochta in Éirinn ná go mbaintear foirmeacha nó leaganacha stairiúla de na logainmneacha atá á scrúdú as mórfhoinsí stairiúla agus litríochta. Téitear sa tóir ar na samplaí is túisce agus is suntasaí ach go háirithe, ach is ceart go ndéanfaí iarracht an oiread foirmeacha agus is féidir a aimsiú. Liostaítear na foirmeacha seo in ord croineolaíoch ionas gur féidir anailís a dhéanamh ar fhorbairt logainm thar thréimhse ama. Seo sampla maith ó bharúntacht Fhobhair i gCo. na hIarmhí a léiríonn tairbhe na modheolaíochta seo:

A. Windtown Baile na Gaoithe ‘townland of the wind’ 1. Ballynegihie Inq. Car. I, 67 1631 2. Windtowne DS 1657 3. Wind Towne Census 509 1659c 4. Windtowne ASE 96 1667 5. Windtowne BSD 53b 1670c 6. Windtown Larkin 1808

Feictear an cur chuige seo in Logainmneacha na hÉireann Imleabhar: I: Contae Luimnigh (1990), saothar ina rianaítear ainmneacha bailte fearainn Cho. Luimnigh, in

22 Féach Lannausta Bay in Collum (barúntacht Ráth Claon, Co. an Longfoirt N 021 561). Ainm oileáin atá ann ó cheart. Tá na mionoileáin eile ar fad a liostaítear suite idir Inchmore, Inchturk agus Portlick Bay i gCo. na hIarmhí. Tá sampla eile den sioncóipis in ainmneacha oileán thart ar Inchenagh i gCo. and Longfoirt: ‘Lanageish, Lanasky and Lanagower’ (Cahill et al. 2006: 160), agus sampla den iarbhéim san ainm baile fearainn Tullvran/Tulaigh Bhioráin i mbarúntacht Ráth Claon, Co. an Longfoirt (BLÉ 33429).

21 Caibidil 1: Réamhrá imleabhair II agus III den tsraith sin a bhaineann le heilimintí faoi leith i logainmneacha Cho. Thiobraid Árann (Ó Cearbhaill 2007 agus Ó Cearbhaill 2010), sa tsraith Place-names of Northern Ireland (1992-2004 – ocht imleabhar), ar shuíomh an Bhrainse Logainmneacha; logainm.ie, agus i roinnt saothar eile. Nuair atáthar ag plé le foinsí ar nós páipéir stáit ón 17ú haois, caitear a bheith eolasach ar chomhthéacs polaitiúil thiomsú na bhfoinsí sin, chomh maith le heolas praiticiúil a bheith agat ar chleachtaí na scríobhaithe a d’oibrigh ar na saothair ollmhóra seo, agus na hathruithe ó thaobh na foirme de a tháinig ar na cáipéisí seo tríd na blianta, d’fhonn foirmeacha stairiúla de logainmneacha a láimhseáil mar is cóir. Chun adhmad a bhaint as na foirmeacha seo, a cuireadh le chéile leis an gcur chuige a pléadh thuas, is gá a bheith eolasach ar an nGaeilge i ngach tréimhse, chomh maith le heolas a bheith agat ar chanúintí na Gaeilge mar atá siad anois, agus tuiscint a bheith agat ar shainghnéithe agus ar dháileadh canúintí Ghaeilge atá imithe as le fada. Is ionann na foinsí a úsáidtear mar chuid den tionscadal taighde seo, cuid mhór, agus mórfhoinsí príomha stair na hÉireann sa Nua-aois Luath; leithéidí, Fiants of the Tudor Sovereigns (Fiants), Ionchoisní Laighean (Inq.), an Down Survey (DS) agus Annála Ríoghachta Éireann (ARÉ). Mar gheall go mbaineann na cáipéisí seo le cúrsaí tíolacais go mion minic, luaitear logainmneacha iontu go rialta. Tá modheolaíocht agus cur chuige ar leith ag baint le ceangal na bhfoirmeacha stairiúla seo (agus iad athraithe as cuimse go minic) leis na foirmeacha atá ann inniu; bíodh na foirmeacha sin i mBéarla nó i nGaeilge. Cleachtadh amháin a mbaintear úsáid as go minic ná sloinne a nótáil a bhíonn luaite le baile nó bailte fearainn áirithe tríd na blianta chun an nasc idir foirmeacha a taifeadadh thar thréimhse fhada a dheimhniú. Uaireanta is féidir baile fearainn a aithint as baile fearainn eile atá luaite leis, agus a luíonn taobh leis ar an léarscáil agus sa tírdhreach féin. Ní mór a bheith ag faire amach do leagan Gaeilge de logainm (faoi bhrat an Bhéarla) nach bhfuil ar fáil anois ach i bhfoirm aistrithe nó leathaistrithe, nó fiú i bhfoirm bhréagaistriúcháin, i gcáipéisí Béarla ón 16ú/17ú/18ú haois. Tá scileanna agus cleasaíocht ar leith ag teastáil dá leithéid de thátal go minic, ach is í an chuid is sásúla den chineál seo oibre nuair a réitítear dubhcheist den sórt sin. Cé go mbraitear den chuid is mó ar fhianaise dhireach ó fhoinsí príomha sa tráchtas seo, tá sé tábhachtach freisin dul sa tóir ar fhoinsí tánaisteacha, chomh maith le scagadh a dhéanamh ar fhoinsí sainiúla nach bhfuil aitheanta go forleathan, ach a

22 Caibidil 1: Réamhrá bhaineann le ceantair faoi leith. Tá eolas ar thírdhreach an cheantair staidéir riachtanach le tuiscint a bhaint as an topografaíocht agus as an tionchar mór a imríonn sí ar logainmneacha go minic. Tá eilimintí faoi leith a bhaineann le gach saghas gné a fhaightear sa tírdhreach – a bhaineann, mar shampla, leis an gcineál carraige a luíonn faoin dromchla agus araile. Tá sé an-tábhachtach dul i ngleic le dáileadh na n- eilimintí coitianta atá le fáil i logainmneacha na tíre, chomh maith le bheith eolasach ar ghnáthchialla na n-eilimintí seo, na difríochtaí atá eatarthu (ó thaobh na céille de) a bhaineann le canúintí na Gaeilge, agus an nasc atá acu le tírdhreacha éagsúla na hÉireann. Tá an t-uafás scríofa ar an ábhar seo; mar shampla, díríonn Gregory Toner isteach ar an eilimint fhíorchoitianta baile in ‘Baile: Settlement and Landholding in Medieval Ireland’ (2004). Is ar eilimintí a bhain le dáileadh stairiúil an talaimh is mó a thráchtann Thomas McErlean (1983) in ‘The Irish Townland System of Landscape Organisation.’ Tugann P.W. Joyce míniú ar réimse leathan eilimintí in Irish Names of Places (iml. II 1875 ach go háirithe), agus tá nótaí agus léarscáileanna dáileacháin ar eilimintí coitianta in Irish Place Names (Flanagan & Flanagan (1994)). Is fiú súil a chaitheamh ar na léarscáileanna dáileacháin atá in Atlas of Irish Place-Names (O’Connor 2001) chomh maith, cé go bhfuil na léarscáileanna seo bunaithe ar fhoirmeacha béarlaithe coitianta d’eilimintí (leithéid bally- ar baile, ach d’fhéadfadh bealach, nó béal átha a bheith i gceist freisin) seachas ar fhoirmeacha a rianaíodh trí anailís theangeolaíochta. Scil eile atá riachtanach don té atá ag tabhairt faoin logainmníocht is ea a bheith in ann struchtúr na n-ainmneacha a aithint agus a bhriseadh síos de réir aoise. Pléitear eilimintí agus struchtúir agus srathú aoise logainmneacha níos mine thíos.

1.9 Anailís ar Eilimintí Coitianta

Cill Chainnigh Muineachán Uíbh Fhailí Port Láirge Thiar/Cluain Lonáin Baile 28 (10.1%) Droim 223 Baile 207 Baile 347 (12%) (17.7%) (21.4%) Coill 20 (7.2%) Corr 181 (9.7%) Cluain 92 (7.9%) Cnoc 148 (9.1%) Cill 14 (5.1%) Coill 107 (5.8%) Coill 71 (6.1%) Cill 110 (6.8%) Lios 13 (4.7%) Lios 90 (4.8%) Doire 55 (4.7%) Móin 57 (3.5%)

23 Caibidil 1: Réamhrá

Achadh 12 Mullach 84 Cill 43 (3.7%) Gleann 53 (4.3%) (4.5%) (3.3%) Cluain 10 (3.6%) Doire 73 Ráth 32 Cúil 44 Tulach 9 (3.3%) Achadh 71 Cnoc 23 Carraig 39 Ard 8 (2.9%) Tulaigh 61 Cúil 22 Coill 29 Buaile & Eanach Cluain 5 Gort 18 Lios 25 7 (2.5%) Inis, Dún, Eanach 46 Carraig/Currach Sliabh 24 Cartún, Cloch & 17 Áth 6 (2.2%) Bruíon, Cúil, Cnoc 41 Gleann, Lios 14 Tigh 23 Gléib, Ráth & Tuar 5 (1.8%) Ceapach, Tír/Ráth 28 Ceapach/Tulach Currach 22 Currach, 13 Fearann, Machaire & Móin 4 (1.4%) Tábla 3. Minicíocht eilimintí.

Fadhb amháin a bhaineann le hanailís mhinicíochta mar seo is ea go bhféadfadh bailte fearainn a roinneadh go déanach, mar shampla; Tullyhumphrys, Tullyhogan, Tullylanesborough, na figiúirí do mhinicíocht eilimintí faoi leith a chur as a riocht. I gcás comparáide a dhéantar idir dhá chontae is dócha gur beag an toradh a bhíonn ar an éifeacht seo, toisc na figiuirí a bheith ard go leor agus réimse leathan ainmneacha bailte fearainn a bheith á chur i gcomparáid lena chéile. Ach i gcás comparáide idir grúpaí baile fearainn níos lú, comparáid idir dhá bharúntacht mar shampla, is cinnte go mbíonn éifeacht ann. Is léir ó thábla 1 go mbaineann mórchuid na n-eilimintí is coitianta le trí chatagóir: gnéithe nádúrtha (coill, cluain, tulach, ard, eanach, inis); gnéithe a bhaineann le saothrú agus le leithdháileadh an talaimh (achadh, buaile, cartún, tuar, fearann, ceapach); gnéithe lonnaíochta (cill, lios, dún, bruíon, ráth, gléib). Cás faoi leith is ea an eilimint baile, toisc fianaise a bheith againn gur bhain sé le ranna talaimh agus le lonnaíocht dhaonna.

1.9.1 Baile Iomlán Bailte Fearainn Baile (mar chéatadán) Cill Chainnigh Thiar 140 12.1 Cluain Lonáin 136 8.1 Tábla 4. Coitiantacht na heiliminte baile sa cheantar staidéir.

24 Caibidil 1: Réamhrá

Go ginearálta tá an eilimint baile/town i bhfad níos coitianta taobh thoir den Mhuileann gCearr san Iarmhí ná mar atá sí in iarthar an chontae. Tá dáileadh thar a bheith dlúth ag na heilimintí sin i gContaetha na Mí, Bhaile Átha Cliath, Lú, Chill Dara, Chill Mhantáin agus Loch Garman. Ar an ábhar nach bhfuil ainmneacha na mbailte fearainn ar fad socraithe san Iarmhí go fóill, socraíodh coitiantacht na heiliminte baile i mbarúntachtaí Chill Chainnigh Thiar agus Chluain Lonáin a chur i gcomparáid le barúntachtaí i gCo. Uíbh Fhailí, toisc na hainmneacha ar fad a bheith socraithe sa chontae sin, agus iad a bheith díreach buailte leis an gceantar staidéir. Níl an eilimint baile chomh coitianta i gCill Chainnigh Thiar agus i gCluain Lonáin agus atá sí i gCo. Uíbh Fhailí:

Iomlán Bailte Fearainn Baile (mar chéatadán) Co. Uíbh Fhailí 1147 17.7 Garraí an Chaisleáin 233 12 An Íochtair 63 14.3 Baile an Chúlaigh 83 27.7 Tábla 5. Coitiantacht na heiliminte baile i gCo. Uíbh Fhailí.

Garraí an Chaisleáin an bharúntacht is faide thiar i gCo. Uíbh Fhailí, agus luíonn sí díreach ó dheas ó bharúntacht Chluain Lonáin. Tá an figiúr le haghaidh baile íseal go leor sa bharúntacht seo (12%), agus tá sé gar go leor do na figiúirí don dá bharúntacht san Iarmhí. Tá An Daingean Íochtair móran leathbhealach idir ceann thiar agus ceann thoir Cho. Uíbh Fhailí, agus tá baile beagán níos coitianta sa bharúntacht seo (14.3%). Barúntacht is ea Baile an Chúlaigh atá díreach buailte le teorainn Chill Dara in oirthear Cho. Uíbh Fhailí agus tá baile i bhfad níos coitianta (27.7%) inti. Is fiú comparáid a dhéanamh le Co. an Longfoirt chomh maith, ar an ábhar go luíonn sé díreach ó thuaidh den cheantar staidéir: Iomlán Bailte Fearainn Baile (mar chéatadán) Co. an Longfoirt 909 5 Sruthail 70 4.3 Ráth Claon 168 4.8 An Longfort 165 3 Gránard 194 10.8 Maigh Dumha 144 9 Ardach 173 7.5 Tábla 6. Coitiantacht na heiliminte baile i gCo. an Longfoirt.

25 Caibidil 1: Réamhrá

Mar is léir ó na figiúirí thuas tá speictream i gceist sa chuid seo de Chúige Laighean; éiríonn baile níos coitianta mar eilimint i logainmneacha de réir mar a théitear soir agus ó dheas ón gceantar staidéir. Is ceart a lua anseo gur baineadh leas as liostaí logainmneacha (Gaeilge) Cho. an Longfoirt agus Cho. Uíbh Fhailí, agus go mbaineann céatadán beag de na samplaí a cuireadh san áireamh le haistriúcháin ar logainmneacha déanacha de bhunús an Bhéarla amháin.

Is í an tagairt is luaithe don eilimint baile sa cheantar staidéir ná Caislen Baile na Cloithi MIA 164 §9 1401 (Ballynacliffy i bparóiste Chill Chainnigh Thiar):

... baile was often used to render Anglo-Norman names in tūn into Irish, Indeed the concentration of baile-names in areas conquered by the Anglo- Normans but subsequently regaelicised may be explained, at least in part, by this mechanism (Toner 2004: 40).

Go dtí go mbeidh ainmneacha na mbailte ar fad san Iarmhí socraithe is deacair aon chonclúid chinnte a dhéanamh maidir leis an lonnaíocht Normannach, an t-athghaelú a lean í agus dáileadh na heiliminte baile sa chontae, agus is fiú a nótáil go bhfuil baile níos coitianta i mbarúntacht Chill Chainnigh Thiar (12.1%), áit a raibh lonnaíocht rathúil ag na Diolúnaigh, ná mar atá sé i mbarúntacht Chluain Lonáin (8.1%). Is léir ón bhfianaise seandálaíochta agus logainmníochta 23 go raibh lonnaíocht Angla-Normannach i mbarúntacht Chluain Lonáin sa 12ú/13ú haois, ach is iad Clann Uí Mhaoileachlainn agus Clann Mhig Amhalaí is mó a luaitear leis an dá dhúiche as a ndearnadh an bharúntacht idir an 14ú haois agus blianta láir an 17ú haois.

1.9.2 Struchtúr agus Srathú aoise Is fiú anailís a dhéanamh ar struchtúir dheilbhíochta logainmneacha na hÉireann ar mhaithe leis na sraitheanna aoise éagsúla lena mbaineann siad a thabhairt chun solais. Toisc éagsúlacht na struchtúr céanna, agus teirce an taighde ar an ábhar seo is deacair aon mhúnla cróineolaíoch seasta a chruthú, ach bunaithe ar roinnt taighde atá déanta ag scolaírí logainmneacha le tríocha bliain anuas is féidir cúpla slat tomhais ghinearálta a leagan síos. Chuaigh an struchtúr Ainmfhocal + Ainmfhocal i gComhfhocal (eachdhroim srl.) i léig sa tréimhse réamh-chríostaí (Mac Giolla Easpaig 1981: 152). Níl ach dhá ainm sa cheantar staidéir den struchtúr seo; Muiceanach i bparóiste Chill Chainnigh Thiar, agus Scraith-Choill i bparóiste Chill

23 Féach Carnfyan/Carn Faghain faoi Bhaile Locha Luatha thíos. Sloinne (nó ainm pearsanta) Angla- Normannach is ea Faghan (Fyan, Fagan).

26 Caibidil 1: Réamhrá

Chliathach, agus tá amhras éigin ar an bhfoirm sin. Ní haon ionadh an figiúr íseal seo – níl ach 650 ainm den struchtúr seo aitheanta go dtí seo as an 60,000 ainm baile fearainn atá sa tír. Tháinig an struchtúr Ainmfhocal + Ainmfhocal Cáilithe (Inis Toirc) i dtreis ón mbliain 400 ar aghaidh (Mac Giolla Easpaig 1981: 152). Tá sé ainm is fiche den struchtúr seo aitheanta agam sa cheantar staidéir (9.3 %).

Is deacair aon dáta faoi leith a chur le hainmneacha den struchtúr (Alt +) Ainmfhocal (An Bhaisgneach, An Piseánach, An Ráth, Tonnach):

Simplex names and names of the type NOUN + ADJECTIVE tend to occur without the definite article in the earlier period (e.g. Caiseal ‘cashel’, Achadh Beag ‘little field’) but with the definite article in later names (e.g. An Eaglais ‘the church’ … ), although a considerable number of early names adopted the definite article in the later period (e.g. An Bhóinn, Boyne) (Toner 1999: 5-6)

Tá thart ar seasca ainm den struchtúr seo (21.8%) sa cheantar staidéir, ach is ar éigean atá aon tagairt chinnte d’aon cheann acu níos luaithe ná an 16ú haois. Is cinnte go bhfuil cuid de na hainmneacha seo i bhfad níos sine ná sin áfach. Grúpa eile atá luath go leor is ea na hainmneacha den struchtúr (Alt +) Aidiacht + Ainmfhocal i gComhfhocal (An Buí-eanach). Chuaigh an struchtúr seo i léig roimh an 12ú haois dar le Mac Giolla Easpaig (1984: 49), ach áitíonn Ó Muraíle (Teagmháil phearsanta 2012) go mb’fhéidir go mbaineann na hainmneacha seo leis an tréimhse roimh an mbliain 1000. Dhá struchtúr eile a bhfuil cuma luath orthu (ach dáileadh sách gann) is ea Ainmfhocal + Uimhir + Ainmfhocal (Lios Dá Chon) agus Ainmfhocal + Réamhfhocal + Ainmfhocal (Tóin le Gaoith). Tá samplaí eile den ainm Tóin le Gaoith/Tóin re Gaoith le fáil tríd an tír, agus ní théann aon cheann acu siar níos faide ná an bhliain 1000 dar le Ó Maolfabhail (1982: 374). Níl aon amhras ach go mbaineann cuid de na hainmneacha den struchtúr Ainmfhocal + Ainmfhocal Pearsanta leis an luath-thréimhse; i gcorrchás (Inis Ainín > Inis Angin AClon. 547) tá tagairtí luatha againn. I gcás ainmeacha den struchtúr Ainmfhocal + Ainm Pearsanta Angla-Normannach (Baile Uaitéir) is cinnte nach bhfuil siad níos luaithe ná an 13ú haois. Is dócha gurb ainm áitiúil déanach Ceapach Áithnín (Cappahaneen CGn. 1809) (Ainmfhocal + Ainm Peasranta) i bparóiste Bhaile Locha Luatha. Ós rud é nár tháinig sloinnte chun cinn in Éirinn go dtí an 10ú haois ar a luaithe (Ó Cuív 1986: 32-33, Ó Murchadha 1999: 25-44), is cinnte go mbaineann

27 Caibidil 1: Réamhrá ainmneacha den struchtúr Ainmfhocal + Sloinne leis an tréimhse i ndiaidh na bliana 1000. Is iad Coill Ó gCoinneacháin (> Kellogainachan Pont. Hib. 1196) agus Cill Ó Míolchon (> Ceall Ua Mílchon ARÉ 1162) na tagairtí is luaithe d’ainmneacha den chineál seo sa cheantar staidéir. Is minic sloinne a bheith luaite leis an eilimint baile, agus sna cásanna sin is dócha go mbaineann siad leis an tréimhse i ndiaidh na bliana 1200 nuair a d’éirigh baile níos coitianta mar eilimint i logainmneacha (Toner 2004). Féach mar shampla Baile Uí Bhruadair (> Ballybroder Fiants 1571) i bparóiste Bhaile Locha Luatha. I gcás ainmneacha den struchtúr Ainmfhocal + Sloinne Angla- Normannach is dócha go mbaineann siad leis an tréimhse i ndiaidh na lonnaíochta Angla-Normannaí (13ú haois ar aghaidh); Carn Faghain (> Carnefyan CPR 1614); Baile an Chaonóraigh (Cadinor) (> Ballyncanore Fiants 1545). Is cosúil gur tháinig forbairt ar na struchtúir a úsáideadh i gcumadh logainmneacha de réir mar a tháinig forbairt ar an teanga féin sa tréimhse idir an 11ú agus 13ú haois. Is iad na struchtúir a tháinig chun cinn sa tréimhse seo ná (Alt +) Ainmfhocal + Aidiacht (Dún Lom, An Currach Bán) agus Ainmfhocal + Alt + Ainmfhocal Cáilithe (Baile na Cille) (Mac Gabhann – tráchtas neamhfhoilsithe ar logainmneacha Cho. Mhaigh Eo); 24 cf. Flanagan 1980). Is cosúil go mbaineann ainmneacha den struchtúr Ainmfhocal + Aidiacht Cháilithe, gan an t-alt a bheith ceangailte leo, leis an gcuid luath den tréimhse a luadh thuas. Tá fianaise ar ainmneacha den struchtúr seo roimh an 11ú haois chomh maith (Flanagan 1980: 44; Toner 1999: 5) ach tá na samplaí seo gann go leor (Mac Gabhann tráchtas neamhfhoilsithe ar logainmneacha Chontae Mhaigh Eo).25 Féach Inse Mór (< Inis Mór for Loch Ribh ARÉ 960) i bparóiste Bhun Abhann. Luaitear Cill Chliathach (> Killcliathagh RClon. 1622) in aistriúchán Béarla ar cháipéis de chuid Mhainistir Cluain Mhic Nóis a tiomsaíodh sa tréimhse idir an 13 - 15ú haois (Kehnel 1997: 206- 219). Ainmfhocal + Alt + Ainmfhocal Cáilithe ab ea ceann de na struchtúir ba bhisiúla i gcumadh logainmneacha ón 11ú – 13ú haois ar aghaidh. Baineann céatadán mór (20.7 %) de na hainmneacha sa cheantar staidéir leis an struchtúr sin. Féach Baile na Cloiche i bparóiste Chill Chainnigh Thiar (> Caislen Baile na Cloithi MIA 1401) don tagairt is luaithe d’ainm den struchtúr seo sa cheantar staidéir.

24 Muraisc agus Inse Mó 24. 25 Muraisc agus Inse Mó 24.

28 Caibidil 1: Réamhrá

Níl ach céatadán beag d’ainmneacha de bhunús Béarla (3.2%) sa cheantar staidéir. Baineann na hainmneacha seo leis an dara leath den 18ú/tús an 19ú haois den chuid is mó. Bailíodh ainmneacha áitiúla Gaeilge le linn na Suirbhéireachta Ordanáis a bhí mar leaganacha malartacha do na hainmneacha Béarla seo, i roinnt cásanna: Deerpark > Pairc Chloiche (AL: pl.); Belville > lug na neantaigh (AL: pl.); Oldtown or Pudding Street > sraid na bputóg (AL: pl.). Tá fianaise ar an ainm Béarla ar Inse Ainín Hare Island, ag dul siar chomh fada leis an 17ú haois; ach is é an t-ainm Béarla amháin a úsáidtear go háitiúil anois; cé gur bailíodh foirm den ainm stairiúil ins inin (AL: pl.) gar don oileán in 1838.

(Alt +) Ainmfhocal An Charraig, An Tuar 61 (Alt +) Rémír + Ainmfhocal i gComhfhocal An Buí-eanach, Fordroim 10 (Alt +) Ainmfhocal + Dobhriathar An Baile Trasna 1 Ainmfhocal + Ainmfhocal Maigh Droma, Port Leice 26 Ainmfhocal + Ainmfhocal + Aidiacht Inse Bó Finne 4 Ainmfhocal + Ainmfhocal Pearsanta Inis Ainín, Coill Churnáin 26 Ainmfhocal (+ Ainmfhocal) + Sloinne Tulaigh Mhig Amhalaí, 27 Áit Tí Muircheartaigh Ainmfhocal x 3 Béal Átha Scarbháin 2 Ainmfhocal + Ainmfhocal + (Alt) + Béal Átha na gCloch 2 Ainmfhocal + (Aidiacht) Dubh (Alt +) Ainmfhocal + Aidiacht Coillín Mór 48 (Alt +) Ainmfhocal + Ainmfhocal + Aidiacht An Áith Fhóid Mhóir 2 Ainmfhocal + Alt + Ainmfhocal Baile na Cille 58 Ainmfhocal + Alt + Ainmfhocal + Aidiacht Oileán na gCailleach 1 Dubh Ainmfhocal + Ainmfhocal i gComhfhocal Muiceanach 2 De Bhunús Béarla Newgrove 9 Ainmfhocal + Uimhir + Ainmfhocal Lios Dá Chon 1 Ainmfhocal + Réamhfhocal + Ainmfhocal Tóin le Gaoith 1 Ainmfhocal x 4 Coill Íochtair Chluain 1 Lonáin Tábla 7. Srathú struchtúr i logainmneacha an cheantar staidéir.

1.10 Imlíne an Tráchtais Pléitear 276 ainm baile fearainn sa tráchtas seo; baineann na bailte fearainn seo ar fad le hocht bparóiste shibhialta atá mar chuid de dhá bharúntacht. Tá ceithre pharóiste i mbarúntacht Chill Chainnigh Thiar, agus ceithre cinn eile i mbarúntacht Cluain Lonáin. Leantar leagan amach na n-aonad stairiúil seo in imlíne caibidle an tráchtais. Is é sin go bpléitear ainmneacha na mbailte fearainn faoi theideal na barúntachta cuí,

29 Caibidil 1: Réamhrá paróiste ar pharóiste, agus gurb ionann mórán gach paróiste agus caibidil.26 Pléitear na paróistí in ord aibítreach laistigh den dá bharúntacht: Barúntacht Cill Chainnigh Thiar: Bun Abhann [Bunown]; Cill Chainnigh Thiar [Kilkenny West]; Droim Raithne [Drumraney]; Nuachabháil [Noughaval]: Barúntacht Chluain Lonáin: Baile Locha Luatha [Ballyloughloe]; Cill Chliathach [Kilcleagh]; Cill Chruimhthir Fhiachrach [Kilcumreragh]; Cill Mhancháin [Kilmanaghan].

26 I gcás dhá pharóiste; Chill Mhancháin agus Chill Chruimthir Fhiachrach, ní luíonn ach cuid den pharóiste i mbarúntacht Chluain Lonáin (deich mbaile fearainn agus cúig cinn faoi seach), agus ní phléitear ach ainmneacha na mbailte fearainn sin sa tráchtas seo.

30

Barúntacht Chill Chainnigh Thiar

31 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Bun Abhann

Bun Abhann Tá ocht mbaile fearainn déag sa pharóiste seo, ceithre oileán ar Loch Rí ar bailte fearainn iad san áireamh. Meascán idir portaigh, oileáin, coillte cois locha, cuanta folaithe agus talamh réchnocach atá sa tírdhreach. Ní éiríonn an tír níos airde ná ochtó méadar in áit ar bith. Is fiú an méid seo a scríobh an Donnabhánach ar an bparóiste in 1837 a lua; ‘This parish contains 6886a. 1r. 37p. and lies on the shores of . It contains several seats and is the most beautiful portion of Country on this part of the Shannon.’ (AL). Tá rian de shean-séipéal an pharóiste agus sean-reilig sa bhaile fearainn Bunown (féach thíos). Léirítear an séipéal ar léarscáil an DS (c. 1655). Chuaigh dream faoi lámh easpag na Mí sa séipéal céanna sa bhliain 1790 (Cox 1994: 62), caithfidh go raibh an lá go breá mar léirítear an séipéal gan díon ar an léarscáil de Bunown atá mar chuid den SEH (1786). Léirítear é gan díon ar léarscáil Larkin (1808) chomh maith. Tógadh séipéal paróiste nua (Eaglais na hÉireann), in Portlick sa bhliain 1822 (NIAH 15402214). Tá paróiste Bhun Abhann istigh le Cill Chainnigh Thiar agus codanna de Nuachongbháil mar chuid den pharóiste Caitliceach ar a dtugtar Tubberclair anois.

Bailte Fearainn

Ballinlough Baile an Locha ‘townland of the lake’ 1. Ballinlogh SEH 8 1786 2. Ballinlogh AL: Inq. Car. I 1838 3. Ballinlogh AL: BS 1838 4. Ballinlough AL: JOD 1838 5. Baile an Locha27 AL: Thomas Seyvor 1838 6. baile an locha AL: pl. 1838 Níl aon deacracht anseo; baile ‘townland, place’ + loch ‘lake’ (FGB) agus an dara heilimint sa g. uatha. Is ar éigean atá cearn den bhaile fearainn seo nach bhfuil radharc aici amach ar Loch Rí, ar an dá thaobh. Níor aimsíodh aon tagairt don áit seo roimh dheireadh an 18ú haois agus tá an méid seo san AL; ‘Not known by this name

27 ‘-, lake-town.’ Thomas Seyvor (AL)

32 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Bun Abhann by the B.C. Collector.’ Luaitear an méid seo chomh maith; ‘It contains 160a. 3r. 13p’. Bhí ‘99a.-2r.-7p’ ann in 1786 de réir an SEH (acraí Éireanneacha = c. 161 acra gallda).

Bunown Bun Abhann River Mouth 1. Bonowne Meath and Westm. Act28 1542 2. Bonowne Fiants Eliz. 6797 1545 3. Bonhowine Fiants Edw. VI 461 1550 4. Bonnone Fiants Eliz. 2372 1574 5. Bonowane Fiants Eliz. 5398 1590 6. Banowen CPR Jas. I 125a 1608 7. Bonowen Inq. Jac. I, 5 1611 8. Bonowen CPR Jas. I 228a 1612 9. Bonowen CPR Jas. I 587a 1625 10. Bunowen Inq. Car. I, 44 1630 11. Bunowen DS 1655c 12. Bunowne Census 526 1659c 13. Bunowen ASE 184 1669 14. Bunowen BSD 16b 1670c 15. Bennown CGn. 28-231-17428 1720 16. Bunowen WPB 1761 17. Bunowen SEH 3 1786 18. bun obhan PÉ 617 1794 19. Bunowen Larkin 1808 20. Bunnowen TAB 1826 21. bun abhann AL: pl. 1838 22. Bun Abhan AL: d. 1838 23. Shan Teampal Bhunomhan AL 1838

24. »bun«aun áit. 2009 Ainm baile fearainn agus paróiste. Bun ‘base, bottom’ agus abhainn ‘river’ (FGB). Is é béal abhann nó ‘river mouth’ an chiall anseo. Sruthaíonn abhainn bheag,

28 Féach Walsh 1957: xiii.

33 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Bun Abhann d´ tul´ha˘n (áit.), isteach go Loch Rí in oirdheisceart an bhaile fearainn. Tá reilig agus fothrach séipéil os cionn an locha in iarthar an bhaile fearainn; Shan Teampal Bhunomhan (AL). Tá fothrach caisleáin i dtuaisceart an bhaile fearainn, léirítear é le díon tuí ar an léarscáil de Bunown atá san SEH (1786). Luann an Donnabhánach an méid seo chomh maith: ‘Bunowen is the correct spelling but the termination owen is here and all through the Kings Co. pronounced oun the ou like the ou in the English word ounce.’ (AL). Tá samplaí den ainm Bun Abhann i gCo. Mhaigh Eo, i gCo. na Gaillimhe agus i dTír Eoghain.

Crow Island Oileán na bPréachán N 047 491 ‘Island of the crows’ 1. The Crows Island29 AL: JOD 1838 ‘It is about 320 links long and in the widest part 220 and belongs to the Townland of Whinning’ (AL). Oileán fiorbheag - dhá ród agus ceithre phéirse is fiche (CESO). Ainm Béarla atá ann - ach féach An Cró/Crow Island i nGaillimh.

Glassan Glasán ‘small stream’ 1. Mollinglassen Inq. Car. I, 44 1630 2. Mullinglashan Census 526 1659c 3. Glassan SEH 2 1786 4. obhainn bhail' uí ghlusáin, PÉ 613 1794 5. bháil ui ghlusaín PÉ 624 (n.) ` 1794 6. Glasson TAB 1826 7. ?Mullen Glasnie LSO (RC) 38: JOD 1837 8. ?Glassnies Mills LSO (RC) 4: D. H. Kelly 1837 9. Upper Glassin AL: BS 1838 10. Glassan AL: HCSVR (1824) 1838 11. Glasson AL: GJP 1838 12. Upper Glasson AL: Gustaves Temple 1838 13. Upper Glassin AL: Robert Smyth 1838 14. Glassan &c. AL: JOD 1838

29 ‘-, English.’

34 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Bun Abhann

15. Glasán30 AL 1838 16. gliosán31 AL: pl. 1838 17. muilionn a ghliosán32 AL: pl. 1838 18. gliosan AL: pl. 1837 19. Glasan33 AL: JOD 1837 20. Glaisín34 AL 1838 21. Glosseen Cottage35 AL 1838 22. Glassin Cottage AL: Mr. McAuly 1838 23. Glosseen Cottage AL: Bernard Boland 1838 24. Glassen Bridge AL: BS 1838 25. Glaisín36 AL 1838 26. Glasán LÉ 1938

27. »glas´n BLÉ 1413960 (6) 1972

28. »glas«´n áit. 2011 Tá dhá bhaile fearainn den ainm Glassan i mbarúntacht Chill Chainnigh Thiar, ceann i bparóiste Bhun Abhann agus ceann i bparóiste Chill Chainnigh Thiar. Luíonn siad díreach in aice a chéile agus is dócha gur aon bhaile fearainn amháin a bhí iontu ó thús. Tá na foirmeacha ó na hiontrálacha ar fad do Glassan san AL bailithe le chéile agam anseo. Muileann atá sa chéad chuid de fhoirmeacha 1 & 2. Is beag nach ionann na foirmeacha seo agus foirm 17, foirm Ghaeilge a bailíodh go háitiúil in 1838. Tá ‘mill’ marcáilte ar an abhainn san áit seo ar léarscáil an DS. Tullimore is ea an t-ainm a bhí ar an gceantar seo de réir an DS. tuli˘ (M. Finneran) atá ar an gcnoc agus ar an sean-sráidbhaile atá díreach ó thuaidh de láthair an tseanmhuilinn, sa lá atá inniu ann. Luaitear an ceantar seo mar Tully san SEH in 1786. Bhí dhá mhuileann sa bhaile fearainn in 1837 (CESO). Luaigh D. H. Kelly na muilte seo agus é ag scríobh chuig an Donnabhánach; ‘Glassnies Mills is now called Glasson in the about three miles from Athlone towards Mullingar.’ (LSO (RC) 4). Ba fhreagra é seo

30 ‘-, a green; the Irish for a pike (fish).’ AL. 31 ‘-, from a pike.’ AL: pl.. 32 Tá an fhoirm seo le fail faoin iontráil ar Hare Island san AL. 33 ‘-, veretum, a green field.’ AL: JOD. 34 ‘-, a small green field or a small brook, dim. of Glaise.’ AL. 35 ‘-, Glosseen is Green, Green Cottage.’ AL. 36 ‘-, a brook, a runnel, a streamlet.’ AL.

35 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Bun Abhann ar cheist de chuid an Donnabhánaigh; ‘Is there in any part of Hy-Manie a family of the name O’Uran {O’Hooran}? or a town land called Ard-na-gcno {the hill of the Nuts}? or Mullen Glasnie {i.e The Mill of Glasnie}?’ (LSO (RC) 38). Is léir gur ainm pearsanta atá in Glasnie anseo, ach maidir le hionannú Mullen Glasnie le Glassan san Iarmhí (agus shíl an Donnabhánach gur áit éigin in Uí Maine a bhí ann), tá seans nach bhfuil sa mhéid a scríobh Kelly ach buile faoi thuairim, agus gan an bunchomhthéacs ina luaitear Mullen Glasnie a bheith againn, ní féidir ionannú slán a dhéanamh dó. Tá an eilimint gliosán mar chuid de na trí fhoirm Ghaeilge áitiúla 16-18. Mínítear an focal seo mar ‘from a pike’ (féach n. 31). Tá ‘young pike’ ag an FGB don fhocal giosán. Is beag seans go n-ainmneofaí baile fearainn as iasc; sílim gur féidir an míniú seo a chur as an áireamh mar shampla den bhréag-shanasaíocht. Toisc sruthán a bheith sa bhaile fearainn, is mór an seans gur glas ‘rivulet, stream’ (FGB (4)) + an mhír dhíspeagtha -án atá san ainm seo. Focal gaolmhar le glas is ea glaise, leis an gciall chéanna. Tá fianaise ar glaise + an mhír dhíspeagtha ín i bhfoirmeacha 20, 21, 23 agus 25, ach is foirmeacha déanacha iad seo ar fad. Fianaise gur tagairt do shruthán atá san ainm seo is ea blúirin eolais a bailíodh sa cheantar (is mór an seans istigh in oifig an phoist áitiúla) i 1972; ‘»glas´n - »glas´n River, seanbhean,

»tul´hA˘n River, bean mheánaosta’ (BLÉ 1413960 (6)). Tógadh an sráidbhaile, mar atá sé anois, as an nua go luath sa 19ú haois nó ag deireadh an 18ú haois 37 agus ainmníodh é i ndiaidh an bhaile fearainn. Tá an lonnaíocht nua seo suite thart ar cheithre chéad slat ó dheas den sean-lonnaíocht a bhí thart ar na muilte agus ar an droichead thar an abhainn.

Glebe An Ghléib ‘the Glebe’ 1. Gleabe Land BSD 16b 1670c 2. Gleabe land AL: Down Survey refce. 1837 3. Gleab AL: Down Survey Map38 1837

4. da »gle˘b J. Carty 2007

37 Níl aon fhoirgneamh san áit a bhfuil an tsráid inniu marcáilte ar SEH 2 (léarscáil eastáit ó 1786), ach tá sraith fhoirgneamh le sonrú ar léarscáil Larkin (1808). 38 Níl an áit seo marcáilte ar an gcóip de na léarscáileanna DS a d’fhoilsigh an tSuirbhéireacht Ordanáis i 1908.

36 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Bun Abhann

‘This townland is Glebe land and is held by the Revd Caulfield, it contains 30 a. 1 r. 11 p.’ (AL). Tá deich mbaile fearainn leis an eilimint glebe (talamh beathúnais) mar chuid dá n-ainmneacha san Iarmhí. Mar eilimint aonair tá glebe coitianta tríd an tír ar fad. Níl an baile fearainn seo ach cúpla céad slat ó shéipéal an pharóiste (Eaglais na hÉireann). Tá an eilimint seo le fáil mar mhionainm chomh maith. Féach Glebe sa bhaile fearainn Rath, i bParóiste Chill Chainnigh Thiar (marcáilte ar an CESO ag; http://maps.osi.ie/publicviewer/#V1,611922,747991,6,7 ).

Hareisland Inse Ainín ‘island of Ainín’ 1. Inis Angin AClon. 79 547 2. Aillean daingin39 ATig. 178 702 3. Ailen daingen40 ATig. 184 713 4. o Inis ángin FOeng. 256 830c 5. Sárucchadh Insi Ainghin ARÉ i 552 §12 894 6. Toicthiuch Insi Ainghein ARÉ i 552 §7 895 7. Saruccadh Innsi Aingin CS 152 899 8. ?Inis Aingin41 AI 186 §8 1015 9. Innis Angnie AClon. 184 1087 10. Inis Engin CS 256 1089 11. Inis Aingginn ARÉ ii 936 §8 1089 12. co h-Inis n-Angin LisL 129 12ú hA. 13. an Inis Angin LisL 129 12ú hA. 14. a n-Inis Angin42 LisL 130 12ú hA. 15. Inis Angin LisL 130 12ú hA. 16. Inis Aingín43 FGorm. 10 1170c 17. innis incin BDL 102 1525c 18. Inshehyggen Fiants Eliz. 1511 1570 19. Inchehigen Fiants Eliz. 5426 1590 20. Inshehigen Fiants Eliz. 5495 1590

39 Ach ailleand aingin san LS (n. 8). Cf. Ó Murchadha 1997: 98. 40 Ach aillenna ingen san LS (n. 4). Cf. Ó Murchadha 1997: 98. 41 Luaite le hÁrainn agus le hInse Mó: ‘Crech na (n)-Ailean do Gallaib na (n)-Inse … ra chroid Araind& Inse Mod& Inis Aingin’: AI 186 §8. Níl an tagairt seo san Onom. 42 ‘As de sin ata Port in t-Soscéoil a n-Inis Angin.’ 43 ‘Donnán - sacart ó Inis Aingín for Loch Ríbh.’

37 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Bun Abhann

21. Inishingyn Inq. Car. I, 3 1625 22. Inishingine Inq. Car. I, 44 1630 23. ó Inis Aingin44 MartD 8 1630 24. Hare Island DS 1655c 25. Inchigin BSD 16b 1670c 26. Hare Island BSD 16b 1670c 27. Inshiqueen called Hare Island CGn. 28-231-17428 1720 28. Inchingeen called Hare Island CGn. 86-249-60137 1737 29. Hare-Island LP 146 1754 30. Hare-Island SEH 8 1786 31. oileán a gearrfhíadh no inns innín PÉ 551 1794 32. Hare I. Larkin 1808 33. Hare Island TAB 1826 34. Inse Ainín LSO (IM)15: Rose Killen 1837 35. Inch Anneen LSO (IM)15: Áit. 1837 36. Inchiquin ?Hlias Hare Island AL: HCSVR (1824) 1838 37. ins inin AL: pl. 1838 38. Inis Aingin45 AL: JOD 1838 39. Inis Ainghin MM 58 1861 40. Inis Aingin LÉ 1938

41. »he˘r «ail´nd áit. 2011 Oileán ardaithe coillteach (110 acra) a luíonn thart ar thrí chéad méadar amach ó Killinure Point ar Loch Rí. Bhunaigh Ciarán Chluain Mhic Nóis mainistir ar an oileán. Tá neart tagairtí sna luath-fhoinsí Gaeilge don láthair eaglasta seo. Tá fothrach séipéil ársa ar an taobh ó dheas den oileán. D’aithin an Donnabhánach an t-oileán seo in 1837 nuair a cheistigh sé seanbhean le Gaeilge a rugadh ar an oileán; ‘What used the people call the Hare Island in Irish? Inse Ainín. That’s all right, said I ... O’Conor has found that the old people living in the Parish of Bunowen all remember that Inch Anneen is the Irish name of the Hare Island’. Úsáidtear an t-ainm Béarla Hare Island amháin go háitiúil anois; is mór an seans gur aistriúchán ar an ainm Béarla atá i bhfoirm 31.

44 ‘Donnan, saccart, ó Inis Aingin for Loch Ribh.’ 45 ‘-, Aingin’s Island. Inis Aingin Hare island anciently.’ (Léigh: Hare Island, anciently Inis Aingin). AL: JOD.

38 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Bun Abhann

Cruthaíonn an Donnabhánach nach bhfuil aon deacracht leis an athrú ó Ainghin go Ainín; ‘Finghin (Florence) is pronounced Fínín in every part of Ireland’ (LSO (IM) 17). Is éard atá san ainm Gaeilge ná Inis ‘island’ (FGB) agus an t-ainm pearsanta Ainín. Dar leis an Donnabhánach b’ainm fireann Ainghin leis an gciall ‘noble offspring’ (LSO (IM) 17). Moltar inse, foirm de inis, don chéad eilimint anseo. Tá fianaise ar an bhfoirm seo le sonrú san fhianaise ó 1570 i leith, agus in ainmneacha na móroileán eile sa cheantar staidéir; Inchmore (féach thíos) agus Inchturk, i bparóiste Nuachabhála.

Inchmore Inse Mór ‘island (big)’ 1. Inis Mór46 ARÉ ii 680 §8 960 2. Inysmore CIRCLE P.R. 2 Rich. II (9) 1379 3. Inishmore CIRCLE P.R. 2 Rich. II (9) 1379 4. Inishmore CIRCLE P.R. 2 Rich. II (9) 1379 5. Inishmore CIRCLE P.R. 2 Rich. II (9) 1379 6. Inshemore Fiants Eliz. 1511 1570 7. Inchemore Fiants Eliz. 5426 1590 8. Inchemore Fiants Eliz. 5495 1590 9. Inishmore Inq. Car. I, 3 1625 10. Inchmore DS 1655c 11. Inchmore BSD 16b 1670c 12. Inchmore BP 124 1703 13. Inishmore als the Great Island CGn. 28-231-17428 1720 14. ar úir inns mhoir PÉ 515 1794 15. Innismore Larkin 1808 16. Inchmore TAB 1826 17. Inch More AL: BS 1838 18. The Great Island AL: Robert Smith 1838 19. Inchamore47 AL: Bernard Boland 1838

46 ‘Inis Mór for Loch Ribh’. 47 ‘-, Incha is an island moor is big.’ Bernard Boland (AL), Tá mór scríofa isteach os cionn ‘moor’. Fuaimnítear mór mar mu˘r i roinnt logainmneacha i mBarúntacht Chluain Lonáin. Féach Magheramore, Mount Temple agus Aghanashanamore, paróiste Bhaile Locha Luatha.

39 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Bun Abhann

20. ins mor AL: pl. 1838 21. Inis Mór48 AL: d. 1838

22. »inS«mo˘r P. Slevin 2007 Agus achar de bheagnach dhá chéad acra ann, is é Inchmore; inis ‘island’ + mór ‘big’ (FGB), an t-oileán is mó ar Loch Rí. Is díol suntais an mhír bhéarlaithe inch/insh atá le sonrú san fhianaise ag dul siar go 1570. Tá an chéad chuid de fhoirm 14, inns, a bhí ag Mícheál Ó Braonáin, agus de fhoirm 20, a scríobhadh i pl. san AL, an-chosúil le inch. Tá inch coitianta mar leagan béarlaithe ar inse ‘water-meadow, holm’ (FGB), ach inis ‘island’ atá anseo cinnte. An leagan tabharthach de inis atá anseo, nó éifeacht na béime? .i. leis an mbéim ar an gcéad siolla Inis Mór, go mbáfaí an ‘i’ sa dara siolla

> inSmo˘r.

Inchmore (Tiernan) Inse Mór (Tiernan) ‘island (big) (Tiernan)’ 1. Inchmore Tiernan AL: JOD 1838 2. Inch More Teernan AL: BS 1838 3. Inch More Teernan AL: Robert Smith 1838 An chuid thoir de Inchmore (65 acra). ‘This townland is the property of a family of the name of Teernan who holds it under a deed for ever.’ (AL). Bhí dhá theaghlach den sloinne Tiernan ar an oileán i 1901 (Daonáireamh 1901).

Killeenmore Coillín Mór ‘little wood (big)’ 1. ?Kyllemore Crown Lands 125 1540-1 2. ?Kylmore Crown Lands 125 1540-1 3. Killenmor Fiants Edw. VI 461 1550 4. Killenmore Fiants Eliz. 4014 1582 5. Kyllenmore Inq. Jac. I, 1 1607 6. Killinmore CPR Jas. I 125a 1608 7. Kyllynemore Inq. Jac. I, 5 1611 8. Killynemore CPR Jas. I 228b 1612 9. Killinmore CPR Jas. I 228b 1612

48 ‘-, great island.’ (AL).

40 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Bun Abhann

10. Killenemore Inq. Jac. I, 26 1619 11. Killinemore CPR Jas. I 587a 1625 12. Killynemore CPR Jas. I 587a 1625 13. Killinmore DS 1655c 14. Killinmore Census 526 1659c 15. Killinmore ASE 48 1666 16. Killnimore BSD 16b 1670c 17. Killinmoyre and Kilhillen CGn. 28-231-17428 1720 18. Killeenmore Larkin 1808 19. Killenmore TAB 1826 20. Killinmore AL: Down Survey refc. 1838 21. Poinch an Chuillure more49 AL: Bernard Boland 1838 22. an fuine Killinmore point or Poinc an Chuilluremore50 AL 1838 23. coillín mór AL: pl. 1838 24. Coillín Mór51 AL: d. 1838

25. »kil´n«mo˘r Jack Higgins 2007

15. »kil´n«mo˘r Pateen Slevin 2007 Coill ‘wood, forest’ (FGB) + an mhír dhíspeagtha ín,52 + an cáilitheoir mór ‘big’. Tá ceantar beag darb ainm »kul'«i˘n' (áit.) i dtuaisceart an bhaile fearainn seo. Is maith an seans gurb ionann an áit seo, a sheasann do coillín measaim, agus Kilhillen atá luaite in éineacht le Killinmoyre i bhfoirm 17. B’fhéidir go raibh dhá áit (choill) ann uair amháin; Coillín agus Coillín Mór. Tá trí nó ceithre cheantar de chaschoill marcáilte ar an CESO i dtuaisceart an bhaile fearainn.

Killinure North Coill an Iúir Thuaidh ‘wood of the yew-tree, north’

1. etir Cill an Ibair AConn. 484 §5 1442

49 Sciosta san AL. 50 ‘-,The point of the large palm tree wood.’ AL i ndúch – scriosta. 51 ‘-,great little wood, or rather Coillín (Big).’ AL: d.. 52 Coillín ‘a small hazel wood’ (Dinn.) – ach is beag seans go raibh an chiall seo ag coillín i logainmneacha.

41 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Bun Abhann

2. o Chill an Ibair AConn. 516 §24 1463 3. Kyllinnower Crown Lands 300 1531c 4. Killenner Crown Lands 301 1531c 5. I cCoill an Iubhair BNÉ i 12453 1629 6. Muintir Chill an Iubhair (n.) LGen. 840 §19 1650c 7. Killanonir54 LGen. 840 §19 1650c 8. Killenure Fiants Eliz. 700 1565 9. Killenewre Fiants Eliz. 2372 1574 10. Killenoer Fiants Eliz. 3719 1581 11. Kyllenwre Fiants Eliz. 3908 1582 12. Kyllenure Fiants Eliz. 4151 1583 13. Killenure Fiants Eliz. 4992 1587 14. Killenner Inq. Car. I, 2 1625 15. Killenure Inq. Car. I, 2 1625 16. Killinure DS 1655c 17. Killinure Census 526 1659c 18. Killemire BSD 16b 1670c 19. Killinure Piers 94 1682 20. Killenure CGn. 8-188-2548 1711 21. Killinure CGn. 25-361-15308 1720 22. Killinure WPB 1761 23. Killinure SEH 3 1786 24. Killynure Larkin 1808 25. Killenure TAB 1826 26. Killeneur TAB 1826 27. Killenure AL: Down Survey 1838 28. Killinure North AL: BS 1838 29. Killenure AL:GJP 1838 30. Killinure North AL: Robert Smith 1838 31. Pointe Chuillanure55 AL 1838 32. coill an iubhar AL: pl. 1838

53 Cf. Ó Muraíle (Jennings) 2008: 59) 54 Is cosúil go raibh Mac Fhirbhisigh ag obair ó LS Béarla anseo, gach seans gur u a bhí san n deiridh sa bhun-cháipéis (Ó Muraíle 2011: teagmháil phearsanta ). 55 ‘-, The point of the palm tree wood.’ Scriosta san AL.

42 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Bun Abhann

33. Coill an Iubhar56 AL: d. 1838 34. Loch Cill an Iubhar LÉ 1938

35. »kil´n«u˘r T. Walsh 2007 Bíonn deacracht i gcónaí idirdhealú a dhéanamh idir cill agus coill, toisc an dá eilimint a bheith béarlaithe mar kill de ghnáth. Sa chás seo ní aontaíonn na foirmeacha Gaeilge lena chéile ach oiread. Cill atá sna foirmeacha Gaeilge is luaithe den ainm seo; 1 & 2, agus cill a bhí ag Mac Fhirbhisigh i bhfoirm 6, ach is mór an seans gur aistriúchán ar fhoirm 7 atá san fhoirm sin. I gcás fhoirm 5, coill a bhí ag Mícheál Ó Cléirigh, a bhí ar an spota i 1629. Coill a bhí ag gaeilgeoirí áitiúla in 1838 chomh maith (foirm 32). Níl an oiread deacrachta leis an dara heilimint anseo, iúr ‘yew’ (FGB), níos luaithe ibar ‘a yew, yew-wood’ (DIL s.v. ibar (a)). Traidisiún seanbhunaithe is ea crann iúir a bheith curtha i bhfoisceacht séipéil, rud a thacaíonn le cill mar an chéad eilimint, ach níl aon rian de shéipéal san áit. Insíodh an scéal seo faoi thógáil cheann de na tithe móra sa bhaile fearainn: ‘when the workmen were digging for the foundation of St. Marks they came upon a lot of head-stones which the people declared to be an ancient burial ground.’ (BNS: Toberclare N.S. 99m & 99n). Is cosúil go raibh coillte sa chuid seo den Iarmhí thart ar an mbliain 1600: ‘In the extreme west there were woods about Lough Ree’ (McCracken 1971: 53). Tá feorainn fhada ag an mbaile fearainn seo ar Loch Rí, agus tá rian de choill ar an gcladach carraigeach ag dul ó thuaidh de Killinure Point. Tá eilimint choille le sonrú in Killeenmore (féach thuas), baile fearainn a luíonn ar bhruach an locha cúpla míle ó thuaidh de Killinure chomh maith. Más fianaise é seo ar fad ar an gcoill mhór a bhí ar bhruach an locha fadó, is fearr coill don chéad eilimint ná cill.

Killinure South Coill an Iúir Theas ‘wood of the Yew, south’ 1. The Castle Farm SEH 8 1786 2. Killinure South AL: BS 1838 3. Killinure South AL: Gustaves Temple 1838

4. 'kil´n«u˘r T. Walsh 2007

56 ‘-, wood of the yew.’ AL: d..

43 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Bun Abhann

Is ionann an baile fearainn seo agus The Castle Farm mar atá sé ar an léarscáil san SEH; is maith an seans nach dtéann an roinn seo i bhfad níos faide siar ná sin. Is é an caisleán atá i gceist ná Caisleán Choill an Iúir, atá mar chuid de Killinure House anois.

Lissakillen North Lios an Choillín Thuaidh nó Lios Uí Aoláin Thuaidh ‘the enclosure of the little wood, north’ nó ‘Healion’s enclosure, north’ 1. Lisskillyn Inq. Jac. I, 1 1607 2. Liskilline CPR Jas. I 125a 1608 3. Lissekillin Inq. Jac. I, 5 1611 4. Lessekillin CPR Jas. I 228b 1612 5. Liskilling DS 1655c 6. Liskilling BSD 16b 1670c 7. Lissekellin CGn. 4-150-815 1709 8. Lisskilleen CGn. 86-249-60237 1737 9. Liskillin SEH 6 1786 10. Lissihillen TAB 1826 11. Liskilling AL: HCSVR (1824) 1838 12. Lisakillen North AL: BS 1838 13. Lisakillen North AL: Gustaves Temple 1838 14. Liskilling North AL: Robert Smith 1838 15. Lissakillen AL: JOD 1838 16. lios ui hiolan AL: pl. 1838 17. Lios Uí hIolan57 AL: d. 1838

18. »lis´«hil´n J. Carty 2009 Is éard atá sa chéad eilimint anseo ná lios ‘enclosed ground of ancient dwelling house, enclosed space, garth; ring-fort; fairy-mound; ring, halo’ (FGB (1a; 1b; 1c; 2)). Tá lios amháin sa taobh thoir de Lissakillen South. Ag breathnú ar na foirmeacha Béarla amháin cheapfá gur coillín a bhí sa dara heilimint, ach séanann an fhoirm Ghaeilge áitiúil Lios ui hiolan é sin. Aontaíonn an fhoirm áitiúil chomhaimseartha 18 le foirm

57 ‘-, O’Heelan’s fort. Local Irish Name.’ AL: d.

44 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Bun Abhann

16. Is léir go raibh muinín ag an Donnabhánach as an bhfoirm áitiúil toisc gur chloígh sé leí agus é ag dul siar ar an AL leis an bpeann dúigh (foirm 17). Tá Uí hIolan (= Ó hAoláin?) béarlaithe ag an Donnabhánach mar O’Heelan.

Tá an sloinne seo le fáil sa cheantar ach é béarlaithe mar Healion, »hel'«´n'. Bhí gach duine den seisear is tríocha den sloinne seo a liostaíodh i nDaonáireamh 1901 ina gcónaí taobh istigh de dheich míle ón mbaile fearainn seo. Ach tá fuaim k suntasach le fáil beagnach sna foirmeacha béarlaithe ar fad ag dul siar go 1607. D’fhéadfadh ín a bheith i gceist sa dara cuid de fhoirm 9 Lisskilleen. Tá paiste beag de thoim aitinn píosa beag ó dheas den lios i Lissakillen South (CESO); seans gur rian coillín atá ann. Fágann sin nach féidir Lios an Choillín a chur as an áireamh.

Lissakillen South Lios an Choillín Theas nó Lios Uí hAoláin Theas ‘the enclosure of the little wood, north’ nó ‘Healion’s enclosure’ 1. ye south part of Lisskillin ASE 184 1669 2. Lisakillen South AL: BS 1838 Is annamh sa cheantar seo go mbíonn tagairtí roimh an 19ú haois do fho-ranna ar nós north agus south, ach is cosúil ó fhoirm 1 go dtéann an deighilt idir Lissakillen North agus Lissakillen South siar go dtí an 17ú haois ar a laghad.

Nun's Island Oileán na gCailleach Dubh ‘island of the black nuns’ 1. ?Callanishe alias Inshecalla Fiants Eliz. 1511 1570 2. ?Calannishe alias Inchecalla Fiants Eliz. 5426 1590 3. ?Callanishe alias Inchecalla Fiants Eliz. 5495 1590 4. ins éan na caillídh duibhe PÉ 532 1794 5. Nun’s Island TAB 1826 6. Nuns Island AL: BS 1838 7. Nuns Island AL: Robt. Smith 1838 8. Nuns’ Island AL: JOD 1838

45 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Bun Abhann

9. oilean na ccailleachdh dubha58 AL: pl. 1838 10. Oileán na gcailleach ndubh59 AL 1838

11. da 'nuns ai«l´nd P. Slevin 2007 Tá an áit seo athghaelaithe (ainm neamhdheimhnithe) mar Oileán na gCailleach Dubh ag an mBrainse Logainmneacha cheana féin. Féach BLÉ 50975. Luaitear foirmeacha 1-3 agus 5-10 thuas mar fhianaise. Fianaise sa bhreis ar an bhfoirm Ghaeilge is ea foirm 4. Is fiú a lua gur ceistíodh an nasc idir foirm 1 agus an áit seo (agus ar ndóigh cuireann sé seo amhras ar fhoirmeacha 2-3 dá bharr); ‘May not Callanishe alias Insheacalla, Fiant E. 1511, be cládh or clágh-inse contracted and lengthened from Caladh-inse?’ (Connellan 1955: 273). Is ag díriú ar Clawinch, oileán ar an gcuid de Loch Rí atá i gCo. an Longfoirt, a bhí Connellan. Cf. Ó Tuathail (1952: 285 & 285). Oileán fíorbheag atá san oileán seo (ceithre acra), a luíonn beagnach i lár an locha. Tá fothrach séipéil mheánaoisigh ar an oileán; ‘It is a small island, and has the ruins of a nunery [sic] on it, now converted into a cabin the residence of a poor fisherman. He pays neither Rent, Tax or Tithe & is obliged to take con acre “in the Country” to feed his family.’ (AL).

Portlick Port Leice ‘bank of the flag’ 1. ?Magh Lici Patraic60 ARÉ ii 1106 §13 1153 2. Portlec61 CIRCLE P.R. 2 Rich. II (9) 1379 3. Portlek CIRCLE P.R. 2 Rich. II (9) 1379 4. Portleke CIRCLE P.R. 2 Rich. II (9) 1379 5. Portleicke CIRCLE P.R. 2 Rich. II (9) 1379 6. Portlyke Crown Lands 301 1531c 7. Portleke Fiants Edw. VI 461 1550 8. Portlyke Fiants Edw. VI 1213 1553 9. Portlike Fiants Eliz. 6663 1602 10. Portlicke Inq. Jac. I, 1 1607

58 ‘-, the black hags island.’ AL: pl.. 59 ‘-, Island of the Black nuns.’ AL. 60 Onom: ‘m. lici pátraic prob. Portlick in b. Brawney [sic], Westm. O'D., Mi.; ¶ seems not far fr. Rahan and Mag Cisi’. 61 ‘one quarter of all profits of the passage of Portlec, extended lately at 20s p.a.;’ Is dócha gur brabús ó bhád fartha atá i gceist anseo (a théadh trasna an locha?).

46 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Bun Abhann

11. Portlicke CPR Jas. I 125a 1608 12. Portlick Inq. Jac. I, 5 1611 13. Portlick CPR Jas. I 228b 1612 14. Portlick Inq. Car. I, 98 1634 15. Portlick Inq. Car. I, 127 1637 16. Portlick DS 1655c 17. Portleeke Census 526 1659c 18. Portlick Inq. Car. II, 5 1669 19. Portlicke BSD 16b 1670c 20. Portlick BP 124 1703 21. Portlick WPB 1761 22. Portlick SEH 5 1786 23. Portlic SEH 8 1786 24. Portlick Larkin 1808 25. Portlick TAB 1826 26. Portlicke AL: Inq. Car. I 1838 27. Portlick AL: BS 1838 28. Portlick or Flag Port AL: Robert Smyth 1838 29. Portlick AL: JOD 1838 30. port lice AL: pl. 1838 31. Port Lice62 AL: d. 1838

32. po˘rtlik J. Carty 2007 Port ‘a bank, shore (of river or sea); perh. the oldest use and the one nearest to the Latin.’ (s.v. DIL port 1 (c)). Tá cladach fada ag an mbaile fearainn seo ar Loch Rí, thart ar chríoch Portlick Bay. Tá an cladach seo leacach. Níl aon amhras ach gur leac ‘flat stone or rock, slab, flagstone’ (FGB s.v. leac 1) atá sa dara heilimint anseo, agus í sa g. uatha – féach na deirí lick/leke/lyke srl. atá ag na foirmeacha béarlaithe ar fad, iarrachtaí ar leice a léiriú, cf. Joyce (1913: III 532). 63 Bhí an méid seo le rá ag an Donnabhánach faoin áit seo: ‘Portlick, which means the Bank of the Flag, is said to have received its name from a flag on the brink

62 ‘-, Bank of the flag (stone).’ AL: d.. 63 Féach Hogan (s.v. p. na leice); ‘p. na leice al. Portleice, P. na Lice, on r. Shannon, nr Jamestown, c. Rosc., Mi., Ci., Con. 11 b, Ai. 55 a; ¶ ? Portlick in Westm.’. Is mór an seans gur tagairtí iad seo don áit i Ros Comáin.

47 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Bun Abhann of the lough, on which women used to beetle clothes’ (LSO (IM) 21). De réir traidisiúin áitiúil bhí nós ann fadó corp duine a bhí le cur a fhágáil ar leac mhór a bhí ar an gcladach ag Portlick; le teacht na hoíche shnámhfadh an leac seo amach chuig ceann de na hoileáin, agus chuirfeadh na manaigh an duine ansin. D’fhillfeadh an leac ar an gcladach roimh ghealadh an lae ansin, chun fanacht ar an gcéad duine eile a bheadh le cur (Rice 1952: 69, & Cox 1994: 68). Tá cloch mhór chearnógach fós le feiceáil ar an gcladach ag bun Portlick Bay, ach ní fios an í seo an leac chéanna atá luaite sa traidisiún. Tá foirm 1 an-amhrasach, ach tá cúpla áit eile sa cheantar máguaird luaite sa sliocht céanna. Is í Port Lice an fhoirm Ghaeilge atá ag an mBrainse Logainmneacha ar an áit seo (BLÉ 50894); ní thugtar aon fhianaise san iontráil sin, ach is dócha go bhfuil an fhoirm seo bunaithe ar an bhfoirm Ghaeilge áitiúil a scríobhadh isteach san AL le peann luaidhe (= foirm 30 thuas) – fianaise is ea foirmeacha 2-5 & 7 ar leice a bheith ann go stairiúil áfach.

Rooan An Ruán ‘reddish land’ 1. Ruane AL: BS 1838 2. Rooan AL: JOD 1838 3. muileann a – ruán AL: pl. 1838 4. Ruadhán64 AL: d. 1838

5. »ru˘«A>n T. Walsh 2011 Tá leaganacha cosúil leis an ainm seo luaite go minic sna páipéir stáit, ach is mó seans gur tagairtí don bhaile fearainn Ruans (DS) i bparóiste Nuachabhála, a d’imigh as feidhm, atá iontu. Ruán ‘o,m. (dim. of ruad) name given to someth. of a reddish- brown colour’ (DIL s.v. rúadán). Seans maith gur cur síos ar dhath an fhásra sa bhaile fearainn atá san eilimint seo, rud atá le sonrú sna grianghraif aeir don bhliain 2000; http://maps.osi.ie/publicviewer/#V1,608019,749202,7,4 . Féach Rowan in Ard Mhacha agus Rowan sa Mhí; ‘reddish’ agus ‘reddish land’, a thugann an Donnabhánach mar mhíniú orthusan faoi seach. Tá míniú eile ann: ‘some kind of grain: rūadān `buck-wheat ' (one of the eight species of grain)’ (DIL s.v. rúadán (a)). Tá an tagairt do mhuileann i bhfoirm 3 suimiúil sa chomhthéacs seo. Síleann Fergus

64 ‘-, reddish land.’ AL: d.

48 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Bun Abhann

Kelly gur ‘emmer’ (cineál cruithneachta) atá i gceist le rúadán (Kelly 2011: teagmháil phearsanta). Pé acu atá ann, tá sé deacair a shamhlú go mbeadh muileann curtha in oiriúint d’aon chineál arbhair amháin áfach; is mó an seans gur tagairt do dhath rua an fhéir sa bhaile fearainn is bun leis an ainm seo.

Skeanaveane Sceach na bhFiann ‘bush of the deer’ 1. Skehinevin CPR Jas. I 587a 1625 2. Skinnaveen TAB 1826 3. Skeanaveane AL: JOD 1838 4. Skinaveen AL: BS 1838 5. Skeneveen AL: HCSVR (1824) 1838 6. Skinaveen AL: Robert Smyth 1838 7. sceă na bhfian65 AL: pl. 1838 8. Sceith na bhfian66 AL: d. 1838

9. Sk'in´vi˘n T. Walsh 2007

10. Sk'in´vi˘n J. Carty 2007 Is cosúil ón mhíniú áitiúil ar an ainm seo a bhreac an Donnabhánach (65) go raibh traidisiún sa cheantar ar an áit seo a bheith ceangailte leis an bhfiannaíocht. Litríonn sé an chéad eilimint mar sceith ach is cosúil ón aistriúchán (féach n. 56) gur sceach ‘thorn-bush; bramble, bramble bush’ (FGB s.v. sceach 2a & 2c) a bhí i gceist aige; is dócha gurb é an fhoirm thabharthach sceich atá ann. Tá an fhéidireacht ann gur fia ‘deer’ (FGB) atá sa dara heilimint anseo, ach í sa g. iolra. Thabharfadh sceach mhór foscadh maith do ghrúpa fianna.

Whinning An Inneoin ‘the anvil(-shaped place)’ 1. Evoyne Inq. Jac. I, 1 1607 2. Enoyne CPR Jas. I 125a 1608 3. "the Onnyn" Inq. Jac. I, 5 1611 4. the Ounyne CPR Jas. 228b 1612

65 ‘-, from a large rock where the fians met.’ AL: pl. 66 ‘-, Bush of the Fians, or Fingallians.’ AL: d.

49 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Bun Abhann

5. Whinnig DS 1655c 6. Fuinn Census 526 1659c 7. Whinings Inq. Car. II, 5 1669 8. Whinning BSD 16b 1670c 9. Whinnings BP 124 1703 10. Winnings Larkin 1808 11. Whinnings, TAB 1826 12. Little Whinnings TAB 1826 13. Whinning belonging to Portlicke AL: Down Survey Map 1838 14. Whinning AL: JOD 1838 15. Whinning AL: BS 1838 16. Whinnings AL: HCSVR (1824) 1838 17. w – h – innion AL: pl. 1838 18. fuinnion AL: pl. 1838 19. Fuinion67 AL: d. 1838

20. 'hwin'«´n' Pateen Slevin 2007

21. 'hwin'«i˘n' áit. 2009 Is éard atá san ainm seo ná inneoin ‘anvil’ (FGB); féach foirm 2 ach go háirithe; enoyne > inneoin. Leithinis atá sa bhaile fearainn seo a ghobann amach ar Loch Rí. Tá cruth inneonach soiléir ar an leithinis seo ón talamh ard in Killinure North. D’fhéadfadh gur ceanglaíodh f- saorga le tús na heiliminte inneoin trí mhíthuscint sa tuiseal ainmneach; An fh(u)inneoin < An Inneoin). F(u)inneoin mar sin is bun le foirmeacha 6 agus 18. Leagan tabharthach de sin, b’fhéidir, is bun leis an wh i bhfoirmeacha béarlaithe 5 & 7-17 & 20, 21: < ar an bhf(u)inneoin. Tá píosa talaimh atá beagnach ina oileán ag pointe thiar theas na leithinse (A thíos); Whinningbeg Isd. atá ar an gceantar seo ar an CESO. D’fhéadfaí cruth inneonach a shamhlú don áit seo chomh maith. Ar an taobh ó thuaidh den leithinis tá gob marcáilte Whinningmore Pt (B thíos). Is dócha go raibh an dá áit ann uair amháin; Inneoin Mhór agus Inneoin Bheag. Is maith an seans gurb é seo is cúis leis na foirmeacha béarlaithe iolra. Tá samplaí eile de inneoin mar eilimint i logainmneacha, féach Toner (1995). Agus an baile fearainn seo beagnach timpeallaithe ag Loch Rí is fiú féidearthacht eile a lua: Inneoin ‘small landing creek’ (FGB 3b).

67 ‘-, end, limit, mear, extremity.’ AL: d.

50 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Bun Abhann

A

B

Fig. 3. Whinning (treoshuíomh thoir-theas) Suirbhéireacht Ordanáis Éireann/Rialtas na hÉireann – Uimhir Cheadúnais Chóipchirt MP 0007912.

51 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Bun Abhann

52 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Cill Chainnigh Thiar

Cill Chainnigh Thiar Tá cúig bhaile fearainn daichead sa pharóiste seo. Is ó Naomh Cainneach (a mhair, a deirtear, idir 516 – 599/600) (Ó Riain 2011: 139) a ainmníodh an paróiste seo. Tá rian de mhainistir, de thobar beannaithe; ‘St Kenny’s Well’, de fhothrach caisleáin; ‘Kilkenny Castle’, agus de fhothrach séipéil ársa marcáilte ar an CESO sna bailte fearainn Kilkenny West, agus Kilkenny Abbey. Ba é an caisleán ag Kilkenny West an príomhchaisleán a bhí ag na Diolúnaigh, an dream ba mhó le rá sa dúíche seo ó dheireadh an 12ú haois i leith, agus is mar gheall ar sin is dócha a cuireadh an t-ainm Kilkenny ar an mbarúntacht. Ceanglaíodh west le Kilkenny chun idirdhealú a dhéanamh idir an áit seo agus Cill Chainnigh Osraí. Is mar seo a chuir an Donnabhánach síos ar an bparóiste seo san AL:

It is situated at the Western extremity of the County Westmeath ... This parish is in a good state of cultivation, the land is remarkably good & giving abundant crops. In it are several Gentleman’s seats, the most beautiful of which is that of Waterstown[,] from it there is a commanding view of Lough Ree & the surrounding Country (AL).

Den chuid is mó luíonn paróiste Bhun Abhann idir an paróiste seo agus Loch Rí, ach tá stráice den pharóiste a bhuaileann an loch sin sa chuid thiar ó dheas den pharóiste (tá Temple Island sa cheantar seo) agus tá síneadh caol den pharóiste a bhuaileann Loch Rí ag Bethlehem gar do bhéal na hEithne sa taobh ó thuaidh den pharóiste. Mar an chuid eile den bharúntacht seo, talamh réchnocach atá ann; is é »kor«A˘n, cnoc sa bhaile fearainn Waterstown an pointe is airde (105m). Tá trí loch; Lough Makeegan, Waterstown Lough agus Robins Lough, cuid de Doonis Lough, agus lochán beag atá beagnach tirim; Caltragh Lough, sa pharóiste seo, chomh maith le portach ollmhór a chlúdaíonn cuid mhór de Annagh, Waterstown agus Brittas.

Annagh An tEanach ‘the marsh’ 1. ?the Annaghe Fiants Edw. VI 1079 1552 2. Annagh Inq. Jac. I, 5 1611 3. Anagh Inq. Jac. I, 5 1611 4. Annagh CPR Jas. I 228a 1612 5. Annaghe Inq. Jac. I, 43 1623

53 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Cill Chainnigh Thiar

6. Annagh Inq. Jac. I, 60 1624 7. Annagh CPR Jas. I 587a 1625 8. Annagh DS 1655c 9. Anagh Census 526 1659c 10. Annagh Inq. Car. II, 5 1669 11. Annagh BSD 14b 1670c 12. Anaugh MLA 1752 13. ?Annagh68 WPB 1761 14. Annagh SEH 1 1786 15. loch anaigh PÉ 621 1794 16. Annagh TAB 1823 17. Annagh AL: Inq. Car. I 1837 18. Aunagh AL: GJP 1837 19. Anach AL: Revd. R.B. Bryan 1837 20. Eanach69 AL: d. 1837

21. 'an«a E. Hatton 2011 Eilimint fhíor-choitianta tríd an tír ar fad is ea eanach ‘marsh’ (FGB (1)). Talamh portaigh atá i thart ar leath an bhaile fearainn. Luíonn na portaigh nó na heanaigh seo ar an dá thaobh de dhroim ardaithe a ritheann tríd an mbaile fearainn. Féach FGB (2) ‘passage through swamp’. Níl sé soiléir cén loch go díreach a bhí i gceist ag Mícheál Ó Braonáin i bhfoirm 15. Tá trí loch; Robins Lough, Waterstown Lough agus Twy Lough díreach buailte leis an mbaile fearainn seo. Tá an áit seo athghaelaithe cheana féin ag an mBrainse Logainmneacha. Féach; BLÉ 50867.

Auburn Achadh na Gréine ‘field of the sun (shine)’ 1. Cartronnygrenye Crown Lands 298 1531c 2. Aghenneneygrym Crown Lands 301 1531c 3. Aghnemegryn Crown Lands 125 1540-1 4. Aghnegreny Inq. Jac. I, 1 1607 5. Aghnegrenye CPR Jas. I 125a 1608

68 Luaite le Theophilus Jones; níl aon bhaile fearainn eile den ainm seo san Iarmhí, ach tá Annaghgortagh i mbarúntacht Chluain Lonáin. 69 ‘-, a marsh.’ AL: d.

54 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Cill Chainnigh Thiar

6. Agnegreny Inq. Car. I, 3 1625 7. Aghanegreeny CGn. 28-231-17428 1720 8. Auburn Larkin 1808 9. Ardnagraney Larkin 1808 10. acha na gréine AL: pl. 1837 11. Acha na Gréine70 AL: d. 1837

12. «A»bur´n J. Higgins 2007 Tógadh an teach mór Auburn House sa bhaile fearainn seo sa bhliain 1805, caithfidh gur ainmníodh é as Sweet Auburn, bréagainm ar an sráidbhaile ab ábhar do dhan cáiliúil Oliver Goldsmith, ‘The Deserted Village’ (English 1973: 21). Tógadh Goldsmith in Lissoy, baile fearainn atá díreach ó thuaidh ó Auburn. Síltear anois gur ag trácht ar shráidbhaile i Sasana a bhí Goldsmith in ‘The Deserted Village’, seachas ar a cheantar dúchais (McCormack 2010). Ar aon chuma, is cosúil gur nascadh ainm an tí mhóir le hainm an bhaile fearainn am éigin go luath sa 19ú haois. Tá Ardnagraney marcáilte ar léarscáil Larkin ar an taobh ó thuaidh de Lough Makeegan, sa bhaile fearainn Lissoy. Ard na Gréine is bun le seo is léir, ach Achadh na Gréine is bunús leis na foirmeacha béarlaithe eile, agus le foirm 10, an fhoirm Ghaeilge áitiúil. Tugann Auburn agus Ardnagraney, atá buailte lena chéile, a n- aghaidheanna soir ó dheas; is ródhócha mar sin, gurb é Achadh ‘field’ (FGB) + an t- alt + grian ‘sun’ (FGB (1)) (sa g. uatha anseo), an t-ainm Gaeilge ar an áit seo. Tá an áit seo athghaelaithe cheana féin ag an mBrainse Logainmneacha. Féach BLÉ 1374836.

