Logainmneacha Chill Chainnigh Thiar Agus Chluain Lonáin - Ainmneacha Na Mbailte Fearainn
Total Page:16
File Type:pdf, Size:1020Kb
Provided by the author(s) and NUI Galway in accordance with publisher policies. Please cite the published version when available. Title Logainmneacha Chill Chainnigh Thiar agus Chluain Lonáin - Ainmneacha na mBailte Fearainn Author(s) Finnegan, Aengus Publication Date 2012-09-21 Item record http://hdl.handle.net/10379/3141 Downloaded 2021-09-29T14:26:48Z Some rights reserved. For more information, please see the item record link above. Logainmneacha Chill Chainnigh Thiar agus Chluain Lonáin – Ainmneacha na mBailte Fearainn Aengus Finnegan Ollscoil na hÉireann, Gaillimh Roinn na Gaeilge Feitheoir an Tráchtais: An Dr Nollaig Ó Muraíle Meitheamh 2012 ii Clár Dearbhú Údarachta.......................................................................................................iv Buíochas........................................................................................................................v Achoimre....................................................................................................................viii Liosta na bhFigiúirí......................................................................................................ix Liosta na dTáblaí..........................................................................................................ix Noda Ginearálta ............................................................................................................ x Liosta na bhFaisnéiseoirí .............................................................................................xi Noda agus Giorrúcháin (Foinsí).................................................................................. xv 1 Réamhrá ..................................................................................................................... 1 1.1 Cur síos ar an Tionscadal:................................................................................... 1 1.2 Cuspóir an Taighde: ............................................................................................ 2 1.3 Príomhcheisteanna Taighde: ............................................................................... 3 1.4 Scoláireacht agus Ábhar Foilsithe ar Logainmneacha na hIarmhí...................... 3 1.5 An Contae ........................................................................................................... 7 1.6 Meath na Gaeilge i gContae na hIarmhí ............................................................. 7 1.6.1 Meath na Gaeilge i mBarúntachtaí Chill Chainnigh Thiar agus Cluain Lonáin ................................................................................................................... 9 1.7 Canúintí Stairiúla - Gnéithe Canúna sna Logainmneacha ................................ 12 1.8 Modheolaíocht .................................................................................................. 21 1.9 Anailís ar Eilimintí Coitianta ............................................................................ 23 1.9.1 Baile ........................................................................................................... 24 1.9.2 Struchtúr agus Srathú aoise........................................................................ 26 1.10 Imlíne an Tráchtais.......................................................................................... 29 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar............................................................................... 31 Bun Abhann ............................................................................................................ 32 Cill Chainnigh Thiar ............................................................................................... 53 Droim Raithne....................................................................................................... 103 Nuachabháil .......................................................................................................... 141 Barúntacht Chluain Lonáin ....................................................................................... 175 Baile Locha Luatha ............................................................................................... 177 Cill Chliathach ...................................................................................................... 229 Cill Chruimhthir Fhiachrach ................................................................................. 281 Cill Mhancháin...................................................................................................... 287 Leabharliosta............................................................................................................. 297 Innéacs (Bailte Fearainn) .......................................................................................... 