Dáil Éireann
Total Page:16
File Type:pdf, Size:1020Kb
Vol. 998 Thursday, No. 4 1 October 2020 DÍOSPÓIREACHTAÍ PARLAIMINTE PARLIAMENTARY DEBATES DÁIL ÉIREANN TUAIRISC OIFIGIÚIL—Neamhcheartaithe (OFFICIAL REPORT—Unrevised) Insert Date Here 01/10/2020A00050Gnó na Dála - Business of Dáil 2 01/10/2020A00350Ceisteanna - Questions 2 01/10/2020A00375Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions 3 01/10/2020A00387Maoiniú Chraoltóirí Seirbhíse Poiblí 3 01/10/2020B00300Football Association of Ireland 434 01/10/2020B01100Covid-19 Pandemic Supports 437 01/10/2020C00550Sports Funding 439 01/10/2020D00500Television Licence Fee 441 01/10/2020E00137Ceisteanna Eile - Other Questions 443 01/10/2020E00175Ministerial Responsibilities 443 01/10/2020E00850Swimming Pool Programme 445 01/10/2020F00700Sports Capital Programme 447 01/10/2020G00350Covid-19 Pandemic Supports 449 01/10/2020H00300Sports Funding 451 01/10/2020J00400Covid-19 Pandemic Supports 454 01/10/2020K00500Ceisteanna ó Cheannairí - Leaders’ Questions 457 01/10/2020O01400Ceisteanna ar Reachtaíocht a Gealladh - Questions on Promised Legislation 467 01/10/2020T00100Roadmap for Living with Covid-19: Statements ��������������������������������������������������������������������������������������������������477 01/10/2020LL00100Winter Plan 2020: Statements ������������������������������������������������������������������������������������������������������������������������������509 01/10/2020ZZ00150Ábhair Shaincheisteanna Tráthúla - Topical Issue Matters 543 01/10/2020ZZ00200Saincheisteanna Tráthúla - Topical Issue Debate 543 01/10/2020ZZ00250Building Regulations ��������������������������������������������������������������������������������������������������������������������������������������������543 01/10/2020AAA00400Neuro-Rehabilitation Services ������������������������������������������������������������������������������������������������������������������������������546 01/10/2020BBB00400Nursing Home Accommodation 548 01/10/2020CCC00600Drug and Alcohol Task Forces 551 01/10/2020EEE00200Dying with Dignity Bill 2020: Second Stage [Private Members] 555 01/10/2020PPP00100Leaving Certificate 2020 Calculated Grades: Statements ������������������������������������������������������������������������������������576 DÁIL ÉIREANN Déardaoin, 1 Deireadh Fómhair 2020 Thursday, 1 October 2020 Chuaigh an Leas-Cheann Comhairle i gceannas ar 1030 am Paidir. Prayer. 01/10/2020A00050Gnó na Dála - Business of Dáil 01/10/2020A00100An Leas-Cheann Comhairle: The Chief Whip has an announcement to make 01/10/2020A00200Minister of State at the Department of the Taoiseach (Deputy Jack Chambers): It is proposed, notwithstanding anything in Standing Orders, that statements and questions and an- swers on the leaving certificate 2020 calculated grades shall be taken today immediately fol- lowing a 15-minute sanitisation sos which shall follow the Dying with Dignity Bill 2020 - Sec- ond Stage, and the statements and questions and answers shall be confined to a single round which shall not exceed 95 minutes, including ten-minute slots each for the Minister and parties and groups and an additional five-minute slot for Sinn Féin, which shall immediately precede a ten-minute statement in reply by the Minister, and all Members may share time 01/10/2020A00275An Leas-Cheann Comhairle: Go raibh míle maith agat That is agreed 01/10/2020A00350Ceisteanna - Questions Note: Ministerial and Departmental titles have been updated in the Question text in an- ticipation of the relevant Government orders to give legal effect to the Taoiseach’s announce- ment in Dáil Éireann on 27 June 2020. 01/10/2020A00375Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions 01/10/2020A00387Maoiniú Chraoltóirí Seirbhíse Poiblí 01/10/2020A004001 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den an Aire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta cén uair a dhéanfaidh sí cinneadh i dtaobh deontas aonuaire €1.9 2 1 October 2020 milliún a thabhairt do TG4 in aitheantas do na costais bhreise a bhí orthu go dtí seo i mbliana mar gheall ar na bearta a dhein an stáisiún teilifíse chun leanúint ag craoladh, an fhoireann uilig a choimeád agus a íoc agus ar an éacht a dhein sé le Cúla4 ar scoil, srl., agus a bhí leagtha amach i mionsonraí i litir a cuireadh chuig a Roinn tamall ó shin [27424/20] 01/10/2020A00500Deputy Aengus Ó Snodaigh: Cén uair a dhéanfaidh an tAire cinneadh maidir le deontas aonuaire a thabhairt do TG4 chun an t-airgead a bhí air a chaitheamh le linn an tréimhse Covid go dtí seo a chlúdach toisc go raibh sé ar an ngannchuid ar an gcéad dul síos agus toisc go bhfuil gá le €1.9 milliún chun an t-airgead ar chaith sé go dtí seo a ghlanadh? 01/10/2020A00600Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht(Deputy Catherine Martin): Gabhaim buíochas leis an Teachta. B’ionann leithroinnt mhaoinithe phoiblí TG4 agus €37.2 milliún in 2020, leithroinnt a bhí comhdhéanta de €34.2 milliún i gcaiteachas reatha agus €3 milliún i gcaiteachas caipitil. Fuair m’oifigigh comhfhreagras ó TG4 ar 11 Meán Fómhair inar iarradh €1.9 milliún i maoiniú breise don bhliain 2020 i ndáil le costais bhreise a bhain le Covid. Aith- ním gur bhliain thar a bheith dúshlánach a bhí inti do gach earnáil agus go raibh dúshláin ar leith i gceist le hiad i dtionscail na cruthaitheachta. Táthar ag lorg tuilleadh faisnéise ó TG4 maidir leis an iarratas ar mhaoiniú agus tá m’oifigigh i dteagmháil leis ina leith sin. Táim ag labhairt faoi seo mar Aire ar a bhfuil freagracht as na meáin, as an nGaeltacht agus as an gcultúr. Tuigim an obair atá déanta ag TG4 chun foinsí nuachta, oideachas agus faisnéis seirbhíse poiblí a chur ar fáil i rith na tréimhse seo. Tá an sceideal coinnithe ag TG4 mar atá agus tá sé curtha in oiriúint aige le freagairt ar riachtanais a lucht féachana in ainneoin gur bhain dúshláin léiriúcháin leis sin de bharr na srianta sláinte. Tá ról tábhachtach ag seirbhísí craoltóireachta a chuirtear ar fáil trí mheán na Gaeilge i straitéis 20 bliain don Ghaeilge an Rialtais. Is ríthábhachtach atá TG4 ina leith sin. Tá ról táb- hachtach aige i dtreo cultúr na Gaeilge agus an Ghaeilge í féin a chur faoi bhráid lucht féachana a bhfuil Gaeilge acu. Cuireann sé ábhar nuálach agus ábhartha ar fáil trína sheirbhísí teilifíse agus ar líne. Chomh maith leis sin, mar chraoltóir foilseacháin, cuireann sé tacaíocht tháb- hachtach ar fáil d’earnáil na cruthaitheachta in Éirinn. Chaith sé €23,000 in 2019 sa réimse sin. Tá na meáin Ghaeilge ag teacht laistigh de chúram an choimisiúin um thodhchaí na meán, coimisiún a d’fhógair mé féin agus an Taoiseach ar 29 Meán Fómhair chun féachaint ar an bh- fís amach anseo do na meáin seirbhíse poiblí. Tá sé beartaithe agam chomh maith cruinniú a bheith agam le TG4 sna seachtainí amach romhainn Táim ag súil leis an mbealach ina mbeidh sé ábalta leanúint ag fás agus tacú tuilleadh leis an nGaeilge a phlé leis. 01/10/2020A00700Deputy Aengus Ó Snodaigh: Gabhaim buíochas leis an Aire as an méid sin. Dar ndóigh, is bliain dhúshlánach í ní hamháin do TG4 ach do gach earnáil agus gach uile dhuine ar shlí amháin nó ar shlí eile Sa chás seo, murab ionann is a lán comhlachtaí eile, níor bhain TG4 úsáid as aon cheann de na scéimeanna fóirdheontais a bhí ar fáil. Choimeád an comhlacht gach uile dhuine a bhí fostaithe aige ag obair agus choimisiúnaigh sé scannáin agus cláir atá le teacht. Choimeád sé a lán daoine nach raibh ag obair go díreach don chomhlacht ag obair chomh maith. Thug sé deontais dóibh. Choimeád an comhlacht a sceideal, agus sceideal “Cúla4 ar Scoil” ach go háirithe, ar siúl ar feadh na tréimhse uilig. Bhí gach duine ag maíomh as sin ach ní féidir leis an stáisiún leanúint ar aghaidh gan airgead Táim ag tagairt do dheontas aonuaire amháin ach tá a lán ceisteanna le cur faoin deontas a fhaigheann TG4 gach uile bhliain freisin 01/10/2020A00800Deputy Catherine Martin: Rinne an Teachta Ó Snodaigh tagairt don chlár “Cúla4 ar 3 Dáil Éireann Scoil”, clár a choimisiúnaigh TG4. Soláthraíonn an clár seo seirbhís chuimsitheach do scoile- anna Gaeltachta agus Gaelscoileanna chun foghlaim i nGaeilge a éascú don lucht féachana. Clúdaíonn sé na príomhábhair: an Ghaeilge, matamaitic, stair agus tíreolaíocht. Bhí áthas orm a nótáil freisin go bhfuil an clár ag clúdach ranganna cruthaitheacha ar na healaíona, ar na healaíona traidisiúnta agus ar shláinte agus folláine Mar gheall ar an mbeartas seo, bhí costas breise de €1.9 milliún le clúdach ag TG4 i mbliana. Tá iarratas á dhéanamh agam chun ta- caíocht airgeadais