Ballaghkeeran Big Bealach Caorthainn (Mór) ‘way of the Mounatin Ash (big)’ 1. Belaghkerin Inq. Jac. I, 5 1611 2. Ballaghkirin DS 1655c 3. Ballaghkirne Census 526 1659c 4. Balykerin ASE 136 1667 5. Ballaghkirin BSD 15b 1670c 6. Ballagheron Piers 93 1682 7. Ballykearane BP 24 1703

70 ‘-, Campus solis, field of the sun.’ AL: d

55 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Cill Chainnigh Thiar

8. Balikieron MLA 1752 9. Ballykeerin WPB 1761 10. Ballykeeran SEH 3 1786 11. porta taise bhaile an cháorthuinn PÉ 628 1794 12. Ballykerin Larkin 1808 13. Ballykeirn LEL 17 1820 14. Ballykeeran TAB 1823 15. Ballaghkeeron AL: HCSVR (1824) 1837 16. Ballaghkeeran &c. AL: JOD 1837 17. Ballykeeran Big AL: BS 1837 18. Ballykeeran Big AL: Captn. Stubbs 1837 19. Bealeacheiran AL: Revd. R.B. Bryan 1837 20. bealach caort_nn AL: pl. 1837 21. Bealach Caorthain71 AL: d. 1837

22. »bali˘«ki˘r´n áit. 2011 Tugann Cox (1994: 89-90) Bealach Chiarain [sic] don áit seo, agus luann sé traidisiún áitiúil faoi bhó Chiaráin a bheith coinnithe anseo; is ar éigean atá aon bhunús le seo áfach. Bealach ‘way; road, track (FGB (1) & (2a)) atá sa chéad eilimint anseo agus Caorthann ‘mountain ash, rowan’ is bunús leis an dara heilimint. Tá caorthann sa g. uatha (féach foirm 21) ag an Donnabhánach; is é sin gur tagairt do chrann aonair a bhí ann. Is cosúil go bhfásann an caorthann ar a aonar den chuid is mó (O’Callaghan 2011: teagmháil phearsanta), ach bíonn ainmneacha crann san uatha go minic i logainmneacha chomh maith (Cill Dara, Áth na Fuinnseoige) (Ó Muraíle, teagmháil phearsanta 2011). Tá ainm an tsráidbhaile sa bhaile fearainn athghaelaithe ag an mBrainse Logainmneacha mar Bealach Caorthainn. Féach; BLÉ 50948.

Tá fianaise againn gur mar i˘ a fuaimníodh ao san Iarmhí (mar atá léirithe i bhfoirmeacha 7-10 agus 14-18 agus i bhforim 22) agus ba é k'iti k'i˘r´n (> coilte caorthainn?) an leagan áitiúil ar caorthann in Emper c. fiche míle soir ó thuaidh de Ballaghkeeran (Mhac an Fhailigh 1948: 258). Níl tagairt ar bith don eilimint cháilithe big go dtí aimsir an BS (c. 1825), is maith an seans gur ceanglaíodh big le Ballaghkeeran le linn an tsuirbhé sin.

71 ‘-, Road of the rowan trees.’ AL: d.

56 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Cill Chainnigh Thiar

Ballaghkeeran Little Bealach Caorthainn (Beag) ‘way of the Mountain Ash, (little)’ Ros Eanaigh 1. Ballykeeran Little AL: BS 1837 Toisc nach bhfuil aon tagairt don eilimint little ach sa BS, is maith an seans gur roinneadh Ballaghkeeran mar chuid den suirbhé sin agus gur ceanglaíodh an eilimint cháilithe little leis an roinn a bhí níos lú. Tá teach mór sa bhaile fearainn marcáilte Rossana House ar an CESO. ‘Ros Anna, i.e. Anna wood or shrubbery’ a thug an Donnabhánach don áit seo san AL, ach is dócha gur ros ‘headland, promontory’ (FGB (2)) + eanach ‘swamp’ (FGB (1)) (sa g. uatha anseo) is bunús leis an ainm seo. B’fhéidir gur tagairt atá ann don ros a luíonn sa chuid íseal den bhaile fearainn atá ar bhruach Loch Rí. Rinneadh tochailtí trialacha seandálaíochta ar an ros seo i 1981 agus síltear gur láthair longfoirt atá ann. (Sheehan 2008: 284-85). Tá an fhéidearthacht ann chomh maith gur ag tagairt don chnoc iomlán, ar a dtugtar Ballykeeran Hill go háitiúil anois, agus atá roinnte idir Ballaghkeeran Big agus Ballaghkeeran Little, atá Rosanna. Luíonn talamh íseal fliuch ar dhá thaobh an chnoic seo.

Ballynacliffy Baile na Cloiche ‘townland of the stone’ 1. Caislen Baile na Cloithi72 MIA 164 §9 1401 2. Balleneclohe Crown Lands 298 1523 3. Ballyncloghe Crown Lands 298 1531c 4. Ballyngloghe Crown Lands 299 1531c 5. Ballingloghe Crown Lands 299 1531c 6. Ballynegloghe Crown Lands 299 1531c 7. Ballynglogh othirwise calld the New Castell Crown Lands 299 1531c 8. Ballynecloughe Crown Lands 300 1531c 9. Balnecloy Fiants Hen. VIII 428 1544 10. ?Bellanegloghe Fiants Edw. IV 461 1550

72 ‘Caislen Baili na Cloithi do denam la mac mic Lucais Dalatun .i. Geroit.’

57 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Cill Chainnigh Thiar

11. Ballinecloye Fiants Eliz. 5826 1593 12. Ballinecloghe Fiants Eliz. 5266 1599 13. Balleneclohy Fiants Eliz. 6459 1600 14. Ballineclohy Inq. Car. I, 2 1625 15. ag Baile na Cloiche LGen. 840 §9 1650c 16. Ballinaclehy Census 526 1659c 17. Ballenecloghy BSD 15b 1670c 18. Ballinecloffy Piers 81-83, 91 1682 19. Ballincloghy CGn. 8-188-2545 1711 20. Ballyn?cloghy CGn. 8-188-2548 1711 21. Ballnecleffy CGn. 91-500-65028 1738 22. ?Ballynaclough73 WPB 1761 23. Ballinacliffy Larkin 1808 24. Ballynacliffy TAB 1823 25. Balleneclogh AL: Inq. Car. I 1837 26. Balnacleffy AL: HCSVR (1824) 1837 27. Bailenaclacha AL: Revd. R.B. Bryan 1837 28. baile na cloiche AL: pl. 1837 29. Baile na Cloiche74 AL: d. 1837

30. »baln´«klif'i˘ T. Fox 2011 Níl aon deacracht leis an gcéad eilimint anseo baile ‘place’ (FGB (2)) nó ‘townland.’ Cloch ‘stone’ (FGB (1)) atá sa dara heilimint, agus í sa g. uatha anseo. Úsáidtear cloch chun tagairt a dhéanamh do chaisleán cloiche chomh maith (FGB (5)), ach is mór an seans nach í an chiall sin atá ag cloch sa chás seo, mar déantar tagairt don chaisleán go sonrach i bhfoirm 1, tagairt a bhaineann le bunú an chaisleáin chéanna. Is cosúil go raibh Baile na Cloiche ann faoi 1401 nuair a tógadh an caisleán; caithfidh gur tagairt do chloch shuntasach éigin sa bhaile fearainn atá san ainm. Is díol suntais an fuaimniú áitiúil klif'i˘ agus tá an fuaimniú céanna le sonrú i bhfoirmeacha 11, 14 agus 16-18. Tá an forás seo ch > f coitianta i nGaeilge Chonnacht, ach tá an fhéidearthacht ann ar ndóigh gur forás é sa chás seo a tháinig isteach leis an mBéarla

73 An-amhrasach, luaite le Thomas Brennan, Brennan eile luaite le Cappanrush (barúntacht Mhaigh Chaisil). 74 ‘-, villa lapidis, town of the stone.’ AL: d.

58 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Cill Chainnigh Thiar

(Ó Cearbhaill 2011; teagmháil phearsanta). Tacaíonn roinnt de na foirmeacha (4-7, 10) leis an bhfoirm Baile na gCloch.

Ballynakill Baile na Cille ‘townland of the church(yard)’ 1. Ballnekyll Fiants Hen. VIII 428 1544 2. Ballynekill Fiants Hen. VIII 428 1544 3. Ballynekyll Fiants Eliz. 849 1566 4. Ballenekyll Fiants Eliz. 1355 1569 5. Ballinkilley CPR Jas. I 2a 1604 6. Ballenekilly Inq. Jac. I, 1 1607 7. Ballynakille Inq. Jac. I, 1 1607 8. Ballnekille CPR Jas. I 280b 1615 9. Ballynekille Inq. Car. I, 3 1625 10. Ballinekilly Inq. Car. I, 44 1630 11. Ballinekill DS 1655c 12. Ballinekill Census 526 1659c 13. Ballenekill BSD 15b 1670c 14. Ballynakill CGn. 28-231-17428 1720 15. Ballinakill Larkin 1808 16. Bally na kill TAB 1823 17. Ballynakill CGn. 28-231-17428 1720 18. Ballynekill CGn. 86-249-60237 1737 19. Bailenacil AL: Revd. R.B. Bryan 1837 20. Ballynekilly AL: HCSVR (1824) 1837 21. baile na cille AL: pl. 1837 22. Baile na Cille75 AL: d. 1837

23. baln´kil J. Carty 2007 Baile ‘place’ (FGB (2)) nó ‘townland’ atá sa chéad eilimint anseo. Cill ‘church; churchyard; cell, (FGB (1, 2 & 3)) atá sa dara heilimint, agus í sa g. uatha anseo. Tá fothrach de chaisleán de chuid na nDiolúnach anseo, ach níl aon rian de shéipéal nó reilig ársa sa bhaile fearainn. Tá séipeal Caitliceach, a tógadh go luath sa 19ú haois,

75 ‘-, villa cellae, town of the church.’ AL: d.

59 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Cill Chainnigh Thiar lonnaithe díreach in aice leis an mbaile fearainn seo. Agus fianaise ar an ainm ag dul siar chomh fada le 1544, is ar éigean atá aon bhaint acu lena chéile.

Ballynakill Upper Baile na Cille Uachtair ‘townland of the church(yard), upper’ 1. Upper Ballinakill AL: BS 1837 Níl aon fhianaise ar an eilimint cháilithe upper roimh an BS; is maith an seans gur tugadh isteach é nuair a roinneadh an baile fearainn mar chuid den suirbhé sin.

Bethlehem Beithil ‘Bethlehem’ 1. a mBetelem RIA MS D i 276 1636 2. A mBetelem RIA DS D.i.2/32b77 1636 3. Bethlem Inq. Car. II, 5 1669 4. Bethlem BSD 15b 1670c 5. Bethlem Piers 81 1682 6. Bethelham Larkin 1808 7. Bethlem TAB 1823 8. blaidheain phutoig AL: pl. 1837 9. Blean Putog78 AL: d. 1837 Luann an an Donnabhánach an méid seo san AL; ‘A scripture name: there was a nunnery here.’ Bunaíodh clochar anseo de chuid Shiúracha Bochta Naomh Clár i 1631 (Cox 1994: 90). Scriosadh é i Meitheamh 1642 (Ó Muraíle 1996: 135). Tá fothrach an chlochair le sonrú i dtuaisceart an bhaile fearainn. Is léir ó fhoirm 8 go raibh an baile fearainn seo seo mar chuid de Bleanphuttoge ó thús.

Bleanphuttoge Bléin Phatóige ‘creek/inlet of the small vessel’ 1. Plein Pattogi CGG 108 1110c79 2. Bléin Patóici (v.l.)80 CGG 109 1110c

76 Féach Ó Muraíle (Jennings) 2008: 105-106. 77 Féach Ó Muraíle (Jennings) 2008: 109. 78 ‘-, hollow of the entrails, i.e. sinus extorum.’ AL: d. 79 Is í an bhliain 998 a luaitear sa téacs seo agus rinneadh síthe idir Brian Bóramha agus Maelseachlainn san áit seo an t-am sin de réir an téacs. Féach CGG (Todd) 108.

60 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Cill Chainnigh Thiar

3. Blenstok81 Crown Lands 124 1540-1 4. Bleanpotogg CPR Jas. I 2a 1604 5. Bleanputtoge CPR Jas. I 280b 1615 6. Blenfuttog DS 1655c 7. Bleanfuttoge Census 526 1659c 8. Blenfulloge Inq. Car. II, 5 1669 9. Blenfuttog BSD 15b 1670c 10. Ballenfuttoge BSD 15b 1670c 11. Blenputtoge CGn. 6-455-2584 1711 12. Blenfuttoge CGn. 8-188-2548 1711 13. Blenfittogue Larkin 1808 14. Blenfattoge AL: HCSVR (1824) 1837 15. Bleenputtogue AL: John Holland 1837 16. Bleunputog AL: Revd. R.B. Bryan 1837 17. blaidheain phutoig82 AL: pl. 1837 18. Blean Phutog AL: d. 1837

19. 'blain«pu'to˘g T. Fox 2011

20. 'blan«pu'to˘g T. Fox 2011 Máidir leis an gcéad eilimint anseo, is mór an seans gur bléin atá inti; ‘the groin; a narrow low tongue of land; a hollow; a depression; a creek’ (s.v bléan Dinn.). Is mar seo a mhínigh seanfhear áitiúil bléin i 1938; ‘Blane means a small point of land gone out about a quarter of a mile in the lake’ (BNS Ballynacliffy NS 144-145).83 Is cosúil gur cuid de Bleanphuttoge ab ea Bethlehem sular tógadh an clochar ansin i 1631, agus leithinis ar Loch Rí atá sa dá bhaile fearainn. Tá bá éadomhain idir an leithinis seo agus Muckanagh; tá seans go dtagraíonn bléin don ghné seo. ‘Groin an Bhéarla is gnathchiall le bléin. Brí eile atá ag bléin le fada an lá crompán nó góilín in aice locha

80 Seo litriú de chuid Mhíchíl Uí Chléirigh ó 1635, sa chóip de Cogadh Gaedhel re Gallaibh a rinne sé ‘as leabhar Conconnacht í Dálaigh’ sa bhliain 1628 agus é ‘i mBaile Tighe Farranáin’ (= Tyfarnham, barúntacht Chorca Raoi, Co. na hIarmhí). Síltear gur cuireadh ‘Leabhar Uí Dhálaigh’, lámhscríbhinn nach bhfuil ar fáil a thuilleadh, le chéile gar don dáta a shonraítear ar Leabhar Laighean, is é sin go luath sa 12ú hAois. Féach; CGG xiv-xv. Bhí Ó Cléirigh sa cheantar seo i mí Dheireadh Fómhair 1636 nuair a rinne sé cóip de Riail San Cláir do na mná rialta a bhí ina gcónaí in Bethlehem (Ó Muraíle 1996: 131-134. 81 Is mór an seans gur botún atá san s anseo ar f > Blenftuk. 82 Tá an fhoirm seo le fáil mar chuid den iontráil do Bethlehem san AL. 83 Ned Heffernan (72) as Muckanagh (baile fearainn atá díreach siar ó Bleanphuttoge) a thug an míniú seo. Is é John Reid as an mbaile fearainn céanna a bhreac é.

61 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Cill Chainnigh Thiar nó abhann ... Faightear leis an mbrí sin é [góilín/crompán] in Aisling Mhic Coinglinne ón 12ú haois, mar shampla ... Timpeall scór baile fearainn den sórt sin [le bléin mar eilimint tosaigh] atá ann ar fad agus ón scaipeadh atá orthu tríd an tír is dócha gur ainmneacha sách sean iad.’ (Ó Maolfabhail 1985: 20).

Is deacair ciall a bhaint as an dara heilimint anseo; putóg84 ‘gut, intestine; pudding’ (FGB (1 & 2)) atá inti i bhfianaise na bhfoirmeacha béarlaithe ón 17ú/18ú haois agus na bhfoirmeacha áitiúla a bailíodh in 1837 agus i 2011. Ach déantar tagairt don áit seo chomh luath leis an 12ú haois, agus is ar éigean a bheifeá ag súil le putóg mar eilimint i logainmneacha chomh luath sin. Tá an chosúlacht ar an scéal gur focal iasachta é putóg a tháinig isteach sa Ghaeilge, ón mBéarla is mór an seans, am éigin le linn na tréimhse 1200-1600 (DIL s.v. indrechtán; ‘innreachtan .i. putóg, O’Cl.’ [= 1643])

Caithfidh gur trí ath-anailísiú ar an ainm seo a tháinig putóg isteach mar an dara heilimint. Ar an gcéard amharc níl sé soiléir cén chiall atá ag an bhfocal pattogi i bhfoirm 1, nó patóicí mar a litrigh Mícheál Ó Cléirigh é i bhfoirm 4, ach tá cosúlacht fhoirm ghinidigh uatha uirthi. Toisc Loch Rí a bheith an-éadomhain ar an taobh thiar den bhléin nó leithinis seo, agus meascán de phortach agus de loch beag riascach ar an taobh thoir, d’fhéadfaí áitiú gur puiteach ‘boggy ground, mud, mire’ (FGB) is bunús leis na foirmeacha luatha, ach is deacair an forás pattogi > puitigh a chreidiúint. Is fiú go mór an méid atá le rá ag Watson faoin ainm abhann Patag85 a lua:

84 Féach Oldtown or Pudding Street (Droim Raithne) don phlé ar an eilimint putóg i logainmneacha na hÉireann. 85 ‘The Pattack; in Gaelic Patag. This river, unlike those which we have hitherto dealt with, does not flow into the Spey, but into Loch Laggan, after making an extraordinary volte face about two miles from its mouth. First it flows directly northwards, and then suddenly south-westwards for the last two miles of its course. Hence the local saying —

Patag dhubh, bhalgach Dol an aghaidh uisge Alba

(Dark, bubbly Pattack, that goes against the streams of Alba).

We find Pattack first mentioned in an agreement between the Bishop of Moray and Walter Comyn about the year 1230, where the streams “Kyllene et Petenachy” are mentioned as bounding the church lands of Logykenny. The Kyllene is still remembered in Camus-Killean, the bay of Killean, where the inn is. The Kyllene must have been the present Allt Lairig, or as the map has it, Allt Buidhe; while Petenachy represents Pattack, which in Blaeu's map appears as Potaig. The initial p proves the name to be of non-Gaelic origin ultimately, but whether it is Pictish, pre-Celtic, or a Gaelicised foreign word we cannot say (MacBain 1922: 243-244).

62 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Cill Chainnigh Thiar

The ending -ág serves in Gaelic as the diminutive suffic feminine. In O.Ir. it is –óc, masculine; and from the O.Ir. period it is common in affectionate forms of saints’ names, especially in reduced forms, e.g. Mo Chóemóc from Cóemgin. It is a curious fact that this suffix, which has attained so great a vogue in Gaelic, is not of Gaelic origin but borrowed from the Welsh –awc, now –og, representing the early ācos which appears in Gaelic as –ach. Streamnames with this ending are numerous, especially in the north. In their present form at least they do not belong to the oldest stratum, but, like the personal names of the same class, they may be reduced from older forms. The only example of reduction within record[ed] times that is known to me is the Patag, Pattack, of Badenoch, which appears as one of the bounds of the church lands of Logykenny (Laggan) in 1239 (RM) under the name of Petanachy, about 1600, Avon Pottaig (MacFarlane). This not a compound, but a derivative of early M.Ir. patt, a pot, a jar,* later poit, with -an-ach extensions. It is to be compared with the brook called Putachin, 1273 (Ant. A. & B.) in Turriff parish, and the brook called Puthachin in Keig parish, 1233/53, ib., and means ‘stream of pots,’ i.e of potlike pools; (Watson 1926: 447).

Má fhéachtar in DIL ar pat[t]a, faightear an míniú seo; ‘a boat, vessel: pata .i. soidheach, O’Cl. co rugastar an sugante a llonga uathib acht aenpatta, ZCP x 185.1486 = aenbharc, BB87 26 b 23’ (DIL s.v. pat[t]a). Is cósúil gurb éard atá i gceist leis an eilimint seo ná pat[t]a móide an mhír dhíspeagtha óg. Is é sin patóg, leis an gciall ‘small vessel/boat’ agus í sa g. uatha anseo. Tá foscadh maith ón bpríomhghaoth (siar ó dheas) ag an mbá (bléin) a luíonn ar an taobh thiar den bhaile fearainn seo, agus is cinnte go mbeadh sé feiliúnach mar chuan do bhád beag. Is maith an seans go mbaineann teacht chun cinn na foirme putóg leis na hathruithe béime atá mar ghné aitheanta de Ghaeilge oirthear Chonnacht,88 is é sin gur tháinig

ísliú ar an gcéad ghuta ó a go ´ nuair a chuaigh an bhéim i dtreo an tsiolla dheiridh.

Coinníodh guta laghdaithe u, agus an bhéim curtha ar ais ar an siolla chun tosaigh; a > ´ > u ; »ble˘n' »fat«o˘g'´ > »ble˘n' «f´t»o˘g'´ > »ble˘n'

»fut«o˘g'´. Níl fianaise ar shéimhiú sna foirmeacha áitiúla comhaimseartha (19 agus 20), agus i bhfoirmeacha 11, 15 agus 16, ach tá fianaise ar an séimhiú i bhfoirmeacha 3, 6 – 11, 12 – 14, 17 & 18. Cf. Finnegan 2013b, le teacht.

86 = Lebor Gabála. Féach Van Hamel, A.G. (1915) ‘On Lebor Gabála’, Zeitschrift für celtische Philologie 10: 97-197. 87 = Leabhar Bhaile an Mhóta. 88 Féach Bryanmore Upper (Droim Raithne), foirm 49.

63 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Cill Chainnigh Thiar

Boardsland ?Fearann an Chláir/ Fearann Board ‘?land of the plain’ 1. Bordland DS 1655c 2. Boardland ASE 48 1680 3. Bordland BSD 13b 1670c 4. Bordes-Land ASE 230 1673 5. Bordsland CGn. 6-180-1734 1710 6. Borland AL: Down Survey refc. 1837 7. (?)Boordston AL: Inq. Car. I 1837 8. Board’s Land AL: HCSVR (1824) 1837 9. Board’sland AL: Revd. R.B. Bryan 1837 Níor aimsíodh foirm Ghaeilge ar bith don ainm seo. Tá an chuid ó thuaidh den bhaile fearainn an-chothrom; tá an fhéidearthacht ann mar sin, gur ‘aistriúchan’ ar clár ‘plain’ (FGB (7b)) atá sa chéad eilimint board. Seans gur aistríodh an dara heilimint land ó fearann sa chás seo, agus b’fhéidir gur Fearann an Chláir an bunleagan Gaeilge mar sin. Tá an eilimint board le fáil in Boardstown, baile fearainn i bparóiste an Mhuileann gCearr. Tugann Paul Walsh Baile an Chláir mar fhoirm Ghaeilge don bhaile fearainn sin, agus luann sé foirm ó na Fiants89 a thacaíonn le seo (Walsh 1957: 219). Is í an fhéidearthacht eile ná gur ainm Béarla atá ann, bunaithe ar an sloinne board (Reaney 1997: 50) + land.90 Ní raibh ach dhá dhuine dhéag sa tír den sloinne Board/Bord i 1901 (Daonáireamh). Thacódh foirmeacha 8 & 9 leis an míniú seo. Ciall amháin atá ag an bhfocal bord sa Ghaeilge ná ‘border’ (FGB (3a)).

Brittas An Briotás ‘the palisade’ 1. Byrtas Fiants Hen. VIII 428 1544 2. Bryttas Fiants Eliz. 849 1566 3. Britas Fiants Eliz. 1355 1569

89 Ballenclare; Fiants Eliz. 2698. 90 Féach; Tullyboard, Ards Upper, i gCo. an Dúin; ‘The majority of the historical spellings appear to support a suggestion along the lines of Tulaigh Boird ‘hill of the flat top or table’, as suggested by O'Donovan. There is also the possibility that this townland contains an Anglo-Norman name as a second element. It is difficult, however, to opt for any surname in particular although possiblities may be sought in Reaney (1958:) who cites Anglo-Norman surnames such as Board/Boord, Burge/Burdge and Burret, with a variant Burred. For Tully- followed by an Anglo-Norman name note some of the early spellings in Tollenrus(h)elly for the townland of Ballyrussely in this parish. See also Ballywierd in the parish of Ballytrustan.’ (PNI 17304).

64 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Cill Chainnigh Thiar

4. Tolchanglasse DS 1655c 5. Tolchanglasse BSD 14b 1670c 6. Tullaghaneglass CGn. 86-249-60237 1737 7. Brittas SEH 1 1786 8. Brittas Larkin 1808 9. Brittace AL: Inq. Car. I 1837 10. Brittas AL: Inq. Car. I 1837 11. Britach AL: Revd. R.B. Bryan 1837 12. Britach AL: Captn. Stubs 1837 13. briotás AL: pl. 1837 14. Briotas91 AL: d. 1837

15. «bri'ta˘s áit. 200? Tá thart ar fhiche baile fearainn den ainm seo tríd an tír ar fad. Tá Brittas eile i gCo. Luimnigh athghaelaithe agus mínithe ag an mBrainse Logainmneacha mar An Briotás ‘the palisade’ (BLÉ 1165566). Tá Tolchanglasse (= An Tulachán Glas) marcáilte ar léarscáil an DS sa cheantar seo.

Caplahard An Cheapach Leathard/?Ceapach Leathaird ‘Tillage plot (high on one side)’ 1. Capellahard CGn. 150-460-103099 1752 2. Caplahard92 WPB 1761 3. Lee’s Holding SEH 1 1786 4. Caplahard AL: BS 1837 5. Caplahard AL: Revd. R.B. Bryan 1837 6. Ceapla Ard AL: d. 1837 7. ceapla hard AL: pl. 1837 8. Ceapa Leath Árd93 AL: d. 1837 Ceapach ‘tillage plot; bed’ (FGB (1; 2)) atá sa chéad eilimint anseo. Féach chomh maith ‘Orig. piece of ground where trees have been felled’ (DIL s.v. ceppach (a)).

91 ‘-, speckled land.’ AL: d 92 Luaite le Robert Lee. 93 ‘-, plot of the half height.’ AL: d.

65 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Cill Chainnigh Thiar

Tá ainm cosúil leis an ainm seo; Cloonlahard West i gCo. Luimnigh, athghaelaithe ag an mBrainse Logainmneacha mar Cluain Leathaird Thiar. Mínítear an t-ainm mar seo; ‘pasture of (the) inequity’. Féach; BLÉ 30766. Léirítear lethard mar ‘lit. (high) at one side, hence uneven, unequal …Usually in more abstr. sense unequal, unfair’ (DIL s.v leth 131.32). Toisc go dtiteann an baile fearainn ar fad soir le fána réasúnta géar, is mór an seans gur leathard sa chiall ard ar thaobh amháin atá sa dara heilimint anseo.

Carrickfin An Charraig Fhionn ‘the white rock’ 1. Carrickfyn Inq. Jac. I, 1 1607 2. Carrigfyn Inq. Jac. I, 1 1607 3. Carrickfinn CPR Jas. I 125a 1608 4. Carrigfinn CPR Jas. I 125a 1608 5. Carrickfin CPR Jas. I 587a 1625 6. Carrickfen DS 1655c 7. Carrickfenn BSD 13b 1670c 8. Carrigfin CGn. 4-150-815 1709 9. Carrickfin SEH 7 1786 10. Carrickfin Larkin 1808 11. Carrickfinn TAB 1823 12. Carrickfin AL: Down Survey 1837 13. Carraiccfinn AL: Revd. R.B. Bryan 1837 14. Carraic Fhinn AL: pl. 1837 15. Carraic Fhinn94 AL: d. 1837

16. 'karik«fin J. Carty 2007

17. 'karik«fin T. Walsh 2011

95 18. 'hwait«rok T. Walsh 2007 Carraig ‘rock’ (FGB) atá sa chéad eilimint anseo. Fionn ‘white (colour)’ (FGB (1)) 96 atá sa dara heilimint. Fuaimnítear fionn mar fan go minic sa cheantar seo, ach níl

94 ‘-, Rupes Finni, Finn’s rock.’ AL: d. 95 Tagraíonn an fhoirm seo do mhioncheantar atá díreach buailte le Carrickfinn ach a luíonn taobh istigh de Toberclare. 96 Féach Aghafin i bparóiste Nuachabhála.

66 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Cill Chainnigh Thiar aon fhianaise ar an bhfuaimniú sin sna foirmeacha anseo. Is ag tagairt do dhath na haolchloiche a luíonn gar don dromchla sa bhaile fearainn atá an t-ainm seo, measaim. Tá traidisiún faoi charraig aifrinn a bheith sa bhaile fearainn agus tugtar d´ pri˘Sts bo˘ri˘n ar mhionbhóthar a théann tríd an mbaile fearainn. Luann Woods go raibh áit darb ainm Cruckawn Soggarth (= Cnocán [na] Sagart) sa bhaile fearainn (Woods 1907: 160).

Cartronkeel An Cartrún Caol ‘the narrow cartron’ 1. Cartonkeill Inq. Jac. I, 1 1607 2. Cartonkeill CPR Jas. I 125a 1608 3. Cartronkeyle Car. I, 3 1625 4. ?Cartron' Kyle Inq. Jac. I, 5 1611 5. Cartronkeele CPR Jas. I 587a 1625 6. Cartronkeele Inq. Car. I, 44 1630 7. ?Cartronkeele97 DS 1655c 8. ?Cartron Keele ASE 48 1666 9. Cartronkeele BSD 14b 1670c 10. Cartronkeel CGn. 86-249-60237 1737 11. Cartronkeel SEH 7 1786 12. Cartronkeele AL: Inq. Car. II 1837 13. Cartronkell AL: BS 1837 14. Cartronkell AL: Captn. Stubbs 1837 15. Cartronkeel AL: Revd. R.B. Bryan 1837 16. cartun caol AL: pl. 1837 17. Cartun Caol98 AL: d. 1837

18. kartron J. Carty 2007 Is éard atá sa chéad eilimint anseo ná cartún ‘chartered land, holding; measure of land (equated to 64 acres)’ (FGB s.v. cartúr). Féach freisin DIL s.v. cartún; tá an fhoirm cartrún ann freisin. Tá nócha trí acra sa bhaile fearainn seo. Dá n-iompófaí iad sin go hacraí Éireanneacha, bheadh caoga seacht acra go leith ann, achar nach bhfuil i bhfad

97 Marcáilte siar ó thuaidh ón suíomh atá ag an mbaile fearainn seo anois ar léarscáil an DS. Is maith an seans nach tagairt don bhaile fearainn seo atá san fhoirm seo, ach ar chartún caol eile. 98 ‘-, narrow cartron.’ AL: d

67 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Cill Chainnigh Thiar

ón méid a luaigh Ó Dónaill le cartúr (64 acra). Faightear an eilimint seo i gCúige Chonnacht den chuid is mó, chomh maith leis an Iarmhí, Uíbh Fhailí, Co. an Longfoirt, agus corrshampla i gCo. an Chláir agus i gCo. an Chabháin (Daonáireamh 1851 s.v. cartron). Caol aid. ‘thin, slender; narrow’ (FGB (1 & 3)) atá sa dara heilimint. Tá an méid seo le rá ag Joyce faoi caol (mar ainmfhocal is dócha) ‘This word is often applied to a narrow stream, a stream flowing through a long narrow glen, or through a marsh’ (Joyce 1875: II 418). Sruthaíonn abhainn; da tul´ha˘n riv´r (áit.), trí shrath mór leathan ag bun Cartronkeel agus ag bun na mbailte fearainn eile atá in aice leis. Deirtear go háitiúil go raibh an ceantar seo fliuch sula ndearnadh draenáil air sna daichidí. Tá imlíne an bhaile fearainn féin caol go leor, áfach, agus is mó seans gurb é seo is cúis le húsáid caol anseo. Fianaise is ea na foirmeacha béarlaithe –keel/keyle/kyle gur mar i˘ a dúradh -ao sa cheantar seo.

Corr An Coradh ‘the turn (of river)’ 1. Cor Crown Lands 124 1540-1 2. ?the Corr, Fiants Eliz. 5398 1590 3. Corry CPR Jas. I 503b 1621 4. Corra DS 1655c 5. Corra Census 525 1659c 6. Corr Census 526 1659c 7. Corra BSD 15b 1670c 8. Corra CGn. 6-455-2584 1711 9. Corra CGn. 8-188-2548 1711 10. Corra CGn. 13-90-5192 1714 11. Cora TAB 1823 12. Corra TAB 1823 13. Cor TAB 1826 14. corra AL: pl. 1837 15. Corra99 AL: d. 1837 16. Corra AL: HCSVR (1824) 1837

99 ‘-, a fishing weir.’ AL: d.

68 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Cill Chainnigh Thiar

17. Cor AL: Revd. R.B. Bryan 1837 18. cur AL: pl. 1837 19. Cur100 AL: d. 1837

20. »kAr áit. 2011 Tá dhá bhaile fearainn den ainm seo i mbarúntacht Chill Chainnigh Thiar, ceann sa pharóiste seo, agus ceann i bparóiste Dhroim Raithne. Toisc iad a bheith díreach comhtheagmhálach lena chéile, caithfidh gurbh ionann iad uair amháin. Tá cúpla féidearthacht maidir leis an eilimint aonair seo.101 Thacódh foirmeacha 7-12 agus foirmeacha 14-16 le cora ‘weir’ (FGB (1)). Cé go bhfuil cúpla muileann sa chomharsanacht, tá na srutháin a théann thart ar theorainneacha an bhaile fearainn seo ar an íostaobh de na muilte sin ar fad, agus is beag fiúntas a bheadh le cora a chur orthu mar sin. Féidearthacht eile atá ann ná gur coradh ‘turn, bend’ (FGB (2)) atá ann. Féach; ‘coradh tuathail, back-current’ (FGB s.v. coradh). Is léir go n-úsáidtear coradh i gcomhthéacs sruthú aibhneacha mar sin. Tá seans gur foirm thabharthach de coradh atá i bhfoirm 3 thuas; Corry > coraidh? Tá níos mó ná casadh géar amháin sna srutháin atá ar bheagnach trí thaobh den bhaile fearainn seo, ach tá géaruillinn amháin ag an bpointe is faide ó dheas den bhaile fearainn ag N 120 447 (Discovery Series).102 Is maith an seans gurb é an casadh seo is bun leis an ainm seo. Maidir leis na foirmeacha déanacha 13 & 17-18, seans gur cor ‘turn’ (FGB (1a)) atá iontu sin. Féach Barnacor Isld. (CESO) atá mar ainm ar oileán beag a luíonn ag lúb ghéar in abhainn na hEithne sa bhaile fearainn Barr na Cora/Barnacor (BLÉ 32771). Tá an baile fearainn seo i gCo. an Longfoirt, ach é díreach buailte le Clonkeen i bparóiste Nuachabhála. Tacaíonn cuid de na foirmeacha atá luaite le Barnacor le coradh ‘turn, bend’ mar an dara heilimint; Garranchorra DS (féach BLÉ 32771 – taifid téacs) mar shampla. Garranchorra < Garrán an Chortha?

Creevenamanagh Gníomh na Manach ‘gneeve of the monks’

100 ‘-, a pit, a round hill.’ AL: d. 101 Féach O’Toole & O’Flaherty (2011) le haghaidh phlé ar úsáid na heiliminte corr ‘crane’ (FGB 3. (2.)) i logainmneacha. 102 = http://maps.osi.ie/publicviewer/#V1,611963,744727,6,1, is fearr an leagan leictreonach de na léarscáileanna a úsáid sa chás seo, toisc an pointe seo a bheith ar imeall leathanach 47 agus 58.

69 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Cill Chainnigh Thiar

1. ?Gním na tri sesreach103 ATig. 443 1177 2. ?Gryeve na managh104 IDPP 22 n. 2 1551 3. ?Gnyevenemanaghe IDPP 22 n. 2 1575c105 4. Gnywenemanagh alias Gnywternemanagh Fiants Eliz. 1355 1569 5. ?Guivenemannagh CPR Jas. I 90a 1606 6. Gnyvenemannagh Inq. Jac. I, 5 1611 7. Guyvenemannagh CPR Jas. I 228a 1612 8. Gnewnamanagh DS 1655c 9. Gnewnamanagh BSD 14b 1670c 10. Gnownamanagh ASE 230 1673 11. Creenamanach TAB 1823 12. Creevnamanach TAB 1823 13. Crievenamonagh AL: BS 1837 14. Crievenamonagh AL: John Hogan 1837 15. Criachnamanach AL: Revd. R.B. Bryan 1837 16. crí na manach AL: pl. 1837 17. Crích na Manach106 AL: d. 1837

18. »kri˘vn´«mAn´ áit 2011 Gníomh ‘gneeve’; ‘(of land measure) twelfth part of ploughland, grass of one cow’ (FGB 1 (6)) atá sa chéad eilimint anseo. Fianaise is ea an litriú cr- i bhfoirmeacha 11- 17 ar an athrú fuaime ó gn- go gr-. Tá an chuma ar litriú na heiliminte seo i bhfoirmeacha 4 agus 8-10, go bhfuaimnítí an dara cuid de gníomh mar a fhuaimnítear

é i gCúige Uladh sa lá atá inniu ann – is é sin mar i˘u˘, féach litriú ar nós gnew thuas. Fianaise is ea foirm 16, b’fhéidir, gur íslíodh an dara cuid de gníomh go dtí an guta neodrach sa chanúint aitiúil, agus gur as seo a tháinig an fhoirm crí chun cinn.

103 “Cith cloicsnechta do ferthain a Cuircne .i. a nDruim cliabaigh, & ro mill Gním na tri sesreach.” Cf. Ó Murchadha (1997: 151). 104 ‘A Westmeath place-name, Gníomh-na-manach, appears as ‘Gryeve na managh’ in an English document of 1551; but gr- here is quite exceptional, and in later sixteenth-century documents the same name is spelt with gn- (‘Gnyevenemanaghe,’ etc.).’ IDPP 22 n. 2. Níor éirígh liom buntagairt don fhoirm seo a aimsiú, agus is cinnte nach bhfuil leithéid gr- in áit gn-, nó cr- in áit cn- eisceachtúil sa cheantar seo, féach an tagairt do Cruckawn Soggarth faoi Carrickfin thuas mar shampla. 105 Féach n. 104. 106 ‘-, territory or district of the monks. Gneeve-na-mannagh, the name given in the Down Survey, some the correct ancient one.’ AL: d.

70 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Cill Chainnigh Thiar

Is éard atá sa dara heilimint anseo ná manach ‘monk; tenant of church land’ (FGB (1); (2)) agus í sa g. iolra anseo. Is fiú foirm 1 a phlé go sonrach; is féidir Gním na tri sesreach a nascadh leis an mbaile fearainn seo, nó cuid éigin de ar a laghad; ach is gá an tagairt iomlán as ATig. a lua: ‘Cith cloicsnechta do ferthain a Cuircne .i. a nDruim cliabaigh, & ro mill Gním na tri sesreach.’ Is é atá in Cuircne seanainm bharúntacht Chill Chainnigh Thiar agus ainm treabhchais ó thús. Maireann sé in ainm baile fearainn; Magheracuirknagh, nach bhfuil ach cúpla céad méadar ó thuaidh de Creevenamanagh. Luaitear an áit Druim Cliabaigh sa scéal Bruiden Da Choca (BDC). Cuirtear dáta go luath nó i lár an 12ú haois i leith an scéil sin. Tá láthair an scéil seo, an bhruíon féin, aitheanta mar imfhálú sa bhaile fearainn Bryanmore Upper i bparóiste Dhroim Raithne. Droim feiceálach (92 méadar ar ard) is ea Creevenamanagh, a luíonn thart ar thrí mhíle soir ó thuaidh de Bruiden Da Choca. Áitím gurb é an droim seo Druim Cliabaigh. De réir an scéil ainmníodh an áit seo as ‘Clīabach Cētrōeach’, óglach a maraíodh anseo (BDC A 489). Má fhágtar é seo as an áireamh mar shampla de bhréagshanasaíocht an dinnseanchais, is fiú breathnú ar chiall an dara heilimint den logainm; clīabach ‘wild; animal; boar; wolf; fox; deer agus slender-bodied’ (DIL s.v. clíabach (1) & (2)). Is mar Druim Clia[th]cha a luaitear an áit seo in atheagar B den BDC (723). Cliathach ‘enclosure; hurdles; battle; attack; skirmish; rib-cage; chest; breast; wing-feathers’ (DIL s.v. clíathach a & b). Is dócha gurbh fhéidir go mbeadh baint ag cruth an droma féin le cuid de na míniúcháin a thugtar don dá fhocal seo, ach tá na cinn eile ann ar ndóigh. Is é an fhianaise is láidre ná suíomh an droma féin – tá radharc réasúnta oscailte idir an droim seo agus Bruíon Da Choga, murach an talamh ard ag Ardnagragh (Gray), áit eile a luaitear sa scéal.107 Luadh thuas chomh gar agus atá an baile fearainn Magheracuirknagh do Creevenamanagh; má fhéachtar ar an tagairt in ATig. arís: ‘a Cuircne .i. a nDruim cliabaigh’, tá an chuma ar an tagairt sin gur áit tábhachtach in Cuircne a bhí in Druim Cliabaigh. Caithfidh go raibh tábhacht éigin ag baint leis an droim (.i. Druim Cliabaigh = an droim mór atá sna bailte fearainn Magheracuirknagh agus Creevenamanagh) seo roimh theacht na Normannach do na Cuircne. Is i lár a gcríche atá sé, le hamharc anuas ar chuid mhór dá gceantar, nó dá machaire, agus tá seans, b’fhéidir, gur coinníodh Magheracuirknagh mar ainm ar bhaile fearainn sa chomharsanacht seo dá bharr sin.

107 Féach Ardnagragh Digby, Ardnagragh Gray (Droim Raithne).

71 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Cill Chainnigh Thiar

Is fiú filleadh ar Gním na tri sesreach anois, a bhí in, nó ar, Druim cliabaigh de réir ATig. Agus dlúthbhaint idir ATig agus Cluain Mhic Nóis, tá an fhéidearthacht ann gur bhain an gníomh seo leis an mainistir sin. Cén fáth eile a luafaí é go sonrach sna hannála? Bhí trí oifigeach de bhunadh Chuircne gníomhach i gCluain Mhic Nóis, agus iad ar fad gníomhach san 11ú haois (Kehnel 1997: 295). Níl an eilimint gníomh le fáil in ainm aon bhaile féarainn eile i mbarúntachtaí Chill Chainnigh Thiar agus Chluain Lonáin. Níor thángthas ach ar aon logainm eile sa bharúntacht seo leis an eilimint seo; Leighgneynlogh al' Leighgnewnewlogh (Inq. Car. I (3) 1625). D’fhéadfadh Leathghníomh an Locha a bheith i gceist leis an ainm seo agus luíonn cuid de Lough Makeegan taobh istigh de Creevenamanagh.

Fig. 4. Creevenamanagh agus Gníomh na dTrí Seisreach. Suirbhéireacht Ordanáis Éireann/Rialtas na hÉireann – Uimhir Cheadúnais Chóipchirt MP 0007912.

Is éard atá i gceist le ‘Cith cloicsnechta do ferthain ... ro mill Gním na tri sesreach’, ná gur milleadh pé arbhar a bhí ag fás sa gníomh. Tá páirc fhada chaol cham i lár Creevenamanagh. Féach an léarscáil thuas (fig. 4.) Tá an rud ar a dtugtar ‘aratral curve’ le sonrú in imlíne na páirce seo. Is éard atá i gceist le ‘aratral curve’ ná lorg na

72 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Cill Chainnigh Thiar seisrí damhra a bhí in úsáid sna meánaoiseanna; síltear gur fhorbair an lúb seo as casadh na ndamh agus iad ag teacht i dtreo an chinnfhearainn. Bhí ceapacha na meánaoiseanna fada agus caol toisc an deacracht a bhí i gceist chun na daimh a chasadh ag an gcinnfhearann (Atkin 1995: 19). D’fhéadfaí Gním na tri sesreach [= Gníomh na dTrí Seisreach] a aistriú mar ‘ploughland (twelfth part of) of the three ploughteams’. Bhí thart 120 acra i ‘ploughland’ de ghnáth (McErlean 1983: 322). Tá thart ar naoi n-acra sa pháirc seo (acraí Éireanneacha), achar atá an-ghar don dódhéagú chuid de 120 acra. Tá an fhéidearthacht ann mar sin, gurb í an pháirc seo, atá i lár Creevenamanagh, Gním na tri sesreach, agus gurb é an gníomh seo is bun leis an ainm Gníomh na Manach.

Deerpark An Pháirc Chloiche ‘the field/park of stone’ 1. ?Cloghlea DS 1655c 2. ?Cloghlia BSD 14b 1670c 3. Deerpark SEH 1 1786 4. Deer-Park SEH 2 1786 5. Deer Park AL: BS 1837 6. Deer Park AL: Revd. R.B. Bryan 1837 7. Pairc Chloiche108 AL: pl. 1837 8. Pairc Chloiche109 AL: d. 1837

9. da park áit. 2009

10. di˘rpark áit. 2009 Ainm Béarla, de réir fhormhór na fianaise. Tá balla cloiche ard thart ar an mbaile fearainn seo ar fad. Tá thart ar sheachtó acra taobh istigh de na ballaí. Is maith an seans gur tógadh na ballaí ag an am céanna agus a leagadh amach diméin Waterstown House sna 1740í. Maidir le fianna a bheith coinnithe ann luaitear an méid seo san AL; ‘Not a deer park’. Seans gur tógadh é mar folly de shaghas éigin nó ar mhaithe le fostaíocht a chruthú sa cheantar. Maidir le foirm 7, an fhoirm Ghaeilge áitiúil, níl sé soiléir an ag tagairt do na ballaí atá an t-ainm seo, nó don aolchloch a ghobannn amach tríd an dromchla in áiteanna sa bhaile fearainn. Tá foirm 1 marcáilte ar

108 ‘-, from being surrounded by a wall.’ AL: pl.. 109 ‘-, stone park.’ AL: d.

73 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Cill Chainnigh Thiar léarscáil an DS don cheantar seo (Cloghlea < Cloch Liath), agus tá codanna den bhaile fearainn atá carraigeach. Toisc nach bhfuil aon fhianaise dhíreach gur coinníodh fianna istigh ann riamh, is fearr gan an t-ainm seo a aistriú. Is ceart an fhoirm Ghaeilge áitiúil ón 19ú haois a mholadh.

Farrannamorreen Fearann na mBóithrín ‘land (farm) of the boreens’ 1. Ferrinnymory Crown Lands 300 1531c 2. Ferynymory Crown Lands 301 1531c 3. Ferenemorie Inq. Eliz., 1 1562/63 4. Farrenemorin CPR Jas. I 587a 1625 5. Farran morin DS 1655c 6. Ffarranmorein BSD 16b 1670c 7. Farrnimorrin CGn. 8-188-2548 1711 8. Fcorranemorin CGn. 25-361-15308 1720 9. Farrannamoreen WPB 1761 10. Farrenebooren SEH 5 1786 11. Farrenebooreen SEH 5 1786 12. Farnemoreen SEH 7 1786 13. Farnamoreen Larkin 1808 14. Farinabhorin TAB 1823 15. Fearianaboharin AL: Revd. R.B. Bryan 1837 16. fearann na mbotairin110 AL: pl. 1837 17. Fearan na mBoithrín111 AL: d. 1837 18. Farrannnamóreen AL: JOD 1837

19. »farnamo˘r«i˘n áit. 2011 Fearann ‘land, territory, domain, field, farm, grounds; ploughland; quarter, portion; region’ (FGB 1 (1-4)) atá sa chéad eilimint anseo. Is cosúil gur bóithrín ‘country lane, boreen [= small road]’ (FGB 1 (2)) atá sa dara heilimint anseo agus í sa g. iolra. Tá fianaise ar an urú ar an b- tosaigh den fhocal bóithrín sna foirmeacha béarlaithe ar fad, ach foirmeacha 10 agus 11. Tá an chosúlacht ar fhoirm 14 gur iarracht bóithrín a

110 Tá dhá phonc marcáilte ar bharr an –n san AL. 111 ‘-, i.e. praedium angustarum viarum, land of the little roads. Recte Farran nambohereen.’ AL: d.

74 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Cill Chainnigh Thiar léiriú sa g. uatha atá inti, sé sin leagan béarlaithe de fearann a’ bhóithrín. Níl aon fhianaise ar ghréasán de bhóithríní a bheith sa bhaile fearainn seo ar an CESO in 1837. A mhalairt atá fíor – páirceanna móra cearnógacha atá sa bhaile fearainn seo agus in Bunown atá díreach ó dheas. Tá diméin Harmony Hall/Benown House (úsáideadh an dá ainm) roinnte thar an dá bhaile fearainn seo. Seans gur glanadh na bóithríní agus na tithe beaga a bhí orthu nuair a tógadh Harmony Hall thart ar an mbliain 1788, nó roimhe sin nuair a bhí an caisleán in Bunown in úsáid agus i lár na diméine. Luann Ó Dónaill na habairtí seo: ‘bhí bóithre fola leis; bhí bóithre allais leis’ (FGB s.v. bóthar (3.)); b’fhéidir gur fearann ‘of the small streams/streaks’ is bun leis an ainm seo.

Fortyacres An Daichead Acra ‘the forty acres’ 1. Forty Acres AL: BS 1837 2. Forty Acres AL: Revd. R.B. Bryan 1837 3. dá fhichiot acar AL: pl. 1837 Ainm Béarla, ach is léir ó fhoirm 4 go raibh foirm Ghaeilge áitiúil de sa 19ú haois. Tá beagnach 46 acra (acraí gallda) sa bhaile fearainn seo. Is ionann sin agus thart ar ocht n-acra Éireannach is fiche, an t-aonad achair a bhí (agus atá fós uaireanta) in úsáid go traidisiúnta sa cheantar.

Glassan Féach Glassan i bparóiste Bhun Abhann.

Kilfaughny Cillín Fachna ‘St. Fachtna’s little church’ 1. Kyllinfaghnagh Crown Lands 301 1531c 2. Killensaghne Fiants Hen. VIII 1544 3. Kilnesaghne Fiants Hen. VIII 1544 4. Killenefaghna Fiants Eliz. 3263 1578 5. Killenfaghney Fiants Eliz. 3719 1581 6. ?Killinfahy Fiants Eliz. 6574 1601 7. Killeenfaghne Fiants Eliz. 6664 1602 8. Killenfaghny Inq. Jac. I, 1 1607 9. Kyllenfaghny Inq. Jac. I, 1 1607

75 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Cill Chainnigh Thiar

10. Kyllenfegh Inq. Jac. I, 1 1607 11. Killenfahy Inq. Jac. I, 1 1607 12. Killenfaghny otherwise Killenfeghe CPR Jas. I 124b 1608 13. Killfaghney Inq. Jac. I, 5 1611 14. Killfaghney CPR Jas. I 228b 1612 15. Killenfaghney al' Killenfeagh Inq. Car. I, 3 1625 16. Killinfaghny Inq. Car. I, 44 1630 17. Cillín Fachtna112 MartD 410 1630 18. Killinfaghny DS 1655c 19. Killinfaghny Census 526 1659c 20. Killinfaghny BSD 15b 1670c 21. Cillín Fachdna TF 76 1675c 22. Killing-faughny Piers 94 1682 23. Killfaghny als Killeenfaghny CGn. 86-249-60237 1737 24. Kilfaughny TAB 1823 25. Kilfaghy AL: Down Survey Map 1837 26. Cilfachne AL: Revd. R.B. Bryan 1837 27. coillin113 na fachtna AL: pl. 1837 28. Coillín na/Ua? Fachtna114 AL: d. 1837 Bíonn deacracht ann i gcónaí idirdhealú a dhéanamh idir coill agus cill nuair a bhítear ag brath ar fhoirmeacha béarlaithe amháin. Bíonn an deacracht chéanna i gceist le coillín agus cillín, ach sa chás seo, toisc cúpla foirm Ghaeilge ón 17ú haois a bheith againn, is féidir a bheith réasúnta cinnte gur cillín ‘cell’ (FGB (1) atá sa chéad eilimint, ach tugtar ‘hoard, nest-egg’ (FGB (2)) chomh maith, nó ‘a little church’ (Dinn.). Fachtna, ainm naoimh, atá sa dara heilimint. Is fiú an sliocht iomlán ina luaitear foirm 21 a thabhairt; ‘cap[ella] Cillín Fachdna in comitatu Medensi Occidentali, baronia de Machaire Chuircne, et parrochia de Kill Chainnigh’(TF 76). Maidir le foirm 17; ‘ata Cillín Fachtna i Muscraighe Chuirc’ (MartD 410) a léigh an Donnabhánach, ach is cosúil go raibh dul amú air .i. gurbh é Machaire Chuirc a bhí i gceist ag Ó Cléirigh (FSAG 4: 148). Coillín atá sa cheád eilimint de fhoirm 27, an fhoirm Ghaeilge áitiúil. Is cosúil mar sin nach raibh aon chuimhne sa cheantar ar

112 Féach FSAG 4: 148 chomh maith. 113 Tá dhá phonc ar bharr an –n san AL. 114 ‘-, Fachtna’s little wood.’ AL: d.

76 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Cill Chainnigh Thiar

Naomh Fachtna nó a chillín faoi aimsir na Suirbhéireachta. Ní haon ionadh mar sin nach bhfuil aon rian de shéipéal nó cillín ársa sa bhaile fearainn, rud a mheabhródh a leithéid de thraidisiún do na daoine. Tá seans gur tógadh Kilfaughney Castle ar láthair an cillín. Tá struchtúr a bhfuil cosúlacht séipéil air le sonrú ar léarscáil an DS, ach é ceangailte leis an gcaisleán. Tá an leagan amach ciorclach atá ar na teorainneacha páirce thart ar an gcaisleán níos cosúla le láthair eaglasta luath ná le clós caisleáin/bábhúin (Sherlock 2011: teagmháil phearsanta). Luann Ó Cléirigh Fachtna 115 le Noughaval/Nuachabháil, eaglais atá thart ar chúig chiliméadar ón mbaile fearainn seo; ‘19ú E. Fachtna, epscop o’n Nuachongbhail. Adeir Coimin Coindeire marso ag labhairt ar Fachtna eigin, acus ni ainmnighenn é ó chill ar bith, acus ní thugann tiodal nó onóir do,’ (MartD 20). Ní luann Swan (1988) an láthair eaglasta seo. Luann Paul Walsh áit darb ainm Anagh Faughny atá marcáilte ar léarscáil an DS i mbarúntacht Bhreámhaine. Eanach Fachtna ‘marsh of Fachtna’ atá ann dar leis (Walsh 1957: 124). Tá an chuma ar an léarscáil féin (DS) gur dhá roinn faoi leith a bhí in Anagh agus Faughney, a luí taobh lena chéile agus a bhí gar don cheantar ina bhfuil Friars Island anois. Socraíodh an fhoirm Fachna a mholadh in áit Fachtna. Cf. machtnamh > machnamh. Tá Cluain Fachna/Cloonfaughna i gCo. Mhaigh Eo (BLÉ 36345).

Kilkenny Abbey Cill Chainnigh (Mainistir) ‘St. Cainneach’s church (abbey)’ 1. Kilkenny Abbey TAB 1823 2. Kilkenny Abbey AL: Revd. R.B. Bryan 1837 3. Kilkenny Abbey AL: HCSVR (1824) 1837 4. Kilkenny Abbey AL: Captn. Stubbs 1837 5. Kilkenny Abbey AL: John Hogan Esq. 1837 Fo-roinn déanach. Luíonn suíomh na mainistreach sa bhaile fearainn seo – is maith an seans gur ainmníodh an baile fearainn as an suíomh sin chun an fho-roinn seo a idirdhealú ó Kilkenny West agus Kilkenny Lanesborough.

Kilkenny Lanesborough Cill Chainnigh (Lanesborough) ‘St. Cainneach’s church (Lanesborough)’

115 Luaite le Kiltoom, paróiste Fhochla, barúntacht Fhobhair, Co. na hIarmhí, agus Kiltoom, barúntacht Bhaile Átha Luain, Co. Ros Comáin (Ó Riain 2011: 299).

77 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Cill Chainnigh Thiar

1. Kilkenny Lanesborough AL:BS 1837 2. Kilkenny Lanesborough AL: Captn. Stubbs 1837 3. Kilkenny Lanesborough AL: John Hogan Esq. 1837 4. Kilkenny Lanesborough AL: Revd. R.B Bryan 1837 Is cosúil gur fo-roinn sách déanach de Kilkenny West atá sa bhaile fearainn seo – is maith an seans nach dtéann sí siar níos faide ná an BS, suirbhé a rinneadh c. 1825. Teideal tiarna atá sa dara heilimint (díoraithe ó logainm).

Kilkenny West Cill Chainnigh (Thiar) ‘St. Cainneach’s church (west)’

1. Killkenny AClon. 156 949 2. ?Kilkeny116 AClon. 189 1106 3. Kilkenny ETax. 258 1302-6 4. Kilkenny ETax. 266 1302-6 5. Kilkenny ETax. 267 1302-6 6. Cell Cainnig AConn. 322 §6 1362 7. Cell Cainnig ALC ii 24 1362 8. Cill Caindigh ARÉ iii 622 §5 1362 9. Kilkenny AClon. 301 1362 10. loco Kannechus VSHH 190 §32 1390c117 11. a Cill Coinndi MIA 142 §3 1392 12. for Chill Coinni MIA 166 §22 1402 13. Cilleamduy CPL XIII 507-508 1475 14. Kilkykenne CPL XIV 146 1487 15. Kylkynny CPL XIV 297 1492 16. Kylkenny Crown Lands 299 1531c 17. barony or hundred of Kilkenny West Meath & Westm. Act118 1542 18. Kilkenny Meath & Westm. Act119 1542 19. Kilkenny Fiants Hen. VIII 428 1544 20. Kilkeny Fiants Hen. VIII 428 1544

116 Aitheanta ag Mac Eochagáin in a innéacs mar áit san Iarmhí, ach é luaite le ‘Leighlyn’ sa téacs. 117 ‘compiled in the late fourteenth century’. Scott, A.B. (2005: 994). 118 Luaite ag Walsh 1957: xiii. 119 Féach n. 118.

78 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Cill Chainnigh Thiar

21. Kilkeny Fiants Hen. VIII 438 1544 22. Kylkenny Fiants Eliz. 849 1566 23. Kilkenny Fiants Eliz. 1111 1567 24. Kilkenny Fiants Eliz. 1355 1569 25. Kilkenny Fiants Eliz. 1393 1569 26. Kylkenny Fiants Eliz. 2345 1573 27. Kylkeny West Fiants Eliz. 3212 1578 28. Kilkenny West Fiants Eliz. 4208 1583 29. Kylkeney Fiants Eliz. 4222 1583 30. Kilkenny Fiants Eliz. 5398 1590 31. Kilkenny Fiants Eliz. 5826 1593 32. Kilkeny west Fiants Eliz. 6204 1598 33. Kilkenny Fiants Eliz. 6238 1598 34. Kilkenny Fiants Eliz. 6496 1601 35. Kilkennie Fiants Eliz. 6663 1602 36. Kilkenny West CPR Jas. I 47a 1604 37. Kilkennie Inq. Jac. I, 1 1607 38. Kilkenny Inq. Jac. I, 1 1607 39. Kilkenny-West CPR Jas. I 125a 1608 40. Kilkeny Inq. Jac. I, 5 1611 41. Kilkenny CPR Jas. I 221b 1612 42. Kilkenny CPR Jas. I 228a 1612 43. Kilkennywest CPR Jas. I 280b 1615 44. Kilkenie CPR Jas. I 361a 1617 45. Kilkenny CPR Jas. I 455a 1619 46. Kilkenny west CPR Jas. I 513a 1621 47. Kilkenny West CPR Jas. I 587a 1625 48. Killkenny AClon. 156 1627120 49. Killkenny Inq. Car. I, 142 1639 50. Kilkennywest Inq. Car. I, 157 1640 51. Kilkenny DS 1655c

120 ‘Machair Cwickny now called the barronie of Killkenny’. AClon. 156. Shocraigh mé an fhoirm seo; Killkenny, a lua leis an mbliain 1627, ós ródhócha go mbaineann sí leis an aistriúchán a rinne Mag Eochagáin amháin, seachas leis an mbuncháipéis.

79 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Cill Chainnigh Thiar

52. Kilkenny Census 525 1659c 53. Kilkenny BSD 14b 1670c 54. Kilkenny ASE 230 1673 55. Kill Chainnigh121 TF 76 1675c 56. Kilkenny Piers 1 1682 57. Kilkenny West Piers 81 1682 58. Kilkenny West Piers 96 1682 59. Kilkenny122 Léarscáil Moll 1714c 60. Killkenny West Léarscáil Moll 1714c 61. Kilkenny west CGn. 53-420-36190 1727 62. Kilkenny-West LP 146 1754 63. Kilkenny West WPB 1761 64. Kilkenny west Larkin 1808 65. Kilkenny TAB 1823 66. Kilkenny West AL: Revd. R.B. Bryan 1837 67. cill a chainne AL: pl. 1837 68. Cill Chainnigh123 AL: d. 1837 Níl aon deacracht leis an gcéad eilimint anseo; cill ‘church’ (FGB (1)). Ainm an naoimh Cainneach atá sa dara heilimint, agus í sa g. uatha anseo. Is cosúil gur bhunaigh Naomh Cainneach mainistir anseo, am éigin sa 6ú haois, nó b’fhéidir gur tiomnaíodh eaglais dó am éigin níos déanaí. Mar atá luaite thuas tá rian de ‘Abbey’ in Kilkenny Abbey, fo-roinn a bhí mar chuid den bhaile fearainn seo sular roinneadh é i dtrí. D’áitigh Cox (1994: 58) gur ainmníodh an bharúntacht as an áit seo toisc go raibh príomhchaisleáin na nDiolúnach anseo agus ba thiarnaí Mhachaire Chuircne na Diolúnaigh ar ndóigh.124 Tá balla amháin den chaisleán fós in a sheasamh; tugtar Kilkenny Castle air ar an CESO. Ceanglaíodh an eilimint Bhéarla west le Kilkenny

121 ‘et parochia de ~’. 122 Luaite mar ainm barúntachta. 123 ‘-, St. Canice’s church.’ AL: d. 124 ‘Later in the sixteenth century the manuscript [Rawl. B 485] seems to have been in the possession of the Dillon family, for on f. 1v there is a copy of a deed between Hobert McKaruna and James Dillon who was prior of Kilkenny West in 1550; and marginal scribbles on f. 74r, marg. dext., include the name “Lucas Dillon”’ (Ó Cuív 2001: 116). Chaith mé súil ar an ngníomhas seo ach toisc drochchuma a bheith ar íomhá an leathanaigh is ar éigean a bhí mé in ann é a dhéanamh amach; is cinnte nach bhfuil aon liosta mór de logainmneacha ann.

80 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Cill Chainnigh Thiar don chéad uair sa ‘Counties of Meath and Westmeath Act 1543.’125 Is chun idirdhealú a dheanamh idir an áit seo agus Cill Chainnigh Osraí a tugadh isteach an eilimint west.126

Lackan An Leacain ‘the hillside’ 1. Lackan Inq. Jac. I, 1 1607 2. Lackan CPR Jas. I 124b 1608 3. Lackan Inq. Car. I, 3 1625 4. Lacken AL: Inq. Car. I 1837 5. Lackin AL: Inq. Car. I 1837 6. Lackin AL: BS 1837 7. Leacin AL: Revd. R.B. Bryan 1837 8. leácínn AL: pl. 1837 9. Leacainn127 AL: d. 1837 ‘Hill-side’ is ea an míniú a thug an Donnabhánach don eilimint aonair seo tríd an tír ar fad. Leacain atá anseo agus tá fianaise sna foirmeacha béarlaithe deireanacha, agus san fhoirm Ghaeilge áitiúil, ar an -n deiridh a bheith caol. Is fiú an méid seo a lua faoi bhunús na heiliminte seo: ‘Leacain is orginally the dative of Leaca ... a word which basically means ‘‘a cheek’’ and, by extension, ‘‘a hillside, or slope’’ (Ó Muraíle 1985: 71). Taobh cnoic mhóir atá sa bhaile fearainn. Tá titim de thart ar thríocha méadar ann, agus d’fhéadfaí próifíl nó leaca a shamlú le cruth na tíre.

Lisdachon Lios Dá Chon ‘enlosure of the two dogs’ 1. Lysdachon Inq. Jac. I, 5 1611 2. Lisdachan CPR Jas. I 228a 1612 3. Lisdolgan CPR Jas. I 503b 1621 4. Lidachan DS 1655c 5. Lisdachon Census 525 1659c 6. Lissdachan ASE 48 1666

125 Tugann Walsh (1957) 1542 mar dháta don dlí seo. 126 ‘Kilkenny which for distinction sake from the city of Kilkenny, is many times called Kilkenny West’ (Piers 81). 127 ‘-, hill-side.’ AL: d.

81 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Cill Chainnigh Thiar

7. Lisdachan Inq. Car. II, 5 1669 8. Lisdachon BSD 14b 1670c 9. Lisdachan ASE 230 1673 10. Lisdachon WPB 1761 11. Lisdooghan Larkin 1808 12. Lisdoghan TAB 1823 13. Lishdachon AL: Down Survey Map 1837 14. Lisdockan AL: HCSVR (1824) 1837 15. Lisdathan AL: Revd. R.B. Bryan 1837 16. Lis/da/chon AL: JOD 1837 17. lios dá chon128 AL: pl. 1837 18. Lios dá Chon129 AL: d. 1837

19. lisdAh´n J. Carty 2007 Lios ‘enclosed ground of ancient dwelling house, enclosed space, garth; ring-fort; fairy-mound; ring, halo’ (FGB 1a; 1b; 1c; & 2) atá sa chéad eilimint anseo. Dá ‘two’ (FGB 5) atá sa dara heilimint, agus cú ‘hound, greyhound’ (FGB (1)) atá sa triú heilimint, agus í sa g. iolra anseo. Tá samplaí eile de lios agus cú a bheith luaite le chéile i logainmneacha; féach Lisnagon, Co. na Mí (BLÉ 38118). Níl ach lios amháin sa bhaile fearainn agus tá sé suite ar an bpointe is airde den bhaile fearainn – is maith an seans gurb é seo Lios Dá Chon. Caithfidh gur scéal nó traidisiún éigin faoi dhá mhadadh a bheith bainteach leis an lios seo is bun leis an ainm. Luann Joyce an áit seo agus é ag plé úsáid na heiliminte dá i logainmneacha na hÉireann (Joyce 1869: I 170). Féach Sliabh Dá Chon i bhFearmanach; ‘i.e. the mountain of the two dogs … It is now divided into two townlands, of which one is called the “Big Dog,” and the other the “Little Dog.”’ (ARÉ iv 877f). Dog Big & Dog Little atá ar an CESO.

Lisnascreen Lios na Scríne ‘enclosure of the shrine’ 1. Lisneskreny DS 1655c 2. Lisniskiny BSD 14b 1670c 3. Lisniskihiny ASE 230 1673

128 Tá dhá phonc ar an –n seo san LS. 129 ‘-, fort of the two dogs, munitie duarum Canum.’ AL: d.

82 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Cill Chainnigh Thiar

4. Lisnasreena TAB 1823 5. Lisnas_reena TAB 1823 6. Lishniskriny AL: Down Survey Map 1837 7. Lisnascina AL: Revd. R.B. Bryan 1837 8. lios na sgríne130 AL: pl. 1837 9. Lios na sgríne131 AL: d. 1837

10. »lisn´«scri˘n´ J. Higgins 2007 Lios ‘enclosed ground of ancient dwelling house, enclosed space, garth; ring-fort; fairy-mound; ring, halo’ (FGB 1a; 1b; 1c; & 2) atá sa chéad eilimint anseo. Tá lios mór le feiceáil ag an bpointe is airde sa bhaile fearainn. Tá an tagairt seo san Onom.; ‘l. na sraon destroyed by O Raghallaigh, Hx. 853; ¶ Lisnascreen in p. Kilkenny W. of Westm. (?)’. TCD H 1. 15 (1289) is ea an LS atá i gceist anseo. Toisc duine de Mhuintir Uí Raghallaigh a bheith luaite, is mó seans gur ait éigin i mBréifne atá ann; níor bacadh le dul siar chuig an mbunLS. Scrín ‘shrine, shrine-house’ (DIL s.v. scrín) atá sa dara heilimint ach í sa g. uatha anseo. Tá thart ar dheich sampla den eilimint seo in aimneacha bailte fearainn tríd an tír ar fad. Tá ainm cosúil le seo i gCo. na Gaillimhe; Lisnascreena/Lios na Scríne, athghaelaithe cheana féin ag an mBrainse Logainmneacha. Féach BLÉ 20394.

Lissatunny Lios an tSonnaigh ‘enclosure of the stockade’ 1. Lissetomy Inq. Jac. I, 1 1607 2. Lissetony CPR Jas. I 125a 1608 3. Lissintooune Inq. Car. I, 3 1625 4. Lissatuna DS 1655c 5. Lissatunna BSD 15b 1670c 6. Lisstumna CGn. 86-249-60237 1737 7. Lisshunna CGn. 86-249-60237 1737 8. Lissatunna AL: HCSVR (1824) 1837 9. Lisatena AL: Revd. R.B. Bryan 1837 10. lios a tunna AL: pl. 1837

130 Ta dhá phonc ar barr an –n san AL 131 Féach n. 130.

83 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Cill Chainnigh Thiar

11. Lios a Tunna (Tonnaigh)132 AL: d. 1837

12. lis´tun´ áit. 2011 Lios ‘enclosed ground of ancient dwelling house, enclosed space, garth; ring-fort; fairy-mound; ring, halo’ (FGB 1a; 1b; 1c; & 2) atá sa chéad eilimint anseo. Sonnach ‘paling, palisade, stockade’ (FGB) atá sa dara heilimint, agus í sa g. uatha anseo. Tá dhá ainm cosúil le seo athghaelaithe cheana féin ag an mBrainse Logainmneacha; Lios an tSonnaigh/Lissatunny i gCo. Thiobraid Árainn (BLÉ 46641) agus Lios an tSonnaigh/Lissatunny i gCo. na Gaillimhe (BLÉ 19483). Tá lios amháin sa taobh thuaidh den bhaile fearainn, chomh maith le ceann eile atá díreach buailte leis an teorainn sa cheantar céanna.

Lissoy Lios Eo ‘enclosure of the yews’ 1. Lissoye Inq. Jac. I, 5 1611 2. Lissoy CPR Jas. I 228a 1612 3. Lissey CPR Jas. I 513a 1621 4. Lissoy CPR Jas. I 513a 1621 5. Lissoy DS 1655c 6. ?Lissus ASE 73 1666 7. Lissoy BSD 14b 1670c 8. Lissoy BP 24 1703 9. Lishoy Goldsmith133 1757 10. Lissoy WPB 1761 11. Lissoy Larkin 1808 12. Lisoy TAB 1823 13. Lisshoy AL: HCSVR (1824) 1837 14. Lissoi AL: Revd. R.B. Bryan 1837 15. lios oígh AL: pl. 1837 16. Lios öigh Eo?134 AL: d. 1837 17. lios oigh AL: pl. 1837

132 ‘-, Munitio fossae, Fort of the mound’ AL: d. 133 Luann Mary Banim sliocht as litir a scríobh Goldsmith in 1757 sa leabhar Here and There Through Ireland (1892). Ar fáil in Sheehan (1982: 124). 134 ‘-, fort of the yew.’ AL: d.

84 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Cill Chainnigh Thiar

18. Lios Eóigh135 AL: d. 1837

19. «lis»oi J. Higgins 2007 Luíonn cuid den bhaile fearainn seo i bparóiste Nuachabhála; tiomsaíodh na foirmeacha ón AL don dá pharóiste le chéile anseo. Lios ‘enclosed ground of ancient dwelling house, enclosed space, garth; ring-fort; fairy-mound; ring, halo’ (FGB 1a; 1b; 1c; & 2) atá sa chéad eilimint anseo. Eo ‘stem; shaft; tree; yew; tree; champion; leader; yew-forest; yew-tree; green-trunked’ (DIL s.v. eó 3.) atá sa dara heilimint. Tá rian de dhá lios sa bhaile fearainn de réir an CESO, ach níl aon iarsma de na crainn iúir ann anois.

Littletown An Baile Beag ‘the little townland’ 1. Ballybegge Crown Lands 125 1540-1 2. Balybegge Crown Lands 125 1540-1 3. Ballibegg Census 526 1659c 4. Ballebegg BDS 15b 1670c 5. Ballybegg CGn. 8-188-2548 1711 6. Ballybegg CGn. 25-361-15308 1720 7. Littleton Larkin 1808 8. Littleton TAB 1823 9. (?) Littletowne AL: Inq. Jac. 1837 10. Littletown AL: BS 1837 11. Bailebeag AL: Revd. R.B. Bryan 1837 12. baile beag AL: pl. 1837

13. lit´ltun J. Higgins 2007 Baile ‘place, townland’ atá sa chéad eilimint anseo, agus beag ‘little’ (FGB (1)) atá sa dara heilimint. Is maith an seans gur aistríodh an t-ainm seo nuair a tógadh Littletown House go gairid i ndiaidh na bliana 1738 (McCormack 2010: 268-9). Féach Ballybeg i bparóiste Chill Chruimthir Fhiachrach.

Lowpark or An Pháirc nó An Baile Buí

135 ‘-, fort of the yew tree.’ AL: d. Tá dhá stróc sínte ar an o san AL, is dócha gur comharthaí faide atá iontu.

85 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Cill Chainnigh Thiar

‘the park or townland, place (yellow)’ 1. Parke Fiants Eliz., 3263 1578 2. Parke Inq. Jac. I, 1 1607 3. Parke CPR Jas. I 125a 1608 4. Parke Inq. Car. I, 3 1625 5. Park DS 1655c 6. Parke BSD 15b 1670c 7. Park CGn. 86-249-60237 1737 8. Parke CGn. 86-249-60237 1737 9. ??Ballyboy136 WPB 1761 10. ?Athabiudh TAB 1823 11. ?Athabuidh TAB 1823 12. Lowpark AL: BS 1837 13. Bailebuidh AL: Revd. R.B. Bryan 1837 14. baile buidhe AL: pl. 1837 15. Baile Buidhe137 AL: d. 1837

16. lo˘park T. Walsh 2011 Dhá ainm faoi leith atá i Lowpark agus Ballyboy. Pléifear Lowpark i dtosach. Eilimint Bhéarla is ea low; is dócha go dtagraíonn sí don talamh íseal cothrom atá sa bhaile fearainn. Is maith an seans gur tháinig sí isteach le tógáil Low Park House. Is cosúil ó na tagairtí béarlaithe gur páirc ‘field, park’ (FGB (1)) is bun leis an ainm seo. Ceann de na samplaí d’úsáid páirc in FGB is ea ‘páirc imeartha – playing-field’. Tá cuntas againn ar chineál iománaíochta a imríodh sa bhaile fearainn: ‘The way they [sic] teams played was one team was at on[e] side of the field and they [sic] other team was at the other side. The ball was put on the middle of the field . One team would try to put the other team home. When they were put home they were beaten’ (BNS NS 84). Theastódh talamh réidh oscailte don chineál seo iománaíochta; tá an talamh sa bhaile fearainn seo an-chothrom, ach ní portach atá ann – bheadh páirc feiliúnach mar ainm ar cheantar mar seo. Baile ‘place, townland’ atá sa chéad eilimint den ainm Ballyboy, agus buí ‘yellow’ (FGB 2 (1)) atá sa dara heilimint. Toisc an talamh a bheith íseal sa bhaile

136 Amhrasach. Tá Ballyboy eile i mbarúntacht Chorca Raoi. 137 ‘-, villa fulva, yellow town.’ AL: d.

86 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Cill Chainnigh Thiar fearainn seo, bíonn dath buí ar an bhféar uaireanta; seans gurb é sin a spreag an t- ainm seo. Níor aimsíodh aon tagairtí don ainm seo roimh an 19ú haois. Baineann buí le háthanna go minic i logainmneacha – ag tagairt do dhath an uisce ón láib a bheith corraithe ag an áth (Joyce 1875: II 278). Tá áth i gcúinne theas an bhaile fearainn; is fiú foirmeacha 10 agus 11 a nótáil maidir le seo – tá seans beag gurb é an áit seo atá i gceist; b’fhéidir gur Béal Átha Buí nó Baile Átha Buí a bhí ann i dtosach. Tá litriú foirmeacha 10-11 suntasach, agus ní bheifí ag súil leis i bhfoinse mar an TAB, sa mhéid agus go bhfuil sé gar go leor do chóras litrithe na Gaeilge. Luaitear na sloinnte Ganly, Sheil, agus Murray leis an áit seo sa TAB. Cé go bhfuil na sloinnte seo coitianta sa cheantar, ní raibh aon duine de na sloinnte seo ina chónaí díreach in Lowpark/Ballyboy nó sna bailte fearainn thart air i 1901 (Daonáireamh).

Lurgan An Lorgain ‘the long low ridge’ 1. Cartronelorgen CPR Jas. I 228b 1612 2. Lurga CGn. 28-231-17428 1720 3. Lurgan AL: Inq. Car. I 1837 4. Lurragan AL: BS 1837 5. Lurragan AL: John Hogan 1837 6. Leargan AL: Revd. R.B. Bryan 1837 7. baile chac AL: pl. 1837 8. Lurgan AL: pl. 1837 9. Lurgan138 AL: d. 1837 Tá breis agus fiche baile fearainn leis an ainm seo tríd an tír ar fad. Tá Lurgan, i Liatroim, mínithe ag an mBrainse Logainmneacha: ‘the long low ridge lorgain – foirm chalctha den logthuiseal nó den tuiseal tabharthach de lorga’ (BLÉ 29765). Scríobh an Donnabhánach ‘No!’ i ndiaidh foirm 6 (AL). Is minic a rinne Rev. Bryan iarrachtaí foirmeacha Gaeilge a sholáthar, ach is beag is fiú iad de ghnáth. Maidir le foirm a 7: baile chac, foirm Ghaeilge áitiúil is ea í; is dócha gur leasainm é a dhéanann beag de mhuintir an bhaile fearainn. An Ballydung bunaidh b’fhéidir! Thaitneodh a leithéid leis an Donnabhánach, agus is dócha gurb é sin an fáth a ndearna sé taifead air san AL.

138 ‘-, shin or long hill, was anciently called Baile Chac, town of the dung or ordure.’ AL: d

87 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Cill Chainnigh Thiar

Magheracuirknagh Machaire Chuircne ‘ plain of the Cuircne’ 1. Cwoicky AClon. 125 778 2. Cuircne ARÉ i 432 §11 820 3. Cuircniu AU 278 §10 822 4. í Curcne FOeng. 168 830c 5. la Cui[r]ccniu TLP i 68 9ú hA.139 6. Machair Cwickny140 AClon. 156 949 7. flaith Cuircne CS 182 953 8. do Chuircnibh ARÉ ii 802 §5 1022 9. taoisech Cuircni. CS 232 1033 10. do Cuircnibh CS 236 1042 11. ríg Cuircne LC 96 1090c141 12. ríg Curcne in chalaid LC 98 1090c 13. a Cuircne LC 102 1090c 14. Cwickney AClon. 182 1080 15. i cCuircne FGorm. 134 1170c 16. i cCuircne FGorm. 196 1170c 17. taisech Cuircne ATig. 427 1171 18. a Cuircne ATig. 443 1177 19. Kurkenia142 ICL 246 1205c 20. Machairy chuirknye AClon. 301 1362 21. tighearna Cuircne Top Poems 2 1372c 22. Rí Cuircne Top Poems 8 1372c 23. Machari Cuircni MIA 166 §22 1402 24. i m-Machaire Chuircne ARÉ iv 822 §2 1415 25. i mMachuiri Cuircne AConn. 424 §2 1415 26. Maghery-Cuircney AOI 229 1451 27. for Machuiri Cuircne AConn. 516 §24 1463 28. h-i c-Cuircne Midhe143 ARÉ iv 1094 §12 1475

139 Féach Mulchrone (1939: v-vi) don dáta seo. 140 ‘now called the barronie of Killkenny’. AClon. 156. 141 ‘The main text was written probably in the late eleventh century’ (Dillon, M. 1958: 248). 142 ‘Nicholai Dylun in Cantredo Kurkenia.’ ICL, 246.

88 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Cill Chainnigh Thiar

29. tighearna Machaire Cuircne ARÉ iv 1182 §31 1490 30. Machaire Cuircne144 ARÉ v 1310 §15 1511 31. Maghere Khuirkine Crown Lands 301 1531c 32. Maghyrkuyrk alias dicta Dyllons contrey Crown Lands 44 1536-7 33. Maghyghurkne Crown Lands 235 1518c 34. Maghirghurkne Crown Lands 256 1526 35. Korkerre Crown Lands 300 1531c 36. Maghercoirke Fiants Eliz. 1240 1568 37. Magherecoirk alias Dillon's Country Fiants Eliz., 2528 1574 38. Maghercwirke Fiants Eliz., 3212 1578 39. Maghirkuyrk or the Dillons' country Fiants Eliz. 3222 1578 40. Magherchurk Fiants Eliz., 4208 1583 41. Machaire Cuircne ARÉ vi 2146 §5 1600 42. Magherie Quirk Fiants Eliz. 6506 1601 43. Cwirckny AClon. 343 1627145 44. Machaire Cuircnie AClon. 364 1627146 45. Machaire Chuirc147 MartD 410 1630 46. i cCuircne MartD 400 1630 47. i cCuircne MartD 340 1630 48. i cCuircne MartD 192 1630 49. Cuircnigh FFÉ ii 384 1634 50. Machaire Chuircne FFÉ ii 384 1634 51. Cuircne ASH 423 1645 52. Curcnia ASH 710 1645 53. Cuircne TT 129 1647 54. Leath Chuircne LGen. 165 §10 1650c 55. Leath Chuircne LGen. 412 §2 1650c

143 ‘Baí adhaidh longpuirt h-i c-Cuircne Midhe.’ ARÉ 1094. 144 ‘An Diolmhaineach (.i. Semas) Machaire Cuircne d'écc.’ 145 Luaite in innéacs Mhig Eochagáin. 146 Luaite in innéacs Mhig Eochagáin. 147 Léigh an Donnabhánach; ‘Muscraighe Chuirc’, ach is cosúil go raibh dul amú air. Féach FSAG 4: 148.

89 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Cill Chainnigh Thiar

56. Leath Chuircne LGen. 1115 §3 1650c 57. Leath Chuircne LGen. 1116 §1 1650c 58. Leath Chuircne LGen. 1330 §4 1650c 59. Machaire Cuirc LGen. 829 §1 1650c 60. Machaire Cuirc LGen. 833 §1, §2, §4, §5 1650c 61. Machaire Cuirc LGen. 1409 §1, §2 1650c 62. M. Cuircne LGen. 1409 §2 1650c 63. Machaire Chuircne148 TF 75 1675c 64. Machaire Chuircne TF 76 1675c 65. Machaire Chuircne TF 78 1675c 66. Corknii149 LP 146 1754 67. coircnioch PÉ 612 1794 68. Cuircne, or machaire chuircne150 FGSB 147 1768 69. Magherakercough AL: BS 1837 70. Maherakercough AL: John Hogan 1837 71. Machairecoirce151 AL: Revd. R.B. Bryan 1837 72. machaire choirneach AL: pl. 1837 73. Machaire Choircneach152 AL: d. 1837 Machaire ‘A large field or plain, sometimes used as equivalent of ‘mag’, but generally of a restricted area; of level or of cleared land’ (DIL s.v. machaire) atá sa chéad eilimint anseo. Cuircne is bun leis an dara heilimint; ainm treabhchais atá ann. Is ionann ainm an bhaile fearainn fhíorbhig seo (níl ach cúig acra agus trí ród ann) agus an t-ainm a bhí ar an seanchríoch Ghaelach as a ndearnadh barúntacht Chill Chainnigh Thiar i 1542; ‘Magheracuirknagh – this is the ancient territorial name of the Barony of Kilkenny west’ (AL). Tá an baile fearainn seo beagnach i lár na barúntachta agus tá sé suite ar an gcuid is ingearaí de thaobh cnoic; pléadh an cnoc seo cheana féin faoi Creevenamanagh thuas. Tá barr an chnoic in Creevenamanagh. B’fhéidir go raibh tábhacht éigin ag baint leis an gcnoc/droim seo nuair ba leis na Cuircne an ceantar seo, mar láthair oirnithe b’fhéidir; agus toisc dlúthbhaint a bheith

148 ‘baronia de ~’. 149 ‘The said Henry Delion (now Dillon) in 1185 was sent into Ireland … granted to him Mac-Carron’s Territories, called Corknii,’. Lodge, 1754. 146. 150 ‘A territory in west meath, now the Barony of Kilkenny-west, was anciently the Lordship of O Tolarg.’ 151 Tá ‘(No!)’ scríofa isteach i ndiaidh na foirme seo san AL. 152 ‘-, Planities Coircniae, plain of Cuircne.’ AL: d.

90 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Cill Chainnigh Thiar idir ainm na críche agus an ceantar seo, tá seans gur coinníodh an t-ainm i bhfoirm ainm baile fearainn dá bharr. Is féidir a áitiú gurb é an machaire atá i gceist ná an mhá atá le feiceáil ó bharr an chnoic seo – pointe ardaithe go leor atá ann (92m), agus is i lár na barúntachta atá sé. Cf. MacCotter (2008: 198).

Pearsonsbrook Fearann an Mhuilinn ‘land of the mill’ 1. Farrinmollin DS 1655c 2. fferrimollin BSD 14b 1670c 3. Pearson’s – Brook SEH 1 1786 4. Pearson’sbrook SEH 2 1786 5. Pearsonbrooke now called Low Brooke SEH 4 1786 6. Pearson’s brooke SEH 5 1786 7. Pearsons Brook AL: BS 1837 8. Pearsons Brook AL: Revd. R. B. Bryan 1837

9. »parsons«bruk áit. 2011 Ainm Béarla a tháinig chun cinn san 18ú haois, bunaithe ar an sloinne Pearson agus brook, focal Béarla ar shruthán. Tá foirm 1: Farrinmollin, marcáilte ar learscáil an DS san áit chéanna agus atá Pearsonsbrook anois, is é sin díreach ar an taobh thoir ó dheas den abhainn (The Tullahawn/Glassan River), agus den mhuileann. Tá an muileann seo marcáilte ar an DS agus ar an CESO. Fearann ‘land, territory, domain, field, farm, grounds; ploughland; quarter, portion; region’ (FGB 1 (1-4)) atá sa chéad eilimint, agus muileann ‘mill’ (FGB) atá sa dara heilimint, agus í sa g. uatha anseo. Níl aon rian den alt le sonrú i bhfoirmeacha 1 agus 2, ach is dócha is ceart dó a bheith ann.

Portaneena Port an Fhíona ‘bank of the wine’ 1. Portineena SEH 1 1786 2. Portaneena SEH 2 1786 3. phoirt an fhíona PÉ 617 1794 4. Portanane otherwise Wine Port CGn. 782-233-529368 1823

91 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Cill Chainnigh Thiar

5. Portaneena AL: Revd. R.B. Bryan 1837 6. port an fhiona153 AL: pl. 1837 7. Port an Fhíona154 AL: d. 1837 8. Wine Port CESO 1837

9. »po˘rt´n«i˘na áit. 2011 Port ‘a bank, shore (of river or sea); perh. the oldest use and the one nearest to the Latin.’ (DIL s.v. port 1 (c)). atá sa chéad eilimint anseo. Fíon ‘wine’ (FGB (1)) atá sa dara heilimint, agus í sa g. uatha anseo. Tá foirm 8 marcáilte ar chuan beag ar an CESO – tá sconsa dronuilleogach ar an talamh ard díreach os cionn an phoirt seo, ach níl sé soiléir an bhfuil aon bhaint acu lena chéile. Tá cúpla sampla eile de fíon i logainmneacha na hÉireann, ach is gnéithe cósta a bhíonn iontu den chuid is mó – féach Carraig an Fhíona/Carriganeena i gCo. Chiarraí (BLÉ 1394030) agus Carraig an Fhíona/Chartrock, Co. Lú. Féidearthacht eile is ea Port an Aonaigh; aonach ‘fair; assembly’ (FGB 1 (1; 2), ach luann Ó Muirigh (2000) go bhféadfadh go bhfuil an bhrí ‘hill’ ag aonach i logainmneacha.

Rath An Ráth ‘the rath’ 1. Rath DS 1655c 2. Rath Census 526 1659c 3. ?Rath ASE 48 1666 4. Rath BSD 14b 1670c 5. Rath ASE 230 1673 6. Rath TAB 1823 7. (?) Rath AL: Inq. Jac. 1837 8. (?) Rath AL: Inq. Car. I 1837 9. (?) Rath AL: Inq. Car. II 1837 10. Rath AL: HCER (1826) 1837 11. Rath AL: Revd. R.B. Bryan 1837 12. Rath155 AL: d. 1837

13. rAT áit 2011

153 Tá dhá phonc ar an n san AL. 154 ‘-, i.e. Portus vini, port or bank of the wine.’ AL: d. 155 ‘-, muinitie, a fort.’ AL: d.

92 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Cill Chainnigh Thiar

14. raT áit 2011 Tá thart ar thríocha baile fearainn den ainm seo sa tír. Ráth ‘earthen rampart, earthen ring-fort, rath’ (FGB 1 (1)) atá ann. Aisteach go leor níl aon rian de ráth nó lios sa bhaile fearainn.

Temples Island Oileán Temple ‘Temple’s Island’ 1. Marie Island DS 1655c 2. Marys Island BSD 15b 1670c 3. Temples Island AL: BS 1837 4. Mr. Temples Island AL 1837 Ainm Béarla – ba thiarnaí talún sa cheantar muintir Temple. Níl ach trí acra sa chuid den oileán atá ardaithe ó Loch Rí i gceart. Bíonn an chuid eile den oileán faoi thuile go minic. Tá teach beag le feiceáil ar an oileán ar an léarscáil de Bunown san SEH. Is maith an seans gur teach foghlaeireachta de chuid mhuintir Temple a bhí ann. Maidir le foirmeacha 1 agus 2, seans gurbh é Oileán Mháire (ainm pearsanta) an t-ainm Ghaeilge a bhí ar an oileán – ach tá sé seo an-amhrasach. Féach Pollmaura Island

(CESO) in Doonis, i bparóiste Nuachabhála; pul wAr'a is ea an leagan áitiúil den ainm sin.

Toberclare Tobar Chláir ‘well of [the] plain’ 1. Tibberclare Fiants Eliz. 5398 1590 2. Tubberclare CPR Jas. I, 2a 1604 3. Tobberclare CPR Jas. I 280b 1615 4. Tobberclare Inq. Car. I, 3 1625 5. Tobberclare Inq. Car. I 44 1630 6. Toberclare DS 1655c 7. Tober Clare Census 526 1659c 8. Toberclare BSD 15b 1670c 9. Toberclare CGn. 86-249-60237 1737 10. Tubberclare SEH 7 1786 11. Tubberclare TAB 1823

93 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Cill Chainnigh Thiar

12. Tubberclare AL: Inq. Car. I 1837 13. Tubber Clare AL: HCSVR (1824) 1837 14. Tuburclair AL: Revd. R.B. Bryan 1837 15. tobar chláir AL: pl. 1837 16. Tobar Chláir156 AL: d. 1837

17. »tob´r«cle˘r T. Walsh 2011 18. Tubberclair Litriú áit. 2011 Tobar ‘well, fountain, spring, source’ (FGB) atá chéad eilimint anseo. Maidir leis an dara heilimint tá traidisiún sa cheantar faoi Naomh Clár (Scoil Naomh Clár atá ar an mbunscoil áitiúil) agus tá tobar marcáilte Toberclare ar an CESO, i lár an bhaile fearainn, ach de réir an traidisiúin áitiúil tá Tobar Naomh Clár suite gar do shéipéal an pharóiste ar an teorainn le Ballynakill (T. Walsh, teagmháil phearsanta 2011). Tá an méid seo scriosta amach san AL; ‘ie fons S. Clare.’ Luann an Donnabhánach an méid seo chomh maith; ‘The nunnery of Bethlem belonged to the order of St. Clare [,] Piers.’ Níl aon tabhacht le seo, toisc tagairtí a bheith againn don áit seo sula raibh Siúracha Bochta Naomh Clár gníomhach sa cheantar (idir 1631 agus 1642). Tá amhras ar an traidisiún faoi Naomh Clár anseo. Seans gur clár sa chiall ‘plain’ (FGB 1 (7b)) atá ann, agus é sa g. uatha anseo. Úsáidtear an t-ainm seo i leith an pharóiste Chaitlicigh anois (leis an litriú Tubberclair de ghnáth) agus mar ainm ar an gcumann peile áitiúil. Tógadh séipéal Caitliceach sa bhaile fearainn go luath sa 19ú haois.

Tobernagauhoge Tobar na gCathóg ‘ well of the jackdaws’ 1. Tobbernegawke Inq. Car. I, 142 1639 2. Tobbernagaog DS 1655c 3. Tobernaguoge Census 526 1659c 4. Tobbernegoge ASE 48 1666 5. Tobernegnog BSD 13b 1670c 6. Toberneguog AL: Down Survey Map 1837 7. Tubbernagouge AL: BS 1837 8. Tubbernagouge AL: John Hogan esq. 1837 9. Tubberneguoge AL: HCSVR (1824) 1837

156 ‘-, well of the board.’ AL: d.

94 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Cill Chainnigh Thiar

10. Toburnagathog AL: Revd. R.B. Bryan 1837 11. tobar na g-cathog AL: pl. 1837 12. Tobar na g-Cathog157 AL: d. 1837 Tobar ‘well, fountain, spring, source’ (FGB) atá chéad eilimint anseo. Tá ‘spring’ marcáilte ar an CESO ar thaobh an chnoic atá i lár an bhaile fearainn. Maidir leis an dara heilimint, is deacair ciall a bhaint as an míniú a thug an Donnabhánach ar an eilimint cathóg (féach n. 157; ‘strawberry bushes’). Is ag smaoineamh ar an bhfocal caithne (Arbutus) a bhí sé is dócha. Ní bheifí ag súil le crann caithne i lár na tíre – bíonn siad teoranta don chósta ó dheas. Sílim gur cineál éin atá i gceist le cathóg sa chás seo; is dócha gur tagairt do ‘Jackdaw’ atá ann. Tá cathóg ‘crossbill’ (FGB (2)) ag Ó Dónaill ach féach cág al. caog, cabhag atá ag Dinn. leis an gciall ‘a jackdaw’. Tá cág ‘jackdaw’ (FGB (1)) ag Ó Dónaill chomh maith. Is léir gur ainm onamaitapéach atá ann. Réitíonn an fhoirm caog go maith leis na foirmeacha béarlaithe, foirm 2 ach go háirithe. Bíodh caog nó cathóg nó cág ann, is léir ón g i lár na bhfoirmeacha ar fad go raibh an dara heilimint sa g. iolra. Féach Barr na Cáóige/Barnacahoge (BLÉ 36736) i gCo. Mhaigh Eo: ‘jackdaw height’ (Ó Muraíle 1985: 50).

Tonagh Tonnach ‘swamp’ 1. Tonagh DS 1655c 2. Tawnagh ASE 48 1666 3. Tonagh BSD 14b 1670c 4. Tonagh Larkin 1808 5. Tonach TAB 1823 6. Tonach AL: Revd. R.B. Bryan 1837 7. tónach AL: pl. 1837 8. Tónach158 AL: d. 1837

9. »to˘n«a J. Carty 2007 Tá ocht n-ainm eile cosúil le seo sa tír. Tá dhá cheann i gCo. an Chabháin athghaelaithe agus mínithe ag an mBrainse Logainmneacha mar Tonagh/Tonnach

157 ‘-, Well of the Strawberry bushes.’ AL: d. 158 ‘-, a mound.’ AL: d.

95 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Cill Chainnigh Thiar

‘swamp’ (BLÉ 4437) agus (BLÉ 4212). Tá an chuid den bhaile fearainn mór seo (446 acra) a luíonn in aice leis an Tonagh River ina talamh bogaigh. Tá cosúlacht tamhnach ‘grassy upland, arable place in mountain’ (FGB) ar fhoirm 2, ach ní bheifí ag súil le heilimint mar sin in ísealchríoch abhantrach na Sionainne.

Tullaghan An Tulchán ‘the small hillock’ 1. ?Tolhan Fiants Edw. VI, 1079 1552 2. Tolghan Fiants Eliz., 5398 1590 3. Tolchan Fiants Eliz., 5398 1590 4. Tolchan Inq. Jac. I, 1 1607 5. Tolchan CPR Jas. I 125a 1608 6. Tolchan Inq. Jac. I, 5 1611 7. Tolchan CPR Jas. I 228a 1612 8. Tollaghan Inq. Car. I, 3 1625 9. Tolghan Inq. Car. I, 44 1630 10. Tolchan Inq. Car. I, 157 1640 11. Tolchan DS 1655c 12. Tulchan alias Tulchaneightragh ASE 48 1666 13. Tolchane BSD 15b 1670c 14. Tulchan ASE 230 1673 15. Talchan ASE 230 1673 16. Tullaghane SEH 7 1786 17. Tullaghan TAB 1823 18. Tullaghane AL: BS 1837 19. Tulachban AL: Revd. R. B. Bryan 1837 20. tullachan AL: pl. 1837 21. Tulachán159 AL: d. 1837

22. »tul´«hA˘n J. Carty 2007 Tulchán ‘hillock, heap mound’ (FGB) atá san ainm seo. Tá cuid de na foirmeacha luatha ag teacht an-ghar don litriú Gaeilge. Litrítear an eilimint seo mar tulachán i gcás roinnt ainmneacha baile fearainn tríd an tír: An Tulachán/Tullaghan i gCo.

159 ‘-, a hillock.’ AL: d.

96 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Cill Chainnigh Thiar

Mhuineacháin (BLÉ 40969) agus An Tulachán/Tullaghan (BLÉ 1411942) i gCo. Liatroma mar shampla, is dócha go dtugann an litriú seo aitheantas don ghuta cúnta.

Tullyhogan Tulaigh Uí Ógáin ‘Hogan’s hill’ 1. Tullymone Inq. Jac. I, 5 1611 2. Tullymore CPR Jas. I 228a 1612 3. Tullymore Inq. Car. I, 142 1639 4. Tully DS 1655c 5. Tully Census 526 1659c 6. Tully ASE 48 1666 7. Tully ASE 73 1666 8. Tully BSD 13b 1670c 9. ye several parcells of Tully ASE 230 1673 10. Tully BP 24 1703 11. Tully160 BP 25 1703 12. ?Tully CGn. 70-60-47344 1732 13. Tully CGn. 84-208-59565 1736 14. Tully Larkin 1808 15. Tully TAB 1823 16. Tullyhogan AL: John Hogan Esq. 1837 17. Tullyhogan AL: Captn. Stubbs 1837 18. Tullyhogan AL: BS 1837 19. Tulachhogan AL: Revd. R.B. Bryan 1837 20. tullaigh/tallach hogain AL: pl. 1837 21. Tulach Hógain161 AL: d. 1837 Tulach ‘low hill, hillock, mound’ is bun leis an gcéad eilimint anseo, ach tá an leagan tabharthach tulaigh tar éis teacht isteach in áit an ainmnigh sa chás seo, mar atá coitianta i logainmneacha. Is fiú a nótáil go bhfuil fianaise ar an dá fhoirm, an t- ainmneach agus an tabharthach, a bheith in úsáid sa Ghaeilge go háitiúil i bhfoirm 20. Tá an sloinne Hogan teastaithe sa cheantar máguaird i nDaonáireamh 1901, ach is dócha nár ceanglaíodh é leis an ainm seo go dtí an 18ú/19ú haois – Protastúnaigh a

160 ‘In the parish of Drumrany’ James Nugent luaite. 161 ‘-, Collis Hogani, Hogan’s hill.’ AL: d.

97 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Cill Chainnigh Thiar bhí sa chuid is mó acu in 1901. Is cosúil ó na foirmeacha is luaithe go raibh an aid. mór ‘big, great, large’ (FGB 3) ceangailte leis an ainm seo uair amháin. Tá an baile fearainn ar thaobh cnoic. Is cosúil ó fhoirm 9 ‘ye several parcells of Tully’ go dtéann foroinnt an bhaile fearainn siar go dtí an dara chuid den 17ú haois ar a laghad. Féach thíos.

Tullyhumphrys Tulaigh Humphrys ‘Humphries’s hill’ 1. ye several parcells of Tully ASE 230 1673 2. Tullyhumphrys AL: BS 1837 3. Tullyhumphrys AL: John Hogan Esq. 1837 4. Tullyhumphrys AL: Captn. Stubbs 1837 5. Tulachhumphrys AL: Revd. R.B. Bryan 1837 6. Humphry’s hill. AL: d. 1837 Féach Tullyhogan thuas do phlé ar an eilimint tulaigh. Tá an baile fearainn seo suite ar an gcuid is ingearaí den chnoc. Níl an sloinne Humphries teastaithe sa cheantar i nDaonáireamh 1901.

Tullylanesborough Tulaigh Lanesborough ‘Lanesborough’s hill’ 1. ye several parcells of Tully ASE 230 1673 2. Tulachlanesborough AL: Revd. R.B. Bryan 1837 7. Tullylanesborough AL: John Hogan Esq. 1837 3. Tullylanesborough AL: Captn. Stubbs 1837 4. Tullylanesborough AL: BS 1837 Féach Tullyhogan thuas do phlé ar an eilimint tulaigh. Tá an t-ainm Lanesborough luaite le baile fearainn eile sa pharóiste, Kilkenny Lanesborough. Is dócha gurbh é an Tiarna Lanesborough a bhí i gceist.

Waterstown Baile Uaitéir ‘Walter’s townland’ 1. Caislen Baili Baither MIA 148 §15 1393 2. Walteriston Fiants Hen. VIII 428 1544 3. Watereston Fiants Edw. IV 461 1550

98 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Cill Chainnigh Thiar

4. Walterstowne Fiants Eliz. 849 1566 5. Walteriston Fiants Eliz. 1240 1568 6. Walteristone Fiants Eliz. 1355 1569 7. Waterston Fiants Eliz. 5398 1590 8. Waterstowne CPR Jas. I 125a 1608 9. Waterston al’ Ballyvater, Waterston pd. Inq. Jac. I, 5 1611 10. Waterston otherwise Walterston CPR Jas. I 272a 1614 11. Waterstown CPR Jas. I 299a 1616 12. Waterstowne Inq. Car. I, 162 1640 13. Waterston Inq. Car. I, 162 1640 14. Waltersowne DS 1655c 15. Wathers Towne Census 526 1659c 16. Walterstown CGn. 28-231-17428 1720 17. Walterstown CGn. 86-249-60237 1737 18. Waterstown MLA 1752 19. Walterstown LP 154 1754 20. Waterstown WPB 1761 21. Water’stown SEH 1 1786 22. Waterston SEH 1 1786 23. Waterstown Demesne SEH 2 1786 24. Waterstown Larkin 1808 25. Walterston TAB 1823 26. Walterstown AL: HCER (1826) 1837 27. Waterstown AL: R.H. Temple 1838 28. Walderstown AL: GJP 1837 29. Walterstown AL: Revd. R.B. Bryan 1837 30. baile í waiteair AL: pl. 1837 31. Baile Waiteair AL: d. 1837 32. Loch Baile Uaitéir LÉ 1938 Tá an bhunfhoirm Ghaeilge le sonrú i bhfoirm 9; Ballyvater. Baile ‘townland, place’ atá sa chéad eilimint. An t-ainm pearsanta Uaitéir atá sa dara heilimint. D’aithin Paul Walsh foirm 1 mar an áit seo (Walsh 2003: 253). Tá caisleán le feiceáil ar learscáil an DS san áit a bhfuil Waterstown House anois. Caisleán de chuid na nDiolúnach a bhí

99 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Cill Chainnigh Thiar ann. Bheifí ag súil le hainm pearsanta ar nós Uaitéir i measc na nDiolúnach. Tá an bunleagan Béarla den ainm seo, Walter, le fáil i gcuid mhór de na foirmeacha béarlaithe. Tagann fuaimniú Béarla water gar go leor do fhuaimniú Uaitéir, sórt leathaistriúcháin atá san fhoirm Waterstown mar sin.

100

101

102 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Droim Raithne

Droim Raithne Tá daichead baile fearainn sa pharóiste seo. Luíonn an paróiste in oirthear bharúntacht Chill Chainnigh Thiar. Talamh réchnocach atá ann, ach é beagán níos airde go ginearálta ná an chuid eile den bharúntacht (barr an chnoic sa bhaile fearainn Carrickaneha an pointe is airde - 137m). Tá cáil ar mhaitheas an talaimh sa pharóiste seo go háitiúil. Tá an méid seo le rá ag an Donnabhánach faoin bparóiste san AL:

This Parish is in a high state of cultivation & is well intersected with roads & ditches, it is well inhabited and & has numerous streams flowing through it. There are several Gentlemens[’] seats in this parish.

Is cosúil gur ón láthair eaglasta Droim Raithne a ainmníodh an paróiste seo – láthair eaglasta a bunaíodh thart ar dheireadh an 5ú haois agus atá luaite le Naomh Enán (féach Ó Riain 2011: 280). Tá an droim féin sa bhaile fearainn Drumraney a luíonn i dtuaisceart an pharóiste. Is sa bhaile fearainn céanna atá an séipéal Caitliceach atá in úsáid faoi láthair lonnaithe – ach tá láthair shéipéil ársa agus reilig sa bhaile fearainn; Cartroncoragh (CESO), atá díreach soir ó dheas ó Drumraney. Is cosúil go raibh an eaglais seo ag Prióracht Llanthony idir an 13ú agus an 15ú haois – ach tá an chuma ar an scéal gur beathúnas sách bocht a bhí ann, a bhí scoite amach ó na tailte eile a bhí ag an bPrióracht i gContae na Mí agus in oirthear na hIarmhí (féach Hogan 2007 agus ICL). Gné shuntasach eile atá sa pharóiste is ea Bruíon Da Choga. D’aithin an Donnabhánach imfhálú ar chnoc sa bhaile fearainn Bryanmore Upper mar an áit seo in 1837 (féach eagrán Gregory Toner den téacs meánaoiseach Bruiden Da Choca (BDC)). Luaitear dhá bhaile fearainn eile sa pharóiste seo sa scéal sin, Ardbuckan agus Ardnagrath.

Ardborra Ard Barraigh ‘height of the tow (scutched flax)’ 1. Ardbarra Inq. Car. I, 46 1630 2. Ardbarra Inq. Car. I, 66 1631 3. Ardbarrow Larkin 1808 4. Ardborrow TAB 1826 5. Ardborrow AL: BS 1837 6. Ardbor AL: HCSVR (1824) 1837 7. ard bara AL: pl. 1837

103 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Droim Raithne

8. Ard Barra162 AL: d. 1837 Ard ‘height, hillock; top, high part (FGB 1 (1 & 2)) atá sa chéad eilimint anseo. Eilimint fhíorchoitianta tríd an tír ar fad is ea ard. Is minic ainm pearsanta a bheith ceangailte léi (Flanagan & Flanagan 1994: 17-18). Tá seans gurb é an t-ainm pearsanta barra, foirm cheanúil de fionnbharr, atá sa dara heilimint anseo, agus í sa g. uatha. Féidearthacht eile atá ann ná barrach ‘(of flax, of hemp) tow’ (FGB 1). Tá ‘Gravel Pit’ marcáilte ar an gceantar is airde (c. 80m) sa bhaile fearainn seo ar an DESO. Talamh ardaithe gairbhéalach a bheadh feiliúnach do thuar lín a bheadh sa chuid seo den bhaile fearainn mar sin – Ard Barraigh. Tacaíonn na foirmeacha stairiúla le guta neodrach mar dheireadh ar an dara heilimint – b’fhéidir go bhfuaimníodh –aigh mar ghuta neodrach sa chanúint áitiúil (is mar ghuta neodrach a fuaimníodh –aigh i nGaeilge Uíbh Fhailí dar le Williams (1998)). Bhí traidisiún lín sa cheantar seo – féach Bleachlawn thíos.

Ardbuckan Ard Bocán ‘height of the puck goats’ 1. Ard mBocáin163 BDC 487 (A164) 1125c165 2. Ardboockan Inq. Car. I, 46 1630 3. Ardbockan Inq. Car. I, 66 1631 4. Ardbockan Inq. Car. I, 116 1635 5. Ardbockan Inq. Car. I, 124 1636 6. Ardbuckan ASE 184 1669 7. Ardbuckan BSD 12b 1670c 8. Ardbuckar166 WPB 1761 9. Ardbracken Larkin 1808 10. Little Ardbuccan TAB 1826 11. Upper Ardbuccan TAB 1826 12. Ardbuckan AL: HCSVR (1824) 1837

162 ‘-, high top or summit.’ AL: d. 163 D’fhéadfadh ard (o-tamhan) a bheith neodrach sa tSean-Ghaeilge, agus cáilíonn sé ‘Bocáin’ le hurú anseo dá bharr: ‘Subst. o …. Ard nGabla, Met. Dinds. i 40.29. Ard n-Umai, RC xvi 79.20.’ (DIL). 164 Atheagar A, féach BDC: 1-3, áit a bhfuil dáta agus sonraí na LSS ina bhfaightear an téacs Bruiden Da Choca pléite. 165 Féach Toner, G. (2007), 3-6, 89, 90. 166 Is dócha gur míléamh ar ‘n’ atá san ‘r’ seo. Ar an drochuair ní raibh fáil ar an mbunLS sa Leabharlann Náisiúnta chun é seo a fhiosrú.

104 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Droim Raithne

13. ard bocán AL: pl. 1837 14. Ard Bocán167 AL: d. 1837 Ard ‘height, hillock; top, high part (FGB 1 (1 & 2)) atá sa chéad eilimint anseo. Eilimint fhíorchoitianta tríd an tír ar fad is ea ard. Is minic ainm pearsanta a bheith ceangailte léi (Flanagan & Flanagan 1994 17-18). Bocán atá sa dara heilimint. Is mar seo a dhéantar trácht ar an áit seo in BDC; ‘Di-cer Bocān le hAimirgin conid ūaidh ainmnigh[th]er Ard mBocāin i Crīch Mālonn’ (BDC 487 A). Is é sin gur maraíodh Bocān ag Aimirgin agus gur ainmníodh an cnoc seo as. Sampla den bhréagshanasaíocht liteartha atá ann is dócha. Is mór an seans gurb é Bocán ‘a he- goat’ nó ‘a goblin’ (Dinn.) atá sa dara heilimint, agus í sa g. iolra anseo, mar a shíl an Donnabhánach (féach n. 167 thíos).

Ardnagragh Ard na gCreach ‘?height of the cattle-raids’ Toisc nach bhfuil sa bhaile fearainn seo ach stráice beag de thalamh íseal (13 acra) atá scoite amach ó dheas de Ardnagragh (Digby) (650 acra) agus Ardnagragh Gray (261 acra) rinneadh na foirmeacha stairiúla a liostáil agus a phlé faoi Ardnagragh (Digby) thíos.

Ardnagragh (Digby) Ard na gCreach (Digby) ‘?height of the cattle-raids (Digby)’ 1. ic Ard na Crech BDC 489 (A) 1125c 2. Ardnegreagh Fiants Eliz. 2778 1581 3. Ardnegraghe Fiants Eliz. 6663 1602 4. Ardnegreagh Inq. Jac. I, 5 1611 5. Ardnegreagh CPR Jas. I 228a 1612 6. Ardnegraghe CPR Jas. I 341b 1618 7. Ardnegragh Inq. Jac. I, 29 1620 8. Ardnegreagh Inq. Car. I, 37 1629 9. Ardnegreagh Inq. Car. I, 127 1637 10. Ardnagragh DS 1655c 11. Ardnagragh Census 525 1659c

167 ‘-, hill of the buck goats.’ AL: d

105 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Droim Raithne

12. Arnegragh Census 526 1659c 13. Ardnegragh ASE 184 1669 14. Ardnegragh BSD 12b 1670c 15. Ardnegrah CGn. 53-420-36190 1714 16. Arduefragh168 WPB 1761 17. Ardnagard Larkin 1808 18. Arnagra TAB 1826 19. Ardnegrah AL: Inq. Jac. I 1837 20. Ardnagrath AL: BS 1837 21. Ardnagraph AL: GJP 1837 22. Ardnagrath or Bracea AL: St. George Gray 1837 23. Ardnagragh Digby AL: BS 1837 24. Ardnagragh Digby AL: Revd. Mr. Battersby 1837 25. ard na gcreach AL: pl. 1837 26. Árd na gCreach169 AL: d. 1837 Ard ‘height, hillock; top, high part (FGB 1 (1 & 2)) atá sa chéad eilimint anseo. Eilimint fhíorchoitianta tríd an tír ar fad is ea ard. Is mar seo a dhéantar trácht ar an áit seo sa BDC; ‘Ro-bītha dno Crech Soindim & Crech Doindim ic Ard na Crech’(BDC 488-489 A). Is é sin gur maraíodh beirt den ainm ‘Crech’ ag an áit seo; is ródhócha gur sampla é seo den bhréagshanasaíocht liteartha – ar an gceist seo ‘The Author of the tale [BDC] shows a detailed knowledge of the placenames of Co. Westmeath, particularly ... the area around Da Coca’s hostel’ (BDC 4). Is dócha go raibh an t-údar ag iarraidh an scéal a cheangailt le ceantar faoi leith, a cheantar féin b’fhéidir. Creach ‘foray, cattle-raid, raid; booty, plunder, prey; loss, ruin’ (FGB 1 (1; 2; 3)) atá sa dara heilimint, agus í sa g. iolra anseo. Sloinne atá san eilimint deiridh Digby, agus is beag seans go dtéann sé siar níos faide ná an 18ú haois. Maidir leis an dara cuid de fhoirm 22; Bracea, is dócha gur breacach – ón aid. breac ‘speckled’ (FGB 2 (1)) – atá inti. Tá neart creaga marcáilte ar an DESO sa bhaile fearainn seo. Tá mír bheag (4 acra) den bhaile fearainn scoite amach thart ar 400 méadar ó dheas ó mhórchuid an bhaile fearainn. Tá Walderstown ar gach taobh na míre bige seo.

168 John Bertles luaite leis an áit seo; sloinne is ea Bertles atá bainteach leis an gceantar seo. 169 ‘-, hill of the creaghs or plunders.’ AL: d.

106 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Droim Raithne

Ardnagragh (Gray) Ard na gCreach (Gray) ‘height of the cattle-raids?(Gray)’ 1. Ardnagragh Gray AL: BS 1837 2. Ardnagrath AL: St. George Gray 1837 Sloinne atá san eilimint Gray. Is cosúil go raibh an baile fearainn seo i seilbh St. George Gray in 1837, agus níl aon fhianaise ann ar an sloinne a bheith ceangailte leis an roinn seo de Ardnagragh roimh aimsir an BS. Tá Ardnagragh Castle sa bhaile fearainn seo, agus tá an pointe is airde den ard (c. 100m) féin giota beag ó dheas de láthair an chaisleáin sin.

Ballycloghduff (Grogan) Béal Átha na gCloch Dubh ‘entrance to the ford of the black stones’ 1. Bellannlogh duffe Fiants Eliz. 6550 1601 2. Belannegloghduffe Fiants Eliz. 6663 1602 3. Bealanegloghduff Inq. Jac. I, 5 1611 4. Bealanecloghduffe CPR Jas. I 228a 1612 5. Bellancloghduffe Inq. Car. I, 21 1628 6. Ballinacloghduff DS 1655c 7. Ballenagleduff Census 525 1659c 8. Ballinecloghduffe BSD 12b 1670c 9. Ballyneclogduffe BP 21 1703 10. Ballnegloduff SEH 15 1786 11. Ballycloduf SEH 16 1786 12. Ballycloughdough Larkin 1808 13. Ballyclough Duff TAB 1826 14. Belanaghcloghduffe AL: Down Survey Map 1837 15. Ballycloduff AL: GJP 1837 16. Ballyclough Duffe AL: Revd. Mr. Battersby 1837 17. Ballycloghduff recte Bella-clogh-duff AL: JOD 1837 18. béal áth na gcloch dubh AL: pl. 1837 19. Béal Áith na gCloch Dubh AL: d. 1837 Béal ‘opening entrance’ (FGB 1 (2)) atá sa chéad eilimint anseo, agus áth ‘ford’ (FGB (1)) atá sa dara heilimint agus í sa g. uatha, ach aonad is ea béal átha i

107 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Droim Raithne logainmneacha: ‘approach to ford’ (FGB 1 (2). Tá an tríú heilimint cloch ‘stone’ (FGB 1 (1)) sa g. iolra agus cáilithe ag an aid. dubh ‘black’ (FGB 3 (1)). Tá fianaise ar an alt i bhfoirmeacha 1-10, agus sna foirmeacha Gaeilge ón AL. Is dócha go raibh Áth na gCloch Dubh san áit a bhfuil Ballcloghduff Bridge anois, is é sin ag an bpointe is faide ó dheas den bhaile fearainn.

Ballycloghduff (Molston) Béal Átha na gCloch Dubh (Molston) 1. Ballycloduff Molston AL: BS 1837 2. Ballycloduff Molston AL: St. George Gray 1837 3. Ballycloduff Molston AL: Revd. Mr. Battersby 1837 Sloinne atá san eilimint Molston; ós rud é nár aimsíodh aon fhianaise den sloinne a bheith ceangailte leis an ainm seo níos luaithe ná an BS, is dócha gur roinneadh Ballycloghduff i ndá chuid le linn obair thosaigh na Suirbhéireachta Ordanáis.

Ballynalone Féach Ballynalone i bparóiste Nuachábhála.

Ballysallagh Baile Salach ‘dirty townland’ 1. Ballysallagh Crown Lands 234 1518c 2. Ballysallagh Crown Lands 256 1526 3. Ballysallagh Crown Lands 300 1531c 4. Ballysallagh Crown Lands 301 1531c 5. Ballsyllough Crown Lands 124 1540-1 6. Ballesillagh Crown Lands 124a 1540-1 7. Ballesallaghe Fiants Eliz. 1401 1569 8. ?Ballesallagh Fiants Eliz. 6557 1601 9. Ballisallagh Inq. Car. I, 2 1625 10. ?Ballysallagh Inq. Car. I 105 1634 11. Ballisallagh DS 1655c 12. Ballysallagh Census 525 1659c 13. Ballesallogh BSD 13b 1670c 14. Ballysallagh CGn. 6-455-2584 1711 15. Ballysallagh CGn. 8-188-2548 1711

108 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Droim Raithne

16. Ballysollagh SEH 15 1786 17. Ballysallagh Larkin 1808 18. Ballysallagh LEL 21 1822 19. Ballisalla TAB 1826 20. Ballysallagh AL: Inq. Jac. I 1837 21. Ballysallagh AL: Inq. Car. II 1837 22. Ballyfallagh AL: HCSVR (1824) 1837 23. baile salach AL: pl. 1837 24. Baile Salach170 AL: d. 1837

25. bal´ sal´ P. Moran 2009 Baile ‘townland’ nó ‘place’ atá sa chéad eilimint anseo. Tá an talamh íseal go leor i gcuid mhór den bhaile fearainn seo ach tá draenáil agus míntíriú déanta ar an mbaile fearainn ar fad anois. Tá samplaí eile de Ballysallagh tríd an tír. Féach mar shampla; An Baile Salach/Ballysallagh i gCo. Luimnigh, atá mínithe mar ‘the dirty town’ (BLÉ 31340). Is dócha do dtagraíonn an aid. salach ‘dirty; (of land) weed-infested’ (FGB 1 (5)) do fhéarach fliuch, nó féarach le paistí fliucha, sa chomhthéacs seo.

Baskin High An Bhaiscneach Uachtair ‘the place abounding in trees (high)’ 1. Baskeny ETax. 266 1302-6 2. Vaskenagh Fiants Edw. VI 461 1550 3. Baskyn Fiants Eliz. 1171 1567 4. Baskyn Fiants Eliz. 5158 1588 5. Baskin Fiants Eliz. 5811 1593 6. Baskine Fiants Eliz. 6496 1601 7. Basken Fiants Eliz. 6550 1601 8. the Baskin Fiants Eliz. 6663 1602 9. the Basken Fiants Eliz. 6663 1602 10. Basknaghe Inq. Jac. I, 1 1607 11. Upper Baskenagh CPR Jas. I 125a 1608 12. Highbaskyn Inq. Jac. I, 5 1611 13. Midlebaskyn Inq. Jac. I, 5 1611

170 ‘-, dirty town.’ AL: d.

109 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Droim Raithne

14. High-Buskyn CPR Jas. I 228b 1612 15. Baskin CPR Jas. I 283a 1615 16. Baskenagh Inq. Jac. I, 15 1617 17. upper Baskyn Inq. Jac. I, 26 1619 18. high Baskyn Inq. Jac. I, 26 1619 19. upper Baskyne Inq. Jac. I, 26 1619 20. Baskin Inq. Jac. I, 42 1623 21. Midlebaskyn CPR Jas. I 587a 1625 22. Basken Inq. Car. I, 19 1628 23. upper Vaskenagh Inq. Car. I, 21 1628 24. heigher-Baskenagh Inq. Car. I, 28 1628 25. Baskanagh Inq. Car. I, 46 1630 26. Baskynagh Inq. Car. I, 46 1630 27. High Baskins DS 1655c 28. Baskin High Census 525 1659c 29. Middle Baskin ASE 48 1666 30. Highbaskin Inq. Car. II, 5 1669 31. High Baskin BSD 11b 1670c 32. Middlebaskin BSD 11b 1670c 33. Baskin SEH 21 1786 34. High baskin Larkin 1808 35. High Baskin TAB 1826 36. Highbaskyn AL: Inq. Car. I 1837 37. f / bhaisgneach AL: pl. 1837 38. Baisgneach171 AL: d. 1837 Foirm de baiscne ‘expl[aine]d. as large tree’ (DIL) is bun leis an ainm seo. Tá an méid seo le rá ag Joyce faoin eilimint seo; ‘Baskin in Dublin Co. and Westmeath; Baiscinn, a place of trees—tree-land: baiscne, a tree. Baskinagh, Baiscneach, same as Baskin with the termination ach, abounding in’ (Joyce: 1913 III 131). Tá Baskin i mBÁC athghaelaithe ag an mBrainse Logainmneacha mar Baiscín (BLÉ 16943). Tá Baskinagh Upper agus Baskinagh Lower sa Mhí; ‘Baiscineach, 'arborous'’ a mhol an Donnabhánach (BLÉ 38962 (taifid téacs)). Fianaise is ea foirmeacha 8-9 ar an alt a

171 ‘-, a cluster of trees.’ AL: d

110 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Droim Raithne bheith in úsáid leis an ainm seo. Tá fianaise láidir ann ar shéimhiú tosaigh i bhfoirmeacha 2, 23 agus 37; Vaskenagh, upper Vaskenagh, f / bhaisgneach. Is léir mar sin go raibh an eilimint seo baininscneach. Tá seans gur foirm thabharthach atá i bhfoirm 1; Baskeny < baiscnigh, ach d’fhéadfadh gur foirm ainmneach atá ann más iarracht ar an nguta neodrach a léiriú atá sa y ag deireadh Baskeny. Cé go bhfuil neart fianaise den fhoirm Baskin (= baiscín?) ann, is fearr baiscneach a mholadh, toisc í a bheith luaite mar an fhoirm Ghaeilge áitiúil san AL, chomh maith le fianaise ar an bhfoirm sin a bheith luaite sna páipéir stáit chomh luath le 1550. Cé nár aimsíodh foirm Ghaeilge den eilimint cháilithe upper, tá fianaise uirthi chomh luath le 1608. Socraíodh uachtair a mholadh in áit uachtarach ionas go n-aontódh sé le An Bhaiscneach Íochtair (féach thíos). Is cosúil go raibh roinn eile ann tráth; Middle Baskin, féach foirmeacha 13, 21, 29 agus 32.

Baskin Low An Bhaiscneach Íochtair ‘the place abounding in trees (low)’ 1. lower Baskyn Inq. Jac. I, 5 1611 2. Basknaghlare Inq. Jac. I, 5 1611 3. the lower or nether Baskin CPR Jas. I 228b 1612 4. Lowbaskin Inq. Jac. I, 17 1618 5. Lowbaskin CPR Jas. I 448a 1619 6. Baskinagheiter CPR Jas. I 501a 1621 7. Lower Buskin CPR Jas. I 513a 1621 8. Lowe-Basken CPR Jas. I 513a 1621 9. Basken Inq. Car. I, 19 1628 10. Low baskin DS 1655c 11. Lowe Baskin Census 525 1659c 12. Lower Baskin ASE 48 1666 13. Lowbaskin Inq. Car. II, 95 1669 14. Low Baskin BSD 11b 1670c 15. Lowbaskin Piers 92 1682 16. Lowbaskin Larkin 1808 17. Low Baskin TAB 1826 18. Lowbaskenagh AL: Inq. Car. I 1837

111 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Droim Raithne

Tá fianaise ar an eilimint cháilithe low/lower anseo chomh luath le 1611, agus tá fianaise ar an bhfoirm Ghaeilge de sin i bhfoirm 6; Baiscneach Íochtair atá inti is dócha.

Bleachlawn An Tuar ‘the bleach green’ 1. ?Clontuara CGn. 70-58-47344 1732 2. Bleach Lawn TAB 1826 3. Bleach Lawn AL: BS 1837 4. Bleach Lawn AL: St. George Gray 1837

5. ble˘tSlA˘n J. Farrell 2010 Ainm Béarla – áit inar tuaradh líon.172 Ach tá seans go bhfuil bunús sa Ghaeilge ag an ainm seo, féach foirm 1; Clontuara, is dócha gur Cluain Tuartha is bun leis an bhfoirm seo. Tá Clontuara luaite le Lissanode agus Kiltober sa ghníomhas áfach, agus is mó seans mar sin gur tagairt do Toorbeg atá ann: Baile fearainn a luíonn díreach ó dheas de Lissanode agus gar do Kiltober. Tá droichead thar shruthán ar theorainn thiar an bhaile fearainn darb ainm Ballyboy Bridge (DESO). Tá an chuid thiar ó thuaidh den bhaile fearainn seo fliuch go leor; tá seans go raibh dath buí ar an bhfásra ann fadó, agus Baile Buí mar ainm ar an gcuid sin den bhaile fearainn seo ar a laghad. Maidir le traidisiún an lín sa cheantar seo, bhí seasca duine is ceathrar ag cur lín i bparóiste Dhroim Raithne sa bhliain 1796 de réir an Flax Growers Bounty List (Hayes 2010). Bhí thart ar fiche seacht i Nuachabháil, agus ní raibh ach ceathrar agus duine amháin faoi seach ag cur lín i mBun Abhann agus i gCill Chainnigh Thiar. Ag scríobh dó ar an Móta, bhí an méid seo le rá ag Samuel Lewis in 1837: ‘the manufacture of cottons and linens, formerly carried on here to a very great extent, is now much diminished, affording employment only to about 100 persons’ (Lewis 1837: 374). Is é Droim Raithne an paróiste is gaire don Mhóta as an gceithre pharóiste sa bharúntacht.

Bryanbeg Lower Bruíon Bheag Íochtair ‘hostel, (little), lower’

172 ‘Very little flax was grown south of . It would appear that the land of the northern half of the country plus the extra rainfall was more suitable for growing the crop. Flax grew better on shallow sharp soil or moory land, which remained damp even during dry spells’ (Cummiskey 2010: 1).

112 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Droim Raithne

1. Broynbegg Crown Lands 124 1540-1 2. Bronibeg Fiants Eliz. 6550 1601 3. Broinbeg alias Killenyn Fiants Eliz. 6550 1601 4. the lower halfe plowland of Brynebeg Inq. Jac. I, 5 1611 5. Brynebegg CPR Jas. I 228b 1612 6. lower Brinebegg Inq. Car. I, 161 1640 7. Brinebegeighter DS 1655c 8. Bryanbegeaghter ASE 48 1680 9. Bernebegeiter ASE 219 1669 10. Birnebegeighter BSD 12b 1670c 11. Bernebegeiter ASE 230 1673 12. Bryanbeggeighter CGn. 41-44-24406 1713 13. Bryanbeg WPB 1761 14. Lower Brien Beg TAB 1826 15. Little Brien Beg TAB 1826 16. bruighean beg AL: pl. 1837 17. Bruighean Beag173 AL: d. 1837 Bruíon ‘(Lit:) hostel; fairy dwelling’ (FGB 1 (1; 2)) atá sa chéad eilimint anseo. Beag aid. ‘little, small’ (FGB 2 (1)) atá sa dara heilimint. Tá fianaise láidir ar bhunús sa Ghaeilge a bheith ag an eilimint cháilithe lower. Íochtair atá i bhfoirmeacha 7-12, is dócha, agus é sa g. uatha. Féach Bryanmore Upper le haghaidh phlé ar an eilimint bruíon. Tagairt do Killininneen (féach thíos) atá sa dara cuid de foirm 3.

Bryanbeg Upper Bruíon Bheag Uachtair ‘hostel, (little), upper’ 1. Brinebegoghter DS 1655c 2. Birnebegoghter BSD 13b 1670c 3. Brienbegoutrogh CGn. 6-455-2584 1711 4. Brynbeggoughtra CGn. 8-188-2548 1711 5. Brynboggoughtra CGn. 41-44-24406 1713 6. Bryanbeggoughter CGn. 281-674-188966 1771

173 ‘-, little fairy palace (Old Cormac Martin).’ AL: d.

113 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Droim Raithne

7. Brienbegoughter CGn. 396-328-26490 1788 8. Upper Brien Beg TAB 1826 9. Brienbegoughter CGn. 396-328-26490 1788 10. Upper Bryanbeg AL: BS 1837 Tá fianaise láidir ar bhunús sa Ghaeilge a bheith ag an eilimint cháilithe upper san ainm seo. Uachtair atá i bhfoirmeacha 1-2, 6-7 agus 9 agus é sa g. uatha. An fhoirm aidiachtúil Uachtarach atá i bhfoirmeacha 3-5 is dócha. Féach Bryanmore Upper le haghaidh phlé ar an eilimint bruíon.

Bryanmore Lower Bruíon Mhór Íochtarach ‘hostel, (big), lower’ 1. Lower Bryanmore AL: St. George Gray Esq. 1837 2. Lower Bryanmore AL: Revd. Mr. Battersby 1837 3. Lower Bryanmore AL: BS 1837 4. Bruíghean Mór174 AL: d. 1837 Níor aimsíodh aon fhianaise ar an gcáilitheoir lower roimh aimsir na Suirbhéireachta Ordanáis; is maith an seans gur roinneadh Bryanmore le linn an BS (c. 1825). Tá an baile fearainn seo suite ar thalamh íseal ag bun Bryanmore Hill. Luíonn Bryanmore Upper ar an gcnoc féin.

Bryanmore Upper Bruíon Mhór Uachtarach ‘hostel, (big), upper’ 1. a mBruidhin da choca ATig. 125 603 2. a m-Bruigin da Coca CS 47 604 3. bruden Da-Choca SMMD 1 800c 4. Bruiden Dá Choca OUCC 109 roimh 840 5. i m-Bruighin Da Choga ARÉ ii 600 §7 919 6. a mbruidin dá choco Silva G. i 75175 11ú haois 7. i mBruidin Da Cocae CA 172 1050c176 8. og Bruighin Anecd. iii 47177 1050c

174 ‘-, fairy palace (Big).’ AL: d. 175 Luaite in Aided Dhiarmada; ‘which has been dated to roughly the eleventh century.’ (Kehnel 1997: 121). 176 Baineadh an fhoirm seo as an téacs Cath Airtig atá le fáil in TCD H.3.18 (sa chuid páipéir ón 16ú haois) agus in Leabhar (Mór) Leacain – c. 1400 (CA 170); ‘This Middle Irish tale (incorporating Old Irish retoiric is a sequel to Bruiden Dá Chocae (Bhreathnach 2003: 23).

114 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Droim Raithne

9. a mBruigin Anecd. iii 47 1050c 10. i mBruigin Dá Choga FDG 16 1100c 11. Bruigni Da Cogæ (g.) BDC 244 (A) 1125c 12. Bruigne Da Cocai (g.) BDC 592 (A) 1125c 13. Bruigin (t.) BDC 241 (A) 1125c 14. Bruidin (t.) BDC 333 (A) 1125c 15. Bruigne (g.) BDC 245 (A) 1125c 16. Bruidhin (t.) BDC 398(B) 1125c 17. Bhruidhne (g.) BDC 402 (B) 1125c 18. Bhruidhne Da Choige (g.) BDC 401 (B) 1125c 19. Bruighin ALC 208 §2 1200 20. Bruicchean Dá Cocca ARÉ iv 822 §2 1415 21. i mBruidin da Coca AConn. 424 §2 1415 22. togail…bruidne…da choc CIH 349.15-16 1500c178 23. Bryne Crown Lands 301 1531c 24. Bryin Crown Lands 301 1531c 25. Brienmore Fiants Eliz. 1147 1567 26. Brynmor CFS 119 1595 27. Brymore Fiants Eliz. 6450 1600 28. Brynemore Inq. Jac. I, 5 1611 29. Brynemore CPR Jas. I 228a 1612 30. Brinemore Inq. Car. I, 161 1640 31. Bruighean Da Chog LGen. 412 §1 & 2 1650c 32. Bruighean Da Chog LGen. 1130 §4 1650c 33. B. Da Choga LGen. 165 §10 1650c 34. B. Da Choga LGen. 438 §2 1650c 35. B. Da Choga LGen. 477 §1 1650c 36. B. Da Choga LGen. 1115 §3 1650c 37. B. Da Choga LGen. 1116 §1 1650c 38. Brinemore DS 1655c 39. Bremore Census 525 1659c 40. Brynmore ASE 184 1669

177 ‘Aided na trí nAed’ le fáil in Harley 5280, LS ón 16ú haois (British Library 2012: 5280). 178 Luaite mar chuid den trachtaireacht ar an Senchas Már in LS Harley 432.

115 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Droim Raithne

41. Bryenmore ASE 184 1669 42. Birnemore BSD 12b 1670c 43. Brinemore Larkin 1808 44. Upper Bryanmore AL: BS 1837 45. go Bruíghin chaoin Da Chocca LSO (IM) 37 1837 46. Caisleán na Bruíghne LSO (IM) 42 1837 47. Dacho AL: pl. 1837 48. Bruighean Da Choga179 AL: d. 1837

49. brainmo˘r up´r P. Moran 2009

180 50. da kuSlA˘n P. Moran 2009

Cé go raibh an láthair stairiúil luath Bruíon Da Choga luaite le Machaire Chuircne i bhfad siar, is é an Donnabhánach a d’aithin Bryanmore Upper mar shuíomh di in 1837;

We took a long journey through the Territory of Machaire Chuircne and identified Bruighean Da Choga at once. It is on a very conspicuous hill in the Parish of Drumraney, situated about six Irish miles to the north-east of Athlone. It originally gave the name of Bruighean Da Chocca to a Ballybetagh, but in later times that has been subdivided into the following divisions which are now considered townlands, viz:- 1. Bryan-More Upper. 2. Bryan-More Lower. 3. Bryan-Beg Upper. 4. Bryan-Beg Lower. The Bruighean (Breen) itself us situated in the Townland of Bryan More Upper. It is a fort of earth, two hundred and four paces in circumference and containing within it the the ruins of a castle ... Can there be any doubt now that this is the Bruighean-Da-Choga of the ancients. It is in Machaire Chuircne; it is a Bruighean; it contains a castle within it, which is always called by the Irish Caisleán na Bruíghne, and what is stronger proof, there is no other place called Bruighean in Cuircne.

179 ‘-, fairy palace of the two wars. 4 masters, Dinnsheanens [sic] &c.’ AL: d. 180 Ainm áitiúil ar shuíomh na bruíne féin agus don bhóithrín a théann thar a bráid. Tá fothrach caisleáin ar an láthair chéanna. Maidir leis an bhfuaimniú kuSlA˘n, féach Ó hUiginn (1994: 545-6): Tá an fhoirm seo ag teacht leis an bhfoirm; ‘/kus’L’a:n/’ a luann sé chun an t-athrú a tháinig ar láthair na béime i nGaeilge Chonnacht, ón siolla deiridh go dtí an chéad siolla, a léiriú. Tháinig ísliú ar an gcéad ghuta ó /a/ go /ə/, agus an bhéim ar an siolla deiridh. Coinníodh guta laghdaithe - /u/, agus an bhéim curtha ar ais ar an siolla tosaigh. Is foirm de chuid Ghaeilge iarthar Chonnacht/Chois Fharraige an sampla seo a thugann sé; ach, tá an méid seo le rá aige faoin gcleachtadh seo go ginearálta; ‘tá fianaise le fáil, más beagán féin é, gur láidre in oirthear ná in iarthar an chúige é’ (Ó hUiginn 1994: 545). An tuairim a bhí ag Ó Sé (1989: 157-8) ná gur nós a bhí san iarbhéim seo, a scaipeadh aneas ó abhantrach na Sionainne, go Ros Comáin ach go háirithe. Tá sé cruthaithe ag Williams (1998) gur le Gaeilge oirthear Chonnacht a luigh Gaeilge Uíbh Fhailí.

116 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Droim Raithne

The word Bruíghean (prod. Breen) is understood throughout Ireland to mean a fairy palace ... but it appears from ancient Irish tales, Romances, Poems etc., that the word was used to signify any splendid house’ (LSO (IM) 38, 42, 43).

Bruiden ‘hostel, large banqueting-hall; house, mansion (also of similar hall in otherworld’ (DIL s.v. bruiden (a)). Luaitear Bruíon Da Choga sa scéal meánaoiseach den ainm céanna (BDC); féach Finnegan (2012 (le teacht)) chomh maith le haghaidh thuilleadh plé ar chuid de na logainmneacha a luaitear sa téacs sin. Is maith an seans go raibh an bhruíon féin, nó b’fhéidir an caisleán Normannach a tógadh taobh istigh di, in úsáid nuair a d’arg ‘Lord Furnumail’ an áit i 1415. Ainm stairiúil atá san ainm Bruíon Da Choga anois – níl aon fhianaise shonrach againn go raibh sé in úsáid go háitiúil sa 19ú haois. Tá an chuma ar fhoirm 47; Dacho, a breacadh in pl. san AL, agus a scriosadh ansin, nach raibh inti ach nod chun a chur in iúl gur sa bhaile fearainn seo a bhí an suíomh féin. Tacaíonn na foirmeacha béarlaithe ar fad le leithéid Bruíon Mhór a bheith mar ainm ar an mbaile fearainn seo, ón 16ú haois i leith ar a laghad. Níl aon rian den ainm Dé Da Choga sna foirmeacha béarlaithe is luaithe d’ainm an bhaile fearainn seo – bruíon móide an aidiacht mór ‘big, great, large’ (FGB 3) atá sna foirmeacha béarlaithe ar fad, ach amháin an dá cheann is luaithe (23 & 24), ar iarrachtaí bruíon a léiriú iad. Níl aon fhianaise ann ar an eilimint upper go dtí aimsir na Suirbhéireachta Ordanáis.

Carrickaneha Carraig an Fhéich ‘rock of the raven’ 1. Carrickneagh CGn. 563-185-375183 1802 2. Carrickanea Larkin 1808 3. Carrickeneagh AL: BS 1837 4. carraic an éithe AL: pl. 1837 5. Carraig an Éithigh181 AL: d. 1837 6. Carrick-an-Eagh BNS (Drumraney 600) 1937/8

7. »karik'´«ne˘ P. Moran 2009

181 ‘-, the lying rock.’ AL: d

117 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Droim Raithne

Carraig ‘rock’ (FGB) atá sa chéad eilimint anseo. Tá carraig mhór suite ar an bpointe is airde den bhaile fearainn: ‘A large rock said to be thrown from Cnockaiste hill in the parish of Kill- 3 miles’ (AL). Insítear an scéal seo go háitiúil go dtí an lá atá inniu ann. Is maith an seans gur fiach ‘raven’ (FGB 2 (1)) atá sa dara heilimint, agus í sa g. uatha anseo. Féach Doire an Fhéich/Derrynea i nGaeltacht na Gaillimhe (BLÉ 20707); fuaimnítear an dara heilimint mar e˘ ansin. Tá Gob an Fhéich/Gubanea i Liatroim mínithe ag an mBrainse Logainmneacha mar ‘the point, headland of the raven’ (BLÉ 29735).

Cartroncoragh ?Cartún Comhrach ‘?Cartron of the joint-ploughing’ 1. cartron' Karragh Inq. Jac. I, 5 1611 2. cartron' Necorrae Inq. Jac. I, 5 1611 3. Cartroncarragh CPR Jas. I 228a 1612 4. Cartroncorrae CPR Jas. I 228a 1612 5. Cartroncarragh CPR Jas. I 501a 1621 6. Cartroncorre CPR Jas. I 501a 1621 7. Cartron Cor TAB 1826 8. Cartroncurragh AL: Inq. Car. I 1837 9. Cartroncoragh AL: BS 1837 10. Cartroncoragh AL: St. George Gray Esq. 1837 11. Cartroncoragh AL: Revd. Mr. Battersby 1837 12. cartrun cór AL: pl. 1837 13. Cartrún Cór182 AL: d. 1837 Is éard atá sa chéad eilimint anseo ná cartún ‘chartered land, holding; measure of land (equated to 64 acres)’ (FGB s.v. cartúr). Is maith an seans gurb é comhrach atá sa dara heilimint anseo. Féach Comhrach/Coragh i Liatroim; tá an t-ainm seo mínithe ag an mBrainse Logainmneacha mar ‘joint-ploughing field? field, place worked conjointly? < comhar + achadh, comhar + -ach?’ (BLÉ 28925). Aontaíonn an fhoirm Ghaeilge áitiúil (foirm 8) le seo ach go háirithe (comhar > cór). Féidearthacht eile atá ann ná; currach183 ‘wet bog, marsh’ (FGB 1), agus é sa g. uatha. Tacaíonn

182 ‘-, the odd cartron (Cormac Martin).’ AL: d 183 Corrach atá ag Ó Dónaill (FGB). Síleann an Brainse Logainmneacha go ndeachaidh Ó Dónaill amú le litriú an fhocail seo áfach, agus gur fearr é a litriú mar currach.

118 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Droim Raithne foirm 2 le seo ach go háirithe; tá seans go seasann sí do leithéid Cartún an Churraigh; tá stráice de thalamh íseal, cothrom sa leath thoir den bhaile fearainn, nó do Cartún Corrach; corrach aid. ‘projecting, angular, pointed’ (FGB 2 (2)). Tá láthair sheanséipéal an pharóiste agus tobar beannaithe, Tobar Enáin (AL), i dtuaisceart an bhaile fearainn.

Cauran An Cárán ‘the small rocky patch’ 1. ?ag an Chairtann184 MIA 154 §5 1395 2. ?ag an Charthann H.1.18185 128.8 1395 3. Cawraune TAB 1826 4. Caurán AL: JOD 1837 5. Cawrane AL: BS 1837 6. Cawrane AL: Revd. Mr. Battersby 1837 7. cárrán AL: pl. 1837 8. Cárrán186 AL: d. 1837

9. »kAr«A˘n áit. 2011 Tá trí bhaile fearainn; dhá cheann i nGaillimh, agus ceann amháin i Maigh Eo, den ainm seo ann. Tá siad ar fad athghaelaithe ag an mBrainse Logainmneacha mar An Cárán (féach BLÉ 18571 mar shampla). Is dócha gurb é carr ‘rocky patch’ (FGB 3 (2)) is bun leis an ainm seo, móide an mhír dhíspeagtha –án. Tá páirc chreagach le sonrú sa chuid thoir den bhaile fearainn ar an DESO. D’aithin Ó Murchadha an baile fearainn seo mar shuíomh níos dealraithí do fhoirmeacha 1 agus 2 (Ó Murchadha 1989-90: 183). Féach Joyce (1869: I 420) le haghaidh phlé ar an ainm Caraun.

Cloghbreen Cloch Bhruíne ‘stone of the Breen (hostel)’ 1. Cloghvireny Inq. Jac. I, 5 1611 2. Cartroncloghvireny CPR Jas. I 228a 1612

184 ‘Creach mor le mac Perais Dalatun a Caill Perais aran Dalatunach da rug bu imga & da rugadar Dalatunaidh ar ag an Chairtann & ar Cormac h. Mael Seachlainn; da tugadar tochar tren gaiffeach graienemhail da chele gur loited mac Perais & mor da maintir & gur chrolighi bhais don Dalatunach & da Thobert Dalatun o a n-gael fein aran lathair-sin.’ (MIA 154 §5). 185 Cf. FSAG 3: 101; ‘Prob. tl. Cauran, p. Drumraney.’ Is ionann H.1.18 agus LS 1292 i gColáiste na Trionóide; f. 113-164 ‘An imperfect copy of the Annals of Tigernach.’ (Abbott 1900: 311 186 ‘-, rocky land.’ AL: d.

119 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Droim Raithne

3. Cloghbryan CGn. 50-107-1388 1723c 4. Cloghbryan CGn. 563-185375183 1802 5. Cloughbrien LEL 21 1822 6. Clogh Brien AL: BS 1837 7. Clogh Brien AL: St. George Gray 1837 8. cloch bhraoin AL: pl. 1837 9. Cloch Bhraoin187 AL: d. 1837

10. »klok«bri˘n Patrick Moran 2009

11. d´ rok ´ d´ bri˘n' Patrick Moran 2009 Cloch ‘stone’ (FGB 1 (1)) atá sa chéad eilimint anseo. Bruíon ‘(Lit:) hostel; fairy dwelling’ (FGB 1 (1; 2)) atá sa dara heilimint agus í sa g. uatha anseo. Tá fianaise láidir ar an bhfoirm ghinidigh i bhfoirmeacha 1 agus 2, agus ar an séimhiú a leanann an focal bain. cloch. Tá an baile fearainn suite cúpla céad méadar soir ó ghné ar a dtugtar The Breen ar an CESO. D’aithin an Donabhánach an ghné seo (lios nó imfhálú mór atá ann) mar shuíomh Bruíon Da Choga (féach thuas). Bhí an baile fearainn seo thar a bheith creagach sula ndearnadh míntíriú air sna 1960í. Is dócha gurb í an chiall atá leis an ainm seo ná áit chlochach i bhfoisceacht na bruíne.

Cormaclew Corr Mhic Lú ‘McLowe’s round hill’ 1. Cormaclooe CGn. 53-420-36190 1727 2. Cormaclew TAB 1826 3. Cormaclew AL: BS 1837 4. cor mac lugha AL: pl. 1837 5. Cor Mac Lúgha188 AL: d. 1837 Corr atá sa chéad eilimint anseo – tá an-chuid chiall ag corr, ach sa chás seo is dócha gurb é ‘rounded hill, rounded hump’ (FGB 2 (2)) an miniú is feiliúnaí. Sloinne atá sa dara heilimint; ‘Mac Lughadha-IV-M’Lewe, M’Lowe, Lowe: ‘son of Lughaidh’ (Woulfe 1923: 387). Sloinne tearc atá ann de réir MacLysaght (1985: 199).

Corr

187 ‘-, Breen’s stone (house). AL: d. 188 ‘-, Macloo’s Cor or round hill; Corr means a pit, a hole &c.’ AL: d.

120 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Droim Raithne

Féach Corr i bparóiste Chill Chainnigh Thiar.

Curraghbane An Currach Bán ‘the white lea’ 1. Coirbane CGn. 211-55-137539 1775c 2. Curraghbane SEH 22 1786 3. Curraghbane AL: BS 1837 4. Currach Bán189 AL: d. 1837 Currach ‘wet bog, marsh’ (FGB 1) atá sa chéad eilimint anseo. Tá an talamh an- chothrom sa bhaile fearainn seo agus tá gréasán draenacha le sonrú ón DESO. Bán ‘white’ aid. (FGB 3 (1) atá sa dara heilimint, ach féach talamh bán ‘fallow land, lea, grass-land’ (FGB 3 (13)) chomh maith. Luann an Donnabhánach an méid seo san AL; ‘We’ll try bane in this County & now throughout Leinster’. Maidir le foirm 1 tá seans gur r is ceart a léamh seachas i sa bhunghníomhas. Tá An Currach/Curragh i gCo. Luimnigh mínithe mar ‘the wet land’ (BLÉ 31834) ag an mBrainse Logainmneacha.

Curraghroodle Currach Rúdail ‘?Ruadal’s marsh’ 1. Curragh Roodle AL: BS 1837 2. currach rúdail AL: pl. 1837 3. Currach Ruadail190 AL: d. 1837 Currach ‘wet bog, marsh’ (FGB 1) atá sa chéad eilimint anseo. Maidir leis an dara heilimint, Ruadal, thug Cormac Martin, faisnéiseoir áitiúil an Donnabhánaigh (féach n. 190), le fios gur ainm pearsanta a bhí inti, agus í sa g. uatha. Níor éirigh liom ach tagairt amháin eile do ruadal i logainm a fháil. Tá coire ar Uibhist a Deas in Albain darb ainm Coire Ruadail. Féach http://www.streetmap.co.uk/place/Coire_Ruadail_in_Na_h- Eileanan_an_Iar_92611_946611.htm; ach tá Simon Taylor den tuairim go bhfuil bunús Lochlannach ag an dara heilimint den ainm sin (teagmháil phearsanta 2011). Luann Watson an eilimint ‘Ruadhail ... ‘red spot’, primarily a place-name’ (Watson 1926: 474). Féach chomh maith rúidealeach ‘(act of) sprinting, (act of) dashing, (act of) rushing (around)’ (FGB).

189 ‘-, white moor.’ AL: d 190 ‘-, Roodle’s moor. Cormac Martin’ AL: d.

121 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Droim Raithne

Drumraney Droim Raithne ‘ridge of the ferns’ 1. Énan Droma Raite ATig. 142 632 2. Enan Droma Raithi191 CS 633 3. abb Droma Rátha192 ARÉ i 394 §6 788 4. abbas Droma Rathae193 AU 248 §1 793 5. Enan Dromma Raithi194 FOeng. 188 830c 6. Druim Raithe FOeng. 188 830c 7. Enani Dremma Rathi FOeng. 188 830c 8. Enan Dromma ráthí195 FOeng. 210 830c 9. Druim Ráithe196 ARÉ ii 660 §10 946 10. Druim Raithe197 CS 180 948 11. i n-Druim Ráite198 ARÉ ii 786 §9 1015 12. i n-Druim Raithe199 CS 220 1016 13. airchindech Droma Raithe200 ARÉ ii 788 §4 1016 14. i nDruim Rathe LL vi 1626 1160c 15. Enan Dromma Rathe LL vi 1532 1160c 16. Droma Raithe201 FGorm. 160 1170c 17. Drumrath ICL VII202 1202-3c 18. Drumrath ICL 54 1205c 19. Drumrath ICL 55 1205c 20. Drumrath ICL 56 1205c 21. D[r]umrath ICL 7a 1211-13 22. Drumarth ICL XLVIII 1211-13

191 ‘Enan Droma Raithi quieuit.’ 192 ‘Flaithgheal, mac Taichlich, abb Droma Rátha.’ 193 ‘Flaithgel m. Taichlich abbas Droma Rathae, perierunt.’ 194 ‘ i n-iarthar Mide atá… 195 ’18 Septimbir … i n-iarthur Midhe.’ 196 ‘Slóigheadh lásna Gallaibh dar Druim Ráithe, co ro loiscset an derthech & deichnebhar ar sheacht fichtibh and.’ 197 ‘Creach lasna Gallaibh dar Druim Raithe gur loisgsid an derthech & decnephar ar secht .xx. ann.’ 198 ‘Giolla Colaim ua h-Aghdhai, tigherna Tethbha, do mharbhadh ó mhac Duinn, mic Donnghaile, i n- Druim Ráite.’ 199 ‘Giolla Colaim h. Agda rí Teabtha do marbadh o mac Duinn {meic Donngaili} i n-Druim Raithe.’ 200 ‘Ceallach, ua Maoil Midhe, airchindech Droma Raithe, d'ég.’ 201 ‘-, in iarthar Midhe.’ 202Úsáideann St. John Brooks uimhreacha Rómhanacha agus é ag tagairt do na ‘Cartularies Prima’ agus uimhreacha Arabacha agus é ag tagairt do na ‘Cartularies Secunda’.

122 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Droim Raithne

23. Drumradh ICL XLVIII 1211-13 24. Drumrath ICL XLVIII 1211-13 25. Drumrad ICL 78 1211-13 26. Drumrath ICL 78 1211-13 27. Drumrad ICL 85 1202-24 28. Drumrath ICL 84 1230c 29. Drumrath ICL XXVII 1233 30. Drumrath ICL 91 1233 31. Drumrath ICL LXVIII 1230-34 32. Drumrad ICL 87 1230-40 33. Drumrad ICL XVI 1242 34. Drumrath ICL 81 1231-50 35. Drumrath203 ETax. 258 1302-6 36. Drumrath ETax. 266 1302-6 37. Drumrath ICL 88 1310 38. Dormrathe CIRCLE P.R. 2 Rich. II (9) 1379 39. Dromrath ICL 98 1381 40. Druim Rath VSHP 43 §32 1390c 41. Drommo Rathe VSHP 43 n. 22 1390c 42. Drum Rath VSHP 43 n. 24 1390c 43. Droma Raithni204 MIA 148 § 20 1393 44. Druim Raithni205 MIA 148 §2 1394 45. Caislen Droma Raithi206 MIA 148 §6 1394 46. Enán Droma raithi r[u]aid207 DBF208 180 1453/4 47. Dromrathine Crown Lands 261 1513 48. Dromraithine Crownlands 261 1513 49. Dromrath Crown Lands 44 1536-7 50. Dromvrane Meath and Westm. Act209 1542

203 Féach sa Corrigenda xiii don fhoirm seo. 204‘ Creacha mora la Dalatunachaibh ar Dilmainechaibh trit-sin & loscu Droma Raithni & Duin na Mona leo beos.’ 205 ‘An Dilmhaineach .i. Muiris do mharbhu la Dalatunachaibh etir a dha caislean fein .i. Dun na Mona & Druim Raithni ; as truadh an sgel.’ 206 ‘Caislen Droma Raithi & Duin na Mona do ghabhail la Dalatunacaibh.’ 207 ‘raid’ atá ag an eagarthóir, ach i nóta deireann sé: ‘Vermutlich ruaid zu lesen’ [Is maith an seans gur chóir ‘ruaid’ a léamh]. 208 Sliocht as an LS Laud. Misc. 610 atá san fhoinse seo. Féach (Ó Cuív 2001: 62) don dáta.

123 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Droim Raithne

51. Dromyrane Fiants Eliz. 101 1559 52. Dromrathe Fiants Eliz. 2345 1573 53. Dromrath Fiants Eliz. 3222 1578 54. Dromrany Fiants Eliz. 3719 1581 55. Dromcany Fiants Eliz. 6496 1601 56. Dromrany Fiants Eliz. 6550 1601 57. Dromrany Fiants Eliz. 6663 1602 58. Dromranny CPR Jas. I 26b 1603 59. Dromrany CPR Jas. I 26b 1603 60. Dromrany Inq. Jac. I, 5 1611 61. Dromrany CPR Jas. I 228a 1612 62. Dromrany CPR Jas. I 501a 1621 63. Dromrany Inq. Car. I, 19 1628 64. Enan Dromma raithe210 MartD 224 1630 65. Enan Droma Raithe MartD 408 1630 66. Dromrany Inq. Car. I, 161 1640 67. Druim-ratha ASH 423 1645 68. Dromaratha ASH 423 1645 69. Dromrathen ASH 423 1645 70. Druimrath TT 421 1647 71. D. Raitine LGen. 704 §7 1650c 72. D. Raithne LGen. 718 §9 1650c 73. Druim Raite LGen. 739 §2 1650c 74. Druim Raite LGen. 739 §3 1650c 75. Dromrany DS 1655c 76. Drumraney Census 525 1659c 77. Dromrany ASE 48 1666 78. Drumrany ASE 202 1669 79. Drumranny BSD 11b 1670c 80. Drumranny BSD 12b 1670c 81. Drumranny BSD 13b 1670c 82. Drumrany BSD 11b 1670c

209 Féach Walsh 1957: xiii. 210 ‘i niarthor Midhe.’ 19 Lúnasa.

124 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Droim Raithne

83. Drumrany BSD 12b 1670c 84. Drumrany BSD 13b 1670c 85. Drumrany CGn. 13-90-5192 1714 86. Drumrany LP 146 1754 87. Drumsaney WPB 1761 88. Drumrany SEH 21 1786 89. Drumranny SEH 22 1786 90. Drumraney Larkin 1808 91. Drumraney TAB 1826 92. Drumreany HCPR:AL (1821) 1837 93. Drumraney AL: HCER (1826) 1837 94. Drumrany AL: BM 1837 95. druim raithne AL: pl. 1837 96. Druim Raithne AL: d. 1837 97. Druim Raithnighe211 AL: d. 1837

98. drom»re˘ni˘ BLÉ 51084 (10) 1969c Droim ‘back; ridge’ (FGB (1; 2) atá chéad eilimint anseo. Tá droim suntasach sa bhaile fearainn (122m). Raithneach ‘fern, bracken’ (FGB) atá sa dara heilimint, agus í sa g. uatha anseo. Níl aon rian de raithneach ar an droim anois, ach tá feart beag ag an bpointe is airde den droim (CESO). Tá fianaise sna foirmeacha Gaeilge luatha, agus sna foirmeacha béarlaithe luatha ar an eilimint raith ‘i, f. fern, bracken (coll.)’ (DIL s.v. raith (1)), agus í sa g.. Ní fheictear an fhoirm raithneach go dtí an bhliain 1393, ach i ndiaidh sin is cosúil gur tháinig sí chun cinn. Tá raith ar fáil i gcuid de na foirmeacha Gaeilge chomh déanach le lár an 17ú haois, agus i gcorrfhoirm bhéarlaithe chomh mall le 1578, ach is léir ón bhfianaise san AL go raibh raithneach in úsáid go háitiúil faoi 1837, agus is dócha i bhfad roimhe sin. Is mó seans gur caomhnaíodh an fhoirm raith i gcáipéisí scríofa i bhfad i ndiaidh í a bheith imithe as an ngnáthchaint toisc scríbhneoirí a bheith ag trácht ar an láthair eaglasta ársa den ainm seo atá luaite sna luathfhoinsí. Tá an chosúlacht ar an scéal go raibh an láthair eaglasta seo i Cartroncoragh, baile fearainn atá díreach soir ó Drumraney. Tá fothrach séipéil luaith in Cartroncoragh agus tá Tober Enain (= Tobar Enáin) marcáilte ar an CESO i dtuaisceart an bhaile fearainn sin. Is é Naomh Enán atá luaite mar

211 ‘-, ridge of the ferns.’ AL: d.

125 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Droim Raithne bhunaitheoir na mainistreach ag Drumraney. cf. Ó Riain (2011: 280-281). Tá an áit seo athghaelaithe cheana féin ag an mBrainse Logainmneacha mar Droim Raithne (BLÉ 51084). Is dócha go dtagraíonn an eilimint deiridh de fhoirm 46, ruad (g. ruaid), don dath rua a bhíonn ar raithneach sa gheimhreadh.

Dunnamona Dún na Móna ‘fort of the bogland’ 1. Duin na Mona MIA 148 §20 1393 2. Duin na Mona MIA 148 §6 1394 3. Dun na Mona MIA 148 §2 1394 4. o Dun na Monad212 AConn. 516 §24 1463 5. ?Donemony Fiants Eliz I 2211 1573 6. ?Donemon Fiants Eliz I 2423 1574 7. Doonmonie Fiants Eliz. 5826 1593 8. Donemone Fiants Eliz. 5826 1593 9. Donemony Fiants Eliz. 6663 1602 10. Downemony Inq. Jac. I, 5 1611 11. Downemony CPR Jas. I 228b 1612 12. Donamony Inq. Car. I, 19 1628 13. Donamone Inq. Car. I, 37 1629 14. Donomony DS 1655c 15. Doonemony Census 525 1659c 16. Dunimony ASE 73 1666 17. Drunamony BP 24 1703 18. Dunamony LP 146 1754 19. Dunimony LP 147 1754 20. Dunnamona WPB 1761 21. Dunnemony SEH 21 1786 22. Dunemony SEH 22 1786 23. Donamona Larkin 1808 24. Dunamoney LEL 19 1822 25. Doonamony TAB 1826

212 ‘for Machuiri Cuircne cur aircsit in tir uili o Dun na Monad fo des & o Chill an Ibair amach.’

126 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Droim Raithne

26. Donamony TAB 1829 27. Don/eamony AL: Inq. of the Exchequer 1837 28. dún a mona AL: pl. 1837 29. Dún na Móna213 AL: d. 1837 30. Donamony AL: BS 1837 31. Donamony AL: GJP 1837 32. Dun/nămónă AL: JOD 1837 33. dún na móna AL: pl. 1837 34. Dún na Móna214 AL: d. 1837

35. »dun´«mo˘n'«i˘ áit. 2012 Luíonn dhá bhaile fearainn; Doonamona i bparóiste Nuachabhála, agus Dunnamona sa pharóiste seo, díreach in aice a chéile. Is dócha gurbh aon aonad amháin a bhí iontu uair amháin. Dún ‘fort, fortress; place of refuge, haven; (secure) residence, (secure) house; promontory fort, bluff’ (FGB 1 (1-4)) atá sa chéad eilimint anseo. Móin ‘turf, peat; bogland, moor’ (FGB (1; 2)) atá sa dara heilimint, agus í sa g. uatha anseo. Tá caisleán marcáilte sa bhaile fearainn seo ar léarscáil an DS agus tá láthair ‘motte and bailey’ marcáilte ar an bpointe is airde den bhaile fearainn ar an Learscáil Discovery Series 1:50000). Is cosúil go bhfuil an leagan béarlaithe áitiúil (foirm 35), le u gearr sa chéad siolla, agus i fada sa cheann deiridh, seanbhunaithe; is ionann í, mórán, agus na foirmeacha bearlaithe ón 16ú/17ú haois déag.

Fairfield Fairfield 1. Fairfield SEH 9 1786 2. Fairfield Larkin 1808 3. Fair-Field LEL 21 1822 4. Fair Field TAB 1826 5. Fair Field AL: BS 1837 6. Fair Field AL: St. George Gray 1837 Is maith an seans go bhfuil bunús sa Ghaeilge ag an ainm seo, ach níor aimsíodh aon fhianaise ar bhunfhoirm Ghaeilge. D’fhéadfadh bunús sa Bhéarla a bheith ag an ainm seo chomh maith. Tá an-chuid fhéidearthachtaí ann leis an aistriúchán: An Gort Fionn,

213 ‘-, munition grunna, fort of the bog.’ AL: d. 214 ‘-, fort of the bog.’ AL: d.

127 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Droim Raithne

Cluain Caoin, An Pháirc Aoibhinn srl. Féach Fairfield in Uíbh Fhailí (BLÉ 41938) – níor gaelaíodh é ag an mBrainse Logainmneacha ceal fianaise ar an bhfoirm Gaeilge. Baile fearainn measartha mór atá sa bhaile fearainn seo; tá ainmneacha ar thrí fho- cheantar taobh istigh de marcáilte ar léarscáil 21 de chuid Léarscáileanna Eastáit Longworth (LEL): Lickna (< Leicneach?) – ceantar creagach in aice leis an teorainn le Cloghbreen; Culleen (< Coillín) - atá marcáilte ar an sciathán den bhaile fearainn a luíonn soir ó Cloghbreen; tá dhá choill bheaga le feiceáil ar an CESO sa cheantar seo; Tullaghinboy (< Tulachán Buí?) – atá marcáilte ar an gcuid den bhaile fearainn atá ar thaobh Bryanmore Hill. Léirítear Fairfield mar shráidbhaile beag ar an taobh thiar den bhaile fearainn, díreach roimh an gcrosbhóthar ar an CESO.

Fearmore215 Fiar Mór ‘big lea’ 1. Fyermore ASE 48 1666 2. Firmore ASE 184 1669 3. Fiermore SEH 16 1786 4. Fearmore TAB 1826 5. (?) Fiermore AL: Inq. Car. I 1837 6. (?) Fiermore AL: Inq. Jac. II 1837 7. (?) Firmore ? AL Inq. Jac. I 1837 8. Fier More AL: BS 1837 9. Fearmore AL: JOD 1837 10. fiar mor/muar216 AL: pl. 1837 11. Fiar-Mor217 AL: d. 1837 Fiarach ‘uncultivated grassland, lea’ (FGB 1) is bun leis an gcéad eilimint anseo, fiar. Tugann Dinneen; ‘rough ground tilled for the first time (Don.)’ le haghaidh fiarach; ‘this townland ... the whole of which is cultivated, it is hilly and dry’ (AL). Féach fia ‘waste, wilderness; land, territory’ (FGB 2 (1; 2)) chomh maith. Mór aid. ‘big, great, large’ (FGB 3) atá sa dara heilimint. Ó thaobh dáilte de tá thart ar thríocha ainm leis na heilimintí fiar agus fiarach tríd an tír; tá an chuid is mó acu suite i lár na tíre. Tá sé bhaile fearainn den ainm

215 Seo an Fearmore atá buailte le Fairfield. 216 Tá ‘muar’ scríofa isteach os cionn ‘mor’. AL. 217 ‘-, big meadow or grassy field.’ AL: d.

128 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Droim Raithne

Fearmore san Iarmhí amháin. Luann an Donnabhánach an méid seo le foirm 9: ‘prond. like the English word fear or timor’ (AL). Maidir leis an dara cuid de fhoirm

10; tá samplaí eile de mór a bheith fuaimnithe mar mu˘´r sa dúiche seo. Mar

218 shampla; Moyvore > mai vu˘´r (J. Parker). Féach chomh maith Magheramore Mount Temple agus Aghanashanamore i bparóiste Bhaile Locha Luatha agus lgh. 17- 18. Toisc dhá bhaile fearainn den ainm Fearmore a bheith gar go leor dá chéile sa pharóiste, is fiú a lua go mbaineann an fhianaise thuas leis an Fearmore atá buailte le

Fairfield.

Fearmore219 Fiar Mór ‘big lea’ 1. Fiaraghmore Inq. Jac. I, 5 1611 2. Cartronfiraghmore CPR Jas. I 228a 1612 3. Cartronfiaraghmore CPR Jas. I 228a 1612 4. Fieragh DS 1655c 5. Firemore DS 1655c 6. Fyermore ASE 48 1666 7. Firmore ASE 184 1669 8. Fearemore TAB 1826 9. Fear More AL: BS 1837 10. Fear More AL: St. George Gray 1837 11. Fear More AL: Revd. Mr. Battersby 1837 12. Fiair Mor220 AL: d. 1837

13. »f'ir'«mo˘r F. Walker 2009 Fiarach ‘uncultivated grassland, lea’ (FGB 1) is bun leis an gcéad eilimint anseo; fiar. Tugann Dinneen; ‘rough ground tilled for the first time (Don.)’ le haghaidh fiarach; ‘this townland ... the whole of which is cultivated, it is hilly and dry’ (AL). Fiarach atá i bhfoirmeacha 1-4 gan amhras. Féach fia ‘waste, wilderness; land, territory’ (FGB 2 (1; 2)) chomh maith. Mór aid. ‘big, great, large’ (FGB 3) atá sa dara heilimint. Fiú agus dhá bhaile fearainn den ainm Fearmore in aon pharóiste lena chéile,

218 Sráidbhaile agus baile fearainn i mbarúntacht Ráth Conarta. Féach BLÉ 51131. 219 Seo an Fearmore ata buailte le Cauran. 220 ‘-, big meadow or grassy field.’ AL: d.

129 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Droim Raithne freagraíonn na foirmeacha atá liostaithe thuas do cheann acu faoi leith, ach amháin na foirmeacha ón ASE; is ar éigean ab fhéidir idirdhealú a dhéanamh eatarthu i gcás na foinse sin.

Kilcornan Féach Kilcornan i bparóiste Nuachabhála.

Killeennanam Coillín na nAnam/Coill an Anama ‘little wood of the souls/ wood of the soul’ 1. ?Kilnenynim Fiants Eliz. 6533 1601 2. ?Killemyn Fiants Eliz. 6550 1601 3. Killenenam Inq. Jac. I, 5 1611 4. Killynenam Inq. Car. I, 161 1640 5. Killinam TAB 1826 6. Killynam ? AL: Inq. Car. I 1837 7. Killynam AL: BS 1837 8. Killeen-na-nam AL: JOD 1837 9. coillín na nama AL: pl. 1837 10. Coillín na Nama221 AL: d. 1837 Tá láthair eaglasta i gCiarraí darb ainm Cill an Anama (BLÉ 101248); tá seans gurb é cillín ‘a little church’ (Dinn.) atá sa chéad eilimint anseo, agus gurb é anam ‘soul’ (FGB 1 (1)) atá sa dara heilimint, agus í sa g. iolra. Tá ‘moated site’ i lár an bhaile fearainn (NMS WM023-054), ach ní léir an láthair eaglasta atá i gceist – tá cruth dronuilleogach ar an láthair seo, bíonn cruth ciorclach ar láithreacha eaglasta luatha de ghnáth. Tá limistéar dronuilleogach marcáilte ar léarscáil an DS sa cheantar seo chomh maith. Má ghlactar le foirm Cormac Martin (féach n. 221) is coill ‘wood, forest’ (FGB 1) móide an mhír dhíspeagtha –ín atá sa chéad eilimint, agus is namhaid ‘enemy’ (FGB) atá sa dara heilimint, agus í sa g. uatha – ach ní thacaíonn aon fhoirm eile le namhaid don dara heilimint; ma bhreathnaítear ar na foirmeacha eile is mó seans gur anam atá inti. Tá Killananima i Liatroim athghaelaithe ag an mBrainse Logainmneacha mar Coill an Anama (BLÉ 29655). Tugann an Donnabhánach C[o]ill

221 ‘-, little wood of the enemy. Old Cormac Martin.’ AL: d. ‘The true name is Killeen/naam, i.e. Killeen-na-nam.’ JOD.

130 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Droim Raithne an Anama ‘wood of the soul’ do Killynanum i gCo. an Chabháin (BLÉ 4852 – taifid téacs). Tá an méid seo le rá ag Joyce faoi anam i logainmneacha: ‘some believe that places with such names were bequeathed to some church or monastery for the soul’s health of the donor or of some relative; while others again assert that the names originated in ghosts. Buts this is all conjecture’ (Joyce 1875: II 466).

Killininneen Coill na nIníon ‘wood of the daughters’ 1. Kylnenynyn Fiants Eliz. 6533 1601 2. Kilnenynin Fiants Eliz. 6533 1601 3. Broinbeg alias Killenyn Fiants Eliz. 6550 1601 4. Killnenyne Fiants Eliz. 6663 1602 5. Killenenyn Inq. Jac. I, 5 1611 6. Killynenin Inq. Jac. I, 5 1611 7. Killenenyne CPR Jas. I 228b 1612 8. Killynin CPR Jas. I 566b 1623 9. Killenenyne CPR Jas. I 569b 1623 10. Killeneyne CPR Jas. I 569b 1623 11. Killenenyne Inq. Car. I, 44 1630 12. Killynynyne Inq. Car. I, 66 1631 13. Killenenin Inq. Car. I, 124 1636 14. Killenenyne Inq. Car. I, 161 1640 15. Killenenie DS 1655c 16. Killenenen Census 525 1659c 17. Killeneny ASE 184 1669 18. Killinenine BSD 12b 1670c 19. Killineny SEH 16 1786 20. Killeneny222 SEH 17 1786 21. Killininny Larkin 1808 22. Killininy TAB 1826 23. Killineny AL: Down Survey Map 1837

222 ‘Mr Sterne’ luaite leis an áit seo. Féach Stern’s Folly atá marcáilte ar an CESO in Bryanmore Upper.

131 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Droim Raithne

24. Killyninny AL: BS 1837 25. coill an inghion AL: pl. 1837 26. Coill an Inghíon223 AL: d. 1837

27. »kilin«in«i˘ áit. 2011 Is í an fhoirm Ghaeilge áitiúil (foirm 25) an t-aon fhianaise atá againn gur coill ‘wood, forest’ (FGB) atá sa chéad eilimint in áit cill ‘church’ (FGB (1)), é sin agus nach bhfuil aon rian de shéipéal sa bhaile fearainn, go bhfios dúinn. Iníon atá sa dara heilimint anseo – na hiníne an fhoirm ghinidigh uatha ar iníon, ach tacaíonn na foirmeacha bearlaithe luatha (1-14) le iníon mar mhír. Tá seans gurb í an fhoirm ghinidigh iolra atá i gceist anseo – féach Cill na nIníon/Killininny (BLÉ 17445) i mBÁC. Míníonn Joyce an t-ainm sin mar seo: ‘Coillín-inghine [-ingeena], wood of the daughter. Probably the wood was a dowry’ (Joyce 1913: III 415). Más Coillín

Iníne a bhí ann, mhíneodh sé sin an –y deireanach, nó an fhuaim i˘ atá i bhfoirmeacha 15, 17, 19-24 agus 27. Is léir ón méid seo, áfach, nach n-aontódh an Donnabhánach – ‘Killin/inneen – inneen not inny’ (AL). Is as Naomh Enán a ainmníodh an baile fearainn seo dar le Paul Walsh: ‘The townland of Killinineen [Cillín Inín] is named from the same saint [Enán]’224 (Walsh 1957: 9 n. 2). Luaitear Ninnidh Láimhiodhan le Kiltoom i bparóiste Fochla (barúntacht Bhaile Fhobhair) in iarthuaisceart na hIarmhí: ‘Muireadhach and he [Ninnidh] were uterine brothers, born of Líoghach of Breaghmhaine, now Brawny barony in Westmeath’ (Ó Riain 2011: 516) – Cillín Ninnidh?

Kiltober Coill/Cill Tobair ‘wood/church of [the] well’ 1. ?Tobur Cille Lasra BDC 431 (A) 1125c 2. Killtobber Inq. Car. I, 28 1628 3. Killtobber Inq. Car. I, 116 1635 4. Killtober Inq. Car. I, 124 1636 5. Kiltobber Inq. Car. I, 124 1636 6. Killtober CGn. 70-60-47344 1732

223 ‘-, local Irish name, C. Martin, wood of the daughter.’ AL: d. ‘Kill/inneen [-] inneen not inny.’ JOD. 224 Féach Drumraney thuas.

132 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Droim Raithne

7. ??Kiltober225 WPB 1761 8. Killtober SEH 16 1786 9. Killentubber Larkin 1808 10. Killtubber LEL 21 1822 11. Kiltober TAB 1826 12. Kiltobber AL: HCSVR (1824) 1837 13. Kiltubber AL: BS 1837 14. coill a tobair AL: pl. 1837 15. Coill a’ Tobair226 AL: d. 1837 An t-aon fhianaise atá againn ar coill ‘wood, forest’ (FGB) a bheith sa chéad eilimint anseo, in áit cill ‘church’ (FGB (1)), ná foirm 14, an fhoirm Ghaeilge áitiúil. Is fiú a lua go bhfuil sé soiléir sa bhunainmleabhar gur c ill a scríobh an Donnabhánach i dtosach in pl., agus gur chuir sé an o isteach i ndiaidh sin. Is dócha go raibh sé féin in amhras ar an bhfoirm go dtí gur labhair sé le faisnéiseoir áitiúil. Thacódh foirm 1 le cill don chéad eilimint: ‘tobur Cille Lasra: Most probably to be located in the townland of Kiltober (Cill Tobair) east of Bryanmore Upper’ (BDC 185). Tobar ‘well, fountain, spring, source’ (FGB) atá sa dara heilimint, agus í sa g. uatha anseo. Tá trí ‘spring’ marcáilte ar an DESO i ndeisceart an bhaile fearainn. Níl aon taifead seandálaíochta ar láthair shéipéil a bheith sa bhaile fearainn.

Lissanode Lios an Fhóid ‘liss (enclosure) of the sod’ 1. Lysenoyde Fiants Edw. IV 461 1550 2. ?Lysmode Fiants Eliz. 5398 1590 3. Lissnoyd Fiants Eliz. 5650 1601 4. Lissenode Fiants Eliz. 6663 1602 5. Lyssynoed CPR Jas. I 98b 1606 6. Lissennoyde Inq. Jac. I, 5 1611 7. Lissenoide CPR Jas. I 228a 1612 8. Lissenoide Inq. Car. I, 21 1628 9. Lissenoid Inq. Car. I, 28 1628 10. Lissneoid Inq. Car. I, 28 1628

225 Amhrasach - luaite le Thomas Lee. Tá Kiltober eile i mbarúntacht Mhaigh Chaisil. 226 ‘-, wood of the well.’ ?AL: d.

133 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Droim Raithne

11. ?Lissenord Inq. Car. I, 37 1629 12. Lissenoide Inq. Car. I, 66 1631 13. Lissenoide Inq. Car. I, 116 1635 14. Lissenoide Inq. Car. I, 124 1636 15. Lessenoid Inq. Car. I, 124 1636 16. Lissenoide Inq. Car. I, 161 1640 17. Lissenoyde DS 1655c 18. Lissenoide Census 525 1659c 19. Lissenoid ASE 184 1669 20. Lissenayde BSD 12b 1670c 21. Lissenode Inq. Car. II, 7 1675 22. Lissenoide Inq. Car. II, 7 1675 23. Lissenoide CGn. 70-60-47344 1732 24. Lissenoid CGn. 84-208-59565 1736 25. Lissanode WPB 1761 26. Lisnoade SEH 16 1786 27. Lissenode Larkin 1808 28. Lissanode LEL 21 1822 29. Lianode TAB 1826 30. Lisnaode AL: GJP 1837 31. Lisinode AL: BS 1837 32. lios an fhoid AL: pl. 1837 33. Lios an fhíodh227 AL: d. 1837

34. »lis´n«o˘d P. Moran 2009 Is éard atá sa chéad eilimint anseo ná lios ‘enclosed ground of ancient dwelling house, enclosed space, garth; ring-fort; fairy-mound; ring, halo’ (FGB (1a; 1b; 1c; 2)). Fód ‘sod; strip of ground; layer of sods; spot of ground, place; piece, chunk’ (FGB 1 (2; 3; 4; 5; 7) atá sa dara heilimint, agus í sa g. uatha anseo. Tá caisleán le feiceáil sa bhaile fearainn seo ar léarscáil an DS. Tá ‘ring-fort’ (NMS WM023-065) in iarthar an bhaile fearainn, agus ‘earthwork’ in oirthear an bhaile fearainn (NMS WM023-075). Is deacair ciall a bhaint as an bhfoirm a mhol an Donnabhánach san AL (foirm 33); is

227 ‘-, fort of the sod.’ AL: d.

134 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Droim Raithne léir ón aistriúchán a thugann sé (féach n. 227) gurbh é Lios an Fhóid a bhí i gceist aige.

Newgrove An Choilleog Nua ‘the new grove’ 1. New Grove AL: BS 1837 2. New Grove AL: St. George Gray 1837 Ainm Béarla – diméin bheag (34 acra) a bhí sa bhaile fearainn seo. Tá Newgrove or Badgersbridge Ho marcáilte ar an CESO. Tá coilleog le feiceáil ar an CESO in aice leis an teach.

Oldtown or Puddingstreet An Seanbhaile nó Sráid na bPutóg ‘the old townland or the street of the guts/puddings’ 1. Oldtown Parke CGn. 366-464-246288 1785 2. sraid na bputóg AL: pl. 1837 3. Sráid na bPutóg228 AL: d. 1837

4. pudin stri˘t Patrick Moran 2009 Tá cuid mhór bailte fearainn den ainm Oldtown tríd an tír agus iad athghaelaithe ag an mBrainse Logainmneacha mar An Seanbhaile. Féach An Seanbhaile/Oldtown i gCo. Thiobraid Árann mar shampla (BLÉ 46997). Ní úsáidtear Oldtown go háitiúil. Maidir le Pudding Street, is díol suntais an fhoirm Ghaeilge áitiúil (2), mar is mór an seans gur ainm réasúnta déanach é seo, agus shílfí go mbeadh bunús sa Bhéarla aige dá bharr. Ní féidir a bheith cinnte ar leagan malartach Gaeilge ar an ainm Béarla atá i bhfoirm 2, nó an aistriúchán atá in Pudding Street ar bhunainm Gaeilge. Tá cúpla logainm sa tír leis na heilimintí putóg/pudding. Tá Gort na bPutóg/Puddingfield i gCo. Thiobraid Árann; is san AL (1840) a aimsíodh an tagairt is luaithe do pudding san ainm sin: ‘Cé gur sinne a d’aistrigh Puddingfield go Gaeilge, b’fhéidir gurb amhlaidh a aistríodh *putóg roimhe sin’ (Ó Cearbhaill 2010b: teagmháil phearsanta). Baile fearainn eile i gCo. Thiobraid Árann is ea Cnocán Putóg/Knockane (Puttoge). Is i ngníomhas ó 1750 a aimsíodh an tagairt is luaithe do putóg san ainm seo (féach BLÉ 48100 – taifid téacs). Is cosúil gur tháinig an focal putóg isteach sa Ghaeilge ón

228 ‘-, street of the guts (extorum).’ AL: d

135 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Droim Raithne mBéarla, am éigin sa tréimhse 1200-1600 (Finnegan 2013b, le teacht), agus is in 1643 a fhaightear an tagairt is luaithe don fhocal seo atá aimsithe agam (DIL s.v. indrechtán (Sanasán Mhichíl Uí Chléirigh)); ní bheimis ag súil le putóg ach i logainmneacha déanacha mar sin. Is ó 1830 an fhoirm is luaithe de Ballynapottoge i dTír Eoghain dá bhfuil againn: Ballinaputtock (PNI 20468). Féach Finnegan (2013b (le teacht)), le haghaidh thuilleadh plé ar an eilimint -putóg i logainmneacha na hÉireann.

Pishanagh An Piseánach ‘the place of peas’ 1. "the Pissan" Inq. Jac. I, 5 1611 2. Pissan CPR Jas. I 228b 1612 3. Pishanagh DS 1655c 4. Pissanagh ASE 184 1669 5. Pishanack TAB 1826 6. piseánach AL: pl. 1837 7. Pishánăgh AL: d. 1837 8. Piseánach229 AL: d. 1837 Tá baile fearainn eile den ainm Pishanagh i mbarúntacht Ráth Conarta, thart ar cheithre chiliméadar is fiche soir ó thuaidh den bhaile fearainn seo. Móinteach atá i gcuid mhór den bhaile fearainn sin; ‘Piseánach, vetches’ a thugann Paul Walsh (1957: 362). Tá cuma fhliuch ar an gcuid ó thuaidh den bhaile fearainn seo chomh maith. Piseánach ‘peas, pulse, lentils, leguminous plants’ (FGB 1) is bun leis an ainm seo. ‘From the diminutive piseán [pishane] is formed (by the addition of ach - p. 3) Pishanagh, the name of townlands in Westmeath, signifying a place producing pease’ (Joyce 1875: II 323). Fianaise is ea foirm 1 ar an alt a bheith in úsáid leis an ainm seo.

Streamstown Baile an tSrutháin ‘townland of the stream’ 1. Balle-Trowan Fiants Eliz. 3212 1578 2. Ballyntrohan Inq. Jac. I, 5 1611 3. Ballintrohan Inq. Car. I, 98 1634

229 ‘-, abounding in vetches.’ AL: d.

136 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Droim Raithne

4. Ballentrohan Inq. Car. I, 21 1628 5. Ballentrohan Inq. Car. I, 162 1640 6. Ballintrohan DS 1655c 7. Ballentrohan Census 525 1659c 8. Balintrohane BSD 13b 1670c 9. Streamstown SEH 22 1786 10. Streamestown Larkin 1808 11. Streamstown LEL 19 1822 12. Streamstown TAB 1826 13. Streamstown230 TAB 1829 14. (?) Streamston AL: Inq. Car. I 1837 15. baile an t-srutain AL: pl. 1837 16. Baile an t-Srutháin231 AL: d. 1837 17. Streamstown recte Streamtown AL: JOD 1837 18. baile an tsrothan AL: pl. 1837 19. Baile an tSrothain232 AL: d. 1837 Tá dhá bhaile fearainn den ainm seo in aice a chéile ar theorainn pharóistí Nuachabhála agus Dhroim Raithne (is dócha gur aon bhaile fearainn amháin a bhí ann ó thús). Tiomsaíodh an fhianaise ón AL agus ó fhoinsí eile don dá bhaile fearainn le chéile anseo, óir nach féidir iad a idirdhealú ó chéile Baile ‘townland, place’ atá sa chéad eilimint. Sruthán ‘(small) stream, rivulet, brook’ (FGB 1 (1)) atá sa dara heilimint, agus í sa g. uatha anseo. Tá cúpla sruthán sna bailte fearainn seo, ach sníonn an príomhcheann siar ó thuaidh in aice le teorainn thiar an dá bhaile fearainn chúnga fhada seo. Tá ‘mill race’ (CESO) marcáilte ar shruthchúrsa a scarann ón sruthán seo ag Crockdostha Bridge (DESO). Tá Baile an tSrutháin/Streamstown in Uíbh Fhailí mínithe ag an mBrainse Logainmneacha mar ‘the town of the stream’ (BLÉ 41426).

Toorbeg Tuar Beag ‘little bleach/field’ 1. ?Tuormine ASE 189 1669

230 Luaite sa TAB do pharóiste Nuachabhála. 231 ‘-, villa rivulim, town of the streamlet, brook or runnel.’ AL: d (Noughaval). 232 ‘-, town of the streamlet.’ AL: d.

137 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Droim Raithne

2. ?Touranim BP 24 1703 3. ?Clontuara CGn. 70-58-47344 1732 4. ?Tore233 WPB 1761 5. Tore Larkin 1808 6. Touar LEL 21 1822 7. Tour TAB 1826 8. Touer TAB 1826 9. (?) Twore AL: Inq. Car. I 1837 10. Tourbeg AL: BS 1837 11. Tuair beag AL: pl. 1837 12. Tuar Beag234 AL: d. 1837 Tuar ‘dung, manure; manuring of land, manured land; cattle-field, sheep-run; pasture, lea; bleaching-green’ (FGB 2 (1a; 1b; 2) 3 (2)). Beag ‘little, small’ aid. (FGB 2 (1)) atá sa dara heilimint. Toisc traidisiún de thionscal an lín a bheith sa cheantar (bhí muileann lín ar an Móta san 18/19ú haois déag (Lewis 1837: 374) is maith an seans gurb é ‘bleaching-green’ is bun leis an ainm seo – ach ní sheasann aon ghné nó aon cheantar amach sa bhaile fearainn a bheadh feiliúnach don obair sin (droim nó cnoc gairbhéalach mar shampla). D’fhéadfadh páirc bheag imfhálaithe a bheith i gceist le tuar chomh maith.

Walderstown Baile Bháltair ‘Walter’s townland’ 1. Waltereston Fiants Edw. VI 461 1550 2. Walteriston Fiants Edw. VI 1079 1552 3. Waltereston Inq. Eliz., 1 1562/63 4. Walterstowne Fiants Eliz. 2561 1575 5. Walterstoune Fiants Eliz. 6663 1602 6. Walterston Inq. Jac. I, 1 1607 7. Walterston otherwise Ballyvater CPR Jas. I 228a 1612 8. Waterston CPR Jas. I 228a 1612 9. Walterstowne Inq. Car. I, 3 1625

233 Amhrasach – luaite le William Briscoe; tá duine eile den sloinne seo luaite le Farrannamoreen i bparóiste Chill Chainnigh Thiar san fhoinse chéanna. 234 ‘-, Little Bleach or green field.’ AL: d.

138 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Droim Raithne

10. Walterston Inq. Car. I, 21 1628 11. Walterston Inq. Car. I, 37 1629 12. Walterstowne Inq. Car. I, 44 1630 13. Walterstowne Inq. Car. I, 161 1640 14. Walterstowne DS 1655c 15. Walters Towne Census 525 1659c 16. Walterstowne ASE 184 1669 17. Walterstowne BSD 11b, 12b 1670c 18. Walerstown SEH 10 1786 19. Walterstown SEH 17 1786 20. Walderstown Larkin 1808 21. Walderstown AL: HCER (1826) 1837 22. Walterstown AL: HCSVR (1824) 1837 23. Walderstown AL: GJP 1837 24. baile baldair235 AL: pl. 1837 25. Baile Bhaldair236 AL: d. 1837 Tá an áit seo athghaelaithe cheana féin ag an mBrainse Logainmneacha mar Baile Bháltair (BLÉ 51041), agus tacaíonn foirm 7, ach go háirithe, le seo. Tá fothrach caisleáin díreach buailte leis an teorainn le Cauran i dtuaisceart an bhaile fearainn.

235 Nod atá san AL (LS) don siolla deiridh anseo. 236 ‘This is called Walterstown by the inhabitants.’ AL.

139

140 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Nuachabháil

Nuachabháil Tá daichead baile fearainn sa pharóiste seo, dhá oileán ar Loch Rí ar bailte fearainn iad san áireamh. Luíonn cuid den pharóiste thar an teorainn i gCo. an Longfoirt, sa réimse talaimh atá idir An Inneoin agus An Eithne – ach is leis an chuid den pharóiste atá san Iarmhí amháin a phléitear anseo. Tá an paróiste roinnte ina dhá chuid; tá na hoileáin ar Loch Rí agus cúig bhaile fearainn eile scoite amach ó mhórchuid an pharóiste ag stráice caol de pharóiste Chill Chainnigh Thiar a théann chomh fada ó thuaidh le bruach Loch Rí in Bethlehem. Tugann an Donnabhánach an cuntas seo ar an bparóiste san AL:

‘This Parish contains 11588 a. 1 r. 9 p. of which there are only about 500 acres bog. The remainder arable with the exception of 2573 a. 1 r. 32 p. water’. Talamh réchnocach atá sa tírdhreach – ní éiríonn an tír níos airde ná nócha méadar in áit ar bith. Tá cuid mhór den pharóiste cois Loch Rí nó cois abhann (An Eithne, An Inneoin/Dungolman River, Owenacharra River agus Creggy River). Is é Thomas O’Connor (Walsh 1957: 24 n. 3) a scríobh nóta beag ar an bparóiste mar chuid den LSO don Iarmhí (II 67). Luann sé láthair shean-séipéal an pharóiste mar ‘burying place’ chomh maith le láthair na seanmainistreach in Ardnacrany North. Ba é an dara lá de mhí Iúil lá an phatrúin, ach bhí ainm éarlamh an pharóiste imithe as an traidisiún faoi aimsir na suirbhéireachta dar leis (LSO IM II 67 & Walsh 1957: 24-25). Luaitear ‘Fachtna, epscop o’n Nuachongbhail’ don 19ú Eanáir (MartD. 20).

Aghafin Achadh Fionn ‘white/fair field’ 1. Agherfine CPR Jas. I 430b 1619 2. Aghafynn Inq. Jac. I, 33 1621 3. Aghefyn Inq. Jac. I, 33 1621 4. Aghafynn Inq. Car. I, 19 1628 5. Aghafin DS 1655c 6. Aghafin BSD 10b 1670c 7. Aghafin ASE 82 1666 8. Aghafine Inq. Car. II, 7 1675 9. Aughafin Larkin 1808 10. Aughafin TAB 1829

141 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Nuachabháil

11. Aughafin AL: BS 1837 12. acha feann AL: pl. 1837 13. Acha Fionn237 AL: d. 1837 Achadh ‘field’ (FGB) atá sa chéad eilimint anseo. Tá achadh fíorchoitianta i logainmneacha tríd an tír ar fad. Fionn ‘white, bright, clear (FGB 3 (1)) atá sa dara heilimint. Fianaise ar an gcanúint áitiúil is ea an litriú feann i bhfoirm 12. Scríobh an Donnabhánach an méid seo agus é ag trácht ar Illanfan, ainm oileáin bhig i bparóiste Bhun Abhann: ‘In this neighbourhood, and in the King’s County Fioñ, fair or white is prond. fan’ (AL). Féach Achadh Fionn/Aghafin in Uíbh Fhailí (BLÉ 41248).

Aghanapisha Achadh na Pise ‘field of the peas’ 1. Aghenepissye Inq. Car. I, 85 1633 2. Aghanapish DS 1655c 3. Aghanapish BSD 10b 1670c 4. Aghnepisha, SEH 21 1786 5. Aghnepishe SEH 22 1786 6. Aughnepisha SEH 23 1786 7. Aughnapisky Larkin 1808 8. Aughnapisha LEL 19 1822 9. Aughnapishe TAB 1829 10. Aghanapish AL: HCSVR (1824) 1837 11. Aughnapisha AL: BS 1837 12. ach na pisea AL: pl. 1837 13. Acha na Pise238 AL: d. 1837 Achadh ‘field’ (FGB) atá sa chéad eilimint anseo. Pis ‘pea, pea-plant, peas’ (FGB 1) atá sa dara heilimint. Cé go bhfuil pis sa g. uatha anseo is dócha go bhfuil ciall iolra léi. Is in aon pháirc mhór amháin a bhí an baile fearainn seo in 1837 (CESO).

Ardnacrany North ?Ard Mhic Gráinne Thuaidh ‘?(the) height of Gráinne’s son (north)’ 1. Ardnecrane Crown Lands 263 1518c

237 ‘-, white or fair field.’ AL: d. 238 ‘-. ager ervi, field of the peas.’ AL: d.

142 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Nuachabháil

2. Artenecrane Meath and Westmeath Act 239 1542 3. Athnecrane Fiants Hen. VIII 476 1544 4. ?Adnycrane Fiants Eliz. 2117 1572 5. ?Adnycrane Fiants Eliz. 2444 1574 6. Ardnecrane Fiants Eliz. 2528 1574 7. ag ard mic Graini ALC ii, 456 1582 8. Ardnecrany CPR Jas. I 62a 1604 9. Ardneerany CPR Jas. I 476a 1620 10. Ardnecranery Inq. Jac. I, 43 1623 11. Ardnecrany DS 1655c 12. Arnecraney Census 526 1659c 13. Ardnecrany ASE 73 1666 14. Ardnecrane ASE 82 1666 15. Ardnecrany BSD 9b 1670c 16. Ardnacrana Piers 1682 17. Ardnacrana BP 24 1703 18. Ardnecrany240 LP 146 1754 19. Ardnacrany WPB 1761 20. Ardnecranæ HD 752 1762 21. Ardnecrany SEH 21 1786 22. Ardnacranny Larkin 1808 23. Ardnacrany TAB 1829 24. Ardnerany AL: Down Survey refc. 1837 25. Ardnacranny North AL: BS 1837 26. Ardnecrany AL: HCSVR (1824) 1837 27. ard na creny AL: pl. 1837 28. Ard na Cránna241 AL: d. 1837

29. ardn´kre˘ni˘ T. Walsh 2011

239 Féach Walsh 1957: xiii. 240 Tá méid seo le rá ag Lodge i mbrollach a leabhair: “The Names of Places and Denominations of Land, are printed, as they appear upon the Patent Rolls, Deeds etc.; which in many Instances, differ as much from the common Pronunciation, as the French Laguage, and therefore must not be supposed to be false, erroneous.” ix. 241 ‘-, hill of the sow.’ AL: d.

143 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Nuachabháil

Ard ‘height, hillock; top, high part (FGB 1 (1 & 2)) atá sa chéad eilimint anseo. Eilimint fíorchoitianta tríd an tír ar fad is ea ard. Is minic ainm pearsanta ceangailte leis (Flanagan & Flanagan 1994: 17-18). Den chuid is mó tá an baile fearainn seo cothrom, ach tá ceantar beag ardaithe (os cionn 60m) in aice le láthair na mainistreach. Luann an Donnabhánach an méid seo; ‘An old monastery in ruins here, a burial place here’ (AL). Bunaíodh an mhainistir seo sa 14ú haois ag ‘Roberto Dillon, Domino Drumranij’ (HD 752). Bronnadh an baile fearainn seo ar ‘Sir Robert Dillon’ in 1544 (féach foirm 3). Is ag Roibeard Diolún eile, duine de shliocht an Roibeaird a luadh san HD gan amhras, a bhí an baile fearainn seo i 1582: ‘An cuach do gairm aghaid nollag ag Ard mic Graini, a b-fhiadnaisi Roiberd Dilmain ocus Diarmada meg Duibh, ocus fa mór an t-ingnad sin’ [An chuach do ghairm oíche Nollag ag Ard Mhic Gráinne, i bhfianaise Roibeird Diolúin agus Diarmada mhic Dhuibh, agus ba mhór an t-ionadh sin] (ALC ii, 456). Tá an fhoirm seo, foirm 7, aistrithe san FSAG mar seo; ‘H.[eight] of Gráinne’s son’ (FSAG 1, 93). Luann Piers an méid seo: ‘Ardnacrana, a monastery or as some say a nunnery, whether is uncertain; I shall only observe and and [sic] so pass it by, that the word in the Irish language soundeth, the high place of the Sow’ (Piers 80-81); tugann an Donnabhánach an míniú céanna (féach n. 241 thuas). Aontaíonn an fuaimniú áitiúil comhaimseartha leis an bhfoirm a breacadh i bpeann luaidhe san AL (foirm 27). Cuirtear líne faoin gcuid deiridh den fhoirm seo le cur in iúl gur fuaim e˘ atá san e in –creny. Eilimint Bhéarla is ea north sa chás seo – níl aon fhianaise go dtéann sí siar roimh aimsir an BS (c. 1825).

Ardnacrany South ?Ard Mhic Gráinne Theas ‘?(the) height of Gráinne’s son (south)’ 1. Ardnacranny South AL: BS 1837 2. Ardnacranny South AL: Mr. John Johnston 1837 Eilimint Bhéarla is ea south sa chás seo – níl aon fhianaise go dtéann sé siar roimh aimsir an BS (c. 1825). Is ar éigean a bhuaileann Ardnacrany South agus Ardnacrany North lena chéile – luíonn stráice fíor-chaol de Aghafin eatarthu.

Ballynalone Baile na Leamhán ‘townland of the elms’

144 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Nuachabháil

1. ?Balncloyne Crown Lands 1540-1 2. ?Balneclone Crown Lands 1540-1 3. Ballinenoen DS 1655c 4. Balnalone TAB 1829 5. Ballyneloe ? AL: Inq. Car. I 1837 6. baile na AL: pl. 1837 7. Baile na Léon242 AL: d 1837 8. Ballinalone AL: BS 1837 9. Ballynelone AL: Revd. Mr. Battersby 1837 10. baile na leóghan AL: pl. 1837 11. Baile na Leóghan243 AL: d. 1837 Tá baile fearainn beag den ainm seo i bparóiste Dhroim Raithne chomh maith; luíonn sé díreach in aice leis an mbaile fearainn seo – tá an fhianaise ón AL don dá bhaile fearainn tiomsaithe le chéile agam anseo. Baile ‘place, townland’ atá sa chéad eilimint. Tá foirm 3 marcáilte san áit cheart don bhaile fearainn seo ar léarscáil an DS, agus tá cosúlacht Baile na hAbhann (nó Baile na nAbhann?) ar an bhfoirm sin (sruthaíonn an Tang River cois Ballynalone), ach ní bheifí ag súil le abh le fuaim Ultach sa cheantar seo (féach Bunown i bparóiste Bhun Abhann). Ó na foirmeacha déanacha eile is dócha gur leamhán ‘elm’ (FGB) atá sa dara heilimint, agus í sa g. iolra anseo.

Bawn An Bábhún ‘the bawn, fortified enclosure’ 1. Bawne Fiants Eliz. 5398 1590 2. Bawne Inq. Jac. I, 5 1611 3. Bawne CPR Jas. I 228a 1612 4. Bawne CPR Jas. I 513a 1621 5. Bawne CPR Jas. I 513a 1621 6. Bawne AL: Inq. Car. I 1837 7. badhbhun AL: pl. 1837 8. Badhbh Dhún244 AL: d. 1837

242 ‘-, villa leonum. town of the lions.’ AL: d. 243 ‘-, Town of the lions.’ AL: d. 244 ‘-, a bawn or castle enclosure.’ AL: d.

145 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Nuachabháil

Bábhún ‘walled enclosure, bailey, bawn’ (FGB (1)) atá san ainm seo; ‘An old castle here – no remains now’ (AL). Tá foirgneamh marcáilte ar léarscáil an DS sa cheantar seo. Níl aon rian den chaisleán ann anois. Tá ainm cosúil le seo i gCo an Chabháin athghaelaithe agus mínithe ag an mBrainse Logainmneacha cheana féin (BLÉ 5089).

Brackagh An Bhreacach ‘the speckled (place)’ 1. Breckaghe Inq. Jac. I, 1 1607 2. Breckagh CPR Jas. I 125a 1608 3. Brackagh ASE 184 1669 4. Brockagh Larkin 1808 5. Brackagh AL: Inq. Car. I 1837 6. breacach AL: pl. 1837 7. Breacach245 AL: d. 1837 Breacach ón aidiacht breac ‘speckled, dappled’ (FGB 2 (1)) atá san aimn seo. Tá thart ar ocht mbaile fearainn déag den ainm seo sa tír – tá cúpla ceann athghaelaithe cheana féin ag an mBrainse Logainmneacha. Féach mar shampla An Bhreacach/Brackagh i gCo Mhuineacháin (BLÉ 39668).

Cannorstown (Chapman) Baile an Chaonóraigh (Chapman) ‘Cadinor’s Townland (Chapman)’ 1. Ballyncanore Fiants Eliz. 6797 1545 2. Canorston Fiants Eliz. 4151 1583 3. Canerston Fiants Eliz. 5145 1588 4. Canorston Fiants Eliz. 5398 1590 5. Canarstowne al' Ballencainoragh Inq. Jac. I, 5 1611 6. Cannerston CPR Jas. I 228a 1612 7. Cannarston otherwise Ballencaynoragh otherwise Fowlerstowne CPR Jas. I 228a 1612 8. Canerstown CPR Jas. I 485a 1620 9. Canorstown alias Ballencannoragh

245 ‘-, speckled field.’ AL: d

146 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Nuachabháil

alias Fowlerstown CPR Jas. I 513a 1621 10. Canorstown alias Ballencannoragh alias Fowlerstown CPR Jas. I 513a 1621 11. Canerstown CPR Jas. I 569b 1623 12. Cannorston Inq. Jac. I, 59 1624 13. Cannorston DP 38 1625 14. Canerston Inq. Car. I, 19 1628 15. Cannorstowne Inq. Car. I, 44 1630 16. Canerstown Inq. Car. I, 58 1631 17. Canorston Inq. Car. I, 142 1639 18. Cannerston Inq. Car. I, 157 1640 19. Canorston Inq. Car. I, 162 1640 20. Conerstowne DS 1655c 21. Conors Towne Census 526 1659c 22. ?Cannonstowne ASE 73 1666 23. Conerstowne BSD 10b, 14b 1670c 24. Connorstown Piers 83, 91 1682 25. Camerstowne BP 24 1703 26. Cannerstowne BP 24 1703 27. Cannerstown LP 154 1754 28. ?Connorstone246 WPB 1761 29. Cannorstown Larkin 1808 30. Connorstown TAB 1829 31. Cannonstown Chapman AL: BS 1837 32. Cannerstown AL: HCSVR (1824) 1837 33. baile chaonórach AL: pl. 1837 34. Baile Chaonórach247 AL: d. 1837

35. kaniStaun T. Walsh 2007

36. kaniStaun J. Higgins 2007

248 37. kan´rstaun J. Higgins 2007

246 Luaite le Thomas Beaghan – amhrasach. 247 ‘-, Canor’s town.’ AL: d 248 ‘well to be honest … kan´rstaun is the name of it, they call it kaniStaun.’

147 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Nuachabháil

Tá an áit seo athghaelaithe cheana féin ag an mBrainse Logainmneacha mar Baile an Chaonóraigh (Chapman)/Cannorstown. Is cosúil gur sloinne Normannach atá sa dara cuid den ainm seo, féach ‘(Cadinor etc. Cadhnórach A Mac a Bh)’ (BLÉ 51064 (2)). Is í an tagairt iomlán; ‘Cill Mhantáin: Cadinoreston (Cal. Justiciary Rolls 1297.81) agus Tiobraid Árann: Thomas Cadynor (CJR 1308.10)’ (as saothar neamhfhoilsithe sa Bhrainse Logainmneacha de chuid Alan Mhic an Bhaird). Ar an mbonn seo mhol sé ‘Baile an Chadhnóraigh’. Bhí an baile fearainn seo i seilbh ‘Sir Richd. Chapman’ in 1837 (AL). Maidir leis an alias Fowlerstown atá i bhfoirm 7, 9 agus 10 tá seans go raibh an baile fearainn i seilbh duine den sloinne Fowler ag tús an 17ú haois.

Cannorstown (Hogan) Baile an Chaonóraigh (Hogan) ‘Cadinor’s Townland (Hogan)’

1. Cannonstown Hogan AL: BS 1837 Bhí an baile fearainn seo i seilbh ‘Counsellor Hogan’ in 1837 (AL). Tá Cannorstown Castle (in ruins) marcáilte gar don teorainn le Cannorstown Chapman ar an CESO. Is dócha go raibh sé i lár an tseanbhaile fearainn sular roinneadh é.

Carrick An Charraig ‘the rock’ 1. ?Carrac Laegaire Misc. H. 2. 7: 311 8ú haois 2. Karrick CPR Jas. I 513a 1621 3. Kerrioghs CPR Jas. I 513a 1621 4. Carrick CPR Jas. I 513a 1621 5. Kerraghes CPR Jas. I 513a 1621 6. ?Carraig Laoghaire LGen. 780 §6 1650c 7. Carrick Larkin 1808 8. Carrick TAB 1829 9. (?) Carricke AL: Inq. Jac. I 1837 10. (?) Carricke AL: Inq. Car. I 1837 11. (?) Carrick AL: Inq. Jac. I 1837 12. (?) Carrick AL: Inq. Car. I 1837 13. (?) Carrick AL: Inq. Car. II 1837

148 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Nuachabháil

14. carraic AL: pl. 1837 15. Carraic249 AL: d 1837

16. »kar«ik' J. Higgins 2007 Níl aon deacracht leis an bhfoirm anseo; carraig ‘rock’ (FGB) atá inti. Rinneadh suirbhé seandálaíochta ar lios sa bhaile fearainn seo i 1971; ‘A large stone protrudes in the interior’ (NMS WM 016-023). Is dócha gurb í an charraig seo a thug a hainm don bhaile fearainn. Maidir le foirmeacha 1 agus 6, b’fhéidir go dtagraíonn siad don bhaile fearainn seo: ‘In *Ceinéal Maine, WH: perh. tl. Carrick, p. Noughaval, b. Kilkenny W.’ (FSAG 3: 93). Tá garraí ciorclach marcáilte ar an CESO, agus an méid seo scríofa in aice leis: ‘Cross (site of)’. Beagán soir ón áit seo tá Relicnapastia scríofa isteach ar an léarscáil. Is mar seo a rinne an Donnabhánach cur síos ar Relicnapastia in 1837: ‘It is a small field of triangular form’(AL). Bhíodh thart ar dhá thrian d’acra ann. Maidir le láthair na croise tá an méid seo le rá aige: ‘It is situated nearly in the centre of the relic na pastha. This cross was in former days where a R.C. Alter [sic] stood, the track of which at present is scarcely to be observed’ (AL). Tá an chosúlacht ar an scéal go raibh láthair eaglasta ársa ar an suíomh seo, cé go bhfuil na sconsaí thart ar an suíomh leagtha anois. Insítear leagan de thairngreacht Cholm Cille go háitiúil: ‘where the black pig rooted, they’ll come from the north ... he rooted in Carrick, he rooted there, that’s supposed to be where the war will be fought, when the war breaks out between the north and the south in this country, that’s a prophecy, Colmcille’s Prophecy’ (agallamh le J. Higgins 2007).

Cartron An Cartún ‘the carton’ 1. ?Cartronaghereogh CPR Jas. I 228a 1612 2. ?Cartronknockan and Cartronkilkeran CPR Jas. I 513a 1621 3. ?Cartronknockan and Cartronkilkeran CPR Jas. I 513a 1621 4. ?Cartronkeel TAB 1829 5. ?Cartonmurta TAB 1829 6. Cartún AL: d. 1837

249 ‘-, rupes, a rock.’ AL: d.

149 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Nuachabháil

7. kartun J. Carty 2007 Is éard atá san ainm seo ná cartún ‘chartered land, holding; measure of land (equated to 64 acres)’ (FGB s.v. cartúr. Cé go bhfuil 126 acra sa bhaile fearainn seo, tá tríocha acra de sin i Creggan Lough, agus tá thart ar chaoga acra a bhíonn faoi thuile i rith an gheimhridh. Maidir le foirm 1 is dócha gur Cartún an Ghaorthaidh atá ann. Tá coill den sórt seo, gaorthadh ‘(wooded) river-valley’ (FGB), ag fás anois ar an talamh íseal sa taobh thoir den bhaile fearainn. Maidir leis na foirmeacha 1-5 ní feidir a bheith cinnte go dtagraíonn siad don áit seo – ach níl aon deacracht leis an bhfoirm Ghaeilge ar aon chuma.

Cartroncroy An Cartún Crua ‘the hard carton’ 1. Cartroncroy Inq. Car. I, 162 1640 2. Cartron Croy Census 526 1659c 3. cartún croy/ troy AL: pl. 1837 4. Cartún Cruaidh250 AL: d. 1837

5. karton kroi J. Higgins 2007 Is éard atá sa chéad eilimint anseo ná cartún ‘chartered land, holding; measure of land (equated to 64 acres)’ (FGB s.v. cartúr). Crua ‘hard’ (FGB 3) atá sa dara heilimint. Tá ‘troy’ scríofa isteach os cionn ‘croy’ chun an fuaimniú áitiúil a léiriú. Tá sampla de crua a bheith fuaimnithe mar seo i gCo. an Cabháin; Carraigeach Chrua/Carrickacroy (ainm neamhdheimhnithe); (BLÉ 5152).

Cloghannagarragh Clochán na gCearrbhach ?‘Stone structure of the gamblers’ 1. ?Cloghanenaghe Fiants Eliz. 5826 1593 2. Cloghaunagarragh AL: BS 1837 3. clochan na gearach AL: pl. 1837 4. Clochán na gCearbhach251 AL: d. 1837

250 ‘-, hard cartron.’ AL: d. 251 ‘-, stony ford of the gamblers or caroghs.’ AL: d.

150 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Nuachabháil

Clochán ‘stepping stones; (old) stone structure: stony ground’ (FGB (1-3) atá sa chéad eilimint anseo. Tá ‘stepping stones’ scríofa isteach ar an DESO san áit a dtéann cosán thar shruthán ag teorainn theas an bhaile fearainn. Cearrbhach ‘card-player, gambler’ (FGB) atá sa dara heilimint anseo, ach í sa g. iolra. Tharraing an Donnabhánach ciorcal beag i bpeann luaidh os cionn foirme 3 san AL. An é go raibh sé ag iarraidh ciorcal cearrbhach a chur in iúl dúinn? Bhíodh an teach tábhairne iomráiteach The Pigeons (marcáilte ‘The Pigeons Public House’ ar an CESO) sa bhaile fearainn seo (bogadh é go Bawn am éigin sa dara leath den 19ú haois agus cuireadh The Three Jolly Pigeons air, ach is The Pigeons a thugtar air go háitiúil i gcónaí, agus cuirtear an t-ainm seo ar an gceantar máguaird anois chomh maith. Ní haon ionadh é go mbeadh cearrbhachas ag dul ar aghaidh i bhfoisceacht theach an óil. Féidearthacht eile atá ann ná Clochán na nGearrach, gearrach ‘short drill or furrow’ (FGB).

Clogher An Clochar ‘the stony place’ 1. Clogher Crown Lands 125 1540 2. Cloghyr Crown Lands 213 1540-1 3. Clogher CPR Jas. I 142a 1609 4. Clogher DS . 1655c 5. Clogher ASE 73 1666 6. Clogher BSD 9b 1670c 7. Clogher WPB 1761 8. Clogher SEH 23 1786 9. Clougher Larkin 1808 10. Clogher TAB 1829 11. clochair AL: pl. 1837 12. Clochair252 AL: d. 1837 Clochar ‘stony place, stony ridge; stone building; convent’ (FGB 1 (1-3)) atá san ainm seo. Tá an eilimint seo coitianta go leor tríd an tír ar fad. Tá sé soiléir ón CESO agus an DESO go raibh an baile fearainn seo thar a bheith leacach uair amháin. Is dócha gur foirm thabharthach atá i bhfoirm 11.

252 ‘-, locus lapidosus, a stony place.’ AL: d.

151 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Nuachabháil

Clonkeen Cluain Caoin ‘smooth meadow’ 1. Clonkyn Crown Lands 213 1540-1 2. Clonekein Fiants Eliz. 6797 1545 3. Clonkene Fiants Eliz. 1355 1569 4. Clonekene DS 1655c 5. Clonekenlesmajor otherwise Gregagh CPR Jas. I 142a 1609 6. Clonkane BSD 9b 1670c 7. Clonkeen Larkin 1808 8. Clonkeen TAB 1829 9. Clonkeene AL: Down Survey refce. 1837 10. Clonkeene AL: Down Survey Map 1837 11. Cloonkeen AL: BS 1837 12. Clonkeen AL: HCSVR (1824) 1837 13. cluan caoin AL: pl. 1837 14. Cluan Caoin253 AL: d. 1837 Cluain ‘meadow; aftergrass’ (FGB 1 (1 & 2)) atá sa chéad eilimint anseo. Féach Ó Cearbhaill (2010) do phlé chuimsitheach ar an eilimint seo. De ghnáth tugtar cluain ar fhéarach in aice le habhainn nó le portach. Tá an baile fearainn seo díreach in aice leis an Owencharra River agus An Eithne agus tá ‘liable to floods’ scríofa isteach ar chuid den talamh atá cois abhann ar an DESO. Talamh oscailte, cothrom atá ann (tá thart ar chaoga acra in aon pháirc amháin). Réitíonn an suíomh go maith le ciall an dara heilimint caoin ‘smooth, delicate, gentle, refined’ (FGB 2). Tá thart ar ocht sampla déag eile den ainm seo sa tír. Luann Ó Cearbhaill chomh maith gur minic a fhaightear cluain in aice le láthair eaglasta. Tá fothrach séipéil; Templeabally Church, sa taobh thoir den bhaile fearainn; tá an chosúlacht ón sconsa ciorclach atá thart ar an séipéal gur láthair eaglasta ársa atá ann. Maidir le foirm 5, tá seans go bhfuil dhá ainm brúite le chéile de thaisme: Cluain Caoin agus Lios Mór. Tá lios ar bhruach na hEithne sa taobh thoir den bhaile fearainn. Tagraíonn Gregagh don bhaile fearainn Creggy (féach thíos).

253 ‘-, secessus amaenus vel. Pratum amaenum, beautiful lawn or meadow.’ AL: d.

152 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Nuachabháil

Coolaleena Cúil an Líne ‘corner of the line/flax?’ 1. cartron' Cowlelinaie Inq. Jac. I, 5 1611 2. Cartroncowlelinay CPR Jas. I 228b 1612 3. Coolalina TAB 1829 4. Coolalena AL: BS 1837 5. cúl a líne254 AL: pl. 1837 6. Cúl a Líne255 AL: d. 1837

7. ku˘l´li˘n´ áit 2011 Cúil ‘corner, nook (FGB 1 (1)) atá sa chéad eilimint anseo. Tá cosúlacht líne ‘line’ (FGB), sa g. uatha, ar an dara cuid den ainm seo. Is deacair ciall a bhaint as an mír seo i gcomhthéacs logainm. Ritheann bóthar deathógtha i líne fhada dhíreach tríd an mbaile fearainn go dtí go gcasann sé ag Coolaleena Cross Roads ag ceann thiar an bhaile fearainn. Toisc tagairtí a bheith againn ó thús an 17ú haois déag is beag seans gurb é an bóthar seo atá i gceist, mar is ar éigean a bheadh bóthar mar sin tógtha faoin am sin. D’fhéadfaí léana ‘lowlying grassy place, water-meadow; greensward, lawn (FGB (1 & 2) a bheith sa dara heilimint, ach is mó seans go mbeadh an fhuaim e˘ coinnithe sa chaint aitiúil da mba rud é gur léana a bhí i gceist. Tá an chuma ar an bhfianaise go raibh líne firinscneach sa logainm seo: ‘iā, f., later m. (Lat. linea)’ (DIL s.v líne), agus tá ciall luaite sa DIL a d’fhéadfaí a shamhlú le logainm mar seo: ‘Of birds clutch (of eggs), brood’ (DIL s.v. líne (d)). Féidearthacht eile is ea gur leagan ginidigh í an fhoirm seo den fhocal líon ‘flax’ (FGB 1 (1)): ‘o,n. (Lat. linum ?). Note also gs. lined’ (DIL s.v. lín (2)), foirm a réiteodh go maith le foirmeacha 1 agus 2. Tugann an Donnabhánach ‘ridge of the flax’ don ainm baile fearainn Drom Líne/Drumleen i gCo. Chorcaí (BLÉ 9850).

Coolvin Cúil Bhinn ‘pleasant corner/nook’ 1. cartron' Colvin Inq. Jac. I, 5 1611 2. Culvyn Inq. Jac. I, 5 1611

254 Tá dhá phonc (¨) os cionn an ‘n’ san ainmleabhar 255 ‘-, back of the line.’ AL: d.

153 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Nuachabháil

3. Colvin Inq. Jac. I, 5 1611 4. Cartroncollvin CPR Jas. I 228b 1612 5. cartron' Culvyn Inq. Jac. I, 33 1621 6. Cullvine Inq. Car. I, 19 1628 7. Culuin DS 1655c 8. Culvin SEH 21 1786 9. Culven SEH 29 1786 10. Coolvin TAB 1829 11. Cullvine AL: Down Survey 1837 12. cúl bhinn AL: pl. 1837 13. Cul Bhinn256 AL: d. 1837 Cúil ‘corner, nook (FGB 1 (1)) atá sa chéad eilimint anseo. Tá cúil baininscneach agus tá séimhiú le sonrú san fhianaise don dara heilimint binn. Féach nóta mínithe ag an mBrainse Logainmneacha do Tulaigh Bhinn/Tullyvin i gCo. an Chabháin; ‘pleasant hillock? Is é is dóichí gurb é an t-aidiacht [sic] binn atá i gceist anseo: ‘ceolmhar’ an bhunbhrí atá leis, ach tá brí níos leithne, ‘taitneamhach, fónta’, freisin leis’ (BLÉ 5445). Tá dhá áit a bhféadfaí ‘nook’ a shamhlú leo sa bhaile fearainn – tá sórt gleanna bhig chaoil as a n-éiríonn fuarán sa taobh thiar de lár an bhaile fearainn; ansin tá dhá theach suite i gcúinne beag íseal sa taobh thoir de lár an bhaile fearainn; ní raibh ach cosán ag dul isteach iontu de réir an DESO (a tarraingíodh sa tréimhse 1897-1913).

Corbrack An Chorr Bhreac ‘?the speckled hill’ 1. cartron' Corbrecknan Inq. Jac. I, 5 1611 2. Cartoncorbrecknan CPR Jas. I 228b 1612 3. Corbreacke Inq. Jac. I, 23 1619 4. cartron' Corbrackan Inq. Jac. I, 33 1620 5. Corbrack Inq. Car. I, 19 1628 6. Corbrack SEH 23 1786 7. cor breac AL: pl. 1837 8. Cor Breac257 AL: d. 1837

256 ‘-, back peak, or pointed hill.’ AL: d.

154 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Nuachabháil

Corr atá sa chéad eilimint anseo. Is beag an chabhair an Donnabhánach maidir le brí corr sa chás seo: ‘COR has many meanings’ (AL). Breac ‘speckled, dappled’ (FGB 2 (1)) atá sa dara heilimint. Seans gur breacachan ‘variegation’ atá sa dara cuid de fhoirmeacha 1, 2 agus 4. Maidir le foirmeacha 1, 2 agus 4, aonad achair is ea cartún/cartron. Tá cuma bhreacach ar chúpla páirc sa bhaile fearainn seo, an ceann mór in aice le Rockland House (féach DESO) ach go háirithe. Tá ainm cosúil le seo i gCo. Mhuineacháin athghaelaithe ag an mBrainse Logainmneacha mar An Chorr Bhreac/Corbrack; (BLÉ 39636). Níl aon chnocán suntasach le feiceáil sa bhaile fearainn ar an léarscáil (Discovery Series 1:50000).

Corlis Corrlios ‘?noticeable ringfort’ 1. Corless AL: John Johnston 1837 2. Corliss AL: BS 1837 3. cór lios AL: pl. 1837 4. Cór Lios258 AL: d. 1837 Corrlios ‘round fort’ (?) (FGB) atá san ainm seo. Tá sconsa beag leath-chiorclach marcáilte i lár an bhaile fearainn ar an CESO. Tá seans gurb é seo an lios. Níl aon rian den ghné seo le sonrú ar na grianghrafanna aeir anois. Tá an eilimint chomhfhoclach corrlios le fáil in ainmneacha thart ar ocht mbaile fearainn déag sa tír. Tá Corrlios Mór/Corlismore i gCo. an Chabháin mínithe ag an mBrainse Logainmneacha mar ‘big noticeable ring-fort’. Féach BLÉ 4882.

Creggan An Creagán ‘the stony/craggy place’ 1. Cregan Crown Lands 299 1531c 2. Cregan woghter Crown Lands 299 1531c 3. Cregan Crown Lands 300 1531c 4. Cregan Crown Lands 125 1540-1 5. Cregan Fiants Eliz. 6797 1545 6. Creggan Inq. Car. I, 98 1634 7. Creggan BSD 10b 1670c

257 ‘-, speckled hill.; AL: d. 258 ‘-, smooth fort, or fort of the pit.’ AL: d.

155 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Nuachabháil

8. Creggan CGn. 6-455-2584 1711 9. Creggans CGn. 8-188-2548 1711 10. Creggane TAB 1829 11. Cregan AL: Inq. Jac. I 1837 12. Creggan AL: Inq. Jac. I 1837 13. Creggane AL: BS 1837 14. cregidh259 AL: pl. 1837 15. Creagán260 AL: d. 1837 16. Loch a’ Chreagáin LÉ 1938

17. kregA˘n J. Higgins 2007 Creagán ‘rocky eminence, (patch of) stony ground, (patch of) barren ground’ (FGB 1 (1)) is bun leis an ainm seo. Tá dhá pháirc i dtuaisceart an bhaile fearainn leacach go leor. Tá an áit seo athghaelaithe cheana féin ag an mBrainse Logainmneacha. Féach; BLÉ 50982.

Creggy An Chreagaigh ‘craggy place’ 1. The Crege bege Crown Lands 300 1531c 2. Cregge Crown Lands 125 1540-1 3. Crege Crown Lands 125 1540-1 4. Clonekenlesmajor otherwise Gregagh CPR Jas. I 142a 1609 5. Creggy Inq. Jac. I, 5 1611 6. the Creggie CPR Jas. I 228a 1612 7. Creggy CPR Jas. I 228a 1612 8. the Creege CPR Jas. I 513a 1621 9. Creggy DS 1655c 10. Creggie Census 526 1659c 11. Creggy BSD 9b 1670c 12. Creggy SEH 23 1786 13. Creggy Larkin 1808

259 Scriosta = foirm den bhaile fearainn Creggy? 260 locus saxosus, stony or rocky land.’ AL: d.

156 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Nuachabháil

14. Creggy TAB 1829 15. Croggy AL: Down Survey refc. 1837 16. Cerggie AL: Down Survey Map 1837 17. cregy AL: pl. 1837 18. Creagaidh261 AL: d. 1837 Creagach ‘craggy, rocky, stony, barren’ (FGB) is bun leis an ainm seo, ach tá an fhoirm thabharthach creagaigh ag feidhmiú in áit an ainmnigh sa chás seo. Léirítear foirm thabharthach sna foirmeacha béarlaithe ar fad ach amháin foirm 4. Foirm de Clonkeen (féach thuas) atá sa chéad chuid de fhoirm 4. Luíonn Clonkeen ar an taobh ó thuaidh den bhaile fearainn seo. Is léir nach forás déanach é an fhoirm thabharthach a bheith ag feidhmiú in áit an ainmnigh mar tá fianaise ar an alt i bhfoirmeacha 1, 6 agus 8. Tá ainm cosúil le seo athghaelaithe cheana féin ag an mBrainse Logainmneacha; An Chreagaigh/Craggy i Maigh Eo. Tá foirm thabharthach tar éis teacht isteach in áit an ainmnigh sa chás sin chomh maith. Féach BLÉ 36983. Cf. Mac Gabhann – tráchtas neamhfhoilsithe ar logainmneacha Cho. Mhaigh Eo: Muraisc agus Inse Mó: 207).

Doonamona Féach Dunnamona i bparóiste Dhroim Raithní.

Doonis Dún Aonghasa ‘Aonghas’s fort’ 1. the Downis Crown Lands 299 1531c 2. the Downes Crown Lands 300 1531c 3. Downys Crown Lands 125 1540-1 4. ?the Downen Fiants Eliz. 6797 1545 5. Donnenes Fiants Eliz. 6657 1602 6. Donees Census 526 1659c 7. Doonyes BSD 10b 1670c 8. Doonyes CGn. 6-455-2584 1711 9. Doonis CGn. 91-500-65028 1738 10. Doonis Larkin 1808

261 ‘-, scopulosus locus, rocky land.’ AL: d

157 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Nuachabháil

11. Doonis TAB 1829 12. Doonins AL: John Johnston 1837 13. dúna AL: pl. 1837 14. Dúna262 AL: d. 1837 15. Loch Duibhinis LÉ 1938

16. »du˘n«´s J. Higgins 2007 Chuidigh an tAthar Paul Walsh le Fiachra Éilgeach maidir leis na logainmneacha atá ar LÉ (1938). Ní thugtar aon fhianaise ar an bhfoirm a tugadh do Doonis Lough ar an léarscáil sin (féach 15 thuas) áfach. Tá an áit seo athghaelaithe cheana féin ag an mBrainse Logainmneacha (ainm neamhdheimhnithe) mar Dún Aonghasa. Féach; (BLÉ 51071). Dún ‘fort, fortress; place of refuge, haven; (secure) residence, (secure) house; promontory fort, bluff’ (FGB 1 (1-4)) atá sa chéad eilimint. Tá trí lios, imfhálú, agus láthair crannóige sa bhaile fearainn (NMS WM015-009). Tugtar kar krin go háitiúil ar an láthair crannóige (J. Higgins 2007). Tá ceantar ciorclach ardaithe le sonrú chomh maith ar an stráice de thalamh íseal a luíonn idir Doonis Lough agus Loch Rí, a dhéanfadh láthair chosanta mhaith. An t-ainm pearsanta Aonghas atá sa dara heilimint agus í sa g. uatha. Tá an chuma ar an bhfoirm Ghaeilge áitiúil, dúna (13), go ndearnadh athanailís ar ainm seo bunaithe ar an bhfoirm mhearbhlach Bhéarla Doonis (síleadh gur -s iolra a bhí ann, b’fhéidir); dún > dúna (iolra).

Gortmore An Gort Mór ‘the big field’ 1. Gortmore Crown Lands 213 1540-1 2. Gortemore Fiants Eliz. 6797 1545 3. Gortmore Fiants Eliz. 1355 1569 4. Gortmore Fiants Eliz. 6238 1598 5. Gortmore Fiants Eliz. 6266 1599 6. ?Gortmore Fiants Eliz. 6450 1600 7. Gortmore Inq. Jac. I, 1 1607 8. Gortmore CPR Jas. I 142a 1609 9. Gortmore Inq. Jac. I, 5 1611 10. Gortmore CPR Jas. I 228b 1612

262 ‘-, Munitiones forts, or fortifications.’ AL: d

158 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Nuachabháil

11. Gortmore Inq. Jac. I, 26 1619 12. ?Gort CPR Jas. I 501a 1621 13. Gortmore Inq. Car. I, 19 1628 14. Gortimore DS 1655c 15. Gortmore Census 526 1659c 16. Gortmore ASE 73 1666 17. Gortmore BSD 9b 1670c 18. Gortmore BP 24 1703 19. Gortmore SEH 21 1786 20. Gortmore Larkin 1808 21. goirt mór AL: pl. 1837 22. Gort Mór263 AL: d. 1837 Gort ‘field; (standing) crop’ (FGB (1 & 2)) atá sa chéad eilimint anseo. Luann Dinn. an méid seo chomh maith; ‘a field or plantation, a corn-field and esp. a field of oats’. Mór ‘big, great, large’ (aid.) (FGB 3) atá sa dara heilimint. Den chuid is mó tá na páirceanna sa bhaile fearainn mór go leor – idir fiche agus tríocha acra an ceann (DESO). Tá ainm cosúil le seo i gCo. Luimnigh athghaelaithe agus mínithe ag an mBrainse Logainmneacha; An Gort Mór/Gortmore ‘the big field’ (BLÉ 31700).

Inchbofin Inse Bó Finne ‘island of the white cow’ 1. ab Indsi bó finde ATig. 215/216 754 2. abb Innse Bo Finne264 AU 208 §5 755 3. Riog Innsi bo finde FOeng. 238 830c 4. Ríoc Insi Bo Finne TLP 82 9ú hA. 5. Inis Bofinny AClon. 169 1010 6. Insi Bó Finne265 ARÉ 788 §18 1015 7. Inis Bó Finne AI 186 §3 1016 8. Innis Bofinne AClon. 184 1087 9. Inis Bó Finne CS 256 1089

263 ‘-, ager magnus, great field.’ AL: d. 264 ‘ndrectach m. Dluthaigh rex Nepotum Mani, Flathnia m. Flainn nepotis Conghaile rex Nepotum Foilghi, Fiangalach m. Anmchada filii Maele Curaich abb Innse Bo Finne for Loch Ri, Macc Ronchon di Cheniul Coirpri, Sneithceist abb Noindroma, mortui sunt.’ 265 ‘Fir Mumhan do orgain Insi Clothrann & Insi Bó Finne.’

159 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Nuachabháil

10. Inis bo finde ATig. 314 1089 11. Inis bo finne CGG 38 1110c 12. co hInis Bó Finni LL i 96 1160c 13. Rioc Insi Bó Finni LL vi 1591 1160c 14. Rioc Insi Bó Finni LL vi 1692 1160c 15. Ríocc Indsi bo findi BFen. 118 14ú hA.266 16. insule Bo Finne VSHH 180 §45 1390c 17. ad insulam Bo Finde267 VSHP 43 §31 15 hA. 18. Inchebofyne Fiants Eliz. 5404 1590 19. Inis-bofinde ASH 267 1645 20. as insulam Bofinde ASH 268 1645 21. Inis-bofinde ASH 268 1645 22. Inis bofinde ASH 268 1645 23. ad insulam Bofinde ASH 421 1645 24. ad insulam Bofinde ASH 423 1645 25. Inis-bofinne TT 132 1647 26. Inisbofinne TT 145 1647 27. Inis bo-finde TT 171 1647 28. Inisbofinde TT 181 1647 29. Inchbuttin DS 1655c 30. Inchborin BSD 10b 1670c 31. innse … boifinne PÉ 507 1794 32. Inchbo?in Larkin 1808 33. Inchbofin TAB 1829 34. In’s Bó Finn268 LSO (IM) II 68 (O’Conor) 1837 35. Inchbovin AL: Down Survey refc. 1837 36. Inchbovin AL: Down Survey Map 1837 37. inse bó finn AL: pl. 1837 38. Inse Bó Finn269 AL: d. 1837

39. »inS´«bo˘«fin J. Higgins 2007

266 Féach M. Herbert (2009: 51) don dáta seo. 267 ‘que est in Stagno Righ [Loch Rí].’ 268 ‘insula vaccæ albæ,’ 269 ‘-. insula vaccae albae, island of the white cow.’ AL: d.

160 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Nuachabháil

40. »inS´«bo˘«fin T. Walsh 2007 Inis ‘island’ (FGB 1 (1)) atá sa chéad eilimint anseo – ach fianaise ar an bhfoirm inse ó 1590 i leith de réir na fianaise. Seans gur rian den logthuiseal atá san fhoirm seo? Bó ‘cow’ (FGB 1 (1)) atá sa dara heilimint – tá sí sa g. uatha, agus fionn ‘white (colour), white animal’ (aid.) (FGB 1 (1) atá sa tríú heilimint anseo, agus í sa g. uatha. Bhí láthair mainistreach ar an oileán seo ag Naomh Ríóg. 270 Tá fothracha na mainistreach le feiceáil fós ag críoch thuaidh an oileáin. Luann an Donnabhánach an méid seo san AL: ‘prond. Inch, bow-fin’. Insítear an scéal seo go háitiúil faoin mbó fhionn: ‘well years ago they had no milk on the island, and this cow appeared out of nowhere, and they all milked her; the inhabitants, they milked her, for them all got milk, and this woman said she’d get a vessel that she wouldn’t fill; she put a riddle under it. The cow disappeared and never was seen again’ (J. Higgins 2007).

Inchturk Inse Toirc ‘island of the boar’ 1. Inchetowrky Fiants Eliz. 5404 1590 2. Inch Turk DS 1655c 3. Incheturke BSD 10b 1670c 4. Innis Tuirc PÉ 529 1794 5. Innisturk Larkin 1808 6. Inchturk TAB 1829 7. In’s Turc271 LSO (IM) II 68 (O’Conor) 1837 8. ins turc AL: pl. 1837 9. Inis Turc272 AL: d. 1837

10. »inS«tu>rk P. Slevin 2007 Inis ‘island’ (FGB 1 (1)) atá sa chéad eilimint anseo – ach í san fhoirm inse de réir na fianaise. Seans gur rian den logthuiseal atá san fhoirm seo? Torc ‘boar’ (FGB 1 (1)) atá sa dara heilimint agus í sa g. uatha anseo, de réir dealraimh. Tá torc sa g. uatha in

270 Tá tagairtí ann ón 14ú, 16ú agus 18ú haois ar oileán den ainm Oileán Rióige a bheith sa cheantar seo – ní tagairt do Naomh Ríóg, nó don oileán seo atá iontu áfach (tá fianaise ar an siolla deiridh den dara heilimint a bheith caol sna foirmeacha ar fad, agus ní infhilltear ainmneacha pearsanta a chríochnaíonn leis an mír –óg de ghnath (Ó Muraíle, teagmháil phearsanta 2012)). Is féidir Oileán Ríoige a ionannú le Kings Island a luíonn c. 3 ciliméadar siar ó Inchbofin i lár an locha, i gCo. an Longfoirt (féach Finnegan 2013d, le teacht) 271 ‘i.e. insula aprum vel porcorum.’ 272 ‘-, insula porcorum, island of the hogs.’ AL: d.

161 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Nuachabháil

Inis Toirc/Inishturk (ainm deimhnithe (BLÉ 1375327), barúntacht Mhuraisc, i gCo. Mhaigh Eo. Dar le Fiachra Mac Gabhann (tráchtas neamhfhoilsithe ar logainmneacha Cho. Mhaigh Eo: Muraisc agus Inse Mó: 204-5) tá cosúlacht toirc ar an oileán sin ón bhfarraige. Is fíor go bhféadfaí torc a shamhlú in imlíne an oileáin seo ar Loch Rí, a cheann sa leithinis ag críoch thuaidh an oileáin, dá mbeifí i mbád siar ón oileán. Is deacair a chreidiúint go mbeadh toirc nó fiú ceann amháin acu in ann maireachtáil ar an oileán beag íseal seo (50 acra). Tá seans gur iarracht ar toirc (g. uatha) atá i bhfoirm 1; tá toirc ag Ó Braonáin i bhfoirm 4, ach ní bhíonn na foirmeacha aige ró- iontaofa de ghnáth.

Kilcornan Coill Churnáin ‘Curnán’s wood’ 1. Kilcornan Fiants Eliz. 6797 1545 2. Kilkornan Inq. Jac. I, 5 1611 3. Killcornan CPR Jas. I 228a 1612 4. Kilcornan CPR Jas. I 430b 1619 5. Killornan CPR Jas. I 503b 1621 6. Kilcornan CPR Jas. I 572a 1623 7. Killcornan Inq. Car. I, 19 1628 8. Killcornan Inq. Car. I, 85 1633 9. Kilcornan Inq. Car. I, 157 1640 10. Killcornan DS 1655c 11. Killcornan Census 526 1659c 12. Killcornan ASE 73 1666 13. Killcornan BSD 1670c 14. Killornan Inq. Car. II, 7 1675 15. Kilcornane BP 24 1703 16. Kilcornan SEH 21 1786 17. Killcornan Larkin 1808 18. Kilcorner LEL 19 1822 19. Killcorner TAB 1826 20. Kilcornan TAB 1829 21. cill a char[?n]ain AL: pl. 1837

162 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Nuachabháil

22. Cill a charnáin273 AL: d. 1837 23. cill274 coill a chornain AL: pl. 1837 24. Coill a’ Chornáin275 AL: d. 1837

25. kilkorn´r áit. 2011 Tá baile fearainn eile den ainm seo i bParóiste Dhroim Raithní, luíonn an dá bhaile fearainn díreach in aice lena chéile agus tá an fhianaise don dá áit tiomsaithe le chéile agam anseo. Is deacair idirdhealú a dhéanamh idir cill agus coill, toisc an dá eilimint a bheith béarlaithe mar kill nó kil de ghnáth. Sa chás seo ní luann an Donnabhánach sna nótaí san AL go raibh aon séipéal ann. Níl aon rian de shéipéal ann de réir shuirbhé seandálaíochta an chontae ach oiread (NMS WM023-018) . Ón gcuma fhliuch atá ar an talamh sa bhaile fearainn d’fhéadfaí coill a shamhlú ag fás ann, agus tá foraois curtha ar chuid den talamh le deich mbliana anuas, chomh maith le coill bheag nádúrtha a fhásann ar an talamh portaigh atá ó dheas de Kilcornan Lodge. Bheadh an ithir thais atá i gcodanna den bhaile fearainn i bhfad níos feiliúnaí do chrainn ná do fhéar nó d’arbhar – níl aon rian de choill le feiceáil ar an DS. Tá seans gur coill ‘wood, forest’ (FGB 1) atá sa chéad eilimint anseo, móide an t-ainm pearsanta Curnán sa g. uatha

Kippin An Cipín ‘the little stake/stump?’ 1. Smallpolelande Crown Lands 125 1540-1 2. Smalpolelande Crown Lands 125 1540-1 3. Cartronekippins Inq. Jac. I, 5 1611 4. Cartronekippins otherwise Cartrontyan CPR Jas. I 228a 1612 5. Cartronkippins alias Cartrontyan CPR Jas. I 513a 1621 6. Cartronkippins alias Cartrontyan CPR Jas. I 513a 1621 7. cipín AL: pl. 1837 8. Cipín276 AL: d. 1837

273 ‘-, cella aggeris, a church of the heap.’ AL: d. 274 Scriosta. 275 ‘-, Cornan’s wood.’ AL: d 276 ‘-, a small plot, dim. of ceapach.’ AL: d

163 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Nuachabháil

Cipín is bun leis an ainm seo, ach níl sé soiléir céard go díreach atá i gceist leis an eilimint seo i logainmneacha. Scríobh an Donnabhánach an méid seo faoi An Cipín Dubh/Kippeenduff in Uíbh Fhailí: ‘Cipín sometimes applied to an old tree like the Sprig of Shilelagh’ (BLÉ 42289). Chomh maith le Kippin tá Kippinduff agus Kippinstown san Iarmhí agus Mullaghkippin i bhFear Manach. Tugann Paul Walsh ‘Buaile Cipín or Baile Cipín, boley, or town of the tree-stump’ ar Kippinstown (Walsh 1957: 120). Foirm dhíspeagtha de ceap ‘stock, block, base, pad (ceap crainn, tree-stock)’ (FGB 1 (1 & 1a) atá san eilimint seo dar le Joyce (1875: II 353-354 ). Tá marcanna cosúil le smuit crainn marcáilte ar an DESO sa chuid thuaidh den bhaile fearainn. Is díol suntais foirmeacha 1 & 2; is cosúil gur sórt aistriúcháin ar an ainm seo atá iontu. Luaitear iad in éineacht le Aghnemegryn, foirm de Auburn/Achadh na Gréine, atá buailte leis an mbaile fearainn seo. Is cinnte nach botún ar leithéid ‘small ploughland’ atá iontu mar luaitear iad mar ‘villata de …’, cosúil leis na bailte fearainn eile.

Lecade An Leathchéad ‘the half-hundred (acres)’ 1. Le/cade AL: JOD 1837 2. Leighcade AL: BS 1837 3. Leighcade AL: John Johnston 1837 4. leith chéud AL: pl. 1837 5. Leath chéud277 AL: d. 1837 Leathchéad ‘half of great hundred, sixty’ (FGB (1b)) is bun leis an ainm seo. ‘This townland contains 95a. 1r. 32p.’ (AL). Is ionann seo agus 95.45 acra gallda; má thiontaítear é seo go hacraí Éireannacha, faightear go bhfuil thart ar 59 acra Éireannach sa bhaile fearainn seo. Is éard is ‘great hundred’, nó long hundred, ná 120 de rud éigin; a leath de 120 – seasca. Réimse talaimh de leathchéad (= seasca) acra atá i gceist leis an ainm seo mar sin. Luann Ó Dónaill go bhfuil an chiall ‘one- sixteenth of an Irish acre (of land)’ ag an bhfocal seo chomh maith (FGB (3)).

Lisdossan Lios Dosán ‘enclosure of the bushes’

277 ‘-, generally called the half hundred.’ JOD/AL: d

164 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Nuachabháil

1. ?Losdossan Fiants Eliz. 6797 1545 2. Lesdosan Fiants Eliz. 6550 1601 3. Lysdossan Fiants Eliz. 6663 1602 4. Lisdossan Inq. Jac. I, 5 1611 5. Lissdossan CPR Jas. I 228a 1612 6. Lissdoss Inq. Car. I, 162 1640 7. Lisdossan DS 1655c 8. Lisdossan Census 526 1659c 9. ?Lisduskin ASE 73 1666 10. Lisdossan BSD 9b 1670c 11. Lissduscan BP 24 1703 12. Lisdasson CGn. 84-208-59565 1736 13. Lissdossan SEH 23 1786 14. Lisdussan TAB 1829 15. Lisdisson AL: BS 1837 16. Lissdossan AL: HCSVR (1824) 1837 17. lios diosán AL: pl. 1837 18. Lios Dosán278 AL: d. 1837 19. Lios Diosán279 AL: d. 1837 20. Listisson Litriú áit.280 2012

21. lis dis´n áit. 2011 Lios ‘enclosed ground of ancient dwelling house, enclosed space, garth; ring-fort; fairy-mound; ring, halo’ (FGB 1a; 1b; 1c & 2) atá sa chéad eilimint anseo. Dosán ‘(small) bush, tuft; clump’ atá sa dara heilimint, agus í sa g. iolra anseo. Tá lios le feiceáil ar an DESO ag críoch dheas an bhaile fearainn.

Lissaquill Lios an Choill ‘enclosure of the hazel’ 1. ?the Kill CPR Jas. I 142a 1609 2. Lissachoile Inq. Car. I, 85 1633

278 ‘-, fort of the bush.’ AL: d. 279 Scriosta. 280 ‘There were some local success [sic] at last Sunday's 123rd annual South Westmeath Hunt Point-to- Point at Listisson, The Pigeons’ (Westmeath Independent 7ú Márta 2012). Is dócha go mbaineann an litriú seo leis na rásaí thar aon rud eile.

165 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Nuachabháil

3. Lisechiuill DS 1655c 4. Lischivill Inq. Car. II, 5 1669 5. Lissechivill BSD 10b 1670c 6. Lisaquill SEH 23 1786 7. Lisnaquill SEH 23 1786 8. Lissahul Larkin 1808 9. Lisaquill TAB 1829 10. Lisscoyle AL: Inq. Car. I 1837 11. lios a’ choill AL: pl. 1837 12. Lios a Choill281 AL: d. 1837 Lios ‘enclosed ground of ancient dwelling house, enclosed space, garth; ring-fort; fairy-mound; ring, halo’ (FGB 1a; 1b; 1c & 2) atá sa chéad eilimint anseo. Coll ‘hazel’ (FGB 1) atá sa dara heilimint, agus í sa g. anseo. Níl aon rian de lios sa bhaile fearainn anois.

Maghera Machaire Rátha ‘plain of the rath’ 1. Maryrare Crown Lands 300 1531c 2. Lemaragh Crown Lands 125 1540-1 3. Lamaragh Crown Lands 125 1540-1 4. Marre Fiants Eliz. 6797 1545 5. Marara Census 526 1659c 6. Mararra BSD 10b 1670c 7. Marrara CGn. 6-455-2584 1711 8. Marra CGn. 8-188-2548 1711 9. Murrara Larkin 1808 10. Marya TAB 1829 11. Magherra AL: BS 1837 12. máráráth AL: pl. 1837 13. Machaire Rátha282 AL: d. 1837 14. Maryrath Litriú áit.283 2012

281 ‘-, fort of the hazel.’ AL: d. 282 ‘-, planities acris, plain of the fort.’ AL: d. 283 ‘…formerly of Maryrath, The Pigeons.’ (Longford Leader 27ú Márta 2012).

166 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Nuachabháil

15. »mar'«ra J. Higgins 2007

16. mal´ra˘ T. Walsh 2007 Machaire ‘A large field or plain, sometimes used as equivalent of ‘mag’, but generally of a restricted area; of level or of cleared land’ (DIL s.v. machaire) atá sa chéad eilimint anseo. Ráth ‘earthen rampart, earthen ring-fort, rath’ (FGB 1 (1)) atá sa dara heilimint ach í sa g. uatha anseo. Maidir le foirm 16, is dócha gur díshamhlú; r'

> l is cúis leis an bhforás. Is cosúil i bhfianaise fhoirmeacha 2 & 3, go bhfuil an forás seo seanbhunaithe. Cf. Machaire Rátha/Maghera i gCo. Dhoire (BLÉ 1411555).

Muckanagh Muiceanach ‘ ?pig-marsh/pig shaped hill’ 1. Muckenagh Crown Lands 299 1531c 2. Mocknagh Crown Lands 299 1531c 3. Mocnagh Crown Lands 300 1531c 4. Moghnagh Crown Lands 124 1540-1 5. Moghnaghe Fiants Eliz. 6797 1545 6. ?Muckonaghe Fiants Eliz. 6266 1599 7. Mucknagh Inq. Jac. 1, 5 1611 8. Mucknagh CPR Jas. I 228a 1612 9. Muckenagh CPR Jas. I 343a 1615 10. Muckanagh DS 1655c 11. Muckenagh Census 526 1659c 12. Muckenagh ASE 48 1666 13. Muckanagh BSD 9b 1670c 14. Muckinnagh BSD 10b 1670c 15. Muckinagh CGn. 6-455-2584 1711 16. Muckinagh Island CGn. 8-188-2548 1711 17. Muckenaghmore CGn. 91-500-65028 1738 18. Muckenaghbegg CGn. 91-500-65028 1738 19. Mucknamore TAB 1829 20. Mucknabeg TAB 1829 21. Muckinaughs Larkin 1808

167 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Nuachabháil

22. mucanach AL: pl. 1837 23. Mucanach284 AL: d. 1837

24. mukina T. Walsh 2007

25. muk´n´ b'ug J. Quigley 2012 Tá an eilimint Muiceanach mínithe ag an mBrainse Logainmneacha mar ‘place of pigs’ (BLÉ 10420). Bhí an Donnabhánach den tuairim gur áit ar coinníodh agus ar beathaíodh muca a bhí i muiceanach. Tá féidearthacht eile ann: ‘Muiceanach ‘mucach, rud mucúil’, le cur in iúl gur muc talúna, nó druim crochta, ar mhodh droma mhuice, is údar anma dá gach aon áit’ (Ó Máille 1955: 90). Is é the hill of Muckanagh an ghné is feiceálaí sa bhaile fearainn, agus is cinnte go bhféadfaí droim muice a shamhlú leis. Míniú eile is ea gur comhfhocal atá ann: muic-eanach, leis an gciall ‘pig-marsh.’ Tá aon bhaile fearainn déag sa tír den ainm seo. Tagraíonn Muiceanach Beag (foirmeacha 18, 20 agus 25) don leithinis íseal a luíonn sa taobh ó thuaidh den bhaile fearainn. Muiceanach Mór is bunús le foirmeacha 17 & 19 gan amhras, agus is fiú an fhoirm iolra Muckinaughs a thugann Larkin (foirm 21) a nótáil sa chomhthéacs seo chomh maith. Ceantar íseal cothrom atá i Muiceanach Beag ach an talamh a bheith go maith fós (agus é a bheagán níos airde ná an talamh portaigh atá thart air).

Nicholastown Baile Niocláis 1. ??Cartronseuvallyniclas CPR Jas. I 228b 1612 2. (?) Nichellston AL: Inq. Car. I 1837 3. Nicholastown AL: BS 1837 4. Nicholastown AL: Mr. John Johnston 1837 Ainm Béarla – tá Lissaquill House suite sa bhaile fearainn seo, is maith an seans go raibh sé mar chuid de Lissaquill uair amháin mar sin. Níl sé soiléir cé acu sloinne nó ainm pearsanta atá i gceist. Ní féidir a bheith cinnte go mbaineann foirm 1 leis an mbaile fearainn seo – Cartún Seanbhaile Niocláis atá inti is dócha.

Noughaval Nuachabháil ‘new foundation (church)’ 1. isin Nuachongbhail ARÉ iv 1033 §9 1462 2. Nuacongwall AOI 248 1462

284 ‘-, land of the hogs; a piggery; where hogs fed on mash.’ AL: d.

168 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Nuachabháil

3. the Nowghevale Crown Lands 301 1531c 4. Oghewall Crown Lands 129 1540-1 5. Oughevalle Meath and Westm. Act285 1542 6. Noghowaile Fiants Edw. VI 666 1551 7. ?Nowalt Fiants Edw. VI 726 1551 8. Oghewale Fiants Edw. VI 1213 1553 9. Noghwale Inq. Eliz., 1 1562/63 10. Noughwall Fiants Eliz. 2528 1574 11. Nowghwall Fiants Eliz. 3877 1582 12. Noughwall Fiants Eliz. 3877 1582 13. ?Nowhomell Fiants Eliz. 6488 1601 14. Noghvall Fiants Eliz. 6663 1602 15. Noghvale Inq. Jac. I, 5 1611 16. Nuoghvalley Inq. Jac. I, 5 1611 17. Noghvale CPR Jas. I 219a 1612 18. Noughvale CPR Jas. I 228b 1612 19. Noughwall CPR Jas. I 430b 1619 20. Noughwall CPR Jas. I 448a 1619 21. Noghwall Inq. Jac. I, 23 1619 22. Noghevall Inq. Jac. I, 33 1621 23. Noughawalle CPR Jas. I 503b 1621 24. Noughwall Inq. Car. I, 19 1628 25. Noghavall Inq. Car. I, 19 1628 26. Noghvall Inq. Car. I, 19 1628 27. o’n Nuachongbhail286 MartD 20 1630 28. Noghovall Inq. Car. I, 85 1633 29. Noghavall DS 1655c 30. Koghovall Census 526 1659c 31. Noghevale ASE 82 1666 32. Noghavale BSD 9b,10b 1670c 33. Noughabal WPB 1761 34. Noghbale SEH 23 1786

285 Féach Walsh 1957: xiii. 286 Fachtna; 19ú Ean.

169 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Nuachabháil

35. Noughaval TAB 1829 36. Noughaville TAB 1829 37. Noughoval AL: HCPR (1821) 1837 38. Nogheal AL: BM 1837 39. Noughill AL: HCER (1824) 1837 40. Nougheville AL: TCB (1830) 1837 41. Noughvall AL: Archdalls Hib. Nom 1837 42. Nogheval AL: Sewards Top. Hib 1837 43. Nogheval AL: Carlisles Top. Hib 1837 44. Noghill AL: BS 1837 45. Noghevill AL: HCSVR (1824) 1837 46. Nuachongbháil287 AL: d. 1837

47. no˘h´l T. Walsh 2007 Nuachongbháil is bun leis an ainm seo; is é sin nua ‘new, fresh, recent, novel’ (FGB 2) chomhtháite le congbháil ‘holding, settlement, (church) establishment’ (FGB 1). Tá an t-ainm seo athghaelaithe cheana ag an mBrainse Logainmneacha (ainm neamhdheimhnithe). Féach BLÉ 51102. Tá breis agus fiche áit den ainm seo tríd an tír. ‘Noughaval is generally pronounced Nohill by the people which sounds in Irish nóchoill’ (LSO (IM) II 67 & Walsh 1957: 24-25). Ba é O’Connor a scríobh an nóta seo (Walsh 1957: 24 n.). Réitíonn an fuaimniú seo go maith leis an bhfoirm áitiúil chomhaimseartha (47). Maidir le foirmeacha 3, 4, 5, agus 8; is dócha gur fágadh an n tosaigh ar lár trí mhíthuisicint, (rud a tharla go forleathan le samplaí eile den logainm seo): An Nuachongbháil > An Uachongbháil (Cf. Ó Muraíle 1985: 56, agus cf. ‘Leabhar na hUachongbhála’ = Leabhar Laighneach). Tá rian de shéipéal ársa istigh i gclós ciorclach in aice le Noughaval House.

Rath Lower An Ráth Íochtarach ‘the rath (lower)’ 1. ?Cartronrahin CPR Jas. 228b 1612 2. ?Seuvallyrath CPR Jas. 228b 1612 3. Rath Inq. Jac. I, 23 1619 4. Rath Inq. Jac. I, 33 1621

287 ‘-, nova habitatio.’ AL: d.

170 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Nuachabháil

5. Rath Inq. Car. I, 19 1628 6. Rath Inq. Car. I, 37 1629 7. ?Sheanrath Inq. Car. I, 85 1633 8. Low Rath DS 1655c 9. ?Shanragh Inq. Car. II, 5 1669 10. Low Rath BSD 10b 1670c 11. Lower-Rath SEH 21 1786 12. Lower Rath AL: BS 1837 13. Ráth288 AL: d. 1837 Ráth ‘earthen rampart, earthen ring-fort, rath’ (FGB 1 (1)) is bun leis an ainm seo, móide an cáilitheoir Béarla lower. Is cosúil ó fhoirm 8 agus 10 go dtéann an deighilt idir Rath Lower agus Rath Upper siar go lár an 17ú haois ar a laghad. Tá seans go bhfuil bunús sa Ghaeilge ag an gcáilitheoir lower mar sin. Níl aon ráth sa bhaile fearainn seo anois, ach tá seans le hath-tharraingt teorainneacha sa 19ú haois gur fágadh An Ráth Íochtarach (an ghné féin) in Rath Upper; féach thíos. Cartún Ráithín atá i bhfoirm 1 agus Seanráth atá i bhfoirmeacha 7 agus 9 is dócha.

Rath Upper An Ráth Uachtarach ‘the Rath (upper)’ 1. Rathoughteragh CPR Jas. I 430b 1619 2. Rathoughteragh Inq. Car. I, 85 1633 3. Upper Rath DS 1655c 4. Upper Rath ASE 189 1669 5. Upper Rath BSD 10b 1670c 6. Upper Rath BP 24 1703 7. Upper-Rath SEH 21 1786 8. Upper Rath AL: BS 1837 9. Ráth289 AL: d. 1837 Ráth ‘earthen rampart, earthen ring-fort, rath’ (FGB 1 (1)) is bun leis an ainm seo, móide an cáilitheoir upper. Tá fianaise ar bhunús sa Ghaeilge a bheith ag upper i bhfoirmeacha 1 agus 2 – Ráth Uachtarach atá sa phéire acu gan amhras. Tá dhá ráth

288 ‘-. arx, a fort of earth.’ AL: d. 289 Féach 47.

171 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Nuachabháil sa bhaile fearainn seo. Tá an ceann ó dheas ar thalamh atá níos airde ná an ceann eile – seans gurb é seo An Ráth Uachtarach.

Ross An Ros ‘the promontory’ 1. the Rasse Crown lands 298 1523 2. Ross CGn. 91-500-65028 1738 3. Ross TAB 1829 4. (?) Ross AL: Inq. Jac. I 1837 5. (?) Rosse AL: Inq. Car. I 1837 6. ros AL: pl. 1837 7. Ros290 AL: d. 1837

8. ros J. Higgins 2007

9. rAs J. Carty 2007 Ros ‘wood; wooded headland; headland, promontory’ (FGB 2 (1a. & 1b & 2)). Tá fianaise ar an alt i bhfoirm 1. Ceann tíre idir Ross Lough agus Loch Rí atá sa bhaile fearainn seo. Nascann tóchar thar bhéal Ross Lough an baile fearainn seo le Killeenmore. Tógadh an tóchar seo sa dara leath den 19ú haois déag (níl sé ar an

CESO). Tugtar Ross Wall nó d´ fu˘rd ´ ros air go háitiúil.

Streamstown Féach Streamstown i bparóiste Dhroim Raithní.

Tonlegee Tóin le Gaoith ‘bottomland to (the) wind’ 1. Tonregy Inq. Jac. I, 5 1611 2. Toncregy CPR Jas. I 228b 1612 3. Tonregy Inq. Jac. I, 33 1621 4. Toneregy Inq. Jac. I, 33 1621 5. Tonlegye Inq. Car. I, 85 1633 6. Toneregish DS 1655c

290 ‘-, promontorium seu Boscus, a point of land or a wood.

172 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar Nuachabháil

7. ?Tonregish BSD 10b 1670c 8. Tonlegee SEH 23 1786 9. Tonlegee TAB 1829 10. Thonelegee AL: BS 1837 11. toin le gaoith AL: pl. 1837 12. Tóin le Gaoith291 AL: d. 1837

13. to˘n´gi> BLÉ 51106 (1) 1970c

14. to˘nl´g> BLÉ 51106 (1) 1970c Tá Tonlegee i gCo. an Chabháin athghaelaithe agus mínithe (ainm neamhdheimhnithe) ag an mBrainse Logainmneacha mar Tóin le Gaoith ‘bottomland to (the) wind’ (BLÉ 4115). Tá thart ar dhaichead áit den ainm seo sa tír ar fad – le haghaidh phlé chuimsitheach ar an ainm seo, féach Ó Maolfabhail (1982). Measann Ó Maolfabhail gur talamh gan mhaith (bottoms sa Bhéarla) atá i gceist le tóin sa chás seo, agus gur achar uisce atá i gceist le gaoth (mar atá in ainmneacha mar Gaoth Dobhair, Gaoth Sáile, srl.). Tá fianaise ar le agus re thuas, ach is re atá sna foirmeacha is luaithe ach amháin i gcás foirm 5. Is cosúil gur thosaigh na réamhfhocail fri/la/re, ria ag titim le chéile sa Mheán-Ghaeilge. Mar logainm le réamhfhocal insuite, baineann an t-ainm seo le haicme an-bheag, cé go bhfuil dáileadh réasúnta fairsing ag Tóin re Gaoith é féin (sa leath thuaidh den tír den chuid is mó) (Ó Maolfabhail 1982). Ó thaobh suímh de, tá chuid den bhaile fearainn íseal go leor, agus titeann an talamh i dtreo an iarthair, an treo as a dtagann an ghnáthghaoth ar ndóigh.

291 ‘-, podex ad ventum. hill to the wind.’ AL: d. Made Tanderagee in the County of Armagh.’ AL: d.

173

174

Barúntacht Chluain Lonáin

175

176 Barúntacht Chluain Lonáin Baile Locha Luatha

Baile Locha Luatha Tá dhá scór agus cúig bhaile fearainn déag sa pharóiste seo. Luíonn sé díreach ó thuaidh ó pharóiste Chill Chliathach, soir ó bharúntacht Bhreámhaine, ar an taobh ó dheas de bharúntacht Chill Chainnigh Thiar, agus siar ó dheas ó pharóiste An Bhaile Mhóir i mbarúntacht Ráth Conarta.

This parish contains 13577a 2r 38p. It is in a state of high cultivation, contains 7 Gentlemen’s Seats, 6 Loughs, 5 ponds, several Danish Forts, or Raths, and some Ruins. It is populous, many in good circumstances, the Demesnes contain a good share of wood, and considering the size of the Parish, there is comparatively little Bog, There is but one small Glebe in it. (AL).

Tá dhá shráidbhaile sa pharóiste; Béal Linn/Bealin agus An Grianán/Mount Temple, luíonn portach ollmhór eatharthu. Tá an talamh beagán níos cnocaí agus níos airde ná an chuid eile den bharúntacht; tá droim leathan i lár an pharóiste a ritheann siar ó dheas ó Mount Temple/An Grianán. Ritheann eiscir shuntasach soir ó dheas ón mbaile fearainn céanna chomh fada le Rossmore agus Bawnoges i bparóiste Chill Chruimthir Fhiachrach. Is é an cnoc in Knockdomny (157m) an pointe is airde sa pharóiste agus sa bharúntacht. Tá loch amháin, Twy Lake, chomh maith le cúpla lochán sa pharóiste. B’ionann mórán an paróiste seo agus an chríoch Calraí an Chalaidh; maireann an t-ainm sin in ainm baile fearainn (Boyanagh-Calry), mar ainm dúiche, agus mar ainm ar an gcumann peile áitiúil: ‘the parish is always called Calree by the people’ (LSO IM 29). Ba le muintir Mhig Amhalaí an dúiche seo go dtí lár an 17ú haois agus de réir an traidisiúin bhí cúig chaisleán acu inti. Is ag Baile Locha Luatha in Mount Temple/An Grianán a bhí an ceann is mó le rá acu.

Aghanashanamore Achadh na Seanmóra ‘field of the sermon’ 1. Aghoshanmora CPR Jas. I 490a 1620 2. Agheneshanmoragh Inq. Car. I, 106 1635 3. Agheneymone DS 1655c 4. Aghanagomner ASE 128 1667 5. Aghanagamoner BSD 95b 1670c

177 Barúntacht Chluain Lonáin Baile Locha Luatha

6. Aghneshanmoor292 SEH 9 1786 7. Aughnashanon TAB 1826 8. Aughene Shenemore AL: HCSVR (1824) 1837 9. Agha/na/shanamore AL: JOD 1837 10. Aughanshanamore AL: BS 1837 11. Acha na Sean Mór293 AL: d. 1837

12. »Ah´n´«San´«mu´r J. Casey 2011 Achadh ‘field’ (FGB) atá sa chéad eilimint anseo. Seanmóir ‘sermon’ (FGB (1) atá sa dara heilimint agus í sa g. uatha anseo. Féach foirmeacha 1 agus 2 do fhianaise ar fhoirm g. an dara heilimint.

Aghanvoneen Achadh an Mhóinín ‘field of the small bogland’ 1. Aghemonyne CPR Jas. I 490a 1620 2. Aghemonin Inq. Car. I, 84 1633 3. Aghnavonen DS 1655c 4. Aghavomine Census 524 1659c 5. Aghnivonin BSD 94b 1670c 6. Aghinvonine Inq. Car. II, 7 1675 7. Aughawoneen L. B&L 1800c 8. Aughnavoneen Larkin 1808 9. Aughanvoneen TAB 1826 10. Aughavoneen LEL 36 1833 11. Aghanvoneen AL: HCSVR (1824) 1837 12. Aghin vonyn AL: Down Survey Map 1837 13. Aghenevoune ? AL: Inq. Jac. I 1837 14. Aughnavoneen AL: CM 1837 15. Aughanvoneen AL: BS 1837 16. acha an mhóinin AL: pl. 1837 17. Acha an Mhóinín294 AL: d. 1837

292 Féach Magheramore, Mount Temple thíos, Fearmore i bparóiste Dhroim Raithne, lgh. 17-18 le haghaidh samplaí eile de mór/mu´r. 293 ‘-, field of the sermons.’ AL: d. 294 ‘-, field of the little bog.’ AL: d.

178 Barúntacht Chluain Lonáin Baile Locha Luatha

18. »Ah´«vo˘n'i˘n' E. Hatton 2010 Achadh ‘field’ (FGB) atá sa chéad eilimint anseo. Móinín ‘grassy patch (in bog)’ (FGB (1)) atá sa dara heilimint, agus í sa g. uatha anseo. Is móin ‘bogland, moor’ (FGB (2)) móide an mhír dhíspeagtha –ín atá san eilimint seo sa chás seo; mínítear an eilimint móinín mar ‘small bogland’ ag an mBrainse Logainmneacha. Féach; BLÉ 30886. Tá fianaise ar an alt i bhfoirmeacha 3-17.

Annaghgortagh Eanach Gortach ‘barren swamp’ 1. Annaghgarta CGn. 37-145-21616 1722 2. Anagarthaugh MLA 1752 3. Annaghgortagh WPB 1761 4. Annaghgortagh Larkin 1808 5. Annaghgortagh AL: BS 1837 6. Arnagortha295 AL: Richard Handcock296 1837 7. gortach297 AL: pl. 1837 8. Eanach Gortach298 AL: d. 1837

9. »an´«gArt´ E. Hatton 2010 Eanach ‘marsh, swamp, fen; passage through swamp, narrow path, narrow pass; marsh-hunting, fowling, snaring’ (FGB (1; 2; 3;)). Gortach ‘hungry; inducing hunger; poor, barren; scanty, skimpy; mean, niggardly’ aid. (FGB (1; 1a; 1b; 1c; 2a; 2b)) atá sa dara heilimint. Rinneadh draenáil ar an talamh sa bhaile fearainn seo (agus ar an talamh sna ceantair ar fad ar dhá thaobh an Breensford River) am éigin ag deireadh na 1950í. Roimhe sin bhí an áit chomh fliuch go mbíodh an talamh ag creathadh agus na heallaí ag rith ann. Bhí fás ard (trí nó ceithre throigh) san áit ar fad idir ghiolcacha agus cheannbhán (F. Finnegan, teagmháil phearsanta 2010).

Ardyduffy Ard Uí Dhufaigh ‘height of O’Duffy’

295 Is maith seans gur botún cló atá anseo (in eagrán an Athar Ó Flannagáin), is ceart an chéad r a léamh mar n. 296 Tiarna talún áitiúil. Tá an fhoirm seo an-ghar do fhoirm an lae inniu sa Bhéarla. Féach Ardyduffy. 297 ‘bottom’ scríofa i bpl. roimh an bhfocal ‘gortach’ 298 ‘-, Hungry marsh. Old Mrs. Carbry.’

179 Barúntacht Chluain Lonáin Baile Locha Luatha

1. Ardiduffe Inq. Jac. I, 7 1614 2. Ardedonfey DS 1655c 3. Ardeduffy ASE 48 1666 4. Ardeduffy BSD 94b 1670c 5. Ardeduffy CGn. 149-89-98967 1752 6. Ardyduffy SEH 10 1786 7. Ardyduffy Larkin 1808 8. Ardyduffy TAB 1826 9. Ardeduffy AL: HCSVR (1824) 1837 10. Arnaduffy Richard Handcock (AL) 1837 11. ard ui dubhthaigh AL: pl. 1837 12. Ard Uí Dhubhthaigh299 AL: d. 1837 Ard ‘height, hillock; top, high part’ (FGB 1 (1; 2) atá sa chéad eilimint anseo. An sloinne Ó Dufaigh atá sa dara heilimint agus í sa g. uatha. Bhí an sloinne Duffy an- choitianta sa cheantar seo i 1901 (Daonáireamh): ‘This surname is found in all parts of Ireland’ (Woulfe 1923: 513). Tá an baile fearainn seo suite ar thaobh cnoic shuntasaigh (122m).

Ballydoogan Baile Uí Dhúgáin ‘Doogan’s townland’ 1. Balleyogane CFS 119 1595 2. Balligogan CFS 120 1595 3. Balledowagan Inq. Jac. I, 7 1614 4. Balydowacan Inq. Jac. I, 7 1614 5. Ballydugan CPR Jas. I 490a 1620 6. Ballydugan Inq. Car. I, 106 1635 7. Ballitoghan DS 1655c 8. Ballidoogan Census 523 1659c 9. ?Ballydeegan ASE 128 1667 10. Balledoogan ASE 182 1668 11. Ballydogan alias Ballydugan ASE 196 1669 12. Ballidogan BSD 92b 1670c

299 ‘ -, O’Duffy’s hill or height.’ AL: d.

180 Barúntacht Chluain Lonáin Baile Locha Luatha

13. Ballydugan CGn. 46-208-28347 1724 14. Ballydoogan TAB 1826 15. Ballydugan AL: HCSVR (1824) 1837 16. Ballydugan AL: HCER (1826) 1837 17. Ballydoogan AL: BS 1837 18. baile ui dubhagain AL: pl. 1837 19. Baile Uí Dhubhagáin300 AL: d. 1837 Baile ‘townland, place’ atá sa chéad eilimint anseo. An sloinne Ó Dúgáin atá sa dara heilimint agus í sa g. uatha. Féach Baile Uí Dhúgáin/Ballydoogan i gCo. Shligigh; tá nóta cuimsitheach scríofa ag Conchubhar Ó Crualaoich ar ainm an bhaile fearainn sin (BLÉ 45332). Ní raibh ach aon duine dhéag den sloinne Doogan ina gcónaí san Iarmhí i 1901 (Daonáireamh), ach bhí deichniúr acu sin lonnaithe i mbarúntacht Chill Chainnigh Thiar, atá díreach taobh ó thuaidh den bhaile fearainn seo.

Ballymurry Baile Uí Mhuirígh ‘Murray’s townland’ 1. Ballyvoiry Inq. Jac. I, 7 1614 2. Ballenviry CPR Jas. I 490a 1620 3. ?Ballinnorye Inq. Car. I, 84 1633 4. ?Ballinora DS 1655c 5. Ballinory BSD 94b 1670c 6. Ballyvorine al' Ballyvory Inq. Car. II, 7 1675 7. Ballymurry BP 21 1703 8. Ballymuriny Larkin 1808 9. Ballymur_dy Townshend 1811 10. Ballymurry TAB 1826 11. Ballymurray POB 1832 12. Ballymurry AL: HCSVR (1824) 1837 13. Ballymurray AL: HCER (1826) 1837 14. Ballinary AL: Down Survey 1837 15. Ballymurry AL: Inq. Jac. I 1837 16. Ballymurray AL: CM 1837

300 ‘-, O’Dogan’s town.’ AL: d. Tá an sloinne Doogan/Duggan le fáil i mbarúntacht Chill Chainnigh Thiar (Daonáireamh 1901).

181 Barúntacht Chluain Lonáin Baile Locha Luatha

17. baile ui mhuireadhaigh AL: pl. 1837 18. Baile Uí Mhuireadhaigh301 AL: d. 1837

19. »bali˘«muri˘ E. Hatton 2010 Baile ‘townland, place’ atá sa chéad eilimint anseo. An sloinne Ó Muirígh atá sa dara heilimint agus í sa g. uatha. Luaitear beirt den sloinne Murray ar léarscáil den bhaile fearainn seo (mar thionóntaí) ó 1832 (POB). Bhí an sloinne seo an-choitianta sa pharóiste seo i 1901 (Daonáireamh). Luann Woulfe (1923: 621) an sloinne seo le Maigh Eo, Ros Comáin, An Iarmhí agus Corcaigh. Tá an chuma ar fhoirm 3 gur Baile an Mhuireadhaigh (An Muireadhach sa g.) atá inti. Tá seans gurb é an rud céanna is bun le foirmeacha 4, 5 agus an chéad leagan de fhoirm 6 (faoi thionchar meititéise). Tá an áit seo athghaelaithe cheana féin ag an mBrainse Logainmneacha: ‘the town of Ó Muirígh[.] Ó Muirígh — sloinne (< Ó Muireadhaigh)’ (BLÉ 50817).

Ballynagarbry Béal Átha na gCairbreach ‘entrance to the ford of the Carbery’s 1. Ballenegarbraghe Fiants Eliz. 1401 1569 2. Ballynygarbrighe Fiants Eliz. 1686 1571 3. Ballenegarbraghe Inq. Jac. I, 1 1607 4. Ballenegarbragh CPR Jas. I 125a 1608 5. Ballingarbough DS 1655c 6. Ballinegarbragh Census 524 1659c 7. Ballynegarbragh ASE 48 1666 8. Ballynegarbragh ASE 128 1667 9. Ballingarbrath ASE 196 1669 10. Ballnigarbragh BSD 92b 1670c 11. Ballynagarbry WPB 1761 12. Balnagarbry TAB 1826 13. Ballynegarbragh AL: HCSVR (1824) 1837 14. Ballynegarberry AL: HCER (1826) 1837 15. Ballingarbrogh AL: Down Survey Map 1837 16. Ballinagarbary AL: BS 1837 17. Ballinagarbery AL: CM 1837

301 ‘-, O’Murray’s town.’ AL: d

182 Barúntacht Chluain Lonáin Baile Locha Luatha

18. Balinagarbery AL: Richard Han[d]cock 1837 19. béal ath na gcairbre AL: pl. 1837 20. Beal Áith na g-Carbreach302 AL: d. 1837 Béal Átha ‘approach to ford’ (FGB 1 (2) atá sa chéad agus sa dara heilimint anseo. An sloinne Ó Cairbre atá san eilimint deiridh, agus í sa g. iolra. Bhí teaghlach den sloinne Carberry ina chónaí in Ballinderry i bparóiste Chill Chruimthir Fhiachrach i 1901, agus bhí an sloinne Carberry/Carbury réasúnta coitianta sa chuid den pharóiste sin atá in Uíbh Fhailí. Bhí teaghlach eile den sloinne seo (ach é litrithe mar Carbery) ina chónaí in Bryanbeg Lower i bparóiste Dhroim Raithní, barúntacht Chill Chainnigh Thiar, thart ar shé chiliméadar soir ó thuaidh den bhaile fearainn seo (Daonáireamh); ‘Ó Cairbre … ; the name of an old midland family who were anciently chiefs of Tuath Buadha, now Tuaith or Twy [Twyford], in the barony of Clonlonan, Co. Westmeath’ (Woulfe 1923: 448). Labhair an Donnabhánach le seanbhean den sloinne seo sa bparóiste in 1837 (LSO (IM) 29). Tá an áit seo athghaelaithe cheana féin ag an mBrainse Logainmneacha. Féach; BLÉ (50801).

Ballynagarbry (Mullock) Béal Átha na gCairbreach (Mullock) ‘entrance to the ford of the Carbery’s (Mullock)’ 1. Ballinagarbary Mullock AL: BS 1837 Féach thuas. Sloinne is ea Mullock, Mac Míliuc, ó oirthear Chonnacht (MacLysaght 1985: 227). Féach BLÉ (50802).

Ballynagarbry (Pim) Béal Átha na gCairbreach (Pim) ‘entrance to the ford of the Carbery’s (Pim)’ 1. Ballinagarbary Pim AL: BS 1837 Féach thuas. Sloinne is ea Pim: ‘prominent in Quaker records’ (MacLysaght 1985: 246). Bhí Cumann na gCarad gníomhach go leor ar an Móta sa 17ú agus san 18ú haois. Féach BLÉ (50803).

302 ‘-, Mouth of the ford of the Carbrys.’ AL: d.

183 Barúntacht Chluain Lonáin Baile Locha Luatha

Bellanalack Baile na Leac ‘townland of the flags’ 1. ?Ballinlacke Inq. Carl. I, 42 1629 2. Ballinalackey DS 1655c 3. Ballynalack Census 524 1659c 4. Ballynelacky ASE 48 1666 5. Ballnialackey BSD 93b 1670c 6. CGn. 31-410-19626 1721 7. Ballinalack WPB 1761 8. Ballynelack SEH 18 1786 9. Ballinalack Larkin 1808 10. Balnalack TAB 1826 11. (?) Bealaneleack AL: Inq. Jac. I 1837 12. (?) Beelanelack AL: Inq. Car. I 1837 13. Ballynelack AL: HCSVR (1824) 1837 14. beal ath na leac AL: pl. 1837 15. Béal Aith na Lec303 AL: d. 1837 Baile ‘townland, place’ atá sa chéad eilimint anseo. Leac ‘flat stone or rock, slab, flagstone’ (FGB 1 (1)) atá sa dara heilimint, agus í sa g. iolra. Tá an áit seo athghaelaithe cheana féin ag an mBrainse Logainmneacha mar Baile na Leac/Bellanalack (BLÉ 50804). Thacódh foirm 11 agus foirm 12 le Béal Átha na Leac ach amhras a bheith ina dtaobh – b’fhéidir nach don áit seo a thagraíonn siad. Tá creaga marcáilte ar thuaisceart an bhaile fearainn seo ar an DESO.

Belville Log na Neanta ‘hollow of the nettles’ 1. Belville Larkin 1808 2. Bellville AL: BS 1837 3. lug na neantaigh AL: pl. 1837 4. Lug na Neantaigh304 AL: d. 1837

5. bel´vil´ E. Hatton 2010

303 ‘-, mouth of the ford of the flags (i.e. stones). Flag-ford.’ AL: d. 304 ‘-, hollow of the nettles.’ AL: d

184 Barúntacht Chluain Lonáin Baile Locha Luatha

6. belvil áit. 2011 Ainm Béarla is ea Belville a thainig ó ainm an tí mhóir a bhí i lár an bhaile fearainn. Log ‘hollow’ (FGB 1 (2)) atá sa chéad eilimint den ainm Gaeilge ar an áit seo. Neanta ‘nettles, nettle’ (FGB 1) atá sa dara heilimint. Féach Doire na Neanta Uachtarach/ Derrynananta Upper i gCo. an Chabháin: ‘the oak-wood of the nettles[;] neanta -- foirm an ghinidigh den chnuasainm neanaidh’ (BLÉ 5487).

Boyanaghcalry Buí-eanach Chalraí ‘yellow marsh (Calry)’ 1. Boyanagh, cantred' de Callry Inq. Jac. I, 7 1614 2. Boyanacollrea DS 1655c 3. Boyannagh, Calrey ASE 48 1666 4. Boyanagh-Collriagh ASE 223 1670 5. Bayanna Collriagh BSD 93b 1670c 6. Boyanagh WPB 1761 7. Boyanna Larkin 1808 8. Boyanna Colry TAB 1826 9. Bavana Caldry AL: HCSVR (1824) 1837305 10. Boyaunacollriagh AL: Down Survey 1837 11. Boyannagh AL: Inq. Car. I 1837 12. Boyanagh AL: Inq. Car. I 1837 13. Byannaghcolry AL: BS 1837 14. Boyanna AL: CM 1837 15. buidheanach calraighe AL: pl. 1837 16. Buidheanach Calraighe306 AL: d. 1837

17. »boi«an´ E. Hatton 2011 Féach Boyanagh (Earl) i bparóiste Chill Chliathach le haghaidh phlé ar an ainm comhfhoclach Buí-eanach. Calraí atá san eilimint deiridh anseo; ainm treabhchais atá inti, ach úsáidtear Calraí mar ainm ar an dúiche seo (paróiste Bhaile Locha Luatha) mar a cuireadh Clann Cholmáin (ainm treabhchais mhuintir Uí Mhaoileachlainn) ar pharóiste Chill Chliathach. Is dócha gurbh ionann tír Mhig Amhalaí, Calraí agus

305 Tugtar an bhliain 1826 don fhoinse seo i leagan an Athar Ó Flannagáin den AL, ach is 1824 an bhliain a luaitear leis an bhfoinse seo de ghnáth. 306 ‘-, yellow Bog of Calry.’ AL: d. Tá an méid seo luaite chomh maith; ‘Calry is the whole parish.’ AL.

185 Barúntacht Chluain Lonáin Baile Locha Luatha paróiste Bhaile Locha Luatha tráth. Nasctar calraí le buí-eanach anseo chun idirdhealú a dhéanamh idir an baile fearainn seo agus Buí-eanach Chlann Cholmáin atá díreach taobh ó dheas de theorainn an pharóiste i gCill Chliathach (Boyanagh (Earl) agus Boyanagh (Malone) anois).

Cappaghauneen Ceapach Áinín ‘Áinín’s tillage plot’ 1. Cappaghhuaune Larkin 1808 2. Cappahaneen CGn. 607-391-417095 1809 3. Cappaghhauneen AL: BS 1837 4. Cappaghhaune AL: CM 1837 5. ceapach aithnin AL: pl. 1837 6. Ceapach Aithnín307 AL: d. 1837 Ceapach ‘tillage plot; bed’ (FGB (1; 2) atá sa chéad eilimint anseo. An t-ainm pearsanta baineann Áine atá sa dara heilimint, móide an mhír dhíspeagtha –ín. Tá Cill Aithnín/Killannin i gCo. na Gaillimhe; ainm naoimh is ea Aithnín sa chás sin, ach tá seans gurb ionann í agus naomh Ana (Ó Riain 2011: 62). Is mór an seans gurb é an gnáthainm pearsanta Áine atá ann sa chás seo áfach.

Cappaghbrack An Cheapach Bhreac ‘the speckled tillage plot’ 1. Keppaghbracke Inq. Jac. I, 7 1614 2. Cappaghbrack CPR Jas. I 490a 1620 3. Cappaghbrack Inq. Car. I, 84 1633 4. Capabrak DS 1655c 5. Cappabracke BSD 94b 1670c 6. ?Cappicorion BSD 94b 1670c 7. ?Cappnorian al' Capoionran Inq. Car. II, 7 1675 8. Cappaghbrack al' Keappabrack Inq. Car. II, 7 1675 9. Cappabrack Larkin 1808 10. Capyconron TAB 1826 11. Cappyconran TAB 1826

307 ‘-, local name, Aithnin’s plot.’ AL: d.

186 Barúntacht Chluain Lonáin Baile Locha Luatha

12. Cappaghbrack TAB 1826 13. Cappaghbracke TAB 1826 14. Cappabrack POB 1832 15. Cappaghbrack AL: HCSVR (1824) 1837 16. Cappabrack AL: Down Survey 1837 17. Cappabrack AL: CM 1837 18. ceapach breac AL: pl. 1837 19. Ceapach Breac308 AL: d. 1837

20. »kap«´ E. Hatton 2010 Ceapach ‘tillage plot; bed’ (FGB (1; 2) atá sa chéad eilimint anseo. Breac ‘speckled, dappled’ aid. (FGB 2 (1)) atá sa dara heilimint. Ceapach Uí Chonráin atá i bhfoirmeacha 6, 7, 10 agus 11. Is cosúil ón TAB gur ceapach ar leith a bhí i gCeapach Uí Chonráin, a bhí suite sa bhaile fearainn seo, nó an-ghar dó. Féach Boggagh (Conran) i bparóiste Chill Chliathach. Ó Conráin: ‘An Old Offaly surname, now scattered through Leinster’ (Woulfe 1923: 475). Bhíodh an baile fearainn seo creagach go leor de réir an CESO; is maith an seans gurb é seo is cúis leis an eilimint breac.

Carnfyan Carn Faghain ‘Fyan’s cairn’ 1. Carnefyan Inq. Jac. I, 7 1614 2. Carnefian Inq. Jac. I, 7 1614 3. Carafyan CPR Jas. I 501a 1621 4. Cranfyan DS 1655c 5. Carnefian ASE 48 1666 6. Carnefyan ASE 128 1667 7. Carnefian BSD 94b 1670c 8. Carnfine SEH 9 1786 9. Carnfine TAB 1826 10. Carnefyan AL: Down Survey Map 1837 11. Carnfyan AL: HCSVR (1824) 1837 12. Carnfine AL: BS 1837

308 ‘-, speckled plot.’ AL: d.

187 Barúntacht Chluain Lonáin Baile Locha Luatha

13. Carn Fian309 AL: d. 1837

14. »karn«fain B. Muldoon 2011

Carn ‘cairn; heap, pile; great amount’ (FGB 1 (1; 2; 3)) atá sa chéad eilimint anseo. An sloinne Faghan atá sa dara heilimint, agus í sa g. uatha anseo;

‘Faghan, Fyan, Fyans, Foynes. V. Paghan and Fágán of which it is a variant; Fágán – VIII – Fagane, Fagan, Fagin; ‘son of Pagan’ (Lat. ‘Paganus,’ the rustic, the pagan, a personal name introduced into England by the Anglo-Normans); the name of an old and respectable Anglo- Norman family who settled about the time of the invasion in Meath and Westmeath. (Woulfe 1923: 285).

Ní raibh aon duine den sloinne Fyan/Fyans/Foynes san Iarmhí i 1901, ach bhí cónaí san Iarmhí ag 571 as an 1976 duine sa tír den sloinne Fagan; an tromlach acu in oirthuaisceart an chontae (Daonáireamh). Is cinnte go raibh lonnaíocht Normannach sa pharóiste seo ó dheireadh an 12ú haois isteach sa 13ú haois (Sheehan 1978). Tá ar a laghad dhá mhóta sa pharóiste seo dá gcuid. Tá seans gur as duine den ainm pearsanta Faghan a ainmníodh an áit seo. Carn Fian (ainm neamhdheimhnithe) is ea an fhoirm Ghaeilge den ainm seo atá ag an mBrainse Logainmneacha (BLÉ 50931).

Carnpark An Carn ‘the pile of rocks’ 1. ?The Carn Crown Lands 300 1540-1 2. the Carne Fiants Eliz. 4014 1582 3. the Carne Fiants Eliz. 4151 1583 4. the Carne Fiants Eliz. 4463 1584 5. Karne Fiants Eliz. 6450 1600 6. Kearne Fiants Eliz. 6450 1600 7. Carne Fiants Eliz. 6574 1601 8. Carne al' Carnemore Inq. Jac. I, 5 1611 9. Carnemore CPR Jas. I 490a 1620 10. Carne DS 1655c 11. Carne Census 524 1659c 12. Carne BSD 94b 1670c

309 ‘-, Carn of the Fians or soldiers.’ AL: d.

188 Barúntacht Chluain Lonáin Baile Locha Luatha

13. Carne Inq. Car. II, 7 1675 14. Carnemore Inq. Car. II, 7 1675 15. Carne BP 21 1703 16. Carne SEH 13 1786 17. Carn Larkin 1808 18. Carn TAB 1826 19. Carn Park POB 1832 20. Carne AL: HCSVR (1824) 1837 21. Carn Park AL: BS 1837 22. Carn AL: CM 1837 23. carn AL: pl. 1837 24. Carn310 AL: d. 1837

25. »karn B. Muldoon 2011 Carn ‘cairn; heap, pile; great amount’ (FGB 1 (1; 2; 3)) is bun leis an ainm seo. Mínítear An Carn/Carn i gCo. an Longfoirt mar ‘the pile of rocks’ (BLÉ 32744). Carn ‘occurs as the root-word in the placenames of a number of inauguration sites’ (Fitzpatrick 2004: 31). Tá fianaise ar an alt i bhfoirmeacha 1-4. Eilimint Bhéarla is ea park a bhaineann leis an teach mór a bhí i ndeisceart an bhaile fearainn. Mór ‘big, great, large’ aid. (FGB 3) atá san eilimint cháilithe i bhfoirmeacha 8, 9 agus 14.

Clonrelick Cluain Reilige ‘wet pasture of the burial ground’ 1. ?Ernaine Dromma I Cluana Railgech LL vi 1531 1160c 2. ?Eirne Cluana Raigech LL vi 1590 1160c 3. ?Erne Cluana Railgech LL vi 1625 1160c 4. ?Ernin Cluana Reilgech BF311 3 1200c312 5. ?Cluana Railgech313 FGorm. 150 1170c 6. Glownerclick CPR Jas. I 490a 1620 7. Clownerelick CPR Jas. I 490a 1620

310 ‘-, a heap; a sepulchral heap.’ AL: d. 311 ‘As leabhrán Meic Seain Charraigh í Maonaigh .i. comharba Farannain do sccriobhadh an betha sin Farannain’ M. Ó Cléirigh, 1629. 312 Féach Ó Muraíle (2008: 58 & 151) don dáta seo. 313 5 Lúnasa: Ernin. ‘in marg.’

189 Barúntacht Chluain Lonáin Baile Locha Luatha

8. ?Ernin, Cluana railgeach314 MartD 212 1630 9. ?Ernín Cluana Railgheach MartD 408 1630 10. ?Cluain-reilgeach ASH 337 1645 11. ?Cluain-reilgeach TT 128 1647 12. ?Druim-relgeach TT 128 1647 13. ?Cluain Railgheach LGen. 711 §16 1650c 14. Clunrilck DS 1655c 15. Clonrillick ASE 48 1666 16. Clunrillick BSD 95b 1670c 17. Clonrelick TAB 1826 18. Cloonrelick AL: BS 1837 19. Clunsillick AL: Down Survey 1837 20. Clonrullick AL: HCSVR (1824) 1837 21. cluain reilic AL: pl. 1837 22. Cluain Roilic315 AL: d. 1837

23. »klon«relik B. Muldoon 2010 Cluain ‘meadow; aftergrass’ (FGB 1 (1 & 2)) atá sa chéad eilimint anseo. Féach Ó Cearbhaill (2010) le haghaidh phlé chuimsitheach ar an eilimint seo. De ghnáth tugtar cluain ar fhéarach in aice le habhainn nó le portach. Mínítear Cluain Mór/Clonmore i gCiarraí mar ‘big pasture[:] Is minic an bhrí ‘féarach fliuch’ le cluain’ (BLÉ 24824). Tá cuma fhliuch ar chuid mhór den bhaile fearainn seo. Reilig atá sa dara heilimint, agus í sa g. uatha anseo. Tá seans gurb ionann an baile fearainn seo agus Cluain Raileach Earnáin (foirmeacha 1 – 5 agus 8 – 13). Tugann Ó Riain tús áite do Cluain Raileach/Cloonrallagh i gCo. an Longfoirt áfach (Ó Riain 2011: 286). Níl aon taifead ar láthair eaglasta in Cluain Raileach/Cloonrallagh ach tá fianaise ar an eilimint raileach sna foirmeacha stairiúla don bhaile fearainn sin. Féach BLÉ (33150). Níl aon taifead ar láthair eaglasta sa bhaile fearainn seo ach oiread, ach luann Cox an méid seo: ‘Down to about sixty years ago the site of the burial ground was marked by a number of undressed medium sized stones. (Cox 1994: 34). Tá cosúlacht imfhálú ciorclach ar ghné atá marcáilte ar an CESO in iarthuaisceart an bhaile

314 5 Lúnasa: Ernin. 315 ‘-, lawn or meadow of the burial place.’ AL: d.

190 Barúntacht Chluain Lonáin Baile Locha Luatha fearainn, ach d’fhéadfadh clais lín nó rud éigin den sórt sin a bheith i gceist chomh maith.

Clonthread Cluain Truide ‘wet pasture of the starling’ 1. Clonethred316 CGn. 32-280-19735 1721 2. Clonthred CGn. 45-18-27443 1724 3. the Island of Clintrid CGn. 46-208-28347 1724 4. Cloontred CGn. 89-269-63148 1737 5. Clontred TAB 1826 6. Cloonthread AL: BS 1837 7. cluain troid AL: pl. 1837 8. Cluain Troid317 AL: d. 1837 Cluain ‘meadow; aftergrass’ (FGB 1 (1 & 2)) atá sa chéad eilimint anseo. Féach Ó Cearbhaill (2010) le haghaidh phlé chuimsitheach ar an eilimint seo. De ghnáth tugtar cluain ar fhéarach in aice le habhainn nó le portach. Mínítear Cluain Mór/Clonmore i gCiarraí mar ‘big pasture[:] Is minic an bhrí ‘féarach fliuch’ le cluain’ (BLÉ 24824). Maidir leis an dara heilimint, tá an chuma ar na foirmeacha stairiúla go bhfuil an -d deiridh caol. Is dócha gurb í truid ‘starling’ (DIL s.v. truit), cf. druid ‘starling’ (FGB 1), atá sa dara heilimint, agus í sa g. uatha anseo.318 Clonyegan Cluain Uí Thadhgáin ‘wet pasture of Ó Tadhgáin’ 1. Clonnyheggan Inq. Jac. I, 7 1614 2. Clonehigan alias Cloneberaw CPR Jas. I 501a 1621 3. Clonehegan DS 1655c 4. Clonyhegan ASE 48 1666 5. Clonyhegan BSD 93b 1670c 6. Clounihegan CGn. 31-410-19626 1721

316 ‘Ballydoaghan with an island adjoing to yet ..’ 317 ‘-(or Troda), lawn or meadow of the fight. Local name.’ AL: d. 318 Is é trud (sa g. iolra) an fhoirm a bhí ag Mícheál Ó Braonáin agus é ag cur síos ar oileán i lár Loch Rí in Príomhshruth Éireann [PÉ], a chum sé sa bhliain 1794; ‘Dair-innis na trud is na gcorra,’ (PÉ 545 & n). B’as Lisgobban (BLÉ 43950) ar an taobh siar ó thuaidh de Loch Rí, i gCo. Ros Comáin, do Ó Braonáin. Is mar ‘na dtruid’ a thugann eagarthóir PÉ, Éamonn Ó Tuathail, foirm g. iolra an fhocail seo, tá seans mar sin gur foirm g. iolra atá sa dara heilimint anseo, rud a luíodh le réasún – bheifí ag súil le scata truideanna ar chluain, agus ní ceann amháin. Cluain Truid is ea an fhoirm a mholfainn sa chás sin.

191 Barúntacht Chluain Lonáin Baile Locha Luatha

7. Cloonhegan CGn. 150-374-102367 1752 8. Cloonyhegan CGn. 150-374-102367 1752 9. Clonyegan WPB 1761 10. Clonyhegan SEH 10 1786 11. Cloneyegan TAB 1826 12. Clonehegan AL: HCSVR (1824) 1837 13. Clonnyegan AL: BS 1837 14. cluain uí aodhagáin AL: pl. 1837 15. Cluain Uí Aodhagain319 AL: d. 1837

16. »kloni˘«i˘g´n B. Muldoon 2011 Cluain ‘meadow; aftergrass’ (FGB 1 (1 & 2)) atá sa chéad eilimint anseo. Toisc fianaise ar h suntasach a bheith idir an chéad agus an dara heilimint i bhfoirmeacha 1 – 8 agus foirmeacha 10 agus 12 is mór an seans gurb é an sloinne Ó Tadhgáin atá sa dara heilimint, agus í sa g. uatha anseo. Is é Muintir Thadhgáin ainm treabhchais na Sionnach (Ó Catharnaigh): ‘They were originally chiefs of all Teffia, but their patrimony was afterwards narrowed down to Muinntear Tadhgain, now the barony of in Offaly. They were also known by the surname Sionnach (q.v.)’ (Woulfe 1923: 455). Sloinne fíor-thearc atá in Ó Tadgáin: ‘found chiefly in Leinster’ (Woulfe 1923: 650). Bhí teaghlach amháin den sloinne Tagan ina chónaí in Culeen Beg gar don Mhuileann gCearr i 1901 (Daonáireamh). Tá seans gurb é an sloinne Ó hAogáin atá sa dara heilimint, agus í sa g. uatha anseo: ‘the name of a family of Ely- O’Carroll, in the present Offaly’ (Woulfe, 1923: 557). Béarlaítear an sloinne seo mar Egan in Uíbh Fhailí, agus bhí líon beag den sloinne sin ina gcónaí i bparóiste Chill Chliathach agus thart ar an Móta i 1901 (Daonáireamh).

Cooleen Na Cúilíní ‘the small corners’ 1. Quollens DS 1655c 2. Quolins Census 524 1659c 3. Quollenesse BSD 92b 1670c 4. Quolins CGn. 89-269-63148 1737 5. Quoleen TAB 1826

319 ‘-, O’Hegan’s lawn or meadow. Local Irish Name.’ AL: d.

192 Barúntacht Chluain Lonáin Baile Locha Luatha

6. Quolleness AL: Down Survey Map 1837 7. Quoleeness AL: HCSVR (1824) 1837 8. cúilín AL: pl. 1837 9. Cúilín320 AL: d. 1837

10. »ku;«i˘n B. Muldoon 2011 Cúil ‘corner, nook, store, heap’ (FGB 1) atá san ainm seo, móide an mhír dhíspeagtha -ín. Tá cúilín ‘little nook’ (bain.) ag Ó Dónaill chomh maith (FGB 1) agus cúilín ‘wedge alongside handle in socket of implement, (of spade) (wooden) tramp, point’ (fir.) (FGB 2). D’fhéadfadh pointe talaimh a bheith i gceist anseo, pointe atá beagán ardaithe atá i lár an bhaile fearainn, le talamh portaigh soir, ó thuaidh agus ó dheas de. Ní féidir a bheith cinnte an raibh bunús sa Ghaeilge ag an bhfoirm iolra atá le sonrú i bhfoirmeacha 1-4 agus 6-7 ach tá an chuma ar fhoirm 3 gur cúilíní móide -s iolra an Bhéarla atá inti. Féach Na Cúilíní/Cooleen i gCorcaigh (BLÉ 11628).

Coolvuck Lower Cúil Bhoc Íochtarach ‘corner of the bucks, lower’ 1. Cowlvockiaghteragh Inq. Jac. I, 5 1611 2. Coolvockeightragh CPR Jas. I 228b 1612 3. Colvockes Inq. Jac. I, 7 1614 4. Coolvockes Inq. Jac. I, 7 1614 5. Coulvockeightragh CPR Jas. I 490a 1620 6. Culluock DS 1655c 7. Both ye Culvocks Census 524 1659c 8. Culnouck BSD 95b 1670c 9. Coolvock Larkin 1808 10. Coolvuck eighter TAB 1826 11. Cullvouck AL: Down Survey Map 1837 12. Cullvouckeyghter321 AL: Down Survey Map 1837 13. Cowlvock AL: Inq. Jac. I 1837 14. Coolvock AL: HCSVR (1824) 1837 15. Coolvockeither322 AL: HCSVR (1824) 1837

320 ‘-, a small corner or angle.’ AL: d. 321 Luaite faoi Upper Coolvuck san AL.

193 Barúntacht Chluain Lonáin Baile Locha Luatha

16. Lower Coolvuck AL: BS 1837 17. cul boc AL: pl. 1837 18. Cul Bhoc323 AL: d. 1837

19. »ku˘l«vuk E. Hatton 2011 Cúil ‘corner, nook, store, heap’ (FGB 1) atá sa chéad eilimint anseo. Boc ‘buck, playboy’ (FGB 1) = poc ‘(of deer, of goat) buck’ (FGB 1 (1) atá sa dara heilimint, agus í sa g. iolra. Tá fianaise ar an dara heilimint a bheith séimhithe i ngach foirm ach foirm 17. Íochtarach ‘lower, low, low-lying’ aid. (FGB (1)) atá san eilimint cháilithe dheiridh. Móinteach mór cothrom atá sa chuid is mó den bhaile fearainn seo. Féach Cúil Bhoc/Coolbuck i bhFearmanach (BLÉ 61041).

Coolvuck Upper Cúil Bhoc Uachtarach ‘corner of the bucks, upper’ 1. Cowlvock Inq. Jac. I, 5 1611 2. Cowlevocke CPR Jas. I 228b 1612 3. Colvockes Inq. Jac. I, 7 1614 4. Coolvockes Inq. Jac. I, 7 1614 5. Coulvockvoghtragh CPR Jas. I 490a 1620 6. Coolewockoughteragh Inq. Car. I 106 1635 7. Culluock DS 1655c 8. Both ye Culvocks Census 524 1659c 9. Culvonckoghter324 BSD 95b 1670c 10. Coolbuck MLA 1752 11. Coolvock Larkin 1808 12. Coolvuck TAB 1826 13. Upper Coolvuck AL: BS 1837 Féach thuas. Uachtarach ‘upper, top; higher, superior’ aid. (FGB (1; 2)) atá san eilimint cháilithe dheiridh anseo – féach foirmeacha 5 agus 6. Uachtar ‘top, upper part; southern part’ (FGB (1; 2)) atá sa chuid deiridh de fhoirm 8, agus í sa g. uatha. Tá an baile fearainn seo níos airde agus ó dheas de Coolvuck Lower.

322 ‘-either’ = íochtair? Ach luaitear an fhoirm seo le Coolvuck Upper san AL – trí mhíthuiscint is dócha. 323 ‘-, back of the bucks.’ AL: d. 324 Seans gur ceart u a léamh in áit n anseo – tá Culvouckoghter luaite faoi ‘Down Survey refce.’ san AL.

194 Barúntacht Chluain Lonáin Baile Locha Luatha

Correagh An Chorr Riabhach ‘the striped round hill’ 1. Correogh Fiants Eliz. 6320 1599 2. ?Correagh Inq. Jac. I, 5 1611 3. Correogh Inq. Jac. I, 7 1614 4. Correvagh DS 1655c 5. Correvagh ASE 48 1666 6. Correvagh BSD 96b 1670c 7. Correagh SEH 9 1786 8. Corievagh TAB 1826 9. Cor_ieagh TAB 1826 10. Correagh AL: HCSVR (1824) 1837 11. (?) Correogh AL: Inq. Jac. I 1837 12. (?) Correvagh AL: Inq. Jac. I 1837 13. (?) Correveaghe AL: Inq. Jac. I 1837 14. (?) Correvogh AL: Inq. Car. I 1837 15. (?) Crevagh AL: Inq. Car. I 1837 16. Creviagh AL: BS 1837 17. Coreevagh AL: CM 1837 18. cor riabhach AL: pl. 1837 19. Cor Riabhach325 AL: d. 1837

20. »kor«i˘´ B. Muldoon 2011 Corr ‘rounded hill, rounded hump’ (FGB 2 (2)) atá sa chéad eilimint anseo. Tá cnocán suntasach i lár an bhaile fearainn (N 162 431). Riabhach ‘streaked, striped, brindled; (speckled) grey; dun, drab; dull, gloomy, dismal, wretched’ (FGB 2 (1-4) atá san aidiacht cháilithe. Tá thart ar shé bhaile fearainn den ainm seo sa tír.

Creeve An Chraobh ‘the tree’ 1. ?cath Craibe326 ATig. 349 1124

325 ‘-, greyish Cor or round hill.’ AL: d

195 Barúntacht Chluain Lonáin Baile Locha Luatha

2. Crewes Inq. Jac. I, 7 1614 3. Cryvemore CPR Jas. I 490a 1620 4. Crewemore Inq. Car. I, 106 1635 5. Crinemore DS 1655c 6. Crivemore ASE 48 1666 7. Crivemore BSD 95b 1670c 8. ??Creeve WPB 1761 9. Creive Larkin 1808 10. Creeve TAB 1826 11. Creevemore AL: HCSVR (1824) 1837 12. Creive AL: CM 1837 13. Craobh 327 AL: d. 1837

14. »kri˘v B. Muldoon 2011 Craobh ‘a branching tree, a bush, bushy land’ (Walsh 1957: 252) is bun leis an ainm seo. Tá fianaise ar an aidiacht cháilithe mór ‘big, great, large’ (FGB 3) i bhfoirmeacha 3-7 agus 11. Tá craobh réasúnta coitianta mar eilimint aonair i logainmneacha i leath thuaidh na tíre.

Creevebeg An Chraobh Bheag ‘the small tree’ 1. Cryvebeg Inq. Jac. I, 7 1614 2. Crevebeg Inq. Jac. I, 7 1614 3. Crowbegg CPR Jas. I 501a 1621 4. Crivebeg DS 1655c 5. Creeuebegg Census 524 1659c 6. Crivebegg ASE 48 1666 7. Crivebegg BSD 95b 1670c 8. Crevebegg AL: Inq. Car. I 1837 9. Crewbeg AL: Inq. Car. I 1837 10. Crevebeg AL: Inq. Jac. II 1837

326 ‘Perh. tl. Creeve, par. Ballyloughloe,’ (Ó Murchadha 1997: 128). Luann Stokes ‘Roiss dá charn’ leis an áit seo (idir lúibíní) ina aistriúchán [ATig.] (lch. 350). Shíl Hogan gur i gCill Mhantáin a bhí ‘Roiss da charn.’ 327 ‘-. a large wide-spreading tree; a bush.’ AL: d

196 Barúntacht Chluain Lonáin Baile Locha Luatha

11. Creevebegg AL: HCSVR (1824) 1837 12. Crievebeg AL: BS 1837 13. Craobh Beag328 AL: d. 1837

14. »kri˘v B. Muldoon 2011 Craobh ‘a branching tree, a bush, bushy land’ (Walsh 1957: 252) atá sa chéad eilimint anseo. Beag ‘little, small’ (FGB 2 (1)) atá san aidiacht cháilithe.

Dunegan Dún Aogáin ‘fort of Aogán’ 1. Donygan Fiants Eliz. 6663 1602 2. Donygan Inq. Jac. I, 7 1614 3. Doonygan Inq. Jac. I, 7 1614 4. Dunegane CPR Jas. I 287a 1615 5. Donegan DS 1655c 6. Donigan Census 523 1659c 7. Donegan BSD 93b 1670c 8. Duneagan SEH 17 1786 9. Dunegan Larkin 1808 10. Dunegan TAB 1826 11. Dunegan AL: HCSVR (1824) 1837 12. dún aodhagáin AL: pl. 1837 13. Dún Aodhagain329 AL: d. 1837

14. »dun«i˘g´n B. Muldoon 2011 Dún ‘fort, fortress; place of refuge, haven; (secure) residence, (secure) house; promontory fort, bluff’ (FGB 1 (1-4) atá sa chéad eilimint anseo. An t-ainm pearsanta Aogán atá sa dara heilimint, agus í sa g. uatha anseo. Tá fothrach túrthí i ndeisceart an bhaile fearainn.

Dunlom East Dún Lom Thoir ‘bare fort, east’ 1. Donlom CFS 119 1595

328 ‘-, i.e. little Creeve.’ AL: d 329 ‘-, Egan’s Dun, or fort.’ AL: d

197 Barúntacht Chluain Lonáin Baile Locha Luatha

2. Donelom Inq. Jac. I, 7 1614 3. Doonelom Inq. Jac. I, 7 1614 4. ?Dunlow CPR Jas. I 501a 1621 5. Doonelume DS 1655c 6. Dunlome Census 523 1659c 7. Dooneloone alias Dunlum ASE 203 1669 8. Dooneloon BSD 96b 1670c 9. Dunlom WPB 1761 10. Dumlum SEH 11 1786 11. Dunlum SEH 15 1786 12. Dunlum Larkin 1808 13. Dooneloone AL: Down Survey Map 1837 14. Dunlum East AL: BS 1837 15. Dunlum AL: HCSVR (1824) 1837 16. dun lom AL: pl. 1837 17. Dun Lom330 AL: d. 1837

18. »dun«lum B. Muldoon 2011 Dún ‘fort, fortress; place of refuge, haven; (secure) residence, (secure) house; promontory fort, bluff’ (FGB 1 (1-4) atá sa chéad eilimint anseo. Tá créfort i ndeisceart an bhaile fearainn (NMS WM030-052). Lom ‘bare’ aid. (FGB 2 (1) atá san eilimint cháilithe. Is dócha gur trí chomhshamhlú a cuireadh fad leis an dara siolla i bhfoirmeacha 7 agus 8.

Dunlom West Dún Lom Thoir ‘bare fort, east’ 1. Dunlum West AL: BS 1837 Féach thuas. Aisteach go leor tá an baile fearainn seo díreach ó dheas de Dunlom East. Is mór an seans gur roinneadh Dunlom East agus Dunlom West óna chéile in aimsir an BS (c. 1825).

Fassagh Fásach ‘wilderness, uninhabited place’

330 ‘-, bare dun or fort.’ AL: d.

198 Barúntacht Chluain Lonáin Baile Locha Luatha

1. Fenagh DS 1655c 2. Fassagh Census 524 1659c 3. Ffenagh BSD 93b 1670c 4. Fausagh L. B&L 1800c 5. Fassagh Larkin 1808 6. Fassagh TAB 1826 7. Fennagh alias Fassagh AL: HCSVR (1824) 1837 8. Fassagh AL: CM 1837 9. fassach AL: pl. 1837 10. Fasach331 AL: d. 1837

11. »fos«´ B. Muldoon 2011 Ta an áit seo athghaelaithe agus mínithe cheana féin ag an mBrainse Logainmneacha; (BLÉ 50825). Is fiú an dara míniú a thugann Ó Dónaill a lua: fásach ‘wild growth, luxuriant growth, uncropped pasture’ (FGB 1 (2); ‘entirely used as pasture land; about one-third of it is low and wet, remainder dry’ (AL). Tá seans gur fionnmhach ‘fair field/plain?’ (féach BLÉ 3285) atá i bhfoirm 1, 3, agus an chéad leagan i bhfoirm 7; féidearthacht eile is ea Fíonach ‘place of twigs’ (BLÉ 29733). cf. Fíonach/Fenagh i gCo. Liatroma (BLÉ 29570)

Glebe An Ghléib ‘the glebe’ 1. the Gleab DS 1655c 2. Glebe SEH 10 1786 3. Glebe AL: BS 1837 Gléib – talamh beathúnais. Tá an baile fearainn seo suite díreach soir ó dheas ó sheanséipéal an pharóiste.

Glen An Gleann ‘the hollow’ 1. the Glanne Fiants Eliz. 1273 1569 2. Gline otherwise Glincahy CPR Jas. I 490a 1620 3. Glynn Inq. Car. I, 84 1633

331 ‘-, a wilderness, prond. locally Fassach.’ AL: d.

199 Barúntacht Chluain Lonáin Baile Locha Luatha

4. Glyn DS 1655c 5. Glinn Census 524 1659c 6. Glyn BSD 94b 1670c 7. Glynne Inq. Car. II, 7 1675 8. Glynn BP 21 1703 9. Glynn L. B&L 1800c 10. Glyn Larkin 1808 11. Glen LEL 11 1810 12. Glyn TAB 1826 13. Glynn TAB 1826 14. Bog of Glin LEL 36 1833 15. Glinwood Demesne LEL 36 1833 16. Glynne AL: Down Survey Map 1837 17. Glynn AL: HCSVR (1824) 1837 18. Gleann AL: d. 1837

19. »glin«wud áit. 2011 Gleann ‘glen; hollow’ (FGB 1 (1; 2) is bun leis an ainm seo. Is dócha gurb í an fhoirm thabharthach glinn is bun le foirmeacha 2-10 agus 12-17 agus 19. Tá fianaise ar an alt i bhfoirm 1. Luaitear an méid seo san AL: ‘Proprietor Mr. Longworth ... much wood, meadow & pasture.’ Tá seans gur tagairt don sloinne Ó Cathaigh atá sa dara leagan de fhoirm 2: ‘Ó Cathaigh—O Cahy, Cahy; ‘des. of Cathach’ (war-like); a rare Offaly surname’ (Woulfe 1923: 454).

Killachonna (Castlemaine) Coill an Chonnaidh (Castlemaine) ‘wood of the firewood, Castlemaine’ 1. Coylechona ASE 48 1666 2. Killehona ASE 128 1667 3. Colachona BSD 93b 1670c 4. Killachonna WPB 1761 5. Killakunna CGn. 364-424-247043 1785 6. Koylachona332 CGn. 377-117-250648 1786 7. Killnahunah CGn. 377-117-250648 1786

332 Kiylachona i / o.

200 Barúntacht Chluain Lonáin Baile Locha Luatha

8. Killahunnagh CGn. 377-117-250648 1786 9. Killahunna TAB 1826 10. Kilahuna TAB 1826 11. Killechonna AL: HCSVR (1824) 1837 12. Killahunna Castlemain AL: BS 1837 13. Killechona AL: CM 1837 14. cill a chonna AL: pl. 1837 15. Cill Dhachonna333 AL: d. 1837

16. »kil´«hun´ B. Muldoon 2011 Coill ‘wood, forest’ (FGB 1) atá sa chéad eilimint anseo. Connadh ‘firewood, fuel’ (FGB) atá sa dara heilimint, agus í sa g. uatha anseo. Tá an chuma ar fhoirmeacha 1 agus 3 gur iarracht coill a léiriú atá iontu. Dá mbeadh aon amhras ann, tá wood marcáilte ar cheantar an bhaile fearainn seo ar léarscáil an DS.334 Teideal tiarna talún áitiúil is ea Castlemaine.

Killachonna (Clibborn) Coill an Chonnaidh (Clibborn) ‘wood of the firewood, Clibborn’ 1. Killahunna Clibborn AL: BS 1837 Sloinne is ea Clibborn. Úinéirí talaimh agus muilte lín thart ar an Móta ab ea muintir Clibborn.

Killachonna (Potts) Coill an Chonnaidh (Potts) ‘wood of the firewood, Potts’ 1. Killahunna Potts AL: BS 1837 Sloinne is ea Potts.

Killeenatoor Coillín an Tuair little wood of the bleach/small field’ 1. Killenetore Inq. Jac. I, 7 1614 2. Killintetore Inq. Jac. I, 7 1614

333 ‘-, locally pronounced. Cill a’ Chonna, St. Dachonna’s church.’ AL: d. 334 ‘Killchi read Kilchuny in the Ardbraccan See Book. It is probably Killachonna, in the parish of Ballyloughloe, county of Westmeath’ RClon. 450 (n. 12). Is ar éigean atá aon bhunús leis an ionannú seo.

201 Barúntacht Chluain Lonáin Baile Locha Luatha

3. Killintwog DS 1655c 4. Killintowy BSD 95b 1670c 5. Killinatore SEH 17 1786 6. Killenatoure Larkin 1808 7. Killinatour TAB 1826 8. Killinetowre AL: HCSVR (1824) 1837 9. Killenetoure AL: CM 1837 10. Killinatoure AL: BS 1837 11. coillín a tuair AL: pl. 1837 12. Coillín a’ Tuair335 AL: d. 1837

13. »kil´n´«to˘r B. Muldoon 2011 Coillín; coill ‘wood, forest’ (FGB) móide an mhír dhíspeagtha -ín atá sa chéad eilimint anseo. Tuar ‘dung, manure; manuring of land, manured land; cattle-field, sheep-run; pasture, lea; bleaching-green’ (FGB 2 (1a; 1b; 2) 3 (2)) atá sa dara heilimint, agus í sa g. uatha anseo.

Killinroan Cillín Róin ‘St. Rón’s little church’ 1. Killinroan Census 524 1659c 2. Killinronan ASE 48 1666 3. Killniroan BSD 93b 1670c 4. Killinrone CGn. 150-374-102367 1752 5. Killinrone TAB 1826 6. Killinroan AL: HCSVR (1824) 1837 7. Killinrone AL: BS 1837 8. cillin Ron336 AL: pl. 1837 9. Cillin Ron337 AL: d. 1837

10. »kilin«ro˘n B. Muldoon 2011

Cillín ‘a little church’ (Dinn.) atá sa chéad eilimint anseo;

335 ‘-, little wood of the bleach green, or green field,’ AL: d. 336 ‘coilli’ scríofa roimh ‘cillín’ san ainmleabhar agus stróctha amach, AL: pl. 337 ‘-, Ron’s little church. An old burial ground here.’ AL: d.

202 Barúntacht Chluain Lonáin Baile Locha Luatha

While examining the site of the destroyed ring fort (a) in Killinroan Td. [see separate note] I was informed by a local farmer of an 'old graveyard' (WM030-070001-) in the townland. On examination this proved to be a quite extensive earthwork, not formerly recorded. The main feature of the site is what appears to be a roughly circular enclosure … There are no indications of any special local reverence for this feature. There are no indications of a church building, nor of graves etc., in fact nothing except the local tradition & perhaps the townland name to point to an ecclesiastical association for the site, which looks more like a ring fort with some sort of associated features (SMR file 1973) (NMS WM030- 070002).

Tá seans beag gur ainm an naoimh, Rón, a scríobhtar mar Brón de ghnáth, atá sa dara heilimint, agus í sa g. uatha anseo. Luaitear Rón/Brón go minic in Bethu Brigte (Ó Riain 2011: 129). Féidearthacht eile is ea an t-ainm pearsanta Ruán, nó d’fhéadfadh an chiall ‘reddish land’ a bheith ag an eilimint sin chomh maith. Thacódh foirm 2 le Rónán, ainm pearsanta a bhí coitianta sa luath-thréimhse, don dara heilimint.

Knockdomny Cnoc Domaine ‘black hill of Maine’ 1. ?hill of Downmayne LSS Ferguson VI f. 38 1579 2. Knock Dumayne Itinerary II 288 1600 3. cnoc dupmaine O’Grady Cat. of MSS 468n 1600 4. Cnockdomney Inq. Jac. I, 7 1614 5. Knockdomyny Inq. Jac. I, 16 1617 6. Knockdomini DS 1655c 7. Knockdoning Census 524 1659c 8. Knockdomini BSD 93b 1670c 9. Knockdowny BSD 96b 1670c 10. Knockdomn_ Larkin 1808 11. Knockdomny TAB 1826 12. Knockdomny AL: HCSVR (1824) 1837 13. cnoc doimne AL: pl. 1837 14. Cnoc a Doimhne338 AL: d. 1837

15. »nok«domni˘ B. Muldoon 2011

338 ‘-, hill of the depth.’ AL: d.

203 Barúntacht Chluain Lonáin Baile Locha Luatha

Níl aon deacracht leis an gcéad eilimint anseo; cnoc ‘hill’ (FGB (1a)) atá inti. Tá an dara cuid den ainm seo fíorspéisiúil agus is cosúil go bhfuil dhá eilimint faoi leith, dubh agus Maine, tar éis titim le chéile. Foirm Ghaeilge ar nós Cnoc Dumaine (< Cnoc Dubh Maine) is bun leis na foirmeacha Béarla – féach foirmeacha 5, 6 agus 8 ach go háirithe. Dubh ‘black’ (FGB 3 (1)) atá sa dara heilimint den ainm seo mar sin agus Maine, ainm pearsanta, ag feidhmiú anseo mar ainm treabhchais, atá san eilimint deiridh. Maidir le hionannú fhoirm 3, scríobh Aodh Ó Néill litir chuig Mac Cochláin (a raibh a thailte díreach ó dheas ón gcnoc seo in iarthar Cho. Uíbh Fhailí) ag bagairt air339 a bheith leis nó ina aghaidh ‘ag cnoc dupmaine. 6. februarii. 1600.’340 Tá an- chosúlacht idir foirm na litreach seo agus foirm litreach a scríobh sé dhá lá roimhe sin ‘From Knock Dumayne in Calrie, the fourth of February 1599 [= 1600]’,341 rud a chinntíonn, nach mór, ionannú cnoc dupmaine leis an mbaile fearainn seo.342 Bhí nós ag roinnt scríobhaithe (Tadhg Ó Cianáin, Dubhaltach Mac Fhirbhisigh) taca an ama seo, bh a scríobh mar p; is ceart foirm 3 a normalú ó cnoc dupmaine go Cnoc Dubhmhaine mar sin. 343 Is dócha nár thuig an scríobhaí, toisc foirm fhorbhartha

339 Is mar seo a chur Myles na gCopaleen síos ar an litir seo: ‘an exceptional achievement in the sphere of written nastiness,’ The Irish Times 11ú DF 1943. 340‘Aodh Ó Néill chum Méig Cochláin’ (féach Ó Lochlainn 1939: 57). Bhain Ó Lochlainn an litir seo as S.H. O Grady, Catalogue of Irish MSS in British Library, I (1926), 468n (arna thógáil as State Papers, Ireland, CXCV 244c). Tugtar an litir mar atá sé ag O’Grady anseo; ‘Ar mbennacht chugoip a Még Cochláin: do ghlacamair bar leitir acus issé thuigmíd uirre nach ffuil agoip agá dénumh acht míllsecht bhriathar acus sínteoracht aimsire. Ar gcuidne do’n adpar cé bé duine nach biaidh leinn acus nach gcaithfe ar son na córa tuigmíd gur duine inár naghaid in duine sin. dá bhrígh sin gach áit a ndéna sipsi bar maith fein dénaidh ár nolcne in méide go roichfidh leip do dénumh de acus dodénaimne bar nolcsa fá ár ndíothioll maille toil dé. Ag cnoc dupmaine. 6. februarii. 1600. O NEILL’. Tá tuilleadh fianaise ar Aodh Néill a bheith sa cheantar seo, in Feabhra 1600, sa mhéid seo: ‘Sir Arthur Savage to the Privy Council. ‘… Tyrone lay within four miles of this place [Baile Átha Luain] four or five days, and is now gone into Offally …’ – Athlone, 1599[-1600], February 4.’ Cal. of State Papers 464 (91). 341 ‘O Neale commendeth him unto you Morish Fitz Thomas, O Neale requesteth you in Gods name to take part with him, and fight for your conscience and right; and in so doing, Oneale will spend to see you righted in your affaires. and will help you: And if you come not at Oneale betwixt this and to morrow at the twelve of the clocke, and take his part, Oneale is not beholding to you, and will doe the uttermost of his power to overthrow you, if you come not to him at furthest by the Satturday noone. From Knocke Dumayne in Calrie, the fouth of February 1599 [= 1600]. Oneale requesteth you to come speake with him, and doth give you his word that you shall receive no harme. neither in coming of going from him, whether you be friend or not, and bring with you to Oneale Gerat Fitz-gerald. Subscribed O Neale’ (Itinerary II 288) 342 Mar a tharlaíonn go minic i gcásanna mar seo, i ndiaidh dom an áit seo a aithint, tháinig mé ar thagairt de chuid an Athar Paul Walsh don áit chéanna ina dtiomsaíonn sé mórán an fhianaise chéanna chun an áit seo a aithint. Féach Walsh (1960: 47-48). 343 ‘Cnoc Dubh-mhuine would be an alternative way of spelling the Irish form. It means ‘the Hill of the Dark Shrubbery.’ (Walsh 1960: 48n.)

204 Barúntacht Chluain Lonáin Baile Locha Luatha

(laghdú déanta ar an u san fhocal dubh le tionchar na béime) ar nós Cnoc Domaine a bheith sa chaint áitiúil faoin am sin, nach comhfhocal a bhí ann. Maidir leis an tríú heilimint Maine réitíonn suíomh an chnoic seo go maith le lonnú an dreama sin dar le F.J. Byrne agus d’fhéadfaí áitiú gur fianaise ar chríocha deasa Maine atá sa logainm seo;

From an early date many Kings of Tethbae and Maine were buried at Clonmacnoise. Across the Shannon from Mide lay the lands of the Uí Maine of Connacht. In early times they stretched far north into Roscommon and thus bordered on the like-named Uí Néill kingdom of Cenél Maine. Clonmacnoise held the graves of their kings too, and it is possible that there was originally but one kingdom of Maine embracing both shores of the middle Shannon. The eastern portion of the kingdom thus probably extended south of Tethbae to include overlordship over the Cuircne, Bregmuine, Calraige and Delbna Bethra. (Byrne 1973: 92)

Cnoc suntasach atá sa chnoc seo (157m) le cinnradharc ar Shliabh Bladhma (35km) agus Sliabh Eachtaí (60km) ar lá maith. Tá Elizabeth FitzPatrick den tuairim go raibh láthair oirnithe mhuintir Mhig Amhalaí ar bharr an chnoic seo (Fitzpatrick 2004: 171). cf. Finnegan (2013c) (le teacht).

Labaun An Lábán ‘mire’ 1. Farinelaban Inq. Jac. I, 7 1614 2. Farennclabane Inq. Jac. I, 7 1614 3. Farranelabane CPR Jas. I 490a 1620 4. Farrenelabane Inq. Car. I, 106 1635 5. Laban DS 1655c 6. Laban Census 523 1659c 7. Laban ASE 128 1667 8. Laboin BSD 96b 1670c 9. Labawn SEH 9 1786 10. Lawbawn TAB 1826 11. (?) Labinstowne AL: Inq. Car. II 1837 12. Leban AL: HCSVR (1824) 1837 13. Labaun AL: BS 1837

205 Barúntacht Chluain Lonáin Baile Locha Luatha

14. Laubawn AL: Richard Handcock 1837 15. labán AL: pl. 1837 16. Labán344 AL: d. 1837

17. »lA˘b«A˘n B. Muldoon 2011 Lábán ‘mud, mire’ (FGB (1)) is bun leis an ainm seo. Fearann Lábáin is bun le foirmeacha 1 – 4; fearann ‘land, territory, domain, field, farm, grounds; ploughland; quarter, portion; region’ (FGB 1 (1- 4)). Is mór an seans gur tagairt is ea lábán do cheann den dá linn éadoimhne atá i lár agus i ndeisceart an bhaile fearainn. Féach An Lábán/Labaun i gCo. Chorcaí (BLÉ 12202).

Legan An Liagán ‘the standing stone’ 1. Legane CFS 119 1595 2. Legan CFS 120 1595 3. Legan Inq. Jac. I, 7 1614 4. Legan CPR Jas. I 490a 1620 5. Logan DS 1655c 6. Legan Census 524 1659c 7. Legan ASE 48 1666 8. two Legans ASE 128 1667 9. Legan BSD 96b 1670c 10. Legan SEH 9 1786 11. Legan Larkin 1808 12. Legan345 TAB 1826 13. Leggan AL: Inq. Car. I 1837 14. Legan AL: Inq. Car. II 1837 15. Legan AL: HCSVR (1824) 1837 16. liagan AL: pl. 1837 17. Liagán346 AL: d. 1837

18. »li˘g«´n B. Muldoon 2011

344 ‘-, a miry place.’ AL: d. 345 ‘Part of Grenan and Monkstown’. TAB. Féach Mount Temple? 346 ‘-, local name, a pillar stone.’ AL: d.

206 Barúntacht Chluain Lonáin Baile Locha Luatha

Liagán ‘stone, standing stone, monolith’ (FGB 1 (1)) is bun leis an ainm seo. Tá baile fearainn eile den ainm seo i bparóiste Chill Mhancháin.

Mackanrany Meacan Raithní ‘rough hill of the ferns’ 1. Mackenraghnee CGn. 63-314-43706 1730 2. Mackareaney Larkin 1808 3. Mackenranhy TAB 1826 4. Mackenranny POB 1832 5. Mackanranny AL: HCSVR (1824) 1837 6. Mackareany AL: CM 1837 7. meacan raithnighe AL: pl. 1837 8. Meacan Raithníghe347 AL: d. 1837

9. »mak«´n' E. Hatton 2010

Meacan atá sa chéad eilimint anseo. Is fiú an achoimre Bhéarla a tugadh ag deireadh an ailt ‘‘‘Meacan’’ in Áitainmneacha’ a lua mar mhíniú cruinn ar chiall an fhocail seo: ‘The word seems to be applied frequently to a thick lump and hence, in toponymy, to a hill, or short ridge’ (Ó Máille 1967: 97). Liostaíonn sé naoi logainm déag ina bhfuil an eilimint seo agus tugann sé cur síos sonrach ar an mbaile fearainn seo:

(a) Mackanrany adeirtear leis an leath thiar den áit, (b) Mackan leis an leath thoir di. Sa gcuid thiar, síneann iomairín glas 200 slat ó bhóthar na tórann, agus tá lag tanaí ina lár áit a bhfuil an teach déanta. Sa gcuid thoir, tá dromainn fhéarghlas mhín ag síneadh ó thuaidh is ó dheas, 600 slat ó bhóthar na tórann, is ar an taobh ó dheas den bhóithrín. (Ó Máille 1967: 96)

Raithneach ‘fern, bracken’ (FGB) atá sa dara heilimint agus í sa g. uatha anseo. Tá fianaise láidir sna foirmeacha stairiúla go raibh an siolla deiridh de raithní (g.) fada san ainm seo, ní cosúil leis an siolla deiridh in Druim Raithne/Drumraney (féach paróiste Dhroim Raithne).

Magheramore An Machaire Mór 1. Maeremore DS 1655c 2. Maghermore BSD 93b 1670c

347 ‘-, land of the parsnips and ferns. Local name.’ AL: d.

207 Barúntacht Chluain Lonáin Baile Locha Luatha

3. Magheremore Inq. Car. II, 7 1675 4. Magheramore WPB 1761 5. Magheramore TAB 1826 6. Maghermore AL: Down Survey Map 1837 7. Magherymore AL: HCSVR (1824) 1837 8. Maghramore AL: CM 1837 9. Machaire Mór348 AL: d. 1837

10. »mAh´r´«mu´r B. Muldoon 2011 Machaire ‘plain; stretch of level ground, links, course; field’ (FGB 1 (1; 2; 3a) atá sa chéad eilimint anseo. Mór ‘big, great, large’ (FGB 3) atá san aidiacht cháilithe.

Mount Temple An Grianán ‘the sunny spot’ Baile Locha Luatha ‘townland/place of the lake of Luatha’ Fearann na Manach ‘land of the monks’ 1. ?occ Loch Maighe Uatha349 ARÉ ii, 926 §11 1086 2. ?ic Loch Muige Luatha350 ATig. 310 1086 3. ?indsi Locha Maigi Úath BCML 52 1122c 4. co Loch Lūathu BDC 517 (A) 1125c 5. Loch Lūathæ BDC 518 (A) 1125c 6. oc Loch Lūatha BDC 562 (A) 1125c 7. go Loch Luatha BDC 815 (B) 1125c 8. Baleloghloe AClon. 221 1206 9. Balleloghluaha351 AClon. 234 1234 10. Baile-logh-twaha352 AClon. 245 1264

348 ‘-, great plain or field.’ AL: d. 349 ‘An Sionnach Fionn .i. Tadhg Ua Catharnaig, tigherna Tethbha, & Cionaodh a mac, & Ua Muiredhaigh, toiseach Muintire Tlamháin, do mharbhadh h-i fioll lá Maol Seachlainn, mac Conchobhair occ Loch Maighe Uatha h-i c-cion Murchaidh mic Conchobhair, do mharbhadh lá h-Ua c-Catharnaigh Siondach.’ 350 ‘Prob. = L. Luatha, in par. Ballyloughloe”, Ó Murchadha, D. (1997, lch. 162; cf. Walsh 2003: 269). 351 ‘Phelym O’Connor … burnt Balleloghluaha and Ardnurcher with many other townes.’ Luaite mar bhaile seachas mar pharóiste. 352 Dódh na ‘Street-townes’ uile a bhí i ‘Delvin mcCoghlan, Brawnye and Calrie’, chomh maith leis an áit seo. Is cosúil go raibh lonnaíocht (baile?) de shaghas éigin anseo.

208 Barúntacht Chluain Lonáin Baile Locha Luatha

11. Loch Luatha ALC 448 §6 1264 12. Bailelogh-Lwaha AClon. 257 1289 13. Bailelogh-Lwaha AClon. 257 1289 14. ?Loughloghe353 CIRCLE P.R. Rich. II (9) 1379 15. Baile Locha Luatha do loscud MIA 176 §23 1405 16. Trinitatas de Lochluacha AnnU 143 1426 17. ecclesie de Lochlua AnnU 144 1432 18. ecclesie de Lochluatha alias de Athluaathar AnnU 145 1441 19. ecclesie de Lochluatha AnnU 145 1446 20. Lochluacha CPL X 541 1452 21. a mBali Locha Luatha AConn. 524 §37 1464 22. Bali-logha-luaha AOI 255 1464 23. maidhm baile locha luatha ARÉ iv, 1094 §12 1475 24. ecclesie de Laicluatd alias de Stangno Cinerum AnnU 146 1476 25. Lochlua CPL XIII 66 1478 26. Locluat alias de Stagno Cinerum CPL XIV 67 1485 27. Lochia alias de stanco CPL XIV 146 1487 28. ecclesie de Loclua AnnU 148 1499 29. Lochluart AnnU 153 1522 30. Balleloghlwoy Fiants Edw. VI 461 1550 31. Balleloglo Fiants Eliz. 1401 1569 32. ?Beckloughdowe Fiants Eliz. 2345 1573 33. Balleloghlo called Calry Fiants Eliz. 3300 1578 34. Ballelogloe Fiants Eliz. 4366 1582 35. Grenan CFS 119 1595 36. Grenan CFS 120 1595 37. Ballelougholowe CFS 120 354 1595 38. Ballaghoeluecastell otherwise called Grenane CFS 121 16ú haois

353 ‘Richard Tuite of…’ 354 Suimiúil go leor, rinneadh tagairt do ‘Auly Moor’ [Mac Amhalaí] sa cháipéis seo. Féach mu˘r ar mór i bhfoirm 78 thíos, agus faoi Magheramore, Aghanashanamore.

209 Barúntacht Chluain Lonáin Baile Locha Luatha

39. Ballareghlowe CFS 121 16ú haois 40. Ballelochole Fiants Eliz. 6693 1602 41. Balliloghlo CPR Jas. I 75b 1605 42. Balliloghloe CPR Jas. I 135b 1608 43. Ferrenemannagh otherwise Monckton CPR Jas. I 244a 1613 44. Balleloghloe CPR Jas. I 244a 1613 45. Ballyloghlo Inq. Jac. I, 7 1614 46. Balleloghloe Inq. Jac. I, 7 1614 47. Grenan Inq. Jac. I, 7 1614 48. Ballyloghloe otherwise Grinan CPR Jas. I 490a 1620 49. Baile-locha-lwaha AClon. 332 1627355 50. Ballyloughtoe al' Grenan Inq. Car. I, 106 1635 51. Balliloughloe DS 1655c 52. Grynan DS 1655c 53. Monkstowne DS 1655c 54. Ballilaughlowe Census 1659c356 55. Grenan ASE 128 1667 56. Munkestowne ASE 128 1667 57. Ballilaughlough BSD 92b 1670c 58. Grynan BSD 95b 1670c 59. Mounkstowne BSD 95b 1670c 60. Ballioughloe Piers 85 1682 61. Mt. Temple WPB 1761 62. Mount Temple Demesne SEH 9 1786 63. Grennan SEH 9 1786 64. Mt. Temple SEH 10 1786 65. Grenan Larkin 1808 66. Monktown Larkin 1808 67. Mount Temple Larkin 1808 68. Grenan TAB 1826 69. Ballyloughlow TAB 1826

355 Luaite in innéacs Mhig Eochagáin. 356 luaite mar BF

210 Barúntacht Chluain Lonáin Baile Locha Luatha

70. Mount Temple357 AL: BS 1837 71. Mount-temple AL: CM 1837 72. Ballyloughloe AL: HCPR (1821) 1837 73. Ballyloghloe AL: HCSVR (1824) 1837 74. Ballyloughloe AL: HCER (1826) 1837 75. Balliloghloe AL: BM 1837 76. baile loch luath, calraighe358 AL: pl. 1837 77. Bal’ Locha Luatha359 AL: d. 1837 78. Mota muar bal locha luatha AL: pl. 1837

79. »munks«taun B. Muldoon 2011

80. »mauntem«p´l B. Muldoon 2011 Is dócha gur tháinig an t-ainm Béarla Mount Temple isteach leis an tiarna talún Robert Temple beagán i ndiaidh 1680 (Cox 1994: 37). Tugtar The Mount ar motte atá díreach buailte le teorainn an bhaile fearainn seo in Labaun. Deirtear go háitiúil gur éirigh le hiníon Robert Temple, Elizabeth, a capall a thabhairt go barr an Mount agus gurbh é an t-éacht seo a spreag an t-ainm Mount Temple (Cox 1994: 37). Grianán an t-ainm Gaeilge a bhí ar chuid den bhaile fearainn seo: ‘To the east of the site of the Abbey lies a subdivision of the Townland of Ballyloughloe containing about 100 acres, called Grianan, which it receives from a fort which stands upon it’ (LSO (IM) 28). Is éard atá i gceist le grianán i logainmneacha i mórán cásanna ná ‘áit ar a mbíonn an ghrian ag taitneamh go treisiúil nó ar chaoi speisialta éigin’ (Ó Maolfabhail 1974: 61). Fo-roinn, nó baile fearainn stairiúil eile, atá suite i dtuaisceart an bhaile fearainn seo anois, is ea Monkstown. Fearann na Manach an t-ainm Gaeilge a bhí ar an gceantar sin (foirm 43). De réir léarscáil an DS bhí an caisléan agus Loch Luatha féin suite i stráice caol de Grynan in 1655c, ach liostaítear Ballilaughlowe mar bhaile fearainn in 1659c (Census). Tá ceantar gan ainm imlínithe ar léarscáil an DS ar an taobh ó thuaidh den chaisléan, agus tá sé sin istigh le Mount Temple anois. Tá seans gurb é an t-aonad talaimh seo a d’fhreagair do Baile Locha Luatha. Bhí Paul Walsh go láidir den tuairim nach raibh aon bhaile fearainn ann den ainm sin riamh:

357 ‘from a Mr. Temple.’ AL: pl.. 358 ‘calraighe is the name of the parish’ – luaite in pl. san AL. 359 ‘-, present Irish name. Town of the lake of Luatha (a man’s name denoting “Swift”). AL: d.

211 Barúntacht Chluain Lonáin Baile Locha Luatha

O’Donovan writes Ballyloughloe here, and refers to it as a townland earlier [in LSO (IM) 28], but there is not, and never has been, a townland so named. Two townland-names, at least, which were in use until the Cromwellian period, were obliterated by the Temple family, who gave the name Mount Temple to the place. These appear in the Down Survey map and in the Book of Surveys as Grynan and Monkestown. The castle was situated on Grynan. (Walsh 1957: 6n.)

Úsáidtear Monkstowne sa lá atá inniu ann díreach don cheantar lenar bhain sé ar léarscáil an DS i lár an 17ú haois. Is féidir é a fhágáil as an áireamh mar ainm don bhaile fearainn iomlán mar sin. Is léir ón méid a scríobh an Donnabhánach, agus ó léarscáil an DS, nár bhain an t-ainm Grynan ach le cuid den bhaile fearainn ach oiread. In ainneoin an mhéid a scríobh Walsh, is ar éigean is ceart An Grianán a mholadh mar ainm don bhaile fearainn ar fad. Bhí 355a-3r-16p (acraí Éireannacha) in Mount Temple Demesne (SEH 29) in 1786. Dá n-iompófaí an figiúr sin go hacraí gallda, gheofaí c. 577 acra, figiúr atá an-ghar don achar a tugadh don bhaile fearainn seo in 1837 (580a-2r-14p). Is léir nár athraíodh teorainneacha an bhaile fearainn le linn an BS mar sin. Féach an acraíocht do na ranna éagsúla den bhaile fearainn seo sa tábla thíos (ar mhaithe le soiléireacht tugtar gach achar in acraí gallda): BSD 1670c SEH 1786 SO 1837 Mount Temple - 577 581 Grynan 149 - - Mounkstowne 217 - - Iomlán 366 - 581 Tábla 8. Acraíocht Mount Temple.

Mar is léir ón tábla thuas ní chlúdaíonn Grynan agus Mounkstowne ach 366 acra den 581 atá sa bhaile fearainn seo (de réir léarscáil an DS agus an CESO is ar éigean a tharla aon athrú suntasach ar na teorainneacha atá ag na bailte fearainn eile atá thart ar Mount Temple). Fágann sin 215 acra gan áireamh; is maith an seans go mbaineann an réimse seo leis an gceantar atá imlínithe, ach gan ainm, ar léarscáil an DS agus gurbh é seo an baile fearainn Baile Locha Luatha.

Fágann sin go bhfuil trí ainm Gaeilge stairiúla a fhreagraíonn do chodanna den bhaile fearainn seo: An Grianán, Fearann na Manach (féach foirm 43), agus Baile Locha Luatha. Áitím gur fearr aitheantas a thabhairt don ainm is mó tábhacht go stairiúil mar ainm don bhaile fearainn: Baile Locha Luatha. Is léir go raibh

212 Barúntacht Chluain Lonáin Baile Locha Luatha lonnaíocht den ainm Baile Locha Luatha sa bhaile fearainn seo le fada. Is mar ‘town’ a rinneadh tagairt don áit seo chomh luath le 1234: ‘Phelym O’Connor … burnt Balleloghluaha and Ardnurcher with many other townes.’ (AClon. 234). B’fhéidir gur fhás an baile thart ar an motte Normannach atá in Labaun:

Art o’Melaghlin burnt all the Castles and street-townes 360 in Delvin mcCoghlan, Brawnye, and Calrie, banished the Englishmen out of them all , and took hostages for himself of the chiefest of the said Contryes, and alsoe burnt Baile-logh-twaha (AClon. 245).

Is é Mota muar bal locha luatha a bhí ar an motte sin in 1837. Mura nglactar leis an bhfianaise thuas go raibh baile fearainn den ainm Baile Locha Luatha ann, is ceart an t-ainm sin a mholadh mar ainm Gaeilge ar an ionad daonra Mount Temple, má tá éiginnteacht ar Baile Locha Luatha mar ainm baile fearainn, nó mar ainm ar aonad talaimh; níl aon éiginnteacht ann ach gur bhain t-ainm sin le pé lonnaíocht daonna a bhí ar an láthair seo ón 13ú haois ar aghaidh.361 Maidir leis an ainm féin baile ‘townland, place’ atá sa chéad eilimint. Loch ‘lake’ (FGB 1 (1)) atá sa dara heilimint, agus í sa g. anseo. Luath atá sa tríú eilimint, agus í sa g. anseo. Ní léir brí na heiliminte seo. Ainm pearsanta baineann a bhí ann i bhfianaise BDC: ‘Marbthair dno Da Coca isin mbruidin. Di-cōid immorro a banchēile, .i. Lūath ingen Loma Luind, co Loch Lūathu co raīmid crōmaidm dia cride ina clīab conud ūaithi ainmnigther Locg Luathæ’ (BDC 136 A). Is léir ó fhoirmeacha 1-3 gur bhain ainm an locha fhíorbhig seo (dhá acra a bhí beagnach tirim in 1837) le ceantar i bhfad níos fairsinge ná an baile fearainn seo (pléitear Mag nÚatha/Mag nDerg/Mag nÚra faoi Moydrum thíos). Luaitear cuid mhór ciall ag na focail úath/lúatha in DIL; níl sé i gceist agam ach na cinn lena mbeifí ag súil i logainm a thabhairt anseo: ‘otter’ (DIL (2) s.v. lúath); ‘a whitethorn’ (DIL (3 (a)) s.v. úath); ‘name of a colour’ (DIL (4) s.v. úath); ‘to be few in number, alone’ (DIL (5) s.v. úath); ‘earth, clay, mould’ (DIL (6) s.v. úath); ‘in names of tales … caves, tales of hiding, retirement’ (DIL (7) s.v. úath).

360 Is maith an seans gur aistriúchán ar an gcomhfhocal sráidbhaile is ea ‘street-towns’: ‘A substantially nucleated settlement is also suggested by the emergence of the compound sráidbhaile, literally ‘street-baile’, which is first attested under the year 1210 in the annals in the fifteenth-century manuscript known as Mac Carthaigh’s Book’ (Toner 2004: 29). 361 Rinne comhairleoir contae áitiúil, James McAuley, iarracht feachtas a chur ar bun chun ainm Mount Temple a athrú go Ballyloughloe i lár na seascaidí (féach BLÉ 1166266, cárta 12).

213 Barúntacht Chluain Lonáin Baile Locha Luatha

Moydrum Maigh Droma ‘plain of the ridge’ 1. Magh Núra ARÉ ii 904 §5 1072 2. Mag nDerg BDC 163 A 1125c 3. Mag nDerg BDC 165 A 1125c 4. Mag nDerg BDC 198 A 1125c 5. Moighi Deircc BDC 200 A 1125c 6. Maig Derg BDC 145 A 1125c 7. Mag nÚatha BDC 198 A 1125c 8. Mag nÚatha BDC 200 A 1125c 9. Mag nÚra BDC 201 A 1125c 10. Magh nDearg BDC 283 B 1125c 11. Magh nDeirg BDC 217 B 1125c 12. Magh nDeirg BDC 449 B 1125c 13. Magh nDeirg BDC 455 B 1125c 14. Muighe Deirg BDC 893 B 1125c 15. Muigh Dheirg BDC 197 B 1125c 16. Moydrom Inq. Jac. I, 5 1611 17. Moydrom CPR Jas. I 228b 1612 18. Moydrum Léarscáil Moll 1714c 19. Moydrum WPB 1761 20. mhuigh droma PÉ 622 1794 21. Moydrum Larkin 1808 22. Moydrum TAB 1826 23. Moydrum AL: Inq. Car. I 1837 24. Moydrum AL: HCSVR (1824) 1837 25. Moydrum AL: HCER (1826) 1837 26. magh droma AL: pl. 1837 27. Magh Droma362 AL: d. 1837

28. »mai«drum E. Hatton 2011 Maigh ( ‘(a) a plain, an open stretch of land, usually of an extensive area which may include minor elevations or depressions; freq. corresponds to Lat. campus; (b) in

362 ‘-, plain of the back or ridge.’ AL: d

214 Barúntacht Chluain Lonáin Baile Locha Luatha restricted sense a field or green attached to a fort, dwelling, etc., or used for a special purpose (often in composition with a preceding defining noun); nearly always of uncultivated land; (c) in Laws a technical term denoting a certain space or distance’ (DIL s.v. mag)) atá sa chéad eilimint anseo. Droim ‘ridge’ (FGB (2)) atá sa dara heilimint, agus í sa g. uatha anseo.

D’ionannaigh Gregory Toner (BDC 169) Mag nDerg (= Mag nÚatha = Mag nÚra) leis an mbaile fearainn seo:

It is evidently the name of a plain to the east of Athlone. According to our text (§28 below), the name was changed to Mag nÚatha following the battle of Mag nDerg and then to Mag nÚra after St. Columcille scattered the ashes of St. Ciarán there. This almost certainly the same ‘Magh Núra’ that was given in recompsense for the ‘forcible refection’ taken from the Culdees of Ísell Ciaráin and the murder of its steward in 1072 (AFM ii 904). O’Donovan, followed by Gwynn, identifies it as probably Moyvore in the barony of Rathconrath, Co. Westmeath, but this clearly too far east (AFM ii 904 n. a; Met. Dinds. iv 448; see Walsh Westmeath 364). Walsh describes it as the plain extending eastwards from Athlone in the direction of and suggests plausibly that it included Loch Luatha (the village and parish of Ballyloughloe, about five miles north-east of Athlone) which was also called Loch Maige Luatha and Loch Maige Uatha (Walsh Westmeath 5-6 note). I would tentatively suggest that it can be more precisely located at Moydrum (Maigh Droma) and the surrounding area, a large townland of 1073 acres which lies partly in the parish of St. Mary’s, barony of Brawny, and partly in the parish of Ballyloughloe, barony of Clonlonan (BDC: 169).

Ritheann droim suntasach - eiscir atá ann - soir ó Bhaile Átha Luain tríd an mbaile fearainn seo. Tá portaigh mhóra ar dhá thaobh an droma seo. Úsáideadh an téarma red-bog chun cur síos a dhéanamh ar phortaigh ardaithe ar léarcáileanna an DS go minic. Áitím go dtagraíonn an t-ainm Mag nDerg do na portaigh mhóra dhearga a luíonn sa bhaile fearainn seo, agus in Carn Park, Annaghgortagh agus Waterstown (i mbarúntacht Chill Chainnigh Thiar). Luíonn na portaigh seo taobh ó dheas agus taobh ó thuaidh den droim atá sa bhaile fearainn seo. Slí thirim áisiúil is ea an droim seo idir Baile Átha Luain agus Bruíon Da Choga (in Bryanmore Upper, paróiste Dhroim Raithne, barúntacht Chill Chainnigh Thiar). Is maith an seans mar sin gurbh ionann Mag nDerg agus Moydrum.

Nahod Little An Áith Fhóid Bheag ‘the sod-kiln, little’

215 Barúntacht Chluain Lonáin Baile Locha Luatha

1. ?Ahoyde Fiants Eliz.1401 1569 2. Mahode Inq. Jac. I, 7 1614 3. Nahode CPR Jas. I 490a 1620 4. Mahad DS 1655c 5. Naghod Census 524 1659c 6. Naghod or Nahod ASE 48 1666 7. Mayhood BSD 94b 1670c 8. Mayhod BSD 94b 1670c 9. Noyhold al' Nahode Inq. Car. II, 7 1675 10. Nahod BP 21 1703 11. Nahod WPB 1761 12. Nahood SEH 13 1786 13. Ahadd Larkin 1808 14. Nahad beg TAB 1826 15. Mahoyd AL: Down Survey Map 1837 16. Nahodbeg AL: HCSVR (1824) 1837 17. Little Nahod AL: Richard Handcock 1837 18. Little Nahad AL: BS 1837 19. Nahad AL: HCSVR (1824) 1837 20. Ahadd AL: CM 1837 21. an athfhoid AL: pl. 1837 22. An Ath Fhóid363 AL: d. 1837

23. »nah«´d B. Muldoon 2011 Sampla is ea an t-ainm seo den alt a bheith comhnasctha le focal dar tús guta a leanann é (féach mar shampla An Aill/Naul i gCo. Bhaile Átha Cliath (16861)). Áith ‘Drying-kiln (for grain)’ (DIL s.v áith (2)) atá sa chéad eilimint. Fód ‘sod; strip of ground; layer of sods; layer of earth; spot of ground, place; piece, chunk’ (FGB 1 (2 - 5; 7)) atá sa dara heilimint agus í sa g. uatha anseo. Is dócha gurb í ‘layer of sods’ an chiall is fearr sa chás seo, is é sin gur áith a bhí déanta as fóid, nó clúdaithe leo, is bun leis an ainm seo: ‘the former [pot-kilns] are described in Co. Armagh as “small sod buildings, left open at the top” … The little circular pot-kiln of sods or stones filled with alternate layers of turf and limestone may be met with in the west’ (Evans 1957:

363 ‘-, ford of the sod.’ AL: d.

216 Barúntacht Chluain Lonáin Baile Locha Luatha

123). Tá corrshampla eile de áith i logainmneacha sa tír: Áth na hÁithe Theas/ Annahagh South agus Thuaidh/North i gCo. Mhuineacháin; Baile na hÁithe/ Ballynahaha agus Áith Liní/Aughalin i gCo. Luimnigh; Baile na nÁith/Ballynana i gCiarraí. Beag ‘little, small’ (FGB 2 (1)) atá san aidiacht cháilithe dheiridh, ach níl aon fhianaise ar an eilimint sin roimh an 19ú haois déag.

Nahod More An Áith Fhóid Mhór ‘the sod-kiln, big’ 1. Nahad more TAB 1826 2. Nahod more TAB 1826 3. Nahadmore AL: BS 1837 4. Nahodmore Richard Handcock (AL) 1837 5. An Ath Fhóid Mór AL: d. 1837 Féach thuas. Mór ‘big, great, large’ (FGB 3) atá san aidiacht chailithe dheiridh.

Rathduff Ráth Dubh 1. ?Raduff Fiants Edw. VI, 1079 1552 2. Rathduffe Fiants Eliz. I, 6450 1600 3. Rathduffe Inq. Jac. I, 7 1614 4. Rathduffe CPR Jas. I 501a 1621 5. Raduff DS 1655c 6. Rathduffe Census 523 1659c 7. Rathduffe ASE 128 1667 8. Raduffe BSD 94b 1670c 9. Rathduffe Inq. Car. II, 7 1675 10. Rathduff SEH 10 1786 11. Rathduff Larkin 1808 12. Rathduff TAB 1826 13. (?) Rathduffe AL: Inq. Jac. I 1837 14. (?) Rathduffe AL: Inq. Car. I 1837 15. (?) Rathduffe AL: Inq. Car. II 1837 16. Rathduffe AL: HCSVR (1824) 1837 17. Rathduff AL: CM 1837 18. Rath dubh AL: pl. 1837

217 Barúntacht Chluain Lonáin Baile Locha Luatha

19. Ráth Dubh364 AL: d. 1837

20. »raT«duf B. Muldoon 2011 Ráth ‘earthen rampart, earthen ring-fort, rath’ (FGB 1 (1)) atá sa chéad eilimint anseo. Dubh ‘black’ (FGB 3) atá san aidiacht cháilithe. Tá dhá lios sa bhaile fearainn (NMS).

Shurock An Súrac ‘the swallow hole’ 1. Suyricke Inq. Jac. I, 7 1614 2. Suricke Inq. Jac. I, 7 1614 3. Shuruck DS 1655c 4. Shuracke BSD 92b 1670c 5. Shurack BSD 92b 1670c 6. Shurock CGn. 89-269-63148 1737 7. Surrick CGn. 509-255-331434 1797 8. Shurock Larkin 1808 9. Surrack CGn. 607-391-417095 1809 10. Surock TAB 1826 11. Swyricke AL: Inq. Jac. I 1837 12. Shurack AL: HCSVR (1824) 1837 13. Shuruck AL: CM 1837 14. siuroc365 AL: pl. 1837 15. Siúrac366 AL: d. 1837

16. s'u˘r´k áit. (Ó Máille: 43) 1954 17. Súrac Ó Máille 45 1954

18. »Su˘r«ok B. Muldoon 2011

Súrac ‘swallow hole’ (Ó Máille 1954: 45) is bun leis an ainm seo. D’aimsigh Ó Máille an eilimint seo i dtrí logainm déag sa tír agus is fiú cuid den phlé a rinne sé ar na hainmeacha sin a lua:

The basis for all these names is the word súrac (sughrac), abstract verbal noun of súim (sughaim) ‘I suck,’ used in this context as common noun to

364 ‘-, Black fort.’ AL: d. 365 ‘-, a headstone exhibiting Irish characters.’ AL: pl.. 366 ‘-, local name (meaning uncertain).’ AL: d.

218 Barúntacht Chluain Lonáin Baile Locha Luatha

denote a swallow hole, or a hole where a stream or pool goes underground ... In those localities where the word is known, it is usually pronounced [s'u˘rik'], in English and in Irish, as though it were spelt siuraic (siughraic) ... The final syllable, -ac, may have become -aic through confusion with the genitive; alternatively, the change may be analogous to that found in words like driúrac, driúraic (driuiric), and turrac, turraic. Obsolescence does not account for the change, as it goes back to the middle of the 17th century [féach foirmeacha 1, 2 agus 7 thuas] ... The palatisation of the initial s-, common to all the names except 10 (2 and 8 being doubtful), is at least as old as the middle of the 17th century judging by the forms given in §II, 9, 12, above. Confusion between palatal and velar s in initial postion is not uncommon in modern Irish (Ó Máille 1954: 44-45).

Níor aimsigh Ó Máille aon fhianaise ar ‘swallow hole’ a bheith sa bhaile fearainn seo i 1958, ach tá paiste fliuch i ndeisceart an bhaile fearainn (N 176 407) agus tá seans gur anseo a bhí an súrac sular osclaíodh draenacha san 19ú haois. Cé go bhfuil fianaise (foirmeacha 1, 2 agus 7 & 11) ar an siolla deiridh a bheith caol, níl aon amhras ach gur mar k leathan a deirtear é go háitiúil anois. Maidir leis an s- tosaigh a bheith caol, tugtar Poll an tSiúraic ar Pollaturick i gCo. na Gaillimhe ag an mBrainse Logainmneacha (BLÉ 21910).

Tullaghanshanlin Tulachán Seanlinne ‘small hillock of the old pond’ 1. Tulchanetenalen Inq. Jac. I, 7 1614 2. Tulchanetenalin Inq. Jac. I, 7 1614 3. Tullaghshanalin CPR Jas. I 490a 1620 4. Tulchanshanmellen Inq. Car. I, 106 1635 5. Tullshallshallon DS 1655c 6. Tulchansheanolin ASE 128 1667 7. Tullshanshallion BSD 94b 1670c 8. Tullaghanshanly SEH 9 1786 9. Tullahanshanly SEH 10 1786 10. Tulla-hanshanly SEH 14 1786 11. Tullaghanshanalin Larkin 1808 12. Tullaghawn Shanelin TAB 1826 13. Tullahan Shanlin TAB 1826

219 Barúntacht Chluain Lonáin Baile Locha Luatha

14. Tullaghanshanalin AL: HCSVR (1824) 1837 15. Tullaghanshanalain AL: CM 1837 16. Tullahanshanly AL: BS 1837 17. Tulchan seanlain AL: pl. 1837 18. Tulchán Seanloinn367 AL: d. 1837

19. »tul´x´n«Soklin B. Muldoon 2011 Tulach ‘low hill, hillock, mound’ (FGB 1), móide an mhír dhíspeagtha -án atá sa chéad eilimint anseo. Tá an chuma ar an bhfianaise gur seanlinn; is é sin an réimhír sean ‘old’ (FGB 3 (1) agus linn ‘pool, pond, body of water, body of lake, body of sea’ (FGB 1) atá sa dara heilimint, agus í sa g. uatha anseo. Bhíodh trí linn sa bhaile fearainn seo de réir an CESO. Tá ceann amháin le sonrú i gcónaí i ndeisceart an bhaile fearainn ag N 148 414; tá taifead ag an NMS ar dhá chréfort atá ar dhá thaobh na linne seo (NMS WM030-043 & WM030-044). Tá an chuma ar fhoirmeacha a 1 agus 2 áfach go bhfuil t- ag tús an dara heilimint, agus tá seans mar sin gur ainm pearsanta (gan urrús?), mar a mhol an Donnabhánach, atá ann, agus é sa g. firinscneach; Tulachán an tSeanloinn?

Tully Tulaigh Mhig Amhalaí ‘mound of Magawley’ 1. Tully otherwise Tullycahie CPR Jas. I 490a 1620 2. Tully-callrye Inq. Car. I, 84 1633 3. Tully Census 524 1659c 4. Tully BSD 94b 1670c 5. Tully Inq. Car. II, 7 1675 6. Tullymagaly Larkin 1808 7. Tully LEL 36 1833 8. Tullymagawly AL: JOD 1837 9. Tully McAuly AL: Inhabs. 1837 10. Tulaigh Mheg Amhalghadha368 AL: d. 1837 Tulach ‘low hill, hillock, mound’ is bun leis an gcéad eilimint anseo, ach tá an leagan tabharthach tulaigh tar éis teacht isteach in áit an ainmnigh sa chás seo. An sloinne

367 ‘-, Shanlon’s hillock.’ AL: d. 368 ‘-, Magawly’s hill.’ AL: d. Tá na foirmeacha 6-8 luaite faoin gceannteideal ‘Local Names’ san AL.

220 Barúntacht Chluain Lonáin Baile Locha Luatha

Mag Amhalaí atá sa dara heilimint: ‘There are several distinct families of this name, the best known being that of Co. Westmeath, the head of which was formerly lord of Calraighe, comprising the whole of the parish of Ballyloughloe’ (Woulfe 1923: 307). Tá an méid seo le rá ag an Donnabhánach ar an áit seo: ‘The Hill of Tully-Mac Awley preserves as monumentum aere perennius, the name of the ancient lord of the soil. It was perhaps, the hill on which the Magawley ‘was made.’’ (LSO (IM) 59: 29- 30). Tá Fitzpatrick (2004: 169-170) den tuairim gur mór an seans gur ar chnoc sa bhaile fearainn cóngarach Ballymurry, nó ar an gcnoc mór in Knockdomny, a oirnítí taoiseach mhuintir Mhig Amhalaí: ‘This site was in fact one of the later medieval residences of the Mic Amhalghaidh and as such it’s unlikely that inauguration ceremonies took place there’ (Fitzpatrick 2004: 170). Bhí seilbh ag muintir Mhig Amhalaí ar an mbaile fearainn seo go dtí na 1730í (Cox 1970).

Tullybane An Tulaigh Bhán ‘white hillock (ridge)’ 1. ?Tullaghbane Fiants Eliz. 5826 1593 2. ?Tullowbane CPR Jas. I 215a 1611 3. Tullaghbane CPR Jas. I 244a 1613 4. Tullaghanbane CPR Jas, I 283a 1615 5. Tullesbane DS 1655c 6. Tullibane Census 524 1659c 7. Tullesbane ASE 48 1666 8. Tullisbane BSD 93b 1670c 9. ?Tullybaun WPB 1761 10. Tullybawne SEH 11 1786 11. Tullybane SEH 11 1786 12. Tullybane TAB 1826 13. Tullybane AL: HCSVR (1824) 1837 14. Tulaigh Ban369 AL: d. 1837

15. »tuli˘«ban B. Muldoon 2011 Tulach ‘low hill, hillock, mound’ is bun leis an gcéad eilimint anseo, ach tá an leagan tabharthach tulaigh tar éis teacht isteach in áit an ainmnigh sa chás seo. Ritheann

369 ‘-, white hill.’ AL: d

221 Barúntacht Chluain Lonáin Baile Locha Luatha droim suntasach, ar eiscir é, tríd an mbaile fearainn seo; is mor an seans gur tagairt don ghné seo atá san eilimint tulach. Bán ‘white’ (FGB 3 (1)) atá san aidiacht cháilithe. Tugann Ó Dónaill ‘fallow land, lea, grass-land’ (FGB 3 (13) le haghaidh talamh bán chomh maith. Is dócha gur sa chiall lea atá bán anseo ag tagairt don fhéarach ar an droim gairbhéalach.

Tullywood Coill na Tulaí ‘wood of the small hill’ 1. Tullywood DS 1655c 2. Tullywood BSD 94b 1670c 3. Tullywood Inq. Car. II, 7 1675 4. Tullywood Larkin 1808 5. Tullough Woode Down Survey Map 1837 6. Tullwood AL: Inq. Car. II 1837 7. Tullywood AL: HCSVR (1824) 1837

8. »tuli˘«wud E. Hatton 2011 Tulach ‘low hill, hillock, mound’ is bun leis an gcéad eilimint anseo, ach tá an leagan tabharthach tulaigh tar éis teacht isteach in áit an ainmnigh sa chás seo. Bhí coill anseo i 1655 de réir léarscáil an DS.

Twyford An Tuaith ‘the territory/petty kingdom’ 1. ar thuaith Baile na n-Gedh AU iii 402 §14 1496 2. Lordship of Twoballenegne Crown Lands 258 1518 3. Two Crown Lands 258 1518 4. Twoballnegey Fiants Eliz.1240 1568 5. Twoghballenegey Fiants Eliz.1401 1569 6. Twoballynegeye CFS 117 1581c 7. Twoyballingey CFS 119 16ú haois 8. Twoy Fiants Eliz. 3822 1582 9. the Twoy Inq. Jac. I, 13 1605 10. Twog DS 1655c 11. Twoy Census 523 1659c

222 Barúntacht Chluain Lonáin Baile Locha Luatha

12. Twogh or Treyford alias Twoghballamgee ASE 48 1666 13. Twogh Inq. Car. II, 5 1669 14. Twogh BSD 95b 1670c 15. Twyford CGn. 31-410-19626 1721 16. Twyford alias Treifford alias Twy alias Twogh alias Twoghballynegee alias Twoballynegee CGn. 52-28-33368 1726 17. Twybegg CGn. 64-246-43678 1730 18. Toway MLA 1752 19. Twyford CGn. 150-357-10224 1752 20. Twyford WPB 1761 21. Twy CGn. 253-231-163066 1766 22. Twogh CGn. 253-231-163066 1766 23. Two-ballanagee CGn. 253-231-163066 1766 24. Twy CGn. 509-255-331434 1797 25. Toohy CGn. 509-255-331434 1797 26. Twyford Larkin 1808 27. Tuoy Larkin 1808 28. Twy TAB 1826 29. Twoyh AL: Down Survey 1837 30. Tuoy AL: HCSVR (1824) 1837 31. Twyford AL: BS 1837 32. Tuaith-ford370 AL: d. 1837

33. »twai E. Hatton 2010

34. »twai«furd E. Hatton 2010

Tuath ‘people, tribe, nation; of specific peoples with qual. gen; country, territory; In Laws `territory, petty kingdom, the political and jurisdictional unit of ancient Ireland; The state as opposed to the church; the laity; lay pro- perty, secular buildings’ (DIL s.v. túath I (a; b) II (a; b) III) is bun leis an ainm seo. Is dócha gur tír nó críoch atá i gceist le tuath;

370 ‘-, ford of the district.’ AL: d

223 Barúntacht Chluain Lonáin Baile Locha Luatha

Late-túath[:] I have coined this phrase to differentiate the twelfth-century túath from the broader range of meanings of the term as found at an earlier period. The late-túath was the smallest political community, the local community. It was the immediate subunit of the trícha cét and was ruled by the taísech túaithe … It represents the lowest unit of authority and perhaps, military levy. It was composed of a number of bailte… (MacCotter 2008: 23).

Cuireann MacCotter an ceantar seo (barúntacht Chluain Lonáin) isteach le Cluain Mhic Nóis ar an ‘Atlas of the cantreds and trícha céts of Ireland’ (MacCotter 2008: 258). De ghnáth bhí dhá nó trí tuath i ngach aon trícha cét;371 fianaise is ea ainm an bhaile fearainn seo ar cheann acu.

Is mór an seans gur eascair an fhoirm bhéarlaithe atá in úsáid sa lá atá inniu ann;

»twai, as an bhfoirm thabharthach tuaith. Maidir le foirmeacha 1, 2, 4-7, 12, 16 agus 23 is dócha gur Tuath Bhaile na nGé ‘territory of the townland/place of the geese’ is bun leo;

The late Father Paul Walsh, in The Placenames of Westmeath, collects some references to Tuath-Bailenangeadh (Twoghballynagee etc.), which he places in the Barony of Rathconrath, without being able to locate it further. It is difficult to understand his reasons for locating Tuath- Bailenangeadh in Rathconrath, as one of the sources which he quotes, an Elizabethan Fiant of 1569, specifically describes Twoghballenegy as being part of the Rectory of Ballyloghlo, ‘in M’Gawles Country called Callry’, and the Parish of Ballyloughloe lies entirely in the Barony of Clonlonan. It ocurred to me some time ago that Twoghballenegey, which belonged in 1637 to Gerrott Dalton of Dundonell, must be indentical with the ‘Twogh’ (the modern Twyford) in Ballyloughloe Parish which was held in 1641 by Gerrott Dalton, and recently, and quite accidentally, I came upon a reference in the Registry of Deeds, Dublin, which places the matter beyond any doubt. This is a memorial of deeds of lease and realease, dated 10-11th June, 1726 by which William Handcock of Twy, County Westmeath, conveyed in trust to Richard Warburton of Donecarney, County Dublin, among other lands, ‘the lands of Twyford, alias Treifford, alias Twy, alias Twogh, alias Twoghballynegee, alias Twoballynegee’, in County Westmeath. (Nicholls 1967: 89).

Bheifeá ag súil go mbeadh ceantar cuibheasach fairsing i gceist le tuath ach níl ach 535 acra sa bhaile fearainn seo anois. Tá an chuma ar theorainneacha an bhaile fearainn seo ar léarscáil an DS áfach go raibh na bailte fearainn seo a leanas istigh leis uair amháin; Annaghgortagh (171 acra); Warren Lower (72 acra); Moydrum (598

371 Áitíonn sé gurb ionann mórán an trícha cét agus an cantred (MacCotter 2008).

224 Barúntacht Chluain Lonáin Baile Locha Luatha acra); Warren Higher (283 acra), agus Belville (242 acra). Críoch de c. 1902 acra a bhí inti san iomlán, talamh portaigh atá i gcuid mhór de sin áfach. Bhí ‘51/3 cartrons of land’ sa bhaile fearainn seo in 1605 (Inq. Jac, 13) agus ‘five ploughlands’ de réir cháipéis seansaireachta ón 16ú haois (CSF 119). Féach Tuath/Tooa i Muineacháin (BLÉ 39661) chomh maith. Tá roinnt samplaí eile de tuath + eilimint cháilithe in ainmneacha bailte fearainn tríd an tír.

Warren High An Coinicéar Uachtarach ‘the warren upper’ 1. Warren High WPB 1761 2. High Warren CGn. 509-255-331434 1797

3. »wAr´n«hai E. Hatton 2010 Tá cúpla poll gairbhéil marcáilte ar an CESO agus an DESO sa bhaile fearainn seo - talamh a bheadh feiliúnach do choinicéar atá ann mar sin. Caithfidh go raibh a leithéid ann sa 18ú haois déag agus gur tháinig an t-ainm Béarla seo isteach leis.

Warren Lower An Coinicéar Íochtarach ‘the warren, lower’ 1. Little Waren372 CGn. 150-357-10224 1752 2. Togher Larkin 1808 3. Lower Warren AL: BS 1837

4. »lo˘r«wAr´n E. Hatton 2010 Tá poll gairbhéil le feiceáil ar an DESO sa bhaile fearainn seo – caithfidh go raibh coinicéar anseo san 18ú haois déag. Is mór an seans gur tagairt don bhóthar portaigh (tóchar) atá i bhfoirm 2, seachas seachas tagairt don bhaile fearainn.

Williamstown Baile Mhic Liam ‘William’s son’s townland’ 1. Ballevickwilliam Fiants Eliz.1401 1569 2. Williamston Inq. Jac. I, 7 1614 3. Williamstown CPR Jas. I 490a 1620

372 ‘near Annagh’

225 Barúntacht Chluain Lonáin Baile Locha Luatha

4. Williamston Inq. Car. I, 84 1633 5. Williams towne DS 1655c 6. Williams Tone Census 524 1659c 7. Williamstowne BSD 93b 1670c 8. Williamstowne Inq. Car. II, 7 1675 9. Williamstown L. B&L 1800c 10. Williamstown Larkin 1808 11. Williamstown TAB 1826 12. Williamstowne AL: Inq. Jac. I 1837 13. Williamstown AL: HCSVR (1824) 1837 14. Williamstown AL: BS 1837 Baile ‘townland, place’ atá sa chéad eilimint anseo. I bhfianaise foirm 1 is é an sloinne Mac Liam (> Wilson) atá sa dara heilimint, agus é sa g. uatha anseo, ach thacódh na foirmeacha eile leis an ainm pearsanta Liam (> William); ‘Williamstown was an important castle of the Magawlys, known as their Manor House in the sixteenth century, It belonged to William Mor [sic] Magawly in 1613’ (Cox 1994: 40). Is mór an seans gur ainmníodh an baile fearainn as mac duine de mhuintir Mhig Amhalaí den ainm Uilliam/Liam. Bhí teaghlach amháin den sloinne Wilson ina chónaí in Tubbrit i bparóiste Chill Chliathach ar bhaill d’Eaglais na hÉireann iad. Bhí teaghlach eile den sloinne seo ar Chaitlicigh iad ina chónaí in Kilkenny West, barúntacht Chill Chainnigh Thiar, i 1901 (Daonáireamh). ‘Wilson[:] This is by far the most numerous English surname in Ireland; it is mainly found in Ulster.’ (MacLysaght 1985: 301). Féidearthacht eile don dara heilimint is ea an sloinne Mac Uilliam (> McWilliams); baineann an sloinne seo le tuaisceart Chúige Uladh mórán (Mac Lysaght 1985: 301). Féach Baile Mhic Liam/Ballymacwilliam in Uíbh Fhailí, áfach (BLÉ 41610).

226

227

228 Barúntacht Chluain Lonáin Cill Chliathach

Cill Chliathach Tá sé bhaile fearainn agus seasca sa pharóiste seo agus luíonn sé i ndeisceart bharúntacht Chluain Lonáin ar an teorainn le hUíbh Fhailí. Ba le muintir Uí Mhaoileachlainn an ceantar seo go dtí blianta láir an 17ú haois agus bhí an príomhchaisleán acu in Clonlonan. Clann Cholmáin ab ea a n-ainm treabhchais agus déantar tagairt don cheantar seo faoin ainm sin go minic sna foinsí stairiúla:

This parish contains 15264a 1r 10p. The Southern part bordering the King’s County is bog, the Northern part for about 5 miles from the Western extremity is gernerally rough wet pasture, along the middle runs a vein of excellent [land?373] (AL).

Is cosúil ó léarscáil an DS go raibh an t-oileán portaigh Cluain Creamha/Cloncraff or Bloomhill mar chuid den pharóiste seo uair amháin, ach baineann sé le paróiste Chluain Mhic Nóis in Uíbh Fhailí anois. Luaitear an séipéal a thug a ainm don pharóiste seo, Killcliathagh, in The Registry of Clonmacnoise (RClon.), agus bheadh fáil éasca ar an bparóiste seo ón mainistir sin ó abhainn na Sionainne. Tá thart ar chiliméadar de bhruach ar an tSionainn ag an mbaile fearainn Kilgarvan Glebe in iardheisceart an pharóiste. Luíonn barúntacht Bhreámhaine agus paróiste Bhaile Locha Luatha siar agus ó thuaidh ón bparóiste seo faoi seach. Den chuid is mó tá leibhéal an talaimh an-íseal sa pharóiste seo; is iad Knockanea Hill (99m) agus an cnoc in Farnagh (111m) na pointí is airde. Is léir ó fhianaise an DS go raibh coillte móra i ndeisceart an pharóiste, gar don teorainn le hUíbh Fhailí agus ar imeall na bportach mór atá ansin. Tá An Móta, baile a tógadh sa 17ú/18ú haois, suite in oirthear an pharóiste, agus tá , sráidbhaile, suite i lár an pharóiste.

Aghafin Achadh Fionn ‘white/fair field’ 1. Aghafin DS 1655c 2. Aghafine Census 524 1659c 3. Aghafin BSD 101b 1670c 4. Aghafin BP 21 1703 5. Aghafin WPB 1761 6. Aughafin TAB 1825

373 Tá an LS doiléir anseo.

229 Barúntacht Chluain Lonáin Cill Chliathach

7. Aghefyn AL: Inq. Jac. I 1837 8. Aghafin AL: HCSVR (1824) 1837 9. Aughafin AL: BS 1837 10. Acha Fionn374 AL: d. 1837 Achadh ‘field’ (FGB) atá sa chéad eilimint anseo. Tá achadh fíorchoitianta i logainmneacha tríd an tír ar fad. Fionn ‘white, bright, clear (FGB 3 (1)) atá sa dara heilimint. Féach Aghafin i bparóiste Nuachabhála. Féach chomh maith; Achadh Fionn/Aghafin in Uíbh Fhailí (BLÉ 41248).

Aghanargit Achadh an Airgid ‘field of the money/shiny material’ 1. Aughenargitt Fiants Eliz. 6450 1600 2. Aghenarget CPR Jas. I 29b 1603 3. Aghenargid Inq. Jac. I, 5 1611 4. Aghenarged CPR Jas. I 220a 1612 5. Aghenargid CPR Jas. I 228b 1612 6. Aghangrgett DS 1655c 7. Aghanargidd ASE 48 1666 8. Aghanargitt ASE 128 1667 9. Aghanagitt BSD 100b 1670c 10. Aughanerget TAB 1825 11. Aughaneargett AL: HCSVR (1824) 1837 12. Aughanarget AL: BS 1837 13. Aghenergan375 AL: Chief Remr. Memoranda Roll Eliz. 36 1837 14. Acha an Airgid376 AL: d. 1837

15. »Ah´n«ar'´g'id' D. Claffey 2011 Achadh ‘field’ (FGB) atá sa chéad eilimint anseo. Tá achadh fíorchoitianta i logainmneacha tríd an tír ar fad. Airgead ‘silver; money, sum of money’ (FGB 1 (1; 2) atá sa dara heilimint agus í sa g. anseo. Féach chomh maith ‘meadow-sweet’ (FGB 1 (3) s.v. airgead luachra).

374 ‘-, Whitefield.’ AL: d.. 375 Tá nóta san AL scríofa isteach faoin ‘n’ deiridh; ‘d qu? In orig.’ 376 ‘-, Acha an Airgid.’ AL: d..

230 Barúntacht Chluain Lonáin Cill Chliathach

Tá éagsúlacht mhór aoise ann i gcás ainmneacha le airgead agus uaireanta ní léir cé acu, an é an miotal luachmhar nó mona buailte, a bhíonn i gceist. D’fhéadfadh a bheith i gcuid de na cásanna gur ábhar lonrach, leithéid shiost mhíoca, nó sneachta, ba chúis leis an ainm. (Ó Maolfabhail 2005: 25).

Tá airgead le fáil mar eilimint i logainmneacha in thart ar dheich logainm tríd an tír. Féach Cruach an Airgid/Croaghanarget i nDún na nGall mar shampla (BLÉ 14749).

Agharanny Achadh Raithní ‘field of [the] bracken’ 1. Agharany Inq. Jac. I, 5 1611 2. Agharanie CPR Jas. I 28b 1612 3. Aghurany DS 1655c 4. Agharany BSD 99b 1670c 5. Agharannie Inq. Car. II, 8 1676 6. Aughanranhy TAB 1825 7. Agharany AL: Inq. Jac. I 1837 8. Augheranny AL: HCSVR (1824) 1837 9. Augharanny AL: BS 1837 10. Acha Raithnighe377 AL: d. 1837 Achadh ‘field’ (FGB) atá sa chéad eilimint anseo. Raithneach ‘fern, bracken’ (FGB) atá sa dara heilimint anseo, agus í sa g. uatha. Is dócha gur fianaise í foirm 6 ar an bhfuaimniú áitiúil de raithneach sa g..

Agharevagh East Achadh Riabhach Thoir ‘striped field (east)’ 1. Agherevoghe378 Inq. Jac. I, 1 1607 2. Aghereaogh CPR Jas. I 125a 1608 3. Aghaghrevagh DS 1655c 4. Aghnevagh BSD 101b 1670c 5. (?) Augharevagh AL: Down Survey 1837 6. (?) Aughareagh AL: Down Survey 1837

377 ‘-, field of the ferns.’ AL: d.. 378 Ní léir cé acu an mbaineann an fhoirm seo le Agharevagh East nó le Agharevagh West. Níl aon bhaint ag an dá bhaile fearainn seo lena chéile.

231 Barúntacht Chluain Lonáin Cill Chliathach

7. Aughereagh AL: HCSVR (1824) 1837 8. Augharevagh East AL: BS 1837 9. Acha Riabhach379 AL: d. 1837

10. »Ah´«ri˘v´ J. Hackett 2011 Achadh ‘field’ (FGB) atá sa chéad eilimint anseo. Riabhach ‘streaked, striped, brindled; (speckled) grey’ aid. (FGB 2 (1 & 2) atá sa dara heilimint anseo. Mínítear An tArdán Riabhach/Ardanreagh i gCo. Luimnigh mar ‘the striped high place’ ag an mBrainse Logainmneacha (BLÉ 30823). Féach Achadh Riabhach Thoir/Aghareagh East i gCo. Mhuineacháin chomh maith (BLÉ 40170). Tá cuma riabhach le sonrú ar an gcuid thoir den bhaile fearainn seo ó na grianghraif aeir; http://maps.osi.ie/publicviewer/#V1,616580,736472,7,4.

Agharevagh West Achadh Riabhach Thiar ‘striped field (west)’ 1. Agherevoghe380 Inq. Jac. I, 1 1607 2. Agharenagh DS 1655c 3. Aghareah BSD 98b 1670c 4. (?) Aughareagh AL: Down Survey 1837 5. (?) Aghereogh AL: Inq. Jac. I 1837 6. (?) Aghreogh AL: Inq. Car. I 1837 7. Aughereagh AL: HCSVR (1824) 1837 8. Augharevagh West AL: BS 1837 Achadh ‘field’ (FGB) atá sa chéad eilimint anseo. Riabhach ‘streaked, striped, brindled; (speckled) grey’ aid. (FGB 2 (1 & 2) atá sa dara heilimint anseo. Féach Achadh Riabhach Thiar/Aghareagh West i gCo. Mhuineacháin (BLÉ 40022). Níl an baile fearainn seo i ngiorracht do, nó comhtheagmhálach le, Agharevagh East (féach thuas).

Aghavoneen Achadh an Mhóinín ‘field of the small bogland’ 1. Aghenevoune Inq. Jac. I, 24 1620

379 ‘-, Greyfield.’ AL: d. 380 Féach n. 378.

232 Barúntacht Chluain Lonáin Cill Chliathach

2. Aghamonin DS 1655c 3. Aghavomine Census 524 1659c 4. Aghany-vonen BSD 99b 1670c 5. Aghevonine CGn. 65-291-45578 1731 6. Aughanvoneen TAB 1825 7. Aughnevoneen AL: HCSVR (1824) 1837 8. Aughavoneen AL: BS 1837 9. acadh an mhóinin AL: pl. 1837 10. Acha Mhóinín381 AL: d. 1837

11. »Ah´«vo˘n'»i˘n' J. Hackett 2011 Achadh ‘field’ (FGB) atá sa chéad eilimint anseo. Móinín ‘grassy patch (in bog)’ (FGB (1)) atá sa dara heilimint, agus í sa g. uatha anseo. Is dócha gur móin ‘bogland, moor’ (FGB (2)) móide an mhír dhíspeagtha –ín atá san eilimint seo sa chás seo; míníonn an Brainse Logainmneacha an eilimint móinín mar ‘small bogland’. Féach; BLÉ 30886. Tá fianaise ar an alt i bhfoirmeacha 1, 4, 6, 7 agus san fhoirm Ghaeilge áitiúil (9).

Aghnasullivan ?Achadh na Súilleabhán ‘?field of the Sullivans’ 1. Aghasulefean Inq. Jac. I, 5 1611 2. Aghnesoolebane Inq. Jac. I, 5 1611 3. Aghasulefian CPR Jas. I 228b 1612 4. Aghnesulsaine Inq. Car. I, 167 1641 5. Aghesulfeyne Inq. Car. I, 167 1641 6. Aghanasalluane DS 1655c 7. Aghanossalvan BSD 98b 1670c 8. Aughnesulvan AL: HCSVR (1824) 1837 9. Aughnasoolvan AL: BS 1837 10. Acha na Suiliobhán382 AL: d. 1837 Achadh ‘field’ (FGB) atá sa chéad eilimint anseo. Bhí P.W. Joyce (1869: I 34) den tuairim gur ainmníodh an áit seo as dream de mhuintir Uí Shúilleabháin a tháinig

381 ‘-, Bogfield, or field of the little bog.’ AL: d. 382 ‘-, field of the Sullivans.’ AL: d.

233 Barúntacht Chluain Lonáin Cill Chliathach aneas, ach is ar éigean atá aon bhunús le seo. Tá an chuma ar fhoirm 2 gur Achadh na Súile Báine atá inti. Tá cosúlacht Achadh na Súile Fiáine ar fhoirmeacha 1 agus 3 – ach ní fios céard a bheadh i gceist le seo i logainm. Féidearthacht eile is ea Achadh na Suaille Báine; agus suaill ‘swell, sea-swell’ (FGB 1) ag tagairt don talamh cnocach atá sa bhaile fearainn.

Attimurtagh Áit Tí Muircheartaigh ‘the house-site of Muircheartach’ 1. Attymurtagh TAB 1825 2. Attymurtagh AL: HCSVR (1824) 1837 3. Attymurtagh AL: BS 1837 4. Attymurtagh AL: H. Mathews 1837 5. ait tighe muircheartaig AL: pl. 1837 6. Áit Tíghe Muircheartaigh383 AL: d. 1837

7. a»ti˘«murta J. Hackett 2011 Áit ‘site’ (FGB 1 (1c) atá sa chéad eilimint anseo. Teach ‘habitation, dwelling’ (FGB (1)) atá sa dara heilimint agus í sa g. uatha anseo. Breathnaítear ar Áit Tí mar aonad i logainmneacha. An t-ainm pearsanta Muircheartach atá sa tríú heilimint, agus í sa g. uatha. Bhí an t-ainm pearsanta seo coitianta i measc mhuintir Chonchubhair Failí (Ó Corráin & Maguire 1981: 140). Mínítear Áit Tí Cathail/Atticahill i Maigh Eo mar ‘the house-site of Cathal Cathal — ainm pearsanta’ (BLÉ 35599) ag an mBrainse Logainmneacha. Tá créfort mór le feiceáil ar chnocán i lár an bhaile fearainn (NMS WM036-043). Is maith an seans go dtagraíonn ainm an bhaile fearainn don láthair sin.

Ballinlassy Baile an Leasa ‘townland of the enclosure’ 1. Ballenleasye Fiants Eliz. 1401 1569 2. Ballinlassey DS 1655c 3. ?Ballinlesca Census 524 1659c 4. Ballinlessa ASE 182 1668 5. Ballinlossy BSD 97b 1670c

383 ‘-, site of the Murtagh’s house.’ AL: d.

234 Barúntacht Chluain Lonáin Cill Chliathach

6. Ballinalassy TAB 1825 7. Ballinlassy AL: Down Survey 1837 8. baile an leasa AL: pl. 1837 9. Baile an Leasa 384 AL: d. 1837 Baile ‘place, townland’ atá sa chéad eilimint anseo. Lios ‘enclosed ground of ancient dwelling house, enclosed space, garth; ring-fort; fairy-mound; ring, halo’ (FGB 1a; 1b; 1c; & 2) atá sa dara heilimint anseo, agus í sa g. uatha. Féach Baile an Leasa/ Ballinlassa i gCo. Thiobraid Árann. Luaitear foirmeacha béarlaithe stairiúla a chríochnaíonn ar -lassy leis an mbaile fearainn sin chomh maith (BLÉ 47254; taifid téacs 1738 & 1739). Tá créfort i gcúinne thiar thuaidh an bhaile fearainn (NMS WM035-004).

Ballycahillroe Buaile Chathail Rua ‘red Cathal’s boley’ 1. Ballycollerow Fiants Eliz. 3775 1581 2. Boolychaelroe Inq. Jac. I, 5 1611 3. Booliechaelroe CPR Jas. I 228b 1612 4. Boulokahellrow DS 1655c 5. Balliallroe Census 524 1659c 6. Bonlokahellrow BSD 99b 1670c 7. Boulokahellrowe als Killinfadda ASE 229 1671 8. Ballykilrow TAB 1825 9. Boulokahelron AL: Down Survey Map 1837 10. Ballykillero ? AL: Inq. Jac. I 1837 11. Ballykilroe AL: HCSVR (1824) 1837 12. Ballykilrow AL: BS 1837 13. buaile chathil ruaidh AL: pl. 1837 14. Buaile Chathail Ruaidh385 AL: d. 1837

15. bali kil ro˘ D. Claffey 2011 Buaile386 ‘milking-place in summer pasturage; fold, enclosure; small grazing field; dung-yard’ (FGB 1 (1; 2a; 2b; 3)) atá sa chéad eilimint anseo. An t-ainm pearsanta

384 ‘-, Forttown, town of the fort.’ AL: d.. 385 ‘-, Charles Roe’s Dairy. The true name is Bolycahillroe, i.e. Red Cahills Bouly.’ AL: d.

235 Barúntacht Chluain Lonáin Cill Chliathach

Cathal atá sa dara heilimint, agus í sa g., móide an aid. rua ‘red, red-haired’ (FGB 3 (1)). Tá an nóta seo scríofa in pl. san AL: ‘Charley Coghlan castle here’ [tagairt do Chathal Rua Mac Cochláin?]. Tá páirc chiorclach (c. cúig acra) díreach in aice le lathair an chaisleáin seo; is maith an seans gurb í sin an bhuaile.

Ballydonagh Buaile Dhonncha ‘Donagh’s boley’ 1. bollidona DS 1655c 2. Ballidonath BSD 98b 1670c 3. Buollodonagh CGn 65-291-45578 1731 4. Ballydunnagh LEL 11 1810 5. Ballydonagh TAB 1825 6. Ballydonnagh AL: HCSVR (1824) 1837 7. Baile Dhonnchadha387 AL: d. 1837

8. bali do˘na J. Hackett 2011 Buaile ‘milking-place in summer pasturage; fold, enclosure; small grazing field; dung-yard’ (FGB 1 (1; 2a; 2b; 3)) atá chéad eilimint anseo. An t-ainm pearsanta Donncha atá sa dara heilimint. Féach Achadh Donncha/Aghadonagh in Uíbh Fhailí (BLÉ 42203).

Ballynahown Buaile na hAbhann ‘[the] boley of the river’ 1. ?Ballihowne Fiants Eliz. 4023 1582 2. Boolenahowne Inq. Car. I, 167 1641 3. Ballinehone DS 1655c 4. Ballenehowne Census 525 1659c 5. Buollenehowne Inq. Car. II, 6 1669 6. Ballinchone BSD 97b 1670c 7. B.nahoun Léarscáil Moll 1714c 8. Larkin 1808 9. Balnahoun TAB 1825

386 ‘enclosure cattle-pen … like cluain and gort, buaile probably indicates some kind of simple settlement.’ (Mac Giolla Easpaig 1981: 157). 387 ‘-, Donough’s town.’ AL: d..

236 Barúntacht Chluain Lonáin Cill Chliathach

10. Ballynehown AL: HCSVR (1824) 1837 11. Ballinahown AL: BS 1837 12. Ballynahown recte Bolynahowen AL: JOD 1837 13. Ballynahowen AL: JOD 1837 14. Ballinahown AL: Inhabitants 1837 15. buaile na habhann AL: pl. 1837 16. buaile na hAbhann388 AL: d. 1837 17. Buaile na hAbhann389 AL: d. 1837

18. »balna«haun áit. 2011

Buaile ‘milking-place in summer pasturage; fold, enclosure; small grazing field; dung-yard’ (FGB 1 (1; 2a; 2b; 3)) atá chéad eilimint anseo. Féach foirmeacha 2, 5 agus 12; Is fiú an méid seo ón AL a lua;

[Ballinahown] It remains (till doomsday! or till Capt. Ps and Mr. Ps “tomorrow”) to be considered w[h]ether we make this Ballynahown or nahowen, it is pronounced na-houn. It must be made to agree with Bunown owen.

Abhainn ‘river’ (FGB) atá sa dara heilimint, agus í sa g. uatha anseo. Tá an baile fearainn seo athghaelaithe cheana féin ag an mBrainse Logainmneacha mar Buaile na hAbhann (BLÉ 50840).

Ballynahownwood390 Coill Bhuaile na hAbhann ‘wood of the boley of the river’ 1. Ballinehone wood DS 1655c 2. Ballenehowne Census 525 1659c 3. Buollenehowne wood Inq. Car. II, 6 1669 4. Ballinchone Wood BSD 97b 1670c 5. Ballynehownwood AL: HCSVR (1824) 1837 6. Ballinahown Wood AL: BS 1837 Féach Ballynahown thuas. Eilimint Bhéarla is ea ‘wood.’ Tá coill mhór le feiceáil ar léarscáil an DS.

388 ‘-, town of the river.’ AL: d. Tá an fhoirm seo le fáil mar ‘local name’ san AL. 389 ‘-, Dairy of the river.’ AL: d. 390 ‘Ballynahown Wood. Like Bunown.’ (AL: JOD).

237 Barúntacht Chluain Lonáin Cill Chliathach

Ballynakill Buaile na Coille ‘boley of the wood’ 1. Bolynykylle Fiants Eliz. 1684 1571 2. Bowlynekilly Fiants Eliz. 2429 1574 3. ?Ballynekilli Fiants Eliz. 3347 1578 4. Ballynkelly Fiants Eliz. 3775 1581 5. Ballinekilly CPR Jas. I 81a 1606 6. Bolynekilly CPR Jas. I 540b 1622 7. Ballinakill DS 1655c 8. Ballmakill Census 524 1659c 9. ?Ballynakill391 WPB 1761 10. Ballinakil Larkin 1808 11. Balnakill TAB 1825 12. (?) Ballynakille AL: Inq. Jac. I 1837 13. Ballinekelly AL: Mem. Rol. 13, Jas. I (1603) 1837 14. Ballinekill AL: HCSVR (1824) 1837 15. baile na coille AL: pl. 1837 16. Baile na Coille392 AL: d. 1837

17. »balna«kil J. Hackett 2011 Buaile ‘milking-place in summer pasturage; fold, enclosure; small grazing field; dung-yard’ (FGB 1 (1; 2a; 2b; 3)) atá sa chéad eilimint anseo. Féach foirmeacha 1, 2 agus 6. Bailíodh cúpla mionainm sa bhaile fearainn seo ó James Hackett (c. 74), fear a rugadh agus a tógadh san áit: Sankil, reilig i lár an bhaile fearainn atá ann dar leis, ach níl aon rian dá leithéid le feiceáil ar an CESO nó an DESO. Luaigh sé áit eile darb ainm kili˘kranki˘ mar ainm páirce, chomh maith le

»kur n´ «skai´ (= Corr na Sceiche?). Tá an chorr seo le haithint (spotairde 74m) ar an léarscáil (Discovery Series). Thacódh sceach le coill don dara heilimint anseo; ‘both the pasture and arable are of a poor hilly nature.’ (AL). Dá mbeadh coill

391 Luaite le John & Samuel Lowther. 392 ‘-, woodtown.’ AL: d..

238 Barúntacht Chluain Lonáin Cill Chliathach ann, is maith an seans go mbeadh sé ar thalamh chnocach mar seo, ar imeall an phortaigh.393 Tá dhá choill mhóra marcáilte díreach siar ón mbaile fearainn seo ar léarscáil an DS: Clonaltra Wood agus Clunlunwood.

Ballynamuddagh Baile na mBodach ‘townland of the churls/louts’ 1. Ballinemodagh CPR Jas. I 81a 1606 2. linmodda DS 1655c 3. Ballinemoddagh Census 524 1659c 4. Ballynemoddagh ASE 48 1666 5. Ballynemadda ASE 182 1668 6. Ballinemoddagh BSD 98b 1670c 7. ?i mBaile na mBodach394 SÉC 1383-4 1710c 8. Ballynamaddagh395 WPB 1761 9. Ballinamaddow Larkin 1808 10. Balnamodagh TAB 1825 11. Ballinemoddah AL: Down Survey refc. 1837 12. Ballinemodda AL: Down Survey Map 1837 13. Ballynemodagh AL: HCSVR (1824) 1837 14. Ballinamudagh AL: BS 1837 15. Ballinamaddow AL: CM 1837 16. Ballynamuddagh396 AL: JOD 1837 17. baile na mbodach AL: pl. 1837 18. Baile na mBodach397 AL: d. 1837

19. »balina«muda J. Hackett 2011 Baile ‘place, townland’ atá sa chéad eilimint anseo. Bodach ‘churl, lout’ (FGB 1 (1)) atá sa dara heilimint anseo, agus í sa g. iolra. Maidir le foirm 7, chaith Seán Ó Neachtain seal ag spailpínteacht i gCúige Laighean. B’as Cluain Oileáin dó, baile

393 Luíonn portach ollmhór díreach ó dheas ón mbaile fearainn seo, agus tá coillte móra marcáilte ar léarscáil an DS ar a himeall tríd an bparóiste seo chomh fada siar le Ballynahown. Féach Clonaltra (King), Clonaltra (West), Clonlonan, Lowerwood agus Ballynahownwood: ‘that other characteristic site of the Irish woodlands, the bog-fringes and bog-islands of the central plain.’ (Nicholls 2001: 205). 394 Aitheanta mar ‘Clownstown’? ar liosta na n-áiteanna (Eagrán Uí Neachtain, 1918). 395 Luaite le Joseph Russell. 396 ‘See Lugnamuddagh near Boyle and Compare.’ AL. 397 ‘-, Clowns’ town.’ AL: d..

239 Barúntacht Chluain Lonáin Cill Chliathach fearainn atá beagán siar ó Bhaile Átha Luain i gCo. Ros Comáin. Luann sé freisin, faoi dhó, Cnoc Aiste, cnoc mór atá thart ar aon chiliméadar déag soir ó thuaidh ón mbaile fearainn. Féach SÉC, línte 1549 agus 1760. Tá seans ann áfach nach bhfuil i bhfoirm 7 ach ainm grinn a chum Ó Neachtain – tá ainmneacha den sórt sin an- choitianta in SÉC.

Ballyscarvan Béal Átha Scarbháin ‘entrance to the shallow little ford’ 1. ?Bealascarna CPR Jas. I 81a 1606 2. ?Ballyskarvan Inq. Jac. I, 16 1617 3. Balliscaruan DS 1655c 4. Ballycarvan Larkin 1808 5. Ballyscarvin TAB 1825 6. Ballyscarvan AL: HCSVR (1824) 1837 7. Ballycarvan AL: CM 1837 8. baile scarbhan AL: pl. 1837 9. Baile Scarbhain398 AL: d. 1837

10. «baliS»karv´n J. Hackett 2011 Béal Átha ‘approach to ford’ (FGB 1 (2)) atá sa chéad dá eilimint anseo. Scarbh ‘a shallow, a rocky seabed, or shore, a sharp ledge barely covered by water, a rough ford; al. a break in the weather’ (Dinn.), atá sa dara heilimint, móide an mhír dhíspeagtha – án, agus í sa g. uatha. Tá droim suntasach buailte le sruthán ag críoch theas an bhaile fearainn; seans go dtagraíonn scarbhán don ghné (N 187 357) seo. Tá an eilimint scairbh le fáil i roinnt logainmneacha tríd an tír; féach An Scairbh/Scariff sa Chlár.

Baltrasna An Baile Trasna ‘[the] transverse townland’ 1. ?Ballytrasny Inq. Jac. I, 16 1617 2. Baltrasny Inq. Car. I, 161 1640 3. Ballytrasna DS 1655c 4. both Ballytrassnaghs ASE 48 1666 5. Balltrasny BSD 100b 1670c

398 ‘-, Scarvan’s town.’ AL: d..

240 Barúntacht Chluain Lonáin Cill Chliathach

6. ?Baltrasna399 WPB 1761 7. Baltrasna Larkin 1808 8. Ballatrasna TAB 1825 9. (?) Ballincaslan als Oldcastle of Balletrasney AL: Mem. Rol. 13, Jas. I (1603) 1837 10. Ballytrasny AL: HCSVR (1824) 1837 11. Ballatrasna AL: BS 1837 12. Baile Trasna400 AL: d. 1837

13. »bal«trasn´ D. Claffey 2011 Baile ‘place, townland’ atá sa chéad eilimint anseo. Trasna ‘across; cross-, transverse; breath, width; cross-piece’ (FGB (1; 2; 3a; 3b) atá sa dara heilimint. Féach An Baile Trasna/Ballytrasna i Maigh Eo; ‘the transverse town Ní léir brí trasna/tarsna i logainmneacha áirithe’ (BLÉ 35121).

Blackories Óraíos Dubh ‘?’ 1. Blackoris DS 1655c 2. Black Ories BSD 99b 1670c 3. Blackories Inq. Car. II, 12 1679 4. Blackorys CGn. 65-291-45578 1731 5. Black Ories AL: HCSVR (1824) 1837 6. Black Orries AL: BS 1837 7. oraidh AL: pl. 1837 8. Oireamha Dubha401 AL: d. 1837 Féach Ories thíos.

Boggagh (Conran) An Bogach (Conran) ‘the boggy ground (Conran)’ 1. Boggaghe alias Bwogygh Fiants Eliz. 1401 1569 2. Boggogh Fiants Eliz. 6450 1600

399 Luaite le ‘Henry Perry’, tá Baltrasna eile i mbarúntacht Mhaigh Asail agus Mhachaire Ó dTiarnáin. 400 ‘-, Crosstown,’ AL: d. 401 ‘-, Black arable lands.’ AL: d.

241 Barúntacht Chluain Lonáin Cill Chliathach

3. Boggagh Inq. Car. I, 98 1634 4. Boggagh Inq. Car. I, 159 1640 5. Boggagh Inq. Car. I, 167 1641 6. Bogha DS 1655c 7. Boggagh Census 524 1659c 8. Boggath BSD 100b 1670c 9. Boogasyogg BSD 100b 1670c 10. Boggagh BSD 101b 1670c 11. Boggagh al' Boggagh-Conran Inq. Car. II, 8 1676 12. Boggaconran BP 25 1703 13. Upper Boggagh TAB 1825 14. Bogagh Conron AL: BS 1837 Bogach ‘soft ground, boggy ground’ (FGB) atá san ainm seo, móide an sloinne Conran. Cé go luaitear an sloinne leis an ainm seo chomh luath le 1676, ní luaitear Conran mar ‘Principall Irish Name’ sa bharúntacht i 1659 (Census), ach is sloinne é atá coitianta in Uíbh Fhailí.402 Maidir le foirm 9, tá an baile fearainn seo díreach buailte le Seeoge. Tá Bogha, Boghath agus Bogatetragh marcáilte ar an DS. Tá Bogha marcáilte san áit a bhfuil an baile fearainn seo anois. Tá Boghath marcáilte ar an gceantar ina bhfuil Boggagh (Malone) agus Boggagh (Fury) anois. Tá Bogatetragh marcáilte san áit a bhfuil Boggagh (Eighter) anois (féach thíos).

Boggagh (Eighter) An Bogach Íochtair ‘the boggy ground (lower)’ 1. Boggagheaghter Inq. Jac. I, 24 1620 2. Bogatetragh DS 1655c 3. Boggaetragh BSD 100b 1670c 4. Lower Bogagh TAB 1825 5. Boggagh Eighter TAB 1825 6. Boggagh Eighter AL: HCSVR (1824) 1837 7. Bogagh Eighter AL: BS 1837 8. bogach íochtair AL: pl. 1837

402 Féach Cappaghbrack i bparóiste Bhaile Locha Luatha.

242 Barúntacht Chluain Lonáin Cill Chliathach

9. Bogach Íochtair403 AL: d. 1837

10. »boga«i˘t´r' J. Hackett 2011 Bogach móide an eilimint cháilithe íochtar ‘lower part, bottom (FGB (1)) agus í sa g. uatha. Tá fianaise ar an aid. íochtarach ‘lower, low, low-lying’ (FGB (1)) i bhfoirmeacha 2 agus 3. Tá an nóta seo scríofa in pl. san AL; ‘Fueries owned this Bogagh.’

Boggagh (Fury) An Bogach (Fury) ‘the boggy ground (Fury)’ 1. Bogagh als Furys Orchard CGn. 65-291-45578 1731 11. Bogagh Fury AL: HCSVR (1824) 1837 2. Bogagh Fury AL: BS 1837 3. Bogagh Fury AL: H. Mathews 1837

4. boga fu˘ri˘ J. Hackett 2011 Bogach móide an sloinne Fury404 (Ó Foirréidh): ‘A branch of the O’Melaghlins who later migrated to Co. Galway’ (MacLysaght 1985: 116).405 Bhí Fury ar an sloinne ba líonmhaire i mbarúntacht Chluain Lonáin i 1659 (Census).

Boggagh (Malone) An Bogach (Malone) ‘the boggy ground (Malone)’ 1. Boghath DS 1655c 2. Bogaghmalone AL: BS 1837 3. Bogagh Malone AL: H. Mathews 1837 Bogach móide an sloinne Malone.

Bolinarra Buaile an Earraigh ‘spring boley’ 1. Boylenary CPR 220a 1612 2. Bolinare CPR Jas. I 553b 1622 3. Ballinora DS 1655c 4. Ballinerra Census 1659c

403 ‘-, lower bog. local.’ AL: d.. 404 ‘A family name.’ AL. 405 Cf. Woulfe 1923: 526.

243 Barúntacht Chluain Lonáin Cill Chliathach

5. Boulleneara BSD 97b 1670c 6. Buolnarra CGn. 65-291-45578 1731 7. Upper & Lower Ballinarra TAB 1825 8. Ballynra ? AL: Inq. Jac. I 1837 9. Buolynara AL: HCSVR (1824) 1837 10. Ballinarra AL: BS 1837 11. buaile an earraigh406 AL: pl. 1837 12. Buaile an Earraigh407 AL: d. 1837 Buaile ‘milking-place in summer pasturage; fold, enclosure; small grazing field; dung-yard’ (FGB 1 (1; 2a; 2b; 3)) atá chéad eilimint anseo. Earrach ‘(season of) spring’ (FGB 1) atá sa dara heilimint, agus í sa g. uatha. Tá an eilimint buaile le fáil in ainmneacha sé bhaile fearainn sa pharóiste seo, chomh maith le bheith ar fáil mar mhionainm ar léarscáil eastáit: Boolemun (NLI 21F 80 (27) (marcáilte díreach siar ón droichead thar abhainn na Buidhre in Kilgarvan Glebe). B’fhéidir go raibh buailteachas ar siúl ar na portaigh mhóra a luíonn díreach ó dheas ó na háiteanna seo ar fad in Uíbh Fhailí.

Bolyconor Buaile Chonchúir ‘Conor’s boley’ 1. Buoleconnor Inq. Jac. I, 24 1620 2. Bolyconner CPR Jas. I 553b 1622 3. Buollicona DS 1655c 4. Boulliconer BSD 97b 1670c 5. Buoleconner CGn. 65-291-45578 1731 6. Ballyconnor TAB 1825 7. Buolyconnor AL: HCSVR (1824) 1837 8. Ballyconnor AL: BS 1837 9. buaile cnocuir AL: pl. 1837 10. Buaile Conchubhair408 AL: d. 1837

11. bali con´r J. Hackett 2011

406 Tá baile scriosta in pl. agus ‘buai’ scríofa isteach. 407 ‘-, Spring bawn, or dairy of the spring. Local.’ AL: d.. 408 ‘-, Conor’s town.’ AL: d..

244 Barúntacht Chluain Lonáin Cill Chliathach

Buaile ‘milking-place in summer pasturage; fold, enclosure; small grazing field; dung-yard’ (FGB 1 (1; 2a; 2b; 3)) atá chéad eilimint anseo. An t-ainm pearsanta Conchúr atá sa dara heilimint, agus é sa g. anseo. Féidearthacht eile atá ann ná Buaile Uí Chonchúir (sloinne), féach foirmeacha 2, 3, 4 agus 7.

Boyanagh (Earl) An Buí-Eanach (Earl) ‘the yellow marsh (Earl)’ 1. Bwyanagh Fiants Eliz. 1401 1569 2. the Boyanagh Fiants Eliz. 1771 1571 3. Boynagh-colmanagh Inq. Jac. I, 5 1611 4. Boyanagh Inq. Jac. I, 5 1611 5. Boynaghcolmanagh CPR Jas. I 228b 1612 6. ?Bonnagh CPR Jas. I 464a 1619 7. Boynagh CPR Jas. I 481a 1619 8. Boyannagh Inq. Car. I, 98) 1634 9. Boynagh Inq. Car. I, 167 1641 10. Boganacollimina DS 1655c 11. Bayanna colyna BSD 99b 1670c 12. Boyanagh Glebe L. B&L 1800c 13. Boyana (Earl) TAB 1825 14. Boyana Earle AL: HCSVR (1824) 1837 15. Byanagh Earl AL: BS 1837 16. buidheanach AL: pl. 1837 17. Buidheánach409 AL: d. 1837

18. »boi«an´ J. Hackett 2011 Buí ‘yellow’ aid. (FGB 4 (1)) atá sa chéad eilimint den chomhfhocal seo. Eanach ‘marsh’ (FGB (1)) atá dara heilimint. Cé nár aimsíodh aon tagairt don ainm seo roimh an 16ú haois, is maith an seans go mbaineann an logainm seo le tréimshe i bhfad níos luaithe ná sin. Tá Fiachra Mac Gabhann den tuairim go mbaineann ainmneacha den struchtúr seo; ‘(Alt +) Réimír + Ainmfhocal: An Dúchoill, Ardach’ (Mac Gabhann tráchtas neamhfhoilsithe ar logainmneacha Cho. Mhaigh Eo) leis an tsraith chéanna

409 ‘-, yellow morass.’ AL: d..

245 Barúntacht Chluain Lonáin Cill Chliathach aoise le logainmneacha den struchtúr ainmfhocal + ainmfhocal i gcomhfhocal (.i. roimh c. 400 A.D.) (Mac Giolla Easpaig 1981: 152). Tá fianaise ar an alt i bhfoirm 2. Tagairt do Clann Cholmáin, ainm treabhchais mhuintir Uí Mhaoileachlainn, atá i bhfoirmeacha 3 agus 5: Buí-Eanach Colmánach, 10 agus 11 gan amhras. Tá baile fearainn eile, Boyannaghcalry direach taobh ó thuaidh den bhaile fearainn seo, i bparóiste Bhaile Locha Luatha. Cuireann an dara heilimint de Boyannaghcalry in iúl gur le Calraí (.i. le muintir Mhig Amhalaí) an Buí-Eanach sin. Sloinne is ea Earl ach níl aon fhianaise ar é a bheith bainteach leis an mbaile fearainn seo roimh an 19ú haois.

Boyanagh (Malone) An Buí-Eanach (Malone) ‘the yellow marsh (Malone)’ 1. Boyanakcollininak DS 1655c 2. Boyana Malone TAB 1825 3. Boyana Malone AL: HCSVR (1824) 1837 4. Boyana Malone AL: W. Mathews 1837 5. Byanaghmalone AL: BS 1837 6. buidheanach AL: pl. 1837 7. Buidheánach AL: d. 1837 Buí-Eanach (féach thuas) móide an sloinne Malone. Tá foirm 1 marcáilte ar léarscáil an DS san áit a bhfuil an baile fearainn seo anois. Is cosúil go raibh dhá roinn i gceist fiú sa 17ú haois. Tá dhá cheantar fhliucha faoi leith, a fhreagraíonn don dá bhaile fearainn, le sonrú ó na grianghraif aeir. Bhíodh muileann sa bhaile fearainn seo, agus ba leis an aon dream den sloinne McAuley (Mag Amhalaí) atá fágtha sa cheantar é go dtí le deireanas. Ba le Clann Cholmáin an Buí-Eanach seo go stairiúil ar ndóigh (féach thuas), agus is dócha gur le muintir Mhig Amhalaí Boyanagh Calry i bparóiste Bhaile Locha Luatha.

Cartronkeel An Cartún Caol ‘the narrow cartron’ 1. Cartronkeele Inq. Car I, 161 1640 2. Cartronkeele BSD 101b 1670c 3. Cartronmoyre AL: HCSVR (1824) 1837 4. Cartrankeel or Castle Demesne AL: BS 1837

246 Barúntacht Chluain Lonáin Cill Chliathach

5. Cartrún Caol410 AL: d. 1837 Is éard atá sa chéad eilimint anseo ná cartún ‘chartered land, holding; measure of land (equated to 64 acres)’ (FGB s.v. cartúr). Caol aid. ‘thin, slender; narrow’ (FGB (1 & 3)) atá sa dara heilimint.

Cartrons Na Cartúin ‘the cartrons’ 1. ?Carton Fiants Eliz. 4014 1582 2. cartron' Nemoir Inq. Jac. I, 5 1611 3. Cartronmoir Inq. Jac. I, 5 1611 4. Cartronmoyer CPR Jas. I 228b 1612 5. Cartronemoyer CPR Jas. I 228b 1612 6. Memrecartron DS 1655c 7. Cartron-Remoyre Census 524 1659c 8. Nemyer Cartron BSD 98b 1670c 9. Cartron Carriagh BSD 100b 1670c 10. Cartron L. B&L 1800c 11. Cartrons TAB 1825 12. Cartron LEL 36 1833 13. Cartroncurragh AL: Inq. Car. I 1837 14. Cartroncarragh AL: HCSVR (1824) 1837 15. Cartrons AL: Local Name: 1837 16. Cartrons AL: BS 1837 Is éard atá sa chéad eilimint anseo ná cartún ‘chartered land, holding; measure of land (equated to 64 acres)’ (FGB s.v. cartúr). Is dócha gur carrach aid. ‘rough-skinned, scabby, mangy; rock-incrusted, rocky’ (FGB (1; 2)) atá sa dara heilimint i bhfoirmeacha 9 agus 14. Ní léir brí an dara heilimint i bhfoirmeacha 2 – 5 agus a 7 (feach an chéad eilimint i bhfoirmeacha 6 agus 8). Tá seans gur maor ‘steward; bailiff, warden, srl.’ (FGB 1 (1; 2; 3; 4; 5; 6) atá inti.

Castletown Seanbhaile an Chaisleáin ‘old townland of the castle’

410 ‘-, narrow cartron.’ AL: d..

247 Barúntacht Chluain Lonáin Cill Chliathach

1. ?Oldecastelton alias Shanballecayshelane Fiants Eliz. 1401 1569 2. Castletowne DS 1655c 3. Castle Towne Census 524 1659c 4. Castletowne ASE 182 1668 5. Castletowne BSD 97b 1670c 6. Castletown TAB 1825 7. ?Castletown Brackagh TAB 1825 8. Castletown AL: HCSVR (1824) 1837 9. (?) Ballincaslan als Oldcastle of Balletrasney AL: Mem. Rol. 13, Jas. I (1603) 1837 10. Castletown AL: HCER 1837 11. Castletown AL: BS 1837 Seanbhaile ‘old townland/place’ atá sa chéad eilimint anseo. Caisleán ‘castle; mansion’ (FGB (1; 2)) atá sa dara heilimint, agus í sa g. uatha. Níl aon láthair chaisleáin marcáilte go sonrach ar an CESO nó le fáil i mbunachar an NMS, ach tá foirgneamh le cosúlacht caisleáin agus í marcáilte ‘ruined’ le feiceáil ar léarscáil an DS.

Clonaltra (King) Cluain Altra (King) ‘foster pasture, (King)’ 1. Clonaltrawood DS 1655c 2. Clonaltra Wood BSD 97b 1670c 3. Clunlonanwood al' Clonaltrawood Inq. Car. II, 8 1676 4. Clonaltra als. Clonlonan wood als. Clonaltra wood BP 25 1703 5. Clonaltrawood AL: HCSVR (1824) 1837 6. Cluain Altra411 AL: d. 1837

7. »klon«altra J. Hackett 2011 Cluain ‘meadow; after-grass’ (FGB 1 (1 & 2)) atá sa chéad eilimint anseo. Féach Ó Cearbhaill (2010) do phlé chuimsitheach ar an eilimint seo. De ghnáth tugtar cluain

411 ‘-, lawn of the fosterage.’ AL: d..

248 Barúntacht Chluain Lonáin Cill Chliathach ar fhéarach in aice le habhainn nó le portach. Mínítear Cluain Mór/Clonmore i gCiarraí mar ‘big pasture[.] Is minic an bhrí ‘féarach fliuch’ le cluain’ (BLÉ 24824). Is deacair brí a bhaint as an dara heilimint san ainm seo altra [Tá altra in úsáid sa Ghaeilge anois mar théarma ar ‘nurse’; ‘foster’ a thugtar in DIL don fhocal seo]. Tá seans gur cuireadh gamhna/uain óga amach ar fhéarach cineálta ar an gcluain seo tar éis iad a chosc, agus gur as seo a d’eascair an t-ainm. Tá seanreilig le himlíne ciorclach in Clonaltra West gar don teorainn le Hall. Tugtar »kal«tra ar an gceantar seo go háitiúil (J. Hackett – féach Hall thíos). D’fhéadfadh gur Cluain Chealtraí is bun leis an ainm seo, ach ní shéimhítear focal a leanann cluain i logainmneacha de ghnáth (mura mbíonn an t-alt ag gabháil le cluain). Féach; Clonmore, agus Clonkeen i mbarúntacht Chill Chainnigh Thiar.

Clonaltra West Cluain Altra Thiar ‘foster pasture, west’ 1. Clonaltrawood DS 1655c 2. Clonaltra Wood BSD 97b 1670c 3. Clunlonanwood al' Clonaltrawood Inq. Car. II (8) 1676 4. Clonaltra als. Clonlonan wood als. Clonaltra wood BP 25 1703 5. Clonaltrawood AL: HCSVR (1824) 1837 6. Cloonaltra West AL: BS 1837 7. Clonaltra West AL: JOD 1837 Oileán portaigh atá sa bhaile fearainn seo, a bhí clúdaithe le crainn sa 17ú haois de réir léarscáil an DS. Níl aon fhianaise ar an eilimint Bhéarla west roimh aimsir an BS (c. 1825).

Clonlonan Cluain Lonáin ‘Lonan’s pasture’ 1. h-i c-Cluain Lonáin ARÉ v 1536 §12 1554 2. Clonelonane Fiants Eliz. 1401 1569 3. Kilclonelenane Fiants Eliz. 1401 1569 4. Clonlonan Fiants Eliz. 1684 1571 5. Clonlonan Fiants Eliz. 1686 1571

249 Barúntacht Chluain Lonáin Cill Chliathach

6. Clon_ Fiants Eliz. 1754 1571 7. (Kilclonelenane written Kilcloneloman) Fiants Eliz. 4366 1584 8. Clonlonan Fiants Eliz. 5826 1593 9. Clonlonan Fiants Eliz. 6203 1598 10. Clonlonan Fiants Eliz. 6238 1598 11. Clonlenan Fiants Eliz. 6450 1600 12. Clonlonan CPR Jas. I 35a 1603 13. Clonlonan CPR Jas. I 75a 1605 14. Clonlonan CPR Jas. I 81a 1606 15. Clonlonan CPR Jas. I 220a 1612 16. Clonlonan CPR Jas. I 244a 1613 17. Clonlonan CPR Jas. I 283a 1615 18. Clonlonan CPR Jas. I 464a 1619 19. Clonlonan CPR Jas. I 481a 1619 20. Killclonlon Inq. Jac. I, 24 1620 21. Clonlonan CPR Jas. I 540b 1622 22. Killclonlonan CPR Jas. I 553b 1622 23. Cluain lonan RClon. 1622c 24. Clonlonnan Inq. Car. I, 98 1634 25. Clonlonan Inq. Car. I, 159 1640 26. Kilclonlonan Inq. Car. I, 159 1640 27. Clonelonane Inq. Car. I, 167 1641 28. Upper Clunluwoode DS 1655c 29. Lower Clunluwoode DS 1655c 30. Castle Towne Clonlonan Census 524 1659c 31. Clononan Wood Census 524 1659c 32. Clonlunnan Wood BSD 97b 1670c 33. Lower Clonlunan Wood BSD 97b 1670c 34. Upper Clonlunan Wood ASE 229 1671 35. Clunlonanwood al' Clonaltrawood Inq. Car. II, 8 1676 36. Clonlonan412 Piers 1, 85 1682

412 Luaite mar ainm barúntachta.

250 Barúntacht Chluain Lonáin Cill Chliathach

37. Clonaltra als. Clonlonan wood als. Clonaltra wood BP 25 1703 38. Clunlonan413 Léarscáil Moll 1714c 39. Clonlonan Larkin 1808 40. Clonlonnon414 POB 1832 41. Clonlonon TAB 1825 42. Upper Clonlunan wood AL: Down Survey 1837 43. Lower Clonlunan wood AL: Down Survey 1837 44. Clunlonanwood AL: Inq. Car. II 1837 45. Clonlonan AL: Inq. Car. II 1837 46. Clonlonanwood AL: HCSVR (1824) 1837 47. Cluain Lonáin415 AL: d. 1837

48. »klon«lun´n J. Hackett 2011 Cluain ‘meadow; after-grass’ (FGB 1 (1 & 2)) atá sa chéad eilimint anseo. Lonán ainm pearsanta, atá sa dara heilimint agus í sa g. uatha; ‘Lonán was a man’s name, possibly a saint’s name.’ (Walsh 1957: 365). Luann Ó Riain (2011) ceithre naomh den ainm seo: ‘Lonán of Killulagh (Coill Uailleach), barony of Delvin, Co. Westmeath ... Lonán of Trevet (Treóid), barony of Skreen, Co. Meath [thit máthair an Lonáin seo i ngrá le Ríóg, ab Inchbofin i mbarúntacht Chill Chainnigh Thiar] ... Lonán son of Dáire ... Lonán son of Dubhthach, of Dionn Fhlatha in Ceineál Lughair, in or near the parish of Kilbride in north Wexford’ (Ó Riain 2011: 403). Bhí príomhchaisleán mhuintir Uí Mhaoileachlainn anseo, agus is dócha gur mar gheall ar sin a ainmníodh an bharúntacht as an áit seo. Toisc coill a bheith marcáilte ar léarscáil an DS sa cheantar seo, caithfidh gur coill ‘wood, forest’ (FGB) atá sa chéad chuid de fhoirmeacha 3, 7, 20, agus 22. Luaitear an eilimint Bhéarla wood leis an ainm seo i bhfoirmeacha 28, 29, 31 – 35, 37 agus 42 & 43..

Clonmore Cluain Mór ‘big pasture’ 1. Clonmore Fiants Eliz. 1401 1569 2. Clonemore Fiants Eliz. 3775 1581

413 Luaite mar ainm barúntachta. 414 Luaite mar ainm barúntachta. 415 ‘-, Lonan’s lawn or meadow.’ AL: d.

251 Barúntacht Chluain Lonáin Cill Chliathach

3. Clonemore Fiants Eliz. 5826 1583 4. Clonmore Inq. Jac. I , 24 1620 5. Clonmore CPR Jas. I 553b 1622 6. Clonmore CPR Jas. I 244a 1613 7. Clonemore CPR Jas. I 283a 1615 8. Clunmore DS 1655c 9. Clanmore Census 525 1659c 10. Clunmore BSD 97b 1670c 11. Clonmore CGn. 65-291-45578 1731 12. Clonmore TAB 1825 13. Clonemore AL: Inquistions of the Exchequer (1595) 1837 14. Cloonmore AL: HCSVR (1824) 1837 15. Clonmore AL: HCER 1837 16. Cloonmore AL: BS 1837 17. Cluain Mor416 AL: d. 1837

18. »klon«mo˘r J. Hackett 2011 Cluain ‘meadow; after-grass’ (FGB 1 (1 & 2)) atá sa chéad eilimint anseo. ‘Talamh taobh le bealach uisce’ a bhíonn ann go hiondúil (Ó Cearbhaill 2010: 17); ‘damp pasture, untilled field’ atá i gceist le cluain i dtéacsanna luatha dar le Kelly (1997: 614). Mór ‘big, great, large’ aid. (FGB 3) atá sa dara heilimint. Ní shéimhítear aid. i ndiaidh cluain má bhíonn an t-ainm gan alt chun tosaigh de ghnáth, agus níl aon fhianaise ar an aid. a bheith séimhithe sa chás seo. Tá an nóta seo san AL; ‘Let us try Clon in this Co.’

Clonydonnin Cluain Uí Dhuinnín ‘Downey’s pasture’ 1. Clonydonyn CPR Jas. I 553b 1622 2. Clonidonen DS 1655c 3. Clonidonin Census 524 1659c 4. Clonydonen BSD 97b 1670c 5. Clonedonin CGn. 65-291-45578 1731

416 ‘-. Great lawn or meadow.’ AL: d..

252 Barúntacht Chluain Lonáin Cill Chliathach

6. Cloneydoney TAB 1825 7. Clonydonny AL: HCSVR (1824) 1837 8. Clonidunnin AL: BS 1837 9. Bradry AL: Local Name 1837 10. Bladry417 AL: pl. 1837 11. Cluain Ui Duinnín418 AL: d. 1837

12. bladri˘ J. Hackett 2011

13. «bali˘»draun D. Claffey 2011 Cluain ‘meadow; after-grass’ (FGB 1 (1 & 2)) atá sa chéad eilimint anseo. An sloinne Ó Duinnín atá sa dara heilimint, agus í sa g. uatha anseo. Bhí teaghlach den sloinne Downey ina chónaí in Boggagh (Eighter) i 1901 (Daonáireamh). Tá an sloinne Dunning an-choitianta trasna na Sionainne ón gceantar seo i gCo. Ros Comáin. Tá an áit seo seo athghaelaithe cheana féin ag an mBrainse Logainmneacha – féach BLÉ 50854. Ní léir dom brí an ainm Bladry. Ainm eile ar cheantar i dtuaisceart an bhaile fearainn seo is ea Ballydrown. Tá an ceantar seo suite idir dhá abhainn; is maith an seans gur Baile idir Dhá Abhainn atá san ainm sin.

Cregganmacar Creagán Mhic Cártha/Cárthaigh ‘Mac Cártha’s rocky place’ 1. Craggan CPR Jas. I 464a 1619 2. Cragganmcarra CPR Jas. I 481a 1619 3. Creggan Mc. Carr Inq. Car. I, 159 1640 4. Creggan Mc. Karra Inq. Car. I, 167 1641 5. Craganmacarah DS 1655c 6. Craghan McCarragh BSD 100b 1670c 7. Cregan MCar TAB 1825 8. Creggan macar AL: HCSVR (1824) 1837 9. Cregan Mc. Car AL: BS 1837 10. Creagan Mc Cartha419 AL: d. 1837

11. »krak´nm´«kar D. Claffey 2011

417 ‘-, Bladry the only name Cour.’ AL: pl.. 418 ‘-,O’Downing’s lawn or meadow.’ AL: d.. 419 ‘-, MacCarrha’s rocky land.’ AL: d..

253 Barúntacht Chluain Lonáin Cill Chliathach

Creagán ‘rocky eminence, (patch of) stony ground, (patch of) barren ground’ (FGB 1 (1)) atá sa chéad eilimint anseo. Tá an chuma ar an dara heilimint gur sloinne atá inti; Mac Cártha?. Tugann Woulfe MacCarha mar fhoirm bhéarlaithe den sloinne Mac Cárthaigh (1923: 327).

Curraghbeg An Currach Beag ‘the small marsh’ 1. Corraghbegg Inq. Jac. I, 24 1620 2. Curraghbegg Inq. Jac. I, 24 1620 3. Curaghbeg DS 1655c 4. Curraghbegg Census 525 1659c 5. Curraghbegg BSD 99b 1670c 6. Curraghbegg CGn. 65-291-45578 1731 7. ?Curragh420 WPB 1761 8. Farrell’s Curragh TAB 1825 9. (?) Corragh AL: Inq. Car. I 1837 10. Curraghbegg AL: HCSVR (1824) 1837 11. Curraghbeg AL: BS 1837 12. Currach Beag421 AL: d. 1837 Currach ‘wet bog, marsh’ (FGB 1) atá sa chéad eilimint anseo. Beag ‘little, small’ aid. (FGB 2 (1) atá sa dara heilimint.

Curries Na Curraithe ‘the marshes’ 1. Corries Inq. Jac. I, 5 1611 2. Corries CPR Jas. I 228b 1612 3. Cartroncorries CPR Jas. I 228b 1612 4. Corries DS 1655c 5. Corries BSD 99b 1670c 6. Curras als. Curreys BP 124 1703 7. Curry TAB 1825 8. Corries AL: HCSVR (1824) 1837

420 Luaite le Joseph Adamson. 421 ‘-, little moor.’ AL: d..

254 Barúntacht Chluain Lonáin Cill Chliathach

9. Curries AL: BS 1837 10. Curracha422 AL: d. 1837

11. »kur«i˘z D. Claffey 2011 Currach ‘wet bog, marsh’ (FGB 1) atá san ainm seo, agus é san ainmneach iolra anseo. Féach Na Curraigh/Curries i Maigh Eo (BLÉ 36190) agus Barr na gCurraithe/ Baurnagurrahy i gCo. Luimnigh; ‘the high ground of the wet lands Curraithe -- foirm iolra ar leith den bhfocal currach’ (BLÉ 31552).

Fardrum Fardroim ‘upper ridge’ 1. iFordruim TLP ii 349 (Tírechán) Armagh 19a 665c 2. Feadha fhordruim Proc. 184 9ú hA.423 3. Cairn Fordroma CS 202 989 4. Cairn Fordroma424 AU 422 §3 990 5. Cath Fordroma425 ATig. 347 §3 990 6. iFordruim TLP i 74 9ú hA. 7. Maidm Fordroma426 ATig. 391 1153 8. Fordroim427 ARÉ ii 1106 §13 1153 9. ?fey a farzhram [fiodha Faradhruim]428 BDL 46 1525c 10. Kyllomelcon alias Fardrome Fiants Eliz. 1401 1569 11. Fardrum Inq. Jac. I, 5 1611 12. Fardrom CPR Jas. I 228b 1612 13. Cartronfardrom CPR Jas. I 228b 1612

422 ‘-, little moors.’ AL: d.. 423 Dar le Wilde, chreid O’Curry go bhféadfadh bunleagan an dáin seo dul siar chomh fada leis an 9ú haois. As LS (S. 149 2/36, lch 436) de chuid Acadamh Ríoga na hÉireann a tháinig an dán. Gach seans gurb í an LS céanna a bhí i gceist ag Hogan leis an tagairt ‘S. 436’ atá san iontráil chéanna san Onom. agus an tagairt do Proc. 184. Ní thugtar le fios cén LS atá i gceist le ‘S.’ i liosta na nod san Onom. Is ionann an dán seo agus an dán atá ar fáil in BDL. Féach foirm 9. 424 ‘Cath Cairn Fordroma ria Mael Sechlainn for Tuathmumain i torchair Domnall m. Lorcan, ri H. Forca, & alii multi.’ 425 ‘Cath Fordroma la Mael Sechnaill.’ 426 ‘Prob. tl. Fardrum, par. Kilcleagh’, Ó Murchadha, D. (1997: 146). 427 Luaite le ‘Áth Luain’ agus ‘Iseal Ciaráin’. 428 Loch a seylinn (=Loch Síleann?) luaite dhá líne roimh an bhfoirm seo. Litriú M’Lauchlan atá idir lúibíní cearnógacha.

255 Barúntacht Chluain Lonáin Cill Chliathach

14. Fardrom CPR Jas. I 464a 1619 15. Fardrome CPR Jas. I 481a 1619 16. i Fordruim429 MartD 104 1630 17. Fardrim Inq. Car. I, 98 1634 18. Feardrum Inq. Car. I, 167 1641 19. ??fordhruim ASH 423 1645 20. ?Fordhruim430 ASH 780 1645 21. Fardrum DS 1655c 22. Ffardrum BSD 98b 1670c 23. Fardrom LEL 38 1734 24. Fardrum Larkin 1808 25. Faurdrum LEL 11 1810 26. Fordrum LEL 13 1820 27. Fardrum TAB 1825 28. Fardrom AL: Inq. Jac. I 1837 29. Fardrum AL: HCSVR (1824) 1837 30. Fardruim431 AL: d. 1837

31. »far«drum áit. 2011 Fardruim ‘upper ridge’ (FGB) is bun leis an ainm seo. Is cosúil ó struchtúir an ainm seo (rémír + ainmfhocal i gcomhfhocal), agus ó na tagairtí luatha, go mbaineann an logainm seo le tréimhse luath (roimh c. 400 A.D.). Féach Boyanagh (Earl) thuas le haghaidh thuilleadh plé ar seo. Aithnítear Ceall Ua Míolchon in FSAG 4 mar láthair eaglasta sa bhaile fearainn seo; ‘Ch. of Uí Míolchon) Eccl. site in tl. Fardrum’ (FSAG 4: 59). Tá ‘cillín’ marcáilte ar an léarscáil (Discovery Series) ar lios atá díreach siar ó theorainn an bhaile fearainn seo in Cloonbonny (barúntacht Bhreámhaine), ach níl aon rian de láthair eaglasta sa bhaile fearainn féin. Seachas foirm 10 níl aon fhianaise go raibh Cill Ua Míolchon sa bhaile fearainn seo. Tá an chosúlacht ar an scéal áfach gur in Killomenaghan, baile fearainn atá c. trí chiliméadar soir ó dheas ón bhaile fearainn seo, a bhí an séipéal sin; feach thíos. Cf. Ó Cearbhaill 2010: 170 agus Walsh 1957: 107-8.

429 ‘i nDealbhna Asail.’ = Dealbhna Mhór dar le E. M. MacCarthy (2009: 122-3). 430 Luaite le háiteanna i nDealbhna Assail. 431.’-, naked back or ridge.’ AL: d.

256 Barúntacht Chluain Lonáin Cill Chliathach

Farnagh Farnocht ‘bare hill’ 1. ?Cath Droma Fornocht432 ARÉ i 320 §10 721 2. ?Fornocht433 RDind. 327 1100c 3. ?i Fornocht434 LL v 1312 1160c 4. i f-Fornocht ARÉ v 1454 §7 1539 5. Farnaghe Fiants Eliz. 1401 1569 6. ?Hyffernagh Fiants Eliz. 1401 1569 7. Farnagh Inq. Jac. I, 1 1607 8. Fernaght CPR Jas. I 125a 1608 9. Farnogh DS 1655c 10. Fornought Census 1659c 11. Ffarnogh BSD 100b 1670c 12. ?Farnaght Inq. Car. II, 8 1676 13. Fornought BP 21 1703 14. Farnagh WPB 1761 15. Farnagh TAB 1825 16. Farnagh AL: Down Survey 1837 17. Farnaght AL: HCSVR (1824) 1837 18. Farnagh AL: BS 1837 19. Fearnach435 AL: d. 1837

20. »farn«a áit. 2011 Mínítear Farnocht/Farnagh i gCo. Liatroma mar ‘bare hill’ (BLÉ 29295). Tá cnoc suntasach sa bhaile fearainn seo (111m).

Farranmanny North Fearann na Manach Thuaidh ‘land of the monk, north’ 1. Cartronferrinmany CPR Jas. I 228b 1612 2. Ferrenemannagh otherwise

432 ‘Cath Droma Fornocht ria f-Flaithbhertach, mac Loingsigh, & ria c-Cenel c-Conaill, for Aodh n- Allán, mac Ferghaile, & for Cenel n-Eoghain. Ro sraoinedh for Aodh n-Allán. At iad na maithe ro marbhadh ó Aodh Flann mac Erthaile, & Snedgus Dercc ua Brachaidhe.’ 433 Stokes: ‘perhaps Farnagh near Moat in Westneath [sic].’ 434 ‘There is a Fornocht, now Farnagh, in Westmeath. But this can hardly be the Fornocht above referred to’ (W. Stokes 1892: 113n); ‘boi Molling, ac tóraind inaid muillind i Fornocht.’ 435 ‘-, land abounding in alder.’ AL: d.

257 Barúntacht Chluain Lonáin Cill Chliathach

Monckton CPR Jas. I 244a 1613 3. Feranmany CPR Jas. I 464a 1619 4. Ferrannany CPR Jas. I 481a 1619 5. Fiarnimany Inq. Car. I, 167 1641 6. Fiernimanie Inq. Car. I, 167 1641 7. Farryinmaine Inq. Car. I, 167 1641 8. Farrenmany Car. II, 6 1669 9. Ffarringmanagh BSD 98b 1670c 10. Farring Managar AL: Down Survey 1837 11. Farrenemanagh AL: Inq. Jac. I 1837 12. Farreunemannagh AL: Inq. Car. I 1837 13. Farranmany AL: Inq. Car. I 1837 14. Farran AL: Inq. Car. II 1837 15. Farrenmanny AL: HCSVR (1824) 1837 16. Farnmanny N. AL: BS 1837 17. Fearan na Manach436 AL: d. 1837

18. »farn´«mani˘ J. Hackett 2011 Fearann ‘land, territory, domain, field, farm, grounds; ploughland; quarter, portion; region’ (FGB 1 (1- 4)) atá sa chéad eilimint anseo. Manach ‘monk; tenant of church land’ (FGB (1; 2)) atá dara heilimint. Tá fianaise i bhfoirmeacha 1, 3 agus 4 gur sa g. uatha a bhí an eilimint seo, ach tá an chuma ar fhoirmeacha 2 agus 9 go raibh sí sa g. iolra, agus luíodh sé le réasún go mbeadh tagairt do níos ná manach amháin i gcás mar seo.

Farranmanny South Fearann na Manach Theas ‘land of the monks, south’ 1. Farnmanny S. AL: BS 1837 Níl aon fhianaise ar an eilimint south go dtí aimsir an BS (c. 1825).

Fearmore Fiar Mór ‘big lea’ 1. Fiermore CPR Jas. I 464a 1619

436 ‘-, land of the monks. praedium monachorum.’ AL: d..

258 Barúntacht Chluain Lonáin Cill Chliathach

2. Feirmure CPR Jas. I 481a 1619 3. Fyermore Inq. Car. I, 167 1641 4. Fermore DS 1655c 5. Ffarmore BSD 100b 1670c 6. Fiermore TAB 1825 7. (?) Fyrrmore AL: Inq. Jac. I 1837 8. (?) Firmore AL: Inq. Jac. I 1837 9. Fiermore AL: HCSVR (1824) 1837 10. Fermore AL: BS 1837 11. fiar mor AL: pl. 1837 12. Fiar Mor437 AL: d. 1837

13. »fe˘r«mo˘r J. Hackett 2011 Fiarach ‘uncultivated grassland, lea’ (FGB 1) is bun leis an gcéad eilimint anseo: fiar. Tugann Dinneen ‘rough ground tilled for the first time (Don.)’ le haghaidh fiarach. Féach Fearmore (2) i bparóiste Dhroim Raithne. Mór ‘big, great, large’ aid. (FGB 3) atá sa dara heilimint.

Glebe East An Ghléib Thoir ‘the glebe east’ 1. Gleabe DS 1655c 2. Gleabe BSD 100b 1670c 3. Glebe in the same AL: HCSVR (1824) 1837 4. Glebe next Ballykilrow AL: BS 1837 Mar eilimint aonair tá glebe (talamh beathúnais) coitianta tríd an tír ar fad. Féach Glebe i bparóiste Bhun Abhann le haghaidh thuilleadh plé ar an eilimint seo. Is dócha gur tugadh isteach na heilimintí Béarla east agus west le linn na Suirbhéireachta Ordanáis d’fhonn idirdhealú a dhéanamh idir an dá ghléib.

Glebe West An Ghléib Thiar ‘the glebe east’ 1. Gleabe DS 1655c 2. Gleabe BSD 100b 1670c

437 ‘-, Big Ley, or grassy field.’ AL: d.

259 Barúntacht Chluain Lonáin Cill Chliathach

3. Glebe next Killagenechan AL: BS 1837 Féach thuas.438

Gorteen Goirtín Mhic Aonghusa ‘McGuinness’ little field’ 1. Gurtin McEnnis CPR Jas. I 464a 1619 2. Gurtinmcenesse CPR Jas. I 481a 1619 3. Gurteeene Mc. Eneas Inq. Car. I, 167 1641 4. Gurtin DS 1655c 5. Gurtyn BSD 101b 1670c 6. Gurteen TAB 1825 7. Gurtin AL: Inq. Car. I 1837 8. Gurtin AL: Inq. Car. II 1837 9. Gurteen AL: HCSVR (1824) 1837 10. Goirtín439 AL: d. 1837

11. gurt'i˘n' D. Claffey 2011 Gort ‘field; (standing) crop’ (FGB 1 (1; 2) móide an mhír dhíspeagtha –ín is bun leis an ainm seo. Féach An Goirtín/Gorteen i gCo. Luimnigh, ‘the small field’, ag an mBrainse Logainmneacha (BLÉ 30511). Is cosúil gurb é an sloinne Mac Aonghusa atá sa dara cuid de fhoirmeacha 1-3. Bhí dhá theaghlach den sloinne McGuinness ina gcónaí in Kill, baile fearainn atá díreach buailte leis an mbaile fearainn seo, i 1901 (Daonáireamh).

Hall An Halla ‘the hall’ 1. Clonlonnan hall CGn. 32-280-19735 1721 2. Hall WPB 1761 3. Hall Larkin 1808 4. Hall TAB 1825 5. Hall AL: BS 1837

438 ‘Glebe next Castletown’ luaite mar bhaile fearainn san AL chomh maith. Castletown Glebe agus ‘Mac Loughlin’ [= Ó Maoilsheachlainn?] luaite i pl. leis san AL. 439 ‘-, a small garden or cultivated field.’ AL: d..

260 Barúntacht Chluain Lonáin Cill Chliathach

6. Hall AL: CM 1837 7. Hall AL: H. Mathews 1837

8. »kal«tra J. Hackett 2011 Ainm Béarla. Ainmníodh an baile fearainn seo as Hall Ho. (CESO), a thóg muintir Clibborn am éigin roimh an mbliain 1721. Cealtrach ‘a churchyard; a burying place for unbaptised infants (Con.)’ (Dinn.) is bun le foirm 8. Is dócha go dtagraíonn an fhoirm seo don seanreilig a luíonn díreach taobh istigh de theorainn Clonaltra West, baile fearainn atá suite ar an taobh theas den bhaile fearainn seo. Tá imlíne ciorclach ag an reilig seo; tá seans mar sin gur láthair eaglasta luath atá ann.

Kill An Choill ‘the wood’ 1. Keill Fiants Eliz. 2429 1574 2. Kill DS 1655c 3. Kill Census 524 1659c 4. Killu BSD 101b 1670c 5. Keele Larkin 1808 6. Kill TAB 1825 7. Killa AL: Down Survey refc. 1837 8. (?) Keyle AL: Inq. Jac. I 1837 9. (?) Kyle AL: Inq. Jac. I 1837 10. (?) Killagh AL: Inq. Jac. I 1837 11. (?) Killagh AL: Inq. Car. I 1837 12. Kill AL: HCSVR (1824) 1837 13. Keele AL: CM 1837 14. coill AL: pl. 1837 15. Coill440 AL: d. 1837

16. »kil D. Claffey 2011 Coill ‘wood, forest’ (FGB 1) atá san ainm seo. Tá coill le feiceáil beagán siar ón mbaile fearainn seo ar léarscáil an DS.

Kilbillaghan ?Coill Bhileachán

440 ‘-, a wood.’ AL: d..

261 Barúntacht Chluain Lonáin Cill Chliathach

‘?wood of small-stemmed trees’ 1. Kill-bileaghan441 AClon. 246 1268 2. Killobilloghan CPR Jas. I 81a 1606 3. Kilbillechan Inq. Jac. I, 5 1611 4. Kilbilleghan Inq. Jac. I, 5 1611 5. Kilbellaghan CPR Jas. I 228b 1612 6. Kilbellaghan CPR Jas. I 464a 1619 7. Killbellaghan CPR Jas. I 481a 1619 8. Killbileaghan RClon. 1622c 9. Kilbilloghane Inq. Car. I, 167 1641 10. Kilbillaghane Inq. Car. I, 167 1641 11. Killbillaghan DS 1655c 12. Killbillaghan BSD 98b 1670c 13. Killbellaghan AL: HCSVR (1824) 1837 14. Killbillaghan TAB 1825 15. Killobelchan AL: HCER 1837 16. Kilbelaghan AL: BS 1837 17. coill bileachan AL: pl. 1837 18. Cill Bileachain442 AL: d. 1837 Bilech ‘abounding in trees, (well-)wooded, arborous, large-stemmed’ (DIL 2) móide an mhír (dhíspeagtha?) -án atá sa dara heilimint, agus í sa g. iolra. Mar is léir ó fhoirm 8 bhí an baile fearainn seo i seilbh mhainistir Chluain Mhic Nóis tráth. Luann Cox (1994: 17) go raibh rian de shéipéal ársa nó altóir sa bhaile fearainn, ach níl aon taifead ag an NMS ar seo. Is cosúil gur aistríodh an chuid theas den bhaile fearainn isteach go Ballynahown am éigin idir foilsiú an CESO in 1837 agus foilsiú an DESO ag tús an chéid seo caite. Bhí coillte sa chuid seo den bhaile fearainn in 1837, agus cé nach bhfuil coillte marcáilte ar léarscáil an DS sa cheantar seo, níl Killbillaghan i bhfad ón gcoill mhór atá marcáilte Ballinehone Wood ar an léarscáil sin.

Kilcleagh Cill Chliathach ‘church of wattle (frame)’ 1. Killeliach alias Killomilcon AnnU 153 1522

441 Féach an nóta seo in eagrán Murphy (1896): ‘The name is now obsolete.’ 442 ‘-, Church of the little tree.’ AL: d..

262 Barúntacht Chluain Lonáin Cill Chliathach

2. Kilcliegh Fiants Eliz. 1401 1569 3. Kilcliegh Fiants Eliz. 3300 1578 4. Kilcleighe Fiants Eliz. 4366 1584 5. ?Killeighe Fiants Eliz. 5826 1593 6. Kilkleagh CPR Jas. I 460b 1620 7. Killileagh Inq. Jac. I, 24 1620 8. Killcliathagh RClon. 1622c 9. Killecleagh EAI 35 §57 1645 10. Killcleagh DS 1655c 11. Kilcleagh Census 525 1659c 12. Killcleagh BSD 99b 1670c 13. Killileagh BSD 99b 1670c 14. Kilcleagh DP 42 1703 15. Castledaly L. B&L 1800c 16. Killaleagh Larkin 1808 17. Kilcliegh TAB 1825 18. (?) Killiea AL: Inq. Eliz. 1837 19. (?) Killieaghe AL: Inq. Eliz. 1837 20. (?) Killia AL: Inq. Jac. I 1837 21. Killeagh AL: Down Survey 1837 22. Killeleagh AL: Down Survey 1837 23. (?) AL: Inq. Car. I 1837 24. (?) Killeigh AL: Inq. Car. I 1837 25. (?) Killeagh AL: Inq. Car. I 1837 26. Kilcleigh AL: HCPR (1821) 1837 27. Killcleagh AL: Beaufort’s Map (1797) 1837 28. Cill Cliathach443 AL: d. 1837

29. »kil«kli˘ B. Muldoon 2011

30. »kil«kli˘ J. Hackett 2011 Cill ‘church’ (FGB (1)) atá sa chéad eilimint anseo. Cliathach ‘ribbed, lattice, criss- cross’ aid. (FGB 2) atá sa dara heilimint; ‘Ceall Chliathach (Hurdled ch.)’ (FSAG 3: 143). ‘We know from many ancient authorities that the early Irish churches were

443 ‘-, church of the hurdles.’ AL: d..

263 Barúntacht Chluain Lonáin Cill Chliathach usually built of timber planks, or of wattles or hurdles’ (Joyce 1869: I 313). Luann sé Kilclief i gCo. an Dúin agus Kilclay i dTír Eoghain mar shamplaí d’ainmneacha cosúil le seo (Joyce 1869: I 313). Luann McKay (1999: 85) ‘Cill Chléithe “church of wattle”’, mar fhoirm Ghaeilge ar Kilclief. Tá láthair an tséipéil seo gar do lár an bhaile fearainn, suite taobh istigh d’imfhálú beag cuarlíneach (.374 acra).

Kilgarvan Cill Gharbháin ‘church of St. Garbhán’ 1. ?Kilgarvan Fiants Eliz. 6533 1601 2. Kilgavan Fiants Eliz. 6618 1602 3. Killgarvan CPR Jas. I 228b 1612 4. Kilgarvane CPR Jas. I 481a 1619 5. Kilgarvan Inq. Car. I, 167 1641 6. Killgarvan DS 1655c 7. Kilgarvon Census 525 1659c 8. Killgarvan BSD 98b 1670c 9. Killgarvan Larkin 1808 10. Kilgarvan LEL 13 1820 11. Kilgarvan AL: Inq. Jac. I 1837 12. Kilgarvan AL: Inq. Car. I 1837 13. Kilgarvan AL: HCSVR (1824) 1837 14. Coill Gharbháin444 AL: d. 1837

15. »kil«garv´n áit. 2011 Tá foirgneamh le cosúlacht séipéil le feiceáil díreach siar ón mbaile fearainn seo ar léarscáil an DS. Níl aon rian de ann anois áfach. Níl aon fhoirm áitiúil in pl. san AL; ní fios dúinn mar sin an raibh aon fhianaise ag an Donnabhánach nuair a shocraigh sé ar coill don chéad eilimint anseo (foirm 14). Tá coillte móra marcáilte ar léarscáil an DS in Ballynahownwood agus in Cloncraff or Bloomhill trasna na teorann in Uíbh Fhailí, ach níl aon choill le feiceáil ar an léarscáil de cheantar an bhaile fearainn seo. Is maith an seans áfach, agus coillte móra sa cheantar máguaird, go raibh coill anseo uair amháin. Gan féachaint ach ar na foirmeacha stairiúla is deacair a rá cé acu cill ‘church’ nó coill ‘wood, forest’ (FGB 1) is ceart a mholadh don chéad eilimint anseo,

444 ‘-, Garvan’s wood.’ AL: d..

264 Barúntacht Chluain Lonáin Cill Chliathach ach maidir leis an dara heilimint, an t-ainm pearsanta Garbhán, is fiú an méid seo a lua; GARBHÁN son of Aonghas, bishop ... The reason for his inclusion in the Clann Lughdach list is unclear because his associations were with the western part of the kingdom of Midhe, now mainly the county of Westmeath. A tract [Leabhar Bhaile an Mhóta 80a1-3] on the Cuircne of the Westmeath barony of Kilkenny West names him as one of seven sons of Aonghas, two others being Bishop Seanach and Bishop ‘Treaslaice’. Kilgarvan Glebe in the parish of Kilcleagh and barony of Clonlonan which adjoins Kilkenny West, now probably represents the church of Garbhán (Ó Riain 2011: 363)

Más ainm naoimh atá sa dara heilimint is fearr cill a mholadh don chéad eilimint. Toisc glebe (talamh beathúnais) a bheith luaite leis an mbaile fearainn seo (féach thíos) chomh luath le lár an 17ú haois, is mór an seans go raibh cill anseo uair amháin.

Kilgarvan Glebe Gléib Chill Gharbháin ‘glebe of the church of St. Garbhán’ 1. gleab belonging to Killgaruan and Ballinehone DS 1655c 2. Killgarvan BSD 98b 1670c 3. Gleab Kilgarvan AL: Down Survey 1837 4. Kilgarvan Glebe AL: HCSVR (1824) 1837 5. Kilyarvan Glebe AL: BS 1837 Féach thuas.

Killogeenaghan Coill Ó gCoinneacháin ‘Kinihans’ Wood 1. Kellogainechair Pont. Hib. I 84 (29) 1196 2. Kellogainechan Pont. Hib. I (84 (29) e 1196 3. ?Killoghine Fiants Eliz. 3442 1578 4. ?Killokeneghan CPR Jas. I 116a 1607 5. ?Killockennaghan CPR Jas. I 145b 1609 6. ?Killockennaghan CPR Jas. I 252b 1609 7. ?Kilogeloghan Inq. Jac. I, 5 1611 8. Killokennaghan or Killogemochan CPR Jas. I 252b 1611 9. Killogeyrogh alias Killegeynogher Inq. Jac. I, 40 1612

265 Barúntacht Chluain Lonáin Cill Chliathach

10. Kenaginahan DS 1655c 11. Kenaginaghan BSD 98b 1670c 12. Killogeenaghar WPB 1761 13. Killageenaghan LEL 36 1833 14. Killogeenaghan AL: HCSVR (1824) 1837 15. Killagenechan AL: BS 1837 16. killageaucyhan445 AL: pl. 1837 17. coill o gcaoineachan AL: pl. 1837 18. Coill O’ G Caoineachain446 AL: d. 1837 Coill ‘wood, forest’ (FGB 1) atá sa chéad eilimint anseo. An sloinne Ó Coinneacháin atá sa dara heilimint, agus í sa g. iolra anseo. Bhí an sloinne Kinihan (agus litriú béarlaithe eile) an-choitianta in iarthar Uíbh Fhailí i 1901, chomh maith le corrtheaghlach den sloinne a bheith ar fáil san Iarmhí soir ón Mhóta (Daonáireamh); ‘(O) Kinahan Ó Coinneacháin. A sept located in the country south of Athlone’ (MacLysaght 1985: 183). Tá an áit seo athghaelaithe cheana féin ag an mBrainse Logainmneacha (BLÉ 51005). Maidir le foirm 1 is fiú an méid seo a lua; ‘Kellogainainechair. Killogeenaghan, Clonlonan Bar., Co. Westmeath. In the sixteenth century Killogeenaghan belonged to the nunnery of Odder, Co. Meath, which has succeeded to the possessions of that of Clonard;’ (Nicholls 1969: 85) Cf. P.W. Joyce (1913: III 416).

Killomenaghan Cill Ó Míolchon ‘church of the descendants of Míolchú’ 1. Ceall Ua Mílchon447 ARÉ ii 1146 §12 1162 2. Kill o’Milchon AClon. 206 1164 3. Kyllomyleon CPL X 541 1452 4. Kyllomilleon CPL X 541 1452 5. Kyllonucon alias Kyncolman CPL XIII 66 1478 6. Kyllonacon alias de Eyncolman AnnU 146 1478 7. Kyllomilcon CPL XIV 67 1485 8. Kyllomilcon AnnU 147 1485

445 Luaite faoi ‘Glebe next Killagenechan’ san AL. 446 ‘-, O’Kinihan’s wood.’ AL: d.. 447 Luaitear foirm earráideach: Ceall Ua Nilucháin, san Onomasticon. Féach FSAG 4: 59 & BLÉ 41496 (cárta).

266 Barúntacht Chluain Lonáin Cill Chliathach

9. Killcomilcumen CPL XIV 146 1487 10. Killconnlenin CPL XIV 146 1487448 11. Killeomilenyn AnnU 147 1487 12. Kyllomyliol AnnU 148 1511 13. Killeliach alias Killomilcon AnnU 153 1522 14. Kyllomelcon alias Fardrome Fiants Eliz. 1401 1569 15. Killomylchan Inq. Jac. I, 5 1611 16. Killomilchan CPR Jas. I 228b 1612 17. Killomellchan CPR Jas. I 464a 1619 18. Killomillchan CPR Jas. I 481a 1619 19. Killomelaghan Inq. Car. I, 98 1634 20. Killomilchon Inq. Car. I, 167 1641 21. Kilmilchon Inq. Car. I, 167 1641 22. Killomollthan DS 1655c 23. Cartron-remoyre and Killomilaghan Census 524 1659c 24. Killomoylchan BSD 97b 1670c 25. Killomulchon AL: Inq. Jac. I 1837 26. Killomilaghan AL: HCSVR (1824) 1837 27. Kilmeneghan AL: BS 1837 28. cill o muimhneachan AL: pl. 1837 29. Cill O’ Muímhneachán449 AL: d. 1837 Cill ‘church’ (FGB (1)) atá sa chéad eilimint anseo. Tá séipéal le feiceáil ar léarscáil an DS sa bhaile fearainn seo, agus tá rian den séipéal sin ann i gcónaí (NMS WM035- 003). Ó Míolchon atá sa dara heilimint: Tá an t-ainm pearsanta Míolchon (gin.) caomhnaithe sa log. bf Clonamicklon/Cluain Ó Míolchon i TÁ ... Is é an bhrí atá leis an log. ná ‘the pasture of Uí Mhíolchon’. Ar an gcuma chéanna tuigeadh gurbh ainm pearsanta an tríú mír den log. seo a leanas, Cille mic Míolchon (gin.) ARÉ I 534 (sub anno 883), Ceall Ua Nilucáin (sic) ARÉ II 1146 (1142) atá ag freagairt don fhoirm Bhéarlaithe Kill o’Milchon AClon. 206 (sub anno 1164). Sna nótaí eag. a chuir OD le téacs ARÉ 534, n. a agus 1147 nótaí r, s, faoi seach, d’ionnanaigh sé na trí iontrálacha réamhráite le bf Kilmeelchon in UF (p Lusmhaí, bar Garraí an Chaisleáin) (Ó Cearbhaill 2007: 170).

448 Luann McNamee (1942) na foirmeacha seo atá le fáil in CPL, dar leis: Killeomienyn, Kyllomeliol, Killemilchon, Keyneolman, Kyllomyleon, Kyllonacon alias Eyncolman. 449 ‘-, O’Minihan’s church.’ AL: d..

267 Barúntacht Chluain Lonáin Cill Chliathach

Ach ionannaíodh na foirmeacha Ceall Ua Nilucháin [sic] 450 (ARÉ ii 1146) agus Kill o’Milchon (AClon. 206) le Fardrum, baile fearainn sa pharóiste seo, in FSAG 4: 59: ‘Eccl. site in tl. Fardrum, p. Kilcleagh’, bunaithe ar an tagairt seo gan amhras: ‘the rectory of Kilcliegh in O’Malaghlin’s country alias Clancolman, extending to ... Kyllomelcon alias Fardrome’ (Fiants Eliz. 1401 – féach foirm 14 thuas). Is ceart iad a ionannú leis an mbaile fearainn seo áfach. Níl aon rian de láthair eaglasta in Fardrum, agus is é Cill Ó Mílchon ainm stairiúil an bhaile fearainn seo.

Níl aon amhras ach go bhfreagraíonn foirm 22 (marcáilte ar Léarscáil an DS i gceantar an bhaile fearainn seo) agus foirm 23 (luaite le Carton-remoyre = Cartrons, baile fearainn atá díreach taobh leis an mbaile fearainn seo) don bhaile fearainn seo. Caithfidh gur trí mhíthuiscint don dara heilimint, nó dearmad a tháinig foirm 28 chun cinn; Cill o muimhneachan = ‘church of the O’Minihan’s’? Aisteach go leor, tháinig foirm an-chosúil le seo chun cinn in Cill Mhíolchon/Kilmucklin i dTiobraid Árann; ‘This parish is called in Irish Cill Ó Miodhcáin, which signifies the Church of the O’Meehans. of which Kilmuckin (sic) is a very strange corruption.’ JOD (luaite in Ó Cearbhaill 2007: 169).

Tá an méid seo le rá ag an Donnabhánach faoin tobar beannaithe atá in aice leis an seanreilig agus an séipéal sa bhaile fearainn seo: ‘There is a very remarkable well here at which the most incurable diseases (in the ordinary courses of things) have been removed by invoking Saint Meenehen whose well it is said to have been’ (AL). Tugtar St. Menaghans Wells ar an ngné seo ar an CESO.

The Parish of Kilcleagh was dedicated, according to tradition, to St. Muimhneachan, whose pattern is still celebrated on the 29th September, but removed from the Church of Kilmoynaghan to the modern Chapel. Does Colgan or the Calendar mention any Saint of this name in connexion with West Meath. In the Inquisitions his Church is called Killomilchon, from which it may be inferred that his name has been corrupted. Tradition says that he was one of the six brothers of St. Kieran. Had St. Kieran six brothers? There is a rude representation of this Saint’s head in a stone in the Church yard of Killomoynaghan (LSO (IM) 62).

Níor éirigh liom aon tagairt eile a fháil don naomh seo (Muimhneachán), agus ní luann Ó Riain (2011) é/í ach oiread.

Knockanea ?Cnoc an Fhéich

450 Recte Ceall Ua Nilucáin, míléamh ar Ceall Ua Mílchon.

268 Barúntacht Chluain Lonáin Cill Chliathach

‘hill of the raven’ 1. Knockaneagh DS 1655c 2. Knockanach Census 525 1659c 3. Knockanea ASE 48 1666 4. Knockanea ASE 182 1668 5. Knockaneagh BSD 98b 1670c 6. Knockina Léarscáil Moll 1714c 7. Knockanea CGn. 32-280-19735 1721 8. Knockneneigh CGn. 47-72-29564 1725 9. Knockena LEL 38 1734 10. Knockanea CGn. 108-324-76496 1743 11. Knockannea Larkin 1808 12. Knockinnea LEL 11 1810 13. Knockanea LEL 13 1820 14. Knockinea TAB 1825 15. Knockanea LEL 36 1833 16. Knockenea HSCVR:AL 1837 17. Gnockinnea AL: CM 1837 18. cnoc an fiagh AL: pl. 1837 19. Cnoc an fhiagh451 AL: d. 1837 20. Knockanay LEL 44 1839 21. Cnucanee BNS: Toberclare N.S. 80 1938

22. »nok´n«e˘ J. Hackett 2011 Cnoc ‘hill’ (FGB (1a)) atá sa chéad eilimint. Más ea go bhfuil an fuaimniú áitiúil comhaimseartha (22) ionadaíoch ar an mbunfhoirm Ghaeilge, d’fhéadfadh fiach ‘raven’ (FGB 2 (1)) a bheith sa dara heilimint, agus í sa g. uatha; Cnoc an Fhéich. Tacaíonn foirm 20 leis an bhfoirm sin chomh maith. Tá an fhéidearthacht ann, áfach, gur forás (i˘ > e˘) a tháinig chun cinn sa Bhéarla is bun le foirmeacha 20 agus 22.

Más ea gur fuaim i˘ a bhí ar an dara heilimint, b’fhearr fia ‘deer’ (FGB 1), agus é sa g. uatha, a mholadh. Féach Cnoc an Fhia/Knockanea; ‘the hill of the deer’ i gCo. Luimnigh (BLÉ 31319).

451 ‘-, hill of the deer.’ AL: d..

269 Barúntacht Chluain Lonáin Cill Chliathach

Lowerwood Coill Íochtair Chluain Lonáin ‘lower wood of Clonlonan’ 1. Lower Clunluwoode DS 1655c 2. Clononan Wood Census 524 1659c 3. Lower Clonlunan Wood BSD 97b 1670c 4. Lowerwood TAB 1825 5. Lowerwood AL: HCSVR (1824) 1837 6. Lower Wood AL: BS 1837 Tá coill mhór marcáilte Lower Clunluwood le feicéail sa cheantar seo ar léarscáil an DS.

Moate An Móta ‘the moat’ Féach Moategranoge. .

Moategranoge Móta Ghráinne Óige ‘young Gráinne’s moat’ 1. Mooty Fiants Eliz. 1401 1569 2. Moatagrenoge DS 1655c 3. Moat: Granoge Census 524 1659c 4. Moategranoge ASE 48 1666 5. Moate ASE 49 1680 6. Moatagrenog BSD 99b 1670c 7. Moate BSD 101b 1670c 8. Moat Grenoge Léarscáil Moll 1714c 9. Moate WPB 1761 10. Moate L. B&L 1800c 11. Moat of Grenoge Larkin 1808 12. Moate TAB 1825 13. Moate Grenogg AL: Down Survey Map 1837 14. Moat Grenoge AL: HCSVR (1824) 1837 15. Moate AL: HCER 1837

270 Barúntacht Chluain Lonáin Cill Chliathach

16. Moate for town AL: JOD 1837 17. Moata Grenogue AL: CM 1837 18. Móta Gráine Óige LSO (IM) 64 1837 19. Moate Gránóge AL: JOD 1837 20. Moate Granoge recte Moate Grania oge. AL: JOD 1837 21. móta graine óige AL: pl. 1837 22. Móta Ghráine Óige452 AL: d. 1837 23. Móta LÉ 1938

24. mo˘t áit. 2011

Móta ‘moat; earthen embankment, dike, large mound’ (FGB 1 (1; 2) atá sa chéad eilimint anseo. Tá láthair an mhóta seo díreach taobh thiar den phríomhshráid ar an taobh ó dheas den bhaile. An t-ainm pearsanta baineann Gráinne atá sa dara heilimint, agus í sa g. uatha. Tá an t-ainm seo cáilithe ag an aid. óg ‘young; junior, minor’ (FGB 2 (2a)), agus í sa g. chomh maith;

The moat from which the town of that name is called is now enclosed and planted. It is called by the Irish Móta Gráine Óige, or Grania Junior’s Moat (I will not enter into an argument with the sun-worshippers here) from a Munster lady of that name who was married to one of the O’Melaghlin’s [sic] and about whom a little story is told, which is not fit to be preserved (LSO (IM) 64.

Is dócha gurb é an scéal seo a bhí i gceist ag an Donnabhánach; ‘A legend there is concerning a Milesian Princess taking on herself the office of a Brehon, and from this moate adjudicating causes, and delivering her oral laws to her people’ (Otway 1839: 55). Is fiú an méid atá le rá ag Cox a lua faoin ainm seo, cé nach luann sé a chuid foinsí go sonrach; ... Grainne [sic] Óg was a real person even though she has been surrounded by legends. She was a daughter of Maelrunai [sic] O’Carroll, Lord of Eile, and wife of Toirdhealach Cléireach O’Melaghlin, Lord of Clancolman and parish priest of Kilcleagh and Ballyloghloe. She married O’Melaghlin about 1520 but after a few years of marriage seems to have divorced herself from her husband and married Ulick Burke, first Earl of Clanricard ... the old Gaelic name of Woodlawn Co. Galway, which was Ulick Burke’s country, was also named from the lady Mota Ghrainne Óige. (Cox 1994: 19).

452 ‘-,young Gracy’s moat.’ AL: d..

271 Barúntacht Chluain Lonáin Cill Chliathach

Luaitear Toirdhealbhach Ó Maoileachlainn in éineacht le Maol Ruanaidh Ó Cearbhaill in 1520; ‘Tighearnus Dealbhna do roinn (lá h-Ua Maoileachlainn Toirrdhealbhach, & lá h-Ua c-Cearbhaill Maol Ruanaidh) etir An Fhior Dhorcha mhac Még Cochláin, Fínghin Ruadh & Corbmac.’ (ARÉ vii 1350 §8). Maidir le Móta Ghráinne Óige a bheith mar ainm Gaeilge ar Móta/Woodlawn i gCo. na Gaillimhe, feach BLÉ 1413747. Bhí Cox den tuairim gur grianóg a bhí sa dara heilimint den ainm seo, agus gur tagairt don móta (mar analóg ar grianán is dócha) a bhí ann.

Moneen An Móinín ‘the small bogland’ 1. Monenegoge CPR Jas. I 81a 1606 2. Moneen Larkin 1808 3. Moneen TAB 1825 4. Moneen AL: HCSVR (1824) 1837 5. Moneen AL: HCER 1837 6. Móinin453 AL: pl. 1837

7. »mo˘n'«´n' J. Hackett 2011

8. »mo˘n'«i˘n' D. Claffey 2011 Móinín ‘grassy patch (in bog)’ (FGB) atá san ainm seo. Mínítear An Móinín/Moneen i gCo. Luimnigh mar; ‘the small bogland’ ag an mBrainse Logainmneacha (BLÉ 30886). Tá seans gur Móinín na gCág (cág ‘jackdaw’ (FGB)) atá i bhfoirm 1. Féach Tobernagauhoge/Tobar na gCathóg i bparóiste Chill Chainnigh Thiar.

Newcastle An Caisleán Nua ‘the new castle’ 1. i m-Baile an Chaisléin Nuí454 ARÉ v 1514 §4 1549 2. Newcastell Fiants Eliz. 2429 1574 3. Newcastle DS 1655c

453 ‘-, small Bog.’ AL: d.. 454 ‘Teach d'ionnsaicchidh i m-Baile an Chaisléin Nuí lá Niall Ua Maoílechlainn ar Ua Maoíleachlainn Tadhcc Ruadh, & ar a bhrathair Murchadh. Ro loiscceadh an tegh forra. Ro marbhadh, & ro loiteadh tuilleadh ar fhichit ann, Ro marbhadh naonbhar do láthair dibh. Terna Ua Maoíleachlainn & a bhrathair Murchadh as, acht ro gonadh Murchadh don chur-sin.’

272 Barúntacht Chluain Lonáin Cill Chliathach

4. New-Castle ASE 182 1668 5. Newcastle BSD 98b 1670c 6. ?Ballincaslan als Oldcastle of Balletrasney AL: Mem. Rol. 13, Jas. I (1603) 1837 7. (?) Newcastle AL: Inq. Jac. I 1837 8. (?) Newcastle AL: Inq. Car. I 1837 9. (?) Newcastle AL: Inq. Car. II 1837 10. Newcastle AL: HCSVR (1824) 1837 An t-alt móide caisleán ‘castle; mansion’ (FGB (1; 2) móide an eilimint cháilithe nua ‘new, fresh, recent, novel’ aid. (FGB 2) atá san ainm seo. Is dócha go léiríonn an litriú Nuí i bhfoirm 1 foirm ghinideach na haidiachta.

Ories Óraíos ‘?’ 1. Hores Fiants Eliz. 1754 1571 2. Horie Fiants Eliz. 6450 1600 3. ?Mounster oris Fiants Eliz. 6450 1600 4. Orras Inq. Jac. I, 5 1611 5. Hories Inq. Jac. I, 5 1611 6. Orries CPR Jas. I 228b 1612 7. Ories CPR Jas. I 464a 1619 8. Ories CPR Jas. I 481a 1619 9. Oories CPR Jas. I 553b 1622 10. Oris Inq. Car. I, 167 1641 11. Oiris Inq. Car. I, 167 1641 12. Ories DS 1655c 13. Ories BSD 98b 1670c 14. Orries als Horries CGn. 12-176-4730 1713 15. Oareas L. B&L 1800c 16. Ories AL: HCSVR (1824) 1837 17. Orraidhe455 AL: d. 1837

455 ‘-, (meaning uncertain). Prond. Oar-ees.’ AL: d..

273 Barúntacht Chluain Lonáin Cill Chliathach

18. »o˘r«i˘z áit. 2011

‘Prond. Oar-ees’ (AL). D’ionannaigh an Donnabhánach dhá áit a luaitear in ARÉ leis an áit seo; i n-Eroros; ARÉ i 490 §7; 857 AD. ‘This is probably the place now called Oris, or Oras, in the county of Westmeath’ (ARÉ i 491 n. 1); co Ioraras; ARÉ ii 1138 §20; 1160 AD. ‘Ath-feine at Iraras. - This was the name of a ford on a stream near Ories, or Oris, in the barony of Clonlonan, and county of Westmeath (ARÉ ii 1139 n. w). Luaitear co hIoraras le Áth Féine; ‘Áth Féin(n)e (1) (Ford of the warrior band) Prob. ‘Flag of the Gain’, crossing-place of the r. Gaine, betw. tls Down and Rathlevanagh, p. Tyfarnham, b. Corcaree [sic], WH’ (FSAG 1: 132). Féach eros, erais ‘m. and f. (?) the raised part of a ship, poop, stern (oft. oppd. to braine `prow'): eross (gl. puppis)’ in DIL agus iorras ‘promontory’ (FGB). Is ar éigean atá baint ag na foirmeacha sin leis an mbaile fearainn seo. Féidearthacht eile is ea an fhoirm thabharthach de iúrach ‘abounding in yew-trees’ (FGB 2 (1)); iúraigh, móide -s iolra an Bhéarla. Féach an fhoirm in pl. a luaitear faoi Blackories, thuas; oraidh. Fianaise, b’fhéidir, is ea an h- tosaigh i bhfoirmeacha 3, 4, 7 agus an dara cuid de 16, gurb é iolra iúrach atá ann: na hiúraí. Bhí cuid mhór den bhaile fearainn seo creagach go leor de réir an CESO agus an DESO; is minic a d’fhás coillte iúir ar stráicí talaimh mar sin. Féach an sliocht seo thíos de chuid Fhiachra Mhic Gabhainn ar Oory i Maigh Eo (BLÉ 36175);

D’éirigh leagan eile coitianta sa chéad leath den 18ú haois: ní léir, go conclúideach, cé acu claonfhoirm (iúraigh) de iúr móide an iarmhír chnuasaigh, áitreabhach -ach, a bhí ann, ó cheart, nó iolra (iúraí) den deilbhíocht chéanna. Is gá, mar sin, leanúint den Donnabhánach (foirmeacha 19, 21) agus iolra a mholadh. Spéisiúil go leor, tá rian den phatrún céanna le sonrú i stair an ainm pharóiste Newry < An Iúraigh sa Dún: “The earliest form seems to have been Iubhar Cinn Tráchta... [and] later Iubhar Cinn Trágha... It was also called an tIubhar... The anglicised forms of the name must, however, come from an Iubhraigh (modern an Iúraigh), an oblique form of an Iubhrach (modern an Iúrach) ‘the grove of yew trees’” (PNI 1, 5; foirm oifigiúil, An tIúr: GÉ 119) (Mac Gabhann, F. - tráchtas neamhfhoilsithe ar logainmneacha Cho. Mhaigh Eo – Clann Mhuiris: 451).

I gcoinne seo áfach, tá an fhuaim o˘ soiléir sna foirmeacha ar fad, fuaim nach réiteodh le haon leagan den fhocal iúr. Féach Áth Óraí/Ahory in Ard Mhacha; ‘Ir. Áth Oirir ‘ford of the boundary’ (McKay, 2007: 2). Féach chomh maith Baile

274 Barúntacht Chluain Lonáin Cill Chliathach

Órthaí/Oristown i gCo. na Mí; ‘the town of Órthaí Órthaí — sloinne (< Overy Béarla)’ (BLÉ 38324). Ní léir brí an ainm seo.

Scroghil Scraith-Choill ‘?scraw-wood’ 1. Skreioghill BSD 99b 1670c 2. Skreioghill ASE 229 1671 3. Shaycohill CGn. 32-280-19735 1721 4. Croghill als Scorrycohill CGn. 45-18-27443 1724 5. Shryeohill CGn. 176-404-119357 1755 6. Scroghill L. B&L 1800c 7. Scrohill TAB 1825 8. Scroaghan LEL 36 1833 9. Scroghill AL: HCSVR (1824) 1837 10. Scrowhel AL: BS 1837 11. Scróchoill456 AL: d. 1837 ‘Scráth-choill, sward-wood’ a thugann Joyce don ainm seo (Joyce 1913: III 550). Tá cuma fhliuch ar chuid den talamh sa bhaile fearainn seo, agus téann sruthán tríd. Scraith ‘scraw’ (FGB 1 (1a)) atá sa chéad eilimint. Féach ‘scraith bogáin, a quagmire’ in Dinn. chomh maith. Coill ‘wood, forest’ (FGB) atá sa dara heilimint, agus í ceangailte le scaith mar chomhfhocal.

Seeoge Suíóg ‘little seat’ 1. Syoge DS 1655c 2. Syogue Census 524 1659c 3. Boggasyogg BSD 100b 1670c 4. Blindstreet457 TAB 1825 5. Syogg AL: Down Survey 1837 6. Siooge AL: HCSVR (1824) 1837 7. Seioge AL: BS 1837 8. Seiouge AL: CM 1837

456 ‘-, wood of the swards.’ AL: d.. 457 Tá nóta beag curtha le seo sa TAB: ‘Called Seeoge in Ord. Survey’.

275 Barúntacht Chluain Lonáin Cill Chliathach

9. suídheóg AL: pl. 1837 10. Suidheóg458 AL: d. 1837

11. »si˘«o˘g J. Hackett 2011 Luaitear an méid seo san AL; ‘Pronounced See-oag.’ agus is mar sin a deirtear é anois. Suí ‘seat, location; situation, position; squatting, encampment’ (FGB 1 (5a; 5b; 6)) móide an mhír dhíspeagtha -óg is bun leis an ainm seo.

Sheean An Síán ‘the fairy mound, hillock’ 1. Shian CPR Jas. I 553b 1622 2. Sheyon DS 1655c 3. Shyan BSD 98b 1670c 4. Shyane ASE 229 1671 5. Shyan CGn. 176-404-119357 1755 6. Shyaune TAB 1825 7. Syan AL: Inq. Jac. I 1837 8. Shyan AL: HCSVR (1824) 1837 9. Shyane AL: BS 1837 10. sídheán AL: pl. 1837 11. Sidheán459 AL: d. 1837

12. »Si˘«A˘n J. Hackett 2011 Sí ‘fairy mound’ (FGB 1) móide an mhír dhíspeagtha -án is bun leis an ainm seo. Mínítear An Síán/Sheean i gCo. Liatroma mar ‘the fairy mound, hillock’ (BLÉ 29515). Tá an áit seo athghaelaithe cheana féin ag an mBrainse Logainmneacha mar An Síán/Sheean (BLÉ 51010). Tá cúpla cnocán sa bhaile fearainn seo.

Toorydonnellan Tuar Uí Dhónalláin O’Donnellan’s bleach/little field’ 1. Tworedonellan CPR Jas. I 553b 1622 2. Torydonalon DS 1655c 3. Torridonallon BSD 97b 1670c

458 ‘-, a small seat. Pronounced See-oag.’ AL: d.. 459 ‘-, a fairy hill.’ AL: d..

276 Barúntacht Chluain Lonáin Cill Chliathach

4. Touredonelane CGn. 65-291-45578 1731 5. Tourydonlon TAB 1825 6. (?) Touraghgibegg AL: Inq. Car. I 1837 7. (?) Touraghgiemore AL: Inq. Car. I 1837 8. Touredonnelan AL: HCSVR (1824) 1837 9. Touradonnellon AL: BS 1837 10. Tuar uí dhonallain AL: pl. 1837 11. Tuar Uí Dhomhnalláin AL: d. 1837

12. »tu˘r˘«donl´n J. Hackett 2011 Tuar ‘dung, manure; manuring of land, manured land; cattle-field, sheep-run; pasture, lea; bleaching-green’ (FGB 2 (1a; 1b; 2) 3 (2)). An sloinne Ó Dónalláin atá sa dara heilimint agus í sa g. anseo; ‘There was also a Brehon family of the name [Ó Dónalláin] in Offaly, and the name was not uncommon in that and the neighbouring districts of Leinster at the end of the 16th century’ (Woulfe 1923: 501). Is dócha gur Tuar na Gaoithe Beag agus Tuar na Gaoithe Mór atá i gceist le foirmeacha 6 agus 7 faoi seach, ach ní féidir a bheith cinnte an ionann iad agus an baile fearainn seo

Tubbrit An Tiobraid ‘the well’ 1. Tubberit Larkin 1808 2. Tubberit LEL 11 1810 3. Tubberit LEL 13 1820 4. Tubberet AL: BS 1837 5. Tubberet AL: CM 1837 6. Tiobrait AL: pl. 1837 7. Tiobrait460 AL: d. 1837 8. Tubret LEL 44 1839 Mínítear Tiobraid/Tubbrid i gCo. Luimnigh mar ‘(the) well’ (BLÉ 32191). Tá an áit seo athghaelaithe cheana féin ag an mBrainse Logainmneacha (BLÉ 51011). Tá an tobar féin marcáilte le ciorcal beag i ndeisceart an bhaile fearainn ar an CESO.

Tullaghnageeragh Tulachán na gCaorach

460 ‘-, a spring well.’ AL: d..

277 Barúntacht Chluain Lonáin Cill Chliathach

‘small hill of the sheep’ 1. Tolchanegyragh Inq. Jac. I, 5 1611 2. Tulchanegyragh Inq. Jac. I, 5 1611 3. Tulchanegiragh CPR Jas. I 228b 1612 4. Carton-Tollchanegiragh CPR Jas. I 228b 1612 5. Tulchaingearagh Census 524 1659c 6. Tullchanegirah BSD 100b 1670c 7. Jones Lake or Thullaghanageeragh, Thullaghanageera TAB 1825 8. Tullaghnegeeragh AL: HCSVR (1824) 1837 9. Tullaghnageeragh AL: BS 1837 10. Tulach na gCaorach461 AL: d. 1837 Tulchán ‘hillock, heap mound’ (FGB) atá chéad eilimint anseo. Caora ‘sheep, ewe’ (FGB 1) atá sa dara heilimint agus í sa g. iolra. ‘The tulchán or mound is very regular and would seem to have been artificially constructed’ (Cox 1994: 22).

461 ‘-, sheephill.’ AL: d..

278

279

280 Barúntacht Chluain Lonáin Cill Chruimthir Fhiachrach

Cill Chruimhthir Fhiachrach Paróiste Chill Chruimthir Fhiachrach/Kilcumreragh - féach Liosta Logainmneacha Uíbh Fhailí agus BLÉ 2028.

Bailte Fearainn

Ballagh An Bealach ‘the way’ 1. Ballagh CGn. 350-265-235049 1783 2. Ballagh Larkin 1808 3. Ballagh TAB 1827 4. Ballagh AL: Inq. Jac. I 1837 5. Ballagh AL: BS: 1837 6. beallach AL: pl 1837 7. Bealach462 AL: d. 1837 Ó thaobh chiall an ainm seo tá sé deacair níos mó a chur leis an méid a scríobh an Donnabhánach san AL (féach n. 462 thíos). Rith seanbhóthar, a dúnadh sa 19ú haois, tríd an mbaile fearainn seo, ar bharr eascrach. Seans go raibh sé mar chuid den seanbhóthar go BÁC, sular tógadh an príomhbhóthar go luath san 18ú haois. Bhí sráidbhaile anseo in 1837, sráidbhaile a d’fhás, dar le Sheehan, thart ar an séipéal Caitliceach a tógadh sa bhaile fearainn i 1740 (1978: 249). Dúnadh an séipéal seo i 1843 le hoscailt ceann eile in Ballybrickoge. Níl oiread agus rian den sráidbhaile le feiceáil ar an DESO. Is maith an seans gur mionainm a bhí san ainm seo ar chuid ardaithe den seanbhóthar sular fhorbair an sráidbhaile, agus nár tháinig an áit chun cinn mar bhaile fearainn, ach mar gheall ar an lonnaíocht chéanna.

Ballinderry Baile an Doire ‘townland of the oakwood’ 1. Ballindery Fiants Eliz. 5826 1593 2. Ballindirry Fiants Eliz. 5826 1593 3. Balindery Fiants Eliz. 6699 1602 4. Ballynderry Inq. Jac. I, 5 1611

462 ‘-, via, a road or pass.’ AL: d..

281 Barúntacht Chluain Lonáin Cill Chruimthir Fhiachrach

5. Ballinderrie CPR Jas. I 244a 1613 6. Ballinderre CPR Jas. I 283a 1615 7. ?Ballenderry Inq. Jac. I, 16 1617 8. Ballenderr Inq. Jac. I, 16 1617 9. Ballindery DS 1655c 10. Ballinderry Census 524 1659c 11. Ballinderry BSD 101b 1670c 12. Ballinderry CGn. 6-445-2549 1711 13. Ballinderry Larkin 1808 14. Ballinderry HCSVR: AL (1824) 1837 15. Ballinderry TAB 1827 16. baile an doire AL: pl. 1837 17. Baile an Doire AL: d. 1837 Is éard atá i gceist le doire ná coill dara, nó díreach coill (FGB). Tá fiche baile fearainn le leaganacha bearlaithe den eilimint doire i gCo. na hIarmhí. Tá derry/derries/derr mar eilimintí tosaigh, nó eilimintí aonair i gcás sé cheann déag acu sin. ‘Ballinderry’ atá sa cheithre cinn eile ar fad. Nuair a thógann tú na fo-ranna ar nós ‘upper/lower/middle’ agus ‘big/little’ as an áireamh tá meán-achar de 536 acra ag na bailte fearainn seo; tá na bailte fearainn seo mór go leor mar sin, agus is minic a bhíonn stráicí móra de thalamh portaigh iontu. Is léir go bhfuil baint éigin idir úsáid na heiliminte doire, agus talamh portaigh; ‘that other characteristic site of the Irish woodlands, the bog-fringes and bog-islands of the central plain’ Nicholls 2001: 205). Tá an eilimint seo coitianta in iarthar Cho. an Longfoirt (Bar. Ráth Claon) mar ainmneacha ar chnoic atá mar shórt oileán portaigh. Tá cnoc den chineál sin sa bhaile fearainn seo – ach é níos cosúla le leithinis a ghobann amach sa phortach ná oileán. Is dócha gur mhair na coillte dara níos faide ar na ‘hoileáin’ seo, toisc a dheacra a bheadh sé teacht orthu. D’fhéadfaí a áiteamh mar sin gur tháinig na hainmneacha seo chun cinn i ndiaidh do na coillte móra a bheith glanta ón tírdhreach.

Ballybeg An Baile Beag ‘townland (small)’ 1. Balibeg Fiants Eliz. 1684 1571 2. Ballybeg Fiants Eliz. 1686 1571 3. Ballybegge Fiants Eliz. 3343 1578

282 Barúntacht Chluain Lonáin Cill Chruimthir Fhiachrach

4. Ballibeg Fiants Eliz. 6450 1600 5. Ballibegg CPR Jas. I 80b 1606 6. Ballybegg Inq. Jac. I, 5 1611 7. Ballybeg Inq. Jac. I, 5 1611 8. Ballibeg DS 1655c 9. Ballibegg Census 524 1659c 10. Ballybegg ASE 127 1667 11. Ballibegg BSD 91d 1670c 12. Ballybeg Larkin 1808 13. Ballybegg TAB 1827 14. Ballybegg AL: HCSVR (1824) 1837 15. Ballybeg AL: HCER (1826) 1837 16. Ballybegg AL: Inq. Car. I 1837 17. baile beag AL: pl. 1837 18. Baile Beag463 AL: d. 1837 Le beagnach 245 acra níl an baile fearainn seo in aon chaoi beag i gcomparáid leis na bailte fearainn atá thart air. Maidir leis an gcéad eilimint níl aon fhoirm san fhianaise a thacaíonn le haon fhocal eile seachas baile a bheith ann. Tá thart ar chaoga baile fearainn leis an ainm neamhiontach seo sa tír ar fad. Féach Ballybeg i bparóiste Fhochla/Faughalstown, i mbarúntacht Bhaile Fhobhair, chomh maith le Littletown i bparóiste Chill Chainnigh Thiar.

Ballybroder Baile Uí Bhruadair ‘the townland of Ó Bruadair’ 1. Ballybroder Fiants Eliz. 1684 1571 2. Ballybroder Fiants Eliz. 6266 1599 3. Ballybrother Inq. Jac. I, 5 1611 4. Ballybroder Inq. Jac. I, 5 1611 5. Ballybroder Inq. Car. I, 120 1635 6. Ballbruder DS 1655c 7. Ballybroder Census 524 1659c 8. Ballybroder ASE 48 1666

463 ‘-, little town.’ AL: d..

283 Barúntacht Chluain Lonáin Cill Chruimthir Fhiachrach

9. Ballybrooder ASE 166 1667 10. Ballybroader Inq. Car. II, 5 1669 11. Ballibroder BSD 91d 1670c 12. Ballybroder464 WPB 1761 13. Ballybroder Croshee AL: HCSVR (1824) 1837 14. Ballybroder Roe AL: HCSVR (1824) 1837 15. Ballybroader TAB 1827 16. Ballybroader AL: Inq. Car. II 1837 17. Ballybroider AL: BS 1837 18. baile broider, bruadair AL: pl. 1837 19. Baile Bhrodair465 AL: d. 1837 Bruatur nó Bruadar – ainm pearsanta réasúnta coitianta sna meánaoiseanna (luaite seacht nó ocht n-uaire in ARÉ don 9ú hAois), as ar eascair an sloinne Ó Bruadair (Ó Corráin & Maguire 1980: 38). Bhí teaghlach den sloinne Broder ina chónaí sa bhaile fearainn Ardnaponra i 1901 (míle go leith ó Ballybroder), ach níl Broder, nó Broderick, an leagan béarlaithe eile den sloinne, coitianta sa cheantar. Is coitianta go mór sloinne ag gabháil le baile ná ainm pearsanta; d’fhéadfadh an bally/balli sna foirmeacha béarlaithe seasamh do Baile Uí. Tá an logainm seo athghaelaithe go ‘Baile Uí Bhruadair’ ag an mBrainse Logainmneacha, féach BLÉ 50793, agus luaitear an fhoirm sin le Walsh (1957: 270) san fhianaise, ach is ag tagairt do Ballybroder, i mbarúntacht Mhaigh Chaisil a bhí Walsh.

Kilcatherina Cill Chaitríona ‘church of (saint?) Catherine’ 1. Killkatrina DS 1655c 2. Kilkatrina Inq. Car. II, 5 1669 3. Killkatrina BSD 91d 1670c 4. Killcatrina CGn. 45-304-29363 1725 5. Kilkatrina CGn. 228-343-151074 1764 6. Killcatherine Larkin 1808 7. Kilcatherine TAB 1827 8. Kilcatrina AL: HCSVR (1824) 1837

464 Luaite le Rose Fox, seans gur tagairt do Ballybroder, Bar: Maigh Chaisil atá anseo. 465 ‘-, Broder’s town.’ AL: d..

284 Barúntacht Chluain Lonáin Cill Chruimthir Fhiachrach

9. Kilkatrine AL: TCB (1830c) 1837 10. Kilkatrina AL: BS 1837 11. Killcatherine AL: CM 1837 12. cill chaitrine466 AL: pl. 1837 13. Cill Caitríne467 AL: d. 1837 Is féidir a bheith réasúnta cinnte gur cill ‘church’ (FGB) atá sa chéad eilimint anseo; ‘There was an old church’(AL). Dar le Sheehan, ba sa bhaile fearainn seo a tógadh an chéad séipéal sa cheantar sa tréimhse i ndiaidh an Reifirméisin, ach luann sé chomh maith go raibh an séipéal seo tiomnaithe do naomh eachtrannach eile – San Tomás. Tógadh séipéal nua sa bhaile fearainn Ballagh, atá buailte le Kilcatherina, i 1740, agus níl aon rian de shéipéal i Kilcatherina ann anois (Sheehan 1978: 249). Maidir leis an dara heilimint, níl sé soiléir an é an naomh eachtrannach atá i gceist le Caitríona, nó ar cuireadh Caitríona isteach in áit ainm naoimh Ghaelaigh éigin atá imithe ó chuimhne anois? Tá paróiste ann darb ainm Kilcatherine, Bar: Béara, i gCo. Chorcaí. Cill Chaitiairn an bunleagan Gaeilge, is é sin séipéal an naoimh dhúchasaigh Caithighearn. Ach is mór an seans gurb é an naomh eachtrannach atá i gceist sa chás seo; féach foirmeacha 1-5 agus 8, 10. Tá fianaise fhlúirseach ansin don fhoirm Caitríona. Tháinig scéal an naoimh seo, a martraíodh i gCathair Alastair sa bhliain 307, anoir leis na crosáidithe. Bhí an t-ainm seo buanaithe go maith i measc uasaicme na hÉireann faoin 15ú haois. (Ó Corráin & Maguire 1980: 45).

466 Dhá phonc os cionn an n san AL. 467 ‘-, Catherine’s Church.’ AL: d..

285

286 Barúntacht Chluain Lonáin Cill Mhancháin

Cill Mhancháin Cill Mhancháin/Kilmanaghan - féach Liosta Logainmneacha Uíbh Fhailí agus BLÉ 2031.

Bailte Fearainn

Ardnaponra Ard na Pónra ‘the hill of the beans’ 1. Arnapond DS 1655c 2. Ardneponry BSD 92b 1670c 3. Ardaghpond CGn. 6-445-2549 1711 4. Arneporney CGn. 64-41-42518 1729 5. Ardnaponra Larkin 1808 6. Ardnapondra TAB 1827 7. Ardnaghpond AL: Down Survey 1837 8. Ardneponra AL: HCSVR (1824) 1837 9. Ardnaponra AL: BS 1837 10. Ard na Pónra468 AL: d. 1837

11. »ardn´«pondr´ J. Hackett 2011 Ó thaobh na topagrafaíochta de níl aon deacracht leis an gcéad eilimint anseo; ard ‘height, hillock’ (FGB); is beag nach ionann imlíne an bhaile fearainn seo agus réimse talaimh atá crochta os cionn an chomhriain nócha méadar. Focal iasachta a tháinig isteach ón tSean-Lochlainnis is ea pónair ‘A bean-plant; beans (coll.)’ (DIL s.v. pónair). Tá pónar (fir.) ann chomh maith; féach mar shampla, Cnoc an Phónaire/Knockaphonery, i gCo. Chorcaí. Tá an leagan canúnach pomhaire/póire ann freisin. Féach Gort an Phónaire/Gortaforia i gCiarraí (BLÉ 22314). Tá an chosúlacht ar an dara chuid de fhoirmeacha 2 & 4 gur pónairí a bhí ann, ach tacaíonn an chuid eile de na foirmeacha le pónra nó póndra (!). Is díol suntais an ‘d’ seo. Níl aon bhaint aige leis an mbunfhocal sa tSean-Lochlainnis; baunir atá ag Marstrander (1915: 59, 96). Bhí an luach céanna ag nd agus nn i LSS Mheán- Ghaeilge (Thurneysen 1946: 93), ach ós rud é gur foirmeacha béarlaithe ó thréimhse i bhfad níos déanaí atá againn anseo, is féidir é seo a fhágáil as an áireamh. Seans gur

468 ‘-, hill of the beans’.

287 Barúntacht Chluain Lonáin Cill Mhancháin fianaise ar fhorbairt chanúnach áitiúil atá ann; tá mionainm ar gharraí in, nó gar do,

Moneen i bparóiste Chill Chliathach; »pu˘ln´«pondr´ (D. Claffey 2011). Níl aon sampla de ‘d’ mar seo i measc na bhfoirmeacha a liostaítear do Lisnaponra North/Lios na Pónra Thuaidh469 i Maigh Eo (BLÉ 35725).

Bawnoges Na Bánóga ‘the small lea patches’ 1. Banocks CPR Jas. I 81a 1606 2. Bannoggs DS 1655c 3. Banogs Census 524 1659c 4. Bannogg BSD 91d 1670c 5. Bellynabannoge CGn. 45-18-29363 1725 6. Bawnoges WPB 1761 7. Bannogues Larkin 1808 8. Bonogue TAB 1827 9. Bunagemore ? AL: Inq. Jac. I 1837 10. Banoges AL: HCSVR (1824) 1837 11. Bannogues AL: CM 1837 12. Bawnogues AL: BS 1837 13. Banóga470 AL: d. 1837 Seachas foirm 5, is iarracht iolra an fhocail bánóg a léiriú atá sna foirmeacha stairiúla béarlaithe ar fad. Is dócha gur Baile na Bánóige a bhí i bhfoirm 5. Tá samplaí eile den fhocal seo san iolra i logainmneacha i gCo. Bhaile Átha Cliath, Chill Dara, na Gaillimhe agus Mhaigh Eo. An míniú atá ag FGB ar an bhfocal ná ‘(of ground) green patch’. Tugann Joyce; ‘little green fields &c’ do ‘Bawnogues, bánóga’ (1875: II 33). Is díol suntais an míniú a thugann Dinneen; ‘a small enclosed place; a court-yard; a barn’ (1927: 28). Forbairt dhíspeagtha ar an bhfocal bán ‘untilled land, lea’ (DIL s.v. bán II (b)) atá san fhocal bánóg. Tá dromanna eascracha le sonrú ag críoch thuaidh an bhaile fearainn ó na grianghraif aeir (http://maps.osi.ie/publicviewer/#V1,621273,738857,7,4). Is annamh a bhíonn talamh eascrach curtha, fágtar i bhféarach é de ghnáth. Seans maith gurb é seo ceantar na

469 Féach Mac Gabhann (tráchtas neamhfhoilsithe ar logainmneacha Cho. Mhaigh Eo – Ceara: 247) don fhoirm seo. 470 ‘-, lea fields; some green spots.’ AL: d..

288 Barúntacht Chluain Lonáin Cill Mhancháin mbánóga as ar eascair ainm an bhaile fearainn. D’fhéadfaí brí a bhaint as míniú Dinneen chomh maith nuair a bhreathnaítear ar na buailte beaga féaracha atá dúnta isteach ag na dromanna eascracha.

Cappantack Ceapach an tSeaca ‘plot of the frost’ 1. Captentaka DS 1655c 2. Capiatack Census 524 1659c 3. Capentacke ASE 82 1666 4. Cappentake ASE 127 1667 5. Carpentacka BSD 91d 1670c 6. Cappintack TAB 1827 7. Keppentach AL: Chief Remr. Memoranda Roll, 36 Eliz.471 1837 8. Cappentack AL: HCSVR (1824) 1837 9. Ceapa an tSeaca472 AL: d. 1837 Ceapach ‘tillage plot’ (FGB) atá sa chéad eilimint anseo. Bhí trí cheathrú den bhaile fearainn faoi churaíocht in 1837 (AL). Tá an dara siolla den chéad eilimint ax laghdaithe go ´ sna foirmeacha béarlaithe ar fad. Tá an laghdú céanna le sonrú san fhoirm Ghaeilge a thug an Donnabhánach (foirm 9). Is maith an seans gur fianaise é seo ar an bhfoirm thabharthach ceapaigh. Tá an nós seo aigh a fhuaimniu mar ´ le fáil i nGaeilge Chois Fharraige (Ó hUiginn 1994 543). Tá an eilimint sioc (g. seaca) le fáil sa logainm Cloch an tSeaca/Cloghatacka i gCo. Luimnigh. Mínítear é mar seo; ‘the stone (structure) of the frost. B’fhéidir gur sloinne, An tSeaca (Frost sa Bhéarla), is bun leis an ainm seo’ (BLÉ 31412). I gcás an bhaile fearainn seo, is mór an seans gur ceapach curaíochta a thug a haghaidh ó thuaidh is cúis leis an ainm. Baile fearainn fada, sách caol a luíonn mórán ó thuaidh ó dheas atá i Cappantack. Tá tionchar an chéachta (aratral curve cf. Creevenamanagh i bparóiste Chill Chainnigh Thiar) le sonrú in imlíne ceann de na páirceanna sa taobh ó dheas den bhaile fearainn. Tá méid na páirce seo, dhá acra dhéag (acraí Éireannacha), an-ghar don mhéid acraí a bhí i ngníomh (c. deich n-acra Éireannach).

471 ‘Measaim gur cáipéis í seo a scriosadh in 1922.’ (Ó Muraíle, teagmháil phearsanta 2011). 472 ‘-, plot of the frost.’ AL: d..

289 Barúntacht Chluain Lonáin Cill Mhancháin

Cloghbane473 An Clochán Bán ‘stoney ground (white)’ 1. Cloughanbawn TAB 1827 2. Cloughinbawn TAB 1827 3. Cloghabane AL: HCSVR (1824) 1837 4. (?) Cloghbane AL: Inq. Car. II 1837 5. Cloghanbawn AL: BS 1837 6. Cloghbane AL: pl. 1837 7. Cloch Ban474 AL: d. 1837 Scríobh an Donnabhánach an méid seo san AL in 1837; ‘More written authorities must be procured. Fudge! man! Were you not on the spot - Cloghbane. Bravo! Sharkey!’ Ar an drochuair, cosúil le Sharkey bocht, níor éirigh liom mórán foirmeacha stairiúla don áit seo a aimsiú. Tacaíonn foirmeacha 1 & 2 le Clochán Bán. Tá An Chloch Bhán/Cloghbane mar ainm ar mhionghné i nGaeltacht Dhún na nGall (BLÉ 1395653). Tugann FGB ‘Stoney ground’ do clochán (s.v. clochán (3.)). Bhí dhá thrian den bhaile fearainn seo faoi churaíocht in 1837 (AL). Tá ‘A heap of stones’ ag Dinneen. Maidir leis an aidiacht cháilithe bán, seans gur carn de chlocha curaíochta a bhí tuartha ón ngrian is bun leis an ainm seo.

Culleenagower Coillín na nGabhar ‘ little wood of the goats’ 1. Killingower Fiants Eliz. 1684 1571 2. Killingore Fiants Eliz. 6450 1600 3. Killenegowre Fiants Eliz. 6450 1600 4. Killenegower CPR Jas. I 81a 1606 5. ?Killegoure CPR Jas. I 125a 1608 6. Killenegower CPR Jas. I 219a 1611 7. Killinghanore DS 1655c 8. Killnegoure ASE 48 1666

473 Aithníonn Hogan (s.v. c. bán & c. naighe) an áit seo mar áit atá luaite i ngníomhas i LS ón 17ú hAois. Tá cuid den LS seo i gcló - féach Ó Cuív (1960: 177-186). Baineann an gníomhas le Co. an Chláir. Dar le K. Murray (teagmháil phearsanta 2011) tá codanna eile i gcló ag S. Ó hÓgáin in Conntae an Chláir (1938). Ag tógáil an dá nasc seo le Co. an Chláir san áireamh is beag seans go bhfuil aon bhaint ag an áit atá luaite ag Hogan leis an áit seo. 474 ‘-, white stone.’ AL: d..

290 Barúntacht Chluain Lonáin Cill Mhancháin

9. Killnighanore BSD 92b 1670c 10. Culleenagoure Larkin 1808 11. Killnianagour475 TAB 1827 12. Killianagour TAB 1827 13. Killianagower TAB 1827 14. Killenegore AL: HCSVR (1824) 1837 15. Culleenagoure AL: CM 1837 16. Culleenagower AL: BS 1837 17. Coillin na nGabhar476 AL: d. 1837 Eilimint thar a bheith coitianta is ea coillín477 – coill móide an mhír dhíspeagtha ín, .i. coill bheag. Gabhar ‘goat’ (FGB) atá sa dara heilimint, agus an focal sa g. iolra anseo, féach foirm 7 Killinghanore agus foirm 9 Killnighanore ach go háirithe do fhianaise ar an urú. Talamh saghas garbh, gairbhéalach atá sa bhaile fearainn seo; seans maith go raibh féarach garbh is scrobarnach ann a bheadh feiliúnach do ghabhair san am atá caite. Luann an Donnabhánach. an méid seo san AL; ‘Made gore in Ulster but it [is] pronounced gour here’.

Killeenboylegan An Coillín Buí ‘the little wood (yellow)’ 1. Killingboy DS 1655c 2. Killinboy ASE 48 1666 3. Killneboy ASE 128 1667 4. Killeneboy BSD 91d 1670c 5. Killineboy CGn. 6-445-2549 1711 6. ?Killeenboy WPB 1761 7. Killenbuoy Larkin 1808 8. Killanboy Legan TAB 1827 9. Killenboy AL: HCSVR (1824) 1837 10. Killenboylegan AL: BS 1837 11. Killenbouy AL: CM 1837 12. Legan AL: pl. 1837

475 ‘Or Magheramurray.’ TAB 476 ‘-, little wood of the goats.’ AL: d.. 477 Ach féach Dinn. ‘a small hazel wood’. Úsáideadh coillte coill ‘as sheltered grazing for domestic animals’ in Albain (Scottish Natural Heritage 2011)

291 Barúntacht Chluain Lonáin Cill Mhancháin

13. Coillín Buidhe478 AL: d. 1837 Cuirtear slais idir Killeenboy agus Legan san AL. Is minic a liostaítear Legan díreach i ndiaidh Killeenboy i bhfoinsí; is cosúil gur nascadh an dá áit le chéile de thaisme mar gheall ar seo. Is ceart iad a fheiceáil mar dhá áit faoi leith (féach Legan thíos). Is féidir anailís a dhéanamh ar an eilimint coillín mar coill + ín .i. coill bheag. Tá coillín cáilithe anseo ag buí ‘yellow’ (FGB), ag tagairt do dhath na coille san fhómhar b’fhéidir.

Kilnahinch Cill na hInse ‘church of the holm/inch’ 1. Killehince Fiants Eliz. 5826 1593 2. Killnelehince Inq. Jac. I, 1 1611 3. Killnehiney otherwise Killenelehince otherwise Monastrinetamplane CPR Jas. I 244a 1613 4. Killehinch otherwise Killenelehinch or Monasterinetamplane CPR Jas. I 283a 1615 5. Killinahince DS 1655c 6. Killenehinch ASE 48 1666 7. Killinehinch ASE 82 1666 8. Killnichine BSD 91d 1670c 9. Killnelyhinsy BSD 92b 1670c 10. Killnahincy CGn. 6-445-2549 1711 11. Killnehinch CGn. 64-41-42518 1729 12. Kilnahinch479 TAB 1827 13. Killinehine AL: Down Survey recfe 1837 14. Killinahinee AL: Down Survey Map 1837 15. Killinohinch AL: HCSVR (1824) 1837 16. Kilnahinch AL: BS 1837 17. Coill na hInse480 AL: d. 1837

478 ‘-, yellow little wood.’ AL: d.. 479 Tá Monaster luaite sa TAB díreach i ndiaidh Kilnahinch – féach foirmeacha 3 & 4 ón CPR. 480 ‘-, wood of the inch or holm.’ AL: d..

292 Barúntacht Chluain Lonáin Cill Mhancháin

Tá clós cearnógach, marcáilte Monaster Graveyard, ar léarscáileanna an CESO, suite sa taobh thoir den bhaile fearainn. Déantar tagairt don áit seo i bhfoirmeacha 3 & 4; Mainistir an Teampalláin a bhí ann is dócha. Tá rian de sheanfhothrach istigh sa chlós seo de réir Cox (1994: 54). Mainistir ‘monastery, abbey’ atá sa chéad eilimint agus teampall ‘(medieval) church’ (FGB 2a) + án (mír dhíspeagtha), sa g. uatha, atá sa dara heilimint. Agus ciall eaglasta ag an dá eilimint san ainm malarta seo, is mór an seans gur cill atá sa chéad eilimint d’ainm an bhaile fearainn, ní coill ‘wood, forest’ (FGB) mar a bhí ag an Donnabhánach i bhfoirm 17. D’fhéadfaí 3 & 4 a léamh le chéile mar Cill na hInse otherwise Mainistir an Teampalláin. Ar an drochuair ní luaitear aon leagan Gaeilge áitiúil san AL. Is ceart an c sna foirmeacha béarlaithe a léamh mar c cuimilteach nó africéad. Mar atá soiléir ó na foirmeacha eile a litrítear le s, iarracht ar inse a léiriú atá iontu ar fad. Is éard atá i gceist leis an eilimint inse ná ‘inch, water meadow, holm’ (FGB). B’fhéidir gur tugadh inse mar ainm ar an talamh íseal in aice leis an bportach, portach a chlúdaíonn níos mó ná leath an bhaile fearainn seo.481

Legan An Liagán ‘the standing stone’ 1. ?Brackylegan Fiants Eliz. 3343 1578 2. Leggan DS 1655c 3. Legan Census 524 1659c 4. Legan ASE 48 1666 5. Lagan BSD 91d 1670c 6. Legan CGn. 6-445-1533 1711 7. Legan Larkin 1808 8. Legan TAB 1827 9. Legan AL: Down Survey 1837 10. Legan AL: HCSVR (1824) 1837 11. Legnan AL: CM 1837 12. Liagán482 AL: d. 1837

481 Féach Hogan (s.v. c. na hinsi ); ‘in c. Cork, or Kilnahinch tl. in p. Kilmanahan, c. Westm.’. Molann Ó Riain (1994: 261-2) suiómh i gCo. Chorcaí. 482 ‘-, a standing stone.’ AL: d..

293 Barúntacht Chluain Lonáin Cill Mhancháin

Liagán ‘stone, standing stone, monolith’ (FGB) is bun leis an ainm seo. Tugann Joyce ‘a pillar stone’ (1869: II 587). Tá an méid seo le rá ag Dinneen: ‘oft. a field- name’. D’fhéadfaí foirm 1 a léamh mar breac-liagán .i. liagán a bhí breac, ‘speckled pillar-stone’.

Magheramurry Machaire Muirígh ‘the plain of Muireadhach’ 1. Maghenymorry Inq. Jac. I, 1 1607 2. Maghenymorry CPR Jas. I 125a 1608 3. Moyremurry DS 1655c 4. Magharemere Census 524 1659c 5. Magheremurry Inq. Car. II, 5 1669 6. Moyremurry BSD 92b 1670c 7. Magheramurry CGn. 37-227-22504 1722 8. Magheramurry Larkin 1808 9. Magheramurray TAB 1827 10. Maugheramurray TAB 1827 11. Moyghremurry AL: Down Survey 1837 12. Magheremurry AL: HCSVR (1824) 1837 13. Magheramurray AL: CM 1837 14. Machaire Muireadhaigh483 AL: d. 1837 Machaire ‘plain, level stretch of ground’ (FGB) atá sa chéad eilimint anseo. An t- ainm pearsanta Muireadhach atá sa dara heilimint, agus é sa g. anseo; níl aon fhianaise ar leithéid Machaire Uí Mhuirí sna foirmeacha stairiúla. Níl aon fhianaise ar shéimhiú a bheith ar an dara heilimint sna foirmeacha béarlaithe thuas mar atá in Carraig Mhuirígh/Carrickmurray i gCo. Liatroma; ‘the rock of Muiríoch. Muiríoch (< Muireadhach) — ainm pearsanta’ (BLÉ 29661). An difear eatarthu: machaire, fir.; carraig, bain.

Moate An Móta – féach Moate, Par: Cill Chliathach.

483 ‘-, Murray’s plain.’ AL: d..

294 Barúntacht Chluain Lonáin Cill Mhancháin

Toorfelim Tuar Feidhlim ‘the bleach/lea of Felim’ 1. Tolphelam Fiants Eliz. 1273 1569 2. Torefelim Fiants Eliz. 3343 1578 3. Torphelym Inq. Jac. I, 16 1617 4. Turphelim DS 1655c 5. Tworephelim Census 524 1659c 6. Turphelim BSD 91d 1670c 7. Tore AL: HCSVR (1824) 1837 8. Torephelim AL: BS 1837 9. Tuar Phei484 AL: pl. 1837 10. Tuar Feidhlim485 AL: d. 1837 Tuar ‘cattle-field, sheep-run, pasture, lea’ (s.v. tuar 2.(2.) nó ‘bleaching green’ (s.v. tuar 3. (2.)) (FGB). Tá an eilimint seo coitianta go leor sa cheantar, in ainmneacha bailte fearainn agus sna mionainmneacha. Féach Tuar Ard (in Moategranoge), ceantar ardaithe, gairbhéalach a bheadh an-fheiliúnach do thuar lín. Tionscal mór sa cheantar a bhí i dtionscal an lín san 18ú agus sa 19ú haois – bhí muileann lín ar an Móta. Tá neart talaimh ardaithe, ghairbhéalaigh sa bhaile fearainn; d’fhéadfadh an dá rud a bheith i gceist .i. ‘lea’ agus ‘bleach’. Ainm pearsanta atá sa dara heilimint Feidhlim. Féach Tobar Feidhlim/Toberfelim i gCo. an Longfoirt (BLÉ 32934).

484 Tá ‘Phei’ scriosta agus fágtha gan chríoch san AL. 485 ‘-, Felim’s bleach or Greenfield.’ AL: d..

295

296 Leabharliosta

Leabharliosta Abbott, T.K. (1900) Catalogue of the Manuscripts in the Library of Trinity College, Dublin. BÁC: Hodges, Figgis & Co. Bhreathnach, E. (2003) ‘Tales of Connacht: Cath Airtig, Táin Bó Flidhais, Cath Leithreach Ruibhe, and Cath Cumair’, Cambrian Medieval Celtic Studies 45 (Samhradh 2003) 21-42. British Library (2012) Catalogue of Illuminated Manuscripts [ar líne]. Ar fáil ag http://www.bl.uk/catalogues/illuminatedmanuscripts/record.asp?MSID=7375 &CollID=8&NStart=5280. Léite 21ú Aibreán 2012. Cahill, S., O’Brien, G. & Casey, J. (2006) Lough Ree & Its Islands. Baile Átha Luain: Three Counties Press. Connellan, M.J. (1955) ‘Additions to the Commentary on the Poem on the Shannon’, Éigse, 6, 271-274. Cox, L. (1970) ‘The Magawleys of Calry’, Journal of the Old Athlone Society, 2, 61- 71. Cox, L. (1972) ‘The Magawleys of Calry: Part 2’, Journal of the Old Athlone Society, 3, 147-160. Cox, L. (1994) Placenames of Westmeath: The Baronies of Clonlonan and Kilkenny West. Móta: Moate Historical Society. Cummiskey, J. (2010) Flax Farmers: A History of the Linen Industry in Ireland During the Early 1800’s. Ar fáil ag: http://www.intouch4u.com/cummiskey/flax.htm. Léite 26-05-10. De Bhaldraithe, T. (1975) The Irish of Cois Fhairrge, Co. Galway. BÁC: DIAS. De Paor, L. (1962) ‘Antiquities of the Viking Period from Inchbofin, Co. Westmeath’, The Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland, 92 (2), 187-191. Dillon, M. (1958) ‘Date and Authorship of Book of Rights’, Celtica, 4, 239-249. English, N. W. (1973) ‘Some Country Houses near Athlone.’, The Irish Ancestor, 4 (1), 17-24. Evans, E.E. (1957) Irish Folk Ways. Londain: Routledge & Kegan Paul Ltd. Finnegan, A. (2012) ‘The Topography of Bruidhean Da Choga or Bryanmore Hill, Co. Westmeath’, Ainm 11 (le teacht 2012). Finnegan, A. (2013a) ‘What kind of Irish was Spoken in Westmeath? Evidence from Placenames’, Ríocht na Midhe XXIV. (le teacht 2013).

297 Leabharliosta

Finnegan, A. (2013b) ‘-putóg mar Eilimint i Logainmneacha na hÉireann’ (le teacht 2013) Finnegan, A. (2013c) ‘Aodh Ó Néill, Seandúiche Mhaine agus an Logainm Knockdomny, Co. na hIarmhí’, Éigse 38 (le teacht 2013). Finnegan, A. (2013d) ‘The Placenames of Lough Ree’, in Murtagh, H. (eag.) Lake Settlement at Lough Ree [teideal sealadach]. Group for the Study of Irish Historic Settlement (le teacht 2013). Fitzgerald, G. (1984) ‘Estimates for Baronies of Minimum Level of Irish-Speaking Amongst Successive Decennial Cohorts: 1771-1781 to 1861-1871’, Proceedings of the Royal Irish Academy: Section C: Archaeology, 84C. 117- 155. Fitzpatrick, E. (2004) Royal Inauguration in Gaelic Ireland c. 1100-1600: A Cultural Landscape Study. Woodbridge: The Boydell Press. Flanagan, D. (1980) ‘Place-names in Early Irish Documentation: Structure and Composition’, Nomina iv, 41-45. Flanagan, D. & Flanagan, L. (1994) Irish Place Names. BÁC: Gill & Macmillan Hayes, J. (2010) Flax Growers Bounty List. Ar fáil ag: http://www.failteromhat.com/flax/westmeath.htm. Léite 26ú Bealtaine 2010. Hennessy, W.M. (1866) Chronicum Scotorum: A Chronicle of Irish Affairs, from the earliest times to A.D. 1135, with a supplement containing the events from 1141 to 1150. Londain: Longmans, Green, Reader, & Dyer. Hennessy W.M. (1871) The Annals of Loch Cé. Londain (2 iml.). Hennessy W.M. & Mac Carthy, B. (1887-1901) Annala Uladh: Annals of Ulster otherwise Annala Senait, Annals of Senat: a Chronicle of Irish Affairs from A.D. 431 to A.D. 1540. 4 iml. (BÁC). Athchló 1998, BÁC: De Búrca. Herbert, M. (2009) ‘Medieval Collections of Ecclesiatical and Devotional Materials: Leabhar Breac, Liber Flavus Fergusiorum and The Book of Fenagh’, in Cunningham, B. & Fitzpatrick S. (eag.) Treasures of the Royal Irish Academy. BÁC: Acadamh Ríoga na hÉireann, 33-45. Hogan, A. (2007) The Priory of Llanthony Prima and Secunda in Ireland 1172-154: Lands, Patronage and Politics. BÁC: Four Courts Press. Joyce, P.W. (1869) The Origin and History of Irish Names of Places Vol. I. BÁC. Joyce, P.W. (1875) The Origin and History of Irish Names of Places Vol. II. BÁC.

298 Leabharliosta

Joyce, P.W. (1913) The Origin and History of Irish Names of Places Vol. III. BÁC. Joyce, W.P., & Joyce P.W. (1869) ‘On the Occurrence of the Number Two in Irish Proper Names’, Proceedings of the Royal Irish Academy (1836-1869), 10 (1866 - 1869), 164-172. Kehnel, A. (1997) Clonmacnois – the Church and Lands of St. Ciarán: Change and Continuity in an Irish Monastic Foundation (6th to 16th Century). Münster: LIT. Kelly, F. (2011) ([email protected]), 17ú Iúil 2011. Ábhar: ‘Rúadán; Buckwheat’. Ríomhphost chuig Aengus Finnegan ([email protected]). Lewis, S. (1837) A Topographical Dictionary of Ireland, iml. ii. Londain. Mac Airt, S., & Mac Niocaill, G. (1983) The Annals of Ulster (to A.D. 1131). BÁC: DIAS. MacBain, A. (1905) Place Names, Highlands & Islands of Scotland. Stirling: Eneas MacKay. MacCarthy, E.M. (2009) Staidéar Stairiúil ar Áitainmneacha na Gaeilge dar Tosach ‘D’, Bunaithe ar Fhoinsí Sean-Ghaeilge, Meán-Ghaeilge, Nua- Ghaeilge Moiche agus ar Fhoinsi Laidin na hÉireann: Dá Ailt Déag – Doirín Cranncha. Tráchtas Dochtúireachta Neamhfhoilsithe, UCC. MacCotter, P. (2008) Medieval Ireland: Territorial, Political and Economic Divisions. BÁC: Four Courts Press. Mac Gabhann, F. (2006 - 2009). Tráchtas iar-dhochtúireachta neamhfhoilsithe ar logainmneacha Chontae Mhaigh Eo, 9 iml. OÉ, Gaillimh. Mac Giolla Easpaig, D. (1981) ‘Noun + Noun Compounds in Irish Placenames’, Études Celtiques 18, 151-163. Mac Giolla Easpaig, D. (1984) ‘Logainmneacha na Rosann’, Donegal Annual 36, 48- 60. MacLysaght, E. (1985) The Surnames of Ireland. BÁC: Irish Academic Press. Mhac an Fhailigh, É. (1948) ‘A Westmeath Word-list’, Éigse 5 (4), 256–66. Mac Niocaill, G. (1959) ‘Annála Uladh agus Annála Locha Cé, 1014-1220’, Galvia 6, 337-340. Marstrander, C.J. (1915) Bidrag til det norske sprogs historie i Irland. Kristiania: I Kommission Hos Jacob Dybwad. McCormack, W.J. (2010) ‘Oliver Goldsmith’s Deserted Village (1770) and Retrospective Localism’, in Morris, M, & O’Ferrall, F. (eag.) Longford

299 Leabharliosta

History and Society. BÁC: Geography Publications, 259-283. McCracken, E. 1971. Irish Woods Since Tudor Times. Newton Abbot: David & Charles. McErlean, T. (1983) ‘The Irish Townland System of Landscape Organisation’, in Reeves-Smyth, T., & Hamond, F. (eag.) Landscape Archaeology in Ireland. Oxford: B.A.R. (British Archaelogical Reports), 315-339. McKay, P. (2007) A Dictionary of Ulster Place-Names. Béal Feirste: Cló Ollscoil na Banríona (2ú heagrán). Moran, P.A. (2000) The Piers Family and Tristernagh Priory. Ar fáil ag: http://www.google.ie/url?sa=t&rct=j&q=&esrc=s&source=web&cd=9&cts=1 331049529075&ved=0CF8QFjAI&url=http%3A%2F%2Fpiersfamilytree.wik ispaces.com%2Ffile%2Fview%2FThe%2BPiers%2BFamily%2Band%2BTris ternagh%2BPriory.doc&ei=HzRWT- fwMIOfOpv2wMcI&usg=AFQjCNFs4EDSnpMDdX6SeQ8waGno2u8E2A& sig2=az94TPj76g-bjo4I7CmZwg. Léite 06 Márta 2012. Bunaithe ar ailt a foilsíodh ar an ‘Westmeath Examiner’ i 1992/1993. Mulchrone, K. (1939) Bethu Phátraic. The Tripartite Life of Patrick, iml. 1. BÁC: Hodges, Figgis & Co. Murray, K. (2005) ‘Dialect in medieval Irish? Evidence from placenames’. Studia Celtica Fennica 2, 97-109. Nally, E.V. [= Mhac an Fhailigh, E.] (1971) ‘Notes on a Westmeath Dialect’, Journal of the International Phonetic Association 1 (1), 33-39. Nicholls, K.W. (1967) ‘Tuath-Bailenangeadh (Twoghballynegee, etc.)’, Dinnseanchas II (3), 89. Nicholls, K.W. (1969) ‘Some Place-Names from Pontificia Hibernica’, Dinnseanchas III (4), 85-99. Nicholls, K.W. (2001) ‘Woodland Cover in pre-Modern Ireland’. In Duffy, P. J., Edwards, D. & FitzPatrick, E. (eag.) Gaelic Ireland c.1250 – c.1650: Land, Lordship and Settlement. BÁC: Four Courts Press. O’Callaghan, M. (2011) ([email protected]), 16ú Lúnasa 2011. Ábhar: ‘Mountain Ash/Caorthann’. Ríomhphost chuig Aengus Finnegan ([email protected]). Ó Cearbhaill, P. (2007) Logainmneacha na hÉireann II: Cill i Logainmneacha Co. Thiobraid Árann. BÁC: Oifig an tSoláthair.

300 Leabharliosta

Ó Cearbhaill, P. (2010) Logainmneacha na hÉireann III: Cluain i Logainmneacha Co. Thiobraid Árann. BÁC: Oifig an tSoláthair. Ó Cearbhaill, P. (2010b) ([email protected]), 5ú Márta 2010. Ábhar: ‘Putóg mar eilimint i logainmneacha’. Ríomhphost chuig Aengus Finnegan ([email protected]). O’Connor, P. (2001) Atlas of Irish Place-Names. An Caisleán Nua, Co. Luimnigh: Oireacht na Mumhan Books. Ó Corráin, D. & Maguire, F. (1981) Gaelic Personal Names. BÁC: Academy Press. Ó Cuív, B. (1960) ‘A Seventeenth-Century Legal Document’, Celtica, 5, 177-186. Ó Cuív, B. (1986) Aspects of Irish Personal Names. BÁC: DIAS. Ó Cuív, B. (2001) Catalogue of Irish Language Manuscripts in the Bodleian Library at Oxford and Oxford College Libraries: Part 1 Descriptions. BÁC: DIAS. Ó Fagáin, P. (1985) Éigse na hIarmhí. BÁC: Branar. Ó Giollagáin, C., & Mac Donnacha, S. et al. (2007) Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht: Príomhthátal agus Moltaí. BÁC: Oifig an tSoláthair. Ó Háinle, C. (2011) ‘My Father and Ballinahown Folklore: Part two’, Ríocht na Midhe, 22, 212 – 265. Ó hÓgáin, S. (1938) Conntae an Chláir: a triocha agus a tuatha. BÁC. Ó hUiginn, R. (1994) ‘Gaeilge Chonnacht’, in McCone, K., McManus, D., Ó Háinle, C., Williams, N. & Breatnach, L. (eag.) Stair na Gaeilge: in omós do Pádraig Ó Fiannachta. Maigh Nuad, 539-611. Ó Lochlainn (1939) Tobar Fíorghlan Gaedhilge: Deismireachta na Teangadh 1450 – 1853. BÁC: Faoi Chomhartha na dTrí gCoinneal. Ó Máille, T. (1927) Urlabhraidheacht agus Graiméar na Gaedhilge 1. BÁC: Comhlucht Oideachais na hÉireann Ó Máille, T.S. (1954) ‘Shurick in Placenames’, Journal of the Galway Archaeological and Historical Society, 24, 42-7. Ó Máille, T.S. (1955) ‘Muiceanach mar Áitainm’, The Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland, 85 (1), 88-93. Ó Máille, T.S. (1967) ‘Meacan in Áitainmneacha’, Dinnseanchas, 2, 93-97. Ó Maolfabhail, A. (1974) ‘Grianán i Logainmneacha’, Dinnseanchas 4 (2), 60-75. Ó Maolfabhail, A. (1985) ‘Baill Choirp mar Logainmneacha’, Comhar, iml. 44 (6), 20.

301 Leabharliosta

Ó Maolfabhail, A. (2005) Ó Lyon go Dún Lúiche: Logainmneacha san Oidhreacht Cheilteach. BÁC: Clódhanna Teoranta. Ó Muirigh, C. [= Murray, K.] (2000) ‘Tooraneena, Co. Phort Láirge: Léamh eile ar an ainm’, Decies 56, 67-68. Ó Muraíle, N. (1985) Mayo Places: Their Names & Origins. BÁC: Foilseacháin Náisiúnta Teoranta. Ó Muraíle, N. (1996) The Celebrated Antiquary Dubhaltach Mac Fhirbhisigh (c. 1600-1671): His Lineage Life and Learning. Maigh Nuad: An Sagart. Ó Muraíle, N. (2003) (eag.) Irish Leaders and Learning through the Ages. BÁC: Four Courts Press. Ó Muraíle, N. (2008) (eag.) Mícheál Ó Cléirigh, His Associates and St. Anthony’s College Louvain. BÁC: Four Courts Press. Ó Murchadha D. (1989-90) ‘A Reconsideration of Some Place-Names from Miscellaneous Irish Annals’, Ainm 4, 181-193. Ó Murchadha D. (1997) The Annals of Tigernach: Index of Names. Londain: Cumann na Scríbheann nGaedhilge, Subsidiary Series 6. Ó Murchadha D. (1999) ‘The Formation of Gaelic Surnames in Ireland: Choosing the Eponyms’, Nomina 22, 25-44. Ó Riain, P. (1994) (eag.) Beatha Bharra: Saint Finbar of Cork. The Complete Life. Londain: Cumann na Scríbheann nGaedhilge, iml. 57. Ó Riain, P. (2011) A Dictionary of Irish Saints. BÁC: Four Courts Press. Ó Saothraí, S. (1969) ‘Gaeilge na hIarmhí’, Comhar 28 (2), 18-19. Ó Sé, D. (1989) ‘Contributions to the Study of Word Stress in Irish’, Ériu 40, 147- 178. O’Toole, L., & O’Flaherty, R. (2011) ‘Out of Sight Out of Mind? On the Trail of a Forgotten Irish Bird’, Archaeology Ireland, 25 (1), 13-16. Ó Tuathail, E. (1951) ‘The River Shannon Poetically Described by Michael Brennan: Commentary’, Éigse, VI (4), 275-313. Otway, C. (1839) A Tour in Connaught: Comprising Sketches of Clonmacnoise, Joyce Country and Achill. BÁC: William Curry, Jun. & Company. Piatt, D. S. (1933) Gaelic Dialects of Leinster. Paimfléad féinfhoilsithe. Piatt, D. S. (1935) ‘Iarsmaí Gaedhilge ó’n Iar-Mhidhe’, An tUltach 12 (1), 7. Reaney, P.H., & Wilson, R.M. (1997) A Dictionary of English Surnames. Oxford: Oxford University Press.

302 Leabharliosta

Rice, H. (1952) Thanks for the Memory. Baile Átha Luain: Athlone Branch of the Inland Waterways Association of Ireland. Scottish Natural Heritage (2011) Rialtas na hAlban. Inverness: Scottish Natural Heritage. Ar fáil ag: http://www.snh.gov.uk/docs/B324449.pdf. Léite 06-07-11. Scott, A.B. (2005) ‘Latin Learning and Literature in Ireland, 1169-1500’, in Ó Cróinín, D. (eag.) A New History of Ireland I: Prehistoric and Early Ireland. Oxford: Oxford University Press, 934-95. Sheehan, J. (1978) South Westmeath: Farm and Folk. BÁC: Blackwater. Sheehan, J. (1982) Westmeath as Others Saw It: Being excerpts from the writings of 35 authors, who recorded their observations on various aspects of Westmeath and its people, from 900 AD to the present day. An Móta. Sheehan, John (2008) ‘The Longphort in Viking Age Ireland’. Acta Archaeologica 79, 282-295. Sherlock, R. (2011) ([email protected]), 28ú Lúnasa 2011. Ábhar: ‘Castle at Kilfaughney’. Ríomhphost chuig Aengus Finnegan ([email protected]). Stokes, W. (1892) (eag.) ‘The Boroma’, Revue Celtique 13, 32-126. Swan, L. (1988) ‘The Early Ecclesiastical Sites of County Westmeath’, in Bradley, J. (eag.) Settlement and Society in Medieval Ireland: Studies Presented to F.X. Martin, O.S.A. Cill Chainnigh: Boethius Press, 3-33. Taylor, S. (2011) ([email protected]), 20ú Méan Fómhair 2011. Ábhar: ‘Coire Ruadail’. Ríomhphost chuig Aengus Finnegan ([email protected]). Thurneysen, R. (1946) A Grammar of Old Irish. BÁC: DIAS. Toner, G. (1995) ‘An Eilimint *Ineán i Logainmneacha Reachalainne’, Ainm 6, 32-38. Toner, G. (1999) ‘The Definite Article in Irish Placenames’, Nomina 22, 5-25. Toner, G. (2004) ‘Baile: Settlement and Landholding in Medieval Ireland’, Éigse 34, 25-43. Toner, G. (2007) (eag.) Bruiden Da Choga. Londain: Cumann na Scríbheann nGaedhilge. Van Hamel, A.G. (1915) ‘On Lebor Gabála’, Zeitschrift für celtische Philologie 10, 97-197. Walsh, P. (1957) The Placenames of Westmeath (eag. C. O Lochlainn). BÁC: DIAS. Walsh, P. (1960) Irish Chiefs and Leaders (eag. C. O Lochlainn). BÁC: At the Sign

303 Leabharliosta

of the Three Candles. Watson, W. J. (1926) History of the Celtic Place-Names of Scotland. Londain & Dún Éideann: William Blackwood & Sons LTD. Williams, N. (1994) ‘Na Canúintí a Theacht Chun Solais’, in McCone, K., McManus, D., Ó Háinle, C., Williams, N. & Breatnach, L. (eag.) Stair na Gaeilge: in omós do Pádraig Ó Fiannachta. Maigh Nuad, 447-479. Williams, N. (1998) ‘The Irish Language in ’, in Nolan, W. & O’Neill, T.P. (eag.) Offaly History and Society: Interdisciplinary Essays on the History of an Irish County. BÁC: Geography Publications, 543-577. Woods, J. (1907) Annals of Westmeath: Ancient and Modern. BÁC: Sealy, Bryers & Walker.

304 Innéacs

Innéacs (Bailte Fearainn) Aghafin...... 141 Aghafin (Cill Chliathach)...... 229 Aghanapisha...... 142 Aghanargit...... 230 Aghanashanamore...... 177 Aghanvoneen ...... 178 Agharanny...... 231 Agharevagh East ...... 231 Agharevagh West...... 232 Aghavoneen ...... 232 Aghnasullivan ...... 233 Annagh ...... 53 Annaghgortagh...... 179 Ardborra ...... 103 Ardbuckan...... 104 Ardnacrany North ...... 142 Ardnacrany South ...... 144 Ardnagragh...... 105 Ardnagragh (Digby)...... 105 Ardnagragh (Gray)...... 107 Ardnaponra...... 287 Ardyduffy...... 179 Attimurtagh ...... 234 Auburn ...... 54 Ballagh ...... 281 Ballaghkeeran Big...... 55 Ballaghkeeran Little...... 57 Ballinderry ...... 281 Ballinlassy...... 234 Ballinlough...... 32 Ballybeg ...... 282 Ballybroder...... 283 Ballycahillroe ...... 235 Ballycloghduff (Grogan)...... 107 Ballycloghduff (Molston) ...... 108 Ballydonagh ...... 236 Ballydoogan ...... 180 Ballymurry ...... 181 Ballynacliffy...... 57 Ballynagarbry...... 182 Ballynagarbry (Mullock)...... 183 Ballynagarbry (Pim)...... 183 Ballynahown ...... 236 Ballynahownwood...... 237 Ballynakill (Cill Chainnigh Thiar)...... 59 Ballynakill (Cill Chliathach)...... 238 Ballynakill Upper...... 60 Ballynalone ...... 144

305 Innéacs

Ballynamuddagh ...... 239 Ballysallagh...... 108 Ballyscarvan...... 240 Baltrasna...... 240 Baskin High...... 109 Baskin Low ...... 111 Bawn ...... 145 Bawnoges ...... 288 Bellanalack...... 184 Belville ...... 184 Bethlehem ...... 60 Blackories...... 241 Bleachlawn...... 112 Bleanphuttoge ...... 60 Boardsland ...... 64 Boggagh (Conran)...... 241 Boggagh (Eighter)...... 242 Boggagh (Fury) ...... 243 Boggagh (Malone) ...... 243 Bolinarra...... 243 Bolyconor...... 244 Boyanagh (Earl) ...... 245 Boyanagh (Malone)...... 246 Boyanaghcalry...... 185 Brackagh ...... 146 Brittas ...... 64 Bryanbeg Lower...... 112 Bryanbeg Upper ...... 113 Bryanmore Lower ...... 114 Bryanmore Upper...... 114 Bunown ...... 33 Cannorstown (Chapman) ...... 146 Cannorstown (Hogan) ...... 148 Caplahard ...... 65 Cappaghauneen ...... 186 Cappaghbrack...... 186 Cappantack...... 289 Carnfyan...... 187 Carnpark...... 188 Carrick...... 148 Carrickaneha ...... 117 Carrickfin ...... 66 Cartron (Nuachabháil)...... 149 Cartroncoragh...... 118 Cartroncroy ...... 150 Cartronkeel...... 67 Cartronkeel (Cill Chliathach)...... 246 Cartrons...... 247 Castletown...... 247 Cauran ...... 119

306 Innéacs

Cloghannagarragh ...... 150 Cloghbane ...... 290 Cloghbreen ...... 119 Clogher...... 151 Clonaltra (King) ...... 248 Clonaltra West...... 249 Clonkeen ...... 152 Clonlonan ...... 249 Clonmore...... 251 Clonrelick...... 189 Clonthread...... 191 Clonydonnin...... 252 Clonyegan ...... 191 Coolaleena...... 153 Cooleen ...... 192 Coolvin...... 153 Coolvuck Lower...... 193 Coolvuck Upper ...... 194 Corbrack...... 154 Corlis...... 155 Cormaclew ...... 120 Corr ...... 68 Correagh...... 195 Creeve ...... 195 Creevebeg...... 196 Creevenamanagh...... 69 Creggan ...... 155 Cregganmacar ...... 253 Creggy...... 156 Culleenagower ...... 290 Curraghbane ...... 121 Curraghbeg...... 254 Curraghroodle ...... 121 Curries...... 254 Deerpark...... 73 Doonamona ...... 157 Doonis ...... 157 Drumraney ...... 122 Dunegan ...... 197 Dunlom East...... 197 Dunlom West ...... 198 Dunnamona ...... 126 Fairfield...... 127 Fardrum...... 255 Farnagh...... 257 Farranmanny North ...... 257 Farranmanny South ...... 258 Farrannamorreen ...... 74 Fassagh...... 198 Fearmore (a)...... 128

307 Innéacs

Fearmore (b)...... 129 Fearmore (Cill Chliathach) ...... 258 Fortyacres...... 75 Glassan ...... 34 Glebe (Baile Locha Luatha)...... 199 Glebe (Bun Abhann) ...... 36 Glebe East ...... 259 Glebe West...... 259 Glen...... 199 Gorteen...... 260 Gortmore ...... 158 Hall...... 260 Hareisland ...... 37 Inchbofin ...... 159 Inchmore ...... 39 Inchmore (Tiernan) ...... 40 Inchturk ...... 161 Kilbillaghan...... 261 Kilcatherina...... 284 Kilcleagh ...... 262 Kilcornan...... 162 Kilfaughny ...... 75 Kilgarvan...... 264 Kilgarvan Glebe ...... 265 Kilkenny Abbey ...... 77 Kilkenny Lanesborough...... 77 Kilkenny West...... 78 Kill ...... 261 Killachonna (Castlemaine)...... 200 Killachonna (Clibborn) ...... 201 Killachonna (Potts)...... 201 Killeenatoor...... 201 Killeenboylegan ...... 291 Killeenmore...... 40 Killeennanam ...... 130 Killininneen...... 131 Killinroan ...... 202 Killinure North...... 41 Killinure South...... 43 Killogeenaghan ...... 265 Killomenaghan ...... 266 Kilnahinch...... 292 Kiltober ...... 132 Kippin...... 163 Knockanea...... 268 Knockdomny...... 203 Labaun...... 205 Lackan...... 81 Lecade ...... 164 Legan...... 206

308 Innéacs

Legan (Cill Mhancháin) ...... 293 Lisdachon ...... 81 Lisdossan...... 164 Lisnascreen...... 82 Lissakillen North...... 44 Lissakillen South...... 45 Lissanode ...... 133 Lissaquill...... 165 Lissatunny ...... 83 Lissoy ...... 84 Littletown ...... 85 Lowerwood ...... 270 Lowpark or Ballyboy ...... 85 Lurgan ...... 87 Mackanrany...... 207 Maghera ...... 166 Magheracuirknagh ...... 88 Magheramore ...... 207 Magheramurry...... 294 Moate ...... 270 Moategranoge...... 270 Moneen...... 272 Mount Temple...... 208 Moydrum...... 213 Muckanagh...... 167 Nahod Little ...... 215 Nahod More ...... 217 Newcastle ...... 272 Newgrove ...... 135 Nicholastown ...... 168 Nun's Island...... 45 Oldtown or Puddingstreet ...... 135 Ories ...... 273 Pearsonsbrook ...... 91 Pishanagh ...... 136 Portaneena...... 91 Portlick ...... 46 Rath ...... 92 Rath Lower...... 170 Rath Upper ...... 171 Rathduff ...... 217 Rooan ...... 48 Ross...... 172 Scroghil ...... 275 Seeoge ...... 275 Sheean ...... 276 Shurock ...... 218 Skeanaveane...... 49 Streamstown...... 136 Temples Island ...... 93

309 Innéacs

Toberclare ...... 93 Tobernagauhoge...... 94 Tonagh ...... 95 Tonlegee...... 172 Toorbeg ...... 137 Toorfelim ...... 295 Toorydonnellan ...... 276 Tubbrit...... 277 Tullaghan ...... 96 Tullaghanshanlin...... 219 Tullaghnageeragh...... 277 Tully ...... 220 Tullybane ...... 221 Tullyhogan ...... 97 Tullyhumphrys ...... 98 Tullylanesborough ...... 98 Tullywood ...... 222 Twyford...... 222 Walderstown ...... 138 Warren High...... 225 Warren Lower ...... 225 Waterstown ...... 98 Whinning...... 49 Williamstown ...... 225

310