305 Dearbhú Údarachta Dearbhaím gurb é mo chuid oibre féin an tráchtas dochtúireachta seo agus nach bhfuil céim faighte agam in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ná in aon ollscoil eile bunaithe ar aon chuid den saothar seo. Aengus Finnegan 6 Meitheamh 2012. ____________________________ iv Buíochas Tá buíochas ar leith ag dul do mo stiúrthóir an Dr Nollaig Ó Muraíle a thug an t-eolas agus an tacaíocht dom le linn na bunchéime chun dul ar aghaidh leis an tionscnamh seo an chéad lá riamh, agus a chinntigh gur lean mé orm ó shin. Gabhaim buíochas leis chomh maith as na scéalta grinn ar fad, ar dhaoine beag agus mór le rá i saol na Gaeilge agus saol na logainmníochta a d’inis sé dom le linn ár gcuid cruinnithe ar an tráchtas, a chuir oideachas de shaghas éigin eile orm! Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis na daoine seo a leanas as an gcabhair agus as an tacaíocht a thug siad dom le linn an taighde: Mo chomhghleacaí, Liam Ó hAisibéil, a chuir ar bhóthar mo leasa mé go minic, go háirithe sa chéad bhliain; Hugh Rowland as a chuid saineolais ar chúrsaí gramadaí agus as iliomad gar eile a rinne sé dom; muintir eile Áras na Coiribe as a gcomhairle agus as éisteacht agus cur suas liom; Méadhbh Nic an Airchinnigh, Mona Jakob, Chinatsu Hakamada, Eibhlín Ní Fhallúin, agus Trish Ní Mhaoileoin. Gabhaim buíochas leis an Dr Graham Isaac, an Ollamh Gearóid Denvir & leis an Ollamh Mícheál Mac Craith a shuigh ar mo choiste taighde, agus leis an Dr John Walsh, an Dr Lillis Ó Laoire, an Ollamh Nollaig Mac Congáil & le Fiona de Paor ó Roinn na Gaeilge agus le Séamus Ó Coileáin ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Gabhaim buíochas le foireann seomra na sainbhailiúchán i Leabharlann Shéamais Uí Argadáin; Margaret Hughes agus Marie Boran ach go háirithe agus le Gearóid O’Brien ó Leabharlann Bhaile Átha Luain. Mo bhuíochas do na daoine seo a leanas a thug comhairle agus cabhair dom le linn an taighde; Dónall Mac Giolla Easpaig, an Dr Pádraig Ó Cearbhaill agus an Dr Conchubhar Ó Crualaoich (An Brainse Logainmneacha); an Dr Kevin Murray, an Dr Emma Nic Cárthaigh, an Dr Joseph Flahive (UCC); an Dr Pat McKay, an Dr Kay Muhr, an Dr Paul Tempan (Ollscoil na Banríona, Béal Feirste); An tOllamh Pádraig Ó Macháin agus an tOllamh Fergus Kelly (DIAS); an Dr Oliver Padel, an Dr Simon Taylor agus an tOllamh Hywel Wyn Owen (SNSBI); Art Ó Maolfabhail, Pádraig Ó Fágáin (nach maireann), an Dr Fiachra Mac Gabhann, Dr Jacob King, agus an Dr Rory Sherlock. Gabhaim buíochas le mo chuid faisnéiseoirí áitiúla ar fad as a bheith fial lena gcuid eolais, agus le Alicja agus le mo mhuintir as tacaíocht sheasta a thabhairt dom. v Maoiniú: Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an gCoimisiún Logainmneacha (maoinithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta) as ucht na sparántachta le haghaidh taighde ar logainmneacha a bronnadh orm i 2007 agus a thug deis dom an taighde seo a chur i gcrích. vi vii Achoimre Is í aidhm an tráchtais seo foirmeacha Gaeilge údarásacha chomh maith le fianaise stairiúil chuí d’ainmneacha 276 baile fearainn sna barúntachtaí Cill Chainnigh Thiar agus Cluain Lonáin, Co. na hIarmhí a chur ar fáil. Líonfaidh an saothar seo bearna san eolas atá againn ar logainmneacha Chontae na hIarmhí ó foilsíodh The Placenames of Westmeath leis an Athair Paul Walsh i 1957, óir is tearc iad na tagairtí don dá bharúntacht thuasluaite sa leabhar sin. Socraíodh ainmneacha na mbailte fearainn in dhá chontae eile sa chomharsanacht, Co. Uíbh Fhailí agus Co. an Longfoirt, le blianta beaga anuas. D’fhonn foirmeacha Gaeilge údarásacha de na hainmneacha sa cheantar staidéir a dhéanamh amach baineadh na mílte foirmeacha stairiúla d’ainmneacha as na foinsí stairiúla ábharacha – is é sin na foinsí ar fad atá ábharach d’aon staidéar ar logainmneacha na hÉireann. Liostaítear na foirmeacha seo in ord croineolaíoch faoi gach aon ainm baile fearainn, chomh maith leis na tagairtí cuí. Déantar anailís teangeolaíochta ar struchtúir na logainmneacha agus ar chruth, ar chiall agus ar bhunús na n-eilimintí atá mar chomhábhar na n-ainmneacha ar fad. Téitear i muinín léarscáileanna, foinsí tánaisteacha agus faisnéiseoirí áitiúla chun comhthéacs na n- eilimintí seo a rianú sa tírdhreach, sa stair, sa teanga, agus i léann na logainmneacha mar atá sé ó aimsir Sheáin Uí Dhonnabháin i leith. Cuirfidh an tráchtas seo go mór leis an tuiscint atá ag scoláirí Gaeilge, staraithe, seandálaithe, tíreolaithe agus pobal an cheantair féin ar chultúr na Gaeilge i gcúil amháin de Chúige Laighean ar a ndéantar dearmad i leith chúrsaí Gaeilge de ghnáth. Tá fianaise i gcorp an tráchtais seo ar a bheo is bhí an Ghaeilge sa cheantar staidéir níos lú ná 200 bliain ó shin; ar an gcanúint Chonnachtach a labhraíodh ann; agus ar na hathruithe is na forbairtí móra a d’fhág a lorg ar thírdhreach cultúrtha na hÉireann: